EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0267

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE ar an obair leantach ar an urscaoileadh don bhliain airgeadais 2022

COM/2024/267 final

An Bhruiséil,25.6.2024

COM(2024) 267 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

ar an obair leantach ar an urscaoileadh don bhliain airgeadais 2022


Tuarascáil ar an obair leantach ar na hiarrataí a rinne Parlaimint na hEorpa ina rúin maidir le hurscaoileadh agus a rinne an Chomhairle ina moladh maidir le hurscaoileadh don bhliain airgeadais 2022

1.Réamhrá

An 11 Aibreán 2024, agus moladh ón gComhairle á chur san áireamh, chinn Parlaimint na hEorpa urscaoileadh a dheonú don Choimisiún as buiséad an Aontais a chur chun feidhme in 2022. Ba é an cinneadh sin maidir le hurscaoileadh an ceann deireanach de théarma reachtach 2019-2024.

Le 5 bliana anuas, tá dul chun cinn mór déanta ag an Aontas maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais:

-Baineadh úsáid as buiséad an Aontais mar ionstraim chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna, go háirithe a bhuí leis an tsolúbthacht agus leis na hath-leithdháiltí a tugadh isteach faoi chistiú beartais chomhtháthaithe, le linn phaindéim COVID-19 agus chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine araon.

-Neartaíodh buiséad an Aontais freisin le hionstraim nua, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) – le samhail nua seachadta lena gcuirtear feidhmíocht i gcroílár an chaiteachais bhuiséid. Tá STA á mhaoiniú trí iasachtaíocht an Aontais ar scála nach bhfacthas riamh roimhe seo.

-Bunaithe ar thogra ón gCoimisiún, tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú polaitiúil maidir le hathmhúnlú an Rialacháin Airgeadais i mí na Nollag 2023. Tiocfaidh an méid seo a leanas as an téacs athbhreithnithe: (i) tuilleadh trédhearcachta maidir le tairbhithe chistí an Aontais (trí shuíomh gréasáin láraithe de chuid an Choimisiúin); (ii) Córas Luathbhraite agus Eisiaimh a leathnú chun cistí atá faoi bhainistíocht chomhroinnte a chumhdach chun cosaint níos fearr a thabhairt do bhuiséad an Aontais ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí; (iii) rialacha níos beaichte maidir le coinbhleachtaí leasa; agus (iv) modhanna breise chun eisíocaíocht chistí an Aontais le daoine aonair nó le heintitis nach nurramaíonn luachanna an Aontais a chosc.

-Rinne an tAontas a bhosca uirlisí a neartú go mór chun buiséad an Aontais a chosaint ar chalaoiseoirí, go háirithe tríd an méid seo a leanas: (i) bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), atá i bhfeidhm ó mhí an Mheithimh 2021; (ii) straitéis frithchalaoise an Choimisiúin a ghlacadh in 2019 – agus í a chur chun feidhme le linn thréimhse an reachtais; (iii) pacáiste in aghaidh an éillithe lena náirítear togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir chun an téilliú a chomhrac 1 trí bhíthin an dlí choiriúil agus Teachtaireacht 2 chomhpháirteach lena moltar córas smachtbhannaí in aghaidh gníomhartha tromchúiseacha éillithe a dhéantar lasmuigh den Aontas; nó (iv) an comhaontú a rinneadh le déanaí maidir leis an Rialachán agus an Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac.

-Rinne an tAontas ullmhúcháin chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta. Is é teacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht 3 i mí Eanáir 2021 agus a chur i bhfeidhm ó shin an fhorbairt is suntasaí a tháinig ar an reachtas sin ina leith sin.

-Chuir an Coimisiún feabhas mór freisin ar fhaireachán agus ar thuairisciú ar a bhfuil bainte amach ag a bhuiséad. Tá gealltanas tugtha ag an bParlaimint, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún 30 % ar a laghad den chistiú uile atá ar fáil faoi chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 agus faoi NextGenerationEU a chaitheamh ar aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na haeráide, agus tá modheolaíocht láidir faireacháin curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun a áirithiú go gcloífidh an tAontas lena ghealltanas.

Is léiriú iad na forbairtí dearfacha sin ar an gcomhar leanúnach cuiditheach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).

Tá an tuarascáil seo ar an obair leantach ar nós imeachta um urscaoileadh 2022 mar chuid den Tuairisciú Comhtháite Airgeadais agus Cuntasachta agus déantar achoimre inti ar na gníomhaíochtaí a rinne an Coimisiún mar fhreagairt ar an dá rud seo a leanas: (i) iarrataí arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa sa roinn ‘tosaíochtaí polaitiúla’ dá rún um urscaoileadh 4 ; agus (ii) na príomhiarrataí a rinne an Chomhairle ina moladh maidir leis an urscaoileadh 5 . Soláthróidh an Coimisiún faisnéis níos mionsonraithe a bheidh cothrom le dáta mar fhreagairt ar na moltaí sonracha uile nuair a thosóidh an nós imeachta um urscaoileadh 2023 níos déanaí i mbliana.

