Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC0817(01)

    Foilsiú iarratas ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia 2023/C 288/05

    C/2023/5568

    IO C 288, 17.8.2023, p. 6–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    17.8.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 288/6


    Foilsiú iarratas ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia

    (2023/C 288/05)

    Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

    IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ NACH MIONLEASÚ É AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE SONRÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁISC GHEOGRAFAIGH FAOI CHOSAINT

    Iarratas ar cheadú ar leasú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

    ‘Pecorino Crotonese’

    Uimh. AE: PDO-IT-1111-AM01 – 24.1.2022

    ATFC (X) TGFC ( )

    1.   Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach

    Consorzio di tutela della DOP Pecorino Crotonese (comhlachas um cháis a chosaint ATFC ‘Pecorino Crotonese’), Via XXV Aprile, 62 – 88900 Crotone, Italia; Teil. +39 096222432; ríomhphost deimhnithe (PEC) consorziodelpecorinocrotonese@consorzio-pec.it

    Foirmíonn cáiseoirí ‘Pecorino Crotonese’ comhlachas um cháis a chosaint ATFC ‘Pecorino Crotone’. Tá an cumann i dteideal iarratas ar leasú a chur isteach faoi Airteagal 13(1) d’Fhoraithne Uimh. 12511 ón Aireacht um Thalmhaíocht, Bia agus Foraoiseacht, an 14 Deireadh Fómhair 2013.

    2.   Ballstát nó tríú tír

    An Iodáil

    3.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú (na leasuithe) difear dó

    Ainm an táirge

    Tuairisc ar an táirge

    Limistéar geografach

    Cruthúnas ar thionscnamh

    An modh táirgthe

    Nasc

    Lipéadú

    Eile

    4.   Cineál an leasú nó na leasuithe

    Leasú ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cáilithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

    Leasú ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cláraithe nár foilsíodh Doiciméad Aonair (ná doiciméad coibhéiseach) ina leith nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

    5.   Leasú nó leasuithe

    Tuairisc ar an táirge

    Leasú ar Airteagal 3 den tsonraíocht táirge agus ar phointe 3.2 den doiciméad aonair. Baineann an leasú sin leis an gcuma atá ar na cáiseanna; conas a dhéantar iad a ghrádú de réir meáchain; agus an fhéidearthacht atá ann cáiseanna neamh-sorcóireacha a tháirgeadh.

    An téacs mar atá:

    ‘Tá na saintréithe seo a leanas ag “Pecorino Crotonese”:

     

    Cruth: sorcóireach le taobhanna réidhe agus cúl díreach nó beagáinín dronnach;

     

    Meáchan: idir 0,5 kg agus 5 kg; féadfaidh meáchan suas go 10 kg a bheith i gcáiseanna a dhéantar iad a aibiú ar feadh níos mó ná 6 mhí.

    Toisí: tá na toisí éagsúil de réir mheáchan na cáise.

    I gcás cáiseanna a bhfuil meáchan idir 0,5 kg agus 5 kg iontu, bíonn éagsúlacht in airde an chúil idir 6 cm agus 15 cm, agus trastomhas na dtaobhanna idir 10 cm agus 20 cm.

    I gcás cáiseanna a bhfuil meáchan níos mó ná 5 kg iontu, bíonn éagsúlacht in airde an chúil idir 15 cm agus 20 cm, agus an trastomhas idir 20 cm agus 30 cm.’

    Leagan nua:

    ‘Tá na saintréithe seo a leanas ag “Pecorino Crotonese”:

     

    Cruth : sorcóireach le taobhanna réidhe nó beagáinín dronnach agus cúl díreach nó beagáinín dronnach;

    Meáchan:

     

    cáis úr:

     

    meánn an méid beag idir 0,5 kg agus 1,2 kg;

     

    meánn an meánmhéid idir 1,3 kg agus 3 kg.

     

    cáis leathchrua agus aibithe:

     

    meánn an meánmhéid idir 1,3 kg agus 2,5 kg;

     

    meánn an méid mór idir 5 kg agus 15 kg.

    Méid : tá na toisí éagsúil de réir mheáchan na cáise.

    I gcás cáiseanna a bhfuil meáchan idir 0,5 kg agus 3 kg iontu, bíonn éagsúlacht in airde an chúil idir 5 cm agus 12 cm, agus trastomhas na dtaobhanna idir 10 cm agus 18 cm.

    I gcás cáiseanna a bhfuil meáchan idir 5 kg agus 15 kg iontu, bíonn éagsúlacht in airde an chúil idir 12 cm agus 20 cm, agus trastomhas na dtaobhanna idir 18 cm agus 30 cm.’

    Foráiltear leis an gcéad leasú go bhféadfaí na taobhanna a bheith beagáinín dronnach freisin. Tá gá leis an leasú seo toisc go bhféadfadh an sainmhíniú a leagtar síos sa leagan atá ann faoi láthair a bheith ina chúis le cur i bhfeidhm liteartha agus, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm sriantach, rud a chiallaíonn nach féidir cáiseanna déanta as bainne amh (neamhphaistéartha) a dheimhniú mar ‘Pecorino Crotonese’ más rud é go bhfuil cruth beagáinín dronnach orthu.

    Baineann an dara leasú le meáchan na gcáiseanna. Cuireadh sainmhínithe ar a bhfuil i gceist le cáiseanna beaga, meánmhéide agus móra leis. Freagraíonn na leasuithe atá beartaithe don ghá atá ann cáilíocht an réimse cáiseanna a chuirtear ar an margadh a chosaint.

