Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0186

    ATHBHREITHNIÚ BLIANTÚIL ARNA DHÉANAMH AG AN gCOIMISIÚN maidir le Tuarascálacha Bliantúla na mBallstát ar Ghníomhaíochtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011

    COM/2024/186 final

    An Bhruiséil,3.5.2024

    COM(2024) 186 final

    ATHBHREITHNIÚ BLIANTÚIL ARNA DHÉANAMH AG AN gCOIMISIÚN

    maidir le Tuarascálacha Bliantúla na mBallstát ar Ghníomhaíochtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011


    1. Réamhrá:

    An t‑athbhreithniú bliantúil don bhliain 2021 maidir le gníomhaíochtaí creidmheasa onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil, déantar é de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil. Cumhdaíonn sé gníomhaíochtaí creidmheasa onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil a rinne gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin na mBallstát agus tá sé bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthair na Ballstáit sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí a chuireann siad ar fáil don Choimisiún, de bhun an Rialacháin freisin. Leanann na tuarascálacha teimpléad caighdeánaithe (ar a dtugtar ‘teimpléad seicliosta’ freisin) a ndearnadh athbhreithniú air agus a saibhríodh le himeacht ama. Sa leagan is déanaí den teimpléad, atá infheidhme ón mbliain tuairiscithe 2020 i leith, tá níos mó mionsonraí maidir le cearta an duine, an t‑athrú aeráide agus cosaint an chomhshaoil.

    2. Tuarascálacha Bliantúla ar Ghníomhaíochtaí a fuarthas le haghaidh na bliana féilire 2021:

    Sholáthair fiche Ballstát creidmheasanna onnmhairiúchán arna dtacú go hoifigiúil in 2021 laistigh de raon feidhme chur i bhfeidhm an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil agus chuir siad isteach Tuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí don bhliain 2021: An Bheilg, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn agus an Ungáir.

    Na sé Bhallstát atá fágtha, arb iad an Bhulgáir, an Chipir, Éire, an Ghréig, an Laitvia, an Liotuáin agus Málta iad, dhearbhaigh siad nár chuir siad creidmheasanna onnmhairiúchán arna dtacú go hoifigiúil ar fáil le linn na bliana tuairiscithe.

    3. Anailís ar na Tuarascálacha Bliantúla ar Ghníomhaíochtaí:

    (a)Faisnéis ghinearálta:

    In 2021, ba sholáthraithe cumhdaigh fhoirfe iad an fiche Ballstát a sholáthair creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil, is é sin creidmheasanna onnmhairiúcháin i bhfoirm ráthaíochtaí agus/nó tháirgí árachais. Chuir trí Bhallstát déag (an Bheilg, an Chróit, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Pholainn, an tSeicia, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn, agus an Ungáir) tacaíocht mhaoiniúcháin oifigiúil ar fáil, is é sin maoiniú díreach, athmhaoiniú iasachtaí tráchtála le haghaidh idirbhearta onnmhairiúcháin nó tacaíocht ráta úis. Thuairiscigh líon beag Ballstát (an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Spáinn, an Ungáir) gur soláthraithe cabhrach ceangailte iad, ar foirm creidmheasanna onnmhairiúcháin í a bhfuil gné lamháltais léi agus a rialaítear i gcomhthéacs Shocrú ECFE.

    An socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil agus Moltaí ECFE maidir le conas dul i ngleic le rioscaí a bhaineann le creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil, áirithíonn siad comhchuibhiú cleachtas ar fud an Aontais. Laistigh den chreat sin, déanann na rialtais a mbeartais féin a dhearadh. Tá rialacha de bhreis orthu sin sna treoirlínte ECFE ag formhór na ngníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin, mar shampla a mhéid a bhaineann le hábhar náisiúnta agus áitiúil, agus caighdeáin níos láidre, lena n‑áirítear caighdeáin a léiríonn a gcuid beartas náisiúnta agus gealltanas idirnáisiúnta féin, go háirithe maidir le cosaint na haeráide. Cinneann roinnt gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin cláir atá saincheaptha d’earnálacha áirithe nó do chuspóirí áirithe a thairiscint. D’fhéadfadh gur léiriú iad sin ar shainiúlachtaí na dtuiscintí earnála ar leith sa Socrú, struchtúir comhárachais, nó tosaíochtaí straitéiseacha.

    Tá struchtúr eagrúcháin na ngníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin agus an rialachas maidir le cumhdach a thairiscint éagsúil ar fud an Aontais. Tá creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil faoi stiúir breis agus 26 chomhlacht san Aontas ar gníomhaireachtaí poiblí iad nó cuideachtaí príobháideacha a oibríonn faoi shainordú poiblí agus maoirseacht rialtais. Liostaítear iad in Iarscríbhinn 1. Na Ballstáit a sholáthraíonn cumhdach agus maoiniú araon, de ghnáth bíonn institiúid thiomnaithe ar leith acu a phléann leis an maoiniú, institiúid ar a dtugtar banc EXIM (le haghaidh allmhairí - onnmhairí) uaireanta.

