Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0022

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Slándáil na hEorpa a chur chun cinn: réamheolas ar chúig thionscnamh nua

    COM/2024/22 final

    An Bhruiséil,24.1.2024

    COM(2024) 22 final

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

    Slándáil na hEorpa a chur chun cinn: réamheolas ar chúig thionscnamh nua


    1.Réamhrá

    Comhthéacs

       

    An 20 Meitheamh 2023, ghlac an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir leis an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch 1 . Bunaithe ar an gcoincheap go mbíonn rath ar an Aontas i ndomhan atá oscailte agus riailbhunaithe, chuir an straitéis i bhfios go bhfuil rioscaí nua slándála eacnamaíche ag teacht chun cinn de thoradh teannas geopholaitiúil atá ag dul i méid, ilroinnt gheo‑eacnamaíoch agus athruithe móra teicneolaíochta.

    Leagtar amach sa straitéis cur chuige cuimsitheach maidir le slándáil eacnamaíoch na hEorpa. Go háirithe, cuirtear creat ar fáil leis chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí do shlándáil eacnamaíoch an Aontais agus chun aghaidh a thabhairt orthu — ar bhealach comhréireach, beacht agus spriocdhírithe, agus á áirithiú an tráth céanna go leanfaidh an tAontas de bheith ar cheann de na cinn scríbe is oscailte agus is tarraingtí don ghnó agus don infheistíocht. Agus sainphribhléidí na mBallstát á n‑ urramú ina n‑ iomláine, leagadh béim sa straitéis ar an ngá atá le cur chuige coiteann uile-Aontais a fhorbairt a mbeidh níos mó tionchair aige agus a bheidh níos comhtháite.

    Agus aitheantas á thabhairt go n‑ athraíonn na rioscaí a bhaineann lenár ndúshlán slándála eacnamaíoch le himeacht ama, ar rioscaí iad a bhaineann leis an gcomhthéacs geopholaitiúil agus geo-eacnamaíoch níos leithne, sainaithníodh sa straitéis ceithre chatagóir riosca ar cheart aghaidh a thabhairt orthu mar ábhar tosaíochta, i.e. rioscaí d’athléimneacht na slabhraí soláthair; rioscaí a bhaineann le slándáil fhisiciúil agus le cibearshlándáil an bhonneagair chriticiúil; riosca do shlándáil teicneolaíochta agus do sceitheadh teicneolaíochta; riosca go mbainfí úsáid as spleáchais eacnamaíocha nó as chomhéigean eacnamaíoch mar uirlisí troda.

    Chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin, tá an Straitéis bunaithe ar thrí cholún:

    ·Iomaíochas agus fás an Aontais a chur chun cinn, an Margadh Aonair a neartú, tacú le geilleagar láidir athléimneach, agus bonn taighde, teicneolaíochta agus tionsclaíoch an Aontais a neartú.

    ·An tslándáil eacnamaíoch a chosaint trí réimse beartas agus uirlisí, uirlisí spriocdhírithe nua san áireamh de réir mar is gá.

    ·Dul i mbun comhpháirtíochta le tíortha ar fud an domhain a bhfuil na hábhair imní chéanna acu agus leo siúd a bhfuil leasanna coiteanna slándála eacnamaíocha againn, agus comhar a neartú leo a thuilleadh.

    Mar chuid de chur i bhfeidhm Straitéis Slándála Eacnamaíche na hEorpa, cuirtear i láthair sa Teachtaireacht seo cúig thionscnamh chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a fheabhsú, agus an dul chun cinn atá déanta maidir le sraitheanna oibre eile á mheas an tráth céanna.

    2.An pacáiste

    Is é is aidhm do na tionscnaimh atá á moladh inniu an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (1)feabhas a chur ar an reachtaíocht atá ann cheana (togra le haghaidh athbhreithniú ar an Rialachán maidir le scagadh a dhéanamh ar an Infheistíocht Dhíreach Choigríche);

    (2)tuilleadh plé a chothú laistigh den Aontas maidir le rialuithe onnmhairiúcháin ar theicneolaíochtaí dé-úsáide a mbíonn tionchar acu ar ár slándáil (an Páipéar Bán maidir le Rialuithe Onnmhairiúcháin);

    (3)dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara maidir le rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as infheistíochtaí amach, ag díriú ag an bpointe seo ar na gníomhaíochtaí is gá chun rioscaí den sórt sin a shainaithint ar bhealach níos fearr (an Páipéar Bán maidir le hInfheistíocht Amach);

    (4)tuilleadh plé a chur chun cinn laistigh den Aontas maidir le conas taighde agus forbairt a chur chun cinn ar bhealach níos fearr a bhaineann le teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide ag baint leo (an Páipéar Bán maidir le roghanna chun feabhas a chur ar thacaíocht do thaighde agus d’fhorbairt lena mbaineann teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide ag baint leo);

    (5)a chur chun cinn go molfadh an Chomhairle bearta atá dírithe ar shlándáil taighde a neartú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal earnála (Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le Slándáil Taighde a fheabhsú).

