EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0027

PÁIPÉAR BÁN maidir le roghanna chun tacaíocht a fheabhsú don taighde agus don fhorbairt a bhaineann le teicneolaíochtaí a bhféadfaí dé-úsáid a bhaint astu

COM/2024/27 final

An Bhruiséil,24.1.2024

COM(2024) 27 final

PÁIPÉAR BÁN

maidir le roghanna chun tacaíocht a fheabhsú don taighde agus don fhorbairt a bhaineann le teicneolaíochtaí a bhféadfaí dé-úsáid a bhaint astu


Páipéar Bán maidir le roghanna chun tacaíocht a fheabhsú don taighde agus don fhorbairt a bhaineann le teicneolaíochtaí a bhféadfaí dé-úsáid a bhaint astu

Is é is aidhm don Pháipéar Bán seo comhairliúchán poiblí a sheoladh maidir le tacaíocht taighde agus forbartha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh lena mbaineann teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu. I ndáil leis an méid sin, déanann sé athbhreithniú ar chláir chistiúcháin ábhartha an Aontais atá ann faoi láthair agus déanann sé measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an tacaíocht sin leordhóthanach agus straitéiseach fós i bhfianaise na ndúshlán geopholaitiúil atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn, faoi mar a leagtar amach sa Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch. Tá molta aige ansin roghanna don todhchaí ar bhealach oscailte mar bhonn don díospóireacht i gcomhthéacs an chomhairliúcháin phoiblí.

Chun críche an Pháipéir Bháin seo, úsáidtear ‘dé-úsáid’ i gcomhthéacs tacaíochta T&F i ndáil le bogearraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfaí a úsáid chun críoch sibhialta agus míleata araon 1 . Tá raon feidhme na tacaíochta T&F a bhaineann le teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an mbearna idir gníomhaíochtaí T&F atá sibhialta agus cosanta go heisiach, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí criticiúla agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

1.Réamhrá

Le blianta beaga anuas, tá plé á dhéanamh ar an tábhacht agus an acmhainneacht a bhaineann le bealaí a fhiosrú chun feabhas a chur ar an tacaíocht do T&F a bhaineann le teicneolaíochtaí a bhféadfaí dé-úsáid a bhaint astu. Ina thogra le haghaidh an Rialacháin maidir le Fís Eorpach i mí an Mheithimh 2018 2 , mhol an Coimisiún gur cheart gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéantar faoin gclár Fís Eorpach a dhíriú ar an gcur i bhfeidhm sibhialta (ach ní go heisiach), agus gur cheart do thaighde a dhéantar faoin gCiste Eorpach Cosanta (EDF) a dhíriú go heisiach ar fheidhmeanna i réimse na cosanta. Le linn na caibidlíochta, rinne Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na forálacha dlíthiúla a leasú, agus luaigh siad gur cheart gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta faoin gClár Sonrach Fís Eorpach 3 agus faoin Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) 4 a dhíriú go heisiach ar fheidhmeanna sibhialta. San am céanna, choinnigh na comhreachtóirí forálacha maidir le gníomhaíochtaí cosanta T&F a rinneadh faoin gCiste Eorpach Forbraíochta, forálacha a dhíríonn go heisiach ar fheidhmeanna i réimse na cosanta 5 agus lena léirítear san am céanna an acmhainneacht le haghaidh sineirgí cosanta sibhialta. Shoiléirigh siad freisin gur cheart dúbláil neamhriachtanach a sheachaint. Tugann sé sin le tuiscint go bhfuil rogha pholaitiúil fhollasach ann ó na comhreachtóirí chun caitheamh le gníomhaíochtaí taighde agus forbartha sibhialta agus cosanta mar réimsí atá go hiomlán ar leithligh, lena ndírítear ar phobail páirtithe leasmhara atá an-éagsúil, ag a bhfuil rialacha éagsúla, críocha éagsúla agus feidhmeanna éagsúla margaidh.

Ag aithint dó an easpa ionstraimí oiriúnacha chun crostoirchiú a éascú idir gníomhaíochtaí sibhialta agus cosanta T&F, sheol an Coimisiún roinnt gníomhaíochtaí ó 2021 i leith chun sineirgí idir cláir an Aontais a fheabhsú agus chun cur chuige uile-Aontais a chur chun cinn maidir le teicneolaíochtaí criticiúla tríd an úsáid is fearr a bhaint as cláir T&F an Aontais.

Tionscnaimh de chuid an Aontais lena dtacaítear le crostoirchiú idir gníomhaíochtaí T&F sibhialta, cosanta agus spáis

I mí Feabhra 2021, sainaithníodh i measc chuspóirí an phlean gníomhaíochta maidir le sineirgí idir na tionscail shibhialta 6 , chosanta agus spáis an gá atá le feabhas a chur ar an gcomhlántacht idir cláir agus ionstraimí ábhartha an Aontais chun éifeachtúlacht infheistíochtaí agus éifeachtacht torthaí a mhéadú. Sa chéad tuarascáil ar dhul chun cinn dá chuid a glacadh i mí na Samhna 2022, aithníodh gur ghá ‘anailís ar bhearnaí a dhéanamh ar an tacaíocht ó ionstraimí an Aontais maidir leis an gconair ó T&F go cur chun feidhme, go glacadh margaidh nó soláthar poiblí, agus é is aidhm don mhéid sin a fháil amach conas a d’fhéadfadh ionstraim amháin cabhrú i gcás nach féidir leis an ionstraim eile cabhrú. D’fhéadfadh toradh na hanailíse sin cur le pleanáil an chéad [chreat airgeadais ilbhliantúil] eile. 7

I mí Feabhra 2022, aithníodh sa Teachtaireacht ‘Treochlár maidir le teicneolaíochtaí criticiúla don tslándáil agus don chosaint’ 8 nach bhfuil aon chreat ann le haghaidh tacaíocht dhíreach do ghníomhaíochtaí dé-úsáide faoi chláir agus ionstraimí atá ann cheana agus fógraíodh ‘go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú in 2023 ar ionstraimí an Aontais atá ann cheana agus go gcuirfidh sé chun cinn tuilleadh bealaí chun TFTN dé-úsáide a spreagadh ar leibhéal an Aontais’. Rinne an Coimisiún anailís freisin ar dheiseanna agus ar shrianta maidir le tacaíocht a neartú do theicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu trí Scéim Nuálaíochta Cosanta an Aontais (EUDIS), a fógraíodh sa Teachtaireacht seo agus a seoladh i mí na Bealtaine 2022 mar chuid den Chiste Eorpach Cosanta (EDF).

I mí na Bealtaine 2022, fógraíodh sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ‘Anailís ar bhearnaí infheistíochta agus an bealach chun cinn’ 9 , ‘leasuithe féideartha ar an gcreat le haghaidh taighde agus nuálaíocht dé-úsáide chun sineirgí idir ionstraimí sibhialta agus cosanta a fheabhsú’. Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach chéanna, maidir le ‘hobair ar bhearta breise (amhail glaonna comhordaithe i measc ionstraimí an Aontais atá ann cheana agus iasachtaí BEI, cuir i gcás) chun tacú le teicneolaíochtaí criticiúla agus le cumais thionsclaíocha trí thionscadail straitéiseacha a fhorbairt’, cuireadh i dtábhacht go raibh gá leis an obair sin.

I mí Iúil 2022, ghlac an Coimisiún Clár Oibre Nua Eorpach um Nuálaíocht 10 . Ar na creatchoinníollacha le haghaidh nuálaíocht dhomhain teicneolaíochta, cuirtear chun suntais sa chlár oibre gur féidir ‘gach leas a bhaint as ról na hearnála poiblí mar phríomhchustaiméir’ chun dlús a chur le nuachóiriú na seirbhísí poiblí agus iomaíochas tionsclaíoch an Aontais a neartú ar fud an domhain. Mar thoradh air sin, d’oscail an Coimisiún glaonna chun tacú leis na Ballstáit straitéisí náisiúnta a fhorbairt lena gcuirfear borradh faoi sholáthar nuálaíochta, agus tá feabhas á chur aige freisin ar bhailiú sonraí maidir le soláthar nuálaíochta ar fud na nearnálacha sibhialta agus cosanta. Ós rud é go bhfuil go leor teicneolaíochtaí criticiúla a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu san earnáil dhigiteach, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin go moltar i dTuarascáil 2023 ón gCoimisiún maidir le Staid na Deacáide Digití 11 go gcruthóidh na Ballstáit ‘pleananna gníomhaíochta chun tacú le soláthar nuálaíochta agus chun dlús a chur le hiarrachtaí infheistíochtaí soláthair phoiblí a mhéadú chun réitigh dhigiteacha nuálacha a fhorbairt, a thástáil agus a chur chun feidhme’.

