Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024BP2374

Rún (AE) 2024/2374 ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair don bhliain airgeadais 2022

IO L, 2024/2374, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2024/2374/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2024/2374/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2374

10.10.2024

RÚN (AE) 2024/2374 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 11 Aibreán 2024

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair don bhliain airgeadais 2022

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair don bhliain airgeadais 2022,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0094/2024),

A.

de bhrí gur bunaíodh an Comhghnóthas Taighde 3 um Bainistíocht Aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair (SESAR 3) (‘Comhghnóthas’), atá lonnaithe sa Bhruiséil, i mí na Samhna 2021 faoin gclár Fís Eorpach don tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2031 (1); ag tabhairt dá haire gur tháinig Comhghnóthas SESAR 3 in ionad agus i gcomharbas ar Chomhghnóthas SESAR a cuireadh ar bun i mí Feabhra 2007 faoin Seachtú Clár Réime um Thaighde (FP7) go ceann tréimhse 8 mbliana (2) (SESAR 1), agus ar leathnaíodh a thréimhse feidhmíochta i Meitheamh 2014, faoin gclár Fís 2020, go ceann tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2024 (3);

B.

de bhrí gur comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí é an Comhghnóthas chun bainistíocht nuachóirithe aerthráchta (BAT) a fhorbairt san Eoraip agus chun dlús a chur le tabhairt i gcrích an Aerspáis Dhigitigh Eorpaigh trí thaighde agus nuálaíocht; de bhrí gurb iad na comhaltaí bunaidh ná an tAontas Eorpach, a ndéanann an Coimisiún ionadaíocht thar a cheann; an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (Eurocontrol), agus breis is 50 eagraíocht a chuimsíonn slabhra luacha na heitlíochta ar fad, ó aerfoirt, úsáideoirí aerspáis de gach catagóir, soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, oibreoirí dróin agus soláthraithe seirbhísí dróin, an tionscal monaraíochta agus an pobal eolaíochta;

C.

de bhrí, chun trédhearcacht a mhéadú, gur cheart don Chomhghnóthas faisnéis ábhartha maidir le ranníocaíochtaí na gcomhaltaí ar leibhéal an chláir a nochtadh ina chuntais bhliantúla; de bhrí, le haghaidh gach cláir a bhfuil siad ag oibriú fúthu, gur cheart don Chomhghnóthas gach faisnéis ábhartha, lena n-áirítear na spriocanna dlíthiúla do na ranníocaíochtaí atá socraithe don chlár faoi seach, méid na ranníocaíochtaí atá faighte agus méid na ngealltanas dlíthiúil, a chur i láthair in aghaidh na ballchatagóire suas go dtí deireadh na bliana; de bhrí gur cheart don Chomhghnóthas leanúint d’fheabhas a chur ar thrédhearcacht;

Ginearálta

1.

ag tabhairt dá haire, ón Tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí (4), gur cuireadh tús le clár an Aerspáis Eorpaigh Dhigitigh in 2022 nuair a formheasadh an clár oibre ilbhliantúil agus an chéad chlár oibre débhliantúil, agus nuair a seoladh an chéad 2 ghlao faoi chuimsiú Fís Eorpach chun (1) taighde taiscéalaíoch agus tionsclaíoch a dhéanamh agus (2) dlús a chur leis an nuálaíocht agus leis an nglacadh sa mhargadh; ag tabhairt dá haire gur roghnaíodh 48 de na 127 dtogra a fuarthas i gcomhair tionscadail, arb ionann é agus infheistíocht iomlán EUR 350 milliún;

2.

á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú an Chomhghnóthais freagairt do chogadh foghach neamhdhleathach agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine toisc go ndearnadh difear do roinnt sreafaí tráchta, rud a d’fhág gur ghá oibríochtaí rialaithe aerthráchta (BAT) an Chomhghnóthais a oiriúnú, rud a d’fhág go raibh gá níos mó le rialtóirí aerthráchta (ATCO);

3.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Comhghnóthas dul chun cinn in 2022 maidir le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta (T&N) chlár SESAR 2020 a thabhairt chun críche agus, ag an am céanna, gur chuir sé ar chumas chomhpháirtíocht Chomhghnóthas SESAR 3 a bheith lánfheidhmiúil agus clár T&N an Aerspáis Eorpaigh Dhigitigh a chur i bhfeidhm;

4.

ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur rannchuidiú tábhachtach iad na gníomhaíochtaí a fhorbraítear le tosaíochtaí agus tionscnaimh straitéiseacha an Choimisiúin Eorpaigh, eadhon an tAerspás Eorpach Aonair, an Comhaontú Glas don Eoraip agus Eoraip atá oiriúnach don ré dhigiteach;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

5.

á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú an Chomhghnóthais freagairt do chogadh foghach neamhdhleathach agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine toisc go ndearnadh difear do roinnt sreafaí tráchta, rud a d’fhág gur ghá oibríochtaí BAT a athoibriú, rud a d’fhág go raibh gá níos mó le ATCO;

6.

ag tabhairt dá haire gurbh é an buiséad a bhí ar fáil (5) le haghaidh 2022 ná EUR 146,9 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí (EUR 69,9 milliún in 2021) agus EUR 158,8 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (EUR 34,8 milliún in 2021);

7.

ag tabhairt dá haire go bhfuil na hathruithe i méid bhuiséad an Chomhghnóthais ag brath go mór ar chéim chur chun feidhme na gclár ilbhliantúil taighde agus nuálaíochta. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Comhghnóthas, in 2022, le cur chun feidhme an chláir Fís Eorpach, agus dá bhrí sin, áirítear i mbuiséad 2022 an buiséad gealltanais do na chéad ghlaonna de chuid Fís Eorpach atá beartaithe do 2022, chomh maith leis an mbuiséad íocaíochtaí do na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe gaolmhara;

8.

ag tabhairt dá haire gur ghlac Bord Rialaithe an Chomhghnóthais buiséad 2022 i mí na Nollag 2021 agus gur formheasadh leis an gcinneadh sin roinnt gnéithe idirthréimhseacha a bhaineann le clár oibre bliantúil, buiséad, plean bunaíochta foirne agus plean soláthair an Chomhghnóthais le haghaidh 2021 agus 2022; ag tabhairt dá haire gur leasaíodh buiséad 2022 faoi dhó i mí Dheireadh Fómhair 2022, agus leis an tríú leasú, i mí na Nollag 2022 (6);

9.

ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), go bhfuil difear suntasach i gcuntais bhliantúla 2022 an Chomhghnóthais idir méideanna na ranníocaíochtaí atá aitheanta in aghaidh na ballchatagóire (an tAontas, comhaltaí príobháideacha agus Eurocontrol); ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh sin toisc go ndéantar ranníocaíochtaí airgid an Aontais a bhailíochtú agus a aithint nuair a íoctar leis an gComhghnóthas iad ag tús chur chun feidhme an tionscadail, ach nach ndéantar ranníocaíochtaí comhchineáil na gcomhaltaí a aithint go dtí tar éis do na costais atá tabhaithe agus dearbhaithe do chur chun feidhme an tionscadail a bheith bailíochtaithe;

10.

ag tabhairt dá haire gur cheart aghaidh a thabhairt ar an mbearna idir méid aitheanta na ranníocaíochtaí airgid thirim ar thaobh amháin agus ranníocaíochtaí comhchineáil ar an taobh eile, trí fhaisnéis a sholáthar maidir le gealltanais dhlíthiúla chomhaltaí an Chomhghnóthais ag deireadh na bliana, i dtéarmaí comhaontuithe agus conarthaí deontais sínithe;

11.

