EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024M11533

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11533 — MUTARES / MAGIRUS) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

PUB/2024/492

IO C, C/2024/3629, 5.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3629/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3629/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3629

5.6.2024

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11533 — MUTARES / MAGIRUS)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2024/3629)

1.   

An 28 Bealtaine 2024 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Mutares SE & Co. KGaA (‘Mutares’, an Ghearmáin),

Magirus GmbH (‘Magirus’, an Ghearmáin), atá faoi rialú Iveco Group N.V. (an Iodáil) faoi láthair.

Gheobhaidh Mutares rialú ar Magirus ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta infheistíochta é Mutares a dhíríonn ar chodanna de chorparáidí móra agus cuideachtaí meánmhéide i staideanna idirthréimhseacha a fháil,

Déanann Magirus feithiclí comhraic dóiteáin, dréimirí caschláir, feithiclí tarrthála agus feithiclí trealaimh, réitigh speisialta, caidéil, agus trealamh gaolmhar a mhonarú agus a dháileadh agus é ag díriú ar an nGearmáin agus ar áiteanna eile san Eoraip agus ar fud an domhain.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11533 — MUTARES / MAGIRUS

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3629/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top