    (b)Méid na tacaíochta oifigiúla:

    Sna Tuarascálacha Bliantúla ar Ghníomhaíochtaí, tugtar faisnéis airgeadais ábhartha maidir le tacaíocht oifigiúil arna soláthar ag ECAnna, i gcomhréir le creataí reachtacha agus leagan amach eagraíochtúil na mBallstát faoi seach. Níl aon bharúil le cur in iúl ag an gCoimisiún maidir leis na gnéithe airgeadais de Thuarascálacha Bliantúla ar Ghníomhaíochtaí 2021. Tá an méid sin gan dochar do shainchumais institiúidí na mBallstát agus maoirseacht á feidhmiú acu ar chláir náisiúnta um chreidmheasanna onnmhairiúcháin.

    Maidir le tacaíocht oifigiúil i bhfoirm cumhdaigh fhoirfe, sa tábla thíos liostaítear neamhchosaint ainmniúil chomhiomlán ar riosca ón 31 Nollaig 2021 i leith le haghaidh na soláthraithe is mó san Aontas Eorpach:

    Tábla 1. Tacaíocht oifigiúil i bhfoirm cumhdaigh fhoirfe in 2021 (EUR billiún)

    Na ranníocóirí is mó de chuid an Aontais de réir neamhchosaint ainmniúil chomhiomlán ar riosca

    Neamhchosaint cumhdaigh fhoirfe iomlán san Aontas

    340

    an Ghearmáin

    90

    an Iodáil

    64

    an Fhrainc

    60

    an tSualainn

    35

    an Ísiltír

    30

    I gcás tacaíocht oifigiúil mhaoiniúcháin, liostaítear sa tábla thíos luach ainmniúil tuairiscithe na punainne iasachtaí arna tacú go hoifigiúil ón 31 Nollaig 2021 i leith le haghaidh soláthraithe móra san Aontas:

    Tábla 2. Tacaíocht oifigiúil i bhfoirm tacaíocht mhaoiniúcháin oifigiúil in 2021 (EUR billiún)

    Na ranníocóirí is mó de chuid an Aontais de réir luach ainmniúil na punainne iasachtaí a fhaigheann tacaíocht oifigiúil

    Punann iasachtaí iomlán san Aontas

    92

    an Iodáil

    39

    an Ghearmáin

    18

    an Fhrainc

    14

    an Fhionlainn

    8

    an tSualainn

    7

    Tabhair faoi deara: Níor cheart na figiúirí i dTáblaí 1 agus 2 a charnadh le chéile. Ní hamháin go bhfuil cineál na hionstraime difriúil, ach féadfaidh an Ballstát céanna tacú leis an idirbheart onnmhairiúcháin céanna le maoiniú díreach agus cumhdach foirfe araon.

    (c)Rioscaí comhshaoil a láimhseáil:

    Sa Mholadh ó ECFE maidir le Cur Chuige Coiteann i ndáil le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil agus le Dícheall Cuí Comhshaoil agus Sóisialta, leagtar síos comhphrionsabail chun tabhairt faoi dhícheall cuí comhshaoil agus sóisialta. Cloíonn Ballstáit uile an Aontais leis an Moladh, faoina shainaithníonn siad na tionchair agus rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le hiarratais ar thacaíocht oifigiúil agus faoina dtéann siad i ngleic leo. Braitheann an moladh sin ar chaighdeáin dea-bhunaithe ar nós Chaighdeáin Feidhmíochta Comhshaoil agus Shóisialta na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta, ar Threoirlínte Comhshaoil, Sláinte agus Sábháilteachta Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda, ar Bheartais Chosanta an Bhainc Dhomhanda agus ar Chaighdeáin Chomhshaoil agus Shóisialta an Bhainc Dhomhanda. Cumhdaítear sa Mholadh príomhcheisteanna comhshaoil, ar nós astaíochtaí aeir, lena n‑áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa, éifeachtúlacht acmhainní, bainistiú dramhaíola, torann agus creathanna, bainistiú ábhar guaiseach, tionchair ar éiceachórais, cosaint bithéagsúlachta, agus úsáid shuntasach acmhainní nádúrtha. Áirítear leis freisin riachtanais maidir le hullmhacht agus freagairt i gcás éigeandála, ionas go bhfuil úinéirí na dtionscadal in ann freagairt do chásanna tionóisceacha agus éigeandálaí ar bhealach a bheadh iomchuí chun tionchair chomhshaoil agus shóisialta a chosc agus a mhaolú.

