Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024AE0535

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An ról a bheidh ag an mbeartas comhtháthaithe sna chéad bhabhtaí eile de mhéadú an Aontais (tústuairim)

    EESC 2024/00535

    IO C, C/2024/4660, 9.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4660/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4660/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/4660

    9.8.2024

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    An ról a bheidh ag an mbeartas comhtháthaithe sna chéad bhabhtaí eile de mhéadú an Aontais

    (tústuairim)

    (C/2024/4660)

    Rapóirtéir:

    María del Carmen BARRERA CHAMORRO

    Comhairleoir

    Ioannis GRIGORIADIS, thar ceann an rapóirtéara

    Comhairliúchán

    An Coimisiún Eorpach, 11.12.2023

    Bunús dlí

    Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    An rannóg atá freagrach

    Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

    Dáta a glactha sa rannóg

    17.5.2024

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    31.5.2024

    Seisiún iomlánach Uimh.

    588

    Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh)

    181/2/2

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i bhfios go láidir gur uirlis fhíor-riachtanach den bheartas um méadú atá i mbeartas maidir le cabhair réamhaontachais agus gur féidir é a úsáid agus a thionchar a mhéadú chinn an tsíocháin agus an rathúnas a chur chun cinn ar fud mhór-roinn na hEorpa, go háirithe i réigiúin ina raibh an tsíocháin agus an chobhsaíocht i mbaol le déanaí.

    1.2.

    D’fhonn na stáit is iarrthóirí a ullmhú chun ionstraimí an bheartais a chur chun feidhme ina n-iomláine sa todhchaí, ba cheart an beartas maidir le cabhair réamhaontachais a oiriúnú ar bhealach níos fearr do láidreachtaí, dúshláin agus riachtanais na réigiún, agus do na réigiún teorann i mBallstáit an Aontais.

    1.3.

    Molann CESE gur cheart infheistíocht níos córasaí a dhéanamh i bhforbairt an chaipitil dhaonna, san oideachas agus sa lánpháirtiú sóisialta chun éagothromaíochtaí sóisialta a chosc agus a mhaolú le beartas maidir le cabhair réamhaontachais. Is den ríthábhacht é naisc le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun cinn agus iad a spreagadh chun an phleanáil ar an mbeartas maidir le cabhair réamhaontachais a fheabhsú.

    1.4.

    Leis an mbeartas comhtháthaithe a bheidh ann amach anseo, ba cheart tús áite a thabhairt do ghrúpaí leochaileacha a chosaint, ar daoine iad sin a bhfuil bacainní breise agus suntasacha le sárú acu a mhéid a bhaineann lena bhforbairt eacnamaíoch agus sóisialta agus d’fhéadfadh sé go mbeadh dúshláin bhreise romhaibh sa phróiseas aontachais amach anseo.

    1.5.

    Ní hamháin go mbeadh comhpháirtíochtaí níos láidre le heagraíochtaí na sochaí sibhialta sna stáit is iarrthóirí fíorluachmhar chun cuspóirí an mhéadaithe a chur chun cinn, bheadh caidrimh den sórt sin i gcomhréir le straitéisí forbartha éifeachtacha agus cuimsitheacha ós rud é go n-úsáidtear leo prionsabail sheanbhunaithe na comhpháirtíochta láidre agus na bainistíochta comhroinnte.

    1.6.

    Ba cheart an tacaíocht uile is gá a thabhairt don bheartas maidir le cabhair réamhaontachais ionas go mbeifear in ann tacú leis an bhfás agus an téarnamh a chur chun cinn ar fud réigiúin na hEorpa leis. Áirítear leis sin an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus cuidiú leis na réigiúin iad féin a chur in oiriúint do na dúshláin dhéimeagrafacha, thionsclaíocha, straitéiseacha agus slándála atá iontu faoi láthair.

    1.7.

    Cuireann CESE i bhfios go láidir go gcaithfidh ról an bheartais chomhtháthaithe dul i bhfad níos faide ná an infheistíocht lárnach. Ní mór go ndírefaí sa bheartas ar fhorbairt institiúidí agus acmhainní, lena n-áirítear cláir nasctha agus tacaíocht don tsochaí shibhialta agus do chomhpháirtithe sóisialta (1). Tuigtear ón taithí a bhí ag na Stáit Bhaltacha gur féidir úsáid níos éifeachtaí a bhaint as cistí an bheartais chomhtháthaithe trí chumais institiúideacha a fheabhsú, rud a chuireann dlús lena gcomhtháthú agus lena bhfás eacnamaíoch. Chuidigh na cistí sin leis na tíortha sin dul chun cinn a dhéanamh agus a bheith ar thús cadhnaíochta a mhéid a bhaineann le beartas phoiblí éifeachtach a cheapadh.

    1.8.