2.Faireachán a dhéanamh ar úsáid chistí an Aontais

Measann an Coimisiún go bhfuil sé ríthábhachtach – agus tiomnaíonn sé acmhainní suntasacha – chun faireachán a dhéanamh ar úsáid chistí an Aontais, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta agus leis na comhpháirtithe cur chun feidhme.

a.Caiteachas i gcomhréir le luachanna an Aontais, lena náirítear an smacht reachta

Aontaíonn an Coimisiún leis an nglao ón bParlaimint ina niarrtar ar an gCoimisiún ‘úsáid iomlán a bhaint as na huirlisí atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar an riosca soiléir go ndéanfar sárú tromchúiseach ar luachanna an Aontais agus chun an Rialachán Coinníollachta a agairt go pras i gcás ina mbeidh baol ann go mbeadh tionchar ag sáruithe ar an Smacht Reachta ar leasanna airgeadais an Aontais’ 6 , go háirithe trí fhaireachán a dhéanamh ar an staid sna Ballstáit uile, chun sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin a shainaithint a luaithe is féidir, agus leanfaidh sé de sin a dhéanamh. An 12 Eanáir 2024, d'fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le Coinníollacht 7 .

Go dtí seo, is leis an Ungáir a bhaineann an t‑aon nós imeachta amháin a tionscnaíodh faoin Rialachán maidir le Coinníollacht. An 13 Nollaig 2023, rinne an Coimisiún athmheasúnú ar staid na hUngáire agus chinn sé nár ghlac an Ungáir bearta feabhais nua lena dtabharfaí aghaidh go leormhaith ar na saincheisteanna a bhí fós gan réiteach. Dá bhrí sin, níor tháinig aon athrú ar an riosca do bhuiséad an Aontais ó chinn an Chomhairle bearta cosanta buiséadacha i mí na Nollag 2022. Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart bearta na Comhairle a choinneáil i bhfeidhm. Le hathmheasúnú an Choimisiúin, liostaítear na saincheisteanna uile a bhfuil gá fós le bearta feabhais ina leith, lena n‑áirítear feabhsuithe a bhaineann le sainordú Údarás Sláine na hUngáire agus le staid na n‑iontaobhas leasa phoiblí.

Tugann an Coimisiún dá aire an bharúil sa rún maidir le hurscaoileadh ón bParlaimint inar áitíodh ar an gCoimisiún ‘cur chuige aonadach, cuimsitheach agus comhtháite a ráthú ar fud cistí agus ionstraimí reachtacha éagsúla agus cur chuige teicnealathach agus bréagnaitheach a sheachaint ar fud ionstraimí maoinithe éagsúla’ 8 .

Is iad seo a leanas trí cinn de na príomhionstraimí a úsáidtear chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta: (i) an Rialachán maidir le Coinníollacht; (ii) an coinníoll cumasúcháin cothrománach maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna 9 ; agus (iii) na garspriocanna agus na spriocanna lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin an smachta reachta faoi phleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta.

cuspóirí, raonta feidhme agus creataí dlíthiúla éagsúla ag na hionstraimí sin, mar a chinn na comhreachtóirí. Mar shampla, níl feidhm ag an gcoinníoll cumasúcháin cothrománach maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 10 ach amháin maidir leis na hocht gciste de chuid an Aontais atá faoi rialú ag Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Ina theannta sin, leis an gcoinníoll maidir leis an gCairt, ní chosnaítear buiséad an Aontais ar na mí-úsáidí céanna leis an Rialachán maidir le Coinníollacht, cé go bhfuil forluí ann. An tráth céanna, ní féidir an Rialachán maidir le Coinníollacht a úsáid ach amháin má chinneann an Coimisiún nach gcosnódh ionstraimí eile buiséad an Aontais ar bhealach níos éifeachtaí.

I gcás na hUngáire, i mí na Nollag 2023, mheas an Coimisiún gur ghlac an Ungáir na hathchóirithe breithiúnacha ba ghá lenar ceadaíodh don Choimisiún teacht ar an gconclúid gur comhlíonadh an coinníoll cumasúcháin cothrománach maidir leis an gCairt i réimse an neamhspleáchais bhreithiúnaigh. Mar sin féin, níor chomhlíon an Ungáir réimsí eile den choinníoll cumasúcháin cothrománach maidir leis an gCairt fós, i ndáil le saoirse acadúil, an ceart chun tearmainn, agus cearta LADTIA. Chinn an Coimisiún freisin nach gcomhlíonann an Ungáir roinnt coinníollacha cumasúcháin téamacha fós.