    Faoin leagan den tsonraíocht táirge atá ann faoi láthair, d’fhág an fhéidearthacht chun cáiseanna leathchrua agus aibithe a dhéantar de bhainne caorach a mheánn idir 0,5 kg agus 5,0kg gur féidir le huachtarlanna cáise na cáiseanna beaga a táirgeadh a aibiú (a mheánn idir 0,5 kg agus 0,75 kg). Tháinig céatadán beag de cáiseanna beaga aibithe ar an margadh le blianta beaga anuas. Ní bhíonn cáiseanna beaga oiriúnach le haibiú. Go deimhin, bhí traidisiún ann gurb éigean cáiseanna a bhí oiriúnach le haibiú a bheith 1,3 kg de réir meáchain chun cáilíocht an táirge a chuirtear ar an margadh a ráthú.

    Ní choimeádann cáiseanna beaga saintréithe orgánaileipteacha an ATFC le linn an aibithe: éiríonn an craiceann níos tibhe, tagann dath dorcha ar an gcáis ar an taobh istigh agus éiríonn sé róchrua mar gheall ar gcaillteanas taise.

    Leis an leasú atá beartaithe cuirtear an fhéidearthacht as an áireamh go gcuirfear cáiseanna leathchrua agus aibithe a bhfuil meáchan níos lú ná 1,3 kg iontu ar an margadh, rud atá i gcomhréir leis an traidisiún a bhíodh ann maidir le ATFC ‘Pecorino Crotonese’.

    Maidir leis an méid mór, ceadaítear leis an leasú atá beartaithe uastairseach an mheáchain a ardú ó 10,0 kg go dtí 15,0 kg. I gcaitheamh na blianta ina raibh an tsonraíocht táirge i bhfeidhm, suíodh go ndearnadh gannmheastachán ar mheáchan na gcáiseanna móra. Lean neamh-chomhréireachtaí éagsúla as sin agus íosghrádú cáiseanna mar thoradh air.

    Is é is cúis leis sin go múnlaítear na cáiseanna de láimh agus nach ndéantar an sonra cáise i ngach ceann acu a mheá trí mheán leictreonach. Go deimhin, déantar na cáiseanna móra i múnlaí a líonann an cáiseoir ar bhonn a dtaithí. Ciallaíonn sé sin go mbíonn meáchan na gcáiseanna móra atá beartaithe chun aibiú idir 10 agus 15 kg.

    Beartaítear freisin leis na leasuithe atá leagtha amach thuas an réimse cáiseanna a dhéantar de bhainne caorach atá ar fáil do thomhaltóirí a dhéanamh níos aonfhoirmí, rud lena n-áirithítear go mbíonn an táirge inaitheanta ar bhealach níos éasca bunaithe ar conas a chuirtear i láthair é. I dtéarmaí ginearálta, nochtadh na saincheisteanna thuasluaite leis an taithí a fuarthas sna blianta ina raibh an tsonraíocht táirge i bhfeidhm, rud atá beartaithe go rachaidh na leasuithe atá molta i ngleic leo.

    Maidir le táirgeadh ‘Pecorino Crotonese’ i gcruthanna neamh-sorcóireacha, tagraíonn sé sin go heisiach don táirge atá i gceist i bhfoirm chiúbaithe agus ghrátáilte, nach mór a bheith réamhphacáistithe sula gcuirtear ar an margadh í. Is é an aidhm atá ann dramhaíl phróiseála a theorannú.

    An modh táirgthe

    Amhábhair

    Baineann an leasú seo le hAirteagal 4 den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.3 den doiciméad aonair

    An téacs mar atá:

    ‘Bainne: lánbhainne caorach amh, a fhoinsítear go heisiach ó limistéar ATFC, teirmithe nó paistéartha i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm.

    Binid: taos binide meannáin.

    Ceadaítear forbairt saothrán tús gabhála d’aigéad lachtach nádúrtha atá sa bhainne a úsáidtear chun an cháis a dhéanamh, mar atá úsáid de thúis ghabhála meidhg nádúrtha agus túis ghabhála bhainne de thionscnamh an limistéir táirgthe nó i láthair ann.

    Salann: cloch shalainn (NaCl).’

    Leagan nua:

    ‘Féadfar an lánbhainne caorach a úsáid amh nó cóireáil teasa, teirmiú nó paistéaradh a dhéanamh air. Ní cheadaítear breiseáin agus leasaithigh a úsáid.

    Binid: taos binide meannáin.

    Ceadaítear forbairt saothrán tús gabhála d’aigéad lachtach nádúrtha atá sa bhainne a úsáidtear chun an cháis a dhéanamh, mar atá úsáid de thúis ghabhála meidhg nádúrtha agus túis ghabhála bhainne de thionscnamh an limistéir táirgthe nó i láthair ann.

    Féadfar an bainne teirmithe nó paistéartha a ionaclú le saothráin lachtacha dúchasacha ach ní fhéadfar ach saothráin tús gabhála a áirítear sa liosta cartlannaithe a choinníonn an comhlachas cosanta don ATFC a úsáid. Coinnítear an liosta de shaothráin lachtacha bainne caorach roghnaithe ón limistéar táirgthe ag A.R.S.A.C (Azienda Regionale per lo Sviluppo dell’Agricoltura in Calabria - Gníomhaireacht Réigiúnach le haghaidh Forbairt Talmhaíochta in Calabria, Viale Trieste, 95 – 87100 Cosenza). D’fhéadfadh go dtabharfar an liosta cothrom le dáta go tréimhsiúil de réir mar a dhéantar taighde nua a bhailíochtú ag an gcomhlachas cosanta.

    Salann: cloch shalainn (NaCl).’