I mí an Mhárta 2023 ghlac an Coimisiún agus an tArdionadaí an Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint 12 . Cuireann sí i bhfios go láidir go bhfuil ‘ról méadaitheach ag córais agus seirbhísí spáis chun tacú leis an gcosaint agus leis an tslándáil. Déanfar seirbhísí dé-úsáide arna soláthar ag cláir spáis an Aontais agus ag eintitis tráchtála, lena náirítear an Spás Nua, a fhorbairt a thuilleadh chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais agus a Bhallstát a mhéadú’ agus ‘le linn d'fhorbairt chláir spáis an Aontais a bheith á hullmhú aige amach anseo, déanfaidh an Coimisiún riachtanais fhadtéarmacha úsáideoirí cosanta agus slándála (amlíne 2035) a mheas, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Breithneoidh sé idir-inoibritheacht córais agus roghanna pálasta droimiompar le haghaidh cosanta chomh maith le slándáil maidir leis na córais spáis atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo. Chuige sin, ‘spreagfar sineirgí trí EDF, ionas gur féidir le taighde agus forbairt cosanta dlús a chur le húsáid pálastaí lena gcumasaítear seirbhísí cosanta. Ina theannta sin, déanfar na seirbhísí rialtais éagsúla arna gcumasú le cláir spáis an Aontais a oibriú agus a shaothrú go comhsheasmhach’.

I mí an Mheithimh 2023, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) chun buntáiste Eorpach a choinneáil ar bun maidir le teicneolaíochtaí criticiúla agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn atá ábhartha don aistriú glas agus don aistriú digiteach: ó theicneolaíochtaí a bhaineann leis an ríomhaireacht, lena n‑áirítear an mhicrileictreonaic, an ríomhaireacht chandamach agus an intleacht shaorga, go dtí an bhiteicneolaíocht agus an bithmhonarú, agus teicneolaíochtaí glan-nialasacha. Anuas ar mhéadú EDF, cuirfidh STEP feabhas ar chómhaoiniú ó ionstraimí an Aontais faoin mBeartas Comhtháthaithe chun tacú le teicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt nó a mhonarú, a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide ag go leor acu.

Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir leis an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch 13 a glacadh an 20 Meitheamh 2023, moladh cur chuige comhchoiteann Eorpach i leith na slándála eacnamaíche, lena náirítear an méid sin a dhéanamh tríd an riosca a bhaint den bhuntáiste teicneolaíoch agus é a chur chun cinn in earnálacha criticiúla. Leagtar amach trí thosaíocht sa straitéis: iomaíochas an Aontais féin a chur chun cinn; é a chosaint ar rioscaí slándála eacnamaíche; agus dul i bpáirt leis an réimse is leithne is féidir de thíortha a bhfuil na leasanna agus na hábhair imní céanna leis an Aontas Eorpach acu maidir leis an tslándáil eacnamaíoch. Is é is aidhm di slándáil eacnamaíoch an Aontais a fhorbairt agus geilleagar an Aontais a dhéanamh níos athléimní, lena náirítear ár mbuntáiste teicneolaíoch maidir le teicneolaíochtaí atá ríthábhachtach do shlándáil eacnamaíoch an Aontais a choinneáil ar bun agus a mhéadú. Is minic a bhíonn acmhainneacht dé-úsáide ag baint leis na teicneolaíochtaí sin: tá siad mar bhonn agus mar thaca ag teicneolaíochtaí atá ábhartha maidir le go leor réimsí, mar shampla i réimsí sibhialta agus cosanta araon. I mí Dheireadh Fómhair 2023, chuir an Coimisiún a Mholadh 14 maidir le réimsí teicneolaíochta criticiúla i láthair agus sheol sé measúnú riosca comhpháirteach leis na Ballstáit.

Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach, gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé tuairisciú ar roghanna chun tacaíocht a áirithiú do T&F a bhaineann le teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu, tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme na n‑ionstraimí atá ann cheana. Le ceapadh na bparaiméadar i gcoinníollacha cistiúcháin an Aontais le haghaidh T&F lena mbaineann teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu, ba cheart go mbeifí in ann iad a ghlacadh ar bhealach níos tapúla sa mhargadh san Aontas, bíodh sin chun críoch tráchtála, riachtanais rialtais na mBallstát (sibhialta nó cosanta), nó bonneagair ar leibhéal an Aontais.

Dá bhrí sin, d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag an Aontas maidir le tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil don dé-úsáid, ar an gconair ó T&F go cur chun feidhme, agus ina dhiaidh sin go dtí an glacadh sa mhargadh nó an soláthar poiblí. Is féidir le bearta tacaíochta cur a thuilleadh leis an acmhainneacht a bhaineann le sineirgí faoi STEP agus le comhordú feabhsaithe le cláir dé-úsáide eagraíochtaí eile de chuid an Aontais amhail Tionscnamh Straitéiseach um Shlándáil na hEorpa (SESI), tionscnamh de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) 15 , agus iad ag díriú ar an mbealach is fearr a bhféadfadh ionstraim Eorpach amháin cabhrú i gcás nach féidir leis an gceann eile tacú le teicneolaíochtaí criticiúla agus le cumais thionsclaíocha agus é ab’aidhm dóibh tacú leo trí thionscadail straitéiseacha a fhorbairt.

I mí na Samhna 2023, d’iarr an tUachtarán von der Leyen go ndéanfaí acmhainneacht dé-úsáide an Aontais a uasmhéadú: ‘De réir mar a neartaímid ár dtaighde agus ár bhforbairt a bhaineann go sonrach leis an gcosaint, ba cheart dúinn teicneolaíochtaí sibhialtacha a chomhtháthú ar bhealach níos fearr inár mbonn tionsclaíoch cosanta... Tá an oiread sin nuálaíochta ríthábhachtaí a bhaineann le feidhmeanna i réimse na cosanta a thagann as gníomhaíochtaí sibhialtacha. Tá sé tábhachtach anois go gcuirfear an pictiúir uile i dtoll a chéile. Agus chuige sin, leagfaidh an Coimisiún roghanna amach i bPáipéar Bán maidir le taighde dé-úsáide. 16

2.Deiseanna agus dúshláin

Le blianta beaga anuas, tá dlús curtha leis an díospóireacht maidir le deiseanna agus dúshláin chun feabhas a chur ar thacaíocht dhíreach do T&F a bhaineann le teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu i gcláir an Aontais. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina dheis chun iomaíochas agus athléimneacht bhonn eolaíoch agus teicneolaíoch na hEorpa a neartú agus a fheabhsú a thuilleadh. Ba cheart go gcuirfeadh sé borradh freisin faoi ghnólachtaí nuathionscanta agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá ag gabháil do nuálaíocht theicneolaíoch. D’fhéadfadh sineirgí cosanta sibhialta deiseanna margaidh nua a chruthú do chuideachtaí atá ag obair in éiceachórais thionsclaíocha éagsúla agus an geilleagar i gcoitinne a threisiú.

Sa phlean gníomhaíochta maidir le sineirgí idir an tionscal sibhialta, an tionscal cosanta agus tionscal an spáis, 17   aithníodh go bhfuil sé deacair in go leor cásanna líne shoiléir a tharraingt idir T&F sibhialta agus T&F cosanta. Sa taighde bunúsach (Leibhéil Ísle na hUllmhachta Teicneolaí (LUTanna)), cé nach eol i gcónaí ag tús an tionscadail na réimsí ina gcuirfear torthaí taighde i bhfeidhm amach anseo ('application agnostic'), d’fhéadfadh T&F Mheánleibhéil nó Ardleibhéil na hUllmhachta Teicneolaí teicneolaíochtaí ag a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide a fhorbairt láithreach, faoi réir oiriúnuithe neamhshubstaintiúla nó níos substaintiúla, fiú más le haghaidh feidhmeanna sibhialta nó i réimse na cosanta amháin a bhí na teicneolaíochtaí sin beartaithe i dtús ama. Os a choinne sin, d’fhéadfadh feidhmeanna sibhialta a bheith ag T&F cosanta, chomh maith le hoiriúnuithe nuair is gá sin. Dá bhrí sin, tá acmhainneacht shoiléir ann maidir le crostoirchiú idir T&D sibhialta agus T&D cosanta.