Faoin Rialachán maidir le Coinníollacht, mar a luaitear thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart bearta na Comhairle a choinneáil i bhfeidhm ós rud é nár thug an Ungáir aghaidh ar na saincheisteanna uile atá fós gan réiteach.

Ar deireadh, ina plean téarnaimh agus athléimneachta, gheall an Ungáir 27 ‘sár-gharsprioc’ chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú agus chun neamhspleáchas breithiúnach a neartú. Áirítear leis na 27 sár-gharsprioc sin 4 shár-gharsprioc maidir le neamhspleáchas breithiúnach, a chomhfhreagraíonn do na bearta a d’iarr an Coimisiún ar an Ungáir faoi na coinníollacha cumasúcháin cothrománacha maidir leis an gCairt, agus 21 shár-gharsprioc a chomhfhreagraíonn do na bearta feabhais ar thug an Ungáir gealltanas ina leith faoin nós imeachta de bhun an Rialacháin maidir le Coinníollacht. Baineann an 2 shár-gharsprioc eile le bearta chun iniúchadh agus rialú chur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta a fheabhsú. Ní féidir aon iarraidh ar íocaíocht a chomhlíonadh fad nach gcomhlíontar na sár-gharspriocanna.

Leanfaidh an Coimisiún den tsraith uirlisí atá ar fáil dó a chur i bhfeidhm go críochnúil chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta. Agus an chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais á ullmhú aige, bainfidh an Coimisiún ceachtanna as cur i bhfeidhm na sraithe uirlisí atá ann faoi láthair.

b.An buiséad a chosaint ar chalaoiseoirí

Tugann an Coimisiún dá aire glao ón bParlaimint ‘go ndéanfaí acmhainneachtaí OIPE agus OLAF, chomh maith le comhar eatarthu, a neartú tuilleadh agus go ndéanfar a ninniúlachtaí a shainiú ar bhealach níos fearr’ 11 .

-Inniúlachtaí OIPE agus na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF)

D’ainneoin na srianta buiséadacha an‑dian faoi na ceannteidil bhuiséid ‘Athléimneacht agus Luachanna’ (do OIPE) agus ‘Riarachán Poiblí Eorpach’ (do OLAF), neartaíodh OIPE le 33 phost bhreise in 2024, ag sroicheadh 232 phost san iomlán sa lároifig. Áirítear leis sin na hacmhainní a mhol an Coimisiún an 9 Aibreán 2024 i nDréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 3/2024 chun freastal ar na nithe seo a leanas: (i) rannpháirtíocht na Polainne in OIPE; agus (ii) rannpháirtíocht ionchasach na Sualainne sna míonna amach romhainn. Agus OIPE á neartú le poist bhreise, cuirtear san áireamh an méadú mór ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla OIPE ó tháinig sé i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2021, agus 1 927 n‑imscrúdú fós ar siúl faoi dheireadh 2023.

Maidir le OLAF, foráiltear le buiséad 2024 do bheirt bhall foirne sheachtracha bhreise a ath-imlonnófar ó chodanna eile den Choimisiún chun faireachán a dhéanamh ar shreabhadh na gcistí chuig an Úcráin.

-Comhar idir OIPE, OLAF agus gníomhaithe frithchalaoise eile

Áirithítear le comhar OIPE-OLAF comhlántacht a sainorduithe faoi seach agus seachnaítear dúbailt oibre. Tá OIPE agus OLAF mar aon leis na gníomhaithe frithchalaoise eile 12 ag comhoibriú go dian sna scórtha cás gach bliain. Cuireann OLAF, in éineacht le húdaráis náisiúnta agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais OIPE ar an eolas aon uair a shainaithníonn siad amhras faoi chion a thagann faoi shainchúram OIPE. Thairis sin, comhlánaíonn OLAF éifeachtacht oibríochtúil imscrúduithe OIPE agus rannchuidíonn sé léi i roinnt cásanna trí imscrúduithe riaracháin comhlántacha a dhéanamh agus trí thacaíocht a thabhairt dó i gcás inar gá.

Tar éis beagnach 3 bliana de chomhar, tá roinnt scéalta ratha ann:

·I 72 chás, d’oscail OLAF imscrúduithe comhlántacha tar éis thionscnamh imscrúdú OIPE. Go dtí seo, tá moltaí maidir le téarnamh de bheagnach EUR 300 milliún mar thoradh air sin. 