    Leanfaidh gníomhaíochtaí an Aontais amach anseo de bheith bunaithe ar na measúnuithe riosca leanúnacha agus ar chomhordú straitéiseach leanúnach leis na Ballstáit chun teacht ar chomhthuiscint ar na rioscaí atá os comhair na hEorpa agus ar na gníomhaíochtaí iomchuí — faoi na trí cholún a bhaineann le cur chun cinn, cosaint agus comhpháirtíocht — chun dul i ngleic leo.

    a.Tionscnaimh nua a bhaineann le hinfheistíocht agus trádáil

    Togra le haghaidh rialachán nua maidir le hinfheistíochtaí coigríche a scagadh

    Tá Rialachán 2019/452 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (‘an Rialachán maidir le scagadh FDI’) i bhfeidhm le beagán os cionn 3 bliana. Leis an Rialachán, bunaíodh sásra comhair lenar cuireadh ar a gcumas do na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis a mhalartú faoi níos mó ná 1 200 idirbheart agus ábhar imní a chur in iúl maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche sa mhargadh aonair a d’fhéadfadh rioscaí a chruthú dá slándáil agus dá n ord poiblí. Chuir sé ar a chumas don Choimisiún agus do na Ballstáit bagairtí a eascraíonn as infheisteoirí áirithe agus leochaileachtaí trasteorann a shainaithint, a mheasúnú agus gníomhú ina leith. Ós rud é go bhfuil srianta bunaithe ar eisceacht theoranta spriocdhírithe a bhfuil údar maith léi mar gheall ar ábhar imní a bhaineann leis an tslándáil nó leis an ord poiblí, deimhníodh leis an rialachán go bhfuil an tAontas oscailte ar an iomlán do IDC.

    Is é is aidhm don togra reachtach a thíolaic an Coimisiún inniu athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat sin, bunaithe ar mheastóireacht ar an rialachán 2 . Cuireann sé leis an taithí a fuarthas ó na chéad 3 bliana oibríochta, chomh maith le measúnú a rinne saineolaithe ECFE i mí na Samhna 2022 3 , agus na torthaí agus na moltaí ó thuarascáil speisialta a d’eisigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa an 6 Nollaig 2023 4 .

    Leis an rialachán atá beartaithe, cuirfear feabhas ar éifeachtacht an Rialacháin maidir le Scagadh FDI trí aghaidh a thabhairt ar easnaimh an tsásra atá ann faoi láthair. Is é is aidhm dó a áirithiú go mbeidh córas scagtha i bhfeidhm ag na Ballstáit uile chun lúba ar lár sa scagadh ar idirbhearta rioscúla a sheachaint, chun díriú ar na cásanna lena mbaineann na rioscaí is mó agus chun a áirithiú go mbeidh níos mó cuntasachta laistigh den chóras i ndáil leis na hábhair imní maidir leis an tslándáil nó leis an ord poiblí a chuir na Ballstáit agus/nó an Coimisiún in iúl.

    Is é is aidhm don Choimisiún éifeachtúlacht níos fearr a chur chun cinn sa sásra comhair trí chóineasú na gcóras náisiúnta a éascú. Leis an rialachán atá beartaithe, leathnaítear an sásra comhair chun idirbhearta laistigh den Aontas a chumhdach i gcás ina bhfuil an t‑ infheisteoir á rialú ag cuideachta eachtrach. Dá bhrí sin, dhúnfadh sé bearnaí a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chumas an Aontais a shlándáil nó a ord poiblí a chosaint.

    An Páipéar Bán maidir le rialuithe onnmhairiúcháin

    Tá Córais Iltaobhacha Rialaithe Onnmhairiúcháin fós i gcroílár rialú na dteicneolaíochtaí dé-úsáide san Aontas. Mar a thuar an Straitéis Slándála Eacnamaíche, ciallaíonn teannas geopholaitiúil agus luas an athraithe teicneolaíochta go bhfuil gá le gníomhaíocht níos comhordaithe ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas leas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí faoin Rialachán maidir le Dé-Úsáid. Dá ndéanfadh na Ballstáit rialuithe náisiúnta a iolrú, bheadh an baol ann go mbainfí an bonn d’éifeachtacht chreat rialaithe onnmhairiúcháin an Aontais, de rialuithe na mBallstát iad féin, agus de shláine an Mhargaidh Aonair. Tá an baol sin níos suntasaí sa timpeallacht reatha, ina bhféadfadh cineálacha éagsúla cur chuige na mBallstát maidir le teicneolaíochtaí sonracha slándáil an Aontais ina iomláine a lagú.

    Dá bhfeabhsófaí comhordú na rialuithe onnmhairiúcháin ar leibhéal an Aontais, mhéadófaí cumas an Aontais agus na mBallstát gníomhú go héifeachtach i gcomhthéacs geopholaitiúil, mar shampla trí cheannaireacht a ghlacadh maidir le clár oibre comhroinnte le comhpháirtithe a shainiú. Threiseodh sé freisin cumas an Aontais aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí aontaobhacha a d’fhéadfadh tríú tíortha a dhéanamh chun iarracht a dhéanamh rialuithe nua onnmhairiúcháin a fhorchur, lena n‑ áirítear ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, nó chun cásanna atá faoi bhrú (ar an Aontas nó ar Bhallstáit shonracha) ó thríú tíortha a bhainistiú mar fhreagairt ar rialuithe den sórt sin.

    Ó glacadh an Rialachán maidir le Dé-Úsáid in 2021, tá athrú tagtha ar an gcomhthéacs domhanda le haghaidh rialuithe onnmhairiúcháin. Chuathas i ngleic le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine le smachtbhannaí a chur in úsáid go tapa, lena n‑ áirítear i bhfoirm srianta onnmhairiúcháin ar ítimí dé-úsáide agus íogaire. An tráth céanna, cuireadh bac ar chumas na gcóras iltaobhach rialaithe onnmhairiúcháin cinntí a dhéanamh maidir le hítimí nua atá le bheith faoi réir rialuithe agus coinneáil bord ar bhord le forbairtí teicneolaíochta toisc go bhfuil cuid dá gcomhaltaí ag cur bac ar na próisis chinnteoireachta. Ina theannta sin, níl guth aontaithe ón Aontas maidir le rialuithe a fhorbairt amach anseo maidir le teicneolaíochtaí sonracha bainte amach go leordhóthanach go fóill. Ar na cúiseanna sin, is gá cur le cumas an Aontais gníomhú go hidirnáisiúnta ar bhealach éifeachtach.