2.1.An fhadhb a shainiú

Teicneolaíochtaí a úsáidtear i gcomhthéacs na gcumas slándála agus cosanta, tá siad á dtionscnamh níos mó de réir a chéile sa réimse sibhialtach, réimse ina bhfuil an leibhéal infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach níos airde, ina bhfuil costais indíreacha níos ísle agus ina bhfuil na timthriallta taighde agus forbartha níos tapúla. San Aontas, ba cheart sineirgí idir cláir agus ionstraimí an Aontais a shaothrú a thuilleadh chun mionsaothrú a dhéanamh ar acmhainneacht neamhshaothraithe ó T&F sibhialta chun feidhmeanna i réimse na cosanta a sholáthar agus ó T&F i réimse na cosanta chun feidhmeanna sibhialta a ghiniúint.

Dúshlán tábhachtach is ea an easpa sainmhínithe coincheapaithe chomhchoitinn ar ‘dé-úsáid’ i gcomhthéacs na tacaíochta T&F, bíodh sin go hidirnáisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. Cruthaíonn an easpa sainmhínithe sin fadhbanna. Mar shampla, úsáideann an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) sainmhíniú 18 atá forbartha aige chun críoch baincéireachta, ina dtiocfaidh formhór ioncam ionchasach an tionscnóra ó fheidhmeanna shibhialtacha. Maidir leis an Aontas, níor shainigh sé an coincheap ‘teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu’ ina chláir chistiúcháin. Mar thoradh air sin, tá sé deacair raon feidhme tagartha comhchoiteann a bheith aige le BEI chun infheistíochtaí comhpháirteacha a ullmhú atá dírithe ar theicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide ag baint leo.

Leis an Rialachán maidir le rialú onnmhairiúcháin dé-úsáide 19 , tugtar sainmhíniú ar ítimí dé-úsáide agus áirítear ann liosta de na céadta ítimí dé-úsáide (agus sonraíochtaí teicniúla) lena gcumhdaítear ní hamháin ítimí inláimhsithe ach ítimí doláimhsithe freisin amhail bogearraí nó teicneolaíocht i bhfoirm sonraí teicniúla nó cúnamh teicniúil. Is léiriú é an liosta sin ar an gcomhaontú laistigh de na córais iltaobhacha rialaithe onnmhairí agus déantar é a thabhairt cothrom le dáta gach bliain. Ina theannta sin, is féidir an creat sin a chomhlánú le bearta náisiúnta le haghaidh ítimí dé-úsáide neamhliostaithe ar mhaithe le slándáil phoiblí nó ábhair imní maidir le cearta an duine. Tá an sainmhíniú sin ceaptha i gcomhthéacs an rialaithe onnmhairiúcháin agus is é an sprioc shonrach atá aige nach ndéanfaidh tíortha, rialtais nó comhlachtaí neamhrialtasacha an teicneolaíocht shibhialta a mhí-úsáid nó a atreorú chun críoch míleata chun an bonn a bhaint den tsíocháin nó den tslándáil nó i dtaca le brú faoi chois inmheánach nó sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, féadfar an sainmhíniú sin a oiriúnú chun raon feidhme na ngníomhaíochtaí atá le cistiú ag an Aontas a shainiú. D’fhéadfadh an Coimisiún tuilleadh oibre a dhéanamh i ndlúthchomhar le grúpa BEI agus le hinstitiúidí airgeadais eile chun sainmhíniú coiteann ar ‘dé-úsáid’ a fhorbairt.

I bhfianaise chineál comhairleach an Pháipéir seo, iarrann an Coimisiún ar fhreagróirí a dtuairimí a roinnt maidir leis na gnéithe a d’fhéadfadh a bheith ina mbloic thógála de shainmhíniú ar theicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu, a d’fhéadfadh a bheith úsáideach chun inaistritheacht, inter alia, ó ábhair shibhialta go hábhair chosanta agus viceversa a chur chun cinn, chomh maith le hinfheistíochtaí comhpháirteacha le comhpháirtithe eile, amhail Grúpa BEI.

Ina theannta sin, leanann an tAontas de bheith ag streachailt chun a áirithiú go ndéanfar torthaí infheistíochtaí T&F san Aontas a shaothrú go tapa agus a ghlacadh sa mhargadh, lena náirítear a nglacadh i dteicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu. Is minic a shaothraítear nuálaíochtaí a bhfuil acmhainneacht mhór acu in áiteanna eile ar domhan, áit a bhfuil an tóraíocht ar nuálaíocht atá ar thús cadhnaíochta ina tosaíocht phráinneach, rud as a dtagann forbairt eagraíochtaí agus teagasc a bunaíodh chun leas a bhaint as acmhainneacht dé-úsáide go sainráite ar mhaithe leis an gcosaint. Os a choinne sin, san Eoraip, is minic nach néiríonn le torthaí na nuálaíochta dé-úsáide, i.e. smaointe agus eolas a chlaochlú ina dtáirgí, próisis agus seirbhísí nua nó feabhsaithe le haghaidh úsáid mhíleata agus tráchtála, tráchtálú rathúil a bhaint amach ar chúiseanna éagsúla, lena náirítear easpa céad chustaiméirí, go háirithe san earnáil phoiblí, agus an gá le T&F níos spriocdhírithe. I measc tosca eile, ní hamháin go gcuireann tearcinfheistíocht i soláthar nuálaíochta bac ar nuachóiriú na mbonneagar Eorpach le cumais nua a soláthraítear le teicneolaíochtaí nuálacha, ach cuireann sé bac freisin ar iomaíochas thionscal na hEorpa 20 . Tá soláthar nuálaíochta an-ábhartha maidir le teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu, a bhfuil margadh baile bríomhar de dhíth orthu chun a nglacadh i gcórais agus i dtáirgí sna hearnálacha sibhialta agus cosanta a chumasú.

2.2.Cuspóirí

Is é cuspóir foriomlán an Pháipéir Bháin seo féachaint ar roghanna chun comhtháthú agus crostoirchiú na dteicneolaíochtaí sibhialta agus cosanta i dtionscal na hEorpa a fheabhsú. Déanfar é sin trí úsáid níos fearr a bhaint as torthaí tionscadail agus iad a shaothrú ar bhealach níos fearr agus trí ghníomhaíochtaí a shainaithint lena gceadófar, i gcás inarb infheidhme, torthaí dé-úsáide ó ghníomhaíochtaí sibhialta T&F le haghaidh feidhmeanna i réimse na cosanta agus ó ghníomhaíochtaí T&F i réimse na cosanta le haghaidh feidhmeanna sibhialta.

3.Bunlíne: an creat reachtach atá ann faoi láthair

De réir Airteagal 182 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, leagtar amach gníomhaíochtaí forbartha taighde agus teicneolaíochta uile an Aontais i gclár réime ilbhliantúil. Cé go ndírítear go heisiach i gClár Sonrach Fís Eorpach 21 ar fheidhmeanna sibhialta 22 , déantar gníomhaíochtaí taighde cosanta faoi chlár sonrach eile de chuid Fís Eorpach, agus béim eisiach á leagan ar T&F cosanta, ag a bhfuil a rialacha rannpháirtíochta, buiséad, coinníollacha incháilitheachta agus rialachas féin a shocraítear i Rialachán 23 EDF.

Tagraítear sa Rialachán maidir le Fís Eorpach do shineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann leis an gCiste Eorpach Cosanta a d’fhéadfadh dul chun tairbhe do thaighde sibhialta agus cosanta, agus dúbláil neamhriachtanach á seachaint san am céanna. San am céanna, luaitear go sainráite i Rialachán EDF ‘gur féidir a bheith ag súil le héifeachtaí iarmharta dearfacha ar an earnáil shibhialtach freisin, i gcás inarb infheidhme’ 24 agus ‘go gcuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí eile san áireamh arna maoiniú faoin gclár Fís Eorpach [...] chun dúbláil neamhriachtanach a sheachaint agus chun crostoirchiú agus sineirgí idir an taighde sibhialta agus an taighde cosanta a áirithiú’ 25 .

