EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024M11334

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11334 – DPI / PI / JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

PUB/2024/191

IO C, C/2024/1916, 1.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1916/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1916/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1916

1.3.2024

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11334 – DPI / PI / JV)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2024/1916)

1.   

An 20 Feabhra 2024, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Deutsche Post International B.V. (‘DPI’, an Ísiltír), faoi rialú Deutsche Post AG (an Ghearmáin),

Poste Italiane S.p.A. (‘PI’, an Iodáil).

Gheobhaidh DPI agus PI comhrialú ar chomhfhiontar nuachruthaithe (‘NewCo’) de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta shealbhaíochta í DPI a bhfuil baint aici le bheith rannpháirteach, le maoiniú agus le bainistiú gnólachtaí, a oibríonn go hindíreach i margadh sheirbhísí seachadta na bpacáistí beaga trína fochuideachtaí,

Is cuideachta shealbhaíochta í PI a thairgeann seirbhísí ó sheirbhísí seachadta litreacha agus beartán, seirbhísí lóistíochta, airgeadais agus árachais go córais íocaíochta, teileachumarsáid agus seirbhísí fuinnimh.

3.   

Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag NewCo: líonra taisceadán beartán a fhorbairt san Iodáil chun beartáin bheaga a sheachadadh.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11334 – DPI / PI / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

an Coimisiún Eorpach

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1916/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top