    Moltar sa Pháipéar Bán maidir le Rialuithe Onnmhairiúcháin gníomhaíochtaí gearrthéarmacha agus meántéarmacha araon chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin. Sa ghearrthéarma, chomh maith leis an obair theicniúil thábhachtach a dhéantar i gcórais iltaobhacha a chosaint, rachaidh an Coimisiún i mbun togra maidir le rialuithe aonfhoirmeacha de chuid an Aontais a thabhairt isteach do na hítimí sin a mbeadh cinntí rialaithe glactha ina leith sna córais iltaobhacha murarbh ann do bhac ar an bpróiseas cinnteoireachta laistigh de na córais sin. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin fóram a chruthú le haghaidh comhordú polaitiúil, lena bhféadfaí plé a dhéanamh idir an Coimisiún agus na Ballstáit ar leibhéal sinsearach iomchuí chun comhsheasaimh AE maidir le rialuithe onnmhairiúcháin a chothú.

    Faoi shamhradh 2024, glacfaidh an Coimisiún Moladh chun feabhas a chur ar an gcomhordú idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le haon Liosta Náisiúnta Rialaithe nua arna bheartú ag Ballstát sula nglacfar é, chun barúlacha a cheadú maidir leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann lasmuigh de theorainneacha an Bhallstáit sin. Chuirfeadh sé sin feabhas ar chumas an Aontais rioscaí a bhaineann le hítimí nach bhfuil á rialú go fóill ar an leibhéal iltaobhach a shainaithint.

    Sa mheántéarma, cuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht ar an Rialachán maidir le Dé-Úsáid ar aghaidh go dtí an chéad ráithe de 2025 chun aon easnaimh ina éifeachtacht agus ina éifeachtúlacht a mheas agus b’fhéidir, ina dhiaidh sin, chun moltaí a dhéanamh i ndáil leis na heasnaimh sin a leigheas. Tacófar leis an meastóireacht sin le staidéar cuimsitheach in 2024 agus bainfear leas as torthaí na measúnuithe riosca ar na réimsí teicneolaíochta criticiúla a leagtar amach thuas.

    Ba cheart go spreagfadh an Páipéar Bán díospóireacht níos leithne freisin maidir leis an gcineál rialuithe onnmhairiúcháin atá ag teastáil agus maidir leis an mbealach is fearr chun comhoibriú go hidirnáisiúnta chun freagairt do dhúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

    An Páipéar Bán maidir le hinfheistíocht amach 

    I dTeachtaireacht Chomhpháirteach mhí an Mheithimh maidir le Straitéis Slándála Eacnamaíche na hEorpa, aithnítear an tábhacht a bhaineann le margaí domhanda oscailte chun go n‑ éireoidh leis an Aontas Eorpach agus chun go mbeidh slándáil eacnamaíoch aige. Ina theannta sin aithníonn sé go bhfuil ábhair imní ag dul i méid maidir le hinfheistíochtaí amach i sraith chúng ardteicneolaíochtaí a d’fhéadfadh feabhas a chur ar acmhainneachtaí míleata agus intleachta gníomhaithe a d’fhéadfadh na cumais sin a úsáid chun an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chur i mbaol. Cé go ndéanann an tAontas agus a Bhallstáit scagadh cheana féin ar infheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas agus go rialaíonn siad onnmhairí teicneolaíochtaí dé-úsáide lasmuigh den Aontas, níl aon ghrinnscrúdú á dhéanamh faoi láthair ar infheistíochtaí a théann amach as an Aontas chuig tríú tíortha.

    I mí Iúil 2023, bhunaigh an Coimisiún Sainghrúpa maidir le hinfheistíochtaí amach leis na Ballstáit chun an plé maidir leis na saincheisteanna sin a chur chun cinn. Is é a réamh-mheasúnú go bhfuil gá le tuilleadh oibre agus anailíse chun go bhféadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit aon fhreagairt beartais is gá a chinneadh i leith na n‑ ábhar imní sin atá ag dul i méid.

    Tá an Coimisiún ag déanamh iarracht anois an plé sin a leathnú agus a struchtúrú ar bhonn Páipéar Bán chun tuiscint níos fearr a fháil ar infheistíochtaí amach in earnálacha straitéiseacha áirithe agus ar aon riosca gaolmhar a d’fhéadfadh a bheith ann. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a mholadh go dtacófar leis an méid sin trí fhaireachán agus measúnú na mBallstát ar an staid reatha. Ar bhonn an fhaireacháin sin thar thréimhse 12 mhí, d’fhéadfadh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, tabhairt faoi mheasúnú ar na rioscaí do shlándáil an Aontais, bunaithe ar mhodheolaíocht choiteann, chun a shuí an mbeidh gá leis na bearta maolaitheacha agus cé na bearta maolaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil.

    b.Tionscnaimh nua a bhaineann le taighde agus nuálaíocht


    Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le Slándáil Taighde a fheabhsú

    Is é is aidhm don Mholadh ón gComhairle atá beartaithe tacaíocht níos fearr a thabhairt do na Ballstáit agus d’institiúidí ardoideachais agus d’eagraíochtaí eile poiblí agus príobháideacha ar fud na hEorpa a théann i mbun taighde agus iad a chumhachtú ar bhealach níos fearr chun rioscaí slándála taighde a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Cuideoidh sé sin lena áirithiú nach mbainfear mí-úsáid as gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta ar bhealaí a dhéanann difear do shlándáil an Aontais nó a sháraíonn noirm eiticiúla.

