EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0133

Togra le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le Creat Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna

COM/2024/133 final

An Bhruiséil,20.3.2024

COM(2024) 133 final

2024/0069(NLE)

Togra le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Creat Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna

{SEC(2024) 97 final} - {SWD(2024) 66 final} - {SWD(2024) 67 final} - {SWD(2024) 68 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ina Treoirlínte Polaitiúla ( 1 ), chuir an tUachtarán von der Leyen i dtábhacht an gá atá le geilleagar sóisialta margaidh na hEorpa a neartú agus ‘fás a chothú lena gcruthófar poist ardcháilíochta, go mór mór do dhaoine óga’.

Tá an dífhostaíocht i measc na hóige fós ina dúshlán leanúnach san Aontas, agus an ráta dífhostaíochta i measc na hóige dhá oiread níos airde ná an ráta foriomlán dífhostaíochta ( 2 ). Dúshlán ar leith is ea níos mó daoine óga a ghníomhachtú nach bhfuil fostaithe ná in oideachas ná faoi oiliúint (NEETanna) agus a bhfuil bacainní sonracha rompu a chuireann bac ar a rannpháirtíocht i margadh an tsaothair. Dá bhrí sin, leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ( 3 ) an sprioc chun ráta na ndaoine óga idir 15 agus 29 mbliana d’aois ar NEETanna iad a laghdú ó 12.6 % (2019) go 9 % faoi 2030 trí fheabhas a chur ar a nionchais fostaíochta.

Is féidir le tréimhsí oiliúna deis a thabhairt do dhaoine óga taithí phraiticiúil agus ghairmiúil a fháil, feabhas a chur ar a gcuid scileanna agus ar an gcaoi sin a rochtain ar an margadh saothair a éascú. Tugann siad deis d’fhostóirí a bhfoireann a mhealladh, a oiliúint agus a choinneáil. Mar sin féin, braitheann an luach atá le tréimhse oiliúna ar a cáilíocht. Teastaíonn dálaí oibre cothroma agus trédhearcacha agus ábhar foghlama leordhóthanach le haghaidh tréimhse oiliúna ardcháilíochta. Thairis sin, is féidir le tréimhsí oiliúna cuimsitheacha cuidiú maidir le deiseanna a sholáthar do chách chun rochtain a fháil ar an margadh saothair, lena n‑áirítear daoine óga atá i staideanna leochaileacha.

De réir meastachán bunaithe ar shonraí an tSuirbhé Eorpaigh ar an bhFórsa Saothair (SFS an Aontais), tá 3.1 milliún oiliúnaí san Aontas (sonraí 2019) as a níoctar 1.6 milliún oiliúnaí agus nach níoctar 1.5 milliún díobh. Tá méadú ag teacht ar an líon oiliúnaithe san Aontas a ghlacann páirt i dtréimhsí oiliúna trasteorann (21 % de na hoiliúnaithe in 2023 i gcomparáid le 9 % in 2013) ( 4 ), rud a léiríonn go bhféadfadh tréimhsí oiliúna cur le soghluaisteacht chothrom an lucht saothair san Aontas. Léirítear sna meastacháin freisin go ndearna thart ar 370 000 oiliúnaí ar íocaíocht ( 5 ) in 2019 tréimhse oiliúna ar feadh tréimhse fhada (níos faide ná 6 mhí) in 2029, lena náirítear tréimhsí oiliúna a rinneadh as a chéile/arís leis an bhfostóir céanna. Astu sin, rinne thart ar 100 000 oiliúnaí tréimhse oiliúna ar feadh tréimhse fhada lenar bhain droch‑ábhar foghlama ( 6 ).

Is pointe tagartha tábhachtach é Moladh 2014 ón gComhairle maidir le Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna (QFT) chun a chinneadh cad is tréimhse oiliúna ardcháilíochta ann. Leagtar amach ann treoirlínte maidir le tréimhsí oiliúna lasmuigh de churaclaim oideachais agus d'oiliúint ghairmiúil shainordaitheach.

Ina mheastóireacht in 2023 ar an Moladh sin ón gComhairle ( 7 ), fuair an Coimisiún tásca go raibh tionchar dearfach ag Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna san Aontas. Dheimhnigh sí freisin go leanann tréimhsí oiliúna de bheith ina gconair thábhachtach do dhaoine óga chun dul isteach sa mhargadh saothair. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tréimhsí oiliúna ardcháilíochta a bheith ina ndeiseanna úsáideacha uas‑scilithe agus/nó athscilithe do dhaoine d’aon aois chun scileanna praiticiúla a shealbhú le linn na hoibre chun a ngairm a chur i dtreo nua.

Mar sin féin, cuireadh i dtábhacht sa mheastóireacht freisin réimsí a d’fhéadfaí a neartú agus a fheabhsú a thuilleadh. Mar shampla, moladh inti prionsabail cháilíochta a chomhtháthú níos fearr sa reachtaíocht náisiúnta, go háirithe i gcás tréimhsí oiliúna margaidh oscailte (OMTanna), monatóireacht agus forfheidhmiú níos láidre chun cur i bhfeidhm na bprionsabal cáilíochta ar an láthair a áirithiú agus feasacht a mhéadú i measc na bpáirtithe leasmhara éagsúla. Cuireadh i dtábhacht freisin an gá atá le tacaíocht níos láidre d’fhostóirí, mar shampla, trí thacaíocht airgeadais agus treoraíocht phraiticiúil. Thairis sin, cuireadh i dtábhacht sa mheastóireacht gur cheart dlús a chur leis na hiarrachtaí chun faisnéis níos nithiúla agus níos praiticiúla a sholáthar do dhaoine óga maidir le tréimhsí oiliúna trasteorann. Sainaithníodh ann freisin critéir cháilíochta bhreise, amhail pá cothrom agus cosaint shóisialta, rialacha maidir le tréimhsí oiliúna cianda/hibrideacha, aghaidh níos fearr a thabhairt ar riachtanais grúpaí atá i staideanna leochaileacha, agus tacaíocht neartaithe d’oiliúnaithe le linn na tréimhse oiliúna agus ina diaidh. Thairis sin, tugadh faoi deara sa mheastóireacht go bhféadfaí raon feidhme an Chreata Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna a leathnú ó thréimhsí oiliúna margaidh oscailte agus ó thréimhsí oiliúna atá mar chuid de bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair (ALMP) chun tréimhsí oiliúna eile a chumhdach freisin, amhail na cinn sin atá mar chuid de churaclaim fhoirmiúla oideachais agus oiliúna.

D’iarr páirtithe leasmhara éagsúla ar an gCoimisiún feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna:

·Cuimsítear sa tuarascáil ar thoradh críochnaitheach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa ( 8 ) an glao go náiritheofaí go gcomhlíonfaidh tréimhsí oiliúna agus poist do dhaoine óga caighdeáin cháilíochta, lena náirítear caighdeáin maidir le pá, agus go gcuirfear cosc trí ionstraim dlí ar intéirneachtaí gan íocaíocht ar an margadh saothair agus lasmuigh den oideachas foirmiúil.

·Ina Thuairim ‘An Chóir Chomhionann do Dhaoine Óga i Margadh an tSaothair’ an 15 Meitheamh 2023 ( 9 ), thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) dá aire gur cheart go dtairgfeadh tréimhsí oiliúna ábhar foghlama ardcháilíochta agus dálaí oibre leordhóthanacha, agus nár cheart iad a chur in ionad gnáthphoist ná a bheith mar réamhchoinníoll le haghaidh socrúchán fostaíochta.

·Ina Thuairim ‘Youth Employment Support: a Bridge to Jobs for the Next Generation Reinforcing the Youth Guarantee’ [Tacaíocht Fostaíochta don Óige: Nasc leis an bhFostaíocht don Chéad Ghlúin Eile – Ráthaíocht don Óige a Threisiú] an 5 Feabhra 2021 ( 10 ), mheas Coiste na Réigiún gur cheart do thréimhsí oiliúna agus do phrintíseachtaí go príomha taithí foghlama a sholáthar do dhaoine óga, rud a d’fhéadfadh cuidiú leo cinneadh a dhéanamh maidir lena ngairm amach anseo agus a scileanna a fhorbairt chun rochtain a fháil ar fhostaíocht bhuan.

Go háirithe, ghlac Parlaimint na hEorpa rún an 14 Meitheamh 2023 bunaithe ar Airteagal 225 CFAE ( 11 ) inar iarradh ar an gCoimisiún Moladh 2014 ón gComhairle a thabhairt cothrom le dáta agus a neartú agus ionstraim reachtach níos láidre a dhéanamh de. D’iarr sí freisin ar an gCoimisiún íoschaighdeáin cháilíochta a áirithiú le haghaidh tréimhsí oiliúna, lena náirítear pá.

Sa chomhthéacs sin, d’fhógair an Coimisiún go dtabharfaí cothrom le dáta Chreat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna i gClár Oibre 2023 an Choimisiúin ( 12 ), chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna lena náirítear pá cothrom agus rochtain ar chosaint shóisialta, mar chuid dá rannpháirtíocht chun Plean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus chun spriocanna 2030 an Aontais a bhaint amach i réimsí na fostaíochta, na scileanna agus laghdú na bochtaineachta.

Is é is aidhm don mholadh atá beartaithe feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna, go háirithe a mhéid a bhaineann le hábhar foghlama agus oiliúna agus dálaí oibre, d’fhonn an t‑aistriú ón oideachas, ón dífhostaíocht nó ón neamhghníomhaíocht go dtí an obair a éascú. Tá feidhm aige maidir le gach oiliúnaí, gan beann ar a stádas fostaíochta. Níl feidhm aige maidir le hoiliúnaithe ar oibrithe iad ach amháin a mhéid nach bhfuil forálacha coibhéiseacha nó forálacha níos fabhraí leagtha síos i ndlí an Aontais.

Maidir le cineálacha tréimhsí oiliúna, leathnaítear leis an moladh atá beartaithe raon feidhme Mholadh 2014 (lena gcumhdaítear tréimhsí oiliúna margaidh oscailte agus tréimhsí oiliúna atá mar chuid de bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair) chun tréimhsí oiliúna atá mar chuid de churaclaim an oideachais fhoirmiúil agus na hoiliúna foirmiúla agus atá sainordaitheach chun rochtain a fháil ar ghairm shonracha a chumhdach freisin (e.g., leigheas, ailtireacht, etc.).

Tá an togra seo bunaithe ar thorthaí na meastóireachta ar Mholadh 2014 ón gComhairle, ar an rún ó Pharlaimint na hEorpa, ar na tuairimí a bailíodh trí chomhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ar na tuairimí a d’ardaigh páirtithe leasmhara eile, ar fhianaise a bailíodh tríd an staidéar a thacaíonn leis an tionscnamh maidir le tréimhsí oiliúna ardcháilíochta ( 13 ) agus ar an suirbhé Eorabharaiméadair a luaitear thuas.

In éineacht leis an moladh nuashonraithe atá beartaithe, molann an Coimisiún treoir freisin (COM(2024) 132) atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun dálaí oibre oiliúnaithe ar oibrithe iad a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú agus chun gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi cheilt mar thréimhsí oiliúna a chomhrac. Baineann an treoir atá beartaithe le hoiliúnaithe san Aontas a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu mar a leagtar amach sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó i gcleachtais chomhchoiteanna atá i bhfeidhm sna Ballstáit, agus atá i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Mar chuid de Bhliain Eorpach na Scileanna, tá sé leagtha amach ag an Aontas meon a chur chun cinn ina bhfuil uas‑sciliú agus athsciliú ar an ngnáthchleachtas. Má dhúntar bearnaí scileanna agus má thugtar aghaidh ar neamhréir scileanna ar fud an Aontais, cuirfear borradh faoin iomaíochas, go háirithe i gcás micrifhiontar agus fiontair bheaga agus meánmhéide trí riachtanais na bhfostóirí a chur in oiriúint ar bhealach níos fearr do scileanna agus do mhianta daoine. Cuideoidh rochtain chomhionann ar fhorbairt scileanna agus ar fhoghlaim obairbhunaithe chun neamhionannais a laghdú, go háirithe trí dhaoine a chumhachtú chun páirt iomlán a ghlacadh sa gheilleagar agus sa tsochaí. Leanann Bliain Eorpach na Scileanna Bliain Eorpach na hÓige, inar cuireadh i dtábhacht an gá atá le spreagadh breise a sholáthar do chruthú deiseanna fostaíochta ardcháilíochta do dhaoine óga i gcomhréir leis an aon sprioc déag don óige atá i Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019‑2027 ( 14 ). Ina Theachtaireacht maidir le Bliain Eorpach na hÓige 2022, gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé a chreat cáilíochta le haghaidh tréimhsí oiliúna a thabhairt cothrom le dáta in 2024 chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna lena náirítear pá cothrom agus rochtain ar chosaint shóisialta ( 15 ).