    Cuireann CESE i bhfios go láidir go raibh tionchar ag na rabhartaí méadaithe ar na Ballstáit atá ann faoi láthair agus ar na réigiúin sna Ballstáit sin, ós rud é go dtagann na Ballstáit nua isteach sa mhargadh aonair agus go mbíonn tionchar acu ar an slabhra luacha idirnáisiúnta agus ar imirce lucht saothair san Aontais. Tá gá le cistí breise, dá bhrí sin, chun infheistíocht a dhéanamh sna réigiúin atá ar theorainn na dtíortha is iarrthóirí, agus i réigiúin na mBallstát atá san Aontas faoi láthair ar a mbíonn tionchar an-mhór ag na hathruithe san Aontas agus sna slabhraí luacha domhanda a chruthaítear mar thoradh ar an méadú.

    1.9.

    Cuireann CESE in iúl, i bhfianaise scála na ndúshlán sin, go háirithe san Úcráin, nach leor an tacaíocht sin agus í ag brath ar an mbeartas maidir le cabhair réamhaontachais amháin. Beidh ar an Aontas gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh, b’fhéidir trí shásraí ad hoc chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna is práinní agus is dúshlánaí, cuir i gcás an atógáil i ndiaidh an chogaidh, ar bhealach éifeachtach. Tá sé sin riachtanach chun go mbainfear an leas is mó is féidir as tionchar agus tairbhí aon bheartais phoiblí a bheidh ann sa todhchaí.

    1.10.

    Creideann CESE go mbeadh meath iar-aontachais ar an smacht reachta ar cheann de na dúshláin ba mhó a d’fhéadfadh a bheith roimh mhéadú an Aontas. D’fhéadfaí an riosca sin a mhaolú trí uirlisí comhlíonta iar-aontachais a áireamh sna conarthaí aontachais nua, amhail modhanna éifeachtacha chun cearta vótála agus cistí AE a chur ar fionraí i gcás nach gcomhlíontar luachanna bunúsacha an Aontais agus an smacht reachta. I measc na ndúshlán eile a luaitear go minic tá feidhmiú institiúidí an Aontais agus na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an méadú ar bhuiséad an Aontais, agus d’fhéadfaí na dúshláin sin a bhainistiú trí idirthréimhsí a chur ar bun agus trí athchóirithe AE le linn na caibidlíochta aontachais (2).

    1.11.

    Ba cheart don Choimisiún Eorpach a chuid athchóirithe ar an mbeartas comhtháthaithe sa todhchaí a threorú, i gcomhthráth leis an bpróiseas um méadú, chun borradh a chur faoi éifeachtacht na mbeartas reatha, bunaithe ar speisialtóireacht mhéadaithe agus ar éagsúlú méadaithe, agus an méid sin uile nasctha le níos mó solúbthachta agus speisialtóireachta airgeadais. Ní bheidh aon chúnamh airgeadais in ann rathúnas eacnamaíoch a bhaint amach mura ndéanfaí iarrachtaí chun institiúidí a fhorbairt, an rialachas a athchóiriú agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a athchóiriú ag an am céanna.

    1.12.

    Cuireann CESE i dtreis an gá atá le gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun srian a chur le rabharta na heisimirce ó na tíortha is iarrthóirí, rud a d’fhéadfadh an acmhainneacht forbartha eacnamaíche agus sóisialta a chur i mbaol. Ba cheart é sin a dhéanamh trí bhearta beartais éagsúla, lena n-áirítear infheistíocht i gcaipiteal daonna.

    1.13.

    Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach feabhas a chur ar an staid le haghaidh daoine óga sna tíortha is iarrthóirí. Teastaíonn iarrachtaí chun feabhas a chur ar scileanna agus ar fhostaíocht daoine óga agus chun deiseanna oideachais agus deiseanna fostaíochta ar ardchaighdeán a mhéadú do dhaoine óga, chomh maith le réitigh tithíochta a chur i bhfeidhm ag an am céanna. Ba cheart idirphlé agus rannpháirtíocht daoine óga i dtionscnaimh na ráthaíochta don óige a spreagadh freisin.

    1.14.

    Molann CESE go gcuirfí leis na hiarrachtaí chun aire a thabhairt do na daoine is leochailí agus do na grúpaí is leochailí sna tíortha is iarrthóirí, agus iad a ionchorprú ní hamháin i gcórais cosanta ach iad a chur san áireamh freisin sa phróiseas cinnteoireachta, ós rud é gurb é sin an bealach is fearr chun an chéad bhunphrionsabal den Bheartas Comhtháthaithe ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’ a bhaint amach.

    2.   Barúlacha ginearálta

    2.1.