    Cé gurb iad na rialtais náisiúnta is fearr atá in ann tacú leis an earnáil T&N, tá gá le comhar agus comhordú ar leibhéal an Aontais chun feidhmiú cuí an Limistéir Eorpaigh Taighde a áirithiú.

    Ag cur leis an obair atá déanta cheana agus i gcomhréir le prionsabal na saoirse acadúla, is é is aidhm don Mholadh atá beartaithe na Ballstáit uile a ghríosadh chun feasacht a chruthú agus athléimneacht a neartú in earnáil an taighde agus na nuálaíochta. Mholfaí do na Ballstáit creat beartais a bhunú le haghaidh slándáil taighde bunaithe ar chur chuige uile-rialtais, struchtúir tacaíochta a chruthú, coimircí a thabhairt isteach trí eagraíochtaí cistiúcháin, ollscoileanna agus eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha eile a théann i mbun taighde a dhreasú chun comhairleoirí slándála taighde a cheapadh agus próisis díchill chuí agus bainistithe riosca a thabhairt isteach.

    Ba cheart na bearta a dhéanann na Ballstáit a bheith comhréireach, agus béim á leagan ar fhéinrialachas na hearnála i gcomhréir leis an tsaoirse acadúil agus leis an neamhspleáchas institiúideach. Ba cheart an cur chuige foriomlán a bheith rioscabhunaithe agus gach cineál idirdhealaithe agus stiogmataithe a sheachaint.

    Chun na hiarrachtaí sin a chomhlánú, thacódh an tAontas le foghlaim, comhordú agus comhsheasmhacht beartais i measc na mBallstát, trí struchtúir rialachais an Limistéir Eorpaigh Taighde atá ann cheana agus trí Lárionad Eorpach Saineolais maidir le Slándáil Taighde a bhunú.

    Dhéanfadh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme an Mholta seo mar chuid den tuairisciú débhliantúil ar an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíochta agus féadfaidh sé, agus éabhlóid na staide geopholaitiúla á cur san áireamh, gníomhaíochtaí breise a mholadh.

    An Páipéar Bán maidir le roghanna chun feabhas a chur ar thacaíocht do thaighde agus d’fhorbairt lena mbaineann teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide ag baint leo 

    Tá acmhainneacht dé-úsáide ag baint le go leor teicneolaíochtaí atá ríthábhachtach do shlándáil eacnamaíoch an Aontais: tá na teicneolaíochtaí sin ábhartha do go leor réimsí i réimsí sibhialta agus cosanta araon agus d’fhéadfadh siad dul chun tairbhe do thionscal na hEorpa agus don gheilleagar i gcoitinne. I bhfianaise dúshláin gheopholaitiúla, tá an tacaíocht do T&F a bhaineann le teicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide acu ag éirí níos ábhartha.

    Sa Pháipéar Bán a glacadh inniu, déantar athbhreithniú ar an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoi chláir chistiúcháin reatha an Aontais agus sainaithnítear na roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann chun an tacaíocht sin a fheabhsú. Mar shampla, is é is aidhm do chláir amhail Scéim Nuálaíochta Cosanta an Aontais (EUDIS) faoin gCiste Eorpach Cosanta (EDF) teicneolaíochtaí a bhfuil gealladh fúthu a shainaithint sa réimse sibhialta agus a gcur in úsáid i réimse na cosanta a chur chun cinn.

    Cuirtear ar aghaidh ann trí rogha fhéideartha don todhchaí: (1) dul níos faide bunaithe ar an leagan amach atá ann faoi láthair agus é a neartú, (2) deireadh a chur leis an díriú eisiach ar chur i bhfeidhm sibhialta i gcodanna áirithe den chlár a thiocfaidh i gcomharbacht ar Fhís Eorpach, agus (3) ionstraim thiomnaithe a chruthú ina ndíreofar go sonrach ar thaighde agus forbairt a bhfuil acmhainneacht dé-úsáide ag baint leo. Leis an bPáipéar Bán, seolann an Coimisiún comhairliúchán leathan le húdaráis phoiblí, leis an tsochaí shibhialta, leis an tionscal agus leis an saol acadúil maidir le roghanna le haghaidh tacaíocht straitéiseach d’fhorbairt teicneolaíochta dé-úsáide. Leis an gcomhairliúchán sin, beifear in ann idirphlé cuimsitheach a dhéanamh leis na páirtithe uile lena mbaineann a chuirfidh bonn eolais faoi na chéad chéimeanna eile ón gCoimisiún.

    3.Dul chun cinn maidir le hobair eile a bhaineann leis an tslándáil eacnamaíoch 

    Ó glacadh an Straitéis Slándála Eacnamaíche i mí an Mheithimh seo caite, leanadh den dianobair ar phríomhghnéithe de shlándáil eacnamaíoch an Aontais.

    Measúnuithe riosca

    An 3 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Coimisiún Moladh do na Ballstáit inar sainaithníodh go bhfuil deich réimse teicneolaíochta ríthábhachtach do shlándáil eacnamaíoch an Aontais. Moladh ceithre cinn de na teicneolaíochtaí sin le haghaidh measúnú riosca comhpháirteach práinneach ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit 5 : Ardteicneolaíochtaí Leathsheoltóra, Teicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga, Teicneolaíochtaí Candamacha agus Bith-Theicneolaíochtaí.