    Tá beartais díchill chuí agus nósanna imeachta um measúnú riosca bunaithe, den chuid is mó, ar an Moladh, fiú má tá ról neamheisiach aige agus má tá beartais bunaithe ar chaighdeáin eile agus ar acquis an Aontais. Na Ballstát uile a chuireann creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil ar fáil, tuairiscíonn siad go gcomhlíontar an ghné chomhshaoil a bhaineann leis an Mholadh agus gur cuid lárnach é dá gcórais díchill chuí agus dá gcórais bainistithe riosca agus dá bpróiseas cinnteoireachta. Braitheann na nósanna imeachta um measúnú ex ante ar chineál, ar mhéid agus ar chatagóir an iarratais ar leith ar chreidmheas onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil. Déantar rioscaí a shainaithint, a aicmiú agus a mheas, agus d’fhéadfadh iarmhairtí a bheith acu ar incháilitheacht maidir le tacaíocht a fháil. Dhearbhaigh gach gníomhaireacht creidmheasa onnmhairiúcháin de chuid an Aontais go ndearna sé scagadh ar gach iarratas ar chreidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil agus é mar aidhm aige a shainaithint ar cheart athbhreithniú comhshaoil a dhéanamh.

    De bhun an Mholta, tá sé de cheangal ar ECAnna na hiarratais sin a aicmiú, ag brath ar an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ann ar an gcomhshaol, de réir trí chatagóir riosca: ard (Catagóir A), meánach (Catagóir B) nó íseal (Catagóir C). Tuairiscíonn a lán Ballstát go gcuireann siad an Moladh i bhfeidhm ar bhealach níos leithne ná a raon feidhme. Áirítear leis sin aicmiú na n‑idirbheart go léir, lena n‑áirítear na hidirbhearta sin ina dtacaíonn siad le sciar faoi bhun SDR 10 milliún, rud nach ndéanfaí, i bprionsabal, a chuimsiú sa chéim scagtha. Tuairiscíonn na Ballstáit go ndearnadh Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol agus ar an Tionchar Sóisialta (ESIA) i gcomhréir le hAirteagal 18 den Mholadh i leith gach iarratas de Chatagóir A dá ndearna ECA gealltanas deiridh. I gcás iarratais de Chatagóir B, tuairiscíonn na Ballstáit gur chuir iarratasóirí faisnéis leordhóthanach ar fáil i gcónaí maidir le tionchair ábhartha an tionscadail ar an gcomhshaol i gcomhréir le hAirteagal 19 den Mholadh. Sula ndéanfaidh siad cinneadh tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail de Chatagóir A nó de Chatagóir B, thuairiscigh ECAnna go ndearna siad meastóireacht i gcónaí ar an bhfaisnéis a thagann as scagadh agus athbhreithniú na n‑idirbheart. Fuarthas faisnéis ábhartha trí thuarascálacha ESIA, ach bailíodh freisin, a bhuí le foirmeacha iarratais agus ceistneoirí na ngníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin, taighde deisce, cuairteanna ar an láthair, taighde a rinne comhairleoirí seachtracha agus teagmháil dhíreach leis na hiarratasóirí.

    Níor thuairiscigh na Ballstáit cásanna buana neamh‑chomhlíontachta, cé go mbíonn mionchásanna neamh‑chomhlíontachta ann , ar nós sprioc-amanna caillte chun faisnéis nó tuarascálacha a chur isteach. Déantar cásanna neamh‑chomhlíontachta a réiteach i gcomhar le hurraitheoirí an tionscadail, trí ghníomhaíochtaí ceartaitheacha agus bearta maolúcháin a dhearadh a ndéantar faireachán orthu le himeacht ama, nó trí thacaíocht a tharraingt siar nó trí shlánú a dhiúltú.

    (d)Cuspóirí maidir leis an athrú aeráide a mheas:

    Is díol sásaimh don Choimisiún go bhfuil cuspóirí athraithe aeráide ionchorpraithe níos mó sna treoirlínte ECFE agus sna beartais lena rialaítear an chaoi a bhfeidhmíonn ECAnna.

    Níor sholáthair aon Bhallstát de chuid an Aontais tacaíocht oifigiúil do ghléasra cumhachta gualbhreoslaithe ó glacadh an Tuiscint Earnála Gualbhreoslaithe in 2016. Scriosadh an Tuiscint Earnála in 2021, nuair a tháinig na Rannpháirtithe ar chomhaontú cosc a chur ar thacaíocht do chumhacht ghualbhreoslaithe neamh‑mhaolaithe . Tá tuilleadh leasuithe molta ag an gCoimisiún ar Shocrú ECFE ó shin i gcomhréir le gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras agus faoin gComhaontú Glas, agus leas á bhaint as an Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála ón gCoimisiún i mí Feabhra 2021 (‘Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Téagartha) agus conclúidí na Comhairle Eorpaí maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin ón 15 Márta 2022 (‘Comhshocrú Aeráide an Aontais maidir le maoiniú onnmhairiúcháin’).

