Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024BP2322

    Rún (AE) 2024/2322 ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí don bhliain airgeadais 2022

    IO L, 2024/2322, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2024/2322/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2024/2322/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/2322

    10.10.2024

    RÚN (AE) 2024/2322 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

    an 11 Aibreán 2024

    ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí don bhliain airgeadais 2022

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

    ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí don bhliain airgeadais 2022,

    ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0103/2024),

    A.

    de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 68 068 551 buiséad deiridh Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (‘an tÚdarás’) don bhliain airgeadais 2022, arb ionann é agus méadú 12,32 % i gcomparáid le 2021; de bhrí go maoinítear an tÚdarás le ranníocaíocht ón Aontas (EUR 17 301 544, arb ionann í agus 25,41 % den bhuiséad iomlán), ranníocaíochtaí ó údaráis mhaoirseachta náisiúnta na mBallstát (EUR 27 293 765, nó 40,10 %) agus táillí a fuarthas ó eintitis faoi mhaoirseacht (EUR 22 228 234, nó 32,66 %);

    B.

    de bhrí go sonraíonn an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí don bhliain airgeadais 2022 (‘an tuarascáil ón gCúirt’) go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla an Údaráis beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo i ndáil le hioncam dlíthiúil agus rialta;

    Bainistiú buiséid agus airgeadais

    1.

    ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, mar thoradh ar iarrachtaí faireacháin buiséid i leith an bhuiséid le linn bhliain airgeadais 2022, go raibh ráta cur chun feidhme 98,78 %, arb ionann é agus mionlaghdú de 1,17 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire gur ráta forghníomhaithe 89,83 % a bhí ann le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é agus laghdú beag 0,08 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin;

    2.

    ag tabhairt dá haire ón tuairim ón Údarás an 5 Iúil 2023 maidir leis na bearta leantacha a rinneadh i bhfianaise an urscaoilte i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis don bhliain airgeadais 2021 (dá ngairtear ‘Tuairim an Údaráis’ anseo feasta), go measann an tÚdarás, i bhfianaise chastacht a struchtúir bhuiséadaigh atá ag dul i méid, gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar a shamhail maoinithe táillí ionas go mbeidh sé in ann freagairt go hiomchuí agus go tapa d’fhorbairtí suntasacha sa mhargadh airgeadais agus a bheith in ann bainistiú níos éifeachtúla a dhéanamh ar líon méadaitheach na bhfoinsí táillí a eascraíonn ó shainorduithe díreacha maoirseachta;

    Feidhmíocht

    3.

    ag tabhairt dá haire go mbaineann an tÚdarás úsáid as bearta áirithe amhail eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) chun meastóireacht a dhéanamh ar an luach breise arna sholáthar lena ghníomhaíochtaí agus bearta eile chun feabhas a chur ar bhainistiú a bhuiséid; ag moladh an Údaráis as 90 % dá chlár oibre le haghaidh 2022 a chur i gcrích, agus an chuid is mó dá eochairtháscairí feidhmíochta a bheith bainte amach nó sáraithe;

    4.

    á chur in iúl gur geal léi freagairt an Údaráis ar dhúshláin gheopholaitiúla in 2022; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur threisigh an tÚdarás a ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta ar rioscaí mar fhreagairt ar ionradh neamhdhleathach gan chúis na Rúise ar an Úcráin, lena n-áirithítear forairdeall méadaithe maidir le measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ar mhargaí airgeadais an Aontais agus na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun cobhsaíocht an mhargaidh agus cosaint infheisteoirí a choimirciú; ag tabhairt dá haire freisin i gcomhthéacs na géarchéime fuinnimh, gur chuir an tÚdarás a mheasúnú ardleibhéil ar fáil don phobal maidir leis na réimsí inar iarr an Coimisiún ionchur maidir le bearta chun luaineacht iomarcach a theorannú agus chun brúnna leachtachta ar chontrapháirtithe neamhairgeadais atá gníomhach i margaí gáis agus leictreachais a mhaolú, agus go bhfuil bearta sealadacha éigeandála glactha aige chun aghaidh a thabhairt ar na srianta leachtachta sin;