·I 26 chás, thairg OLAF tacaíocht oibríochtúil do OIPE, lena náirítear anailís fóiréinsice ar fhianaise a fuair OIPE, a cuireadh san áireamh sa chomhad coiriúil ina dhiaidh sin.

Chun a gcomhar a neartú a thuilleadh, tionóladh comhdháil comhpháirtíochta oibríochtúla de OLAF agus OIPE an 22-23 Aibreán 2024. Rinne Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha ó OIPE agus imscrúdaitheoirí ó OLAF a dtaithí faoi seach agus feabhsuithe a d’fhéadfaidís a dhéanamh amach anseo ar a gcomhar a mhalartú.

Ina theannta sin, i gcomhréir le Rialachán OLAF 13 agus Rialachán OIPE 14 , ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an dá shraith gníomhartha dlí faoin 1 Meitheamh 2026. Beidh éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chomhair idir OIPE agus OLAF ina gcuid thábhachtach de na meastóireachtaí leanúnacha ar an dá Rialachán. Dá bhrí sin, déanfar na meastóireachtaí sin a shioncrónú a mhéid is féidir i dtéarmaí ábhair agus uainithe de, chun sineirgí a áirithiú agus forluí agus contrárthachtaí a sheachaint.

-An tathbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais agus an comhrac in aghaidh na calaoise

Ar deireadh, leis an athbhreithniú spriocdhírithe ar an Rialachán Airgeadais, a comhaontaíodh go polaitiúil i mí na Nollag 2023, neartófar cosaint bhuiséad an Aontais tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) taifeadadh agus stóráil leictreonach chaighdeánaithe sonraí maidir le faighteoirí cistithe ón Aontas agus a n‑úinéirí tairbhiúla a áirithiú; agus (ii) úsáid córais chomhtháite TF le haghaidh mianadóireacht agus scóráil riosca sonraí maidir le faighteoirí agus úinéirí tairbhiúla a dhéanamh éigeantach i ngach modh bainistithe buiséid, ag tosú ó CAI iar-2027.

c.Earráidí caiteachais a theorannú

Aontaíonn an Coimisiún le barúil na Parlaiminte ‘gur mó an baol earráidí a bhaineann le réimsí caiteachais atá faoi réir rialacha agus critéir incháilitheachta níos casta’ 15 .

Déantar an chuid is mó de ghníomhaíochtaí an Choimisiúin chun earráidí caiteachais a theorannú – lena n‑áirítear simpliú rialacha go minic – ar leibhéal an chláir caiteachais, toisc go bhfuil difríocht idir gach clár caiteachais i dtéarmaí na samhla seachadta agus an chórais rialaithe de.

Faoin gcomhbheartas talmhaíochta (CBT), aontaíonn an Coimisiún agus CIE go bhfuil leibhéal na n‑earráidí caiteachais maidir le tacaíocht ioncaim d’fheirmeoirí faoi bhun na tairsí 2 % faoi láthair, tairseach a meastar earráidí a bheith ábhartha os a cionn. Dá bhrí sin, tá iarrachtaí chun an leibhéal earráide a laghdú dírithe ar fhorbairt tuaithe agus ar bhearta margaidh, i gcás ina bhfuil an leibhéal earráide fós níos airde. Ina theannta sin, leis an tsamhail seachadta do CBT 2023-2027, tacaítear le simpliú na rialacha trí cheadú do na Ballstáit na hidirghabhálacha a chur in oiriúint dá riachtanais. Le CBT nua cothaítear freisin úsáid teicneolaíochtaí nua ar cheart dóibh cuidiú le dul i ngleic le hearráidí. 

Maidir le cistí an bheartais comhtháthaithe, oibríonn an Coimisiún i gcomhar go gníomhach le húdaráis uile an chláir chun feabhas a chur ar a n‑inniúlachtaí earráidí a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu trí mhodhanna éagsúla (treoraíocht; tacaíocht spriocdhírithe agus oiliúint leanúnach; agus aiseolas ó iniúchóirí an Choimisiúin chuig údaráis náisiúnta maidir le hearráidí nár braitheadh agus na bunchúiseanna atá leo). An tráth céanna, cuireann an Coimisiún chun cinn na roghanna costas simplithe agus an maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, roghanna ar lú an baol earráide leo. 

Maidir le cistiú le haghaidh taighde agus nuálaíochta, tugadh simplithe móra isteach cheana féin le Fís 2020. Tá Fís Eorpach ag leanúint leis an iarracht simplithe sin. Áirítear leis sin úsáid níos mó a bhaint as foirmeacha simplithe cistithe, amhail cistiú tionscadail cnapshuime agus costais aonaid, rud a laghdaíonn go mór an t‑ualach riaracháin ar thairbhithe, agus dá bhrí sin meastar go laghdófar líon na n‑earráidí leo. Ina theannta sin, neartaigh an Coimisiún a fheachtais chumarsáide i leith tairbhithe a thuilleadh, agus béim á leagan ar dhearbhú costas pearsanra, a bhfuil baol earráide ag baint lena ríomh.