Le pacáiste Tacaíochta um Fhostaíocht don Óige ón gCoimisiún ( 16 ) ó mhí Iúil 2020, rinneadh Moltaí maidir le Nasc leis an bhFostaíocht — Ráthaíocht don Óige a Threisiú ( 17 ) agus creat Eorpach nuachóirithe um ghairmoideachas agus ghairmoiliúint, ar ghlac an Chomhairle an dá cheann acu ( 18 ). Moltar leis an bpacáiste tacaíochta go sonrach go gcomhlíonfadh tairiscintí ar thréimhsí oiliúna na híoschaighdeáin a leagtar amach sa Chreat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna. Leagtar amach leis an gcreat nuachóirithe príomhphrionsabail chun a áirithiú go gcuirfear an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint in oiriúint go tapa do riachtanais an mhargaidh saothair agus go soláthróidh sé deiseanna foghlama ardcháilíochta do dhaoine óga agus do dhaoine fásta. Cuirtear béim láidir leis ar dheiseanna níos fearr don fhoghlaim obairbhunaithe agus ar dhearbhú cáilíochta níos fearr.

Ar an mbealach céanna le tréimhsí oiliúna, is conair thábhachtach iad printíseachtaí chun aistrithe chuig an margadh saothair a éascú. Leis an bPacáiste Tacaíochta um Fhostaíocht don Aos Óg, tugadh spreagadh athnuaite do phrintíseachtaí, lena náirítear tríd an gComhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí ( 19 ).

Bhí sé d’aidhm ag na tionscnaimh sin feabhas a chur ar cháilíocht agus ar éifeachtacht bhearta an Aontais chun fostaíocht don óige a chur chun cinn agus faigheann siad tacaíocht ó mhaoiniú ón Aontas. Cuirtear chun feidhme leo, i measc nithe eile, an chéad phrionsabal agus an ceathrú prionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Leagtar síos leis na prionsabail sin an ceart chun ‘oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá ar ardcháilíocht agus cuimsitheach’ agus an ceart atá ag daoine óga ‘oideachas leanúnach, printíseacht, tréimhse oiliúna nó tairiscint mhaith poist a fháil laistigh de cheithre mhí tar éis dóibh bheith dífhostaithe nó an t‑oideachas a fhágáil’.

Tá an moladh atá beartaithe comhsheasmhach leis na hionstraimí ábhartha atá ann cheana, go háirithe:

·Treoir (AE) 2019/1152 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha trí dhíriú ar thrédhearcacht na faisnéise a sholáthraítear (i scríbhinn) d’oiliúnaithe a fheabhsú.

·An Treoir Réime maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair (OSH) ( 20 ) lena leagtar síos na príomhphrionsabail chun feabhsuithe ar an tsláinte agus ar an tsábháilteacht ag an obair a spreagadh. Ráthaítear leis íoscheanglais maidir le sábháilteacht agus sláinte ar fud an Aontais. Deimhnítear leis an Treoir Réime, a mhéid a bhaineann le hionad oibre slán, go bhfuil feidhm ag na rialacha céanna maidir le hoibrithe agus maidir le hoiliúnaithe agus tá treoracha breise ag gabháil léi lena ndírítear ar ghnéithe sonracha den tsábháilteacht agus den tsláinte ag an obair.

·Sa Mholadh ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe ( 21 ) moltar do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag oibrithe (lena náirítear oiliúnaithe ar oibrithe iad) agus ag daoine féinfhostaithe araon ar chosaint shóisialta éifeachtach agus leormhaith. Cumhdaítear leis an Moladh sin sochair dífhostaíochta, breoiteachta agus cúraim sláinte, máithreachais agus atharthachta, easláine, seanaoise agus marthanóra agus sochair i leith timpistí ag an obair agus galar ceirde. Agus tagairt á déanamh don Mholadh seo, spreagfar leis an moladh atá beartaithe rochtain ar chosaint shóisialta leormhaith a áirithiú do gach oiliúnaí, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.

·Leis an Treoir ón gComhairle lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha ( 22 ) leagtar síos creat ginearálta chun idirdhealú ar fhorais reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta a mhéid a bhaineann le fostaíocht agus slí bheatha a chomhrac, d’fhonn prionsabal na córa comhionainne a chur i bhfeidhm sna Ballstáit.

Tá cuspóirí an mholta atá beartaithe maidir le comhdheiseanna agus cuimsiú grúpaí i staideanna leochaileacha, lena n‑áirítear daoine faoi mhíchumas, i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le prionsabail 3 agus 17 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus leis an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021‑2030.

Is féidir leis an moladh atá beartaithe cuidiú freisin le haghaidh a thabhairt ar chuspóir fostaíochta chreat straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh 2020‑2030 ( 23 ) chun a áirithiú go laghdófar a leath ar a laghad an bhearna i ráta NEET na Romach faoi 2030. Tá sé comhsheasmhach leis an Moladh ón gComhairle maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach ( 24 ), go háirithe faoi chaibidil 8 de maidir le rochtain ar fhostaíocht ardcháilíochta agus inbhuanaithe do na Romaigh.

Tá na bearta atá beartaithe lena n‑éascaítear soghluaisteacht trasteorann i gcomhréir le cuspóirí chlár Erasmus+, lena gcuirtear deiseanna soghluaisteachta foghlama trasnáisiúnta agus idirnáisiúnta ar fáil, lena n‑áirítear d’oiliúnaithe.

Thairis sin, tá an moladh atá beartaithe comhsheasmhach leis an Moladh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha ( 25 ), lena leagtar amach 14 phríomhchritéar chun printíseachtaí ardcháilíochta agus éifeachtacha a shainiú, lena náirithítear forbairt na scileanna a bhaineann le poist agus forbairt phearsanta na bprintíseach araon. De réir an Mholta sin, is scéimeanna foirmiúla gairmoideachais agus gairmoiliúna iad printíseachtaí lena gcomhcheanglaítear foghlaim in institiúidí oideachais nó oiliúna agus foghlaim shubstaintiúil obairbhunaithe i gcuideachtaí agus in ionaid oibre eile. Bíonn cáilíochtaí a aithnítear go náisiúnta mar thoradh orthu, tá siad bunaithe ar chomhaontú lena sainítear cearta agus oibleagáidí an phrintísigh, an fhostóra agus, i gcás inarb iomchuí, na hinstitiúide gairmoideachais agus gairmoiliúna, agus faigheann an printíseach íocaíocht nó cúiteamh ar shlí eile as an gcomhpháirt obairbhunaithe mar thoradh orthu. Tagraíonn printíseachtaí do chláir iomlána a bhfuil cáilíocht mar thoradh orthu, ina gcaitheann printísigh leath ar a laghad den phrintíseacht san ionad oibre go hidéalach. Os a choinne sin, baineann tréimhsí oiliúna atá mar chuid de churaclaim oideachais agus oiliúna foirmiúla le taithí theoranta den fhoghlaim obairbhunaithe atá leabaithe i gclár oideachais agus oiliúna. Dá bhrí sin, is gnách go mbíonn printíseachtaí níos faide ná tréimhsí oiliúna. Ós rud é go bhfuil éagsúlacht mhór idir tréimhsí oiliúna agus printíseachtaí ó Bhallstát go chéile, moltar do na Ballstáit a mheasúnú cé acu den dá chreat cháilíochta a bhfuil feidhm acu maidir le taithí foghlama obairbhunaithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, ag brath ar a ngnéithe sonracha náisiúnta agus réigiúnacha. Chun a áirithiú go bhfaighidh gach foghlaimeoir i bhfoghlaim obairbhunaithe an leibhéal is airde cosanta, moltar do na Ballstáit na coinníollacha creata is cosantaí i measc an dá chreat a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na himthosca náisiúnta.

Thairis sin, tugtar aghaidh leis an moladh atá beartaithe ar thuairimí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. Thug an Chúirt dá haire ina hathbhreithniú, ‘Gníomhaíochtaí an Aontais maidir le tréimhsí oiliúna do dhaoine óga’ ( 26 ), nach gcuireann na Ballstáit treoraíocht an Aontais maidir le tréimhsí oiliúna ardcháilíochta i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go bhféadfadh sé nach mbíonn deiseanna cothroma ann le haghaidh tréimhsí oiliúna agus rochtain orthu.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le beartais an Aontais le déanaí arb é is aidhm dóibh daoine a chumhachtú trí oideachas, oiliúint agus scileanna. Féachtar leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip ( 27 ) iomaíochas inbhuanaithe an Aontais a neartú, cothroime shóisialta a áirithiú agus tacú le hathléimneacht daoine óga.

Tá an togra comhsheasmhach freisin leis an togra le haghaidh Moladh ón gComhairle dar teideal ‘An Eoraip ag Gluaiseacht’ (an Pacáiste Soghluaisteachta) — deiseanna soghluaisteachta foghlama do chách an 15 Samhain 2023 ( 28 ). Is é is aidhm dó sin deiseanna foghlama ar fud an Aontais a dhéanamh níos inrochtana do gach duine óg, lena náirítear daoine óga ar lú na deiseanna atá acu, amhail daoine faoi mhíchumas. Cuirtear chun cinn leis freisin tarraingteacht an Aontais mar cheann scríbe foghlama do dhaoine tréitheacha ó lasmuigh den Aontas.

Tá infheistíochtaí airgeadais in uas‑sciliú agus in athsciliú i gcroílár Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (STA), an Chiste um Aistriú Cóir agus Erasmus+ agus an Chláir don Eoraip Dhigiteach. Faigheann forbairt scileanna tacaíocht freisin ó infheistíochtaí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) i mbonneagar agus i dtrealamh oideachais agus oiliúna. Léirítear sa mholadh atá beartaithe cuspóirí CSE+ a thacaíonn leis na Ballstáit agus leis na réigiúin agus iad ag féachaint le rochtain chomhionann ar oiliúint agus ar dheiseanna forbartha scileanna a áirithiú agus infhostaitheacht lucht saothair na hEorpa a mhéadú, go háirithe daoine óga. Tacaíonn sé le cuspóirí STA, go háirithe a cholúin maidir le beartais don chéad ghlúin eile. Tá an moladh atá beartaithe i gcomhréir freisin leis an aidhm atá ag an gCiste um Aistriú Cóir tacú le haistriú cothrom i dtreo geilleagar atá aeráidneodrach, ag díriú ar na réigiúin is mó a ndéantar difear dóibh.

Thairis sin, tá a chuspóirí comhsheasmhach le cuspóirí an tionscnaimh ALMA (Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh), atá á mhaoiniú ag CSE+ agus arb é is aidhm dó cuidiú le daoine óga faoi mhíbhuntáiste nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna) iad féin a lánpháirtiú sa tsochaí trína mbealach a éascú dóibh filleadh ar an oideachas, ar an oiliúint nó ar an bhfostaíocht. Leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, cuirtear saineolas saincheaptha ar fáil do na Ballstáit, arna iarraidh sin, chun an tsoghluaisteacht foghlama a athchóiriú agus a fheabhsú, go háirithe trí thionscnaimh Shuaitheanta lena ndírítear ar dhaoine tréitheacha, oideachas don óige agus scileanna a mhealladh. Is dúshlán é foireann oilte a aimsiú do líon fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) atá ag dul i méid, rud a léirítear freisin sa Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach ( 29 ). Cuirtear i dtábhacht go láidir leis an Straitéis gur féidir leis an Aontas cuidiú a thuilleadh le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, rochtain ar oiliúint a éascú agus cuidiú chun éileamh FBManna ar dhaoine tréitheacha a mheaitseáil le soláthar an mhargaidh saothair. Comhlánófar an cur chuige sin leis an togra. Tá an togra comhsheasmhach freisin leis an nGníomh um Thionscal GlanNialasach, go háirithe an moladh maidir le hacadaimh scileanna Eorpacha a bhunú, trí rannchuidiú le lucht saothair oilte trí thréimhsí oiliúna ardcháilíochta a chuideodh aghaidh a thabhairt ar ghanntanas scileanna agus ar mhí‑oiriúint scileanna. Ba cheart, leis sin, an gá atá ag tionscail teicneolaíochta glannialasaí le scileanna a mhaolú.

Tá an tionscnamh seo freisin ar cheann de na gníomhaíochtaí a leagtar amach i bplean gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le ganntanais scileanna agus saothair san Aontas ( 30 ).

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagail 153(1)(b), 165(4), 166(4) agus 292 CFAE.

Faoi Airteagal 153(1)(b) CFAE, ní mór don Aontas tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát i réimse na ndálaí oibre agus iad a chomhlánú.

Faoi Airteagal 165 CFAE, ní mór don Aontas rannchuidiú le hoideachas ardcháilíochta a fhorbairt tríd an gcomhar idir na Ballstáit a spreagadh agus, más gá, trí thacú lena ngníomhaíocht agus í a fhorlíonadh, agus freagracht na mBallstát i leith inneachar an teagaisc agus eagrú na gcóras oideachais agus a n‑éagsúlacht chultúrtha agus teanga á hurramú go hiomlán. Faoi mhír 4 d’Airteagal 165 CFAE, eisiatar comhchuibhiú dhlíthe agus rialacháin na mBallstát, cé gur féidir leis an gComhairle, ar thogra ón gCoimisiún, moltaí a ghlacadh.

Faoi Airteagal 166 CFAE, ní mór don Aontas beartas gairmoiliúna a chur chun feidhme a thacaíonn le gníomhaíochtaí na mBallstát agus a fhorlíonann iad, agus freagracht na mBallstát as ábhar agus eagrú na gairmoiliúna á hurramú go hiomlán aige. Faoi mhír 4 d’Airteagal 166 CFAE, eisiatar comhchuibhiú dhlíthe agus rialacháin na mBallstát, cé gur féidir leis an gComhairle, ar thogra ón gCoimisiún, moltaí a ghlacadh.

