This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024BP2304
Resolution (EU) 2024/2304 of the European Parliament of 11 April 2024 with observations forming an integral part of the decision on discharge in respect of the implementation of the budget of the European Labour Authority for the financial year 2022
Rún (AE) 2024/2304 ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh Saothair don bhliain airgeadais 2022
Rún (AE) 2024/2304 ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh Saothair don bhliain airgeadais 2022
IO L, 2024/2304, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2024/2304/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2304 |
10.10.2024 |
RÚN (AE) 2024/2304 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 11 Aibreán 2024
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh Saothair don bhliain airgeadais 2022
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
— |
ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh Saothair don bhliain airgeadais 2022, |
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, |
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0131/2024), |
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 34 689 842 buiséad críochnaitheach an Údaráis Eorpaigh Saothair (‘an tÚdarás’) don bhliain airgeadais 2022, ar méadú 43,23 % é i gcomparáid le 2021; de bhrí go bhfuair an tÚdarás neamhspleáchas airgeadais i mí na Bealtaine 2021, agus go bhfuil an tréimhse thosaithe le leanúint ar aghaidh go 2024, agus go bhfuiltear ag dréim leis go dtiocfaidh méadú de réir a chéile ar a fhoireann agus ar a bhuiséad araon ó thús deireadh na tréimhse sin; de bhrí gur as buiséad an Aontais a thagann buiséad an Údaráis; |
B. |
de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) sa tuarascáil uaithi maidir le cuntais bhliantúla an Údaráis don bhliain airgeadais 2022 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) go bhfuair sí dearbhú réasúnach go bhfuil cuntais an Údaráis beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo; |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
1. |
ag tabhairt dá haire go raibh de thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith na bliana airgeadais 2022 go raibh ráta cur chun feidhme buiséid 96,52 % ann i dtaobh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha, ar méadú 0,72 % é i gcomparáid le 2021, agus gur ráta 34,93 % a bhí ann i dtaobh fhorghníomhú na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don bhliain reatha, arb ionann é agus méadú 4,56 % i gcomparáid le 2021; |
2. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ghlac a bhord bainistíochta buiséad an Údaráis do 2022 ar an 17 Nollaig 2021, ach nár foilsíodh é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh go dtí an 31 Bealtaine 2023; á mheabhrú gur sárú é sin ar Airteagal 31 de rialacha airgeadais an Údaráis agus ar phrionsabal na trédhearcachta atá bunaithe leis an Airteagal sin; |
3. |
á thabhairt chun suntais gurb í seo an dara tuarascáil maidir le hurscaoileadh i leith an Údaráis; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tÚdarás fós ina luath-thréimhse, agus é i gcéim a fhoirmithe; á mheabhrú gur chuir an tÚdarás tús lena chuid oibríochtaí in 2019 agus gur bhain sé neamhspleáchas airgeadais amach in 2021; á thabhairt chun suntais gur den ríthábhacht é próisis inmheánacha a fhorbairt agus a chomhtháthú tuilleadh sa tréimhse atá le teacht go dtí go mbainfidh an tÚdarás stádas oibríochtúil iomlán amach in 2024; |
4. |
