EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024M11525

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11525 — SGIF / EDF / PERFESCO) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

PUB/2024/505

IO C, C/2024/3714, 12.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3714/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3714/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3714

12.6.2024

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11525 — SGIF / EDF / PERFESCO)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2024/3714)

1.   

An 5 Meitheamh 2024 fuair an Coimisiún fógra faoi chomhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Sustainable Growth Infrastructure Fund SCSp SICAV-RAIF (‘SGIF’, Lucsamburg), atá á bhainistiú ag fochuideachtaí DWS Group GmbH & Co KGaA (‘DWS’, an Ghearmáin), atá faoi rialú deiridh Deustche Bank AG (‘DB’, an Ghearmáin),

EDF Pulse Holding SAS (an Fhrainc), atá faoi rialú Électricité de France S.A. (‘EDF’, an Fhrainc), atá faoi úinéireacht rialtas na Fraince,

Perfesco SAS (an Fhrainc), atá faoi rialú aonair EDF faoi láthair.

Gheobhaidh SGIF agus EDF rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar Perfesco.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is ciste bonneagair Eorpach é SGIF.

Is cuideachta fóntais leictrigh ilnáisiúnta Fhrancach é EDF.

3.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó an ghnóthais Perfesco: Tá Perfesco speisialaithe i bhforbairt tionscadal fuinnimh agus éifeachtúlachta oibríochtúla agus tá sé gníomhach go heisiach sa Fhrainc.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11525 — SGIF / EDF / PERFESCO

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3714/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top