ag tabhairt dá haire, maidir le cur chun feidhme Fís 2020, gur gheall an Comhghnóthas an ranníocaíocht oibríochtúil uasta de EUR 555,8 milliún ón Aontas go hiomlán ag deireadh 2022 le haghaidh comhaontuithe deontais agus conarthaí sínithe faoin gclár agus go bhfuil thart ar EUR 65,7 milliún (nó 11,8 %) den mhéid geallta sin fós le híoc sna blianta amach romhainn le haghaidh tionscadail agus conarthaí atá fós le cur i gcrích; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh gealltanas dlíthiúil tugtha ag na comhaltaí príobháideacha a ranníocaíochtaí comhchineáil iomlána de EUR 280 milliún a sholáthar, arna sainiú mar sprioc sa chomhaontú ballraíochta tionscail agus gur thuairiscigh comhaltaí tionscail EUR 278,5 milliún (nó 99,5 %) den mhéid sin ag deireadh 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur gheall Eurocontrol go hiomlán an sprioc de EUR 467 milliún de ranníocaíochtaí oibríochtúla, arna sainiú sa chomhaontú déthaobhach agus gur thuairiscigh sé EUR 313,6 milliún den mhéid sin (nó 67 % den sprioc) ag deireadh 2022;

12.

ag tabhairt dá haire, i gcás gníomhaíochtaí faoin gclár Fís 2020, nach bhfuair an Comhghnóthas aon leithreasú nua faoi chomhair gealltanas le haghaidh cúrsaí oibríochtúla toisc go raibh an glao deiridh ar thograí curtha i gcrích ag an gComhghnóthas faoi dheireadh 2020; ag tabhairt dá haire go raibh ráta cur chun feidhme an Chomhghnóthais dá bhuiséad oibríochtúil le haghaidh 2022 i bhfad níos ísle ná mar a bhí sna blianta roimhe sin (54 % in 2022 -93 % in 2021), mar gheall ar na costais atá ag dul i méid agus na fadhbanna seachadta a bhí ag tairbhithe tar éis ghéarchéim COVID-19, agus an chogaidh fhoghaigh i gcoinne na hÚcráine; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, gurbh éigean ré fhormhór thionscadail Fís 2020 a fhadú agus na híocaíochtaí deiridh di a chur siar go dtí 2023.

13.

ag tabhairt dá haire go raibh leithreasuithe Fís Eorpach le haghaidh 2022 curtha chun feidhme go hiomlán don chéad 2 ghlao a seoladh i mí Aibreáin 2022; ag tabhairt dá haire go ndearna an Coimisiún ranníocaíocht airgeadais de EUR 83,5 milliún le haghaidh chur chun feidhme na dtionscadal sin in 2022. ag tabhairt dá haire, áfach, ós rud é nach raibh an chéim mheastóireachta tugtha chun críche ag deireadh na bliana, nach bhféadfaí na ranníocaíochtaí airgid sin a úsáid go dtí an chéad leath de 2023, nuair a bheidh na comhaontuithe deontais sínithe agus nuair a bheifear in ann na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe gaolmhara a dhéanamh;

14.

á chur in iúl gur geal léi gur lean an Comhghnóthas de bheith ag bainistiú 71 thionscadal a bhaineann le taighde taiscéalaíoch, taighde tionsclaíoch agus bailíochtú, a bhfuil300 tairbhí éagsúil ann agus ar FBManna beagnach 20 % díobh, institiúidí ardoideachais 17 % díobh agus eagraíochtaí taighde 9 % díobh; á mheabhrú go gcruthaíonn an Comhghnóthas deiseanna nua do FBManna;

15.

ag tabhairt dá haire gur lean Comhghnóthas an Comhghnóthas de bheith ag neartú a chomhpháirtíochta le Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA), agus é ina chuspóir aige comhar a chothú léi mar chuid den comhaontú leibhéil seirbhíse, agus é a chur de chúram ar EASA seirbhísí i réimse na bainistíochta aerthráchta nó seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar, lena n-áirítear cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an Aerspás Eorpach Aonair a fhorbairt tuilleadh;

16.

ag tabhairt dá haire an barrachas de EUR 107,2 milliún, atá mar iarmhairt ar ghlacadh mall an Bhunghnímh Aonair;

