This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023XC0609(01)
Communication from the Commission concerning Part B of the Annex to Commission Regulation (EU) No 284/2013 setting out the data requirements for plant protection products in accordance with Regulation (EC) No 1107/2009 of the European Parliament and of the Council concerning the placing of plant protection products on the market (Text with EEA relevance) 2023/C 202/02
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 ón gCoimisiún lena leagtar amach na ceanglais sonraí i ndáil le táirgí cosanta plandaí, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 202/02
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 ón gCoimisiún lena leagtar amach na ceanglais sonraí i ndáil le táirgí cosanta plandaí, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 202/02
C/2023/3548
IO C 202, 9.6.2023, p. 2–13
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
9.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/2 |
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 ón gCoimisiún lena leagtar amach na ceanglais sonraí i ndáil le táirgí cosanta plandaí, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 202/02)
Rinneadh an treoraíocht seo a fhorbairt i gcomhairle leis na Ballstáit. Ní bheartaítear léi aon éifeachtaí a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí de a bheith aici agus, de réir a cineáil, ní féidir dochar a dhéanamh d’aon bheart a dhéanann Ballstát i ndáil le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ná in aon chásdlí a fhorbraítear a mhéid a bhaineann leis an bhforáil sin. Is í an Chúirt Bhreithiúnais amháin a chumhachtaítear dlí an Aontais a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm.
Comhlíonann an Teachtaireacht seo ón gCoimisiún Pointe 6 den Réamhrá don Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 lena bhforáiltear, chun críoch faisnéise agus comhchuibhithe, nach mór an liosta de na modhanna tástála agus na treoirdhoiciméid is ábhartha do chur chun feidhme an Rialacháin seo a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is é an liosta thíos an liosta sin le haghaidh Chuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1440 (1) ón gCoimisiún, agus tabharfar cothrom le dáta é go tráthrialta.
I gcás ina gceanglaítear le forálacha Chuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 go nginfear sonraí bunaithe ar na ceanglais a leagtar síos i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013, liostaítear na modhanna tástála agus an treoir ábhartha sa Teachtaireacht ón gCoimisiún is ábhartha do chur chun feidhme Chuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 (i.e. maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil substaintí gníomhacha ceimiceacha).
Nuair a liostaítear doiciméad le haghaidh coda, ciallaíonn sé sin go bhfuil sé ábhartha do na fochodanna uile. I gcás nach liostaítear aon doiciméad le haghaidh coda, níl aon mhodh tástála comhaontaithe ná treoirdhoiciméad comhaontaithe ar fáil faoi láthair. Sna cásanna sin, ba cheart d’iarratasóirí féideartha tograí a phlé le linn an chruinnithe réamhaighneachta leis an mBallstát is rapóirtéir agus leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (ÚESB), e.g. tograí atá bunaithe ar dhréachtmhodhanna tástála.
Modhanna tástála
I gcás ina bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 ón gCoimisiún (2) maidir le crostagairt do threoirlíne tástála ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) (trína lua go bhfuil modh tástála macasamhlaithe, cosúil nó coibhéiseach le treoirlínte tástála ECFE), ní liostaítear ach treoirlíne tástála ECFE chun dúbláil a sheachaint.
Ní liostaítear ach modhanna tástála atá bailíochtaithe (i.e. a ndearna ECFE nó eagraíochtaí idirnáisiúnta choibhéise tástáil fáinne orthu). Modhanna tástála a bhfuil tuairisc orthu i bhfoilseacháin eolaíocha amháin, níor cuireadh san áireamh iad.
Ba cheart liostú modha tástála a mheas mar thagairt don leagan den mhodh tástála sin is mó atá cothrom le dáta atá ar fáil an tráth a chuirfear tús leis an staidéar.