    Ní mór an bainne a úsáidtear chun an cháis a dhéanamh a bheith fós ina bhainne amh iomlán a teirmíodh agus a paistéaradh. Cuireadh leis ‘ní cheadaítear breiseáin agus leasaithigh a úsáid’, chun nach bhfágfaí aon deis ar bith le haghaidh léirmhíniú i ndáil leis sin. Maidir le húsáid saothrán sa phróiseas ina ndéantar cáis ón mbainne paistéartha agus teirmithe, cuireadh leis nach bhféadfar ach saothráin a áirítear sa liosta cartlannaithe a choinníonn an comhlachas cosanta a úsáid. Bhunaigh an comhlachas cosanta an liosta i gcomhar le hOllscoil Bari agus coinníonn comhlacht phoiblí A.R.S.A.C. é chun a áirithiú gur féidir na táirgeoirí uile atá cláraithe leis an gcomhlacht rialúcháin rochtain a fháil air.

    Aiste bia ainmhithe

    Baineann an leasú seo le hAirteagal 4 den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.3 den doiciméad aonair

    An téacs mar atá:

    ‘Go bunúsach tá farae/foráiste ón limistéar geografach sa chiondáil bhunúsach ó cheann ceann na bliana. Bíonn an beostoc a ndéantar a bhainne a úsáid ag innilt go ginearálta ar fhoráiste glas agus beathaítear iad ar fhéar tirim feirme neamhchoipthe a fhástar sa limistéar. Féadfar tiúcháin saor ó OGM a thagann ó lasmuigh den limistéar geografach a chur leis an gciondáil, go háirithe sna laethanta geimhridh nuair nach féidir leis na caoirigh innilt agus le linn an tsamhraidh nuair a bhíonn an bháisteach íseal nó nach mbíonn sí ann agus nach leor an innilt chun na caoirigh a bheathú. Níor cheart forbhianna a bheith níos mó ná 40 % den iomlán i gcaitheamh na bliana. Tógtar na hainmhithe leathfhiáine: fágtar na healtaí saor chun innilt sula dtagann siad ar ais chuig an loca sa tráthnóna, ach déantar na hainmhithe a mhaoirsiú, a vacsaíniú agus a chóireáil más gá. Bíonn ealtaí ar fhéarach ó mhí Mheán Fómhair go dtí mí an Mheithimh.’

    Leagan nua:

    ‘Go bunúsach tá farae/foráiste ón limistéar geografach sa chiondáil bhunúsach ó cheann ceann na bliana. Bíonn an beostoc ag innilt go ginearálta ar fhoráiste glas agus beathaítear iad ar fhéar tirim feirme neamhchoipthe a fhástar sa limistéar.

    Ceadaítear tiúcháin dhíreacha saor ó OGM a thagann ó lasmuigh den limistéar geografach.

    Níor cheart forbhianna a bheith níos mó ná 40 % den iomlán i gcaitheamh na bliana. Tógtar na hainmhithe leathfhiáine: fágtar ealtaí saor chun innilt sula dtagann siad ar ais chuig an loca sa tráthnóna, ach déantar na hainmhithe a mhaoirsiú, a vacsaíniú agus a chóireáil más gá.’

    Maidir le húsáid tiúchán saor ó OGM chun na hainmhithe a bheathú, scriosadh na focail ‘go háirithe sna laethanta geimhridh nuair nach féidir na caoirigh innilt’. Ní dhéanann an leasú aon difear d’éifeachtúlacht an cheanglais sin mar foráladh leis an leagan den tsonraíocht táirge atá i bhfeidhm faoi láthair, gur féidir tiúcháin a chur le ciondáil na n-ainmhithe dá mba rud é go raibh an féarach gann; is é an t-aon chuspóir amháin den leasú seo léirmhínithe suibiachtúla a chur as an áireamh.

    Baineann an dara leasú leis an tréimhse ina bhfágtar na caoirigh chun innilt (foráiltear leis an leagan den tsonraíocht táirge atá i bhfeidhm faoi láthair go ritheann sí ó mhí Mheán Fómhair go mí an Mheithimh). Cinneadh an tagairt don tréimhse innilte le haghaidh na gcaorach a bhaint toisc, le blianta beaga anuas, nach neamhghnách an rud é go mbeadh dálaí neamhoiriúnach chun innilt le linn mhí Iúil agus mhí Lúnasa de thoradh athrú aeráide.

    Lipéadú:

    Baineann an leasú seo le hAirteagal 8 den tsonraíocht táirge agus le pointe 3.6 den doiciméad aonair

    An téacs mar atá:

    ‘Déantar ATFC “Pecorino Crotonese” a mhargú ina iomláine nó i sciartha i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm.’

    Leagan nua:

    ‘I gcás cáiseanna a bhfuil meáchan idir 1 kg agus 15 kg iontu, déantar “Pecorino Crotonese” a mhargú ina iomláine nó i sciartha i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm. I gcás cáiseanna a bhfuil meáchan níos lú ná 1 kg iontu, déantar “Pecorino Crotonese” a mhargú ina iomláine.’

    Cinneadh an leasú sin maidir le meáchan an táirge chun a shonrú nach féidir ach cáiseanna a bhfuil meáchan níos mó ná 1 kg iontu a mhargú i sciartha. Is é is cuspóir leis an leasú seo ardcháilíocht maidir le cur i láthair an táirge a áirithiú.