    Tá an Coimisiún agus na Ballstáit ag obair faoi láthair ar na measúnuithe riosca sin, agus leas á bhaint acu as ionchur ó pháirtithe leasmhara, lena n áirítear tríd an bhFóram Tionsclaíochta, d’fhonn tuairisciú a dhéanamh i mí Feabhra. Tá an obair ar na measúnuithe riosca, lena ndírítear go háirithe ar rioscaí do shlándáil na teicneolaíochta agus do sceitheadh teicneolaíochta, comhlántach le hobair na Faireachlainne um Theicneolaíochtaí Criticiúla atá á reáchtáil ag an gCoimisiún, lena soláthraítear faireachán agus anailís rialta ar theicneolaíochtaí criticiúla chosaint, spás agus slabhraí luacha sibhialta gaolmhara an Aontais.

    Tá an Coimisiún ag leanúint den obair ar na trí mheasúnú riosca eile a sainaithníodh sa Straitéis (i.e. athléimneacht na slabhraí soláthair; slándáil fhisiciúil agus chibearshlándáil an bhonneagair chriticiúil agus úsáid a bhaint as spleáchais eacnamaíocha nó comhéigean eacnamaíoch mar uirlisí troda.

    Mar shampla, déantar faireachán ar rioscaí sa slabhra soláthair tríd an anailís ‘SCAN’ a bhaineann leis an bhFoláireamh maidir leis an Slabhra Soláthair chun measúnú a dhéanamh ar spleáchais straitéiseacha agus ar ghuais sa slabhra soláthair 6 . Tá an measúnú riosca sin bunaithe ar mhodheolaíochtaí sonraíbhunaithe chun spleáchais straitéiseacha an Aontais ar fud éiceachórais thionsclaíocha íogaire a shainaithint (i.e. a bhaineann le réimsí amhail an tslándáil agus an tsábháilteacht, sláinte mhuintir na hEorpa, an taistriú glas agus an taistriú digiteach), chomh maith leis na spleáchais sin a d’fhéadfadh a bheith ina leochaileachtaí do shlándáil eacnamaíoch an Aontais. Comhlánaítear an cur chuige sonraíbhunaithe le measúnú cáilíochtúil bunaithe ar fhaisnéis chun tuiscint a fháil ar impleachtaí an tslabhra soláthair a bhaineann le héifeachtaí suaiteacha a dhéanann difear d’earraí agus d’éiceachórais ar leith.


    A mhéid a bhaineann le slándáil fhisiceach agus dhigiteach bonneagair chriticiúil, foráiltear leis an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil a tháinig i bhfeidhm an 16 Eanáir 2023 go ndéanfaidh na Ballstáit measúnuithe riosca faoin 17 Eanáir 2026 maidir le seirbhísí fíor-riachtanacha. Le Treoir NIS 2 7 ,cuirtear an creat ar fáil le haghaidh measúnú riosca comhordaithe ar chibearshlándáil an bhonneagair chriticiúil. Beidh na measúnuithe riosca sin ina dtreoir freisin do na gníomhaíochtaí a leagtar amach faoin nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, a mhol an Coimisiún i mí Aibreáin 2023, agus go háirithe an tástáil chomhordaithe ullmhachta.

    Rinneadh roinnt measúnuithe cheana féin agus tá cuid acu ar siúl faoi láthair: mar shampla, leis an measúnú ar 5G 8  agus ar na himpleachtaí cibearshlándála a bhaineann leis na Líonraí Rochtana Raidió Oscailte (OpenRAN) 9  a chuirfidh ar fáil sna blianta amach romhainn bealach malartach chun an chuid sin de líonraí 5G a bhaineann le rochtain raidió a chur in úsáid bunaithe ar chomhéadain oscailte. Maidir le bonneagair chriticiúla, tá bearta éifeachtacha chun slándáil agus athléimneacht na mbonneagar cábla fomhuirí a neartú ríthábhachtach freisin.

    Tá an Coimisiún ag obair leis na Ballstáit freisin chun measúnú a dhéanamh ar leibhéil riosca agus ar réimsí ina bhféadfaí spleáchais eacnamaíochacomhéigean eacnamaíoch a úsáid mar uirlisí troda. Sa mheasúnú seo, breathnaítear ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag cleachtais den sórt sin atá dírithe ar an Aontas agus ar an dóchúlacht go bhféadfadh a leithéid a bheith ann. Breithnítear leis gníomhaíochtaí éagsúla a d’fhéadfadh cur isteach ar roghanna ceannasacha dlisteanacha an Aontais agus a Bhallstát nó a bhainfeadh úsáid as spleáchais eacnamaíocha mar uirlis troda ar bhealach eile sa chaidreamh leis an Aontas.

    Cuideoidh measúnuithe riosca le bonn eolais a chur le cinntí maidir le cibé acu atá gá le tuilleadh gníomhaíochta nó nach bhfuil. I gcás ina measfar gur gá sin, molfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an Ardionadaí i gcás inarb iomchuí, bearta breise faoi na colúin um chur chun cinn, cosaint agus dul i mbun comhpháirtíochta chun rioscaí a mhaolú.

    Slándáil taighde sna cláir chistiúcháin reatha de chuid an Aontais


    Ós rud é go bhfuil an tAontas ar cheann de na maoinitheoirí taighde is mó san Eoraip, tá beart déanta ag an gCoimisiún chun an tslándáil taighde a neartú, trí chur i bhfeidhm na gcoimircí atá ann cheana a spreagadh chun slándáil taighde a áirithiú, bunaithe ar chur chuige dian rioscabhunaithe. Is é is aidhm do na coimircí sin sócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil an Aontais a chosaint faoi Rialacháin an chláir Fís Eorpach agus Euratom 10 . Tá treoirlínte glactha ag an Aontas freisin le haghaidh taighde a bhaineann le hítimí dé-úsáide, chun a áirithiú go ndéanfaidh údaráis agus eagraíochtaí taighde rioscaí a shainaithint, a bhainistiú agus a mhaolú go héifeachtach 11 .