3.1.T&F sibhialta ag a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide

Cé gur féidir le Clár Sonrach Fís Eorpach tacú le gníomhaíochtaí T&F agus béim eisiach á leagan ar fheidhmeanna sibhialta, d’fhéadfadh acmhainneacht dé-úsáide a bheith ag baint leis na torthaí, mar shampla i réimsí amhail cúrsaí digiteacha, cibearshlándáil, fuinneamh, soghluaisteacht, sláinte, ábhair, agus spás, agus dá bhrí sin i gcás feidhmeanna féideartha i réimse na cosanta. Mar sin féin, tá roghnú na dtionscadal teoranta do na tionscadail sin nach ndírítear ach ar fheidhmeanna sibhialta, cé go bhforbraítear teicneolaíochtaí a bhféadfadh dé-úsáid a bhaint astu. A luaithe a bheidh feidhm chosanta mar chuid de thogra, níor cheart í a chistiú faoi cheanglais an Chláir Shonraigh Fís Eorpach. 26  

Mar thoradh air sin, ní féidir le páirtithe leasmhara thionscal na cosanta rochtain a fháil ar chaipiteal agus ar sheirbhísí a sholáthraítear trí Fhís Eorpach le haghaidh aon ghníomhaíocht a bhfuil feidhm chosanta aici (go háirithe trí chlár cistiúcháin Luasaire CNE), agus maidir leaireachtaí nó gníomhaireachtaí cosanta, níl siadsan in ann iarratas a dhéanamh ar chistiú soláthair nuálaíochta atá á sholáthar ag Fís Eorpach le haghaidh gníomhaíochtaí den sórt sin. Cé nach ndéantar páirtithe leasmhara ón earnáil cosanta a eisiamh go huathoibríoch ó chistiú ón gClár Sonrach Fís Eorpach, ní féidir údar a bheith lena rannpháirtíocht ach amháin má dhíríonn a ngníomhaíochtaí T&F i dtionscadal go heisiach ar fheidhmeanna sibhialta.

3.2.T&F cosanta ag a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide

Cuireann an Ciste Eorpach Cosanta maoiniú ar fáil do thionscadail chosanta chomhoibríocha T&F le haghaidh feidhmeanna i réimse na cosanta. Tá forbairt teicneolaíochtaí a dhíríonn go heisiach ar fheidhmeanna míleata amach anseo éagsúil le teicneolaíochtaí ag a bhfuil fócas sibhialta mar go ndíríonn siad ar riachtanais mhíleata oibríochtúla, agus is aireachtaí cosanta iad na custaiméirí deiridh. Is minic a bhíonn na torthaí tionscadail faoi réir rialú onnmhairiúcháin agus aicmiú faisnéise le linn chur chun feidhme na dtionscadal i gcás inarb iomchuí. Mar sin féin, tá roinnt samplaí ann cheana féin de ghníomhaíochtaí cistithe a bhfuil acmhainneacht shoiléir acu maidir le feidhm san earnáil shibhialta agus a d’fhéadfadh cuidiú le bunús eolaíoch agus teicneolaíoch na hearnála sibhialta a neartú. Cé go bhfuil siad dírithe go heisiach ar chosaint, is féidir feidhmeanna sibhialta ábhartha a bheith ag tionscadail a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Eorpach Cosanta (dá bhrí sin, tá gné dhé-úsáide ag baint leo).

Le tionscadail arna gcistiú ag an gCiste Eorpach Cosanta agus le tionscadail sa taighde slándála sibhialta nó spáis faoi Chlár Sonrach Fís Eorpach, áirítear faisnéis atá rúnaicmithe i bpáirt agus tá coinníollacha incháilitheachta sonracha atá bunaithe ar shlándáil ar leibhéal na n‑eintiteas, chomh maith le rialacha chun sceitheadh teicneolaíochta a sheachaint. Mar gheall ar chineál straitéiseach agus íogair na dteicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu agus a gcur i bhfeidhm, ní mór aird níos mó a thabhairt ar cheanglais slándála, lena n‑áirítear roghnú na dtionscadal agus na rannpháirtithe, an t‑éileamh ar nósanna imeachta grinnscrúdaithe slándála agus aicmiú féideartha torthaí taighde. Ar mhaithe le comhsheasmhacht idir tionscadail agus cláir éagsúla arna gcistiú ag an Aontas agus tionscnaimh comhair idirnáisiúnta, d’fhéadfaí a rá gur cheart feidhm a bheith ag na ceanglais chéanna a bhaineann leis an tslándáil agus tacaíocht á tabhairt do theicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide ag baint leo.

3.3.Athbhreithniú ar raon feidhme na nionstraimí atá ann cheana

Sa phlean gníomhaíochta maidir le sineirgí idir an tionscal sibhialta, an tionscal cosanta agus tionscal an spáis 27 , moladh ‘gorlann nuálaíochta dé-úsáide’ a sheoladh chun díriú ar shineirgí, tograí agus torthaí scagtha a spreagadh, agus faisnéis a chomhroinnt a luaithe is féidir chun feidhmeanna féideartha a shainaithint, lena náirítear feidhmeanna i réimsí eile seachas na cinn a bhí beartaithe i dtús ama.

Tá LUTanna ísle ag teicneolaíochtaí a bhíonn á bhforbairt ag cuibhreannais faoi Threo-Aimsitheoir na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (CNE) agus is minic a bhíonn siad ‘agnóiseach i dtaobh na bhfeidhmchlár’. Tacaíonn Luasaire CNE le FBManna aonair agus infheistíonn sé iontu ar leibhéil LUT níos airde chun an bhearna mhaoiniúcháin ag céim na nuálaíochta a dhúnadh agus chun cabhrú leo méadú go rathúil. Sa tacaíocht, tá comhpháirt deontais agus comhpháirt cothromais. Is é Ciste CNE a chinneann an chomhpháirt cothromais tar éis don Choimisiún cinneadh dámhachtana a dhéanamh. Thug Luasaire CNE tacaíocht do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta ag a bhfuil teicneolaíochtaí a bhfuil gealladh fúthu agus do nuálaíocht a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide aici, mar atá, ladrainn, feithiclí gan foireann, cibearshlándáil agus IS, agus béim eisiach á leagan ar fheidhmeanna sibhialta. Ó 2023 ar aghaidh, rinneadh rochtain ar Scéim Aistrithe CNE (a sholáthraíonn tacaíocht leantach chun feidhmeanna tráchtála a fhorbairt ó thorthaí taighde ) a oscailt do thograí ina ndéantar obair leantach ar thorthaí a baineadh amach trí ghníomhaíochtaí cosanta T&D (i.e. faoi EDF), ar choinníoll go ndíreofar leis na tograí sin go heisiach ar fheidhmeanna sibhialta. Maidir le méid phunann na dtionscadal dé-úsáide agus acmhainneacht na seachthionscadail ó thaighde cosanta arna chistiú ag an Aontas i bhfeidhmeanna sibhialta, tá sé fós gan iniúchadh faoi láthair, ós rud é nár cuireadh tús le taighde cosanta arna chistiú ag an Aontas go dtí le déanaí.

Rinne an Coimisiún anailís freisin ar dheiseanna agus srianta maidir le tacaíocht do theicneolaíochtaí a neartú a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu trí Scéim Nuálaíochta Cosanta an Aontais (EUDIS), a fógraíodh sa Teachtaireacht dar teideal Roadmap on critical technologies for security and defence [Treochlár maidir le teicneolaíochtaí criticiúla don tslándáil agus don chosaint] ó mhí Feabhra 2022 agus a seoladh i mí na Bealtaine 2022 28 mar chuid de EDF. Cuireann EUDIS níos mó deiseanna ar fáil do FBManna, do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghníomhaithe eile sa tionscal cosanta neamhthraidisiúnta rochtain a fháil ar an gCiste Eorpach Cosanta agus tairbhiú de.

Tá EUDIS ag feidhmiú go hiomlán anois agus beart á chomhlíonadh aige maidir le hiarrachtaí an Choimisiúin gníomhaithe/teicneolaíochtaí sibhialta agus cosanta a nascadh ar bhealach níos fearr agus leas á bhaint aige as cuntas teiste cruthaithe an Choimisiúin maidir leis an nuálaíocht a spreagadh. EUR 224 mhilliún ab ea luach an mhéid iomláin glaonna chun tacú leis an nuálaíocht i réimse na cosanta faoi EUDIS le haghaidh 2023. Bhí an-rath ar ghlaonna de thorthaí altrama, agus tá seirbhísí an Choimisiúin agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint ag obair i gcomhar le chéile chun leanúint de bheith ag scanadh torthaí go córasach a thagann ó chláir shibhialta chun measúnú a dhéanamh ar an acmhainneacht chosanta a d’fhéadfaí a ghlacadh amach anseo. Cláraíodh an-spéism go háirithe i nglaonna neamhthéamacha lena ndírítear ar FBManna agus ar theicneolaíochtaí suaiteacha, réimse ina bhfuil méadú faoi dhó tagtha ar na feidhmeanna i gcomparáid le 2022. Leis an spéis mhór sin i nglaonna atá oscailte go heisiach do chuibhreannais FBManna agus dóibh siúd a dhíríonn ar theicneolaíochtaí suaiteacha, deimhnítear go bhfuil EDEF pháirtithe nuathagtha in earnáil na cosanta.