    Ní bhíonn na cáiseanna beaga oiriúnach le roinnt mar dhingeacha. Leis an gcáis ina bhfuil meáchan 0,5 kg inti a scoilteadh ina dhá sciar de 250 g, mar shampla, bheadh dhá chorrán seachas dingeach amháin. Is é an rún atá ag an gcomhlachas cosanta gur cheart go leanfar le ‘Pecorino Crotonese’ a dhíol ina iomláine agus/nó i sciartha, mar na haon fhormáidí ceadaithe inar féidir an cháis a chur i láthair do thomhaltóirí.

    Leis an gcáis a roinnt ina sciartha cuirtear dlús leis an bpróiseas aibithe freisin, agus is é an toradh air sin go mbeidh saintréithe cáise atá beagnach leathchrua ag pecorina beag úr go tapa. Triomaítear cáiseanna beaga go tapa agus cailleann siad a saintréithe orgánaileipteacha ach amháin i gcás go gcuirtear cóireáil orthu.

    Baineann an leasú seo le hAirteagal 9 den tsonraíocht táirge (mionsonraithe sonracha an lógó) agus le pointe 3.6 (sic) den doiciméad aonair.

    An fhoclaíocht atá ann faoi láthair d’Airteagal 9 [den tsonraíocht táirge] agus pointe 3.6 den doiciméad aonair:

    ‘Tá dhá réimse i lógó an táirge: an lógó grafach ar chlé agus litreoireacht an lógó ar dheis. Ní mór an lógó a inphriontáil ar na cáiseanna trí bhrandáil le tine nó stampáil dísle, agus an litreoireacht a inphriontáil ar an gcúl.’

    Image 1

    Leagan nua:

    Airteagal 9 den tsonraíocht táirge:

    ‘Is é atá sa lógó ná an chéad litir den fhocal “Crotone/ Crotonese”, i.e. an litir “C” tiontaithe ar a taobh - agus marc beag curtha leis chun súil a léiriú - chun go mbeadh sé cosúil le ceann caorach, agus na focail seo a leanas timpeall air: “PECORINO CROTONESE DOP [ATFC]”. Tá na nithe seo curtha isteach i gciorcal atá cosúil le cruth cáis Pecorino iomlán. Bristear an imlíne ag triantán sa chúinne deas íochtarach lena léirítear slisne de cháis Pecorino atáthar díreach tar éis gearradh. Léirítear an chiall go díreach agus láithreach. Léirítear leis an lógó táirge cáise, go sonrach cáis a dhéantar as bainne caorach d’ardchaighdeán.

    Léirítear na focail “PECORINO CROTONESE DOP [ATFC]” arís laistigh den lógó, suite ar dhá líne ceann acu faoin gceann eile, ar thaobh deas nó faoin “vignette”. Ní mór an lógó a thaispeáint ina iomláine i gcónaí. Ceadaítear úsáid an lógó simplithe i.e. i gcás ina mbíonn an lógó taobh amuigh in easnamh, go heisiach sa leagan “vignette” amháin. Ní cheadaítear a mhalairt áfach, i.e. lógó nach léiríonn ach na focail “Pecorino Crotonese” amháin. Mar achoimre ar an méid sin, tá trí leagan údaraithe den lógó: cothrománach, ingearach agus “vignette”.

    Ní mór an leagan “vignette” den lógó a phriontáil ar an Pecorino trí bhrandáil le tine, stampáil dísle nó stampáil le dúch bia ar thaobh amháin den cháis. Ní mór an cód aitheantais alfa-uimhriúil don cháis a léiriú. Féadfar é a phriontáil go díreach ar an gcáis ag baint úsáid as na modhanna thuasluaite nó a léiriú ar an lipéad.

    Féadfar cúl na cáise a mharcáil ar bhonn roghnach. Ceadaítear an lógó a atáirgeadh ar an gcuid sin den cháis trí na modhanna bunaithe a úsáid.’

    Image 2

    Image 3

    Pointe 3.6 [sic] den doiciméad aonair

    Ní mór an lógó a thaispeáint ina iomláine i gcónaí. Ceadaítear úsáid an lógó simplithe i.e. i gcás ina mbíonn an lógó taobh amuigh in easnamh, go heisiach sa leagan ‘vignette’ amháin. Ní cheadaítear a mhalairt áfach, i.e. lógó nach léiríonn ach na focail ‘Pecorino Crotonese’ amháin. Mar achoimre ar an méid sin, tá trí leagan údaraithe den lógó: cothrománach, ingearach agus ‘vignette’.

    Ní mór an leagan ‘vignette’ den lógó a phriontáil ar an Pecorino trí bhrandáil le tine, stampáil dísle nó stampáil le dúch bia ar thaobh amháin den cháis. Ní mór an cód aitheantais alfa-uimhriúil don cháis a léiriú. Féadfar é a phriontáil go díreach ar an gcáis ag baint úsáid as na modhanna thuasluaite nó a léiriú ar an lipéad.

    Féadfar cúl na cáise a mharcáil ar bhonn roghnach. Ceadaítear an lógó a atáirgeadh ar an gcuid sin den cháis trí na modhanna bunaithe a úsáid.’

    Image 4

    Image 5

    Is é is cuspóir do lógó ‘Pecorino Crotonese’ saintréithe sonracha cáise d’ardchaighdeán atá nasctha leis an limistéar táirgthe a chur i dtábhacht. Rinneadh an lógó a athdhearadh chun an chiall seo a neartú, ag cruthú níos mó comhchuibheachta idir na grafaicí agus an téacs, ag ceadú an tráth céanna leagan simplithe den lógó a úsáid.

    Tarraingíonn an lógó grafaicí agus téacs le chéile i bhfoirm ‘vignette’ atá sainithe agus inaitheanta agus atá oiriúnach do roinnt mhaith úsáidí, go háirithe i gcás ina bhfuiltear na cáiseanna á marcáil (trí bhrandáil le tine nó stampáil dísle).