Ar deireadh, tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar a straitéis iniúchta agus rialaithe don Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta. Ceann de phríomhchuspóirí an athbhreithnithe seo is ea modheolaíocht fhónta spriocdhírithe maidir le próifíl riosca a fhorbairt chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar an riosca earráide agus chun aghaidh a thabhairt air ar bhealach níos fearr.

d.Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme STA

Tugann an Coimisiún dá aire gurb oth leis an bParlaimint, sa rún maidir le hurscaoileadh, ‘nár sainíodh garspriocanna níos fearr agus á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí gaolmhara ag na Ballstáit i gcomhréir leis na garspriocanna agus na spriocanna a comhaontaíodh’ 16 . 

Mheas an Coimisiún gur comhlíonadh garspriocanna agus spriocanna uile íocaíochtaí 2022 go sásúil. D’aontaigh CIE le beagnach gach ceann de mheasúnuithe aonair an Choimisiúin. Níor tharla sé ach i líon beag cásanna go raibh léirmhíniú difriúil ag CIE, nó léamh difriúil ar an mbunús dlí, rud a d’fhág gur tháinig sí ar an gconclúid nár comhlíonadh garsprioc nó sprioc go sásúil.

Nuair a dhéantar athbhreithniú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta, déanann an Coimisiún a dhícheall bearta agus garspriocanna agus spriocanna gaolmhara a shoiléiriú, agus uaillmhian fhoriomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta á coinneáil ar bun an tráth céanna, go háirithe maidir le hathchóirithe lena dtugtar aghaidh ar mholtaí tírshonracha.

Thairis sin, tá bearta déanta ag an gCoimisiún chun an tualach riaracháin a laghdú agus cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chuíchóiriú, agus cosaint leormhaith leasanna airgeadais an Aontais agus comhlíonadh iomlán Rialacháin STA á náirithiú an tráth céanna. Ina threoraíocht a tugadh cothrom le dáta maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta, tugadh isteach simplithe chun tacú lena gcur chun feidhme tapa agus chun tuilleadh soiléireachta a sholáthar do na Ballstáit maidir lena leasuithe. 17

Tugann an Coimisiún dá aire freisin imní na Parlaiminte gur shainaithin an Chúirt, ina measúnú ar STA, easnaimh i réamh-mheasúnú agus in iniúchtaí ex post an Choimisiúin agus á mheas go bhfuil laigí fós i gcórais tuairiscithe agus rialaithe na mBallstát 18 .

Ó thús STA, tá cur chuige dinimiciúil glactha ag an gCoimisiún maidir le hiniúchadh agus rialú. Rinne sé a straitéisí iniúchta agus rialaithe a thabhairt cothrom le dáta agus na torthaí agus na moltaí ó sheirbhís an Choimisiúin um iniúchóireacht inmheánach, ó CIE agus ón bParlaimint á gcur san áireamh.

Go háirithe, neartaigh an Coimisiún a sheiceálacha ar chórais rialaithe inmheánaigh na mBallstát chun a fhíorú conas a áirithíonn na córais sin comhlíontacht na rialacha maidir le soláthar poiblí agus státchabhair. Áirítear anois le hiniúchtaí agus misin bailithe eolais uile an Choimisiúin a fhíorú go ndéanann na Ballstáit seiceáil tráthrialta agus éifeachtach ar chomhlíontacht na rialacha maidir le soláthar poiblí agus státchabhair.

Thug an Coimisiún a mhodheolaíocht cothrom le dáta freisin chun iniúchadh a dhéanamh ar chórais rialaithe na mBallstát chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Ó tháinig STA i bhfeidhm, rinne sé iniúchadh córais amháin ar a laghad ar gach ceann de na 27 gcóras rialaithe náisiúnta. Bunaithe ar an obair iniúchta sin, agus i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta, mhol an Coimisiún, i gcás inar gá, garspriocanna breise iniúchta agus rialaithe nach mór aghaidh a thabhairt orthu roimh an gcéad íocaíocht eile. Chun a áirithiú go ndéanfar faireachán leormhaith ar rioscaí agus go dtabharfar aghaidh orthu ar feadh shaolré STA, tá tuilleadh oibre iniúchta á déanamh go gníomhach ag an gCoimisiún ar bhonn riosca.