Leathnóidh an Coimisiún EUDIS a thuilleadh sa chreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint sa Tascfhórsa tiomnaithe um Nuálaíocht Cosanta, agus é ag díriú ar ghlacadh na nuálaíochta sibhialta i réimse na cosanta. I ndáil leis an méid sin, is é is aidhm don Choimisiún luasaire gnó EUDIS a chistiú, seirbhísí meaitseála a fhorbairt agus cóitseáil ghnó a mhéadú do na FBManna uile atá rannpháirteach in EDF ó 2024 ar aghaidh; go háirithe chun a dtabhairt isteach i margadh na cosanta a éascú. Mar chúiteamh air sin, ba cheart féachaint ar conas is féidir rochtain ar thorthaí a éascú trí ghníomhaíochtaí cosanta taighde agus forbartha chun borradh a chur faoi infheistíochtaí leantacha T&F a d’fhéadfadh a bheith ann.

Ina theannta sin, tá cistiú tugtha ag an gCoimisiún do thionscadail soláthair nuálaíochta ar éirigh leo faoin gclár Fís Eorpach agus faoin gclár Fís 2020 agus faoin Seachtú Creatchlár a bhí aige roimhe sin. Tá soláthairtí réamhthráchtála díolmhaithe ó chomhaontuithe soláthair phoiblí idirnáisiúnta agus is féidir coinníollacha a bheith iontu lena ndéantar forbairt agus táirgeadh réiteach san Eoraip a dhaingniú. Mar shampla, is féidir iad a theorannú i gcás inar gá do chuideachtaí atá bunaithe san Eoraip agus atá á rialú ón Eoraip, nó is féidir leo a shonrú go mbeidh cur chun feidhme na chéad bhaisce de tháirgí nuálacha in earnáil na cosanta nó na slándála sibhialta teoranta do chonraitheoirí a ghlac páirt sa soláthar réamhthráchtála roimhe sin.

Áirítear le forálacha dlíthiúla EDF an deis tacú le soláthairtí réamhthráchtála trí dheontas a thabhairt d’údaráis chonarthacha chun seirbhísí cosanta T&F a sholáthar go comhpháirteach. Go dtí seo, áfach, níor úsáideadh an rogha seo. Faoin gCiste Eorpach Cosanta, ní féidir dul níos faide ná céim an taighde agus na forbartha, dá bhrí sin, dírítear ar sholáthar comhpháirteach le haghaidh seirbhísí T&F. Mar sin féin, d’fhéadfaí na deiseanna maidir le soláthairtí réamhthráchtála do sheirbhísí T&F a fhiosrú a thuilleadh faoin dá chlár. Ar bhonn níos ginearálta, d’fhéadfadh an Coimisiún féachaint conas is féidir aistriú rianúil a éascú do nuálaíochtaí a fhorbraítear i gceachtar clár atá le glacadh ag soláthróirí atá ag cur nuálaíochtaí chun úsáide sna margaí sibhialta nó cosanta chun leas níos fearr a bhaint as an acmhainneacht dé-úsáide.

3.4.Sineirgí le cláir agus beartais eile de chuid an Aontais

Fiú mura bhfuil gníomhaíochtaí T&F á maoiniú go díreach acu, tá ról ag cláir eile de chuid an Aontais maidir le feidhmeanna sibhialta nó feidhmeanna i réimse na cosanta, go háirithe agus cur chun úsáide teicneolaíochtaí á gcistiú acu. Is é is aidhm do shineirgí idir cláir lena maoinítear tionscadail T&F go díreach (Fís Eorpach agus EDF) agus cláir eile de chuid an Aontais tacú le glacadh agus scaipeadh eolais agus réiteach a eascraíonn as tionscadail Fís Eorpach agus EDF chun cuspóirí chláir eile de chuid an Aontais a bhaint amach (mar shampla, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa 29 , an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, an Clár don Eoraip Dhigiteach, InvestEU, an Ciste Slándála Inmheánaí, an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí, an Clár Spáis). Tá coinne leis go gcuirfidh STEP feabhas ar chómhaoiniú ionstraimí an Aontais faoin mBeartas Comhtháthaithe chun tacú le teicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt nó a mhonarú, a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide ag go leor acu. Léiríonn anailís ar bhunúis dlí chláir agus ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais nach bhfuil siad ceaptha chun tacú go díreach le cur chun úsáide teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu.

4.roghanna féideartha don todhchaí

Mar thoradh ar na tionscnaimh ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí a bhaineann leis an gcosaint le blianta beaga anuas, go háirithe tar éis chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, deimhnítear leis an bPáipéar Bán seo go bhfuil gá leanúnach le tacaíocht níos leordhóthanaí chun feabhas a chur ar T&D a bhaineann le teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu a d’fhéadfadh cuidiú le cumais chosanta úrscothacha a fhorbairt san Aontas. San am céanna, tá comhtháthú na dteicneolaíochtaí nua a forbraíodh trí chistiú cosanta san earnáil shibhialta fós teoranta, agus tá acmhainneacht na dteicneolaíochtaí sin fós gan saothrú den chuid is mó. Ní mór d’institiúidí an Aontais féachaint i gcónaí ar na roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann chun an crostoirchiú sin a neartú i gcomhthéacs na tacaíochta T&F lena mbaineann teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu, agus na difríochtaí bunúsacha idir an réimse sibhialta agus an réimse míleata á gcur san áireamh san am céanna.

Léiríodh freisin sa chomhthéacs geopholaitiúil nach mór bearta láidre maidir leis an tslándáil shibhialta a bheith ag gabháil le cumais chosanta chun athléimneacht an Aontais a chosaint, go háirithe chun bonneagair chriticiúla shibhialtacha a chosaint, bagairtí slándála a bhaineann le teorainneacha a dhíspreagadh, seirbhísí bunriachtanacha a athbhunú tráth géarchéime, agus aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le corraíl shóisialta tar éis feachtais bhréagaisnéise nó cibirionsaithe. Mar thoradh air sin, cur le hathléimneacht an Aontais, is tosaíocht é do riachtanais chosanta agus don slándáil inmheánach araon.

Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, d’aithin an Coimisiún trí rogha fhéideartha don todhchaí a chuirtear i láthair thíos. I gcás Rogha 1, cuirtear i láthair an méid breise is féidir a dhéanamh bunaithe ar an leagan amach atá ann faoi láthair – ós rud é gur féidir bearta féideartha a chur chun feidhme gan na bunúis dlí atá ann cheana a athrú. Beidh gá le bunúis dlí éagsúla amach anseo le haghaidh Rogha 2 agus Rogha 3.

I gcás Roghanna 2 agus 3, beidh gá le tuilleadh anailíse i gcomhréir leis na forálacha maidir le Rialáil Níos Fearr (e.g. measúnú tionchair, comhairliúchán le páirtithe leasmhara, etc.) chun a n‑éifeachtaí agus a mbreisluach a fhiosrú, lena n‑áirítear maidir leis an méid seo a leanas: comhlántachtaí le tosaíochtaí náisiúnta; tairbhithe nua a d’fhéadfaí a mhealladh; critéir agus próisis mheastóireachta agus incháilitheachta; rialacha rannpháirtíochta; oscailteacht na gclár do thríú tíortha, lena n‑áirítear go sonrach iad siúd a bhaineann le Fís Eorpach; agus na cinntí maidir le cumhachtaí a tharmligean (nó gan iad a tharmligean) chuig na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus na leithdháiltí agus próifílí foirne comhfhreagracha.

Ní bheadh feidhm ag coinníollacha incháilitheachta sonracha ach amháin chun tacú le gníomhaíochtaí T&F dé-úsáide. Bheadh siad sin faoi réir cur chuige níos sriantaí maidir le coimircí slándála taighde a úsáid, cé go bhfanfadh an chuid eile den chlár oscailte den chuid is mó. Dá bhrí sin, ní fhéadfar tacair níos mionsonraithe de bhreithnithe slándála-bhunaithe a shainiú ach amháin le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha T&F dé-úsáide. Ba cheart na roghanna uile a cheapadh chun go gcomhlánóidís na cláir shonracha atá tiomnaithe do T&D le haghaidh feidhmeanna sibhialta agus feidhmeanna i réimse na cosanta faoin gcéad chlár réime eile um thaighde agus um nuálaíocht, agus iad ag teacht san am céanna leis an mbéim a leagtar sa Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch ar an ngá atá le tuilleadh infheistíochta i dtaighde agus i bhforbairt i dteicneolaíochtaí straitéiseacha atá ag teacht chun cinn chun ceannaireacht agus iomaíochas an Aontais a áirithiú. Ní mór do gach rogha comhlíonadh na gcoinníollacha agus na nósanna imeachta atá leagtha amach sna bearta sriantacha arna nglacadh de bhun Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh 30 a áirithiú, chomh maith le comhlíonadh ceanglas rialála eile le haghaidh teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus oibleagáidí idirnáisiúnta.