I gcás táirgí cosanta plandaí ina bhfuil substaint ghníomhach ar miocrorgánach é, d’fhéadfadh go mbeadh gá le prótacail tástála ad hoc chun aghaidh a thabhairt ar roinnt ceanglais sonraí. Le linn na tréimhse réamhaighneachta (3), féadfaidh iarratasóirí, an Ballstát is rapóirtéir, agus ÚESB an cineál seo prótacal ad hoc a phlé, go háirithe i gcás inar féidir prótacail tástála a liostaítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún is ábhartha do chur chun feidhme Chuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 a úsáid mar ionadaigh nó cé acu is féidir iad a oiriúnú le bheith níos oiriúnaí do tháirgí cosanta planda ina bhfuil substaint ghníomhach ar miocrorgánach é nó nach féidir.
D’fhonn tástáil ar ainmhithe veirteabracha a íoslaghdú, ba cheart na tástálacha a rinneadh cheana a mheas mar chuid den mheasúnú riosca dá bhforáiltear in Airteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Mar sin féin, le linn an chruinnithe réamhaighneachta, féadfaidh iarratasóirí, an Ballstát is rapóirtéir agus ÚESB a mheas an gá tástáil nua a dhéanamh bunaithe ar mhodhanna tástála níos nuaí, má bhíonn údar eolaíoch leis.
Sna cásanna uile, i gcomhréir le Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (4), Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 (Aithrisí 11 agus 40, Airteagail 8.1(d), 18(b), 33.3(c) agus 62.1) agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 ón gCoimisiún (5), ní mór tástáil neamhriachtanach ar ainmhithe a sheachaint. Go sonrach, le hAirteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, foráiltear nach ndéanfar tástáil ar ainmhithe veirteabracha chun formheas a dhéanamh ar na substaintí gníomhacha le haghaidh táirgí cosanta plandaí ach amháin i gcás nach bhfuil aon mhodh eile ar fáil. Áirítear ar na modhanna malartacha tástáil in-vitro, modhanna in-silico nó cuir chuige eile amhail léamh-trasna, mar a shainítear, mar shampla, i dTuarascáil Stádais an Lárionaid Eorpaigh um Bailíochtú Modhanna Malartacha ó Shaotharlann Tagartha an Aontais maidir le modhanna agus cuir chuige mhalartacha a fhorbairt, a bhailíochtú agus glacadh leo go rialaitheach agus i dTuarascáil Stádais an Lárionaid Eorpaigh um Bailíochtú Modhanna Malartacha ó Shaotharlann Tagartha an Aontais maidir le modhanna neamhainmhithe san eolaíocht agus i rialáil (6). Thairis sin, infhaighteacht na dtreoirdhoiciméad maidir le tástáil neamhainmhithe agus prótacail an staidéir ar in–vitro atá bailíochtaithe agus iontaofa, ba cheart é sin a mheas mar bhonn eolaíoch bailí nuair a mheastar pointe 1.5 den Réamhrá don Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 283/2013.
Má tá roinnt modhanna tástála ar fáil chun ceanglas sonraí a chomhlíonadh, luaitear tosaíocht in ord na modhanna tástála a liostaítear i gcás ina bhfuil gá le tástáil nua. Leis an ord, tugtar tosaíocht do mhodhanna nach bhfuil gá le hainmhithe tástála ina leith nó a bhfuil gá le níos lú ainmhithe tástála ina leith agus/nó i gcás nach bhfuil fulaingt na n-ainmhithe tástála chomh dian sin i gceist le modh ar leith. Mar sin féin, le linn an chruinnithe réamhaighneachta, ar chomhairle ÚESB agus an Bhallstáit is rapóirtéir, is féidir an t-ord tosaíochta a athrú nuair a bheidh údar eolaíoch ann (e.g. de bharr theorainneacha an réimse infheidhmeachta i gcás roinnt modhanna) chun cáilíocht eolaíoch an mheasúnaithe a áirithiú.