3.Feidhmíocht bhuiséad an Aontais

Aontaíonn an Coimisiún leis an bParlaimint go bhfuil sé ríthábhachtach ‘meastóireachtaí ex-post agus meántéarma a dhéanamh ar chláir airgeadais a cruthaíodh chun freagairt do ghéarchéimeanna, maidir lena nábharthacht, a gcomhleanúnachas agus a mbreisluach Eorpach [...]’ 19 .

An 21 Feabhra 2024, d'fhoilsigh an Coimisiún a mheastóireacht lár téarma ar STA. Cumhdaítear leis an meastóireacht na cúig chritéar maidir le ‘rialáil níos fearr’ i ndáil le héifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas, ábharthacht, agus breisluach AE. Chuir staidéar meastóireachta seachtrach neamhspleách leis an measúnú. Is é conclúid na meastóireachta, cé nach bhfuil sé indéanta go fóill measúnú iomlán a dhéanamh ar thionchair STA, gur léir cheana féin gur príomhuirlis é chun borradh a chur faoi chur chun feidhme athchóirithe struchtúracha ag na Ballstáit i gcomhréir le moltaí tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh. Mar sin féin, is cosúil freisin nach raibh an simpliú riaracháin a raibh súil ag roinnt Ballstát leis mar thoradh ar STA go dtí seo.

Leis an réamh-mheastóireacht ar an tacaíocht a soláthraíodh faoi na Tionscnaimh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII agus CRII+) 20 chun freagairt ar thionchair phaindéim COVID-19, léiríodh gur baineadh úsáid éifeachtúil as cistí nár caitheadh ó Chiste Sóisialta na hEorpa agus ón gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí araon mar thoradh ar an tacaíocht sin. Mar thoradh ar na solúbthachtaí a cuireadh ar fáil do na Ballstáit chun a gcláir a oiriúnú, rinneadh beagnach EUR 24 bhilliún de chistiú beartais chomhtháthaithe a atreorú.

Faoi thús 2025, eiseoidh an Coimisiún meastóireachtaí freisin ar na hionstraimí eile a cuireadh i bhfeidhm faoi chistiú beartais chomhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna a bhí ann le déanaí 21 .

Tá an Coimisiún ag gníomhú freisin ar an nglao ón gComhairle ‘tuilleadh airde a dhíriú ar tháscairí ábhartha feidhmíochta atá bunaithe ar thorthaí [...] ar féidir iad a nascadh go díreach le gníomhaíochtaí an Aontais’ 22 .

Tuairiscíonn an Coimisiún ar chroítháscairí feidhmíochta 2021-2027 23 de réir an chláir caiteachais sna ráitis ar fheidhmíocht na gclár , atá ina gcuid den Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht. Tá 45 % de na táscairí sin bunaithe ar thorthaí, rud a léiríonn béim láidir ar thorthaí.

Ina theannta sin, i mí na Nollag 2023, d'fhoilsigh an Coimisiún an chéad tuarascáil tionchair ar bhannaí glasa NextGenerationEU 24 . Rinneadh tomhas sa tuarascáil sin ar thionchar coincréiteach na ninfheistíochtaí a mhaoinítear leis na bannaí glasa sin ar an aeráid i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a seachnaíodh.

Ar deireadh, aontaíonn an Coimisiún freisin le dearcadh na Parlaiminte ‘a thábhachtaí atá sé leanúint de na hiarrachtaí a dhéantar i mbuiséadú inscne’ 25 .

Tá tosaíochtaí trasbheartais comhtháite ag an gCoimisiún i mbuiséad an Aontais, lena n‑áirítear an tosaíocht maidir le comhionannas inscne a chur chun cinn. In 2022, d’eisigh an Coimisiún modheolaíocht chun caiteachas bhuiséad an Aontais a thacaíonn le comhionannas inscne a chainníochtú. Cuireadh an mhodheolaíocht sin i bhfeidhm maidir le buiséad iomlán an Aontais ó dhréachtbhuiséad 2023.

4.Gealltanais bhuiséadacha le híoc – ceangaltais le híoc (RAL) agus bearta chun dlús a chur le cur chun feidhme chistí an Aontais

Tugann an Coimisiún dá aire, sa rún maidir le hurscaoileadh, ‘gur cúis bhuartha di go raibh moill shuntasach ar chur chun feidhme chlárthréimhse 2021-2027 mar thoradh ar ghlacadh déanach roinnt rialachán earnála lena rialaítear beartais éagsúla de chuid an Aontais, amhail an Beartas Comhtháthaithe’ agus go niarrann sé ‘go gcuirfeadh an Coimisiún in iúl don údarás um urscaoileadh cé na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an staid sin’ 26 .