Faoi Airteagal 292 CFAE, is féidir leis an gComhairle moltaí a ghlacadh ar bhonn togra ón gCoimisiún i réimsí faoi inniúlacht an Aontais.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Ina chuid oibre i dtreo oideachas agus oiliúint ardcháilíochta a fhorbairt agus beartas gairmoiliúna a chur chun feidhme, tá an tAontas freagrach as comhar a spreagadh idir na Ballstáit, agus as tacú lena ngníomhaíocht agus as cur léi i gcás inar gá. Sa chomhthéacs sin, is cúram é comhthuiscint a leagan amach ar a bhfuil i gceist le tréimhsí oiliúna ardcháilíochta ar fud an Aontais nach féidir aghaidh a thabhairt air ach ar leibhéal an Aontais.

Le Creat Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna, tacófar le gníomhaíocht náisiúnta sa réimse sin agus forlíonfar í i gcomhréir le hAirteagail 165, 166 agus 153 CFAE. Leis an tionscnamh seo, cuirtear prionsabal na coimhdeachta i bhfeidhm trína chur san áireamh go hiomlán gur inniúlacht náisiúnta iad na córais oideachais agus oiliúna, agus féadfaidh an tAontas tacú le beartais náisiúnta maidir le dálaí oibre agus iad a chomhlánú. Leis an tionscnamh, urramaítear go hiomlán éagsúlacht na gcóras oiliúna náisiúnta agus moltar sraith critéar coiteann chun bonn taca a chur faoi na scéimeanna éagsúla sin, lena n‑áiritheofar sochair don oiliúnaí (gan beann ar a stádas fostaíochta) agus do sholáthraithe tréimhsí oiliúna araon.

Leis an tionscnamh, cuirfear feabhas ar thrédhearcacht agus ar thuiscint fhrithpháirteach córas tréimhsí oiliúna, go háirithe cáilíocht tréimhsí oiliúna, ar fud an Aontais. D’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith aige sin freisin ar shoghluaisteacht trasteorann oiliúnaithe, ós rud é go n‑áiritheofaí sineirgí agus comhar le cur chuige comhordaithe ar leibhéal an Aontais, rud a mhéadódh iarmhairtí dearfacha.

Thairis sin, trí threoirlínte a sholáthar ar leibhéal an Aontais, rannchuidítear le comhthuiscint a chruthú ar an gcaoi ar féidir feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna. D’fhéadfadh sé sin cuidiú leis na Ballstáit freisin agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa á n‑úsáid acu, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa+ agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus aghaidh á tabhairt acu ar dhífhostaíocht agus ar neamhghníomhaíocht i measc na hóige.

Comhréireacht

Tá na gníomhaíochtaí a mholtar sa mholadh atá beartaithe comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú. Leis an togra, tacófar leis na próisis athchóirithe arna seoladh ag tíortha aonair maidir le tréimhsí oiliúna agus comhlánófar iarrachtaí na mBallstát sa réimse sin mar chuid de chreat Rialachais eacnamaíoch an tSeimeastair Eorpaigh. Urramaítear cleachtais na mBallstát agus éagsúlacht a gcóras leis an togra. Ceadaítear leis cur chuige difreáilte lena léirítear staideanna éagsúla eacnamaíocha, airgeadais agus sóisialta agus dálaí éagsúla margaidh saothair na mBallstát. Trí úsáid a bhaint as na sásraí monatóireachta atá ann cheana faoin Seimeastar Eorpach, áiritheofar nach gcruthófar aon ualach riaracháin breise.

An rogha ionstraime

Is moladh ón gComhairle an ionstraim atá beartaithe. Urramaítear leis sin prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Cuireann sé le corpas dlí an Aontais atá ann cheana agus tá sé i gcomhréir leis na cineálacha ionstraimí atá ar fáil do ghníomhaíocht an Aontais i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na fostaíochta. Mar ionstraim dlí, léirítear leis tiomantas na mBallstát do na bearta a leagtar síos sa mholadh seo agus soláthraítear bonn láidir polaitiúil don chomhar ar leibhéal an Aontais sa réimse sin. Urramaítear go hiomlán leis freisin inniúlacht na mBallstát i réimse an oideachais agus na hoiliúna agus na mbeartas sóisialta.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinneadh meastóireacht ( 31 ) ar Mholadh 2014 ón gComhairle maidir le Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna in 2022‑2023. Fuarthas amach gur conair thábhachtach fós iad tréimhsí oiliúna do dhaoine óga chun dul isteach sa mhargadh saothair. Le tréimhsí oiliúna ardcháilíochta, arb iad na tréimhsí sin lena léirítear prionsabail an Chreata Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna, cuirtear le hinfhostaitheacht a mhéadú agus cuidítear le fostóirí baill foirne a mhealladh, a oiliúint agus a choinneáil.

Ó thaobh éifeachtachta de, ba iad na prionsabail den Chreat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna is mó ar dhócha go mbeadh tionchar dearfach acu ar lánpháirtiú daoine óga sa mhargadh saothair, leagan amach na gcuspóirí foghlama agus oideachais agus an comhaontú i scríbhinn. Mar sin féin, ba mheasartha an dul chun cinn a rinneadh maidir le glacadh phrionsabail cháilíochta an Chreata sa reachtaíocht náisiúnta. Ó bhí 2014 ann, thug 14 Bhallstát athruithe isteach (ar thréimhsí oiliúna margaidh oscailte nó ar thréimhsí oiliúna beartais ghníomhaigh maidir leis an margadh saothair nó ar an dá chineál), lenar comhtháthaíodh prionsabail cháilíochta an Chreata Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna ina gcreataí reachtacha nó beartais. Bhí na hathruithe sin níos leitheadaí sa reachtaíocht náisiúnta lena rialaítear tréimhsí oiliúna beartais ghníomhaigh maidir leis an margadh saothair (a sainaithníodh in 12 Bhallstát) ná mar a bhí sa reachtaíocht náisiúnta lena rialaítear tréimhsí oiliúna margaidh oscailte (a sainaithníodh i gcúig Bhallstát). Thairis sin, cé go bhfuarthas go raibh leitheadúlacht ard maidir le forálacha dlí sonracha mar aon lena gcomhréireacht le prionsabail an Chreata Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna i gcás tréimhsí oiliúna beartais ghníomhaigh maidir leis an margadh saothair, bhí na forálacha níos teoranta i gcás tréimhsí oiliúna margaidh oscailte. Ar an iomlán, tugadh faoi deara feabhas beag ó thaobh comhréireachta de i gcás tréimhsí oiliúna margaidh oscailte, agus bhí seacht mBallstát ailínithe go hiomlán/den chuid is mó in 2021 i gcomparáid le ceithre Bhallstát in 2016. Tugadh feabhas níos mó faoi deara i gcás tréimhsí oiliúna beartais ghníomhaigh maidir leis an margadh saothair, agus bhí 18 mBallstát i gcomhréir iomlán/den chuid is mó in 2021 i gcomparáid le 15 Bhallstát in 2016. Aithníodh go bhféadfaí feabhas a chur ar chur i bhfeidhm iarbhír an Chreata Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna ar an láthair agus ar a mhonatóireacht agus a fhorfheidhmiú. Maidir leis an gCreat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna a bheith ag éascú soghluaisteacht trasteorann oiliúnaithe san Aontas, bhí comharthaí ann go raibh méadú tagtha ar an líon tréimhsí oiliúna trasteorann, ach go raibh deacrachtaí fós ag daoine óga páirt a ghlacadh iontu mar gheall ar easpa acmhainní airgeadais agus gan faisnéis phraiticiúil a bheith ar fáil. Fuarthas amach go raibh úsáid na Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta (EURES) mar fhoinse faisnéise teoranta.

Leis an gCreat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna, soláthraíodh breisluach mar phointe tagartha ar leibhéal an Aontais le haghaidh ghníomhaíocht rialála na mBallstát maidir le cáilíocht na dtréimhsí oiliúna. B’amhlaidh an cás go háirithe i gcás na mBallstát sin a bhfuil córais oiliúna acu nach bhfuil chomh forbartha céanna, áit ar chuidigh an Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna le hathruithe beartais agus reachtacha a chothú ar an leibhéal náisiúnta.

Maidir le héifeachtúlacht, cé go raibh easpa fianaise cainníochtúla ar chostais agus ar thairbhí sa mheastóireacht, mheas páirtithe leasmhara go ginearálta go raibh an costas a bhain le cur chun feidhme an Chreata Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna comhréireach leis na tairbhí. I measc na mbuntáistí d’fhostóirí bhí tuiscint níos fearr ar cháilíocht tréimhse oiliúna, buntáistí clú, tarraingteacht mhéadaithe do dhaoine óga tréitheacha, agus bealach níos inbhuanaithe chun infheistíocht a dhéanamh in oibrithe ionchasacha amach anseo. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach raibh cur chun feidhme an Chreata Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna chomh costéifeachtach d’fhiontair bheaga agus do mhicrifhiontair agus a bhí sé do ghnólachtaí móra toisc go bhféadfadh sé go raibh costais do na gnólachtaí sin (mar gheall ar acmhainní daonna agus airgeadais teoranta) níos airde i gcomparáid leis na tairbhí. I measc na mbuntáistí a bhain leis an gCreat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna d’oiliúnaithe bhí dálaí oibre feabhsaithe agus ábhar oiliúna agus foghlama níos fearr, rud a mhéadaigh an seans a bhí acu gnáthphoist a fháil.

Fuarthas go raibh an Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna comhleanúnach le tionscnaimh, straitéisí, cláir agus ionstraimí cistithe eile ar leibhéal an Aontais. Ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, thángthas ar leibhéal níos airde comhleanúnachais le bearta tréimhsí oiliúna beartais ghníomhaigh maidir leis an margadh saothair ná leo siúd ar thréimhsí oiliúna margaidh oscailte. D’ainneoin an iliomad cosúlachtaí i bprionsabail cháilíochta, measadh go raibh rannpháirtíocht níos mó ag páirtithe leasmhara (e.g. trí líonraí tiomnaithe) ann mar thoradh ar an gcreat Eorpach le haghaidh printíseachtaí ardcháilíochta agus éifeachtacha (EFQEA)( 32 ). Measadh freisin go raibh cuspóirí cáilíochta níos airde agus níos sonraí ag ar an gcreat Eorpach le haghaidh printíseachtaí ardcháilíochta agus éifeachtacha agus go raibh níos mó buntáistí aige toisc gur úsáideadh teanga níos láidre i moladh an chreata Eorpaigh le haghaidh printíseachtaí ardcháilíochta agus éifeachtacha agus gur minic a rialáiltear printíseachtaí ar bhonn trípháirteach sna Ballstáit.

Mheas roinnt freagróirí (go háirithe fostóirí) gur cheart go bhfanfadh an Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna ‘mar atá’ toisc go measann siad go bhfuil sé ábhartha go leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais oiliúnaithe. Mheas páirtithe leasmhara éagsúla, áfach, go bhféadfaí ábharthacht an Chreata Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna a neartú a thuilleadh, go háirithe, a mhéid a bhaineann le pá agus cosaint shóisialta d’oiliúnaithe agus for‑rochtain ar ghrúpaí i staideanna leochaileacha mar aon le rochtain ag na grúpaí sin orthu. Ina theannta sin, mheas roinnt páirtithe leasmhara nach mór don Chreat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le cianobair agus ar threoraíocht agus ar mheantóireacht sa chomhthéacs sin. Thairis sin, mhol roinnt páirtithe leasmhara tréimhsí oiliúna atá mar chuid den oideachas foirmiúil agus den oiliúint fhoirmiúil a chur le raon feidhme an Chreata Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna. Mheas roinnt páirtithe leasmhara freisin, chun aistriú oiliúnaí óg chuig post seasmhach a éascú, go bhféadfadh an Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna níos mó béime a chur ar thacaíocht iarshocrúcháin. Maidir le cineál neamhcheangailteach an Chreata Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna, bhí tuairimí éagsúla ann maidir le cé acu atá nó nach bhfuil sé sin iomchuí chun cuspóirí an Chreat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna a bhaint amach ina n‑iomláine. Ar thaobh amháin, d’áitigh cuid acu (go háirithe eagraíochtaí óige agus ceardchumainn) ar son ionstraim cheangailteach chun éifeachtacht an Chreata Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna a mhéadú. Ar an taobh eile, d’áitigh daoine eile (go háirithe fostóirí agus údaráis náisiúnta), i bhfianaise na ndifríochtaí idir imthosca náisiúnta agus na dteorainneacha dlíthiúla ar leibhéal an Aontais, gur creat tagartha leordhóthanach solúbtha do rialacháin náisiúnta a bhí i gceist le cineál neamhcheangailteach an Chreata Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinneadh gníomhaíochtaí comhairliúcháin sonracha in 2022 mar chuid de mheastóireacht 2023 an Choimisiúin ar an gCreat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna ( 33 ), go háirithe trí shuirbhé comhairliúcháin phoiblí. Cuimsíodh sa mheastóireacht freisin comhairliúcháin spriocdhírithe le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha atá freagrach as beartais oideachais, oiliúna agus fostaíochta, comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe oideachais agus oiliúna, saineolaithe acadúla atá ag obair ar shaincheisteanna a bhaineann leis an margadh saothair, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine óga, oiliúnaithe óga (iaroiliúnaithe, oiliúnaithe atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo) agus páirtithe leasmhara eile ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach. Chun teagmháil a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara sin uile, baineadh úsáid as gníomhaíochtaí agus modhanna comhairliúcháin éagsúla, amhail agallaimh, cruinnithe comhairliúcháin spriocdhírithe, suirbhé spriocdhírithe faoi oiliúnaithe agus cás‑staidéir.