4.1.Rogha 1: Níos mó a dhéanamh bunaithe ar an leagan amach atá ann faoi láthair 

Chuirfeadh an rogha seo leis an gcur chuige atá ann cheana a bunaíodh go dtí seo faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair, agus san am céanna thabharfaí isteach feabhsuithe incriminteacha agus bhainfí an leas is fearr as bearta atá curtha chun feidhme cheana féin nach bhfuil a n‑éifeachtaí beartaithe acu go fóill. Is é an t‑aon rogha amháin í is féidir a thástáil cheana féin i gcláir chistiúcháin an Aontais atá ann faoi láthair, laistigh de theorainneacha na n‑acmhainní atá ar fáil.

Chuirfeadh bearta le roinnt gníomhaíochtaí ábhartha a bhfuil tús curtha leo cheana féin, mar atá, an Scéim Aistrithe CNE, na sraitheanna éagsúla de Scéim Nuálaíochta Cosanta an Aontais faoin gCiste Eorpach Cosanta, amhail glaonna de tháirgí altrama, an deis tacú le cuideachtaí dé-úsáide le InvestEU agus oibleagáid saothraithe bhreise a thabhairt isteach san Eoraip le haghaidh thorthaí na ngníomhaíochtaí maidir le teicneolaíochtaí criticiúla mar atá i gcás glaonna COVID-19 faoin gclár Fís Eorpach. Ar an gcaoi chéanna, chuirfeadh an cás sin le saothrú na dtorthaí a baineadh amach trí thaighde cosanta ar mhaithe le feidhmeanna sibhialta, trí ghlaonna seach-chuideachtaí, mar shampla.

Le comhaontú maidir le sainmhíniú comhchoiteann ar ‘theicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide ag baint leo’ idir an Coimisiún agus Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, lena n‑áirítear BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta, d’fhéadfaí infheistíochtaí comhpháirteacha a chur chun cinn, b’fhéidir, i dteicneolaíochtaí lena bhféadfaí dé-úsáid a bhaint as an tsoghluaisteacht mhíleata, an t‑aistriú glas, athléimneacht bonneagair chriticiúil lena n‑áirítear cumarsáid chriticiúil, teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn nó teicneolaíochtaí suaiteacha agus nuálaíocht cosanta, chomh maith leis an spás. Ba cheart comhaontú den sórt sin a lorg mar chuid d’athbhreithniú foriomlán ar bheartas eisiaimh cosanta BEI, rud a chuireann bac ar acmhainneacht infheistíochtaí comhpháirteacha an Ghrúpa. Ba cheart don Choimisiún agus do Ghrúpa BEI leanúint de mhalartuithe rialta a reáchtáil chun plé a dhéanamh ar na deiseanna a chuirtear ar fáil le tionscnaimh nua de chuid an Aontais maidir le gníomhaíocht chomhpháirteach a d’fhéadfadh a bheith ann i raon feidhme comhaontaithe.

D’fhéadfaí bearta a chur chun feidhme trí pharaiméadair chur chun feidhme mhodhnaithe i gcás inar gá laistigh d’fhorálacha dlíthiúla na gclár atá ann cheana, gan ualach míchuí a chur ar an gCoimisiún/gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus iarratasóirí/tairbhithe. D’fhéadfaí na nithe seo a leanas a áireamh sna paraiméadair sin, paraiméadair is féidir a chur chun feidhme cheana féin faoi na forálacha dlíthiúla atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfaí a úsáid a thuilleadh i bhfianaise roghanna eile:

ØTionscadail agus torthaí T&F a shaothrú chun iad a mhéadú ó thaobh feidhmeanna dé-úsáide de (in T&F shibhialta agus in T&F cosanta araon) trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis atá ar fáil i mbunachair sonraí an Aontais chun torthaí den sórt sin a chuardach agus trí fhaireachán a dhéanamh ar thionscadail leanúnacha T&F;

ØSineirgí a fhorbairt a thuilleadh, amhail malartú réamhtheachtach faisnéise agus comhordú níos fearr (codanna de) na cláir oibre idir T&F sibhialta agus T&F cosanta, lena náirítear féidearthachtaí chun tacú le soláthar réamhthráchtálach seirbhísí T&F thar chláir, rochtain fheabhsaithe ar thorthaí tionscadail agus tuairisciú tionscadal, agus malartuithe tiomnaithe topaicshonracha ina bhfuil pobail shibhialta agus chosanta araon;

ØMachnamh a dhéanamh ar oibleagáid bhreise a thabhairt isteach chun torthaí a shaothrú san Aontas (bunaithe ar Airteagal 39 den Rialachán maidir le Fís Eorpach 2021/695) i gcodanna ábhartha de chláir oibre agus de ghlaonna lena dtugtar aghaidh ar réimsí teicneolaíochta criticiúla a shainaithnítear sa Mholadh ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2023, bunaithe ar thoradh an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn a seoladh faoin Moladh;

ØSásra sannta bratach dé-úsáide a thabhairt isteach (e.g. clib ar leibhéal an ghlao nó lipéad ar leibhéal an tionscadail) chun an acmhainneacht bhreise dé-úsáide a chur in iúl chomh maith le glaonna de tháirgí altrama/seach-chuideachtaí bunaithe ar an gcleachtas a leantar cheana féin le haghaidh ábhair an chláir oibre faoi chláir shonracha Fís Eorpach;

ØTreoir bhreise agus tacaíocht bhreise a chur ar fáil, de réir mar is iomchuí, do thairbhithe a bhíonn ag déileáil le teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu. I ndáil leis an méid sin, déantar tagairt do threoirlínte an Aontais le haghaidh taighde a bhaineann le hítimí dé-úsáide, chun a áirithiú go gcuirfidh údaráis agus eagraíochtaí taighde 31 rioscaí san áireamh go héifeachtach, agus don togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le slándáil taighde a fheabhsú.

Is féidir rogha 1 a dhéanamh faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair. Ba ghá, áfach, tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chur chuige cuíchóirithe ina mbeadh sásraí comhaontaithe chun sineirgí agus crostoirchiú a lorg go córasach idir an réimse sibhialta agus réimse na cosanta. Bheadh gá freisin le comhordú níos fearr idir an clársceidealú gaolmhar, mar shampla trí na treochláir teicneolaíochta ábhartha a chomhroinnt, d’fhonn tionscnaimh a chothú arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fhorbairt teicneolaíochtaí sibhialta agus míleata, agus conairí á roinnt san am céanna go pointe áirithe agus a mhéid is iomchuí.

4.2.Rogha 2: Deireadh a chur leis an bhfócas eisiach ar fheidmeanna sibhialta i gcodanna áirithe den chlár a thiocfaidh i gcomharbacht ar Fís Eorpach 

Sholáthródh an rogha seo treo nua maidir le hábhar agus cur chun feidhme codanna áirithe den chreatchlár ilbhliantúil um thaighde agus nuálaíocht a bheidh ann amach anseo.

D’fhéadfaí é a chur chun feidhme trí ‘fhócas’ a chur in ionad ‘fócas eisiach’ le haghaidh codanna sain-roghnaithe amháin den chlár a thiocfaidh i gcomharbacht ar Fhís Eorpach, mar shampla i gcás ina bhfuil teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide ag baint leo níos suntasaí. Choinneodh gach cuid eile den chlár fócas eisiach ar fheidhmeanna sibhialta. Mar thoradh air sin, sholáthródh an rogha seo an deis faoin gclár a thiocfaidh i gcomharbacht ar Fhís Eorpach príomhthréithe beartais Fís Eorpach a choinneáil ar bun, mar atá, oscailteacht sheanbhunaithe na gClár Réime do thríú tíortha i réimsí leasa fhrithpháirtigh agus, san am céanna, srianta féideartha a cheadú sna codanna roghnaithe lena mbaineann teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu.

Leis an rogha seo, d’fhéadfaí tacaíocht a thabhairt do theicneolaíochtaí straitéiseacha atá ag teacht chun cinn go neamhspleách ar an réimse cur i bhfeidhm i gcodanna áirithe den chlár, rud a sheachnódh fáil réidh le tograí den scoth nach ndíríonn go heisiach ar fheidhmeanna sibhialta.