Doiciméid treorach
Bíonn doiciméid treorach incháilithe le bheith liostaithe nuair a bhaineann an méid seo a leanas leo:
— |
d’fhormhuinigh an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha iad roimh fhoilsiú na Teachtaireachta seo, |
— |
forbraíodh iad faoi choimirce comhlachta oifigiúil (e.g. ÚESB, an Coimisiún, údaráis náisiúnta) a bhfuil sé d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar réimse áirithe measúnaithe riosca nó saincheisteanna nós imeachta, agus rinneadh comhairliúchán le páirtithe leasmhara ábhartha, nó |
— |
d’fhormhuinigh eagraíocht idir-rialtasach iad (amhail ECFE, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) nó an Eagraíocht Eorpach agus Meánmhara um Chosaint Plandaí (EEMCP)) i gcás ina nglacann na Ballstáit páirt sa phróiseas formhuinithe. |
Measadh na cineálacha treoirdhoiciméad seo a leanas lena liostú:
— |
Treoirdhoiciméid theicniúla, lena n-áirítear treoirdhoiciméid de chineál cothrománach atá ábhartha do roinnt ranna de na ceanglais sonraí nó do ranna uile na gceanglas sonraí, lena n-áirítear cur chun feidhme phointe 1.5 den Réamhrá don Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013; |
— |
Treoirdhoiciméid riaracháin/nós imeachta má tá siad ábhartha do chur chun feidhme na gceanglas sonraí; |
— |
Samhlacha nó uirlisí ríomha, má tá siad ábhartha do na ceanglais sonraí agus más féidir iad a nascadh le treoirdhoiciméad nó más tacaíocht iad do threoirdhoiciméad; |
— |
Tuairimí eolaíocha ó Phainéil ÚESB agus treoirdhoiciméid ón gCoiste Stiúrtha idirchriosach is ábhartha do na Ballstáit uile, liostaíodh iad tar éis iad a mheas ar bhonn cás ar chás, má tá siad ábhartha do chur chun feidhme ceanglas sonraí sonrach. |
Doiciméid amhail treoirdhoiciméid chriosacha, ráitis ó ÚESB, foilseacháin a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu, tuarascálacha teicniúla, tuarascálacha eolaíocha, straitéisí, ní áirítear iad sa liosta thíos go hiondúil, cé is moite de chuid acu a cuireadh faoi réir comhairliúchán poiblí.
Ba cheart liostú treoirdhoiciméid a mheas mar thagairt don leagan den treoirdhoiciméad sin is mó atá cothrom le dáta atá ar fáil an tráth a chuirfear tús leis an staidéar.
A mhéid a bhaineann le caighdeáin EEMCP maidir leis an meastóireacht ar éifeachtúlacht táirgí cosanta plandaí, luaitear na caighdeáin is ábhartha sa liosta thíos. Mar sin féin, ní mór a mheas gur liosta é nach bhfuil uileghabhálach ós rud é go dtugtar bunachar sonraí domhanda EEMCP cothrom le dáta go tráthrialta agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le caighdeáin eile ar chur chuige cás ar chás. Dá bhrí sin, áirítear sa liosta bunachar sonraí domhanda EEMCP, Caighdeáin Ghinearálta na sraithe um meastóireacht ar éifeachtúlacht táirgí cosanta plandaí (PP1) maidir le caighdeáin EEMCP agus Caighdeáin Shonracha na sraithe PP1 maidir le caighdeáin EEMCP.
