EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XG0627(01)

Dírítear aird ASSADI Assadollah, a áirítear ar liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha sonracha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, ar an bhfaisnéis seo a leanas: (Féach na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/422 ón gComhairle agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/420 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023) 2023/C 224/02

ST/10889/2023/INIT

IO C 224, 27.6.2023, p. 4–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 224/4


Dírítear aird ASSADI Assadollah, a áirítear ar liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha sonracha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, ar an bhfaisnéis seo a leanas:

(Féach na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/422 ón gComhairle agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/420 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023)

(2023/C 224/02)

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird an duine thuasluaite a liostaítear i gCinneadh (CBES) 2023/422 ón gComhairle agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/420 ón gComhairle an 24 Feabhra 2023 (1).

Le Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an 27 Nollaig 2001, foráiltear gur féidir gach ciste, gach sócmhainn airgeadais agus gach acmhainn eacnamaíoch dá bhfuil ag na daoine agus na grúpaí lena mbaineann a chalcadh, agus nach ceadmhach aon chistí, sócmhainní airgeadais eile ná acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh, go díreach ná go hindíreach.

Cuireadh faisnéis nua ar fáil don Chomhairle a bhaineann le liostú an duine thuasluaite. Tar éis di an fhaisnéis nua sin a mheas, tá sé ar intinn ag an gComhairle an ráiteas ar chúiseanna a leasú dá réir.

Féadfaidh an duine lena mbaineann iarraidh a chur isteach chuig an seoladh seo a leanas chun an ráiteas ar chúiseanna atá beartaithe maidir lena choinneáil ar an liosta thuasluaite a fháil:

Comhairle an Aontais Eorpaigh (Le haghaidh: Ainmníochtaí COMET)

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Ba cheart iarraidh den sórt sin a chur isteach faoin 4 Iúil 2023.

Féadfaidh an duine, tráth ar bith, iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chuig an seoladh thuas, mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta, go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh é a chur agus a choinneáil ar an liosta. Déanfar na hiarrataí sin a mheas ach a bhfaighfear iad. I ndáil leis an méid sin, tugtar ar aird an duine lena mbaineann go ndéanann an Chomhairle athbhreithniú go tráthrialta ar an liosta de réir Airteagal 1(6) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES.

Tugtar ar aird an duine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ábhartha mar a liostaítear é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán chun údarú a fháil cistí reoite a úsáid chun bunriachtanais nó íocaíochtaí sonracha a chumhdach, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Rialachán sin.


(1)  IO L 61, 27.2.2023, lgh. 58 agus 37.


Top