Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024BP2365

Rún (AE) 2024/2365 ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan don bhliain airgeadais 2022

IO L, 2024/2365, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2024/2365/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2024/2365/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2365

10.10.2024

RÚN (AE) 2024/2365 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 11 Aibreán 2024

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan don bhliain airgeadais 2022

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan don bhliain airgeadais 2022,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0089/2024),

A.

de bhrí gur bunaíodh an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan atá lonnaithe sa Bhruiséil, don tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2031 i mí na Samhna 2021 faoin gclár Fís Eorpach le Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle (1); de bhrí gur tháinig an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan in ionad agus i gcomharbacht ar an Tionscnamh Comhpháirteach Teicneolaíochta um Chealla Breosla agus um Hidrigin (‘Comhghnóthas FCH’) a bunaíodh don tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2017 i mí na Bealtaine 2008 faoin Seachtú Clár Réime um Thaighde le Rialachán (CE) Uimh. 521/2008 ón gComhairle (2) agus ar cuireadh síneadh leis i mí na Bealtaine 2014 faoin gclár Fís 2020 ar feadh tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2024 le Rialachán (AE) Uimh. 559/2014 ón gComhairle (3) (‘Comhghnóthas FCH 2’);

B.

de bhrí gur comhpháirtíocht phoiblí-phríobháideach é an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan i réimse an taighde agus na nuálaíochta i dteicneolaíocht na gceall breosla agus hidrigine; de bhrí gurb iad na comhaltaí bunaidh an tAontas, a ndéanann an Coimisiún ionadaíocht thar a cheann, an comhlachas tionscail (Hydrogen Europe) agus an comhlachas taighde (Hydrogen Europe Research);

C.

de bhrí, chun trédhearcacht a mhéadú, gur cheart don Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan faisnéis ábhartha maidir le ranníocaíochtaí na gcomhaltaí ar leibhéal an chláir a nochtadh ina chuntais bhliantúla; de bhrí, le haghaidh gach cláir a bhfuil siad ag oibriú fúthu, gur cheart don Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan gach faisnéis ábhartha, lena n-áirítear na spriocanna dlíthiúla do na ranníocaíochtaí atá socraithe don chlár faoi seach, méid na ranníocaíochtaí atá faighte agus méid na ngealltanas dlíthiúil, a chur i láthair in aghaidh na ballchatagóire suas go dtí deireadh na bliana; á mholadh go leanfadh an Comhghnóthas um Hidrigin Glan d’fheabhas a chur ar an trédhearcacht;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cuntais bhliantúla an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (‘tuarascáil na Cúirte’) go meastar go gcuirtear i láthair go cothrom i gcuntais bhliantúla 2022, ar gach slí ábhartha, staid airgeadais an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan an 31 Nollaig 2022, torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid thirim, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain sin a tháinig chun deiridh, i gcomhréir lena rialachán airgeadais agus leis na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go luaitear sa tuarascáil ón gCúirt go bhfuil na hidirbhearta is bun leis na cuntais dleathach agus rialta, ar gach slí ábhartha;

2.

á chur in iúl gur geal léi ról an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan maidir le tacú le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i dteicneolaíochtaí hidrigine san Eoraip;

3.

ag tabhairt dá haire gurbh ionann an buiséad a bhí ar fáil in 2022 (4) agus EUR 314,3 milliún (i gcomparáid le EUR 15,8 milliún in 2021) i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (5), agus gur le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhí EUR 305,8 milliún den mhéid sin agus gur le haghaidh caiteachas riaracháin a bhí EUR 8 milliún de, agus gurbh ionann an buiséad i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí (6) agus EUR 118,3 milliún (i gcomparáid le EUR 56,2 milliún in 2021), agus gur le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhí EUR 109,7 milliún den mhéid sin agus gur le haghaidh caiteachas riaracháin a bhí EUR 8,1 milliún de;

4.

ag tabhairt dá haire go bhfuil na hathruithe i méid bhuiséad an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan ag brath go mór ar chéim chur chun feidhme na gclár ilbhliantúil taighde agus nuálaíochta atá á gcur chun feidhme aige; ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan, in 2022, le cur chun feidhme an chláir Fís Eorpach, agus dá bhrí sin, go n-áirítear i mbuiséad 2022 an buiséad gealltanais do na chéad ghlaonna de chuid Fís Eorpach atá beartaithe do 2022, chomh maith leis an mbuiséad íocaíochta do na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe gaolmhara;

5.

ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) nach leor an fhaisnéis atá ann maidir le ranníocaíochtaí na gcomhaltaí ar leibhéal an chláir; á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin;

6.

ag tabhairt dá haire, i gcuntais bhliantúla 2022 an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan, go bhfuil difear suntasach ó bhallchatagóir go chéile i méideanna na ranníocaíochtaí atá aitheanta in aghaidh na ballchatagóire (AE agus comhaltaí príobháideacha). ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh sin toisc go ndéantar ranníocaíochtaí airgid an Aontais a bhailíochtú agus a aithint nuair a íoctar leis an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan iad ag tús chur chun feidhme an tionscadail, ach nach ndéantar ranníocaíochtaí comhchineáil na gcomhaltaí a aithint go dtí tar éis do na costais atá tabhaithe agus dearbhaithe do chur chun feidhme an tionscadail a bheith bailíochtaithe;

7.

á iarraidh ar Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan aghaidh a thabhairt ar an mbearna idir méid na ranníocaíochtaí airgid a bhí aitheanta, ar lámh amháin, agus méid na ranníocaíochtaí comhchineáil, ar an lámh eile, trí fhaisnéis faoi ghealltanais dhlíthiúla chomhaltaí an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan ag deireadh na bliana ó thaobh comhaontuithe deontais agus conarthaí sínithe de;

8.

á chur in iúl gur geal léi, maidir le cur chun feidhme an Seachtú Clár Réime um Thaighde, gur bhain an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan spriocanna ranníocaíochta na gcomhaltaí amach;

9.

ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2022, go raibh EUR 425,8 milliún (nó 95 %) de ranníocaíocht uasta oibríochtúil AE de EUR 450 milliún geallta ag an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan do chomhaontuithe deontais sínithe faoin Seachtú Clár Réime um Thaighde; ag tabhairt dá haire, den mhéid sin a bhí geallta, go raibh tuairim is EUR 3 mhilliún (nó 0,7 %) fós le híoc in 2023 do dhúnadh an tionscadail deiridh a bhí fós ar siúl faoin Seachtú Clár Réime um Thaighde. ag tabhairt dá haire, ar a bharr sin, ag deireadh 2022, go raibh ranníocaíochtaí comhchineáil ag leibhéal na sprice íosta de EUR 450 milliún dearbhaithe ag na comhaltaí príobháideacha, agus go raibh sé sin bailíochtaithe go hiomlán ag an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan;

10.

ag tabhairt dá haire, maidir leis an gclár Fís 2020, gurb í an chúis atá leis an leibhéal íseal de ranníocaíochtaí comhchineáil bailíochtaithe na gcomhaltaí príobháideacha le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla de EUR 51,7 milliún (2021: EUR 38,6 milliún), ná go ndéanann an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan iad a dheimhniú níos déanaí, nuair a bhíonn na híocaíochtaí deiridh le haghaidh thionscadail Fís 2020 déanta agus nuair a bhíonn deimhnithe an ráitis airgeadais dlite;

11.

ag tabhairt dá haire, ó thuarascáil na Cúirte, go bhfuil gealltanais dhlíthiúla na gcomhaltaí ag leibhéal a gcuid spriocanna ranníocaíochta;

12.

ag tabhairt dá haire, maidir leis an méid atá bainte amach ag an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan i gcás an chláir Fís 2020, ó thaobh comhaontuithe deontais agus conarthaí sínithe, ag deireadh 2022, go raibh ranníocaíocht uasta oibríochtúil an Aontais de EUR 646 milliún geallta ag an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan le haghaidh comhaontuithe deontais agus conarthaí sínithe faoin gclár sin; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, as an méid geallta sin, go bhfuil thart ar EUR 88,5 milliún (nó 13,7 %) fós le híoc sna blianta amach romhainn do thionscadail agus conarthaí atá fós le tabhairt chun críche;