    Ní hamháin go bhfuil fogha na Rúise faoin Úcráin ina bhagairt ar cheannasacht agus ar iomláine chríochach stáit Eorpaigh. Tuigtear anois go bhfuil sé ina bhagairt shoiléir ar lánpháirtiú na hEorpa agus ar na luachanna polaitiúla atá mar bhonn agus mar thaca faoi lánpháirtiú na hEorpa le 75 bliain anuas. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go sáróidh an tAontas Eorpach na dúshláin stairiúla atá romhainn agus go léireoidh sé do na Balcáin Thiar agus d’Oirthear na hEorpa nach dtréigfidh sé na stáit sin atá faoi bhagairt na Rúise ach go ndéanfaidh sé gach uile iarracht chun a lánpháirtiú san Aontas Eorpach a chur chun cinn. Féadfaidh ionstraimí an bheartais chomhtháthaithe cuidiú le héifeachtacht thionscnaimh an Aontais sna Balcáin Thiar agus in Oirthear na hEorpa a mhéadú (3).

    2.2.

    Tá an beartas comhtháthaithe ar cheann de bheartais shuaitheanta an Aontais Eorpaigh anois. Cumhdaíodh é den chéad uair i gConradh na Róimhe, ach tá an beartas comhtháthaithe mar bhunchloch na dlúthpháirtíochta Eorpaí anois agus chuidigh sé le hAontas Eorpach atá níos cothroime a chruthú. Mar sin, baineann stádas ríthábhachtach leis a mhéid a bhaineann le tosaíochtaí bheartas an Aontais maidir le méadú.

    2.3.

    Tá an méadú ar cheann de na hionstraimí is cumhachtaí a ghabhann le beartas eachtrach an Aontais. Is mar gheall ar rabhartaí méadaithe a bhfuil an tAontas Eorpach níos mó, níos láidre, níos síochánta agus níos córa anois. Níl aon dabht gur scaipeadh síocháin, rathúnas agus an tslándáil ar fud mhór-roinn na hEorpa mar gheall ar an méadú.

    2.4.

    Mar a luaigh ceannairí an Aontais i nDearbhú Granada (4), is éard atá i gceist leis an méadú ach inneall chun dálaí eacnamaíocha agus sóisialta shaoránaigh na hEorpa a fheabhsú, chun éagothromaíochtaí idir tíortha a laghdú, agus chun na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe a chur chun cinn. Sa dearbhu sin, cuirtear i bhfios a thábhachtaí atá beartais maidir le cabhair réamhaontachais mar chuid lárnach de mhéadú an Aontais.

    2.5.

    Tá sé ríthábhachtach go gcuirfí cabhair réamhaontachais ar fáil do na tíortha is iarrthóirí, ós rud é go n-éascófaí leis sin comhtháthú na dtíortha is iarrthóirí san Aontas sa todhchaí agus go neartófaí leis tarraingteacht na bpríomhluachanna Eorpacha sna Ballstáit agus sna tíortha is iarrthóirí araon.

    3.   Breithnithe agus Ráthaíochtaí Sóisialta

    3.1.

    Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go n-urramófar go hiomlán an acquis maidir le ligean isteach san Aontas, lena n-áirítear cearta bunúsacha, an acquis sóisialta agus an t-idirphlé sibhialta agus sóisialta a urramú agus a threisiú; ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar chearta na gComhpháirtithe Sóisialta agus Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta a urramú go hiomlán. Sa chreat sin, is gá cistiú leordhóthanach a áirithiú le haghaidh fothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta i dtíortha aontachais. Ní mór don mhéadú a bheith rathúil d’oibrithe, do chuideachtaí, do FBManna agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta i mBallstáit nua agus i mBallstáit atá ann cheana.

    3.2.

    Creideann CESE go daingean gurb é an cur chuige céimnitheach an bealach is fearr chun leanúint de mhéadú an Aontais, cur chuige a bheidh bunaithe ar an bhfiúntas i leith na dtairbhí incriminteacha le linn phróiseas an aontachais. Ba cheart don Choimisiún togra a fhorbairt chun nascacht institiúideach na n-iarrthóirí agus rochtain na n-iarrthóirí ar obair institiúidí an Aontais a éascú, lena n-áirítear Ard-Stiúrthóireachtaí éagsúla an Choimisiúin, lena n-áirítear le linn phróiseas an aontachais. Ba cheart don Choimisiún Eorpach go bhfaighidh tairbhithe cúnamh teicniúil tráthúil chun an acquis a oiriúnú agus a chur chun feidhme. Iarrann CESE go ndiúltófar go soiléir d’aon chur chuige ilroinnte i leith an phlé ar aontachas: ba cheart rochtain ar an margadh inmheánach, nó ar chodanna den mhargadh, a bheith nasctha le hailíniú iomlán leis an acquis sóisialta. Ag an am céanna, ba cheart rochtain ar an margadh inmheánach a bheith bunaithe ar iomaíocht chóir, nó i dtéarmaí praiticiúla, ciallaíonn sé sin nach mór a bheith i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais (e.g. an acquis sóisialta, comhshaoil, státchabhair etc.).