Maidir le dealú idir gníomhaíochtaí nuálaíochta cosanta a dhéanfar amach anseo faoi chlár a thiocfaidh i gcomharbacht ar EDF, d’fhágfadh an rogha seo go bhféadfaí glaonna de tháirgí altrama a chlárú a mbeadh baint dhíreach acu le tionscadail i réimse na cosanta sa chlár a thiocfaidh i ndiaidh Fís Eorpach, agus, ar an gcaoi sin, chuirfeadh an clár a thiocfaidh i gcomharbacht ar EDF cistiú leantach ar fáil chun cumas cosanta a fhorbairt do na torthaí tionscadail is mó a bhfuil gealladh fúthu. Is dócha go meallfadh an cur chuige sin níos mó páirtithe leasmhara tionscail mar rannpháirtithe féideartha i dtionscadail T&F, rud a chuirfeadh le cros-toirchiú na dtionscal sibhialta agus cosanta.

Ar an taobh eile, d’fhéadfadh imní a bheith ar an bpobal de pháirtithe leasmhara atá gníomhach sa réimse sibhialta maidir lena rannpháirtíocht i nglaonna faoin gcuid roghnaithe den Chlár, áit nach mbeadh fócas eisiach ar fheidhmanna sibhialta.

Faoin gcur chuige nua sin, ba ghá measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar chláir eile, ag brath ar na réimsí a roghnaíodh. Ina theannta sin, tá bunpharaiméadair ann a bhféadfadh sé gur ghá iad a chur san áireamh cheana féin, go háirithe iad siúd a bhaineann le dálaí atá bunaithe ar shlándáil, le linn ullmhúchán tograí ón gCoimisiún agus bunaithe ar thaithí a fuarthas ó chláir eile de chuid an Aontais. Ar na paraiméadair sin, bheadh an méid seo a leanas:

Øtosaíochtaí na gclár a phleanáil agus a chlársceidealú le linn an chur chun feidhme bunaithe ar shásraí fónta arna spreagadh ag e.g. Fís Eorpach agus modhanna rialachais EDF;

Ølimistéir a shainaithint a bhféadfaí dé-úsáid a bhaint astu;

Øcoinníollacha dáilte buiséid chun tosaíocht a thabhairt do ghlaonna agus d’ábhair;

Øcineálacha idirghabhálaithe ar leibhéal an rialtais náisiúnta, lena náirítear aireachtaí náisiúnta agus údaráis eile;

Øcomhlántachtaí le tosaíochtaí náisiúnta is féidir a uas-scálú chun torthaí ghníomhaíochtaí an Aontais a chur chun cinn a thuilleadh;

ØDaonra na dtairbhithe (nua) féideartha bunaithe ar a gcumas cineálacha éagsúla taighde a dhéanamh;

Øfaisnéis íogair agus rúnaicmithe arna cur isteach ag iarratasóirí agus arna nginiúint ag tairbhithe a láimhseáil;

Ømeastóireacht deontais agus critéir agus próisis incháilitheachta, eitic agus athbhreithnithe slándála;

Ørialú eachtrach ar eintitis incháilithe agus rialú ar chearta maoine intleachtúla;

Øincháilitheacht agus catagóirí na gcostas agus a naisíocaíocht;

Østruchtúir cuibhreannas, maille le roghanna a dhéantar bunaithe ar náisiúntacht na rannpháirtithe agus na gcomhordaitheoirí, na cineálacha rannpháirtithe agus na comhaontuithe lena rialaítear a gcaidreamh;

Øcearta rannpháirtithe, lena náirítear cearta maidir le maoin intleachtúil, eolaíocht oscailte agus saoirse acadúil a chosaint;

Ørialacha soláthair lena mbaineann critéir shonracha incháilitheachta agus roghnúcháin;

Ømodhanna rialachais;

Øcoimircí chun sceitheadh teicneolaíochtaí íogaire a sheachaint chuig cinn scríbe atá ina núdar imní;

Ømodh cur chun feidhme agus cinntí maidir le cumhachtaí a tharmligean (nó gan iad a tharmligean) chuig na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin i gcás cúraimí atá nasctha leis na cláir agus cinntí comhfhreagracha maidir le leithdháiltí agus próifílí foirne.

Tá rogha 2 comheisiatach le rogha 3.

4.3.Rogha 3: Ionstraim thiomnaithe a chruthú lena ndíreofaí go sonrach ar T&F lena mbaineann acmhainneacht dé-úsáide

D’fhéadfadh an rogha seo teacht chun cinn trí fhoirmeacha éagsúla, mar a leanas:

Øionstraim shonrach atá dírithe ar thaighde a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide aige agus a bhfuil a buiséad féin, a rialacha féin maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh torthaí, forálacha nós imeachta coiste/rialachais, critéir mheastóireachta agus incháilitheachta, struchtúr cuibhreannais, etc. ag gabháil léi;

Ødlús a chur le tacaíocht do ghlacadh margaidh i measc úsáideoirí deiridh san Aontais maidir le teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu trí shásra nó struchtúr tiomnaithe (mar atá sna gníomhaireachtaí feidhmiúcháin nó i gComhghnóthas tiomnaithe), nó trí sholáthar poiblí arna dhéanamh ag úsáideoirí deiridh atá bunaithe san Aontas agus atá nasctha le riachtanais soláthair an Aontais (e.g. IRIS2) nó trí ionstraimí tacaíochta soláthair (e.g. le haghaidh trealamh custaim nó trealamh faireachais teorann). D’fhéadfaí roinnt foroghanna a bheartú ag brath ar cé acu is comhlacht de chuid an Aontais, comhlacht rialtais náisiúnta, nó comhlacht tráchtála é an túinéir/úsáideoir deiridh (‘an ceannródaí’). Bheadh gá le breisluach AE a chur san áireamh le haghaidh beart i gcás ina bhfuil an túsáideoir deiridh ar an leibhéal náisiúnta (e.g. soláthar comhpháirteach a éascú).

Øtionscadail shuaitheanta 32 a phleanáil ina bhfuil ‘dé-úsáid trí dhearadh’, ar tionscadail iad a thacaíonn le teicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt, a thógann ar shineirgí le beartais agus ionstraimí eile de chuid an Aontais agus a chuirtear chun feidhme, i gcás inar féidir, i gcomhar le clár dé-úsáide BEI. Chuirfeadh tionscadail den sórt sin le torthaí na hoibre ullmhúcháin laistigh den Choimisiún nó i gcomhpháirt leis na Ballstáit agus dhéanfaidís príomhchustaiméir den Aontas Eorpach le haghaidh seirbhísí atá chun leasa an phobail sa réimse cosanta agus sibhialta. I measc na samplaí a d’fhéadfadh a bheith ann tá teicneolaíochtaí do na glúine de chórais spáis an Aontais atá le teacht (chun tacú le beartais chosanta, slándála agus chomhshaoil), feithiclí uathrialaitheacha an Aontais (chun tacú le cosaint agus rialú teorann, beartais mhuirí nó beartais chriticiúla bonneagair) nó tionscadail eile ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne. Ós rud é gur féidir le riachtanais úsáideoirí deiridh a bheith an-éagsúil ag brath ar na ceanglais oibríochtúla, tá sé ríthábhachtach go mbeadh páirtithe leasmhara ábhartha rannpháirteach ón tús.

Leis an rogha seo, mhéadófaí infheictheacht T&F dé-úsáide per se, ach bheadh an baol ann go gcuirfí castacht le timpeallacht tacaíochta T&F atá plódaithe cheana féin. I gcomparáid le rogha 2, bheadh dáileadh an bhuiséid idir gníomhaíochtaí taighde agus forbartha dé-úsáide T&F agus gníomhaíochtaí T&F atá sibhialta go heisiach níos trédhearcaí agus níos soiléire, toisc go bhféadfaí é a leagan amach sa bhunghníomh lena mbunófar an clár a thiocfaidh i gcomharbacht ar Fís Eorpach. Mar sin féin, bheadh dolúbthacht ann dá bharr sin maidir le leithdháileadh acmhainní le linn na clárthréimhse. Thairis sin, bheadh riosca dúblála ann a mbeadh tionchar aige ar phleanáil agus ar chlársceidealú na dtosaíochtaí idir gníomhaíochtaí taighde agus forbartha dé-úsáide T&F agus gníomhaíochtaí T&F atá sibhialta go heisiach, agus leis na gníomhaíochtaí sin a dhéantar go heisiach le haghaidh feidhmeanna i réimse na cosanta faoin ionstraim a thiocfaidh i gcomharbacht ar EDF. Is dócha freisin nach mbeadh ach fíorbheagán cásanna ann ina bhféadfadh dé-úsáid trí dhearadh a bheith infheidhme gan an méid sin tionchar a imirt ar ghlacadh an táirge deiridh sa mhargadh ag an earnáil shibhialta nó ag an earnáil cosanta, ós rud é gur mór idir na ceanglais a shonraítear sa dá réimse de ghnáth (féach roinn 2). Ar an iomlán, is dócha go mbeadh leibhéal breise castachta ag baint leis an rogha seo, d’iarratasóirí — a mbeadh orthu iarratas a dhéanamh ar shásra/clár eile le ceanglais éagsúla — agus don Choimisiún — a bheadh ag comhordú idir gníomhaíochtaí taighde agus forbartha dé-úsáide agus glaonna eile, le forálacha éagsúla coiste agus rialachais.