    5.

    ag tabhairt dá haire gur dhírigh tosaíochtaí straitéiseacha an Údaráis in 2022 ar thrí ábhar thrasearnálacha, eadhon tacú le margaí caipitil fónta a fhorbairt, maoiniú agus nuálaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn, agus nuálaíocht agus digitiú a chothú; á chur in iúl gur geal léi gur bhain an tÚdarás na tosaíochtaí sin amach in 2022 trí réimse gníomhaíochtaí, amhail ionchur teicniúil a chur ar fáil don Choimisiún maidir le gnéithe cosanta infheisteoirí den athbhreithniú ar MiFID II agus MiFIR agus maidir leis an nGníomh um Liostú, foilsiú threochlár airgeadais inbhuanaithe 2022-2024 an Údaráis, agus eisiúint rabhadh d’infheisteoirí agus d’údaráis inniúla náisiúnta (NCA) faoi na rioscaí a bhaineann le criptea-shócmhainní, i measc nithe eile;

    6.

    ag aithint an méid atá bainte amach ag an Údarás in 2022, agus gur bliain shuntasach a bhí ann ó thaobh an chóineasaithe maoirseachta de, le roinnt gníomhaíochtaí comhchoiteanna maoirseachta, trí mhór-athbhreithniú piaraí sa bhreis ar an athbhreithniú piaraí éigeantach bliantúil ar chontrapháirtithe lárnacha (CCP), lena n-áirítear ceann amháin ina sonraítear na gníomhaíochtaí a rinne NCAnna a bhaineann le hathlonnú tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, agus na chéad mholtaí a d’eisigh an tÚdarás do NCA faoi Airteagal 16 dá Rialachán Bunaidh, agus é mar aidhm leis cur chuige maoirseachta agus acmhainneacht NCA a neartú go struchtúrach;

    7.

    ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh an tÚdarás tuarascáil in 2022 maidir leis an margadh Eorpach do lamháltais astaíochtaí agus do dhíorthaigh, inar tugadh roinnt moltaí beartais chun trédhearcacht agus faireachán an mhargaidh a fheabhsú, chomh maith le comhordú an Údaráis ar an gcéad chleachtadh rúnsiopadóireachta riamh i measc roinnt NCAnna, agus seoladh straitéis nua an Údaráis do 2023-2028;

    Éifeachtúlacht agus gnóthachain

    8.

    ag tabhairt faoi deara go leanann an tÚdarás de ghnóthachain éifeachtúlachta agus sineirgí a shaothrú ina réimsí gníomhaíochta; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go ndearna an tÚdarás meastóireacht ar a chlár oibre bliantúil chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht trí acmhainní a leithdháileadh go héifeachtach mar fhreagairt ar thosca seachtracha, amhail ionradh na Rúise ar an Úcráin, lena n-áirítear maidir le tograí reachtacha an Phointe Rochtana Aonair Eorpaigh, nár beartaíodh ar dtús i gclár oibre bliantúil an Údaráis le haghaidh 2022; ag moladh, mar chuid dá straitéis éifeachtúlachta, go bhfuil oifigeach cuntasaíochta á roinnt i gcónaí ag an Údarás leis an Údarás Baincéireachta Eorpach;

    9.

    ag tabhairt dá haire gurbh ann do roinnt de na bearta inmheánacha a cuireadh chun feidhme chun gnóthachain éifeachtúlachta agus sineirgí a bhaint amach, amhail ath-imlonnú inmheánach iomlán lenar ceadaíodh don Údarás sainorduithe agus cúraimí nua a ghlacadh ar láimh, gan gá a bheith le hacmhainní breise, acmhainní soláthair a optamú tuilleadh trí pháirt a ghlacadh i nósanna imeachta níos idirinstitiúideacha agus trí mhórsholáthairtí idirghníomhaireachta a threorú, simpliú ar phróisis i réimse na bainistíochta buiséadaí agus infheistíochtaí i réimse na bainistíochta buiséadaí, chomh maith le huirlisí fuaime, físchomhdhála, agus vótála a rinneadh le linn na paindéime, lena gceadaítear cianobair; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil sé beartaithe ag an Údarás níos lú misean a bheith aige dá fhoireann agus níos mó cruinnithe cianda amach anseo, agus ar an gcaoi sin a sholúbthacht a mhéadú agus costais a laghdú;