    3.3.

    Measann CESE go gcruthaítear deis leis an bplé ar mhéadú an Aontais chun machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar cheart suíomh institiúideach an Aontais a oiriúnú. Is gá athchóiriú ar institiúidí an Aontais a áirithiú chun creat institiúideach níos éifeachtaí, níos sóisialta agus níos forásaí a ráthú don Aontas Eorpach chun geilleagar AE atá níos dinimiciúla agus níos iomaíche a áirithiú. I gcomhthráth leis sin, ní mór dálaí maireachtála agus oibre níos fearr a chinntiú do dhaoine chomh maith le hiomaíochas níos fearr agus geilleagar a fheidhmíonn níos fearr.

    3.4.

    Ní mór don Aontas freagairt do na neamhionannas atá ag dul i méid agus ní mór dó feabhas a áirithiú do shaoránaigh agus iad buailte cheana féin ag éifeachtaí seanbhunaithe na mbeartas déine, ag an bpaindéim agus ag an mboilsciú ard in 2022 agus 2023.

    3.5.

    Agus méadú an Aontais á chur san áireamh, iarrann CESE go ndéanfaí ionstraim fhioscach nua le haghaidh infheistíochta a fhorbairt, ciste ceannasachta de chuid an Aontais le haghaidh aistriú socheacnamaíoch cóir agus earraí coiteanna, gan aon saoránach ná aon réigiún a fhágáil ar lár.

    3.6.

    Tá gá le beartas tionsclaíoch Eorpach láidir faoina dhéantar infheistíocht shuntasach agus éifeachtach phoiblí agus phríobháideach agus é sin mar bhonn agus mar thaca le poist ardcháilíochta agus ag dul chun cinn sóisialta. Tá an meath ar an iomaíochas fós an príomhchonstaic atá roimh gheilleagar na hEorpa agus roimh thodhchaí an bheartais chomhtháthaithe.

    3.7.

    Ba cheart don Coimisiún Eorpach cur le treoshuíomh na díospóireachta maidir le hathchóirithe institiúideacha sa todhchaí tríd an méid a leanas a dhéanamh:

    3.7.1.

    ba cheart a iarraidh ndéanfaí athchóiriú ar an rialachas eacnamaíoch a chur chun feidhme go hiomlán agus go cuí chun a áirithiú go measfar ceartas sóisialta, dul chun cinn sóisialta agus feabhsú dálaí oibre agus maireachtála daoine mar phríomhchuspóirí na mbeartas eacnamaíoch, lena n-áirítear trí infheistíochtaí i seirbhísí poiblí a neartú;

    3.7.2.

    ról níos láidre a áirithiú do na comhpháirtithe sóisialta agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa phróiseas cinnteoireachta. Ní fhéadfaí é sin a dhéanamh ach amháin trí phríomhluachanna an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme, amhail prionsabal na comhpháirtíochta sa dlúthpháirtíocht, san fhorbairt il-leibhéil agus sa rialachas il-leibhéil.

    4.   An Méadú agus an Beartas Comhtháthaithe: ceachtanna a foghlaimíodh ó rabharta 2004/2007

    4.1.

    Is díol sásaimh do CESE an cinneadh a rinne an Chomhairle Eorpach i Nollaig 2023 tús a chur le cainteanna aontachais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, leis an Moldóiv agus leis an Úcráin. Creideann CESE, áfach, gur gá sraith d’ionstraim beartais maidir le cabhair réamhaontachais a ghníomhachtú chun príomhbheartais an Aontais a chur chun cinn i measc na stát aontachais.

    4.2.

    Bhí ról lárnach ag an mbeartas maidir le cabhair réamhaontachais i ngach ceann de na méaduithe, a bheag nó a mhór, rud a d’éascaigh aontachas na mBallstát nua ar bhealach a chuaigh chun tairbhe dóibh agus don chuid eile den Aontas. Tháinig an Beartas Comhtháthaithe atá ann faoi láthair ar an bhfód mar bheartas chun, i measc nithe eile, aontachas na Spáinne agus na Portaingéile i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (5) a éascú. Beidh sé seo ar an ochtú méadú a bheidh againn. Chuidigh na méaduithe roimhe seo leis an Aontas an méadú a comhcheangal le daingniú an Aontais ar bhealach éifeachtach.

    4.3.