    Rinneadh na dathanna a chuíchóiriú sa phróiseas chun costas priontála na lipéad a laghdú agus tarraingíodh suas ‘Treoirlínte Lámhleabhair Bhrandála’ chun é a dhéanamh níos éasca dóibh siúd ag déanamh na lipéid don ATFC i bhformáidí agus i ndathanna éagsúla.

    DOICIMÉAD AONAIR

    ‘Pecorino Crotonese’

    Uimh. AE: PDO-IT-1111-AM01 – 24.1.2022

    ATFC (X) TGFC ( )

    1.   Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]

    ‘Pecorino Crotonese’

    2.   Ballstát nó Tríú Tír

    An Iodáil

    3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

    3.1.   An cineál táirge [a liostaítear in Iarscríbhinn XI]

    Rang 1.3 – Cáiseanna

    3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

    Cáis chrua leath-chócaráilte a táirgeadh go heisiach ó lánbhainne caorach is ea í ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Pecorino Crotonese’.

    Nuair a scaoiltear é lena thomhailt sna cineálacha leathchrua agus aibithe, grátáilte san áireamh, bíonn na saintréithe fisiceacha seo a leanas aige:

    Cruth: sorcóireach le taobhanna réidhe nó beagáinín dronnach agus cúl díreach nó beagáinín dronnach;

    Meáchan:

     

    cáis úr: meánn an méid beag idir 0,5 kg agus 1,2 kg; meánn an meánmhéid idir 1,3 kg agus 3 kg.

     

    cáis leathchrua agus aibithe: meánn an meánmhéid idir 1,3 kg agus 2,5 kg; meánn an méid mór idir 5 kg agus 15 kg.

    Toisí: tá na toisí éagsúil de réir mheáchan na cáise.

    I gcás cáiseanna a bhfuil meáchan idir 0,5 kg agus 3 kg iontu, bíonn éagsúlacht in airde an chúil idir 5 cm agus 12 cm, agus trastomhas na dtaobhanna idir 10 cm agus 18 cm.

    I gcás cáiseanna a bhfuil meáchan idir 5 kg agus 15 kg iontu, bíonn éagsúlacht in airde an chúil idir 12 cm agus 20 cm, agus trastomhas na dtaobhanna idir 18 cm agus 30 cm.

    Ní fhéadfar ‘Pecorino Crotonese’ a tháirgeadh i bhfoirm neamh-sorcóireach ach amháin chun críoch áirithe agus go heisiach i gcás ina bhfuil an táirge le réamhphacáistiú (i bhfoirm shlisnithe, chiúbaithe nó ghrátáilte). Is é an cuspóir atá ann dramhaíl phróiseála a theorannú, faoi réir comhlíontacht leis na ceanglais maidir le meáchan agus airde. Ní mór píosaí neamh-sorcóireacha a bheith idir 1 kg agus 3 kg.

    Ní mór an tsaill in ábhar tirim a bheith 40 % ar a laghad; ní mór an cion próitéine a bheith 25 % ar a laghad (g/100 g an chuid inite); ní mór an cion taise a bheith ar a laghad 30 %, agus bíonn loirg chiseáin infheicthe ar na rothaí cáise. Úsáid: Úsáidtear ‘Pecorino Crotonese’ mar cháis bhoird, bíodh sin úr, leathchrua nó aibithe, nó i bhfoirm ghrátáilte.

    Pecorino Crotonese Fresco [Pecorino Crotonese Úr]: craiceann geal nó dath tuí éadrom air. Sainiúil, mín agus blas beagán géar le craiceann tanaí. Tá na loirg chiseáin le feiceáil go soiléir. Tá corp na cáise bog, gnáthúil agus uachtarúil; tá dath an bhainne uirthi gan ach líon beag súl.

    Pecorino Crotonese Semiduro [Pecorino Crotonese leathchrua]: tiubh, craiceann donn éadrom. Blas dian, cothromaithe. Tá corp na cáise teann gan ach líon beag súl.

    Pecorino Crotonese Stagionato [Pecorino Crotonese Aibithe] tréimhse aibithe fada (níos mó ná 6 mhí): craiceann crua, donn; féadfar í a chumhdach (a chóireáil) le hola olóige nó le dríodar olóige. Dianbhlas sainiúil, le hiarbhlas beagáinín goinbhlasta. Tá dath éadrom na tuí ar chorp na cáise gan ach líon beag súl.

    Saintréithe orgánaileipteacha: agus í a bhlaiseadh díreach i ndiaidh í a ghearradh, tagann boladh éadrom de bhainne caorach ón gcáis. measctha ar bhealach comhchuí le bolaithe eile atá tipiciúil den cháis, amhail féar tirim, féara fiáine aibithe, cnó coill agus deatach.

    3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

    Go bunúsach tá farae/foráiste ón limistéar geografach sa chiondáil bhunúsach ó cheann ceann na bliana. Bíonn an beostoc a ndéantar a bhainne a úsáid ag innilt go ginearálta ar fhoráiste glas ó cheann ceann na bliana agus beathaítear iad ar fhéar tirim feirme neamhchoipthe a fhástar sa limistéar. Ceadaítear tiúcháin saor ó OGM a thagann ó taobh amuigh den limistéar geografach tráth nach mbíonn innilt ar fáil; tarlaíonn sé seo go príomha sa gheimhreadh, le linn na dtréimhsí is fuaire nuair a bhíonn an fásra gann agus an aimsir dona, agus sa samhradh, nuair a bhíonn tréimhsí fada tráth nach mbíonn mórán báistí nó báisteach ar bith ann. Níor cheart forbhianna a bheith níos mó ná 40 % den iomlán i gcaitheamh na bliana. Tógtar na hainmhithe leathfhiáine: fágtar na healtaí saor chun innilt sula dtagann siad ar ais chuig an loca sa tráthnóna, ach déantar na hainmhithe a mhaoirsiú, a vacsaíniú agus a chóireáil más gá.