ag tabhairt dá haire go dtuairiscíonn an Chúirt go ndearna an tÚdarás EUR 21,8 milliún (65 %) de na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a bhí ar fáil in 2022 a thabhairt anonn go 2023 lena n-áirítear EUR 3,4 milliún (nó 79,6 %) de na leithreasuithe faoi Theideal II, a bhaineann le caiteachas riaracháin (i gcomparáid 63,2 % in 2021) agus 16,4 milliún (nó 90,6 %) de na leithreasuithe faoi Theideal III (i gcomparáid le 37,7 % in 2021); á mheabhrú go bhfuil rátaí arda atriallacha i dtaobh leithreasuithe arna dtabhairt anonn contrártha do phrionsabal buiséadach na bliantúlachta agus go dtugtar le fios leo go bhfuil fadhbanna struchtúracha i bpróiseas agus timthriall cur chun feidhme an bhuiséid; ag tabhairt dá haire gur thug an tÚdarás freagra maidir leis an ábhar sin ina dtugtar chun suntais gur ón éiginnteacht mhór a bhaineann le tairseach EURES a thagann cuid shuntasach de na leithreasuithe arna dtabhairt anonn faoi Theideal III agus gur cheart go mbeadh an phleanáil bhuiséadach níos éifeachtaí tar éis straitéis thairseach EURES, 2023–2030 a ghlacadh agus gurbh amhlaidh, ag deireadh mhí an Mheithimh 2023, a bhí conradh déanta cheana féin i dtaobh 80 % de na leithreasuithe arna dtabhairt anonn ó Theidil I agus II; |
5. |
ag cur béim ar an bhfíoras, tar éis dó neamhspleáchas airgeadais a bhaint amach i mí na Bealtaine 2021, go bhfuil an tÚdarás tar éis méideanna substaintiúla de leithreasuithe arna dtabhairt anonn a charnadh; á chur i bhfios go láidir go mbraitheann an tÚdarás, mar Údarás atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí oibríochtúla, go mór ar rannpháirtíocht na mBallstát, agus go mbíonn tionchar suntasach ag méid a rannpháirtíochta ar chur i gcrích agus raon feidhme na ngníomhaíochtaí sin; á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, de bharr chineál deonach fhormhór na ngníomhaíochtaí, nach nglacann na Ballstáit uile páirt i ngach gníomhaíocht, agus gurb amhlaidh nach mbíonn cuid acu rannpháirteach ach go pointe teoranta; á iarraidh ar na Ballstáit aitheantas a thabhairt do na tairbhí feabhsaithe a chuireann an tÚdarás ar fáil agus feabhas a chur ar an gcomhar idir a n-údaráis inniúla agus an tÚdarás; |
Feidhmíocht
6. |
ag tabhairt dá haire gur chuir an tÚdarás, den chéad uair, clár oibre i láthair laistigh de chreat ilbhliantúil in 2022 (an doiciméad clársceidealaithe aonair do 2022–2024) agus gur lean sé dá dhoiciméid chlársceidealaithe a fheabhsú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur shonraigh an tÚdarás na príomhréimsí straitéiseacha oibre agus a chuspóirí agus gur fhorbair sé sraith nua eochairtháscairí feidhmíochta atá nasctha leis na réimsí straitéiseacha; á thabhairt faoi deara go n-úsáidfear na táscairí sin, a áirítear ina dhoiciméad clársceidealaithe aonair le haghaidh 2023–2025, ó 2023 ar aghaidh; |
7. |
á chur in iúl gur geal léi an méid atá bainte amach ag an Údarás maidir lena shainordú a chomhlíonadh agus maidir le cuspóirí dhoiciméad clársceidealaithe aonair 2022–2024 a bhaint amach, go háirithe an obair le haghaidh 2022, in ainneoin na ndúshlán a eascraíonn as fás agus forbairt leanúnach na heagraíochta; |
8. |
ag tabhairt dá haire gur chuir an tÚdarás an Creat Gníomhaíochta um Iompar de Bhóthar agus an feachtas gaolmhar #Road2FairTransport chun feidhme go rathúil, i gcomhar le húdaráis eile de chuid na mBallstát, le comhpháirtithe sóisialta agus le geallsealbhóirí, i measc dreamanna eile; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna an tÚdarás 33 chigireacht chomhbheartaithe agus chomhpháirteacha a chur i gcrích le rannpháirtíocht 25 Bhallstát agus gur chabhraigh sé le hiniúchadh taispeántais cois bóthair; |