17.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an Comhghnóthas chun an tAerspás Eorpach Digiteach a bhaint amach, a mbeidh 48 dtionscadal roghnaithe mar thoradh air, lena n-áirítear cúig Léirsiú Aerspáis Dhigitigh a sheoladh, le hinfheistíocht iomlán EUR 350 milliún; á chur in iúl gur díol sásaimh di an dlúth-idirphlé ó 2011 idir an Comhghnóthas agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) maidir le cúrsaí míleata agus ionchuir i gclár an Aerspáis Eorpaigh Dhigitigh; ag tabhairt dá haire go bhfeidhmíonn GEC anois mar an príomh-chomhéadan idir clár an Aerspáis Eorpaigh Dhigitigh ar thaobh amháin, agus eitlíocht mhíleata agus bainistíocht aerthráchta ar an taobh eile, agus go bhfuil sé freagrach as tuairimí míleata a chomhordú maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair agus SESAR;

Córais bhainistíochta agus rialaithe

18.

ag tabhairt dá haire, i dtaca leis an gcaiteachas faoi Fís 2020 agus Fís Eorpach, go ndearna an Chomhsheirbhís Iniúchóireachta de chuid AS RTD sa Choimisiún iniúchtaí ex post; ag tabhairt dá haire i gcás an chaiteachais faoin gclár Fís 2020 (imréitigh agus íocaíochtaí deiridh), gur thuairiscigh an Comhghnóthas ráta earráide ionadaíoch de 2,4 % agus ráta earráidí iarmharacha de 1,8 % (7); ag tabhairt dá haire, i gcás Fís Eorpach, go bhfuil iniúchtaí ex post fós le déanamh toisc nach bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh na chéad íocaíochtaí eatramhacha déanta go dtí 2024;

19.

ag tabhairt dá haire, chun na rialuithe ar íocaíochtaí oibríochtúla an Chomhghnóthais a mheasúnú, go ndearna an Chúirt iniúchóireacht ar shampla randamach d’íocaíochtaí Fís 2020 a rinneadh in 2022, ar leibhéal na dtairbhithe deiridh (8); ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár aimsigh an Chúirt aon earráid inchainníochtaithe thromchúiseach i measc thairbhithe an Chomhghnóthais sa sampla; ag tabhairt dá haire mar sin féin, i gcás amháin, gur thuairiscigh an Chúirt fadhb shistéimeach a bhí ann toisc go ndearna an tairbhí costais neamh-incháilithe a dhearbhú le haghaidh deimhnithe neamhéigeantacha den ráiteas airgeadais, ar rud é sin a bhain leis na ráitis airgeadais eatramhacha;

20.

ag tabhairt dá haire gur mheas an Chúirt go raibh cur chuige struchtúrtha rioscabhunaithe maidir le rialuithe ex ante do dheontais an chláir Fís 2020 in easnamh ar leath de na Comhghnóthais, lena n-áirítear SESAR 3;

21.

á mheabhrú, de bhun Airteagal 21 de rialacha airgeadais an Chomhghnóthais, gurb é is cúis le rialuithe ex ante ná earráidí agus neamhrialtachtaí a chosc sula ndéanfar na hoibríochtaí a údarú, agus an riosca nach mbainfear cuspóirí amach a laghdú;

22.

ag tabhairt dá haire ina leith sin, i gcás SESAR, bunaithe ar an athbhreithniú ar dhoiciméadacht inmheánach agus ar agallaimh le foireann an Chomhghnóthais, gur aimsigh an Chúirt amhail ag deireadh 2022 gurbh iad na tairbhithe a raibh iniúchóireacht ex post déanta orthu, agus iadsan amháin, a breithníodh i gcur chuige faireacháin an Chomhghnóthais, agus gurbh iad na barrthairbhithe a bhí iontu sin den chuid is mó; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh tairbhithe a d’fhéadfadh a bheith ina dtairbhithe rioscúla agus nach ndearnadh iniúchóireacht ex post riamh orthu, chomh maith le nuatheachtaithe, eisiata as an measúnú riosca dá réir sin;

23.

ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, nár mheas an Comhghnóthas riosca ar leibhéal an tionscadail;

24.

á iarraidh ar an gComhghnóthas feabhas a chur ar a chur chuige faireacháin riosca i leith rialuithe ex ante ionas go sainaithneoidh sé tairbhithe a d’fhéadfadh a bheith ina dtairbhithe rioscúla, agus nach bhfuil áirithe sa phobal faoi láthair (amhail tairbhithe nach ndearnadh iniúchóireacht ex post riamh orthu agus nuatheachtaithe), mar aon le tionscadail a d’fhéadfadh a bheith ina dtionscadail rioscúla;

25.