13.

ag tabhairt dá haire, lena chois sin, gur thug na comhaltaí príobháideacha gealltanas dlíthiúil go ndéanfaidís ranníocaíochtaí comhchineáil de EUR 190,5 milliún a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí oibríochtúla an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan, mar aon le ranníocaíochtaí comhchineáil de EUR 1 039 milliún le haghaidh na ngníomhaíochtaí breise (nó 340,6 %) den sprioc íosta de EUR 361 mhilliún; ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh na méideanna sin a bhí geallta go hiomlán ag deireadh 2022;

14.

ag tabhairt dá haire, i gcás gníomhaíochtaí faoi Fís 2020, nach bhfuair an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan aon leithreasú nua faoi chomhair gealltanas le haghaidh cúrsaí oibríochtúla toisc go raibh an glao deiridh ar thograí curtha i gcrích ag an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan faoi dheireadh 2020;

15.

ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte, gur laghdaigh cur chun feidhme íocaíocht oibríochtúil bhuiséad 2022 le haghaigh ghníomhaíochtaí Fís 2020 (81 % i gcás 2022 i gcomparáid le 88 % i gcás 2021) de réir mar a mhéadaigh costais ar na tairbhithe agus de réir mar a bhí fadhbanna seachadta ag eirí as géarchéim COVID-19 agus as an gcogadh foghach in aghaidh na hÚcráine agus, mar thoradh ar sin, gurbh éigean ré fhormhór thionscadail Fís 2020 a fhadú agus na híocaíochtaí deiridh a chur siar go dtí 2023;

16.

ag tabhairt dá haire, maidir leis an gclár Fís Eorpach, in 2022, go ndearna an Coimisiún ranníocaíochtaí airgid de EUR 80 milliún, ar úsáid an Comhghnóthas EUR 47 mhilliún de sin (nó 59 %) le haghaidh íocaíochtaí réamh-mhaoinithe a bhain leis na chéad chomhaontuithe deontais a bhí tugtha i gcrích faoin gclár Fís Eorpach;

17.

ag tabhairt dá haire gur sheol an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan a chéad ghlao ar Hidrigin faoin gclár Fís Eorpach, ar luach iomlán EUR 300 milliún; ag tabhairt dá haire, ag éirí as an meastóireacht ar ghlao 2022, gur tarraingíodh siar ceithre ábhar nach raibh tograí oiriúnacha curtha isteach lena n-aghaidh (7); ag tabhairt dá haire go ndearna an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan an buiséad íocaíochtaí nár úsáideadh de EUR 33 mhilliún a aistriú go dtí 2023, chun réamh-mhaoinithe a bhaineann le comhaontuithe deontais nua, ceaptha a bheith sínithe ag tús 2023, a íoc;

18.

ag tabhairt dá haire, ó thuarascáil na Cúirte, ag deireadh 2022, go raibh na rátaí cur chun feidhme le haghaidh na rátaí don bhuiséad riaracháin (Teideal 2) íseal, is é sin 62 % i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus 51 % i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí; ag tabhairt dá haire gur mhínigh an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan gurb amhlaidh an cás mar gheall gur cuireadh íocaíocht ar fionraí i gcás an tsocraithe a bhí déanta don imeacht a bhí beartaithe don tSeachtain um Hidrigin, gur cuireadh siar an próiseas soláthair le haghaidh athchóiriú an fhoirgnimh oifigí, agus gur cuireadh moill ar chreatchonradh seirbhíse tábhachtach a thabhairt i gcrích;

Soláthar agus foireann

19.

ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí, in 2022, ag leanúint de chleachtas an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan le blianta beaga anuas, gur áiríodh i mbainistiú tairiscintí agus conarthaí na nósanna imeachta soláthair idirinstitiúideacha arna seoladh ag an gCoimisiún nó comhlachtaí AE eile agus na creatchonarthaí ilbhliantúla a d’eascair as sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go gcomhoibríonn an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan freisin le Comhghnóthais eile maidir le riachtanais tairisceana chun an iarracht riaracháin a íoslaghdú;

20.

ag tabhairt dá haire gur bhain an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan dianúsáid as na modúil eTendering, eNotices agus eSubmission agus gur chuir sé tús le comhtháthú na huirlise um bainistiú an tsoláthair poiblí – (PPMT), a bheidh i bhfeidhm in 2023;

21.

ag tabhairt dá haire go bhfuil baill foirne reachtúla an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan comhdhéanta de 29 bpost (27 ngníomhaire sealadacha agus beirt ghníomhairí ar conradh); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go n-airítear beirt Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht sna hacmhainní foirne;

22.

ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí in 2022, go ndéantar an t-ionad oibre digiteach do gach ball foirne a nuachóiriú go seasta: áiríodh rochtain leormhaith ar an tacar iomlán d’fheidhmchláir an Choimisiúin do bhaill foirne an Comhghnóthais um Hidrigin Ghlan le haghaidh bainistiú deontas; rinneadh cur i bhfeidhm athnuachan na gcrua-earraí a chur i gcrích mar a bhí beartaithe in éineacht leis an athnuachan ba ghá ar cheadúnas le haghaidh feidhmchláir riachtanacha ar nós Slido, Webex, Business Object, Adobe nó teileafónaíocht mhóibíleach, a thugann níos mó solúbthachta do gach ball foirne faoin scéim teilea-oibre nua:

23.

ag tabhairt dá haire, de réir Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (8) agus i dtreoirlínte Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan, gur cheart don choiste foirne comhalta amháin ar a laghad a ainmniú don choiste roghnúcháin le haghaidh nósanna imeachta earcaíochta seachtracha; ag tabhairt dá haire go bhfuair an Chúirt nach raibh duine a bhí ainmnithe ag an gcoiste foirne curtha san áireamh mar chomhalta den choiste roghnúcháin don nós imeachta earcaíochta a ndearnadh iniúchadh air agus nach raibh sé ar chumas an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan coiste foirne a bhunú cé gur sheol sé roinnt glaonna ar léiriú spéise a bhí dírithe ar an bhfoireann;

Córais bhainistíochta agus rialaithe

24.

ag tabhairt dá haire, i gcás an chaiteachais faoin Seachtú Clár Réime um Thaighde, go ndearna an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan iniúchtaí ex post, agus i gcás an chaiteachais faoi Fís 2020 agus Fís Eorpach, go raibh an Chomhsheirbhís Iniúchóireachta de chuid Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta sa Choimisiún freagrach as na hiniúchtaí ex post; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, i gcás an chaiteachais chríochnaithigh faoin Seachtú Clár Réime um Thaighde a rinneadh in 2022, nach ndearna an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan iniúchtaí ex post, mar gheall ar na méideanna neamhshuntasacha a bhí i gceist agus, dá réir sin, gurbh iad na rátaí earráide críochnaitheacha le haghaidh chaiteachas Seachtú Clár Réime um Thaighde a d’fhoilsigh sé ná an ráta earráide ionadaíoch de 2,0 % agus an ráta earráide iarmharach de 1,1 % a bhí bainte amach aige ag deireadh 2021;

25.

ag tabhairt dá haire, maidir le caiteachas Fís 2020 an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan (imréitigh agus íocaíochtaí deiridh), gur thuairiscigh an Comhghnóthas ráta earráide ionadaíoch de 2,9 % agus ráta earráide iarmharach de 0,9 % (9); ag tabhairt dá haire, lena chois sin, i gcás an chláir Fís Eorpach, nach ndearnadh aon iniúchtaí ex post mar nach bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh na chéad íocaíochtaí eatramhacha déanta go dtí 2024;

26.

ag tabhairt dá haire, chun na rialuithe ar íocaíochtaí oibríochtúla an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan a mheasúnú, go ndearna an Chúirt iniúchóireacht ar shampla randamach d’íocaíochtaí Fís 2020 a rinneadh in 2022, ar leibhéal na dtairbhithe deiridh (10); ag tabhairt dá haire, go bhfuair an Chúirt agus gur chainníochtaigh sí earráid thromchúiseach a d’eascair as costais phearsanra mar gur éiligh an tairbhí uaireanta a oibríodh i rith tréimhsí saoire agus go raibh costais bhreise luach saothair, a bhí neamh-incháilithe, curtha san áireamh sna costais a dearbhaíodh agus i gcás eile, go bhfuair an Chúirt agus gur chainníochtaigh sí earráid thromchúiseach a d’eascair as costas a éilíodh le haghaidh trealaimh, ar trealamh iad nár úsáid an tairbhí i rith na tréimhse tuairiscithe, agus as costais phearsanra a bhí ríofa go mícheart;

27.