Tagairt do Chuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 |
Modhanna tástála (7) |
Doiciméid treorach (8) |
||
Modhanna tástála agus treoirdhoiciméid ghinearálta |
|
EFSA Guidance on the use of the weight of evidence approach in scientific assessments (EFSA Journal 2017;15(8):4971) |
||
Modhanna tástála agus treoirdhoiciméid ghinearálta |
|
ECHA Guidance on the Application of the CLP Criteria |
||
Modhanna tástála agus treoirdhoiciméid ghinearálta |
|
OECD Guidance Document for the Use of Adverse Outcome Pathways in Developing Integrated Approaches to Testing and Assessment (IATA) No. 260 |
||
Modhanna tástála agus treoirdhoiciméid ghinearálta |
|
OECD Guidance Document on Good In Vitro Method Practices (GIVIMP) |
||
|
|
EU Guidance document for the assessment of the equivalence of technical grade active ingredients for identical microbial strains or isolates approved under Regulation (EC) No. 1107/2009 (SANCO/12823/2012) |
||
|
|
OECD Issue Paper on Microbial Contaminants Limits for Microbial Pest Control Products No. 65 |
||
|
|
EU Guidance document on significant and non-significant changes of the chemical composition of authorised plant protection products under Regulation (EC) No 1107/2009 of the EU Parliament and Council on placing of plant protection products on the market and repealing Council Directives 79/117/EEC and 91/414/EEC (SANCO/12638/2011) |
||
|
|
OECD Issue Paper on Microbial Contaminants Limits for Microbial Pest Control Products No. 65. |
||
|
|
OECD Guidance document on storage stability of microbial pest control products. Series on Pesticides No. 85 (ENV/JM/MONO(2016)54) |
||
|
CIPAC MT 39 Stability of liquid formulations at 0°C |
|
||
|
CIPAC MT 46 Accelerated storage procedure |
|
||
|
CIPAC MT 53 Wettability |
|
||
|
CIPAC MT 47 Persistent foaming |
|
||
|
CIPAC MT 41 Dilution stability of herbicide aqueous solutions |
|
||
|
CIPAC MT 160 Spontaneity of dispersion of suspension concentrates |
|
||
|
CIPAC MT 174 Dispersibility of water dispersible granules |
|
||
|
CIPAC MT 179 Dissolution degree and solution stability |
|
||
|
CIPAC MT 180 Dispersion stability Suspo-emulsions |
|
||
|
CIPAC MT 184 Suspensibility of formulations forming suspensions on dilution with water |
|
||
|
CIPAC MT 196 Solution Properties of Water Soluble Tablets |
|
||
|
CIPAC MT 170 Dry sieve analysis of water dispersible granules |
|
||
|
CIPAC MT 187 Particle size analysis by laser diffraction |
|
||
|
CIPAC MT 185 Wet sieve test |
|
||
|
CIPAC MT 170 Dry sieve analysis of water dispersible granules |
|
||
|
CIPAC MT 171 Dustiness of granular products |
|
||
|
CIPAC MT 178 Attrition resistance of granules |
|
||
|
CIPAC MT 185 Wet sieve test |
|
||
|
CIPAC MT 187 Particle size analysis by laser diffraction |
|
||
|
CIPAC MT 193 Attrition of tablets |
|
||
|
CIPAC MT 197 Disintegration of Tablets |
|
||
|
CIPAC MT 36 Emulsion characteristics of emulsifiable concentrates |
|
||
|
CIPAC MT 148 Pourability of suspension concentrates |
|
||
|
CIPAC MT 171 Dustiness of granular products |
|
||
|
CIPAC MT 172 Flowability of water dispersible granules after heat test under pressure |
|
||
|
ASTM E1518 – 05 Standard Practice for Evaluation of Physical Compatibility of Pesticides in Aqueous Tank Mixtures by the Dynamic Shaker Method |
|
||
|
CIPAC MT 194 Adhesion to Treated Seed |
|
||
|
CIPAC MT 175 Seed treatment formulations, liquid, determination of seed-seed uniformity of distribution |
|
||
|
European Seed Association, 2011. Assessment of free floating dust and abrasion particles of treated seeds as a parameter of the quality of treated seeds: Heubach test. ESA STAT Dust Working Group |
|
||
|
|
EPPO Global Database (9) |
||
|
|
EPPO PP 1/248 Harmonized classification and coding of the uses of plant protection products (10) |
||
|
|
EPPO PP1/239 Dose expression of plant protection products |
||