Is éard atá i gceanglais le híoc (dá ngairtear ‘RAL’ go coitianta – reste à liquider) méideanna a gealladh ach nár íocadh go fóill. Ba é EUR 543.0 billiún RAL iomlán ag deireadh 2023. Rannchuidigh an chuid neamh-inaisíoctha de NextGenerationEU EUR 238.6 billiún, ba é sin beagnach 44 % de RAL iomlán 27 .

Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme leibhéal foriomlán na ngealltanas le híoc agus leanfaidh sé freisin de bheith ag moladh, le linn na nósanna imeachta buiséadacha bliantúla, leibhéil leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí lena gcomhlíonfar riachtanais íocaíochta go leordhóthanach.

Glacadh roinnt simplithe forleathana i Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus mar chuid den chreat reachtach nua do CBT (go háirithe a bhuí lena shamhail nua seachadta).

Soláthraíonn an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) 28  solúbthachtaí breise maidir le caiteachas atá tiomnaithe do cheann de thrí thosaíocht an ardáin ar fud 11 chlár de chuid an Aontais. Díreach tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán STEP 29 , thosaigh an Coimisiún ag soláthar tacaíochta agus treoraíochta do na Ballstáit – trí chruinnithe, freagraí ar cheisteanna i scríbhinn agus seimineáir ghréasáin – maidir le feidhmiú STEP chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na solúbthachtaí a soláthraíodh. Mar a shainordaigh na comhreachtóirí, d’eisigh an Coimisiún treoraíocht 30 i mí na Bealtaine 2024 maidir le forálacha áirithe de Rialachán STEP, lena náirítear soiléiriú a dhéanamh ar a chuspóirí agus ar a earnálacha, agus léiriú a thabhairt ar na coinníollacha chun a mheas go bhfuil teicneolaíochtaí criticiúil faoi STEP.

Maidir leis an nglao ón bParlaimint ‘go ndéanfadh an Coimisiún tionscnaimh a ghlacadh, amhail cúnamh teicniúil, chun an ráta ionsúcháin sna Ballstáit a mhéadú ar bhonn buan’ agus chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ‘ar dhul chun cinn an chur chun feidhme sna Ballstáit [...] agus anailís tíre a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh, lena sainaithnítear na fadhbanna athfhillteacha, chomh maith leis na bearta a dhéantar chun an staid a bharrfheabhsú’ 31 , cuireann an Coimisiún i dtábhacht go láidir go bhfuil éagsúlacht mhór sna patrúin ionsúcháin ar fud na modhanna bainistíochta, na gclár agus na mBallstát.

Maidir le cláir a chuirtear chun feidhme le húdaráis náisiúnta, cuidíonn an Coimisiún lena ninniúlacht riaracháin a neartú agus aghaidh a thabhairt ar scrogaill in infheistíochtaí ar go leor bealaí, bíodh sin trí chúnamh teicniúil sa bheartas comhtháthaithe, san ionstraim um thacaíocht theicniúil 32 , nó trí bhearta a dtacaíonn STA leo.

Ina theannta sin, tar éis cláir bheartais chomhtháthaithe 2021-2027 a ghlacadh, tá an Coimisiún rannpháirteach in obair choistí faireacháin na gclár. Má tá aon léiriú ann ar shaincheisteanna a chuireann bac ar chur chun feidhme rianúil, soláthraíonn an Coimisiún comhairle don Bhallstát lena mbaineann – agus oibríonn sé i gcomhar leis – go dtí go réiteofar an tsaincheist. Féadtar pleananna gníomhaíochta a chomhaontú leis na Ballstáit má tá na cláir nó codanna de na cláir á gcur chun feidhme go mall.

Tá gá le sonraí maidir le cur chun feidhme na gclár a thagann faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna a chur faoi bhráid an Choimisiúin níos minice ná mar a rinneadh sa chlárthréimhse roimhe seo. Ní mór sonraí a chur isteach cúig huaire in aghaidh na bliana anois, ag soláthar sonraí beagnach fíor-ama maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme don Choimisiún agus ag cur ar a chumas a thacaíocht do na Ballstáit a mhéadú go pras.

Cuirtear sonraí mionsonraithe ionsúcháin de réir tíre ar fáil de réir an chláir caiteachais. Maidir leis na cláir is mó, is féidir faisnéis a fháil faoi: (i) scórchlár na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ; (ii) ardán sonraí oscailte um chomhtháthú 33 agus (iii) deais Fís .