á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan, ag deireadh 2022, cur chuige rioscabhunaithe iomlán a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le rialuithe ex ante i gcomhréir le treoraíocht Chomhsheirbhís Iniúchóireachta an Choimisiúin, agus imthosca riosca sonracha an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan á gcur san áireamh; ag tabhairt dá haire, chuige sin, gur éirigh leis an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan na critéir riosca ab ábhartha a shainaithint agus, bunaithe orthu sin, gur dhear siad cur chuige faireacháin rioscabhunaithe;

28.

ag tabhairt dá haire, le cur chuige den sórt sin, go raibh an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan in ann measúnú a dhéanamh ar an leibhéal riosca do gach aon tionscadal agus tairbhí le linn na bpríomhchéimeanna de chur chun feidhme tionscadail, amhail ullmhú do chomhaontú deontais, leasú ar chomhaontú deontais, tuairisciú agus íocaíocht; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, go ndearna an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan treoirlínte inmheánacha maidir lena chur chuige rioscabhunaithe a tharraingt suas freisin agus gur chuir sé oiliúint ar a bhaill foirne, chomh maith le treoir a thabhairt dóibh, faoin gcaoi lena chur i bhfeidhm i gceart agus ar bhonn comhsheasmhach;

29.

á chur in iúl gur geal léi gur fhorbair an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan cur chuige rioscabhunaithe i leith na hiniúchóireachta ex post chun a ráta earráide a laghdú tríd an éifeacht ghlantacháin a bhí ag a chuid iniúchtaí ex post a neartú;

30.

ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte gur fhorbair an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan cur chuige rioscabhunaithe sainoiriúnaithe chun an dearbhú a fhaigheann sé ó rialuithe ex ante agus ó iniúchtaí ex post a neartú: ag tús 2022, rinne an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan anailís ar phobal iomlán a chuid tairbhithe faoi Fís 2020 agus mharcáil sé na tairbhithe sin ab airde riosca le haghaidh iniúchtaí ex post rioscabhunaithe. ag tabhairt dá haire gur barrthairbhithe a bhí i ngach ceann de na tairbhithe ba rioscúla, le ranníocaíocht an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan d’os cionn EUR 1 milliún ar fud thionscadail uile Fís 2020 a bhí á n-oibriú ag an gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan, agus nach raibh iniúchadh ex post déanta riamh orthu agus go raibh próifíl riosca de stádas fiontar beag nó fiontar meánmhéide nó nuatheachtaí acu;

31.

ag tabhairt dá haire gur iarradh ar an gcuid eile de na barrthairbhithe ceistneoir gearr féinmheasúnuithe a chomhlánú, ar cheistneoir é a bhí ag díriú ar na hearráidí ba choitianta a braitheadh in iniúchtaí ex post roimhe sin, amhail castacht na rogha don chostas pearsanra a bhí roghnaithe acu, fochonraitheoireacht shuntasach, ceannach sócmhainní, soláthairtí inmheánacha, an modh chun tuairisciú ar chostais, agus an chaoi a ndearnadh torthaí ó iniúchtaí ex post roimhe sin a chur chun feidhme. ag tabhairt dá haire, bunaithe ar a gcuid freagraí, gur shainaithin an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan na barrthairbhithe sin a raibh rioscaí arda de rialú ex ante ag baint leo, gur thionóil sé seimineáir ghréasáin airgeadais leo, ag díriú isteach ar na príomh-shaintréithe a ghabhann le costais a dhearbhú i gceart leis na míreanna costais suntasacha; ag tabhairt dá haire, lena chois sin, gur bhain oifigigh tionscadal agus airgeadais na gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan úsáid as torthaí na seimineár gréasáin sin chun feabhas a chur ar éifeachtacht a rialuithe ex ante ar na chéad dearbhuithe costas eile a bhí le cur isteach ag na barrthairbhithe sin (céim na híocaíochta);

32.