Rinneadh comhairliúchán dhá chéim le comhpháirtithe sóisialta an Aontais faoi Airteagal 154 CFAE le haghaidh an togra seo. Le linn na chéad chéime, a bhí ar siúl idir an 11 Iúil agus an 15 Meán Fómhair 2023, chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe sóisialta maidir leis an ngá atá le gníomhaíocht an Aontais agus treo a d’fhéadfadh an ghníomhaíocht sin dul ( 34 ). Le linn an dara céim, idir an 28 Meán Fómhair agus an 9 Samhain 2023, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir leis na cuspóirí agus na bealaí dlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais ( 35 ). Dfháiltigh na ceardchumainn roimh intinn an Choimisiúin chun an Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna a thabhairt cothrom le dáta.Mheas siad, cé go raibh prionsabail an Chreata Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna fós ábhartha, go raibh cosaint cheangailteach ag teastáil ó oiliúnaithe (i bhfoirm treorach) chun cúiteamh, dálaí oibre agus cosaint shóisialta chóir a áirithiú. Ba cheart ‑áirithiú leis an treoir rochtain ar na cearta uile atá ag gnáthoibrithe faoi reachtaíocht an Aontais atá ann cheana. Cuireadh i dtábhacht go láidir ag ceardchumainn nach mór gurb é príomhchuspóir ghníomhaíocht an Aontais íoschaighdeáin cheangailteacha a leagan síos le haghaidh tréimhsí oiliúna san Aontas agus cothrom na Féinne a chruthú lena ndíspreagtar mí‑úsáid. Mheas fostóirí go bhfuil prionsabail Chreat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna 2014 fós ábhartha. Ina dtuairim, ba cheart béim níos láidre a leagan ar a chur chun feidhme agus ar mhonatóireacht a dhéanamh air, ach dar leo go mbeadh an chothromaíocht cheart ann idir íoschaighdeáin a chur chun cinn agus solúbthacht a chaomhnú le Moladh athbhreithnithe ón gComhairle. Thacaigh fostóirí leis na cuspóirí chun aghaidh a thabhairt ar an úsáid fhadhbach a bhaintear as tréimhsí oiliúna, chun feabhas a chur ar a gcáilíocht agus chun rochtain orthu a chothú. Chuir fostóirí an easpa sonraí i dtábhacht freisin, go háirithe sonraí maidir le tréimhsí oiliúna sa mhargadh oscailte, agus an nasc idir pá agus cáilíocht na dtréimhsí oiliúna. Ní raibh aon chomhaontú i measc na gcomhpháirtithe sóisialta chun dul i mbun caibidlíochta chun comhaontú a thabhairt i gcrích ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 155 CFAE.

Thairis sin, mar chuid den staidéar ina ndéantar iniúchadh ar an gcomhthéacs, ar na dúshláin agus ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le cáilíocht na dtréimhsí oiliúna san Aontas, rinneadh suirbhé ar líne le páirtithe leasmhara náisiúnta. Bhí sé daidhm aige sin faisnéis a bhailiú faoi na cleachtais atá ann faoi láthair ag gnólachtaí maidir le tréimhsí oiliúna agus dea‑chleachtais a chuirtear chun feidhme sna Ballstáit agus a dtionchar ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna a shainaithint.Bhí an suirbhé ar siúl ón 15 Meitheamh go dtí an 8 Meán Fómhair 2023 agus bhí sé spriocdhírithe ar údaráis phoiblí náisiúnta, ar chomhlachais ghnó/fostóirí náisiúnta, ar ghnólachtaí aonair, ar cheardchumainn náisiúnta, ar eagraíochtaí náisiúnta don óige, ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ar institiúidí oideachais. Rinneadh agallaimh spriocdhírithe le páirtithe leasmhara ar leibhéal an Aontais freisin.

Rinneadh suirbhé tiomnaithe ‘Painéal FBM’ ag an Ard‑Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (AS EMPL), an Ard‑Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna (AS GROW), Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (EISMEA) agus le tacaíocht ón Líonra Fiontar Eorpach idir an 12 Deireadh Fómhair agus an 9 Samhain 2023.

Sa suirbhé flais‑Eorabharaiméadair (523) ( 36 ) féachadh ar dhearcthaí daoine óga maidir lena lánpháirtiú sa mhargadh saothair, agus díríodh go háirithe ar thréimhsí oiliúna. Idir an 15 agus an 24 Márta 2023, rinneadh suirbhé ar líne ar 26 334 duine idir 18 agus 35 bliana d’aois ó na Ballstáit uile.

Bailiú agus úsáid saineolais

Baintear leas sa mholadh atá beartaithe as roinnt staidéar a rinneadh chun bonn taca a chur leis an anailís ar an tionscnamh:    

·staidéar a coimisiúnaíodh ó shaineolaithe seachtracha, ar úsáideadh na réamhthorthaí de: ‘Study exploring the context, challenges and possible solution in relation to the quality of traineeships in the EU’ [Staidéar lena scrúdaítear an comhthéacs, na dúshláin agus an réiteach a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le cáilíocht tréimhsí oiliúna san Aontas Eorpach] ó chuibhreannas Ernst & Young (EY), Lárionad Staidéir ar Bheartas na hEorpa (CEPS) agus Fianaise Oscailte (le teacht)

·staidéar seachtrach a thacaíonn leis an meastóireacht ar an gCreat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna, Tuarascáil Chríochnaitheach, Eanáir 2023 ( 37 )

·suirbhé flais‑Eorabharaiméadair maidir leis an dearcadh atá ag daoine óga maidir lena lánpháirtiú sa mhargadh saothair, agus é dírithe go háirithe ar thréimhsí oiliúna ( 38 )

Cuireadh san áireamh freisin rún féintionscnaimh reachtach 2023 ó Pharlaimint na hEorpa maidir le tréimhsí oiliúna ardcháilíochta san Aontas, i gcomhar leis an Measúnú Breisluacha Eorpaigh ábhartha ar sheirbhís taighde na Parlaiminte ( 39 ).

Measúnú tionchair

I gcomhréir lena bheartas maidir le Rialáil Níos Fearr, rinne an Coimisiún measúnú tionchair ( 40 ). Leis sin, tugadh anailís struchtúrtha ar na fadhbanna beartais, ar na cuspóirí beartais comhfhreagracha agus ar na roghanna beartais comhfhreagracha agus rinneadh measúnú ar a dtionchar. Breithníodh leis coimhdeacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus comhréireacht na roghanna a sainaithníodh agus conas monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar an tionscnamh amach anseo. Tacaíodh leis an obair sin le comhairliúchán struchtúrtha sa Choimisiún trí ghrúpa stiúrtha idirsheirbhíse ( 41 ) agus leis an ‘Staidéar ina scrúdaítear an comhthéacs, na dúshláin agus an réiteach a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le cáilíocht na dtréimhsí oiliúna san Aontas’ dá dtagraítear thuas.

Sainaithníodh trí fhadhb sa mheasúnú tionchair: (1) an úsáid fhadhbach a bhaineann soláthraithe tréimhsí oiliúna as tréimhsí oiliúna, (2) droch‑cháilíocht na dtréimhsí oiliúna agus (3) rochtain mhíchothrom ar thréimhsí oiliúna. Rinneadh scrúdú sa mheasúnú tionchair ar thrí rogha beartais, ina ndearnadh bearta reachtacha agus neamhreachtacha araon a thabhairt le chéile chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí an tionscnaimh i dtéarmaí cearta is infheidhme oiliúnaithe a fhorfheidhmiú, cosc a chur ar úsáid fhadhbach na dtréimhsí oiliúna, dálaí oibre cothroma a áirithiú, an t‑ábhar foghlama a fheabhsú, agus feabhas a chur ar an rochtain ar thréimhsí oiliúna agus ar chuimsitheacht na dtréimhsí oiliúna. Cuireadh san áireamh sa mheasúnú ar thionchar na roghanna freisin na hiarmhairtí neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na roghanna beartais éagsúla, lena n‑áirítear maidir le tréimhsí oiliúna a thairiscint.

Is é an rogha beartais ab fhearr a sainaithníodh sa mheasúnú tionchair pacáiste ina bhfuil treoir a bhaineann le hoiliúnaithe ar oibrithe iad faoi dhlí an Aontais agus moladh nuashonraithe ón gComhairle lena gcumhdaítear gach oiliúnaí. Meastar go dtabharfaidh an pacáiste sin sochair shóisialta d’oiliúnaithe trí thréimhsí oiliúna fadhbacha agus droch‑cháilíochta a laghdú trí chóir chomhionann, pá níos cothroime agus cosaint shóisialta leordhóthanach, agus trí rochtain ar thréimhsí oiliúna a fheabhsú, go háirithe do dhaoine i staideanna leochaileacha, lena n‑áirítear daoine faoi mhíchumas, iad siúd a bhfuil cónaí orthu i réigiúin thuaithe, iargúlta agus is forimeallaí, iad siúd a bhfuil cúlra socheacnamaíoch agus/nó imirceach faoi mhíbhuntáiste acu, iad siúd ón bpobal Romach, agus iad siúd a bhfuil gnóthachtáil oideachais níos ísle acu. Meastar go mbeidh sochair eacnamaíocha do sholáthraithe tréimhsí oiliúna mar thoradh ar an rogha beartais ab fhearr, amhail iomaíocht mhargaidh níos cothroime, gnóthachain táirgiúlachta agus iomaíochais mar gheall ar lucht saothair níos oilte agus níos éagsúla agus costais chuardaigh, mheaitseála agus earcaíochta níos ísle. Maidir le costais a bhaineann leis an rogha beartais ab fhearr, baineann siad sin le méadú a d’fhéadfadh a bheith ann ar chostais saothair, ar chostais choigeartaithe agus ar chostais a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar a nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha. Meastar go dtairbheoidh buiséid agus riaracháin náisiúnta dfháltais mhéadaithe chánach agus slándála sóisialta agus de chaiteachas laghdaithe ar chosaint shóisialta agus ar gníomhaíochtú.

Pléadh an measúnú tionchair ar dtús le Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin an 13 Nollaig 2023. An 1 Feabhra 2024, cuireadh Tuarascáil athbhreithnithe ar an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird. An 22 Feabhra 2024, d’eisigh an Bord tuairim dhearfach, a raibh roinnt agús léi ( 42 ). Tugadh aghaidh ar na barúlacha a bhí fágtha ina dhiaidh sin, trí theorainneacha na sonraí a úsáideadh a shonrú a thuilleadh, tríd an bplé maidir le saincheisteanna chothrom na Féinne agus iomaíochta a neartú agus trí shoiléirithe spriocdhírithe breise a sholáthar maidir leis an tuairisc agus measúnú ar na roghanna beartais.

Cearta bunúsacha

Cosnaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh raon leathan de chearta fostaíochta. Tá cuspóirí an togra seo i gcomhréir leis an gCairt. Meastar go rannchuideoidh an moladh atá beartaithe leis an gceart chun comhionannais os comhair an dlí (Airteagal 20 den Chairt), leis an gceart chun dálaí oibre cothroma (Airteagal 31), le cosaint daoine óga ag an obair (Airteagal 32), le rochtain ar chosaint shóisialta leordhóthanach (Airteagal 34) agus le cúram sláinte (Airteagal 35).

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Leis an moladh atá beartaithe, ní éilítear buiséad breise ón Aontas ná acmhainní foirne breise.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Moltar sa mholadh go ndéanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun an Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna treisithe a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir agus plean cur chun feidhme a thíolacadh ina leagfar amach na bearta comhfhreagracha atá le déanamh ar an leibhéal náisiúnta faoin [dáta an ghlactha + [18 mhí].

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leis an moladh atá beartaithe, cuirtear sraith critéar ar fáil le haghaidh tréimhsí oiliúna ardcháilíochta, agus tugtar solúbthacht do na Ballstáit maidir leis an gcur chun feidhme ag an am céanna. Cuirtear ar a gcumas leis sin cineál sonrach agus riachtanais éagsúla a scéimeanna oiliúna náisiúnta a chur san áireamh.

Cuspóir agus raon feidhme

Leagtar amach le pointe 1 cuspóir an chreata threisithe chun feabhas a chur ar cháilíocht tréimhsí oiliúna, go háirithe ábhar foghlama agus oiliúna agus dálaí oibre.

Mínítear le pointe 2 raon feidhme an chreata threisithe, a bhfuil feidhm aige maidir le gach oiliúnaí, gan beann ar a stádas fostaíochta. Soiléirítear leis, i gcás na n‑oiliúnaithe sin ar oibrithe iad, nach bhfuil feidhm ag an gcreat ach amháin mura leagtar síos aon fhoráil choibhéiseach nó aon fhoráil níos fabhraí i ndlí an Aontais.