5.Ag féachaint chun cinn

Leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó nósanna imeachta um urscaoileadh roimhe seo, féadtar bonn eolais a chur faoin machnamh ar an gcéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais. Ceann de na príomhthátail a bhaintear as urscaoiltí roimhe seo ná go bhfuil tionchar díreach ag an mbealach a eisíoctar cistí ar an riosca earráide. Tá rialacha casta agus samhlacha seachadta atá ródhocht freagrach as an dá rud seo a leanas: (i) sciar mór d’earráidí caiteachais; agus (ii) brú a chur ar inniúlacht riaracháin iad siúd a chuireann an buiséad chun feidhme agus iad siúd a bhaineann tairbhe as.

Deis a bheidh in ullmhú an chéad CAI eile féachaint ar bhealaí chun sásraí seachadta a shimpliú a thuilleadh, an t‑ualach riaracháin ar an Aontas agus ar na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar chur chun feidhme an bhuiséid, mar aon leis an ualach riaracháin ar thairbhithe, a laghdú, agus béim láidir á coimeád an tráth céanna ar bhainistíocht fhónta airgeadais agus ar fheidhmíocht bhuiséad an Aontais.

* * *

(1)

COM/2023/234 final.

(2)

JOIN(2023)12 final.

(3)

Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092.

(4)

  Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin  2023/2129(DEC).

(5)

  Moladh ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (6179/24).

(6)

Féach mír 11 2023/2129(DEC).

(7)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint COM(2024) 17. Foilsíodh ceartúchán an 23 Feabhra 2024, le tagairt COM(2024) 17 final/2.

(8)

Féach mír 11 – 2023/2129(DEC).

(9)

Rialachán (AE) 2021/1060.

(10)

Leis an gcoinníoll cumasúcháin cothrománach maidir leis an gCairt, ceanglaítear ar na Ballstáit a gcláir chaiteachais a chur chun feidhme ar bhealach a chomhlíonann Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Féach Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060.

(11)

Féach mír 12 – 2023/2129(DEC).

(12)

Europol, Eurojust, seirbhísí comhordaithe frithchalaoise sna Ballstáit, sa Choimisiún agus in CIE.

(13)

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

(14)

Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle.

(15)

Féach mír 17 – 2023/2129(DEC).

(16)

Féach mír 4 – 2023/2129(DEC).

(17)

Treoraíocht maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta an 31 Bealtaine 2024

(18)

Féach mír 8 – 2023/2129(DEC).

(19)

Féach mír 7 – 2023/2129(DEC).

(20)

  Réamh-mheastóireacht ar an tacaíocht a sholáthraíonn CSE agus FEAD faoi na Tionscnaimh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII agus CRII+) – SWD(2023) 249.

(21)

Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE), CARE+, Cúnamh Solúbtha do Chríocha (FAST-CARE) agus na bearta Tacú le Fuinneamh Inacmhainne (SAFE).

(22)

Féach mír 3 den mholadh ón gComhairle maidir le hurscaoileadh (6179/24).

(23)

Liostaítear príomhtháscairí feidhmíochta san iarscríbhinn a ghabhann leis na rialacháin atá mar bhonn taca faoi gach clár caiteachais.

(24)

An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid, Green bonds – Impact and allocation report [Bannaí glasa – Tuarascáil ar thionchar agus ar leithdháileadh] – tuarascáil NGEU 2023, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023.

(25)

Féach mír 16 – 2023/2129(DEC).

(26)

Féach mír 18 – 2023/2129(DEC).

(27)

Áirítear tuilleadh faisnéise faoi leibhéal RAL leis na doiciméid seo a leanas: (i) cuntais bhliantúla 2023 an Aontais; (ii) Doiciméad Oibre V atá i gceangal le Dréachtbhuiséad 2025; agus (iii) an tuarascáil bhliantúil ar an réamhaisnéis fhadtéarmach maidir le hinsreabha agus eis-sreabha todhchaí bhuiséad 2025-2029 an Aontais. Soláthraíonn an Coimisiún faisnéis ábhartha freisin don Pharlaimint agus don Chomhairle le linn cruinnithe tiomnaithe trí huaire sa bhliain.

(28)

Bunaíodh an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) i mí an Mhárta 2024 chun tacú le Tionsclaíocht na hEorpa agus chun borradh a chur faoin infheistíocht i dteicneolaíochtaí criticiúla san Eoraip. Ardóidh agus stiúrfaidh STEP cistiú ar fud 11 chlár de chuid an Aontais chun díriú ar 3 réimse infheistíochta: (i) Teicneolaíochtaí digiteacha agus nuálaíocht domhainteicneolaíochta; (ii) Teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní; agus (iii) Bith-theicneolaíochtaí.

(29)

Rialachán (AE) 2024/795.

(30)

  C/2024/3148 .

(31)

Féach mír 19 2023/2129(DEC).

(32)

Mar a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/825.

(33)

Lena gcumhdaítear cistiú beartais chomhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe 2014-2022 agus 2023-2027 agus an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta 2023-2027.

Top