    10.

    ag aithint go ndearnadh feidhmeanna riaracháin agus tacaíochta uile an Údaráis, eadhon acmhainní daonna, eitic, airgeadas, soláthar agus bainistiú saoráidí, a dhigitiú le roinnt blianta anuas, agus ar an gcaoi sin beartas saor ó pháipéar a shaothrú; ag tabhairt dá haire go ndearnadh bonneagar teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide an Údaráis a aistriú chuig an néal poiblí in 2022, agus go bhfuiltear ag dréim le coigilteas nuair a mhéadófar córais; á chur in iúl gur geal léi gur chuir an tÚdarás tús leis an bpróiseas sa cheathrú ráithe de 2022 chun an uirlis um bainistiú an tsoláthair phoiblí a chur ar bord;

    Beartas foirne

    11.

    ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 87,60 % an 31 Nollaig 2022, go raibh ceapacháin déanta i gcás 219 ngníomhaire shealadacha as 243 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais, i gcomparáid le 250 post údaraithe in 2021; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 91 ghníomhaire ar conradh agus 12 shaineolaí náisiúnta ar iasacht don Údarás in 2022;

    12.

    ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú 45 % ar líon iomlán na foirne in 2022 i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, maidir leis an gcothromaíocht gheografach, ag deireadh na bliana 2022, go raibh 24 náisiúntacht éagsúla de chuid an Aontais san áireamh i bhfoireann an Údaráis, eadhon gníomhairí sealadacha, gníomhairí ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé ionadaíocht chothrom gheografach a áirithiú i measc bhainistíocht agus fhoireann fhoriomlán an Údaráis;

    13.

    á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an tÚdarás gar do chothromaíocht inscne a bhaint amach ar leibhéal na bainistíochta agus ar leibhéal na foirne; ag tabhairt dá haire, maidir leis an dáileadh inscne atá laistigh de fhoireann ardbhainistíochta agus mheánbhainistíochta an Údaráis, gur mná iad 16 as 30 acu (53 %); ag tabhairt dá haire gurb é an dáileadh inscne atá laistigh de Bhord Bainistíochta an Údaráis gur fir iad 4 as 7 acu (57 %); ag tabhairt dá haire freisin gurb é an dáileadh inscne atá laistigh d’fhoireann fhoriomlán an Údaráis gur fir iad 175 as 322 bhall foirne (54 %);

    14.

    ag aithint go bhfuil beartas ag an Údarás maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc; á chur in iúl gur geal léi nach ndearnadh aon chásanna ciaptha a thuairisciú, a imscrúdú, a thabhairt i gcrích go hinmheánach nó a thabhairt os comhair na cúirte in 2022; á chur in iúl gur geal léi freisin rannpháirtíocht an Údaráis ‘Beartas don Éagsúlacht agus don Chuimsiú’ a fhorbairt;

    Soláthar

    15.

    ag tabhairt dá haire gur bhainistigh an tÚdarás, in 2022, 14 nós imeachta soláthair, a raibh trí cinn acu ina dtairiscintí oscailte i réimse TF arb ionann a luach iomlán agus EUR 99,4 milliún;

    16.

    á mheabhrú gur ann do bharúil sa tuarascáil ón gCúirt maidir le cuntais bhliantúla an Údaráis don bhliain airgeadais 2021, maidir le cinneadh an Údaráis nós imeachta idirbheartaithe a sheoladh gan é a fhógairt, rud a sháraíonn pointe 3.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais (2); ag tabhairt dá haire, ó Thuairim an Údaráis, go raibh údar maith le poiblíocht ex-ante a fhágáil ar lár mar gheall ar raon feidhme sonrach an tsoláthair agus go raibh doiciméadú cuí ex-post mar bhonn leis, agus go ndearnadh gach beart ba ghá chun cás comhchosúil a chosc amach anseo;

    17.

    ag tarraingt aird ar nóta IV.1 ar chuntas bliantúil an Údaráis do 2022, ina ndéantar cur síos ar éiginnteacht a bhaineann le toradh cás dlí (‘UniSystems Luxembourg agus Unisystems Systimata plioforikis vs ESMA’), i ndáil leis an gcinneadh i nós imeachta soláthair chomhpháirtigh arna chonspóid ag iarratasóir i gCúirt Ghinearálta an Aontais;

    Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht

    18.

    ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás athbhreithniú ar an mbeartas coinbhleachta leasa do dhaoine nach baill foirne iad in 2022, lena gcumhdaítear baill foirne, saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus oiliúnaithe; ag moladh an Údaráis as tabhairt faoi roinnt gníomhaíochtaí chun feasacht a mhúscailt maidir le coinbhleachtaí leasa agus rialacha eitice, lena n-áirítear trí sheisiúin ionduchtúcháin a reáchtáil do dhaoine nua, agus as seisiún uile-fhoirne a reáchtáil chun an fhoireann a chur ar an eolas faoi na príomhfhíricí agus na príomhfhigiúirí san eitic, soiléirithe doimhne maidir le déileáil le hionstraimí airgeadais a sholáthar agus na tosaíochtaí do 2022 a roinnt;

    19.

    ag tabhairt dá haire, i gcás na ndearbhuithe bliantúla maidir le coinbhleachtaí leasa a scrúdaigh an tÚdarás in 2022, nár ardaíodh aon saincheist a bhaineann le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann; ag tabhairt faoi deara, sa bhreis ar na dearbhuithe bliantúla, go ndearna an tÚdarás athbhreithniú agus measúnú in 2022 ar líon suntasach iarrataí agus dearbhuithe ón bhfoireann, eadhon 54 dhearbhú i nósanna imeachta roghnúcháin, 13 dhearbhú maidir le fostaíocht shochrach an chéile, 41 iarraidh ar ghníomhaíocht sheachtrach, 21 iarraidh ar fhoilsiú nó ar óráid, 23 iarraidh chun déileáil le hionstraimí airgeadais, 10 n-iarraidh ar ghníomhaíocht agus ar shaoire ar fhorais phearsanta, agus 10 n-iarraidh ar ghníomhaíocht tar éis an tÚdarás a fhágáil); ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin, cé nár léirigh formhór na ndearbhuithe aon ábhar imní maidir le coinbhleacht leasa, in dhá chás, moladh go n-athrófaí comhdhéanamh an bhoird roghnúcháin, agus in aon chás amháin gur forchuireadh coimircí i leith bainisteoir a d’fhág an tÚdarás, amhail scoith ó fhaisnéis rúnda agus toirmeasc go ceann bliana brústocaireacht a dhéanamh i dtreo na foirne;

    20.

    á chur in iúl gur geal léi go bhfoilsíonn an tÚdarás CVanna agus dearbhuithe leasa chomhaltaí a Bhoird Bainistíochta agus na foirne bainistíochta; ag moladh an mhodha thrédhearcaigh a dtuairiscíonn an tÚdarás cruinnithe a fhoirne le geallsealbhóirí seachtracha agus a gcuireann sé ar fáil iad ar a shuíomh gréasáin;

    21.

    á mheabhrú gur ann do bharúil sa tuarascáil ón gCúirt maidir le cuntais bhliantúla an Údaráis don bhliain airgeadais 2021 na laigí a aimsíodh i gcórais bhainistithe agus rialaithe an Údaráis a bhaineann le coinbhleachtaí leasa; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur thionscain foireann eitice an Údaráis cleachtas in 2022 chun dearbhuithe leasa oifigigh tuairiscithe na mbainisteoirí sinsearacha a bhailiú go córasach, chun a áirithiú nach dtiocfaidh aon rioscaí coinbhleachta leasa chun cinn le linn phróiseas breithmheasa bhainisteoirí sinsearacha an Údaráis; á mheabhrú freisin gur ghlac an bord maoirseoirí beartas leasaithe maidir le coinbhleacht leasa chun ceanglas sainráite a thabhairt isteach do dhaoine aonair atá i gcoinbhleacht, i.e. comhaltaí boird, malartaigh nó comhordaitheoirí NCA, chun an deis a fhágáil don phlé maidir leis an mír ábhartha, agus staonadh ó vótáil i nósanna imeachta i scríbhinn; ag moladh na Gníomhaireachta as aghaidh a thabhairt ar bharúil na Cúirte a mheastar a bheith dúnta anois;

    Rialú inmheánach

    22.