Comhaontú i scríbhinn

Moltar le pointí 3 agus 4 tréimhsí oiliúna a bhunú ar chomhaontú i scríbhinn agus ábhar an chomhaontaithe i scríbhinn a thabhairt cothrom le dáta trí fhaisnéis bhreise a mholadh maidir leis an gcomhpháirt foghlama, na cúraimí, na socruithe meantóireachta agus an chosaint shóisialta.

Dálaí foghlama agus oibre

Le pointí 5 go 15, leagtar amach na dálaí foghlama agus oibre, lena n‑áirítear na cuspóirí foghlama agus oiliúna, pá cothrom, na cearta agus na dálaí oibre is infheidhme faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta is infheidhme, maoirseoir agus meantóir a shannadh, na coinníollacha le haghaidh tréimhsí oiliúna cianda/hibrideacha, tréimhse réasúnta (le haghaidh tréimhsí oiliúna a dhéantar arís/as a chéile san áireamh), tréimhsí oiliúna a athnuachan agus a fhoirceannadh agus bealaí d’oiliúnaithe chun míchleachtas agus drochdhálaí a thuairisciú. Leagtar amach freisin iontu nach féidir le soláthraithe tréimhsí oiliúna a cheangal ar iarrthóirí a mbeadh taithí oibre roimhe sin acu.

Cosaint shóisialta

Moltar le pointe 16 rochtain ar chosaint shóisialta leordhóthanach i gcomhréir le cleachtais náisiúnta agus an Moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe a chur san áireamh.

Aitheantas do thréimhsí oiliúna

Le pointe 17, tugtar aitheantas cuí do thréimhsí oiliúna cothrom le dáta trína chur leis gur cheart an t‑aitheantas sin, i gcás inarb iomchuí agus más féidir, a chur ar fáil i bhformáid dhigiteach.

Ceanglais maidir le trédhearcacht

Le pointí 18 go 20, leagtar amach ceanglais maidir le trédhearcacht agus cuirtear leis sin gur cheart d’fhógraí folúntais agus d’fhógráin faisnéis a sholáthar freisin maidir leis an leibhéal pá, dálaí oibre, cumhdach cosanta sóisialta agus na cúraimí a bhfuiltear ag súil leo.

Tréimhsí oiliúna cuimsitheacha

Le pointí 21 go 24, moltar bearta maidir le tréimhsí oiliúna cuimsitheacha (lena n‑áirítear trí chóir chomhionann agus neamh‑idirdhealú a áirithiú agus trí rochtain agus for‑rochtain orthu siúd atá i staideanna leochaileacha a fheabhsú), teanga neodrach i bhfógraí folúntais / fógráin, feasacht a mhúscailt, agus athruithe, i gcás inarb ábhartha, chun inrochtaineacht a áirithiú, lena n‑áirítear dóibh siúd atá i staideanna leochaileacha, go háirithe oiliúnaithe (iarrthóra) faoi mhíchumas.

Tréimhsí oiliúna trasteorann

Le pointí 25 go 29, tugtar na bearta arb é is aidhm dóibh tréimhsí oiliúna trasteorann a éascú cothrom le dáta, ina n‑iarrfar treoraíocht phraiticiúil agus faisnéis maidir le tréimhsí oiliúna trasteorann trí EURES agus trí chur i bhfeidhm phrionsabail an chreata threisithe a spreagadh, i gcás inarb infheidhme, i gcomhaontuithe soghluaisteachta le haghaidh tréimhsí oiliúna le hósteagraíochtaí lasmuigh den Aontas.

Tacaíocht bhreise do thréimhsí oiliúna

Moltar tacaíocht bhreise le haghaidh tréimhsí oiliúna le pointe 30, go háirithe trí ghairmthreoir agus deiseanna líonra a sholáthar.

Creatdálaí

Le pointí 31 go 33, leagtar amach na gnéithe maidir leis na coinníollacha creata, lena n‑áirítear maidir le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, na seirbhísí fostaíochta, na n‑institiúidí oideachais agus oiliúna agus páirtithe leasmhara eile. Moltar freisin a áirithiú go bhféadfaidh ionadaithe oibrithe cearta oiliúnaithe a chosaint.

An creat cáilíochta treisithe a chur i bhfeidhm

Soláthraítear moltaí le pointí 34 go 35 maidir le Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna treisithe a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear do na Ballstáit plean cur chun feidhme a thíolacadh, agus trí thacaíocht airgeadais agus neamhairgeadais a bheartú do sholáthraithe tréimhsí oiliúna, go háirithe FBManna.

Tacaíocht chun infhostaitheacht oiliúnaithe a mhéadú

Le pointí 36 go 37, leagtar amach bearta tacaíochta chun infhostaitheacht oiliúnaithe a mhéadú agus moltar dreasachtaí a thabhairt do sholáthraithe tréimhsí oiliúna chun post a mholadh tar éis tréimhse oiliúna agus chun cistí an Aontais a úsáid le haghaidh tréimhsí oiliúna atá i gcomhréir le prionsabail an Chreata threisithe.

Obair leantach

Le pointe 38, moltar go n‑oibreodh na Ballstáit agus an Coimisiún go comhpháirteach ar bhailiú sonraí.

2024/0069 (NLE)

Togra le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Creat Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292, i gcomhar le hAirteagail 153(1)(b), 165(4) agus 166(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I mí an Mhárta 2014, ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna ( 43 ) (‘Moladh 2014) chun caighdeáin cháilíochta uile-Aontais a sholáthar do thréimhsí oiliúna. Moltar leis 21 phrionsabal le haghaidh tréimhsí oiliúna chun feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna, go háirithe chun ábhar ardcháilíochta foghlama agus oiliúna agus dálaí oibre leordhóthanacha a áirithiú chun tacú leis an aistriú ón oideachas go dtí an obair agus chun infhostaitheacht na noiliúnaithe a mhéadú. Cumhdaítear gach tréimhse oiliúna le Moladh 2014 seachas iad siúd atá mar chuid de churaclaim an oideachais fhoirmiúil agus na hoiliúna foirmiúla agus iad siúd a rialaítear faoin dlí náisiúnta agus a bhfuil sé ina cheanglas sainordaitheach é iad a thabhairt chun críche chun rochtain a fháil ar ghairm shonrach.

(2)Sa Mholadh ón gComhairle maidir le Creat Eorpach le haghaidh Printíseachtaí Ardcháilíochta agus Éifeachtacha ( 44 ) tá 14 chritéar le haghaidh printíseachtaí ardcháilíochta agus éifeachtacha arb é is aidhm dóibh a áirithiú go mbeidh scéimeanna printíseachta in ann freagairt do riachtanais an mhargaidh saothair agus sochair a sholáthar d’fhoghlaimeoirí agus d’fhostóirí araon. Cuimsítear orthu sin critéir le haghaidh dálaí foghlama agus oibre agus critéir maidir le coinníollacha creata.

(3)Is é is aidhm don Ráthaíocht threisithe don Aos Óg ( 45 ) a áirithiú go bhfaighidh daoine óga faoi bhun 30 bliain d’aois tairiscint mhaith fostaíochta, oideachas leanúnach, printíseacht nó tréimhse oiliúna laistigh de cheithre mhí tar éis dóibh a bheith dífhostaithe nó an toideachas a fhágáil. Is pointe tagartha tábhachtach é Moladh 2014 chun cáilíocht na dtairiscintí tréimhsí oiliúna faoin Ráthaíocht threisithe don Aos Óg a thomhas.

(4)Is gá an taistriú chuig fostaíocht ardcháilíochta a éascú chun príomhsprioc an Aontais ráta fostaíochta 78 % den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois a bhaint amach faoi 2030 ( 46 ).

(5)Is féidir le tréimhsí oiliúna cuidiú le daoine óga taithí phraiticiúil agus ghairmiúil a fháil, a ninfhostaitheacht a fheabhsú, agus a naistriú chuig fostaíocht sheasmhach a éascú. Dá réir sin, is conair thábhachtach iad na tréimhsí oiliúna chuig an margadh saothair. I gcás fostóirí, tugann tréimhsí oiliúna deiseanna chun daoine óga a mhealladh, a oiliúint agus a choinneáil. Is féidir leo an costas a bhaineann le baill foirne oilte a chuardach agus a earcú a laghdú, nuair a thairgtear gnáthphost d’oiliúnaithe tar éis a dtréimhse oiliúna.

(6)Tá ganntanas saothair ann i go leor gairmeacha agus ar gach leibhéal scileanna. Meastar go rachaidh sin i méid leis an laghdú atá tuartha ar an daonra in aois oibre agus leis an éileamh atá ag méadú ar roinnt gairmeacha atá ábhartha don aistriú glas agus digiteach. Trí rannpháirtíocht sa mhargadh saothair agus uas-sciliú agus/nó athsciliú daoine óga a mhéadú, d’fhéadfaí rannchuidiú leis na ganntanais sin a mhaolú. D’fhéadfadh tréimhsí oiliúna ardcháilíochta a bheith ina gconair úsáideach uas-scilithe agus/nó athscilithe do dhaoine d’aon aois chun scileanna praiticiúla a fháil sa phost chun dul isteach sa mhargadh saothair nó chun a ngairm a thabhairt i dtreo nua.

(7)Ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, cuireadh togra chun cinn maidir lena áirithiú go gcloíonn intéirneachtaí agus poist daoine óga le caighdeáin cháilíochta, lena náirítear maidir le pá agus cosc a chur ar intéirneachtaí neamhíoctha ar an margadh saothair agus lasmuigh den oideachas foirmiúil ( 47 ).

(8)Ghlac Parlaimint na hEorpa rún de bhun Airteagal 225 CFAE le moltaí don Choimisiún maidir le tréimhsí oiliúna ardcháilíochta i mí an Mheithimh 2023 ( 48 ). Ina rún, d’iarr sí ar an gCoimisiún ‘Moladh 2014 ón gComhairle a thabhairt cothrom le dáta agus a neartú agus ionstraim reachtach níos láidre a dhéanamh de’. Ina theannta sin, d’iarr sí ar an gCoimisiún prionsabail bhreise a chuimsiú i gcreat cáilíochta nuashonraithe le haghaidh tréimhsí oiliúna. Go sonrach, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún ‘treoir a mholadh maidir le tréimhsí oiliúna i margadh oscailte an tsaothair, tréimhsí oiliúna i gcomhthéacs beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair agus tréimhsí oiliúna ar cuid éigeantach den oiliúint ghairmiúil iad, chun íoschaighdeáin cháilíochta a áirithiú, lena náirítear rialacha maidir le tréimhse na dtréimhsí oiliúna, rochtain ar chosaint shóisialta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta chomh maith le luach saothair lena náirithítear caighdeán maireachtála cuibhiúil chun cleachtais dhúshaothraithe a sheachaint’.

(9)Rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais faoi Airteagal 154 CFAE maidir leis an ngá, na cuspóirí agus na bealaí dlíthiúla le haghaidh gníomhaíocht fhéideartha a chuirfeadh tuilleadh feabhais ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna. Ní raibh aon chomhaontú i measc na gcomhpháirtithe sóisialta chun dul i mbun caibidlíochta maidir leis na hábhair sin. Tá sé tábhachtach, áfach, gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais sa réimse seo tríd an gcreat atá ann faoi láthair maidir le tréimhsí oiliúna a oiriúnú agus torthaí an chomhairliúcháin leis na comhpháirtithe sóisialta á gcur san áireamh ag an am céanna.

(10)Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go forleathan le páirtithe leasmhara, lena náirítear oiliúnaithe agus eagraíochtaí óige, soláthraithe tréimhsí oiliúna, údaráis phoiblí náisiúnta, institiúidí oideachais, agus saineolaithe ón saol acadúil.

(11)Thairis sin, in 2023, rinne an Coimisiún meastóireacht ar Mholadh 2014 ( 49 ) agus chinn sé go rannchuidítear le hinfhostaitheacht daoine óga a mhéadú le tréimhsí oiliúna ardcháilíochta a léiríonn prionsabail an Mholta sin. Cé gur measadh go raibh prionsabail cháilíochta Mholadh 2014 fós ábhartha agus go raibh breisluach ag baint leo, thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht freisin gur ghá cur i bhfeidhm na bprionsabal sin agus a monatóireacht agus a bhforfheidhmiú a fheabhsú. Fuair sé freisin go bhféadfaí an creat a neartú, lena náirítear maidir le gnéithe a bhaineann le pá agus rochtain ar chosaint shóisialta. Thairis sin, chun an taistriú chuig gnáthchaidreamh fostaíochta a éascú, d’fhéadfadh soláthraithe tréimhsí oiliúna níos mó béime a chur ar thacaíocht iarshocrúcháin. Fuarthas ann freisin go bhféadfaí cúnamh níos fearr a thabhairt d’fhostóirí trí threoraíocht phraiticiúil agus tacaíocht airgeadais agus trí thacaíocht den sórt sin a nascadh le cur i bhfeidhm na bprionsabal cáilíochta.