    Chomh maith leis na rialacha earnála a bhaineann leis an aeráid ó Shocrú ECFE a chur i bhfeidhm, tá beartais shonracha don athrú aeráide i bhfeidhm ag 16 Bhallstát. Luaigh dhá Bhallstát go n‑úsáideann siad Tacsanomaíocht an Aontais le haghaidh Gníomhaíochtaí Inbhuanaithe mar thagarmharc chun measúnú a dhéanamh ar na hiarratais ar thacaíocht. Tá iarracht leanúnach ann chun beartais céimnithe amach a chur ar bhonn foirmiúil le haghaidh idirbhearta onnmhairiúcháin san earnáil fuinnimh breoslaí iontaise; is díol sásaimh don Choimisiún an rún a cuireadh in iúl i gConclúidí na Comhairle maidir le chreidmheasanna onnmhairiúcháin ón 15 Márta 2022, is é sin go gcinnfidh na Ballstáit na sprioc-amanna eolaíochtbhunaithe chuige sin faoi dheireadh 2023.

    (e)Dícheall cuí sóisialta agus dícheall cuí chearta an duine:

    Sa bhreis ar an ngné chomhshaoil atá aige, leagtar síos prionsabail i Moladh ECFE maidir le Cur Chuige Coiteann ó 2012 chun dícheall cuí sóisialta a chur i bhfeidhm. Cumhdaíonn sé na príomhthionchair shóisialta a d’fhéadfadh a bheith ag baint le tionscadail, lena n‑áirítear ar dhálaí saothair agus oibre (e.g. cóir chothrom, idirdhealú, saoirse comhlachais, cómhargáil, cóiríocht d’oibrithe), sláinte, sábháilteacht agus slándáil an phobail, (e.g. nochtadh pobail do ghalair, úsáid pearsanra slándála), sealbhú talún agus athlonnú neamhdheonach (e.g. díláithriú fisiceach, díláithriú eacnamaíoch), rannpháirtíocht leordhóthanach le pobail a ndéantar difear dóibh (e.g. comhairliúchán feasach agus próiseas rannpháirtíochta, sásra casaoide), pobail dhúchasacha (e.g. próiseas réamhthoilithe feasach saor), oidhreacht chultúrtha. Cumhdaíonn sé freisin na príomhthionchair ar chearta an duine a bhaineann le tionscadail, lena n‑áirítear saothar éigeantais, saothar leanaí, saincheisteanna inscne agus staid sláinte agus sábháilteachta ceirde a d’fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha. Tugtar aird ar leith ar ghrúpaí leochaileacha.

    Tá cleachtais díchill chuí atá tuairiscithe ag ECAnna an Aontais cosúil leis na cleachtais le haghaidh rioscaí comhshaoil. Léiríonn an fiche Ballstát tuairiscithe uile a chuireann tacaíocht oifigiúil ar fáil go bhfuil gné shóisialta agus gné chearta an duine de Mholadh ECFE maidir le Cur Chuige Comhchoiteann á comhlíonadh acu, agus gur dlúthchuid dá gcórais chinnteoireachta, córais díchill chuí agus córais bainistithe riosca é. Dhearbhaigh siad ar fad go ndearna siad scagadh ar gach iarratas agus é mar aidhm acu a shainaithint ar cheart athbhreithniú sóisialta agus athbhreithniú um chearta an duine a dhéanamh. Thuairiscigh siad go ndearnadh Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol agus ar an Tionchar Sóisialta (ESIA) i gcás gach iarratais de Chatagóir A. I gcás iarratais de Chatagóir B, thuairiscigh siad gur chuir iarratasóirí faisnéis leordhóthanach ar fáil i gcónaí chun dul i ngleic le tionchair ábhartha an tionscadail. Sula ndéanfaidh siad cinneadh tacaíocht oifigiúil a chur ar fáil do thionscadail de Chatagóir A nó de Chatagóir B a d’fhéadfadh drochthionchar sóisialta nó drochthionchar ar chearta an duine a bheith acu, tuairiscíonn Ballstáit go ndearna a gcuid ECAnna meastóireacht i gcónaí ar an bhfaisnéis a thagann as an scagadh agus an athbhreithniú, mar a rinne le haghaidh rioscaí comhshaoil.