    Tá cur chun feidhme na gcoimircí sin á fheabhsú tuilleadh faoi chuimsiú an Rialacháin maidir le Fís Eorpach. Go nithiúil, tá incháilitheacht shrianta faoi Airteagal 22.5 den Rialachán ag 31 ghníomhaíocht faoi chlár oibre 2023-2024 (3.5 % den iomlán), rud a chiallaíonn nach bhféadfaidh eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha áirithe, atá faoi úinéireacht tríú tíortha áirithe nó atá faoi rialú tríú tíortha áirithe, a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí den sórt sin. Ina theannta sin, rinneadh comhar le heintitis atá bunaithe sa tSín a eisiamh i ndáil le gníomhaíochtaí nuálaíochta, faoi Airteagal 22.6 den Rialachán. Eisiadh rannpháirtíocht eintiteas dlítheanach ón Rúis agus ón mBealarúis i ngach ábhar faoin gclár Fís Eorpach i gcomhréir le córas smachtbhannaí an Aontais 12 .

    Threisigh an Coimisiún a chóras faireacháin maidir le cásanna ina n‑ aistrítear úinéireacht ar thorthaí tionscadal taighde arna gcistiú ag an Aontas chuig tríú tíortha neamhchomhlachaithe. Tá sé ag obair i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta freisin chun a chinneadh an gcomhlíonann tionscadail Fís Eorpach agus Euratom na rialacha slándála is infheidhme, go háirithe maidir le híogaireacht na faisnéise.

    Ina theannta sin, tá coimircí infheistíochta tugtha isteach ag an gCoimisiún faoin gComhairle Nuálaíochta Eorpach, a bheidh le cur san áireamh in infheistíochtaí i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus i ngnólachtaí nuathionscanta a fhorbraíonn teicneolaíochtaí agus nuálaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina rioscaí don tslándáil eacnamaíoch, má fhaigheann tríú tíortha neamhchomhlachaithe iad. Cuireadh an taithí sin go léir san áireamh agus an togra thuasluaite le haghaidh Moladh ón gComhairle, a cuireadh i láthair inniu, á ullmhú.

    Cur chun cinn agus dul i mbun comhpháirtíochta

    Mar chuid den cholún ‘cur chun cinn’ den Straitéis agus sa chomhthéacs níos leithne de chlár oibre iomaíochais an Aontais, tá an Margadh Aonair agus bonn eacnamaíoch an Aontais neartaithe ag an gCoimisiún. Tugadh roinnt céimeanna tábhachtacha chun athléimneacht gheilleagar an Aontais agus iomaíochas gheilleagar agus thionsclaíocht na hEorpa a neartú, lena n‑ áirítear trí fheabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú, trí thionscnaimh shóisialta thábhachtacha de chuid Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus trí infheistíochtaí agus athchóirithe a threisiú trí leathadh amach NextGeneration EU agus na gCistí Comhtháthaithe. Tá roinnt de na céimeanna sin a chuireann le slándáil eacnamaíoch an Aontais leagtha amach sna samplaí (neamh-uileghabhálacha) thíos.

    Leis an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair, a luaithe a ghlacfaidh na comhreachtóirí í, is fearr a bheidh an tAontas in ann faireachán a dhéanamh ar earraí agus seirbhísí riachtanacha i gcomhthéacs géarchéime agus creat rialachais a áirithiú le haghaidh comhfhreagairtí tapa. Leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, cinnteofar go mbeidh rochtain ag an Aontas ar sholáthar slán, éagsúlaithe, inacmhainne agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil. Leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, cothófar iomaíochas ár dtionscal agus éascófar an t‑ aistriú chuig geilleagar glan-nialasach. Cuideoidh AggregateEU le foinsí allmhairiúcháin fuinnimh a éagsúlú, agus cuirfidh an t‑ athchóiriú ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais dlús leis an mborradh atá faoi fhoinsí in-athnuaite, rud a dhéanfaidh soláthairtí fuinnimh a éagsúlú agus spleáchais a theorannú.

    Leis an Tionscnamh um Ard-Ábhar le haghaidh Ceannaireacht Thionsclaíoch atá ar na bacáin, cothófar táirgeadh agus úsáid ábhar nuálach inbhuanaithe san Aontas. Le Tionscnamh Bith-theicneolaíochta agus Bithmhonaraíochta an Aontais Eorpaigh atá ar na bacáin, cuirfear an t‑ iomaíochas chun cinn sa teicneolaíocht chriticiúil seo. Cuirfear san áireamh ann, inter alia, torthaí an mheasúnaithe riosca chomhpháirtigh thuasluaite. Leis an athchóiriú ar Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh, a moladh i mí na Bealtaine 2023, áiritheofar go mbeidh uirlisí agus acmhainní ag na húdaráis chustaim chun measúnú ceart a dhéanamh ar onnmhairí agus stop a chur le hallmhairí atá neamhdhleathach nó a bhfuil fíor-rioscaí slándála ag baint leo don Aontas, dá shaoránaigh agus dá gheilleagar.