á iarraidh ar an gComhghnóthas aghaidh a thabhairt ar laigí in úsáid na huirlise faireacháin treisithe (9); á mheabhrú, i ndáil leis sin, go bhfuil an uirlis ceaptha chun cuidiú le díriú ar rialuithe ex ante ar na rioscaí is tábhachtaí a ndearnadh measúnú orthu do thionscadal nó do thairbhithe, lena gceadaítear d’oifigeach tráth ar bith le linn chur chun feidhme an tionscadail, rioscaí tábhachtacha sainaitheanta a thaifeadadh agus an ghníomhaíocht faireacháin agus maolaithe riosca faoi seach a rianú;

26.

ag tabhairt dá haire, ionas go bhféadfaidh oifigigh úsáid éifeachtach agus éifeachtúil a bhaint as an uirlis, gur cheart dóibh spriocdháta (dáta dlite) ábhartha agus inghnóthaithe a shainiú do thabhairt chun críche spriocdhírithe na gníomhaíochta faireacháin threisithe; ag tabhairt dá haire, áfach, i gcás an Chomhghnóthais, nach ndearnadh an bhratach faireacháin threisithe a athnuachan ná a dhúnadh ar an dáta dlite sainithe a dhul in éag, agus, ina theannta sin, nach ndearna an t-oifigeach athmheasúnú ar an leibhéal riosca tar éis chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí rialaithe;

27.

ag aontú leis an gCúirt gur cheart don Chomhghnóthas a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí rialaithe sonracha ag gabháil leis na gníomhaíochtaí faireacháin threisithe uile lena ndírítear ar na rioscaí sainaitheanta, agus go ndéanfar obair leantach orthu ag spriocdháta réamhshainithe;

28.

ag tabhairt dá haire, i gcomhréir leis an measúnú ón gCúirt, gur tháinig méadú, faoi Fís Eorpach, ar a thábhachtaí atá sé don Chomhghnóthas a chur chuige rioscabhunaithe féin i leith bainistiú deontas a chur chun feidhme;

29.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil struchtúr tairbhithe nó tionscadal an Chomhghnóthais ag athrú go suntasach faoin gclár Fís Eorpach, amhail an líon méadaithe FBManna, nuatheachtaithe agus cuibhreannais mhóra, chomh maith leis an gceanglas gan ach nósanna imeachta glaonna oscailte a úsáid do ghníomhaíochtaí Fís Eorpach, agus, mar thoradh air sin, go bhféadfadh sé nach mbeadh na tosca riosca a sainaithníodh i gcláir roimhe seo ábhartha a thuilleadh agus go bhféadfadh tosca riosca nua teacht chun cinn;

30.

ag aontú leis an gCúirt go dtarraingíonn na hathruithe sin aird ar a thábhachtaí atá sé don Chomhghnóthas a gcur chuige rioscabhunaithe sonrach féin i leith bainistiú deontas a chur chun feidhme nó a oiriúnú;

31.

á chur in iúl gur geal léi gealltanas an Chomhghnóthais aghaidh a thabhairt ar na tosca riosca nua a eascraíonn as creat Fís Eorpach agus a chur chuige nua rioscabhunaithe i leith rialuithe ex ante a oiriúnú chomh maith le huirlisí rioscabhunaithe nua a chur ar bun chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí ar leibhéal an tionscadail agus do nuatheachtaithe; á iarraidh ar an gComhghnóthas faisnéis a chur ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí sin ina thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí le haghaidh 2023;

Soláthar agus foireann

32.

ag tabhairt dá haire, mar gheall ar a ghníomhaíochtaí breisithe, gur dhírigh an Comhghnóthas ar bhainistiú a chonarthaí reatha a chumhdaítear le leithreasuithe oibríochtúla agus ar sholáthraithe seirbhísí sonracha bainistithe clár a roghnú agus, mar thoradh air sin, gur chinn an Comhghnóthas dátaí táscacha roinnt soláthairtí oibríochtúla a aistriú go dtí an chéad ráithe de 2023;