    Níor thuairiscigh Ballstáit cásanna buana neamh‑chomhlíontachta ina gcuid próiseas díchill chuí sóisialta agus dícheall cuí chearta an duine. Cé gur fhorbair ECA amháin de chuid an Aontais sásra casaoide ar a shuíomh gréasáin in 2021, ní raibh próiseas comhairliúcháin rannpháirtíoch agus sásra casaoide ar bun ag gach ECA in 2021 do na pobail a ndearnadh difear dóibh. Ní chiallaíonn sin nach ann d’aon chomhairliúchán, mar is féidir iarraidh ar urraitheoirí na dtionscadal sásraí a chur ar bun gan beann ar rannpháirtíocht ECAnna, ach réimse is ea í a bhfuil feabhas le cur uirthi.

    (f)Bearta frithbhreabaireachta:

    Na Ballstát uile a sholáthraíonn creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil, tuairiscíonn siad comhlíontacht i gcomhréir le Moladh ECFE maidir le Breabaireacht agus Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil. Sa mholadh sin tá bearta maidir le scagadh, le dícheall cuí a chur i gcrích, le meastóireacht agus cinneadh a dhéanamh maidir le tacaíocht d’fhonn breabaireacht a dhíspreagadh i gcás creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil. Go háirithe, ní mór a fhíorú nach bhfuil na páirtithe a bhfuil baint acu le hidirbhearta liostaithe i liostaí toirmeasc na nInstitiúidí Airgeadais Iltaobhacha.

    (g)Cleachtais iasachtaithe inbhuanaithe:

    Na Ballstát uile a sholáthraíonn creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil, tuairiscíonn siad comhlíontacht le Moladh ECFE maidir le Cleachtais Iasachtaithe Inbhuanaithe agus Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil. Is é is aidhm don Mholadh a áirithiú go mbainfear leas as maoiniú na riachtanas forbartha atá ag tíortha ísealioncaim gan fiacha iomarcacha a mhéadú amach anseo sna tíortha sin. Comhlíonadh an Mholta sin, is rud é sin a théann go dlúth le beartais an Bhainc Dhomhanda agus an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) maidir le coinníollacha fiachais le haghaidh iasachtaí neamh‑lamháltais, agus a mhéid a bhaineann le hiasachtú inbhuanaithe. Faoin Moladh, chomhaontaigh na daoine a thacaíonn leis bearta trédhearcachta tábhachtacha lena n‑áirítear faisnéis a chur ar fáil don Bhanc Domhanda agus do CAI. I bhformhór na gcásanna, tá measúnuithe ar inbhuanaitheacht fiachais mar chuid de mheasúnuithe foriomlána ar riosca tíre a mbíonn tionchar acu ar bheartais faoi chumhdach tíortha ECAnna.

    (h)Faisnéis eile atá sna Tuarascálacha Bliantúla ar Ghníomhaíochtaí:

    Tuairiscíonn na Ballstáit go n‑áirithíonn siad go bhfeidhmeoidh ECAnna ar bhealach chomh trédhearcach agus is féidir agus rúndacht na faisnéise íogaire gnó á hurramú ag an am céanna. De bhun Mholadh ECFE maidir le Cur Chuige Coiteann, is éard atá sa nós imeachta comhchuibhithe ar fud an Aontais faisnéis mhionsonraithe a nochtadh go poiblí le haghaidh tionscadail a d’fhéadfadh drochthionchar a bheith acu ar an gcomhshaol nó ar an tsochaí. Nochtann ECAnna i gcónaí an fhaisnéis go léir a éilítear de bhun Airteagal 39 agus Airteagal 41 den Mholadh, is é sin le rá faisnéis ábhartha ex ante maidir le tionscadail Chatagóir A, lena n‑áirítear ESIAnna, agus faisnéis ex post do gach tionscadal de Chatagóir A agus de Chatagóir B a dtacaítear leis, trí leathanaigh thiomnaithe ar a suíomh gréasáin, dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2.

    Tá beartas freagrachta sóisialta corparáidí ag roinnt mhaith ECAnna de chuid an Aontais arb é atá i gceist leis ní hamháin iarrachtaí inmheánacha ach dlúth‑idirphlé le cliaint ECA freisin. Sa chomhthéacs sin, tá meastóireacht mhéadaitheach á déanamh ag ECAnna ar a gcleachtais féin agus tá pleananna á bhforbairt acu chun a dtionchar féin ar an gcomhshaol a laghdú lena n‑áirítear meastacháin ar lorg carbóin.