    Tá dul chun cinn á dhéanamh freisin maidir le réimsí teicneolaíochta criticiúla a chur chun cinn. Tá creat leagtha síos ag an Clár Beartais 13 don Deacáid Dhigiteach chun forbairt agus úsáid teicneolaíochtaí agus seirbhísí digiteacha straitéiseacha Eorpacha a chothú. Áiritheofar le Gníomh an Aontais Eorpaigh um Chibear-Athléimneacht go gcuirfidh táirgí crua-earraí agus bogearraí, amhail gléasanna gan sreang agus gléasanna sreinge, an chibearshlándáil chun cinn d’úsáideoirí gnó agus do thomhaltóirí ar fud an Aontais agus go mbeidh riocht níos fearr ar thionscal an Aontais dá bharr trí cheannaireacht a thabhairt maidir le caighdeáin ghaolmhara.

    Tá caibidlíocht pholaitiúil ar siúl faoi láthair maidir leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP). A luaithe a ghlacfar é, déanfar ionstraimí de chuid an Aontais atá ann cheana a ghiaráil agus a stiúradh chun tacú le monaraíocht teicneolaíochtaí criticiúla san Aontas a fhorbairt. Leis an gComhghnóthas um Shliseanna, a tionscnaíodh ag deireadh mhí na Samhna 2023, dúntar an bhearna idir taighde, nuálaíocht agus cur chun feidhme, go háirithe trí chistiú EUR 1,67 billiún ón Aontas le haghaidh ceithre líne phíolótacha.

    Le Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga, a comhaontaíodh go polaitiúil i mí na Nollag 2023, cuirfear borradh faoin infheistíocht agus faoin nuálaíocht ar fud an Aontais trí dheimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil do ghnólachtaí agus trí mhuinín a chruthú do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí a úsáideann an intleacht shaorga. Déanfar é a chomhlánú go luath le tionscnamh ón gCoimisiún chun feabhas a chur ar an gcomhar idir gnólachtaí nuathionscanta intleachta saorga agus cumas sár-ríomhaireachta an Aontais atá ag dul i méid agus chun éiceachóras nuálaíochta intleachta saorga an Aontais a fhorbairt. Ina theannta sin, tá EUR 1,2 billiún de státchabhair ó sheacht mBallstát formheasta le haghaidh Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne chun tacú le taighde, forbairt agus an chéad úsáid thionsclaíoch de theicneolaíochtaí ardfhorbartha néalríomhaireachta agus imeall-ríomhaireachta san Eoraip. Leis an gComhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste, a tháinig i bhfeidhm in 2022, cothaítear ailíniú leis na Ballstáit maidir le Taighde agus Nuálaíocht 6G, agus imscaradh ardlíonraí 5G.

    Mar chuid den cholún ‘dul i mbun comhpháirtíochta’, lean an tAontas dá rannpháirtíocht le comhpháirtithe idirnáisiúnta a neartú chun leasanna coiteanna slándála eacnamaíche a chur chun cinn. Áirítear leis an gcomhar sin rochtain ar amhábhair a áirithiú, tuiscint a fháil maidir le slabhraí soláthair criticiúla, comhar a bhunú maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn i bpríomhréimsí, agus athchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála.

    In 2023, shínigh an tAontas comhaontuithe saorthrádála leis an Nua-Shéalainn, leis an tSile agus leis an gCéinia, agus shínigh sé an chéad Chomhaontú lena n‑ Éascaítear Infheistíocht Inbhuanaithe (CÉII) le hAngóla, agus chuir sé bailchríoch ar an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú leis an tSeapáin maidir le sreabha sonraí trasteorann.

    Leanadh den obair laistigh d’Ardán Comhordúcháin G7 maidir leis an gComhéigean Eacnamaíoch chun faisnéis a roinnt agus chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí i gcoinne uirlisí troda a dhéanamh den chomhéigean trádála agus eacnamaíoch. Tá dea-chleachtais foilsithe ag Grúpa Oibre G7 um Shlándáil agus Sláine an Éiceachórais Taighde Dhomhanda i mí na Samhna 2023 agus bhunaigh sé Acadamh Fíorúil chun gníomhaíochtaí breise a spreagadh. Is é is aidhm don Chomhpháirtíocht maidir le Slabhraí Soláthair a Fheabhsú ar bhonn athléimneach agus cuimsitheach (RISE) a tionscnaíodh in G7 tacú le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim chun róil níos mó a imirt sna tionscail déantúsaíochta um mianraí agus um fhuinneamh glan domhanda.

    Leis an toradh a bhí ar an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i mí Dheireadh Fómhair 2023, leagtar béim ar an leas coiteann atá ann spleáchais iomarcacha a laghdú, dul i ngleic le cleachtais neamh-mhargaidh, freagairt do chomhéigean eacnamaíoch, aghaidh a thabhairt ar rioscaí a eascraíonn as infheistíochtaí isteach agus amach agus athléimneacht an tslabhra soláthair a neartú, ar ábhair iad atá le tabhairt ar aghaidh faoin gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta. Chomhaontaigh an tAontas agus Ceanada freisin ag an gCruinniú Mullaigh a bhí acu i mí na Samhna 2023 idirphlé rialta a reáchtáil maidir leis an tslándáil eacnamaíoch. Ar an gcaoi chéanna, chomhaontaigh an tAontas agus Poblacht na Cóiré i mí na Bealtaine 2023 an t idirphlé slándála eacnamaíche a neartú. Coinnítear dlúthchomhar maidir leis an tslándáil eacnamaíoch ar bun freisin leis an tSeapáin agus leis an India.