    á chur in iúl gur geal léi an measúnú bliantúil ar chóras rialúcháin inmheánaigh an Údaráis agus an chonclúid gur ann dó agus go bhfeidhmíonn sé go maith; ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás 77 dtáscaire rialúcháin inmheánaigh a thomhas, lenar cumhdaíodh na prionsabail rialúcháin inmheánaigh uile agus gurb amhlaidh a shainaithin sé 42 easnamh, ar easnaimh bheaga nó mheasartha a bhí ina mbunáite agus gan aon cheann díobh ina gcúis le ceistiú a dhéanamh i dtaobh arbh ann do phrionsabail an rialúcháin inmheánaigh agus d’fheidhmiú cuí na bprionsabal sin; ag tabhairt dá haire go mbaineann na deiseanna feabhsúcháin a breathnaíodh go príomha leis an timpeallacht rialaithe, le gníomhaíochtaí rialaithe, agus le comhpháirteanna faisnéise agus cumarsáide;

    23.

    ag tabhairt dá haire go ndearna an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin (IAS) maidir le bainistiú sonraí iniúchadh ar an Údarás in 2022, ag aithint an méid a baineadh amach agus an creat bainistithe sonraí á bhunú, chomh maith leis na hiarrachtaí leanúnacha a aithint chun fís níos comhleanúnaí a shainiú maidir leis na gníomhaíochtaí bainistithe sonraí; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, gur shainaithin IAS laigí i ndearadh, agus i gcur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na gcóras rialaithe inmheánaigh a bunaíodh do na próisis bainistithe sonraí agus gur eisigh sí cúig mholadh, agus dhá cheann acu an-tábhachtach; á iarraidh ar an Údarás aghaidh a thabhairt ar na laigí sin agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta ina leith sin;

    24.

    ag tabhairt dá haire, tar éis dó measúnú riosca eagraíochtúil bliantúil a dhéanamh, gur shainaithin an tÚdarás rioscaí in 2022 amhail, margaí leochaileacha, níos luainí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chobhsaíocht airgeadais, infheisteoirí a chur i mbaol agus riosca maoirseachta a mhéadú don Údarás, an baol go mbeadh acmhainní neamhleora nó easpa saineolais i réimsí áirithe chun dul in oiriúint do na dúshláin nua agus don riosca go ndíreodh cibearionsaí ar an Údarás agus go ndéanfadh sé difear do shlándáil chórais TF; á iarraidh ar an Údarás na gníomhaíochtaí maolaithe uile is gá a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin;

    Barúlacha eile

    25.

    ag moladh an Údaráis as a bheith aitheanta go hoifigiúil dá chóras bainistíochta comhshaoil faoi EMAS (Scéim an Aontais Eorpaigh um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht) agus as clárúchán EMAS a fháil in 2022; ag moladh an Údaráis, thairis sin, as a thiomantas ceanglais ghlasa a chothú agus a chomhtháthú a mhéid is féidir ina nósanna imeachta soláthair; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ó thuarascáil na Cúirte go bhfuil an tÚdarás i measc na ngníomhaireachtaí a eisíonn ráiteas bliantúil ar an gcomhshaol;

    26.

    ag tabhairt dá haire gur eisigh an tÚdarás in 2022, in éineacht leis na Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha eile, rabhaidh do thomhaltóirí i ndáil leis na gníomhaíochtaí ardriosca agus amhantracha a bhaineann le go leor criptea-shócmhainní;

    27.

    ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024 (3) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

    (1)   IO C 38, 31.1.2023, lch. 84.

    (2)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2024/2322/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top