Tá rogha 3 comheisiatach le rogha 2.

5.Conclúidí

Trí fheabhas a chur ar thacaíocht T&F a bhaineann le teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu ar leibhéal an Aontais, cruthaítear deiseanna agus dúshláin araon. Dá ndéanfaí sineirgí cosanta sibhialta a bharrfheabhsú, d’fhéadfaí dul chun tairbhe d'earnáil tionsclaíochta na hEorpa agus d’fhéadfaí dlús a chur le glacadh torthaí taighde agus nuálaíochta sa gheilleagar. San am céanna, tá sé deacair acmhainneacht dé-úsáide T&F a thuar, fiú nuair atá sé beartaithe le haghaidh feidhmeanna sibhialta nó feidhmeanna i réimse na cosanta amháin. Agus an tAontas ag iarraidh crostoirchiú a chur chun cinn idir an earnáil shibhialta agus an earnáil cosanta, ba cheart dó a saintréithe sainiúla a chur san áireamh san am céanna.

I gcomhthéacs na gné ‘cur chun cinn’ den Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch, tá an tAontas ag iarraidh buntáiste iomaíoch a choinneáil ar bun i dteicneolaíochtaí criticiúla agus i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn atá ábhartha don aistriú glas agus don aistriú digiteach, lena n‑áirítear an méid sin a dhéanamh trí úsáid níos fearr a bhaint as na torthaí a bhaineann le tionscadail T&F arna gcistiú ag an Aontas agus iad a shaothrú ar bhealach níos fearr, bíodh sin sa réimse sibhialta nó sa réimse cosanta, agus na gnéithe ‘cosanta’ agus ‘comhpháirtí’ a threisiú san am céanna.

Leis an bPáipéar Bán seo, tá comhairliúchán leathan á sheoladh ag an gCoimisiún le húdaráis phoiblí, leis an tsochaí shibhialta, leis an tionscal agus leis an saol acadúil maidir le roghanna le haghaidh tacaíocht straitéiseach do theicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu. Cuirtear san áireamh ann an creat reachtach atá ann faoi láthair arb é is príomhthréith ann díriú ar fheidhmeanna sibhialta nó ar fheidhmeanna na cosanta ach ní ar an dá réimse in éineacht, chomh maith leis an easpa sainmhínithe coincheapaithe a chomhaontófar go comhchoiteann, agus sainaithnítear ann féidearthachtaí faoi chláir chistiúcháin an Aontais nó atá ann faoi láthair a bheidh ann amach anseo chomh maith le príomhpharaiméadair ar gá tuilleadh anailíse a dhéanamh orthu. Leis an gcomhairliúchán sin, beifear in ann idirphlé cuimsitheach a dhéanamh leis na páirtithe uile lena mbaineann, rud a chuirfidh bonn eolais faoi na chéad chéimeanna eile ón gCoimisiún.

Iarrann an Coimisiún barúlacha maidir leis na roghanna a leagtar amach sa pháipéar seo trí chomhairliúchán poiblí oscailte atá ar fáil ag https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say_en. Is féidir trácht a dhéanamh ar an gcomhairliúchán go dtí an 30 Aibreán 2024. Is gnáthchleachtas é don Choimisiún aighneachtaí a fhaightear mar fhreagra ar chomhairliúchán poiblí a fhoilsiú. Mar sin féin, is féidir a iarraidh go bhfanfaidh aighneachtaí, nó codanna díobh, faoi rún. Más amhlaidh an cás, tabhair le fios go soiléir ar leathanach tosaigh d’aighneachta nár cheart í a chur ar fáil go poiblí agus seol leagan neamhrúnda de d’aighneacht chuig an gCoimisiún freisin lena foilsiú.

(1)

Tá an sainmhíniú seo comhsheasmhach leis an sainmhíniú maidir le hítimí dé-úsáide in Rialachán (AE) 2021/821 an 20 Bealtaine 2021, lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairí, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú: Ciallaíonn ‘ítimí dé-úsáide’ ítimí, lena n‑áirítear bogearraí agus teicneolaíocht, is féidir a úsáid chun críoch sibhialta agus míleata araon.

(2)

COM(2018) 435 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus le scaipeadh, COM (2018) 435 final, 7.6.2018.

(3)

Cinneadh (AE) 2021/764 lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear Fís Eorpach chun feidhme – an clár réime um thaighde agus um nuálaíocht

(4)

Rialachán (AE) 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (athmhúnlú)

(5)

Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013.

(6)

COM(2021) 70, an 22.2.2021.

(7)

SWD(2022)362, an 10.11.2022.

(8)

COM(2022)61, an 15.2.2022.

(9)

JOIN(2022)24, an 18.5.2022.

(10)

COM(2022)332, an 5.7.2022.

(11)

https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/2023-report-state-digital-decade

(12)

Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ‘Straitéis Spáis an Aontais Eorpaigh um Shlándáil agus Cosaint’, JOIN(2023) 9 final.

(13)

Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle maidir leis ‘an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch’, JOIN(2023)20 final.

(14)

Moladh C(2023) 6689 ón gCoimisiún an 3.10.2023 maidir le réimsí teicneolaíochta criticiúla le haghaidh shlándáil eacnamaíoch an Aontais le haghaidh measúnú riosca breise leis na Ballstáit (europa.eu)

(15)

Féach freisin na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 14-15 Nollaig 2023 ina n‑iarrtar ‘ról feabhsaithe a bheith ag Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta chun tacú le slándáil agus cosaint na hEorpa, agus é ag tógáil ar Thionscnamh Straitéiseach Slándála na hEorpa’.

(16)

Eochairóráid ón Uachtarán von der Leyen ag Comhdháil Bhliantúil GEC 2023: Cosaint na hEorpa a Chumhachtú, 30.11.2023. https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/SPEECH_23_6207    

(17)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Plean Gníomhaíochta maidir le sineirgí idir na tionscail shibhialta, chosanta agus spáis, COM(2021) 70, an 22.2.2021.

(18)

Ar fáil anseo: Tionscnamh Straitéiseach um Shlándáil na hEorpa (eib.org)

(19)

Rialachán (AE) 2021/821 an 20 Bealtaine 2021, lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairí, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú.

(20)

Féach torthaí thagarmharcáil an Choimisiúin maidir le hinfheistíochtaí soláthair nuálaíochta agus creataí beartais ar fud na hEorpa, Márta 2023 (https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/benchmarking-innovation-procurement-investments-and-policy-frameworks-across-europe)

(21)

Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2013/743/AE.

(22)

Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013.

(23)

Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1092.

(24)

Aithris 35 de Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1092.

(25)

Aithris 33 de Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1092.

(26)

Is féidir tograí lena ndírítear ar fheidhmeanna i réimse na cosanta a mheas faoi EDF, de réir rialacha an chláir sin.

(27)

COM(2021) 70, an 22.2.2021.

(28)

COM(2022) 61 an 15.2.2022.

(29)

Má shaothraíonn an tionscadal, ina iomláine nó i bpáirt, an cuspóir rannchuidiú le héagothromaíochtaí a laghdú agus rannchuidiú le comhtháthú sóisialta an Aontais, cumhdaítear é le hAirteagal 174 CAE, agus freisin má áirítear leis infheistíochtaí a théann chun tairbhe gníomhaíochtaí slándála nó cosanta.

(30)

Ní mór don Choimisiún a áirithiú go háirithe go ndéanfar aon rogha bearta sriantacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh i gcomhthéacs maoiniú a chur ar fáil do thríú páirtithe. Sa chomhthéacs sin, ní mór don Choimisiún réitigh a lorg i gcónaí nach sáraíonn bearta sriantacha an Aontais Eorpaigh.

(31)

  EUR-Lex - 32021H1700 - EN - EUR-Lex (europa.eu)

(32)

D’fhéadfadh na tionscadail sin cur le teicneolaíochtaí criticiúla freisin agus iad a phleanáil i gcomhar le BEI, agus an fógra ón gCoimisiún á chur chun feidhme sa Teachtaireacht maidir le ‘hanailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta’: ‘Déanfaidh an Coimisiún obair ar bhearta breise (mar atá, glaonna comhordaithe i measc ionstraimí ón Aontas atá ann cheana agus iasachtaí ón Aontas) chun tacú le teicneolaíochtaí criticiúla agus le cumais thionsclaíocha trí thionscadail straitéiseacha a fhorbairt’.

Top