    Ba mhaith le CESE aird a tharraingt ar an méadú a rinneadh in 2004, an méadú is mó go dtí seo. Mar thoradh ar infheistíochtaí chun tíortha Lár agus Oirthear na hEorpa a ullmhú don mhéadú, méadaíodh an maoiniú a tugadh dóibh, rud a chuir le dul chun cinn i mbonneagar, infheistíocht i gcaipiteal táirgiúil, caipiteal daonna, infheistíocht dhíreach choigríche, dálaí comhshaoil agus fostaíocht i ngach Ballstát tar éis 2004. Neartaítear feidhmiú an mhargaidh aonair agus tairbhe na mBallstát eile leis an méadú, toisc gurb iad an margadh aonair agus an beartas comhtháthaithe a spreagann an fás i ngach Ballstát.

    4.4.

    Dá bhrí sin, cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil gá le beartas comhtháthaithe atá láidir agus inoiriúnaithe d’imthosca aonair gach tíre mar gheall ar an staid chasta ina bhfuil go leor tíortha is iarrthóirí. Áirítear orthu sin orthu sin saincheisteanna institiúideacha i roinnt mhaith de na tíortha is iarrthóirí, téarnamh iarchoinbhleachta sa Bhoisnia-Heirseagaivéin agus sa Chosaiv (6), agus todhchaí éiginnte iarchoinbhleachta san Úcráin. Féadfar an bhunchloch a leagan síos leis an mBeartas Comhtháthaithe trí infheistíochtaí lárnacha a chur ar fáil don lánpháirtiú agus don fhorbairt, beag beann ar staid gach tíre.

    4.5.

    Cuireann CESE in iúl go bhfuil gá le cur chuige saincheaptha maidir leis an mBeartas maidir le Cabhair Réamhaontachais, agus nach mór uirlisí ad hoc a chur san áireamh freisin agus béim a leagan ar an saineolas teicniúil atá ag foirne an Aontais agus na mBallstát ina leith. Tá struchtúir eacnamaíocha agus shóisialta éagsúla i bhfeidhm ag an Albáin agus ag an Macadóin Thuaidh leo siúd atá ag Ballstáit an Aontais. Maidir le cás na hÚcráine, beidh iarracht ollmhór atógála ag teastáil i ndiaidh chogadh foghach na Rúise. Áiritheoidh le straitéis áitbhunaithe shonrach do gach tír agus réigiún go gcuirfear infheistíochtaí an Bheartais Comhtháthaithe in oiriúint do riachtanais agus tosaíochtaí sonracha forbartha gach tíre agus réigiúin.

    4.6.

    Cuireann CESE i bhfios go láidir an taithí a fuarthas ó mhéaduithe a rinneadh roimhe seo ó thaobh sineirge de, ós rud é go n-áirítear fás inbhuanaithe, an comhtháthú sóisialta agus iomaíochas feabhsaithe ar na tairbhí fadtéarmacha a bhaineann le Beartas Comhtháthaithe a chuirtear chun feidhme i gceart maidir leis na comhaltaí nua. D’fhéadfadh cuimsiú na dtíortha sin uile a bheith ina thoisc chobhsaíochta freisin i gcuid den Eoraip a bhí ilroinnte agus coinbhleachta go stairiúil, lena leagfaí síos an bhunchloch le haghaidh cobhsaíocht shóisialta agus pholaitiúil i bhfad níos mó agus, dá bhrí sin, le haghaidh forbairt eacnamaíoch níos inbhuanaithe.

    4.7.

    Agus an tAontas Eorpach ag tabhairt faoi phróiseas méadaithe eile, lena méadófaí líon na mBallstát ó 27 go 36, tá sé tábhachtach a mheabhrú dúinn féin go mbaineann an comhtháthú le méadú. Go háirithe, tá cosúlachtaí suntasacha idir próiseas reatha an mhéadaithe agus méadú 2004/2007 i dtéarmaí líon na saoránach agus na leibhéil forbartha. Dá bhrí sin, d'fhéadfaimis ceachtanna a fhoghlaim uaidh, go háirithe ceachtanna maidir le héifeachtacht an bheartais, lena chur chun feidhme agus an tionchar atá aige, cuimsitheacht an phróisis agus an éifeacht atá aige míchothromaíochtaí a chur ina gceart.

    4.8.

    Bhí cistí maidir le cabhrach réamhaontachais ríthábhachtach chun na Ballstáit ionchasacha a ullmhú dá bhfeidhmíocht eacnamaíoch shuntasach iar-aontachais. Mar thoradh ar infheistíocht sách beag a rinneadh i dtíortha Lár agus Oirthear na hEorpa bhí forbairt ghasta iontu agus méadaíodh an maoiniú a tugadh dóibh, rud a chuir le dul chun cinn i mbonneagar, infheistíocht i gcaipiteal táirgiúil, caipiteal daonna, infheistíocht dhíreach choigríche, dálaí comhshaoil agus fostaíocht i ngach Ballstát tar éis 2004 (7).

    4.9.