9. |
ag moladh thiomantas an Údaráis maidir lena ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a leathnú, le seoladh chlár IMI-PROVE agus maidir le teicneolaíochtaí digiteacha agus nuálaíocht a éascú, le heagrú chomhdháil TECH an Údaráis, 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur sheol an tÚdarás a sheirbhís idirghabhála, tar éis dó déileáil lena chéad chásanna; |
10. |
ag cur sonrú, agus é ina dhíol sásaimh di, i bhfreagra an Údaráis ar chás na ndaoine a bhí ag teitheadh ó chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus gur chuir sé faisnéis agus gníomhaíochtaí forfheidhmithe chun feidhme, lenar díríodh ar thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun na daoine leochaileacha sin a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hobair neamhdhearbhaithe agus le dúshaothrú san ionad oibre; |
11. |
ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, sna laghduithe suntasacha ar an ráta clárúcháin post agus ar ráta clárúcháin na bhfostóirí ar thairseach Eorpach na seirbhísí fostaíochta (EURES) (– 77 % agus – 37 %, faoi seach), i gcomparáid le 2021 toisc gur tugadh isteach ceanglais EU Login; á iarraidh ar an Údarás an próiseas a shimpliú i gcomhar leis an gCoimisiún; |
12. |
á chur in iúl gur mór aici gur ann d’obair an Údaráis chun cabhrú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún forfheidhmiú cothrom agus éifeachtach rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus slándáil shóisialta a áirithiú, agus maidir le soghluaisteacht éifeachtach an lucht saothair san Eoraip a éascú trí ghníomhaíochtaí EURES, rud a éascaíonn do shaoránaigh agus do ghnólachtaí é tairbhe a bhaint as an margadh inmheánach; á chur in iúl, i ndáil leis sin, gur geal léi obair ceithre mheitheal an Údaráis maidir le faisnéis, cigireachtaí, idirghabháil agus an t-ardán Eorpach chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe; |
13. |
ag tabhairt dá haire go n-áirítear ar cheann de chuspóirí an Údaráis comhar idir na Ballstáit a éascú agus a fheabhsú i bhforfheidhmiú dhlí ábhartha an Aontais ar fud an Aontais, lena n-áirítear cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha a éascú; ag tnúth leis an meastóireacht a dhéanfaidh an Coimisiún in 2024 ar fheidhmíocht an Údaráis i ndáil lena chuspóirí, lena shainordú agus lena chúraimí; ag tabhairt dá haire go bhféadfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, ar bhonn na meastóireachta sin, tograí reachtacha a thíolacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme an Údaráis; |
Éifeachtúlacht agus gnóthachain
14. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil an tÚdarás tar éis a chomhar a fhorbairt le comhlachtaí agus eagraíochtaí eile de chuid an Aontais in 2022 chun forluí a sheachaint agus chun sineirgí a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur shínigh an tÚdarás meabhrán tuisceana leis an gCoimisiún, leis an bhForas Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú agus leis an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna; á thabhairt faoi deara go bhfuil creat comhair sínithe ag an Údarás freisin leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair agus go bhfuil tús curtha aige le cainteanna le Gníomhaireacht an Aontais i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí; |
15. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuil timpeallacht oibre nua-aimseartha, dhigiteach agus sholúbtha á cur chun cinn ag an Údarás chun folláine na foirne a fheabhsú agus a thionchar comhshaoil a laghdú trí rialacha oibre hibrideacha a chur chun feidhme, rud a rannchuidíonn le hastaíochtaí CO2 a laghdú; ag cur sonrú, thairis sin, sa mhéid atá bainte amach ag an Údarás maidir lena áitreabh sa tSlóvaic, tar éis dó an Deimhniú Óir maidir le Fuinneamh agus Dearadh Comhshaoil a fháil, lena gcomhlíontar critéir dhiana an Choimisiúin Eorpaigh; |
16. |
ag tabhairt dá haire gur lean an tÚdarás dá fheidhmiúlachtaí maidir le hArdchóras Taifead, le córas Sysper, leis an ríomhsholáthar agus le Speedwell a chur chun feidhme, i measc nithe eile, chun éifeachtúlacht na gcóras agus na sreafaí oibre a fheabhsú; |
17. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil an tÚdarás ar cheann de ghníomhaireachtaí an Aontais nach bhfuil plean corparáideach bunaithe acu go fóill chun éifeachtúlacht fuinnimh agus aeráidneodracht a chuid oibríochtaí a fheabhsú; |
18. |
ag spreagadh an Údaráis chun comhar gníomhach a fhorbairt le gníomhaireachtaí eile agus chun tuairisciú go rialta don Pharlaimint maidir leis an dul chun cinn atá déanta aige; |
Beartas foirne
19. |
ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2022, a bhí an plean bunaíochta curtha chun feidhme ar bhonn 86 %, agus a bhí 49 ngníomhaire shealadacha ceaptha as 57 ngníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 13 ghníomhaire ar conradh agus 55 shaineolaí náisiúnta ar iasacht (SNI), lena n-áirítear 27 n-oifigeach náisiúnta idirchaidrimh (NLO), don Údarás in 2022; ag tabhairt dá haire gur bhain an tÚdarás fás tábhachtach amach ar a lucht saothair tar éis dianiarrachtaí earcaíochta in 2022; |
20. |
ag cur sonrú sa dáileadh inscne i measc lucht ardbhainistíochta agus lucht meánbhainistíochta an Údaráis, agus 4 as 6 (67 %) díobh ina bhfir; ag cur sonrú sa chothromaíocht inscne i measc bhord bainistíochta an Údaráis, agus 20 as 34 (59 %) díobh ina bhfir; ag cur sonrú, thairis sin, sa chothromaíocht inscne i measc fhoireann fhoriomlán an Údaráis, agus 41 as 65 (63 %) díobh ina mná; ag meabhrú a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne a áirithiú agus á iarraidh ar an Údarás leanúint den ghné sin a chur san áireamh maidir le hearcú foirne agus ceapacháin amach anseo, go háirithe i measc a lucht ardbhainistíochta agus a lucht meánbhainistíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a chur san áireamh a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne a áirithiú le linn dóibh a gcomhaltaí a ainmniú ar bhord bainistíochta an Údaráis; ag tabhairt faoi deara agus é ina dhíol sásaimh di go raibh 27 náisiúntacht ag an Údarás bunaithe ar a phlean bunaíochta (foireann reachtúil) ag deireadh 2022; |
21. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú suntasach tagtha ar acmhainneacht an Údaráis in 2022 a bhuí lena thiomantas tallann ardcháilíochta a mhealladh, le 117 mball foirne (in 2022); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur gá don Údarás leanúint dá iarracht láidir earcaíochta, chomh maith le daoine nua a ionduchtú agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail iomlaoid foirne agus poist a bheith á ndiúltú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go leanfaidh beartas earcaíochta an Údaráis de bheith bunaithe ar phrionsabail na córa comhionainne agus na nósanna imeachta earcaíochta oscailte agus trédhearcacha, agus go bhfoilseofar é agus go gcuirfear in iúl do na páirtithe leasmhara uile é; |
22. |