    Seo a leanas na hamhábhair a úsáidtear:

    Bainne: lánbhainne amh caorach, teirmithe nó paistéartha i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm.

    Binid: taos binide meannáin.

    Salann: cloch shalainn (NaCl).

    Ní mór don lánbhainne caorach teacht go heisiach ó chaoirigh a thógtar laistigh de limistéar geografach ATFC ‘Pecorino Crotonese’.

    Féadfar an lánbhainne caorach a úsáid amh nó cóireáil teasa, teirmiú nó paistéaradh a dhéanamh air. Ní cheadaítear breiseáin agus leasaithigh a úsáid. Féadfar an bainne paistéartha nó teirmithe a ionaclú le saothráin lachtacha dhúchasacha, ach ní fhéadfar ach túis ghabhála a áirítear sa liosta cartlannaithe a choinníonn an comhlachas cosanta don ATFC a úsáid. Coinnítear an liosta de shaothráin lachtacha bainne caorach roghnaithe ón limistéar táirgthe ag A.R.S.A.C (Azienda Regionale per lo Sviluppo dell’Agricoltura in Calabria - Gníomhaireacht Réigiúnach le haghaidh Forbairt Talmhaíochta in Calabria, Viale Trieste, 95 – 87100 Cosenza – 87100 Cosenza). D’fhéadfadh go dtabharfar an liosta cothrom le dáta go tréimhsiúil de réir mar a dhéantar taighde nua a bhailíochtú ag an gcomhlachas cosanta.

    3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

    Tógáil beostoic, táirgeadh bainne, déanamh agus aibiú na cáise

    3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    I gcás cáiseanna a bhfuil meáchan idir 1 kg agus 15 kg iontu, déantar ‘Pecorino Crotonese’ a mhargú ina iomláine nó i sciartha i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm. I gcás cáiseanna a bhfuil meáchan níos lú ná 1 kg iontu, déantar ‘Pecorino Crotonese’ a mhargú ina iomláine.

    3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    Áirítear sa lipéad atá greamaithe de ‘Pecorino Crotonese’ ní amháin an fhaisnéis a cheanglaítear leis an dlí ach na foclaíochtaí seo a leanas freisin: an lógó ‘Pecorino Crotonese’, agus na focail ‘Denominazione di Origine Protetta’ (Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint) nó an t-acrainm ‘D.O.P.’ ina dhiaidh [ATFC], siombailí an Aontais agus b’fhéidir tagairt don Rialachán AE; ainm gnó agus seoladh an táirgeora. I gcás ina mbíonn an táirge beartaithe le haghaidh margaí idirnáisiúnta, féadfar na focail ‘Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint’ agus lógó an Chomhphobail a úsáid i dteanga na spriocthíre. Ní mór do na carachtair a úsáidtear le haghaidh na bhfocal ‘Pecorino Crotonese DOP [ATFC]’ nó na bhfocal eile a cheadaítear a bheith grúpáilte le chéile sa réimse radhairc céanna agus a bheith soiléir, inléite agus doscriosta agus mór go leor chun seasamh amach ón gcúlra ar a bhfuil siad priontáilte, ionas go mbeifear in ann iad a idirdhealú go soiléir ó théacs agus/nó ó ghrafaicí uile eile. Féadfar trádmharcanna próiseálaithe agus trádálaithe a áireamh ar an lipéad, ach i gclómhéid níos lú ná mar a bhíonn ag an lógó ATFC.

    Ní mór an lógó a thaispeáint ina iomláine i gcónaí. Ceadaítear úsáid an lógó simplithe i.e. i gcás ina mbíonn an lógó taobh amuigh in easnamh, go heisiach sa leagan ‘vignette’ amháin. Ní cheadaítear a mhalairt áfach, i.e. lógó nach léiríonn ach na focail ‘Pecorino Crotonese’ amháin. Mar achoimre ar an méid sin, tá trí leagan údaraithe den lógó: cothrománach, ingearach agus ‘vignette’.

    Ní mór an leagan ‘vignette’ den lógó a phriontáil ar an Pecorino trí bhrandáil le tine, stampáil dísle nó stampáil le dúch bia ar thaobh amháin den cháis. Ní mór an cód aitheantais alfa-uimhriúil don cháis a léiriú. Féadfar é a phriontáil go díreach ar an gcáis ag baint úsáid as na modhanna thuasluaite nó a léiriú ar an lipéad.

    Féadfar cúl na cáise a mharcáil ar bhonn roghnach. Ceadaítear an lógó a atáirgeadh ar an gcuid seo den cháis trí na modhanna bunaithe a úsáid.