|
|
EPPO PP1/292 Cleaning pesticide application equipment (PAE) – efficacy aspects |
||
|
|
EU Guidance document: Technical Active Substance and Plant protection products: Guidance for generating and reporting methods of analysis in support of pre- and post-registration data requirements for Annex (Section 4) of Regulation (EU) No 283/2013 and Annex (Section 5) of Regulation (EU) No 284/2013 (SANCO/3030/99) |
||
|
|
OECD Issue Paper on Microbial Contaminants Limits for Microbial Pest Control Products No. 65 |
||
|
|
Residues Analytical Methods for Risk Assessment and Post-approval Control and Monitoring Purposes (SANTE/2020/12830) |
||
|
Caighdeáin shonracha na sraithe PP1 maidir le caighdeáin EEMCP (11) |
|
||
|
|
EU guidance document on data requirements on efficacy for the dossier to be submitted for the approval of new active substances contained in plant protection products. (SANCO/10054/2013) |
||
|
|
EU Guidance document on the efficacy composition of core dossier and national addenda submitted to support the authorization of plant protection products under regulation (EC) No 1107/2009 of the EU parliament and council on placing of plant protection products on the market. (SANCO/10055/2013) |
||
|
|
General Standards of the EPPO standard series PP1 (12) (Efficacy evaluation of plant protection products), in particular: EPPO PP1/276 Principles of efficacy evaluation for microbial plant protection products, EPPO PP1/296 principles of efficacy evaluation for low-risk plant protection products, and, EPPO PP1/319 General principles for efficacy evaluation of plant protection products with a mode of action as plant defence inducers. |
||
|
OECD Guidelines for Testing of Chemicals No. 208 ‘Terrestrial Plant Test: Seedling Emergence and Seedling Growth Test’ (2006) |
|
||
|
|
EPPO PP1/207 Effects on succeeding crops |
||
|
|
EPPO PP1/256 Effects on adjacent crops |
||
|
|
OECD (2006) Guidelines for the Testing of Chemicals No. 227 ‘Terrestrial Plant Test: Vegetative Vigour Test’ |
||
|
|
OECD (2006) Guidelines for Testing of Chemicals No. 208 ‘Terrestrial Plant Test: Seedling Emergence and Seedling Growth Test’ |
||
|
|
EFSA Guidance on the assessment of exposure of operators, workers, residents and bystanders in risk assessment for plant protection products (EFSA Journal 2022;20(1):7032) |
||
|
|
OECD (2016) Guidance Document on Considerations for Waiving or Bridging of Mammalian Acute Toxicity Tests Series on Testing & Assessment No. 237 |
||
|
OECD Test Guideline 423: Acute Oral toxicity - Acute Toxic Class Method |
|
||
|
OECD Test Guideline 420: Acute Oral Toxicity - Fixed Dose Procedure |
|
||
|
OECD Test Guideline 402: Acute Dermal Toxicity - Fixed Dose Procedure |
|
||
|
OECD Test Guideline 436: Acute Inhalation Toxicity – Acute Toxic Class Method |
|
||
|
OECD Test Guideline 403: Acute Inhalation Toxicity |
|
||
|
OECD Test Guideline 439: In vitro Skin Irritation: Reconstructed Human Epidermis Test Method |
|
||
|
OECD Test Guideline 404: Acute Dermal Irritation/Corrosion |
|
||
|
OECD Test Guideline 430: In Vitro Skin Corrosion: Transcutaneous Electrical Resistance Test Method (TER) |
|
||
|
OECD Test Guideline 431: In vitro skin corrosion: reconstructed human epidermis (RHE) test method |
|
||
|
OECD Test Guideline 435: In vitro Membrane Barrier Test Method for Skin Corrosion |
|
||
|
|
OECD Guidance Document on an Integrated Approach on Testing and Assessment (IATA) for Skin Corrosion and Irritation, No. 203 |
||
|
OECD Test Guideline 437: Bovine Corneal Opacity and Permeability Test Method for Identifying i) Chemicals Inducing Serious Eye Damage and ii) Chemicals Not Requiring Classification for Eye Irritation or Serious Eye Damage |
|
||
|
OECD Test Guideline 438: Isolated Chicken Eye Test Method for Identifying i) Chemicals Inducing Serious Eye Damage and ii) Chemicals Not Requiring Classification for Eye Irritation or Serious Eye Damage |