    4. Comhlíonadh cuspóirí agus oibleagáidí an Aontais ag na ECAnna:

    In Airteagal 3 de Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), liostaítear cuspóirí ginearálta an Aontais Eorpaigh; leagann Airteagal 21 amach prionsabail agus cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. De réir Airteagal 3 mír 5 CAE, ina chaidreamh leis an domhan mór go ‘rannchuideoidh [an tAontas] le [...] forbairt inbhuanaithe na Cruinne, leis an dlúthpháirtíocht agus leis an meas frithpháirteach idir na pobail, leis an tsaorthrádáil chóir, le deireadh a chur leis an mbochtaineacht, agus cearta an duine agus cearta an linbh go háirithe a chosaint, leis an dlí idirnáisiúnta a urramú go docht agus a fhorbairt, lena n‑áirítear prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a urramú’. A mhéid a bhaineann le comhbheartas tráchtála an Aontais, déantar tagairt do phrionsabail agus do chuspóirí ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais in Airteagal 206 agus sa chéad mhír d’Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    Measann an Coimisiún go soláthraíonn an fhaisnéis atá ar fáil fianaise gur i gcomhréir le Airteagal 3 agus Airteagal 21 CAE atá gníomhaíochtaí creidmheasa onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil san Aontas. Soláthraíonn moltaí ECFE creat maidir le cláir creidmheasa onnmhairiúcháin na mBallstát a bhainistiú. Bunaíonn na Ballstáit a gcuid beartas féin bunaithe ar na moltaí sin agus i gcomhréir le cuspóirí an Aontais. A mhéid a bhaineann le comhlíonadh oibleagáidí idirnáisiúnta agus oibleagáidí faoi dhlí iomaíochta Aontais, ní raibh aon díospóid ann ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála maidir le gníomhaíochtaí chreidmheasa onnmhairiúcháin Ballstát de chuid an Aontais le haghaidh 2021, agus níl aon ghearán faighte ag an gCoimisiún faoi sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar rialachán an Aontais a bhfuil baint acu le ECAnna.

    D’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún ráiteas a dhéanamh maidir le cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na Ballstáit cuspóirí agus oibleagáidí an Aontais agus na creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil á gcur ar fáil acu. Rinne an Coimisiún a athbhreithniú bliantúil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011. Dá bhrí sin, tá an t‑athbhreithniú ón gCoimisiún bunaithe ar na Tuarascálacha Bliantúla ar Ghníomhaíochtaí a chuir na Ballstáit isteach, agus ní féidir a mheas go bhfuil sé uileghabhálach.

    Top

    An Bhruiséil,3.5.2024

    COM(2024) 186 final

    IARSCRÍBHINNÍ

    a ghabhann leis an

    ATHBHREITHNIÚ BLIANTÚIL ARNA DHÉANAMH AG AN gCOIMISIÚN

    maidir le Tuarascálacha Bliantúla na mBallstát ar Ghníomhaíochtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011


    IARSCRÍBHINN 1

    Liosta de Ghníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin an Aontais Eorpaigh a thuairiscigh gníomhaíocht éigin in 2021 de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011

    Tábla. ECAnna an Aontais Eorpaigh a bhí gníomhach in 2021

    Tír

    Ainm agus stádas ECA

    an Ostair

    Oesterreichische Kontrollbank AG (OeKB), feidhmíonn sé mar ECA thar ceann Phoblacht na hOstaire agus do chuntas Phoblacht na hOstaire laistigh den Acht um Ráthaíochtaí Onnmhairiúcháin.

    an Bheilg

    Credendo, arb é an ECA, is institiúid airgeadais phoiblí uathrialaitheach é a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aici atá ráthaithe ag Stát na Beilge.

    an Chróit

    Banc Athfhoirgníochta agus Forbartha na Cróite (HBOR), feidhmíonn sé mar ECA náisiúnta agus cuireann sé árachas creidmheasa onnmhairiúcháin ar fáil do chuntas Phoblacht na Cróite agus thar ceann Phoblacht na Cróite.

    Poblacht na Seice

    Corparáid Ráthaíochta agus Árachais Onnmhairiúcháin (EGAP), cuideachta speisialaithe árachais creidmheasa faoi úinéireacht stáit, agus Banc Onnmhairiúcháin na Seice (BCE), banc speisialaithe ar cuideachta comhstoic de chuid stát na Seice é, gníomhaíonn siad mar ECAnna agus cuireann siad cláir éagsúla ar fáil (táirgí baincéireachta agus árachais).

    an Danmhairg

    Eksport Kredit Fonden (EKF), ECA na Danmhairge, is cuideachta phoiblí neamhspleách é atá faoi úinéireacht agus faoi ráthaíocht Stát na Danmhairge.

    an Eastóin

    Aktsiaselts Krediidikindlustus, is cuideachta árachais é a ghníomhaíonn mar ECA thar ceann Phoblacht na hEastóine agus do chuntas Phoblacht na hEastóine mar ghníomhaire di ar bhonn an Achta um Ráthaíochtaí Onnmhairiúcháin Stáit.

    an Fhionlainn

    Finnvera Plc, is é an ECA náisiúnta é agus is cuideachta speisialaithe maoinithe faoi úinéireacht Stát na Fionlainne é.

    an Fhrainc

    Bpifrance Assurance Export (Bpifrance SA), is brainse de bhanc infheistíochta poiblí é agus bainistíonn sé ráthaíochtaí Stáit in ainm Stát na Fraince, thar a ceann agus faoina rialú.