    Image 6

    Image 7

    4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

    Tá críoch riaracháin iomlán na mbardas sa Chúige Crotone sa limistéar ina dtáirgtear agus ina n-aibítear an cháis: Belvedere Spinello, Caccuri, Carfizzi, Casabona, Castelsilano, Cerenzia, Cirò, Cirò Marina, Cotronei, Crotone, Crucoli, Cutro, Isola di Capo Rizzuto, Melissa, Mesoraca, Pallagorio, Petilia Policastro, Rocca di Neto, Roccabernarda, San Mauro Marchesato, San Nicola Dell’Alto, Santa Severina, Savelli, Scandale, Strongoli, Umbriatico agus Verzino; críoch riaracháin iomlán na mbardas seo a leanas i gCúige Catanzaro: Andali, Belcastro, Botricello, Cerva, Cropani, Marcedusa, Petronà, Sellia, Sersale, Simeri Crichi, Soveria Simeri agus Zagarise; agus críoch riaracháin iomlán na mbardas seo a leanas i gCúige Cosenza: Bocchigliero, Calopezzati, Caloveto, Campana, Cariati, Cropalati, Crosia, Mandatoriccio, Crosia, Paludi, Pietrapaola e San Giovanni in Fiore, Scala Coeli agus Terravecchia.

    5.   Nasc leis an limistéar geografach

    Is limistéar aonfhoirmeach i dtéarmaí geografacha agus stairiúla/cultúrtha é limistéar geografach an táirgthe agus tá forluí ann le críoch Marquessate de Crotone, mar gurbh eol an limistéar i gceist ó 1390 AD ar aghaidh.

    Is iad na cnoic áitiúla de chré Phléicéineach atá tipiciúil de Chúige Crotone agus an limistéar sléibhtiúil taobh leis an gCúige sin idir an Sila Piccola agus an Sila Grande atá mar shaintréithe an limistéir táirgthe. I dtéarmaí geografaíochta fisicí, tá an limistéar seo idirnasctha go han-dlúth, leis na hardchláir Sila ag fónamh mar fhéaraigh nádúrtha an tsamhraidh do na healtaí a choinnítear sna cnoic idir na sléibhte sin agus an Mhuir Iónach. Bhí tionchar ag cumraíocht shonrach na talún ar an aeráid áitiúil, a bhfuil geimhrí fuara agus samhraí teo mar shaintréith inti, ach le raon teochtaí laethúla sách beag aici. Bíonn leibhéil bhogthaise seasmhach, le meán-bhogthaise choibhneasta de 58 %.

    Tá 398 ngabháltas caorach i limistéar táirgthe ‘Pecorino Crotonese’, agus thart ar 49 000 caora san iomlán. Tháinig méadú thart ar 4 % le 10 mbliana anuas, ag dul in aghaidh na treochta ginearálta maidir le líon na gcaorach san Iodáil.

    Innilt leathfhiáine an córas tógála a úsáidtear anseo, in éineacht le gluaiseacht séasúrach chuig féaraigh shléibhtiúla agus uathu. Tá líon mór féarthailte sa limistéar táirgthe (níos mó ná 40 % a úsáideadh mar fhéarach agus féarthalamh bhuan). Speicis de phlandaí úra d’éicitíopaí áitiúla den chuid is mó - amhail roille, seamair, siocaire, coirm choiligh Spáinneach agus alfalfa a bhíonn sna flora de na féarthailte nádúrtha i Marquessate.

    I limistéar an ATFC, meastar gur measúil í gairm an mhaistircháiseora agus go dtugtar fianaise léi do thraidisiún seanbhunaithe doiciméadaithe go stairiúil. Gné thábhachtach de shainiúlacht an táirge é saineolas na gcáiseoirí - go deimhin, déantar an táirgeadh de láimh. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh a fhios ag cáiseoirí conas an pointe ceart de théachtadh an bhainne a shainaithint chun na gruthanna a bhriseadh suas le huirlis áitiúil ar a dtugtar an ‘miscu’, á laghdú go dtí méid gráinní ríse. Le cruth na huirlise seo is féidir na gruthanna a bhriseadh suas ar bhealach fuinniúil a scaoileann saor méid mór saille, sa mhéid go mbíonn cuma bhainniúil ag an meadhg iarmharach. Go háitiúil tugtar ‘lacciata’ ar an meadhg seo agus comhartha atá ann go ndearnadh na gruthanna a oibriú i gceart. Céim iontach tábhachtach eile is ea suaitheadh na ngruthanna chun cuidiú leis an meadhg a dhraenáil (próiseas ar a dtugtar ‘frugatura’) agus na gruthanna a bhrú de láimh isteach i múnlaí ciseáin. Déantar na gruthanna a shuaitheadh arís agus castar iad chun iad a bhrú isteach sna ciseáin sula ndéantar iad a thumadh ar deireadh sa mheadhg ‘lacciata’. Fágtar an cháis chun aigéadú ar feadh lá amháin nó níos mó sula gcuirtear tús leis an aibiú. De réir mar atá an cháis ag aibiú, forbraítear roinnt múscán tipiciúil ar a dromchla. Déanann an cáiseoir faireachán ar an bpróiseas seo agus ní mór fios a bheith aige conas na cáiseanna a táirgeadh i gceart a shainaithint agus dá réir sin a roghnú agus fáil réidh leis na cinn eile. De réir mar atá an cháis ag aibiú, tá sé tábhachtach freisin measúnú a dhéanamh ar an am ceart chun na cáiseanna a chasadh, a scuabadh nó a ní agus iad a chumhdach le hola olóige nó le dríodar olóige.