    Luaitear an méid a leanas faoin méadú i nDearbhú Granada infheistíocht gheostraitéiseach sa tsíocháin, sa tslándáil, sa chobhsaíocht agus sa rathúnas is ea an méadú. Tabharfaimid aghaidh ar na príomhcheisteanna a bhaineann leis na tosaíochtaí agus na beartais atá againn chomh maith lenár gcumas gníomhú. Is láidre a bheidh an tAontas agus is fearrde a bheidh a cheannasacht.

    4.10.

    Is é méadú is bonn leis an tionscadal Eorpach, ach léirítear ann freisin deis chun feabhas a chur ar struchtúr institiúideach an Aontais.

    4.11.

    Baineann an luach le dearcadh na n-eagraíochtaí na sochaí sibhialta ó na stáit is iarrthóirí chun pleanáil níos a dhéanamh ar an méadú agus chun mionchoigeartú a dhéanamh ar na beartais maidir le cabhair réamhaontachais.

    4.12.

    Cuireann CESE i bhfios go láidir nach amháin go mbainfidh strus airgeadais le méadú an Aontais ach go mbeidh tairbhí móra straitéiseacha, polaitiúla agus airgeadais ann don Aontas Eorpach freisin (8). Tá an méid sin fíor go háirithe i gcás na hÚcráine, an stát is iarrthóir is mó ar bhallraíocht san Aontas (9).

    5.   An tábhacht a bhaineann leis an mBeartas Comhtháthaithe maidir le Méadú an Aontais

    5.1.

    Chun na stáit is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas sna Balcáin Thiar agus in Oirthear na hEorpa a fhorbairt, tá gá le tacaíocht láidir airgeadais agus institiúideach, agus na tacaíochtaí sin i gcroílár an bheartais maidir le cabhair réamhaontachais de chuid an Aontais. Ba cheart breathnú ar thacaíocht chomhtháthaithe mar rud bunriachtanach ionas go mbeifear in ann na Ballstáit ionchasacha a chomhtháthú go héifeachtach san Aontas Eorpach.

    5.2.

    Tá comharthaí dearfacha le feiceáil le déanaí i ngeilleagair sna thíortha is iarrthóirí sna Balcáin Thiar. Mar sin féin, tá neart fós le déanamh chun cuidiú le próiseas cóineasaithe gheilleagair na mBalán Thiar leis an meán Eorpach. Áirítear ar na bearta sin athcóiriú eacnamaíoch agus polaitiúil, fothú acmhainneachta, an comhrac i gcoinne an éillithe agus an scáthgheilleagair agus an smacht reachta a neartú. Rinne cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine dochar do na dóchais a bhí ann go mbeidh téarnamh eacnamaíoch níos láidre sa tír.

    5.3.

    Tá dúshláin gan fasach roimh gheilleagair na hÚcráine agus stáit eile is iarrthóirí in Oirthear na hEorpa mar gheall ar chogadh foghach na Rúise. Chuirfeadh aontachas na hÚcráine feabhas ar shlándáil fuinnimh an Aontais agus d’fhéadfadh sé costais fuinnimh a laghdú. D’fhéadfadh sé comharsanacht thoir an Aontais a chobhsú agus cumais mhíleata agus slándála an Aontais a fheabhsú freisin. Cuireann CESE in iúl gur díol imní dó go bhfuil áibhéal á dhéanamh ar an éifeacht a bheidh ag aontachas na hÚcráine ar airgeadais an Aontais, ós rud é go mbeidh na costais sin suntasach ach go bhfuil sé d’acmhainn ag an Aontas iad a chumhdach. Tá sé feicthe againn anois gur gné ríthábhachtach de bheartas maidir le cúnamh réamhaontachais na hEorpa é cúnamh cogaidh a chur ar fáil agus bearta forbartha eacnamaíche iarchogaidh a phleanáil (10).

    5.4.

    Leis an mbeartas maidir le cúnamh réamhaontachais, ní féidir aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhéadú an Aontais gan aird chuí a thabhairt ar an tSamhail Fáis Eorpach ná ar Phlean Fáis an Choimisiúin Eorpaigh do na Balcáin Thiar. Na colúin atá ann, díríonn siad ar an méid a leanas:

    5.4.1.

    comhtháthú eacnamaíoch le margadh aonair an Aontais a fheabhsú. Moltar seacht ngníomhaíocht tosaíochta:

    1.

    Saorghluaiseacht na n-earraí.

    2.

    Saorghluaiseacht seirbhísí agus oibrithe.

    3.

    Rochtain ar an limistéar aonair d'íocaíochtaí euro.

    4.

    Iompar de bhóthar a éascú.

    5.

    Comhtháthú agus dícharbónú na margaí fuinnimh.

    6.

    An margadh aonair digiteach.

    7.

    Comhtháthú i slabhraí soláthair tionsclaíocha.