(12)Sainaithníodh leis an meastóireacht freisin an gá atá le cuimsitheacht a áirithiú agus rochtain ar thréimhsí oiliúna a fheabhsú do dhaoine atá i staideanna leochaileacha. Go háirithe, tá bacainní roimh mhionlaigh, daoine faoi mhíchumas, iad siúd a bhfuil cónaí orthu i réigiúin thuaithe, iargúlta agus is forimeallaí, iad siúd a mbaineann cúlra socheacnamaíoch agus/nó imirceach faoi mhíbhuntáiste leo, an pobal Romach, agus rompu siúd a bhfuil gnóthachtáil oideachais níos ísle acu, maidir le rochtain a fháil ar dheiseanna tréimhsí oiliúna. I measc bacainní eile, is bacainn é do dhaoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar thréimhsí oiliúna mar gheall ar easpa clár tréimhsí oiliúna atá curtha in oiriúint dá riachtanais, mar shampla freastal ar cheanglais inrochtaineachta shonracha.

(13)Fuarthas amach i suirbhé Eorabharaiméadair 2023 (FL523) ( 50 ) gur íocadh 55 % de na freagróirí a rinne tréimhse oiliúna nó gur tugadh cúiteamh airgeadais dóibh, ar méadú é sin ó 40 % i suirbhé Eorabharaiméadair 2013 (FL378) ( 51 ). Thairis sin, in 2023 d’fhreagair 33 % de na freagróirí go raibh rochtain iomlán acu (agus rochtain pháirteach ag 28 % de na freagróirí) ar chosaint shóisialta ( 52 ).

(14)Tugtar aghaidh leis an Moladh seo ar an ngá leis an creat cáilíochta le haghaidh tréimhsí oiliúna a threisiú mar a sainaithníodh leis an meastóireacht agus mar a shainaithin na páirtithe leasmhara éagsúla thuasluaite. Is é is aidhm dó feabhas a chur ar cháilíocht tréimhsí oiliúna, go háirithe a mhéid a bhaineann le hábhar foghlama agus oiliúna agus le dálaí oibre, agus é d’aidhm aige an taistriú ón oideachas, ón dífhostaíocht nó ón neamhghníomhaíocht go dtí an obair a éascú.

(15)Chun críocha an Mholta seo, ba cheart tréimhsí oiliúna a thuiscint mar thréimhse theoranta cleachtais oibre, lena gcuimsítear gné mhór foghlama agus oiliúna, a dhéantar chun taithí phraiticiúil agus ghairmiúil a fháil d’fhonn infhostaitheacht a fheabhsú agus aistriú chuig gnáthchaidreamh fostaíochta a éascú nó rochtain a fháil ar ghairm. Gan dochar do chineálacha eile tréimhsí oiliúna a d’fhéadfadh a bheith ann, sainaithníodh na ceithre chineál tréimhse oiliúna seo a leanas: tréimhsí oiliúna margaidh oscailte, tréimhsí oiliúna atá mar chuid de bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, tréimhsí oiliúna atá mar chuid de churaclaim an oideachais fhoirmiúil agus na hoiliúna foirmiúla, agus tréimhsí oiliúna ar ceanglas sainordaitheach iad chun rochtain a fháil ar ghairm áirithe.

(16)Tá tréimhsí oiliúna margaidh oscailte bunaithe ar chomhaontuithe déthaobhacha neamhshainordaitheacha idir oiliúnaí agus soláthraí tréimhse oiliúna (poiblí/príobháideach/neamhbhrabúsach) gan rannpháirtíocht tríú páirtí agus gan nasc foirmiúil leis an oideachas ná leis an oiliúint.

(17)Tairgtear tréimhsí oiliúna atá mar chuid de bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair (ALMP) do dhaoine neamhghníomhacha nó dífhostaithe nó dóibh siúd atá i mbaol a ndífhostaithe, agus is iondúil gur institiúid phoiblí (seirbhís fostaíochta go minic) a bhíonn ag feidhmiú mar idirghabhálaí idir an soláthraí tréimhse oiliúna agus an toiliúnaí.

(18)Is féidir le tréimhsí oiliúna freisin a bheith ina socrúcháin foghlama obairbhunaithe atá mar chuid de churaclaim an oideachais fhoirmiúil agus na hoiliúna foirmiúla (scoil, gairmoideachas nó ardoideachas agus oiliúint).

(19)Is féidir leis an dlí náisiúnta freisin tréimhsí oiliúna áirithe a rialáil agus a gcur i gcrích a dhéanamh sainordaitheach chun rochtain a fháil ar ghairm shonrach (e.g. leigheas, ailtireacht, etc.).

(20)Tá feidhm ag an Moladh seo maidir le gach tréimhse oiliúna dá dtagraítear in aithrisí (16) go (19).

(21)Ós rud é go bhfuil éagsúlacht mhór ó Bhallstát go chéile maidir le tréimhsí oiliúna agus cláir foghlama obairbhunaithe sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint mar a leagtar amach sa Mholadh ón gComhairle maidir le Creat Eorpach le haghaidh Printíseachtaí Ardcháilíochta agus Éifeachtacha ( 53 ), moltar do na Ballstáit a mheasúnú cé acu den dá chreat cáilíochta a bhfuil feidhm aige maidir le taithí foghlama obairbhunaithe sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint (VET), ag brath ar a ngnéithe sonracha náisiúnta agus réigiúnacha. Agus é sin á dhéanamh acu, chun a áirithiú go bhfaighidh gach foghlaimeoir san fhoghlaim obairbhunaithe an leibhéal is airde cosanta, moltar do na Ballstáit na coinníollacha is cosantaí idir an dá chreat a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na himthosca náisiúnta.

(22)Is bacainní ar rochtain chomhionann ar dheiseanna tréimhsí oiliúna iad an easpa pá cothrom agus an easpa rochtana ar chosaint shóisialta leormhaith. In éagmais foinse eile ioncaim, is gnách go staonann grúpaí i staideanna leochaileacha ó bheith páirteach i dtréimhsí oiliúna, go háirithe nuair atá pá in easnamh nó íseal, nó nuair a thabhaítear costais bhreise, mar shampla tréimhse oiliúna a dhéanamh i réigiún nó i dtír eile.

(23)Le bearnaí sa rochtain ar chosaint shóisialta, is féidir leas agus sláinte (mheabhrach) na noiliúnaithe a chur i mbaol, cur leis an éiginnteacht eacnamaíoch, an éiginnteacht fostaíochta agus an baol bochtaineachta dóibh. Tá an baol sin ard go háirithe d’oiliúnaithe ó ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch agus/nó i staideanna leochaileacha eile. D’fhéadfadh bacainní a bheith roimh oiliúnaithe maidir le rochtain a fháil ar chearta sóisialta agus ar shochair shóisialta, go háirithe mar gheall ar a stair ghearr rannpháirteach. Thairis sin, éilítear stádas fostaíochta ag formhór na scéimeanna cosanta sóisialta (cé is moite de shochair chúraim sláinte), rud a eisíonn oiliúnaithe nach meastar gur oibrithe iad.

(24)Is féidir le tréimhse shínteach nó carnadh tréimhsí oiliúna iolracha moill a chur ar rochtain na noiliúnaithe aonair lena mbaineann ar ghnáthchaidreamh fostaíochta. Is féidir gur léiriú freisin iad ar thréimhsí oiliúna atá á núsáid in ionad gnáthchaidrimh fostaíochta.

(25)D’fhéadfadh údar maith a bheith le síneadh a chur le tréimhse oiliúna má tá údar leis de bharr chineál agus chuspóir an chineáil shonraigh tréimhse oiliúna. D’fhéadfadh sé gur samplaí d’eisceachtaí iad tréimhsí oiliúna ar ceanglas sainordaitheach é iad a chur i gcrích chun rochtain a fháil ar ghairm shonrach, i gcás ina bhfuil gá le taithí níos faide ar thréimhse oiliúna mar gheall ar an gconair chun an teolas, na hinniúlachtaí agus an taithí is gá a fháil. I gcás tréimhsí oiliúna áirithe atá mar chuid de bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a bhfuil sé daidhm acu daoine atá i staid leochaileach a lánpháirtiú, dfhéadfaí tairbhiú do thréimhse níos faide freisin. D’fhéadfadh tréimhse níos faide a bheith i gceist le roinnt tréimhsí oiliúna atá mar chuid de churaclaim oideachais fhoirmiúil agus oiliúna foirmiúla ar chúiseanna a bhaineann leis na curaclaim.

(26)I bhfógraí folúntais, d’fhéadfadh soláthraithe oiliúna a iarrann taithí roimhe seo sa réimse céanna gníomhaíochta nó i réimse comhchosúil gníomhaíochta i bhfógraí folúntais, tréimhsí oiliúna agus cleachtais a bhfuil sé mar aidhm leo caidrimh fostaíochta atá faoi cheilt mar chúrsaí oiliúna a chur in ionad post. Déantar síneadh a chur freisin in amanna le tréimhse fhoriomlán na dtréimhsí oiliúna trí thréimhsí oiliúna a athdhéanamh, lena náirítear tréimhsí oiliúna a dhéanamh as a chéile, leis an bhfostóir céanna. Dfhéadfadh gur léiriú eile ar chaidreamh fostaíochta atá faoi cheilt mar thréimhse oiliúna iad na cleachtais sin. Mar sin féin, d’fhéadfadh forais oibiachtúla a bheith ann ar an mbonn go bhféadfadh soláthraithe tréimhsí oiliúna taithí oibre roimhe sin a éileamh ó oiliúnaithe (iarrthóra). D’fhéadfadh tréimhse choibhéiseach taithí oibre roimhe sin a bheith i gceist le cásanna den sórt sin, rud a d’fhéadfadh a bheith ina rogha ar céim a bheith ag an iarrthóir i réimse áirithe gníomhaíochta nó saineolais. D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh taithí oibre roimhe sin ag teastáil sula rachaidh tú i mbun tréimhse oiliúna níos speisialaithe chun rochtain a fháil ar ghairm shonrach.

(27)Cuireadh i dtábhacht sa mheastóireacht an gá atá ann an tacaíocht d’oiliúnaithe le linn na tréimhse oiliúna a neartú trí mheantóireacht iomchuí. Dá bhrí sin, ba cheart ról an mhaoirseora a chomhlánú le meantóir, lena gcuimseofaí comhairle, cóitseáil agus tacaíocht don oiliúnaí sa ról d’fhonn forbairt phearsanta a dhéanamh mar aon le lánpháirtiú sa timpeallacht oibre, nuair is féidir, agus riachtanais eagraíochtúla agus méid an tsoláthraí oiliúna á gcur san áireamh.

(28)Ó bhí paindéim COVID-19 ann, tá méadú tagtha ar a fhorleithne atá socruithe oibre cianda agus hibrideacha. Chun cáilíocht agus inrochtaineacht tréimhsí oiliúna cianda agus hibrideacha a áirithiú, tá gá le hoiriúnuithe ar chleachtas méadaithe na teilea-oibre i dtéarmaí timpeallacht oibre iomchuí (lena náirítear trealamh) agus eagrú oibre. Is éard atá i gceist leis an dara ceann ná treoraíocht, meantóireacht, agus cúraimí atá oiriúnach do bhealach cianda agus hibrideach oibre.

(29)Chun cur le trédhearcacht na faisnéise maidir le deiseanna tréimhsí oiliúna, ba cheart soláthraithe tréimhsí oiliúna a spreagadh chun faisnéis maidir le téarmaí agus coinníollacha na tréimhse oiliúna, go háirithe maidir le leibhéal an phá, dálaí oibre, cumhdach na cosanta sóisialta, lena náirítear árachas sláinte agus timpiste, na cúraimí a bhfuiltear ag súil leo agus an chomhpháirt foghlama agus oiliúna a chuimsiú sna fógraí folúntais agus sna fógráin le haghaidh tréimhsí oiliúna, trí nasc chuig suíomh gréasáin a bhfuil an fhaisnéis sin ann a áireamh bfhéidir.

(30)Ba cheart soláthraithe tréimhsí oiliúna a spreagadh chun faisnéis a sholáthar maidir le beartais earcaíochta, go háirithe maidir le sciar na noiliúnaithe a earcófar. Déantar é sin a ríomh tríd an líon oiliúnaithe a fostaíodh (tar éis an tréimhse oiliúna a chur i gcrích) chun gnáthphost fostaíochta a líonadh a roinnt ar an líon iomlán oiliúnaithe sa bhunaíocht chéanna an bhliain chéanna.

(31)Ba cheart seirbhísí fostaíochta agus soláthraithe eile gairmthreorach a spreagadh chun na ceanglais chéanna maidir le trédhearcacht a chur i bhfeidhm agus a chuireann soláthraithe tréimhsí oiliúna i bhfeidhm agus faisnéis á soláthar acu maidir le deiseanna tréimhsí oiliúna. Aithnítear, áfach, go bhféadfadh sé nach mbeadh seirbhísí fostaíochta agus soláthraithe eile gairmthreorach ar an eolas faoi na gnéithe faisnéise uile a liostaítear faoi na ceanglais maidir le trédhearcacht agus go bhféadfadh siad a bheith ag brath ar thoilteanas na soláthraithe tréimhsí oiliúna faisnéis den sórt sin a roinnt.