á thabhairt faoi deara gurbh amhlaidh, ag deireadh 2022, a bhí 58 % de na hoibrithe san Údarás ina n-oibrithe sealadach (SNInna agus oibrithe eatramhacha); ag tarraingt aird ar an spleáchas ard ar oibrithe sealadacha a fhágann go mbíonn ráta ard iomlaoide foirne ann go rialta, agus an baol ann dá réir go gcaillfear saineolas (eolas speisialaithe, líonraí teagmhála a thógtar le geallsealbhóirí), rud a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh dá chumais oibríochtúla; ag cur sonrú san iarraidh ón nGníomhaireacht go ndéanfaí 15 phost SNI a thiontú ina bpoist do ghníomhairí sealadacha (TAnna), gan gá a bheith ann an buiséad atá beartaithe sa ráiteas airgeadais ilbhliantúil a mhéadú, chun cobhsaíocht oibríochtúil na Gníomhaireachta, coinneáil eolais na Gníomhaireachta, agus cur chun feidhme éifeachtach chuspóirí na Gníomhaireachta a áirithiú; |
23. |
ag tabhairt dá haire gur fhostaigh an tÚdarás gníomhaire eatramhach agus oiliúnaí ar feadh cúig mhí (Samhain 2022 go Márta 2023) agus gur dheonaigh sé cearta rochtana ABAC dóibh lenar cuireadh ar a gcumas sonraí a iontráil agus oibríochtaí a thionscnamh chun tacú leis an nós imeachta bliantúil um dhúnadh an bhuiséid; á mheabhrú go bhfuil úsáid oibrithe eatramhacha i gcomhair phríomhghníomhaíochtaí airgeadais an Údaráis a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid ina shárú ar Airteagal 41(1) dá rialacha airgeadais, ina sonraítear nach féidir cumhacht chur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean ach amháin do dhaoine den fhoireann; á thabhairt faoi deara gurb amhlaidh, de réir an Údaráis, agus chun go ndéanfaí leanúnachas gnó a áirithiú i gcás easpa foireann reachtúil agus ualach oibre neamhghnách, a rinneadh róil gníomhaire iontrála sonraí agus gníomhaire tionscanta airgeadais a dheonú go heisceachtúil do ghníomhaire eatramhach/oiliúnaí go ceann tréimhse theoranta, tar éis don duine sin an oiliúint is gá a fháil, agus gníomhaire fíoraithe maoirseachta a bheith i dteannta an duine sin le haghaidh gach idirbhirt airgeadais; |
24. |
á chur in iúl gur geal léi gur lean an tÚdarás de bheith ag glacadh agus ag cur chun feidhme rialacha agus rialachán maidir le hacmhainní daonna amhail an beartas maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéaschiapadh a chosc, rialacha nua maidir le hacmhainní daonna maidir le ham oibre agus obair hibrideach agus an creat forbartha foghlama lena gcuirtear chun feidhme na forálacha i ndáil le fiosrúcháin riaracháin agus forálacha araíonachta a dhéanamh; |
25. |
ag tabhairt dá haire gur thairg an tÚdarás bearta chun tacú le lánpháirtiú, lena n-áirítear tógáil foirne agus imeachtaí agus gníomhaíochtaí sóisialta, pacáistí faisnéise, seisiúin oiliúna éagsúla agus tacaíocht le clárú ball foirne agus ball teaghlaigh leis na húdaráis náisiúnta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go reáchtálann an tÚdarás suirbhé bliantúil bíge folláine chun folláine, sásamh foirne agus tuairimí foirne a bhailiú; á chur in iúl gur geal léi gur reáchtáil an tÚdarás na chéad toghcháin don choiste foirne agus gur bhunaigh sé go rathúil é in 2022; |
26. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil an tÚdarás tiomanta do chomhionannas agus éagsúlacht ag an obair a chur chun cinn agus gníomhú ina leith, lena n-áirithítear nach mbíonn de thoradh ar a nósanna imeachta earcaíochta go ndéantar idirdhealú ar fhorais inscne, dathanna agus cine, i measc nithe eile; ag tabhairt dá haire gur tháinig feabhas ar an staidreamh maidir le héagsúlacht foirne i gcomparáid le 2021 mar thoradh ar an obair sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil sraith beart forbartha ag an Údarás chun daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú, lena n-áirithítear rannpháirtíocht chomhionann in agallaimh agus i dtástálacha; |