|
||
|
OECD Test Guideline 460: Fluorescein Leakage Test Method for Identifying Ocular Corrosives and Severe Irritants |
|
||
|
OECD Test Guideline 491: Short Time Exposure In Vitro Test Method for Identifying i) Chemicals Inducing Serious Eye Damage and ii) Chemicals Not Requiring Classification for Eye Irritation or Serious Eye Damage |
|
||
|
OECD Test Guideline 492: Reconstructed human Cornea-like Epithelium (RhCE) test method for identifying chemicals not requiring classification and labelling for eye irritation or serious eye damage |
|
||
|
OECD Test Guideline 405: Acute eye irritation/corrosion |
|
||
|
OECD Test Guideline 442A: Skin Sensitisation – Local Lymph Node Assay: DA |
|
||
|
OECD Test Guideline 442B: Skin Sensitisation - Local Lymph Node Assay: BrdU-ELISA or –FCM |
|
||
|
OECD Test Guideline 442C: In Chemico Skin Sensitisation |
|
||
|
OECD Test Guideline 442D: In Vitro Skin Sensitisation |
|
||
|
OECD Test Guideline 442E: In Vitro Skin Sensitisation: In Vitro Skin Sensitisation Assays Addressing the Key Event on Activation of Dendritic Cells on the Adverse Outcome Pathway for Skin Sensitisation |
|
||
|
OECD Guideline No. 497: Defined Approaches on Skin Sensitisation |
|
||
|
OECD Test Guideline 406: Skin Sensitisation Guinea Pig Maximisation Test and Buehler Test |
|
||
|
OECD Test Guideline 429: Skin Sensitisation – Local Lymph Node Assay |
|
||
|
OECD Test Guideline 428: Skin Absorption: In Vitro Method |
|
||
|
OECD Test Guideline 427: Skin Absorption: In Vivo Method |
|
||
|
|
EU Guidance on dermal absorption (SANTE/2018/10591) |
||
|
|
EU Guidance document on the risk assessment of metabolites produced by microorganisms used as plant protection active substances (SANCO/2020/12258) |
||
|
|
EFSA Guidance on the assessment of exposure of operators, workers, residents and bystanders in risk assessment for plant protection products (SANTE-10832-2015) |
||
|
|
EFSA Guidance on dermal absorption (EFSA Journal 2017;15(6):4873) |
||
|
|
FAO Operator exposure models and local risk assessment (13) |
||
|
|
EU Guidance document on the risk assessment of metabolites produced by microorganisms used as plant protection active substances (SANCO/2020/12258) |
||
|
|
EFSA Guidance on the establishment of the residue definition for dietary risk assessment (EFSA Journal 2016;14(12):4549) |
||
|
|
EFSA Reporting data on pesticide residues in food and feed according to Regulation (EC) No 396/2005 (2018 data collection) (EFSA Journal 2019;17(4):5655) |
||
|
Modhanna tástála a luaitear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún le haghaidh chur chun feidhme Chuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 283/2013, nó sa Teachtaireacht is ábhartha do chur chun feidhme Chuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 ón gCoimisiún, féadfar iad a úsáid mar bhunús agus féadfar iad a athoiriúnú. Ní mór údar a thabhairt le hinfheidhmeacht na modhanna a roghnaíodh, nó le hoiriúnuithe na modhanna sin, i bhfianaise shonraíochtaí an cháis agus féadfar an tsubstaint a phlé ag cruinnithe réamhaighneachta. |
|
||
|
|
EU Guidance document on the risk assessment of metabolites produced by microorganisms used as plant protection active substances (SANCO/2020/12258) |
||
|
|
OECD Guidance to the environmental safety evaluation of microbial biocontrol agents, Series on Pesticides No. 67 (ENV/JM/MONO(2012)1) |
(1) Rialachán (AE) 2022/1440 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le cur isteach maidir le táirgí cosanta plandaí agus na ceanglais shonracha sonraí i ndáil le táirgí cosanta plandaí a bhfuil miocrorgánaigh iontu (IO L 227, 1.9.2022, lch. 38).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2008 lena leagtar síos modhanna tástála de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (IO L 142, 31.5.2008, lch. 1).