(32)Chun rochtain chomhionann a áirithiú do ghrúpaí i staideanna leochaileacha, tá gá le for-rochtain neartaithe ar na grúpaí sin, amhail trí straitéisí spriocdhírithe cumarsáide agus múscailte feasachta. Chun éifeachtacht na straitéisí for-rochtana sin a áirithiú, tá sé ríthábhachtach páirtithe leasmhara ábhartha amhail seirbhísí fostaíochta agus institiúidí oideachais agus oiliúna a bheith rannpháirteach agus na huirlisí cumarsáide agus faisnéise a úsáidtear a shaincheapadh chun an réimse is leithne daoine is féidir a shroicheadh, lena náirítear iad siúd atá faoi mhíchumas áirithe (e.g. suíomhanna gréasáin atá oiriúnaithe agus éasca le léamh).

(33)Chun cur i bhfeidhm an Mholta a áirithiú, is gá an tacaíocht d’fhostóirí a neartú trí threoraíocht phraiticiúil agus tacaíocht airgeadais, agus d’fhéadfadh an tacaíocht sin a bheith ag brath ar an gcoinníoll go gcloíonn na tréimhsí oiliúna a thairgtear le prionsabail cháilíochta an Mholta seo.

(34)D’fhéadfadh luach ar leith a bheith ag baint le tréimhsí oiliúna trasteorann ós rud é go bhféadfadh oiliúnaithe teanga eile a fhoghlaim, go mbeadh taithí acu ar thimpeallacht nó ar chultúr nua agus gurbh fhéidir leo, dá bhrí sin, scileanna idirdhisciplíneacha ábhartha a fháil. Tá comharthaí ann go bhfuil méadú tagtha ar shoghluaisteacht trasteorann oiliúnaithe ( 54 ), ach tá deacrachtaí fós ag daoine óga rochtain a fháil ar thréimhsí oiliúna trasteorann mar gheall ar easpa acmhainní airgeadais agus toisc nach bhfuil faisnéis ábhartha (agus leordhóthanach) ar fáil. Tá gá le faisnéis níos nithiúla agus níos praiticiúla faoi thréimhsí oiliúna trasteorann, amhail faisnéis ar EURES, chun feabhas a chur ar an inrochtaineacht.

(35)Is féidir le bealaí chun míchleachtas agus drochdhálaí oibre a thuairisciú tacú le hoiliúnaithe a gcearta saothair a fhorfheidhmiú. Ina theannta sin, dá gceadófaí d’oiliúnaithe a gcearta a chosaint ag ionadaíochtaí oibrithe, neartófaí a seasamh.

(36)Is féidir le cláir na mBallstát lena gcuirtear tréimhsí oiliúna ardcháilíochta chun cinn agus ar fáil tacaíocht airgeadais a fháil ó na Cistí Eorpacha. Maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ( 55 ), an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/241 ( 56 ) le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí incháilithe dá bhforáiltear i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát lena seachadadh le linn shaolré na Saoráide go dtí deireadh 2026, an Ciste um Aistriú Cóir arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1056 ( 57 ) agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (TSI) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/240 ( 58 ), d’fhéadfadh siad tacú leis na Ballstáit an Moladh a chur chun feidhme.

(37)Chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú i measc na mBallstát, mhol an Coimisiún treoir (COM(2024) 132) lena leagtar síos creat coiteann prionsabal agus beart chun dálaí oibre na noiliúnaithe a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú agus chun gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi cheilt mar thréimhsí oiliúna a chomhrac.

(38)A mhéid a bhaineann le faisnéis atá le soláthar d’oiliúnaithe sa chomhaontú i scríbhinn maidir le tréimhse oiliúna, tá oiliúnaithe ar oibrithe iad i dteideal na níoscheanglas maidir le dualgais faisnéise mar a leagtar amach le Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 59 ). A mhéid nach gcumhdaítear iad leis an treoir sin, ba cheart na gnéithe sa mholadh seo a chur san áireamh sa bhreis ar na híoscheanglais sin d’oiliúnaithe ar oibrithe iad.

(39)Níor cheart cur chun feidhme an Mholta seo a bheith ina fhoras bailí chun leibhéal ginearálta na cosanta a thugtar d’oiliúnaithe a chumhdaítear leis an Moladh seo a laghdú.

(40)Ba cheart don Mholadh seo staonadh ó shrianta riaracháin, airgeadais nó dlíthiúla a fhorchur ar bhealach a bheadh ina bhac ar bhunú nó ar fhorbairt fiontar beag agus meánmhéide (FBManna). Dá bhrí sin, iarrtar ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar thionchar a mbeartas nó a nathchóirithe ar FBManna chun a áirithiú nach ndéanfar difear díréireach do FBManna, agus aird shonrach á tabhairt ar mhicrifhiontair agus ar an ualach riaracháin, agus torthaí na measúnuithe sin a fhoilsiú.

(41)Cuirtear an Moladh seo in ionad Mholadh ón gComhairle an 10 Márta 2014 maidir le Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna, moladh nár cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, a chur i bhfeidhm a thuilleadh.

Á AITHINT DI GO BHFUIL SÉ BEARTAITHE AG AN gCOIMISIÚN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

(42)dlúthchomhar a chothú leis na Ballstáit, le comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara eile d’fhonn an Moladh seo a chur i bhfeidhm go pras.

(43)oibriú leis na Ballstáit, le comhpháirtithe sóisialta, le seirbhísí fostaíochta, le heagraíochtaí don óige agus d’oiliúnaithe, le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna agus le páirtithe leasmhara eile chun an Moladh seo a chur chun cinn, lena náirítear trí fheasacht a mhúscailt maidir leis na prionsabail cháilíochta agus na tairbhí a bhaineann le tréimhsí oiliúna do dhaoine óga agus do sholáthraithe tréimhsí oiliúna.

(44)cur chun feidhme an Mholta seo a spreagadh agus tacú leis, lena náirítear trí mhalartú deachleachtas i measc na mBallstát agus i measc páirtithe leasmhara a éascú trí líonraí atá ann cheana, lena náirítear comhpháirtíochtaí scileanna faoin gComhshocrú um Scileanna.

(45)tacú le cur chun feidhme an Mholta seo trí chistiú ábhartha ón Aontas, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil ábhartha, chun an líon tréimhsí oiliúna ardcháilíochta a mhéadú.

(46)oibriú i gcomhpháirt leis na Ballstáit chun tacar teoranta sonraí maidir le tréimhsí oiliúna a bhailiú, go háirithe d’fhonn monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis an Moladh seo a chur i bhfeidhm agus aird á tabhairt ag an am céanna ar ualach tuairiscithe nach bhfuil gá leis.

(47)leanúint de mhonatóireacht a dhéanamh, i gcomhar leis na Ballstáit agus le tacaíocht ón gCoiste Fostaíochta, ar an dul chun cinn maidir leis an gCreat Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna a chur i bhfeidhm, ag tógáil ar na hionstraimí monatóireachta atá ann cheana agus a úsáidtear faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh.

(48)tuairisciú don Chomhairle ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an Moladh seo a chur i bhfeidhm bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit laistigh de [thrí bliana] ó dháta a ghlactha.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH

Cuspóir agus raon feidhme

1.Is é is aidhm don Mholadh seo feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna, go háirithe a mhéid a bhaineann le hábhar foghlama agus oiliúna agus dálaí oibre, d’fhonn an taistriú ón oideachas, ón dífhostaíocht nó ón neamhghníomhaíocht go dtí an obair a éascú.

2.Leis an Moladh seo, ba cheart na hoiliúnaithe uile a chumhdach, gan beann ar a stádas fostaíochta, lena náirítear oiliúnaithe nach oibrithe iad ach amháin a mhéid nach leagtar síos forálacha coibhéiseacha nó níos fabhraí i ndlí an Aontais.

Prionsabail cháilíochta

Á MHOLADH LEIS SEO GO nDÉANFAIDH NA BALLSTÁIT AN MÉID SEO A LEANAS:

Comhaontú i scríbhinn

3.a áirithiú go mbeidh na tréimhsí oiliúna bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn arna thabhairt i gcrích ag tús na tréimhse oiliúna idir an toiliúnaí agus an soláthraí oiliúna.

4.a áirithiú go leagtar amach i gcomhaontuithe maidir le tréimhse oiliúna na heilimintí faisnéise a liostaítear in Airteagal 4 de Threoir (AE) 2019/1152, an chomhpháirt foghlama agus oiliúna, lena náirítear a cuspóirí, na dálaí oibre, na cúraimí atá le déanamh, na socruithe maidir le meantóireacht, maoirseacht agus meastóireacht, mionsonraí maidir le cumhdach cosanta sóisialta, mar shampla maidir le cumhdach breoiteachta agus cúraim sláinte agus maidir le timpistí ag an obair agus galair cheirde, cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta is infheidhme, comhaontuithe comhchoiteanna agus cleachtas comhchoiteann, agus, i gcás inarb ábhartha, beartais sholáthraí na tréimhse oiliúna maidir le rúndacht agus úinéireacht ar chearta maoine intleachtúla.

Dálaí foghlama agus oibre

5.a áirithiú go rachfar i gcomhairle le hoiliúnaithe agus cuspóirí sonracha foghlama agus oiliúna na tréimhse oiliúna á socrú chun cuidiú le hoiliúnaithe taithí phraiticiúil agus scileanna ábhartha a fháil. Leis na cúraimí a shanntar don oiliúnaí, ba cheart a bheith in ann na cuspóirí sin a bhaint amach.

6.a áirithiú go níoctar oiliúnaithe go cothrom, agus eilimintí amhail cúraimí agus freagrachtaí an oiliúnaí, déine obair an oiliúnaí, agus ualach chomhpháirt na foghlama agus na hoiliúna á gcur san áireamh.

7.a áirithiú go nurramófar cearta agus dálaí oibre oiliúnaithe faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta is infheidhme, lena náirítear reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta, teorainneacha leis an uas‑am oibre seachtainiúil, íostréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla agus, i gcás inarb infheidhme, íosteidlíochtaí saoire, trí mhonatóireacht agus forfheidhmiú éifeachtach.

8.a áirithiú go nainmneoidh soláthraithe tréimhsí oiliúna maoirseoir chun an toiliúnaí a threorú trí na cúraimí atá sannta dó nó di, trí mhaoirseacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a dhéanann an toiliúnaí agus chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn an oiliúnaí.

9.a áirithiú go nainmneoidh soláthraithe tréimhsí oiliúna meantóir a bheidh ag feidhmiú mar chomhairleoir don oiliúnaí, agus go gcuirfidh siad cóitseáil agus tacaíocht ar fáil, nuair is féidir, agus riachtanais eagraíochtúla agus méid an tsoláthraí oiliúna á gcur san áireamh.

10.a áirithiú go soláthróidh soláthraithe tréimhsí oiliúna timpeallacht oibre iomchuí, shábháilte agus shláintiúil, lena náirítear trealamh agus eagrú oibre i gcás tréimhsí oiliúna cianda agus hibrideacha.

11.tréimhse réasúnta tréimhsí oiliúna nach faide ná 6 mhí a áirithiú, ach amháin i gcásanna ina bhfuil bonn cirt le fad níos faide ar bhonn forais oibiachtúla agus cleachtais náisiúnta á gcur san áireamh. I gcás tréimhsí oiliúna a dhéantar arís leis an bhfostóir céanna, lena náirítear tréimhsí oiliúna a dhéantar as a chéile, a áirithiú nach rachaidh fad foriomlán na dtréimhsí oiliúna sin thar mhí, ach amháin i gcásanna ina bhfuil bonn cirt le fad níos faide ar fhorais oibiachtúla.

12.na himthosca agus na coinníollacha a shoiléiriú faoina bhféadfar síneadh a chur le tréimhse oiliúna nó í a athnuachan tar éis dheireadh na tréimhse oiliúna tosaigh.

13.a áirithiú nach néileoidh fostóirí ar iarrthóirí ar thréimhsí oiliúna taithí oibre roimhe sin a bheith acu i réimse na gníomhaíochta, ach amháin i gcásanna ina bhfuil bonn cirt leis an gceanglas sin ar fhorais oibiachtúla.

14.a áirithiú go sonraítear sa chomhaontú maidir le tréimhse oiliúna go bhféadfaidh an toiliúnaí nó an soláthraí tréimhse oiliúna é a fhoirceannadh trí chumarsáid i scríbhinn, agus réamhfhógra de thréimhse iomchuí á thabhairt i bhfianaise fhad na tréimhse oiliúna agus an chleachtais náisiúnta ábhartha.

15.bealaí a áirithiú, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, d’oiliúnaithe chun míchleachtas agus drochdhálaí oibre a thuairisciú agus chun faisnéis a sholáthar ar na bealaí sin.

Cosaint shóisialta

16.a áirithiú go mbeidh rochtain ag oiliúnaithe ar chosaint shóisialta leormhaith, lena náirítear an cumhdach is gá i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, agus Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 ( 60 ) á chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme.

Aitheantas cuí do thréimhsí oiliúna

17.aitheantas agus bailíochtú an eolais, na scileanna agus na ninniúlachtaí a sealbhaíodh le linn tréimhsí oiliúna a chur chun cinn agus soláthraithe tréimhsí oiliúna a spreagadh chun iad a fhianú, ar bhonn measúnaithe, trí dheimhniú, i gcás inarb iomchuí, agus i bhformáid dhigiteach más féidir.