Soláthar
27. |
ag tabhairt dá haire gur bhunaigh an tÚdarás a phlean soláthair in 2022 i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla agus lena riachtanais chorparáideacha, agus gnéithe comhshaoil agus sóisialta á gcur san áireamh sna glaonna ar thairiscintí agus soláthar poiblí atá freagrach go sóisialta á chur chun cinn; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur oibrigh an tÚdarás ar fheabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar a phlean soláthair a chur chun feidhme go tráthúil, agus go bhfuil sé ar intinn aige leas a bhaint as an modúl iarrata den uirlis bainistithe soláthair phoiblí agus a phlean soláthair do 2023 á ullmhú aige; |
28. |
ag tabhairt dá aire gurb amhlaidh, dar leis an gCúirt, i nós imeachta soláthair chun tacú le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta i réimse imeachtaí oiliúna a dhearadh, a eagrú agus a chur chun feidhme, a bhí luach conartha uasta dar luach EUR 6 mhilliún in imeacht 4 bliana leagtha síos sna sonraíochtaí tairisceana; ag tabhairt dá haire gur dhámh an tÚdarás an conradh ar thairgeoir arbh fhiú EUR 12,9 milliún a thairiscint airgeadais; á mheabhrú go sáraíonn sé sin pointe 12,3 (a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais, ina sonraítear go measfar tairiscintí a bheith do-ghlactha ‘nuair is mó praghas na tairisceana ná buiséad uasta an údaráis chonarthaigh arna chinneadh agus arna dhoiciméadú roimh sheoladh an nós imeachta soláthair’; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid go bhfuil an soláthar sin agus dámhachtain na gconarthaí neamhrialta cé nach ndearnadh aon íocaíochtaí a bhaineann leis an gconradh sin in 2022; |
29. |
á mheabhrú gurb é an cuspóir atá le rialacha soláthair phoiblí ná go gcumasófaí eintitis atá ag fáil earraí agus seirbhísí trí phróiseas soláthair chun na hearraí agus seirbhísí sin a theastaíonn uathu a fháil ar an bpraghas is fearr, agus á áirithiú freisin go bhfuil iomaíocht chóir ann idir na tairgeoirí agus go bhfuiltear ag cloí le prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe; á iarraidh ar an Údarás tuilleadh feabhais a chur ar a nósanna imeachta soláthair phoiblí, ag áirithiú go gcomhlíontar go hiomlán na rialacha is infheidhme, ionas go mbaineann siad na hacmhainní poiblí is fearr is féidir amach; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht
30. |
ag cur sonrú i mbearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha an Údaráis chun trédhearcacht a áirithiú, agus chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus ag tabhairt dá haire go bhfoilsítear dearbhuithe coinbhleachtaí leasa an bhoird bainistíochta ar a shuíomh gréasáin; |
31. |
ag tabhairt dá haire go bhfoilsíonn an tÚdarás CV dá stiúrthóir feidhmiúcháin agus go bhfuil sé ag obair ar CVanna a chomhaltaí den bhord bainistíochta agus den lucht meánbhainistíochta a fhoilsiú in 2023; á iarraidh ar an Údarás aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
32. |
á chur in iúl gur feasach di gur ghlac an tÚdarás cinneadh ón stiúrthóir feidhmiúcháin in 2023 maidir le faisnéis faoi chruinnithe le hionadaithe leasmhara agus le daoine seachtracha eile a fhoilsiú; ag tabhairt dá haire, leis an gcinneadh sin, go bpoibleoidh an t-údarás faisnéis maidir leis na cruinnithe uile arna dtionól ag an stiúrthóir feidhmiúcháin, cathaoirleach an bhoird bainistíochta agus an leaschathaoirleach agus iad ag gníomhú sa cháil sin agus maidir le cinn aonaid a bhfuil ionadaithe leasa agus seachtracha eile acu; |
33. |