    5.4.2.

    borradh a chur faoin gcomhtháthú eacnamaíoch leis na Balcáin Thiar tríd an gCómhargadh Réigiúnach;

    5.4.3.

    dlús a chur le hathchóirithe bunúsacha, lena n-áireofar athchóirithe ar chnuasach na mbunphrionsabal, tacú le conair na mBalcán Thiar i dtreo ballraíocht san Aontas a bhaint amach, fás eacnamaíoch inbhuanaithe a fheabhsú lena n-áireofar feabhas trí infheistíochtaí eachtracha a mhealladh agus cobhsaíocht réigiúnach a neartú;

    5.4.4.

    cúnamh airgeadais a mhéadú chun tacú leis na hathchóirithe.

    5.5.

    Tá dúshláin amhail an ghéarchéim aeráide, an boilsciú, an imirce, an athléimneacht shóisialta, an digitiú agus an nuálaíocht ríthábhachtach i bhfianaise na gcúinsí straitéiseacha agus eacnamaíocha san Eoraip agus ar fud an domhain.

    5.6.

    Ba cheart don Choimisiún Eorpach an díospóireacht maidir le hathchóirithe institiúideacha a dhéanfaí sa todhchaí a stiúradh bunaithe ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa agus ar an rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis na tograí chun na Conarthaí a leasú, agus forbairt Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta á cur san áireamh. Ní féidir é sin a bhaint amach ach amháin trí phríomhluachanna an bheartais chomhtháthaithe a chur i bhfeidhm.

    5.7.

    Sa tuairim uaidh, cuireann CESE in iúl go measann sé go mbaineann an-tábhacht go deo leis an gcoincheap atá bunaithe ar bheartas chomhtháthaithe 2.0 (11), lena n-áirítear bainistíocht chomhroinnte, cur chuige réigiúnach, réamh-mhaoiniú agus rátaí cómhaoinithe.

    5.8.

    Baineann an-tábhacht leis an idirphlé agus comhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta sna tíortha is iarrthóirí freisin. Ba cheart ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ag gach céim den bheartas comhtháthaithe, idir dhearadh an bheartais, a chur chun feidhme agus an t-athbhreithniú a dhéanfar air. Cothaítear leis an rannpháirtíocht sin ó na comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta úinéireacht, cumhachtú agus cur chuige iomlánaíoch maidir le dearadh agus bainistiú beartais agus beidh ionsú éifeachtach cistí mar thoradh air.

    5.9.

    Mar atá feicthe againn ó mhéadú 2004/2007, níor cheart a mheas gurb í tacaíocht airgeadais amháin atá i gceist leis an mbeartas comhtháthaithe. Ba cheart a áireamh sna bearta um chabhair fothú acmhainneachta sa riarachán poiblí agus sa tsochaí shibhialta chomh maith le forbairt institiúidí ionas gur féidir leo a bheith éifeachtach agus ullmhú chun an beartas comhtháthaithe a chur chun feidhme.

    5.10.

    Go háirithe, ba cheart go mbreithneofaí sa bheartas comhtháthaithe an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an méadú ar réigiúin AE atá cóngarach do na stáit is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, i.e. sa Bhulgáir, sa Rómáin, san Úngáir, sa Chróit, sa Ghréig, sa Pholainn agus sa tSlóvaic. Tá an comhar trasteorann ríthábhachtach ionas go n-éireoidh leis an mbeartas sin.

    5.11.

    Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh CAI níos uaillmhianaí a bheith ann don chéad chlárthréimhse eile, ionas gur go bhféadfaí aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhúshláin an mhéadaithe ar bhealach éifeachtach.

    5.12.

    Is mar thoradh ar thaithí fhada ar an mbeartas comhtháthaithe arna cheapadh agus arna chur chun feidhme ag institiúidí an Aontais agus ag na Ballstáit, a bhfuil tacar norm agus cleachtas ann, ar rud é sin a dtugtar ‘cultúr comhtháthaithe’ air. Iomadú an chultúir chomhtháthaithe sin chuig na stáit is iarrthóirí trí phróiseas an mhéadaithe agus tríd an gcaibidlíocht aontachais, ba cheart é sin a bheith ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Aontais.

    6.   Guth na Sochaí Sibhialta

    6.1.

    Is dearcadh diúltach atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna tíortha is iarrthóirí ar chur chun feidhme na mbeartas réamhaontachais ina dtíortha féin.

    6.2.

    Meastar go mbaineann an-tábhacht leis an idirphlé sóisialta agus an comhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta. Mar sin féin, dar leis na heagraíochtaí ionadaíocha nach gcuirtear na hionstraimí sin san áireamh go héifeachtach ná go héifeachtúil sna próisis a cuireadh ar bun don mhéadú agus sa chinnteoireacht ina leith.

    6.3.