    Is iad seo a leanas saintréithe sonracha ‘Pecorino Crotonese’: - boladh éadrom de bhainne caorach ón gcáis, measctha ar bhealach comhchuí le bolaithe eile atá tipiciúil den cháis, amhail féar tirim, féara fiáine aibithe, cnó coill agus deatach; ní bhíonn aon de na bolaithe sin ar an gceann is láidre nó, ar a mhéad, bíonn an boladh a chuirfeadh caoirigh in iúl beagáinín níos láidre; - bia dlúth gan ach líon beag súl. Níl ach fíor-beagáinín leaisteachais ag an gcáis ina huigeacht sa bhéal; le linn coganta, is féidir cineál gráinneach na cáise a bhrath, agus na gráinníní ag leá go deas sa bhéal i ndiaidh coganta iomchuí. Ag an bpointe sin tagann an blas tipiciúil isteach sa bhéal go tréan, ag fanacht ar feadh tamaill fhada sa bhéal ar bhealach deas. Ciallaíonn cineál sainiúil an chórais tógála leathfhiáine go mbeathaítear an beostoc go príomha le flóra fiáin ón limistéar táirgthe. Tagann na blasanna sonracha in ‘Pecorino Crotonese’ as comhpháirteanna sonracha, amhail teirpéiní agus seisciteirpéiní, a bhíonn ann i gcainníochtaí suntasacha i bhfinte plandaí áirithe amháin, amhail Poaceae, Brassicaceae, Apiaceae, Asteraceae agus plandaí eile ar a mbíonn na caoirigh ag innilt de ghnáth. Toisc go bhfuil siad iontach aramatach agus nasctha le plandaí áirithe, léirítear lena láithreacht sa cháis an limistéar ina raibh na hainmhithe ar innilt. Cinntear dá réir sin saintréithe orgánaileipteacha ‘Pecorino Crotonese’ leis an micreaflóra fiáin. Leis an gcleachtas traidisiúnta innilte sna sléibhte féadann na caoirigh cosaint a fháil ó na struis chomhshaoil agus chothaitheacha le linn teas an tsamhraidh, rud lena bhfágtar go gcoinneoidh an bainne a chomhábhair bhlais. Tá tionchar cinntitheach ag aeráid an limistéir ar an bpróiseas aibithe agus cuidíonn sí lena struchtúr tipiciúil a thabhairt do ‘Pecorino Crotonese’. I gcaitheamh na gcéadta, chuidigh an leibhéal taise ar sainghné an limistéir é na teicnící aibithe a mhúnlú agus is acmhainn thábhachtach aeráide é do phróiseas aibithe na cáise. Ionas go n-aibeodh an cháis i gceart, ní mór don leibhéal taise a bheith ró-ard, mar go gcruthófaí an riosca leis seo nach dtriomófaí an cháis i gceart, ná ró-athraitheach, chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú le linn na tréimhse aibithe iomláine. Ciallaíonn an fíoras go mbíonn leibhéil taise cothrom ar an iomlán go n-aibíonn ‘Pecorino Crotonese’ de réir a chéile. Tugann sé sin a struchtúr fisiceach suaithinseach don cháis, amhail a teinne agus easpa súl. Mar gheall ar an dlúthnasc le hacmhainní daonna an limistéir, a chinntear leis an teicníc cháiseoireachta a thagann ó thraidisiún áitiúil na maistirshaoistí/maistircháiseoirí atá ann ar feadh na n-aoiseanna, is féidir nach dtiocfaidh aon athrú i gclú limistéar Crotone maidir le próiseáil bhainne. Tá na sainscileanna thar a bheith tábhachtach ag na céimeanna den phróiseas a dhéantar de láimh: ón ngruthú go cur i múnlaí go cóireáil agus faireachán a dhéanamh ar an gcáis agus í ag aibiú. Trí úsáid a bhaint as túis ghabhála meidhg nádúrtha agus túis ghabhála bhainne de thionscnamh an limistéir táirgthe nó atá i láthair ann cruthaítear nasc micribhitheolaíoch tábhachtach leis an limistéar. Cinntítear le tús gabhála meidhg a thagann ó bhainne áitiúil go mbíonn baictéir aigéid lachtaigh sa cháis atá tipiciúil den limistéar tionscnaimh, rud a chuidíonn lena sainiúlacht a thabhairt don cháis. Is dlúthchuid den spás tuaithe lena gcomhdhéantar an limistéar táirgthe í cáis ‘Pecorino Crotonese’: is féidir í a rianú siar ar feadh tréimhse an-fhada, roimh thréimhse na Meánaoise fiú, agus tá doiciméid ann lena gcruthaítear onnmhairí ag dul siar chomh fada leis an 16ú céad. Le linn Leas-Leasraíocht na hOstaire (1707-34), onnmhairíodh cáis ar scála ollmhór. Go luath i mí Eanáir 1712 in Napoli, dhíol an sagart Giacinto Tassone as Cutro ‘200 cantara de cháis Cotrone ón séasúr reatha den bhliain seo nach raibh atá, ite ag péisteanna, briste nó scoilte’ don cheannaí Napóileach Aniello Montagna. Le 25 bliana anuas freisin, bhíodh an t-ainm in úsáid go leanúnach ar lipéid táirge agus ag eagraíocht de phóraitheoirí áitiúla, agus bhí go leor iarrachtaí aithrise ag táirgeoirí ó limistéir taobh amuigh den réigiún.

    Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

    Tá téacs comhdhlúite na sonraíochta táirge le fáil ar an suíomh gréasáin seo a leanas: http://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/3335

    nó mar rogha ar an méid sin:

     

    trí dhul go díreach chuig leathanach baile don bheartas ón Aireacht um Thalmhaíocht, Bia agus Foraoiseacht (www.politicheagricole.it) agus cliceáil ar ‘Qualità’ (ar thaobh na láimhe deise ar bharr an scáileáin), agus ansin ar ‘Prodotti DOP IGP STG’ (ar thaobh na láimhe clé den scáileán) agus ar deireadh ar ‘Disciplinari di Produzione all’esame dell’UE’.


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


    Top