33.

ag tabhairt dá haire go bhforáiltear le plean bunaíochta foirne 2022, arna fhormheas ag an gComhghnóthas, do 37 gcomhalta den fhoireann shealadach, do bhall foirne amháin ar conradh agus beirt shaineolaithe náisiúnta ar iasacht, mar atá leagtha amach i mbuiséad ginearálta bliantúil an Aontais Eorpaigh don Choimisiún Eorpach;

34.

ag tabhairt dá haire go raibh leithdháileadh éifeachtach na mball foirne fós ina thosaíocht don Chomhghnóthas SESAR 3 le linn 2022 agus go raibh iarrachtaí dírithe ar fhorbairt ghairmiúil agus ghairme na foirne, chomh maith lena áirithiú gur baineadh úsáid as na baill foirne leithdháilte ar an mbealach is eacnamaíche, is éifeachtúla agus is éifeachtaí;

35.

ag tabhairt dá haire gurbh é 8,1 % an ráta folúntais ag deireadh 2022; ag tabhairt dá haire ón Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí, ós rud é nach bhfuil ach 37 bpost mar chomhaltaí den fhoireann shealadach i bplean bunaíochta foirne an Chomhghnóthais, go méadaítear an ráta folúntais ábhartha 2,7 % le gach cás imeachta ón bhfoireann shealadach;

36.

ag tabhairt dá haire gur cuireadh tús le cur chun feidhme mhodúl an chórais faisnéise Sysper Job le linn 2022; ag tabhairt dá haire ón Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí, go gcuirfidh an Comhghnóthas an Córas um Bainistiú Acmhainní Daonna i gcrích in 2023;

37.

ag tabhairt dá haire, maidir le cothromaíocht inscne agus gheografach, go raibh an Comhghnóthas fós tiomanta a áirithiú go bhfanfadh a chothromaíocht fhoriomlán cobhsaí, ag tabhairt dá haire gur mhná iad 59 % den 37 mball foirne ag deireadh 2022 agus gur fhir iad 41 % díobh, agus go raibh ionadaíocht ag 15 náisiúntacht san fhoireann;

Obair leantach ar bharúlacha ó bhlianta roimhe seo

38.

ag tabhairt dá haire nach ‘moltaí le fráma ama’ ón gCúirt iad na ‘barúlacha’ i dtuarascálacha bliantúla sonracha an Chomhghnóthais; ag tabhairt dá haire go ndéanann an Chúirt obair leantach ar bhonn bliantúil ar na barúlacha sin trí mheasúnú a dhéanamh ar a stádas mar stádas ‘oscailte’ nó ‘dúnta’;

39.

á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil gníomhaíocht cheartaitheach déanta ag an gComhghnóthas mar fhreagairt ar bharúil na Cúirte a eisíodh in 2021.

(1)  Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt (IO L 64, 2.3.2007, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 721/2014 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 (IO L 192, 1.7.2014, p. 1).

(4)   https://www.sesarju.eu/node/4509

(5)  Áirítear ann leithreasuithe ó bhlianta roimhe sin nár úsáideadh, a cuireadh isteach sa bhuiséad arís le haghaidh 2022, ioncaim shannta agus ath-leithdháilte ar an mbliain dár gcionn.

(6)  Tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí (lch. 59).

(7)  Tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí, caibidil 4.1.1.2.3.

(8)  I gcás na n-idirbheart íocaíochta deontais a tástáladh ar leibhéal na dtairbhithe, is é 1 % de na costais faoi iniúchóireacht an tairseach um thuairisciú d’earráidí inchainníochtaithe.

(9)  De réir roinn 3.2.2 maidir le faireachán treisithe atá sa treoraíocht maidir le rialuithe ex ante do Fís 2020 atá eisithe ag CIC (Comhionad Cur Chun Feidhme AS RTD sa Choimisiún), is ann don uirlis faireachán threisithe chun tacú le hoifigigh a bhíonn ag déileáil le deontais (oifigigh tionscadal, oifigigh airgeadais agus oifigigh dhlíthiúla) chun measúnú riosca a dhéanamh ar thionscadail nó tairbhithe.


ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2024/2374/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top