ag tabhairt dá haire gur ghlac an tÚdarás beartas coinbhleachta leasa i mí na Samhna 2022, lena gcumhdaítear comhaltaí agus breathnóirí an bhoird bainistíochta, an ghrúpa geallsealbhóirí, mheithleacha agus painéil an Údaráis, lena n-áirítear an t-ardán chun feabhas a chur ar an gcomhar chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe, saineolaithe seachtracha agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht, lena n-áirítear oifigigh náisiúnta idirchaidrimh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár tuairiscíodh aon chás coinbhleachtaí leasa ná aon chás sceithireachta in 2022; |
34. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil ‘seicliosta deiridh seirbhíse agus foirm rúndachta dá fhoireann uile’ i bhfeidhm ag an Údarás, lena n-áirítear tagairtí d’oibleagáidí na rialachán foirne ar dheireadh na seirbhíse; |
Rialú inmheánach
35. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, ón tuarascáil ón gCúirt, maidir le rialacha inmheánacha an Údaráis, go gceanglaítear ar SNInna agus ar NLOnna a bheith ina gcónaí sa Bhratasláiv; á chur in iúl gur feasach di go bhfaigheann SNInna agus NLOnna liúntais laethúla agus mhíosúla chun costais mhaireachtála sa Bhratasláiv a chumhdach agus chun iad a fháil, nach mór dóibh dearbhú foirmiúil a dhéanamh go bhfuil siad ina gcónaí iontu i ndáiríre, agus gealltanas a thabhairt cruthúnas cónaithe a sholáthar arna iarraidh sin; ag tabhairt faoi deara nach raibh an Ghníomhaireacht in ann cruthúnas a chur ar fáil go raibh NLO ar leith ina chónaí sa Bhratasláiv mar fhreagairt ar iarraidh ón gCúirt, rud a d’fhág gur thángthas ar an gconclúid gur liúntais neamhrialta a bhí sna liúntais sin a fuair an NLO sin agus arbh fhiú EUR 83 734 san iomlán iad, agus ar íocadh EUR 50 700 de sin in 2022; á mheas go bhfuil seiceálacha ex-ante an Údaráis ar na dearbhuithe sin lag, toisc go bhfuil siad bunaithe ar dhearbhuithe ó na SNInna agus NLOnna amháin, agus ní ar fhianaise dhoiciméadach; á chur in iúl gur oth léi an easpa seiceálacha ex post agus go gcruthaíonn sé sin an baol go bhféadfadh sé nach mbeadh na méideanna a íocann an tÚdarás as na lamháltais sin i gceart; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ó 2023 ar aghaidh, a neartaigh an tÚdarás bainistiú agus rialú an chomhaid SNI, go háirithe le haghaidh seiceálacha ex ante, i gcás ina n-iarrtar cruthúnas cónaithe ar gach SNI; |
36. |
ag tarraingt aird ar an mbarúil ón gCúirt nach raibh a chuid seiceálacha ex-ante bunaithe go hiomlán agus curtha ar bhonn foirmiúil ag an Údarás, agus nach raibh seiceálacha ex-post curtha ar bun, i réimse chur chun feidhme an chonartha; ag tabhairt dá haire, go sonrach, go raibh íocaíochtaí as aistriúchán, eagrú imeachtaí, oiliúint agus cumarsáid údaraithe ag an Údarás gan fíorú iomlán déanta aige ar na príomhpharaiméadair lena gcinntear na praghsanna atá le híoc, amhail líon na seirbhísí a sholáthraítear, comhlíonadh na n-íoscheanglas cáilíochta, agus praghsanna aonaid atá curtha i bhfeidhm; á chur in iúl gur cúis mhór imní di, i ndáil leis sin, agus á chur i bhfios go bhféadfadh na heasnaimh sin agus an mhainneachtain sin a bheith ina riosca d’úsáid cistí poiblí nuair a dhéantar iad a leigheas; |
37. |
ag tathant ar an Údarás athmheasúnú agus nuashonrú a dhéanamh ar a phróisis inmheánacha, rialuithe ex-ante agus modheolaíocht ex-post chun aghaidh a thabhairt go hinchreidte ar bharúlacha na Cúirte agus chun tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis na bearta a rinneadh i ndáil leis sin; |
38. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionscnaimh curtha chun feidhme ó 2023 ar aghaidh chun rialuithe ex ante an Údaráis a fheabhsú, lena n-áirítear oiliúint speisialaithe don fhoireann maidir le nósanna imeachta airgeadais agus rialuithe ex ante; |
39. |
ag tabhairt dá haire gur ghlac Bord Bainistíochta an Údaráis a chreat rialúcháin inmheánaigh in 2020 agus go dtabharfar a fhorbairt chun críche in 2023, agus é sin bunaithe ar mholtaí na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach maidir leis an gcreat rialúcháin inmheánaigh; |
40. |
ag tabhairt dá haire go ndéanann an tÚdarás cleachtadh measúnaithe riosca bliantúil agus go ndearna sé dréachtphlean gníomhaíochta a thabhairt chun críche agus a fhorbairt in 2022 chun a rioscaí a laghdú; ag tabhairt dá haire freisin gur ghlac agus gur chuir an tÚdarás a straitéis frithchalaoise, 2021–2023 chun feidhme, agus go ndéantar faireachán ar chur chun feidhme na straitéise trí phlean gníomhaíochta tiomnaithe; |
41. |
á mheabhrú nár ghlac an tÚdarás a phlean leanúnachais gnó atá á fhorbairt fós agus a thabharfar chun críche le linn 2023; |
42. |
á chur in iúl gur feasach di go bhfuil an tÚdarás i dtréimhse fáis faoi láthair; ag tabhairt dá haire go dtabharfar forbairt tháscairí an chreata rialúcháin inmheánaigh chun críche, bunaithe ar mholtaí iniúchadh IAS ar an gcreat rialúcháin inmheánaigh, a dhéanfar in 2023; |
Barúlacha eile
43. |
ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, san obair shuntasach atá le déanamh ag an Údarás, go háirithe maidir lena shásraí rialúcháin inmheánaigh a neartú; ag aithint riaráiste phleananna an Údaráis a bhí sceidealaithe lena gcur chun feidhme in 2023, ina bhfuil an t-údarás um urscaoileadh ag dréim leis go ndéanfaidh an tÚdarás torthaí nithiúla a bhaint amach agus a chur in iúl chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na heasnaimh ar thángthas orthu; á chur in iúl, áfach, go dtuigeann sí go bhfuil an obair fós ar siúl ó chuir an tÚdarás tús lena chuid oibríochtaí in 2019; |
44. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta tábhachtacha curtha chun feidhme ag an Údarás chun a chibearshlándáil a mhéadú amhail loga cumhdaigh CERT-EU, criptiú dé-eochraithe agus nascacht le córais an Choimisiúin Eorpaigh i measc córais eile agus chun a phróisis soláthair a dhigitiú; |
45. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuil tús curtha ag an Údarás le hanailís chomhshaoil agus a ráiteas ar an gcomhshaol agus a phlean gníomhaíochta a ullmhú chun deimhniú EMAS a chur chun feidhme, agus a chuirfear i gcrích faoi 2023; |
46. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil straitéis chumarsáide nua, 2023–2026 glactha ag an Údarás go luath in 2023, arb é is aidhm dó a infheictheacht, a cháil agus a fheasacht ar a chuid oibre a mhéadú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur eagraigh an tÚdarás imeacht, i gcomhpháirt le Gníomhaireachtaí eile, agus i gcomhar leis an bParlaimint, chun na dúshláin agus na deiseanna do dhaoine óga a fhiosrú; |
47. |
ag tabhairt dá haire gur chuir an tÚdarás bearta éagsúla chun feidhme chun a thionchar ar an gcomhshaol a laghdú, ach nár fhorbair sé straitéis chomhshaoil i scríbhinn go fóill agus go bhfuil sé beartaithe aige tús a chur léi in 2023; |
48. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 11 Aibreán 2024 (2) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaíochtaí. |
(1) IO C 119, 31.03.2023, lch. 22.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0280.
ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2024/2304/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)