    Natixis, cuideachta phríobháideach, déanann sé scéimeanna maidir le comhionannú úis a bhainistiú thar ceann Stát na Fraince, faoi chuimsiú dlí agus comhaontú idir Stát na Fraince agus Natixis.

    an Ghearmáin

    Is ar an Rialtas Cónaidhme atá an fhreagracht bhuiséadach as scéim ráthaíochta creidmheasa onnmhairiúcháin na Gearmáine. Is é Euler Hermes Aktiengesellschaft (cuideachta árachais) a bhainistíonn é thar ceann Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, faoi shainórdú an Rialtais Chónaidhme.

    an Ungáir

    Hungarian Export‑Import Bank Plc. (Eximbank), is banc speisialaithe faoi úinéireacht stáit é. Hungarian Export Credit Insurance Plc. (MEHIB), is sainchuideachta árachais creidmheasa faoi úinéireacht stáit é. Feidhmíonn an banc agus an t‑árachóir laistigh de chreat comhtháite agus gníomhaíonn siad mar ECA trí chláir chomhlántacha.

    an Iodáil

    SACE, cuideachta comhstoic faoi úinéireacht stáit (faoi úinéireacht 100 % ag Cassa Depositi e Prestiti), agus SIMEST, cuideachta comhstoic arna rialú ag Cassa Depositi e Prestiti trí SACE, feidhmíonn an dá chuideachta sin mar ECAnna. Faoi chláir creidmheasa onnmhairiúcháin a fhaigheann tacaíocht oifigiúil, soláthraíonn SACE ráthaíochtaí agus árachais den chuid is mó agus soláthraíonn SIMEST creidmheasanna ceannaitheoirí agus soláthróirí den chuid is mó. Cuireann siad réimse táirgí creidmheasa nach táirgí creidmheasa onnmhairiúcháin iad ar fáil freisin.

    Lucsamburg

    Is í an Office du Ducroire (ODL) ECA Lucsamburg, institiúid phoiblí a oibríonn le ráthaíocht an Stáit.

    an Ísiltír

    Atradius Dutch State Business, is ECA rialtas na hÍsiltíre é. Déanann sé comhaontuithe agus ráthaíochtaí maidir le hárachas creidmheasanna onnmhairiúcháin atá tugtha i gcrích/eisithe ag an Aire Airgeadais, agus é ag déanamh ionadaíocht ar Stát na hÍsiltíre.

    an Pholainn

    Is cuideachta comhstoic é KUKE a bhfuil scair cheannasach Státchiste an Stáit aici. Tugadh sainordú do KUKE le Gníomh an 7 Iúil 1994 chun an scéim um chumhdach foirfe na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin a riar.

    an Phortaingéil

    Is cuideachta phríobháideach árachais é COSEC (Companhia de Seguro de Créditosis) atá ag gníomhú thar ceann Stát na Portaingéile, i gcomhar le hArd‑Stiúrthóireacht an Státchiste agus an Airgeadais, mar ECA.

    Is banc náisiúnta le haghaidh spreagadh atá faoi úinéireacht an stáit é BPF (Banco Português de Fomento), banc atá ag gníomhú thar ceann an Stáit agus dá chuntas le haghaidh cláir creidmheasa onnmhairiúcháin shonracha ó bhí 2022 ann.

    an Rómáin

    Banca de Export‑Import a Romaniei – Eximbank SA (EximBank), an ECA náisiúnta, is cuideachta comhstoic é agus is é Stát na Rómáine an príomh‑scairshealbhóir atá aige.

    an tSlóivéin

    SID Bank Inc., is é sin an institiúid atá údaraithe ag an stát le seirbhísí ECA a chur i gcrích. Feidhmíonn sé thar ceann Phoblacht na Slóivéine agus dá cuntas mar ghníomhaire di.

    Poblacht na Slóvaice

    Eximbanka SR, is é ECA oifigiúil Phoblacht na Slóvaice é, eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi Ghníomh speisialta.

    an Spáinn

    Compañía Española de Seguros de Crédito a la Exportación (CESCE), is cuideachta caipitil mheasctha é ar leis an Stát scairsheilbh thromlaigh di. Oibríonn sí faoi shainordú le hÁrachas Creidmheasa Onnmhairiúcháin a bhainistiú thar ceann Stát na Spáinne. Instituto de Crédito Oficial (ICO), tá baint aige le socrú airgeadais na n‑idirbheart thar ceann an Chiste um Idirnáisiúnú Gnólachtaí maidir le maoiniú díreach agus scéimeanna um chomhionannú úis, atá faoi chúram na hAireachta Tionscail, Trádála agus Turasóireachta.

    an tSualainn

    Tá sainorduithe comhchosúla ag Bord Ráthaíochta Creidmheasanna Onnmhairiúcháin na Sualainne (EKN) agus ag Corparáid Creidmheasa Onnmhairiúcháin na Sualainne (SEK) ach tá siad éagsúil ó thaobh struchtúir eagrúcháin de agus ó thaobh na seirbhísí a thairgtear. Árachaíonn EKN an riosca creidmheasa agus cuireann SEK athmhaoiniú ar fáil. Is gníomhaireacht rialtais é EKN. Is corparáid atá faoi úinéireacht iomlán an stáit é SEK.