Ceanglais maidir le trédhearcacht

18.a áirithiú go gcuimseoidh soláthraithe tréimhsí oiliúna faisnéis ar théarmaí agus coinníollacha na tréimhse oiliúna ina bhfógraí folúntais agus ina bhfógráin , go háirithe maidir le leibhéal an phá, dálaí oibre, cumhdach na cosanta sóisialta, lena náirítear árachas sláinte agus timpiste, na cúraimí a bhfuiltear ag súil leo agus an chomhpháirt foghlama agus oiliúna.

19.soláthraithe tréimhsí oiliúna a spreagadh chun faisnéis a thabhairt faoi bheartais earcaíochta, lena náirítear an sciar oiliúnaithe atá earcaithe le blianta beaga anuas.

20.spreagadh a thabhairt do sheirbhísí fostaíochta agus do sholáthraithe eile gairmthreorach, agus faisnéis á cur ar fáil acu faoi thréimhsí oiliúna, na ceanglais maidir le trédhearcacht a liostaítear i bpointe 18 a chur i bhfeidhm.

Tréimhsí oiliúna cuimsitheacha

21.feabhas a chur ar fhor‑rochtain d’oiliúnaithe ionchasacha a bhaineann le grúpaí atá i staideanna leochaileacha, lena náirítear trí fheasacht a mhúscailt maidir leis na tairbhí a bhaineann le tréimhsí oiliúna ardcháilíochta i dtaobh infhostaitheacht mhéadaithe.

22.cóir chomhionann agus neamh‑idirdhealú i dtréimhsí oiliúna a áirithiú, lena náirítear i gcritéir roghnúcháin agus i mbeartais earcaíochta, agus rochtain ar dheiseanna tréimhsí oiliúna a fheabhsú do gach iarratasóir féideartha, go háirithe dóibh siúd ó ghrúpaí i staideanna leochaileacha.

23.a áirithiú go núsáidfidh soláthraithe tréimhsí oiliúna teanga atá neodrach i dtaobh inscne ina bhfógraí folúntais agus ina bhfógráin.

24.a áirithiú go ndéanfar cláir tréimhsí oiliúna, lena náirítear ionaid oibre, oiliúint, uirlisí digiteacha, trealamh oifige agus oibre, a oiriúnú do riachtanais aonair na noiliúnaithe i gcás inarb ábhartha, go háirithe d’oiliúnaithe faoi mhíchumas, agus freisin trí chóiríocht réasúnta iomchuí a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2000/78/CE ón gComhairle.

Tréimhsí oiliúna trasteorann

25.soghluaisteacht trasteorann oiliúnaithe a éascú san Aontas, inter alia, tríd an gcreat dlíthiúil náisiúnta is infheidhme maidir le tréimhsí oiliúna a shoiléiriú agus trí rialacha soiléire a bhunú maidir le hoiliúnaithe ó Bhallstáit eile a óstáil agus oiliúnaithe a sheoladh chuig Ballstáit eile agus trí fhoirmiúlachtaí riaracháin a laghdú.

26.úsáid a bhaint as líonra EURES chun tacú le soghluaisteacht trasteorann oiliúnaithe agus chun faisnéis a mhalartú maidir le tréimhsí oiliúna íoctha trí thairseach EURES, i gcomhréir le forálacha comhfhreagracha Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 61 )).

27.ábhar treoraíochta praiticiúil agus faisnéis phraiticiúil bhreise a fhorbairt a thuilleadh d’oiliúnaithe (ionchasacha) maidir le tréimhsí oiliúna trasteorann trí EURES, lena náirítear i bhformáidí a bhfuil rochtain ag daoine faoi chineálacha éagsúla míchumais orthu.

28.tacú le soláthraithe tréimhsí oiliúna agus le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna chun tréimhsí oiliúna trasteorann a éascú, agus an leas is fearr is féidir á bhaint as tionscnaimh Eorpacha, go háirithe clár Erasmus+ a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 62 ).

29.spreagadh a thabhairt chun prionsabail an Mholta seo a chur i bhfeidhm, i gcás inarb infheidhme, i gcomhaontuithe maidir le soghluaisteacht tréimhsí oiliúna idir eagraíochtaí seolta san Aontas Eorpach agus ósteagraíochtaí lasmuigh den Aontas.

Tacaíocht bhreise do thréimhsí oiliúna

30.soláthraithe tréimhsí oiliúna mar aon le heagraíochtaí idirghabhálacha, amhail seirbhísí fostaíochta agus institiúidí oideachais agus oiliúna, a spreagadh chun tacaíocht ghairmthreorach a sholáthar le linn na tréimhse oiliúna, amhail gairmchomhairleoireacht agus deiseanna líonraithe, chun an taistriú chuig gnáthchaidreamh fostaíochta tar éis na tréimhse oiliúna a éascú.

Creatdálaí

31.rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhpháirtithe sóisialta a áirithiú i gcur i bhfeidhm an Mholta seo.

32.rannpháirtíocht ghníomhach na seirbhísí fostaíochta, na ninstitiúidí oideachais agus oiliúna, na soláthraithe tréimhsí oiliúna agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha eile a chur chun cinn agus an Moladh seo á chur i bhfeidhm.

33.a áirithiú go bhféadfaidh ionadaithe oibrithe páirt a ghlacadh in aon nós imeachta breithiúnach nó riaracháin ábhartha chun aon cheann de na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as an dlí náisiúnta is infheidhme a fhorfheidhmiú. Féadfaidh siad gníomhú thar ceann oiliúnaí amháin nó níos mó, nó tacú leo, i gcás sárú ar aon cheart nó oibleagáid a eascraíonn as an dlí náisiúnta is infheidhme, le formheas an oiliúnaí nó na noiliúnaithe sin.

Cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta

An Creat Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna a chur i bhfeidhm

34.bearta iomchuí a dhéanamh chun an Moladh seo a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir agus plean cur chun feidhme a thíolacadh ina leagfar amach na bearta comhfhreagracha atá le déanamh ar an leibhéal náisiúnta faoin [dáta an ghlactha + 18 mí].

35.tacaíocht airgeadais agus/nó neamhairgeadais a bheartú, amhail treoraíocht phraiticiúil do sholáthraithe tréimhsí oiliúna, go háirithe maidir le teagmháil a dhéanamh le grúpaí leochaileacha agus le micreachuideachtaí agus cuideachtaí beaga agus meánmhéide, agus an Moladh seo á chur i bhfeidhm.

Tacaíocht chun infhostaitheacht oiliúnaithe a mhéadú

36.dreasachtaí a thairiscint do sholáthraithe tréimhsí oiliúna chun gnáthchaidreamh fostaíochta a thairiscint d’oiliúnaithe tar éis tréimhse oiliúna a bheith curtha i gcrích go rathúil.

37.úsáid a bhaint as cistí agus ionstraimí ábhartha an Aontais chun an líon tréimhsí oiliúna ardcháilíochta a leanann an treoraíocht a leagtar amach sa Mholadh seo a mhéadú.

Obair leantach

38.obair a dhéanamh, i gcomhpháirt leis an gCoimisiún, ar shonraí faoi thréimhsí oiliúna a bhailiú, go háirithe d’fhonn bonn eolais a chur faoi cheapadh beartas maidir le tréimhsí oiliúna ardcháilíochta.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún eile 2019‑2024. ‘I dtreo Aontas a fhéachann le níos mó a bhaint amach. An Clár oibre agamsa don Eoraip.’ Ar fáil ar líne .
(2)    Ba é 14.9 % an dífhostaíocht i measc na hóige (15‑25 bliana) i mí Eanáir 2024, i gcomparáid le ráta dífhostaíochta ginearálta (20‑64 bliana) de 6.0 % (Eurostat).
(3)     COM(2021) 102 final.
(4)     Flais-Eurobhairiméadar 523 (2964 / FL523).
(5)    Ní chuimsítear leis sin tréimhsí oiliúna atá sainordaitheach chun rochtain a fháil ar ghairm.
(6)    Ba cheart na huimhreacha sin a léirmhíniú go cúramach mar go bhfuil siad bunaithe ar thorthaí fhlais‑Eorabharaiméadar 523 (an sciar d’oiliúnaithe a rinne tréimhsí oiliúna ar feadh tréimhse iomlán níos faide ná 6 mhí agus a dúirt freisin nár fhoghlaim siad rudaí úsáideacha ó thaobh gairme de) le chéile le sonraí SFS an Aontais maidir leis an líon oiliúnaithe ar íocaíocht.
(7)    Ar fáil ar líne .
(8)     Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tuarascáil ar an toradh críochnaitheach. Bealtaine 2022.
(9)     Ar fáil ar líne .  
(10)    Ar fáil ar líne .
(11)    Ar fáil ar líne .
(12)     COM(2022) 548 final .
(13)     ‘Study exploring the context, challenges and possible solution in relation to the quality of traineeships in the EU’ [Staidéar lena scrúdaítear an comhthéacs, na dúshláin agus an réiteach a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le cáilíocht na dtréimhsí oiliúna san Aontas Eorpach] le cuibhreannas Ernst & Young (EY), an Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa (CEPS) agus Open Evidence (le teacht).
(14)    IO C 456, 18.12.2018, lch. 16.
(15)    COM (2024) 1 final.
(16)    COM (2020) 276 final.
(17)    IO C 372, 4.11.2020, lgh. 1–9.
(18)    IO C 417, 2.12.2020, lgh. 1–16.
(19)     https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1147 .
(20)    IO L 183, 29.6.1989, lgh. 1–8.
(21)    IO C 387, 15.11.2019, lgh. 1–8.
(22)    IO L 303, 2.12.2000, lgh. 16–22.
(23)    COM(2020) 620 final. Ar fáil ar líne .
(24)    IO C 93, 19.3.2021, lgh. 1–14.
(25)

   IO C 153, 2.5.2018, lgh. 1–6.

(26)     Ar fáil ar líne .
(27)

   COM(2020) 274 final.

(28)    COM(2023) 719 final. 2023/0405(NLE).
(29)    Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “An SME Strategy for a sustainable and digital Europe” [Straitéis FBM um Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach], COM/2020/103 final.
(30)    COM(2024)131.
(31)    Ar fáil ar líne .
(32)    Ar fáil ar líne .
(33)    Ar fáil ar líne .
(34)     Ar fáil ar líne .
(35)     Ar fáil ar líne .
(36)     Ar fáil ar líne .
(37)     Ar fáil ar líne .  
(38)     Ar fáil ar líne .
(39)     Ar fáil ar líne .
(40)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair (2024), A ghabhann leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre oiliúnaithe a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú agus maidir le caidrimh fostaíochta atá faoi cheilt mar thréimhsí oiliúna a chomhrac agus an togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le Creat Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna, atá le teacht.
(41)    Lena náirítear an tSeirbhís Dlí, an SG, AS CNECT, AS EAC, JRC, AS COMM, AS GROW, AS JUST, AS REGIO agus AS AGRI.
(42)    An Bord um Ghrinnscrúdú Rialála, an 2ú Tuairim ‘Dearfach, a raibh roinnt agús léi’ maidir leis an measúnú tionchair ar an gCreat Cáilíochta le haghaidh tréimhsí oiliúna an 28 Feabhra 2024 (le foilsiú).
(43)    IO C 88, 27.3.2014, lch. 1. Ar fáil ar líne .
(44)    IO C 417, 2.12.2020, lgh. 1–16.
(45)    IO C 372, 4.11.2020, lgh. 1–9.
(46)    Ceann de na trí sprioc shóisialta ar leibhéal an Aontais a chuimsítear i b Plean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta  Le baint amach faoi 2030.
(47)    Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, Tuarascáil maidir leis an toradh críochnaitheach — Bealtaine 2022. Ar fáil ar líne .
(48)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 le moltaí don Choimisiún maidir le tréimhsí oiliúna ardchaighdeáin san Aontas (2020/2005(INL)). Ar fáil ar líne .
(49)    Ar fáil ar líne .
(50)    Ar fáil ar líne .
(51)    Ar fáil ar líne .
(52)    I suirbhé Eorabharaiméadair 2013 cuireadh ceist maidir le cumhdach árachais sláinte, (dúirt 73 % de na freagróirí go raibh siad cumhdaithe), ach níor cuireadh ceist maidir le cumhdach cosanta sóisialta.
(53)    IO C 417, 2.12.2020, lgh. 1–16.
(54)    Mar a léirítear le leitheadúlacht tréimhsí oiliúna trasteorann: méadú ó 9 % in 2014 go 19 % in 2022 de réir na meastóireachta ar Mholadh 2014 ón gComhairle, agus torthaí shuirbhé Eorabharaiméadair 2023 (FL523) mar thaca leis, agus 21 % de na freagróirí tar éis tréimhse oiliúna amháin ar a laghad a dhéanamh i mBallstát eile.
(55)    IO L 231, 30.6.2021, lgh. 21–59.
(56)    IO L 57, 18.2.2021, lgh. 17–75.
(57)    IO L 231, 30.6.2021, lgh. 1–20.
(58)    IO L 57, 18.2.2021, lgh. 1–16.
(59)    IO L 186, 11.7.2019, lgh. 105–121.
(60)    Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).
(61)    Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1).Ar fáil ar líne.
(62)    Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 1). Ar fáil  ar líne .
Top