    Meastar go bhfuil sé ríthábhachtach aird a thabhairt ar na grúpaí is leochailí, ach chuir na heagraíochtaí ionadaíocha in iúl nach dtugtar aird ar leith ar na grúpaí sin, gur neamhleor atá an chosaint sóisialta agus nach gcuirtear san áireamh iad sa chinnteoireacht.

    6.4.

    Dúirt tromlach mór na bhfreagróirí go raibh siad ar an eolas faoi na príomhphrionsabail a ghabhann le rialachas il-leibhéil agus bainistíocht chomhroinnte i ndáil leis an mbeartas comhtháthaithe agus conas prionsabal na comhpháirtíochta a chur i bhfeidhm.

    6.5.

    Síltear gur deis uathúil atá sa Phlean Fáis Nua do na Balcáin Thiar chun díriú ar an gcaipiteal daonna agus ar na gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann le cúnamh réamhaontachais. D’fhéadfaí na tíortha is iarrthóirí a chur san áireamh sa díospóireacht faoin mbeartas maidir le cabhair réamhaontachais (12).

    6.6.

    Eisimirce lucht saothair oilte, tá sé sin ar cheann de na bagairtí is mó atá roimh gheilleagar agus sochaí na dtíortha is iarrthóirí. Is é an easpa muiníne in institiúidí agus an easpa spreagtha agus easpa deiseanna, lena n-áirítear teipeanna sa chóras oideachais a spreagann daoine óga chun dul ar imirce. Is fadhbanna práinneacha iad an dífhostaíocht agus an easpa fostaíochta ardcháilíochta, chomh maith leis an easpa tithíochta do dhaoine óga. Maíonn siad freisin nach leor an t-idirphlé a dhéantar ná an rannpháirtíocht i dtionscnaimh ráthaíochta don aos óg.

    6.7.

    Tuairiscíonn daoine faoi mhíchumas go bhfuil easpa tacaíochta poiblí ann. Leis an easpa airde ar na grúpaí is leochailí, déantar na tíortha is iarrthóirí a scaradh ón mbunchuspóir atá leis an mbeartas comhtháthaithe, is é sin, ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’.

    An Bhruiséil, 31 Bealtaine 2024.

    An tUachtarán

    Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Oliver RÖPKE


    (1)  Tuairim ó Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Plean nua fáis i gcomhair chríocha na mBalcán Thiar mar aon le saoráid nua i gcomhair athchóiriú agus fás ar na críocha sin (COM(2023) 691 final and COM(2023) 692 final) (IO C, C/2024/4065, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4065/oj).

    (2)   Darvas, Z., M. Dabrowski, H. Grabbe, L. Léry Moffat, A. Sapir agus G. Zachmann (2024) ‘Ukraine’s path to European Union membership and its long-term implications’, Achoimre Beartais 05/2024, Bruegel.

    (3)  Tuairim ó Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Plean nua fáis i gcomhair chríocha na mBalcán Thiar mar aon le saoráid nua i gcomhair athchóiriú agus fás ar na críocha sin (COM(2023) 691 final and COM(2023) 692 final) (IO C, C/2024/4065, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4065/oj).

    (4)   https://www.consilium.europa.eu/en/press/press-releases/2023/10/06/granada-declaration/.

    (5)   presentation_final_report_20022024.pdf.

    (6)  Ní dochar an t-ainmniú sin do sheasaimh ar stádas, agus tá sé i gcomhréir le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSCR) agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

    (7)   Tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil maidir le Todhchaí an Bheartais Chomhtháthaithe: Todhchaí Inbhuanaithe a chruthú le chéile: an Comhtháthú le haghaidh Eorpaip Iomaíoch agus Chuimsitheach, Feabhra 2024, lch. 42-22.

    (8)   Akhvlediani Tinatin agus Movchan Veronika,‘The Impact of Ukraine’s Accession on the EU’s Economy: The Value Added of Ukraine’ (Taillinn: ICDS, 2024), lch. 28-30.

    (9)   Darvas, Z., M. Dabrowski, H. Grabbe, L. Léry Moffat, A. Sapir agus G. Zachmann (2024) ‘Ukraine’s path to European Union membership and its long-term implications’, Achoimre Beartais 05/2024, Bruegel.

    (10)  Páipéar ó Institiúid Bruegel, Márta 2024

    (11)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus an beartas comhtháthaithe: i dtreo beartas comhtháthaithe 2.0 (Tústuairim) (IO C, C/2023/859, 8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/859/oj).

    (12)  Tuairim ó Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Plean nua fáis i gcomhair chríocha na mBalcán Thiar mar aon le saoráid nua i gcomhair athchóiriú agus fás ar na críocha sin (COM(2023) 691 final and COM(2023) 692 final) (IO C, C/2024/4065, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4065/oj ).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4660/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top