This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024M11217
Prior notification of a concentration (Case M.11217 – PETRONORD / PETROCARGO / HEMPELMANN WITTEMÖLLER) – Candidate case for simplified procedure
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11217 — PETRONORD / PETROCARGO / HEMPELMANN WITTEMÖLLER) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11217 — PETRONORD / PETROCARGO / HEMPELMANN WITTEMÖLLER) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
PUB/2024/192
IO C, C/2024/1915, 1.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1915/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/1915 |
1.3.2024 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11217 — PETRONORD / PETROCARGO / HEMPELMANN WITTEMÖLLER)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/1915)
1.
An 22 Feabhra 2024 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle agus tar éis tarchur de bhun Airteagal 4(5) den Rialachán sin (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
— |
Petronord GmbH & Co. KG (‘Petronord’) faoi rialú indíreach Marquard & Bahls AG ( an Ghearmáin), |
— |
Petrocargo Mineralöllogistik GmbH (‘Petrocargo’, an Ghearmáin), |
— |
Hempelmann Wittemöller GmbH (‘Hempelmann Wittemöller’, an Ghearmáin). |
Gheobhaidh Petronord rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Petrocargo agus Hempelmann Wittemöller ina n-iomláine. Is cumasc atá san éadáil atá beartaithe toisc go n-aistreofaí ó chomhrialú chuig rialú aonair, mar a shainmhínítear faoi Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal (2)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Is ar thomhaltóirí deiridh a dhíríonn gníomhaíochtaí Petronord le táirgí fuinnimh amhail breoslaí, ola téimh, gás nádúrtha agus leictreachas, feidhmíonn sé sa Ghearmáin den chuid is mó agus i mBallstáit eile an Aontais agus ar fud an domhain chomh maith. |
— |
Soláthraíonn Petrocargo seirbhísí iompair le haghaidh breoslaí, AdBlue® agus ola téimh sa Ghearmáin beagnach go heisiach do chuideachtaí atá faoi rialú indíreach ag Petronord. |
— |
Tá Hempelmann Wittemöller gníomhach san earnáil miondíola le haghaidh ola téimh, adhmad tine, millíní adhmaid, gás nádúrtha leachtaithe agus AdBlue® agus san earnáil mórdhíola le haghaidh breoslaí agus AdBlue® sa Ghearmáin den chuid is mó agus i mBallstáit eile an Aontais freisin. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11217 — PETRONORD / PETROCARGO / HEMPELMANN WITTEMÖLLER
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
an Coimisiún Eorpach |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1915/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)