    Rinneadh machnamh ar conas slándáil agus athléimneacht eacnamaíoch an Aontais agus a chomhpháirtithe a fheabhsú a chomhtháthú freisin i leathadh amach na Tairsí Domhanda, lena ndéantar suas le EUR 300 billiún a shlógadh in infheistíocht a théann chun tairbhe don dá thaobh, is é sin don fhorbairt inbhuanaithe i margaí atá ag teacht chun cinn agus i ngeilleagair atá i mbéal forbartha. Na comhpháirtíochtaí inbhuanaithe criticiúla maidir le hamhábhair le seacht dtír i dtrí mhór-roinn, lena n áirítear an tSile, Poblacht Dhaonlathach an Chongó agus an Chasacstáin agus na pacáistí don gheilleagar digiteach leis an gColóim, leis an Nigéir, leis an gCéinia, agus leis na hOileáin Fhilipíneacha, is samplaí iad de chomhpháirtíochtaí atá curtha i gcrích ag an Aontas cheana féin i gcomhthéacs na Tairsí Domhanda. Cuireann siad sin le slándáil eacnamaíoch na gcomhpháirtithe agus, an tráth céanna, cuireann siad leasanna straitéiseacha an Aontais chun cinn.

    Tacaíonn an tAontas go láidir i gcónaí le hathchóiriú leathan ar an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí sa trádáil idirnáisiúnta ar bhealach níos éifeachtaí.

    14 Tá an tAontas ag dul i mbun comhpháirtíochta freisin le raon leathan tíortha maidir le taighde agus nuálaíocht, go háirithe trí idirphlé iltaobhach a éascú maidir le luachanna agus prionsabail le haghaidh comhar idirnáisiúnta eolaíochta, ar ina leith a bheidh comhdháil aireachta idirnáisiúnta á hóstáil aige i mí Feabhra 2024. Cuirfidh an Coimisiún feabhas freisin ar an idirphlé i ndáil le hábhair imní maidir le slándáil eacnamaíoch le tríú tíortha a bhfuil baint acu le Fís Eorpach, , amhail an Ríocht Aontaithe, Ceanada nó an Nua-Shéalainn.

    4.Conclúid

    Is céim sa bhreis é an pacáiste tograí agus tionscnamh a leagtar amach sa Teachtaireacht seo chun an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch a chur chun feidhme.

    Tá cur chuige cuimsitheach sa phacáiste chun bosca uirlisí an Aontais a neartú maidir le rioscaí a bhaineann le hinfheistíochtaí coigríche san Aontas, le hinfheistíochtaí amach agus le hearraí dé-úsáide a mhaolú agus chun slándáil taighde a neartú. Tá an neartú sin ríthábhachtach chun cur ar a chumas don Aontas agus do na Ballstáit aghaidh a thabhairt go córasach ar na rioscaí arna sainaithint sna measúnuithe riosca leanúnacha a bhaineann le slabhraí soláthair, teicneolaíochtaí, bonneagair agus comhéigean eacnamaíoch.

    Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit, ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle, i gcomhréir lena n‑ inniúlachtaí faoi seach, na tograí agus na tionscnaimh sin a mheas, agus an obair leantach iomchuí a dhéanamh orthu, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún. I bhfianaise na timpeallachta geopholaitiúla, agus na deiseanna agus na rioscaí a chruthaíonn sí, beidh sé riachtanach dul ar aghaidh ar luas seasta.

    Is próiseas leanúnach é an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch a chur chun feidhme, agus tá sé bunaithe ar anailís riosca chríochnúil, as a dtagann glacadh beart spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí, agus cineál athraitheach na timpeallachta riosca á chur san áireamh. Dá bhrí sin, molfaidh an Coimisiún in am trátha, agus nuair is iomchuí, tionscnaimh bhreise chun an Straitéis a chur chun feidhme, agus déanfar an méid sin i gcomhar leis an Ardionadaí.

    (1)

    Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún Eorpach agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála: An Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch, 26.6.2023, JOIN(2023) 20 final

    (2)

    Féach an Doiciméad Inmheánach Oibre mar chuid den phacáiste a glacadh leis an Teachtaireacht seo.

    (3)

      https://www.oecd.org/daf/inv/investment-policy/oecd-eu-fdi-screening-assessment.pdf

    (4)

      https://www.eca.europa.eu/ga/publications/SR-2023-27

    (5)

    C(2023) 6689 final

    (6)

    Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach SWD(2021) 352 final agus Arjona et al. (2023)

    (7)

    Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais

    (8)

    Tuarascáil ar mheasúnú AE-chomhordaithe ar shlándáil na líonraí 5G (europa.eu)

    (9)

      Cibearshlándáil Líonraí Rochtana Raidió Oscailte | Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú (europa.eu)

    (10)

    Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n‑ aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013.

    (11)

    Moladh (AE) 2021/1700 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2021 maidir le cláir chomhlíontachta inmheánacha le haghaidh rialuithe ar thaighde a bhaineann le hítimí dé‑úsáide faoi Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé‑úsáide a rialú.

    (12)

    Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 agus Rialachán (AE) 2021/1986 ón gComhairle an 15 Samhain 2021

    (13)

    Cinneadh (AE) 2022/2481 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach

    (14) Faoi láthair, tá 19 dtríú tír comhlachaithe le Fís Eorpach, agus is iad an Ríocht Aontaithe, an Nua-Shéalainn agus Ceanada na comhpháirtithe is déanaí. Cuireann na comhlachais sin, a mhéid is féidir, na cearta agus na hoibleagáidí céanna ar fáil d’eintitis taighde agus nuálaíochta na dtíortha sin agus a thugtar d’eintitis Bhallstáit an Aontais. 
    Top