á chur in iúl gur mór aici go ndearna an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan cur chuige rioscabhunaithe a fhorbairt ar an iniúchadh ex post leis an sprioc a ráta earráide a laghdú trí spriocshampla níos fearr chun na tairbhithe is mó tugtha d’earráidí a bhrath, rud a neartaíonn éifeacht ghlantacháin a iniúchtaí ex post; á mheas gur athrú dearfach tábhachtach é seo i gcur chuige an iniúchta ex post toisc nach gceadaíonn creat rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin do dheontais de chuid Fís Eorpach do shamplaí ionadaíocha a bhaineann go sonrach leis an gComhghnóthas a bhunú agus dá réir sin, chun rátaí earráide ionadaíocha agus iarmharacha a bhaineann go sonrach leis an gComhghnóthas a ríomh;

33.

ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt go bhfuil ráta earráide iarmharach ag na Comhghnóthas ag a bhfuil cur chuige dea-fhorbartha ex post rioscabhunaithe atá faoi bhun mheán na gComhghnóthas nach bhfuil cur chuige den sórt sin acu mar gheall ar na tairbhithe is mó riosca a shainaithint agus a iniúchadh go córasach;

Obair leantach ar bharúlacha ó bhlianta roimhe seo

34.

ag tabhairt dá haire nach ‘moltaí le fráma ama’ ón gCúirt iad na ‘barúlacha’ i dtuarascálacha bliantúla sonracha an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan; ag tabhairt dá haire go ndéanann CIE obair leantach ar bhonn bliantúil ar na barúlacha sin trí mheasúnú a dhéanamh ar a stádas mar stádas ‘oscailte’ nó ‘dúnta’;

35.

ag tabhairt dá haire, i gcás an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan, go raibh na barúlacha go léir ó bhlianta roimhe sin dúnta mar gheall ar ghníomhaíochtaí ceartaitheacha an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan a rinneadh le linn 2022.

(1)  Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 521/2008 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2008 lena ndéantar an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin a chur ar bun (IO L 153, 12.6.2008, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 559/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2 (IO L 169, 7.6.2014, lch. 108).

(4)  Cuirtear leithreasuithe ó bhlianta roimhe sin nár úsáideadh, a chuir an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan isteach sa bhuiséad arís don bhliain reatha, ioncaim shannta agus ath-chionrannta ar an mbliain dár gcionn san áireamh sa bhuiséad atá ar fáil.

(5)  B’ionann na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a vótáladh agus EUR 8,4 milliún, agus leasaíodh ina dhiaidh sin iad chun an méadú ar ioncaim agus ar chaiteachas a bhaineann leis an gClár nua faoi Fís Eorpach agus leithreasuithe neamhúsáidte ó na blianta roimh ré a chur san áireamh.

(6)  B’ionann na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a vótáladh agus EUR 53,2 milliún agus méadaíodh an méid sin leis an leasú – mar thoradh ar an gClár nua agus – chun glao a bhí beartaithe ar thograí a bhí curtha i bhfeidhm in 2022 a chlúdach, agus é mar chuspóir an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht (SRIA) a chur i bhfeidhm.

(7)  De réir shoiléiriú an Chomhghnóthais, ní mór ‘ábhair a tharraingt siar’ a thuiscint mar ‘gan ábhair a chumhdach mar gheall ar easpa iarratas/tograí rathúla’.

(8)   IO L 56, 4.3.1968, lch. 1, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/1968/259(1)/oj.

(9)  Tuarascáil Bhliantúil maidir le Gníomhaíochtaí 2022 ón gComhghnóthas um Hidrigin Ghlan, caibidil 4.1.1.1.

(10)  Maidir leis na hidirbhearta íocaíochta deontais a tástáladh ag na tairbhithe, is é 1 % de na costais faoi iniúchta an tairseach tuairiscithe d’earráidí inchainníochtaithe.


ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2024/2365/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top