    IARSCRÍBHINN 2

    Naisc chuig suíomhanna gréasáin ábhartha chun críoch díchill chuí comhshaoil agus shóisialta

    Soláthraíonn EFCE ar a shuíomh gréasáin ( https://www.oecd.org/trade/topics/exportcredits/environmental-andsocial-due-diligence/ ) faisnéis maidir le dícheall cuí comhshaoil agus sóisialta le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil, lena náirítear suirbhéanna ar chleachtais na gcomhaltaí agus faisnéis chomhiomlánaithe maidir le tionscadail de Chatagóir A agus de Chatagóir B a dtacaítear leo a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhshaol agus don sochaí.

    Tagraíonn sé freisin do leathanaigh ghréasáin ECAnna ábhartha le haghaidh faisnéis mhionsonraithe maidir le tionscadail de Chatagóir A agus B a nochtadh go poiblí. Sa Tábla thíos, tugtar na naisc dhíreacha chuig ECAnna de chuid an Aontais.

    Tábla. Naisc chuig nochtadh maidir le tionscadail a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhshaol agus don sochaí agus atá á meas le haghaidh tacaíocht oifigiúil ó ECAnna an Aontais.

    Tír

    Nochtadh poiblí maidir le tionscadail de Chatagóir A agus de Chatagóir B, go minic in éineacht le faisnéis faoi chleachtais díchill chuí comhshaoil agus shóisialta

    an Ostair

    https://www.oekb.at/en/exportservices/aboutoekb-exportservices/environmental-andsocial-aspects/projectsafter-commitment.html  

    an Bheilg

    https://credendo.com/en/environmental-andsocial-due-diligence

    an Chróit

    Ní ann d’idirbhearta den sórt sin

    Poblacht na Seice

    https://www.egap.cz/en/informationprojectsclassifiedunder-categoriesandb-realizedinsurance-egap

    an Danmhairg

    https://www.eifo.dk/en/ambition/currentcategory-a-projects/

    an Eastóin

    Ní ann d’idirbhearta den sórt sin

    an Fhionlainn

    https://www.finnvera.fi/eng/export/exportcreditguarantee-operations#toc--environmental-andsocial-risk-managementinfinnvera-sexportfinancing-operations  

    an Fhrainc

    https://www.bpifrance.fr/Bpifrance/Qui-sommesnous/Nosmetiers/International/Assurance-Export/EvaluationEnvironnementale-etSociale  

    an Ghearmáin

    https://www.exportkreditgarantien.de/en/sustainability/trust/supportedprojects.html  

    an Ungáir

    https://exim.hu/en/conditions/eximbank-conditions/bank-regulations/environmental-andsocial-policy/disclosure

    https://exim.hu/en/conditions/mehib-conditions/insurance-regulations/environmental-andsocial-policy/disclosure  

    an Iodáil

    https://www.sace.it/en/aboutus/our-commitment/our-environmental-andsocial-commitment  

    Lucsamburg

    Ní ann d’idirbhearta den sórt sin

    an Ísiltír

    https://atradiusdutchstatebusiness.nl/en/article/publicationof-a-projects.html  

    an Pholainn

    https://kuke.com.pl/projekty-notyfikowane-ex-post  

    an Phortaingéil

    https://www.cosec.pt/en/state-guarantee/  

    http://www.dgtf.gov.pt/apoiosfinanceirosdo-estado/apoiosa-exportacao-e-ao-investimento

    an Rómáin

    Faisnéis ghinearálta - Exim - Banca Romaneasca (eximbank.ro)

    an tSlóivéin

    Ní ann d’idirbhearta den sórt sin

    Poblacht na Slóvaice

    Faisnéis chúlra maidir le measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag onnmhairí agus infheistíochtaí ar an gcomhshaol agus ar chearta an duine - Eximbanka.sk

    an Spáinn

    https://www.cesce.es/es/corporativo/agencia-de-credito-a-la-exportacioneca/publicacionde-informacion  

    an tSualainn

    https://www.ekn.se/en/whatwe-do/sustainability/transactionswithenvironmental-andsocial-impactassessment/

    https://www.sek.se/en/sustainability/  

    Top