(3) Airteagal 32a de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
(4) IO L 276, 20.10.2010, lch. 33.
(5) IO L 93, 3.4.2013, lch. 1.
(6) Le fáil ag https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/
(7) Cé is moite de na modhanna a bhfuil tuairisc orthu i Rialachán (CE) Uimh. 440/2008, is i mBéarla amháin atá formhór na modhanna tástála a luaitear ar fáil (tá roinnt acu ar fáil i bhFraincis freisin). Faisnéis mhionsonraithe maidir leis na modhanna tástála:
— |
Comharchomhairle Idirnáisiúnta Anailíseach Lotnaidicídí (CIPAC) http://www.cipac.org/ |
— |
An Cumann Meiriceánach um Thástálacha agus um Ábhairhttp://www.astm.org/Standard/index.shtml |
— |
An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO) http://www.iso.org/iso/home/store/catalogue_ics.htm |
— |
ECFE http://www.oecd.org/env/chemicalsafetyandbiosafety/testingofchemicals/ |
— |
EEMCP http://www.eppo.int/STANDARDS/standards.htm |
(8) Formhór na dtreoirdhoiciméad a luaitear, is i mBéarla amháin atá siad ar fáil. Faisnéis mhionsonraithe maidir leis na treoirdhoiciméid:
— |
An Coimisiún Eorpach: https://food.ec.europa.eu/plants/pesticides/approval-active-substances/guidelines-active-substances-and-plant-protection-products_en |
— |
ECFE http://www.oecd.org/env/chemicalsafetyandbiosafety/testingofchemicals/ |
— |
EEMCP: http://www.eppo.int/STANDARDS/standards.htm |
— |
An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA): http://echa.europa.eu/support/guidance-on-reach-and-clp-implementation |
— |
ÚESB: http://www.efsa.europa.eu/en/publications.htm |
— |
An Fóram le haghaidh Chomhordú na Samhlacha Cinniúna Lotnaidicídí agus a nÚsáide: https://esdac.jrc.ec.europa.eu/projects/focus-dg-sante |
(9) https://gd.eppo.int/
(10) Ná cuir san áireamh ach na húsáidí sin amháin a mheastar a bheith ábhartha faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus ná cuir san áireamh na húsáidí sin atá in EEMCP PP 1/248 a thagraíonn d’éilimh bhithspreagthacha mar a shainítear faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 2019/1009 agus faoi na sonraíochtaí teicniúla CEN/TS 17724, CEN/TS 17700-1, CEN/TS 17700-2, CEN/TS 17700-3, CEN/TS 17700-4, CEN/TS 17700-5, fiú amháin má shainítear na bithspreagthaigh sin mar rialaitheoirí fáis plandaí in EEMCP PP1/248.
(11) Tá caighdeáin EEMCP le fáil ag http://pp1.eppo.org/ - Le Caighdeáin EEMCP na sraithe PP1, tugtar tuairisc maidir leis an gcaoi le meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht táirgí cosanta plandaí. Tá Caighdeáin Ghinearálta agus Caighdeáin Shonracha sa tsraith. Ba cheart Caighdeáin Shonracha a úsáid in éineacht le Caighdeáin Ghinearálta ábhartha agus a mhalairt.
(12) https://pp1.eppo.int/standards/general
(13) http://www.fao.org/pesticide-registration-toolkit/registration-tools/assessment-methods/method-detail/en/c/1187029/