EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC0524(01)

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú ar shonraíocht táirge atá ann le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus Airteagal (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún 2023/C 182/04

PUB/2023/316

IO C 182, 24.5.2023, p. 5–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

24.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 182/5


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú ar shonraíocht táirge atá ann le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus Airteagal (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2023/C 182/04)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Coteaux de Narbonne”

PGI-FR-A1202-AM01

Dáta teachtaireachta: 24.2.2023

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Limistéar díreach in aice láimhe

Ceartaíodh Caibidil I, Roinn 4.2 – Limistéar díreach in aice láimhe – den tsonraíocht le haghaidh thásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Narbonne”. Baineadh bardas “Cuxac d’Aude” den liosta toisc go n-áirítear leis an limistéar geografach é.

Rinneadh an ceartúchán sin freisin chuig an roinn dar teideal “Coinníollacha breise - Limistéar díreach in aice láimhe” sa doiciméad aonair.

2.   Cineálacha fíniúna

Ceartaíodh Caibidil I, Roinn 5 – Cineálacha fíniúna – den tsonraíocht le haghaidh thásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Narbonne”.

Forlíonadh liosta na gcineálacha roghnaithe le haghaidh tháirgeacht thásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Narbonne” leis na cineálacha seo a leanas:

Tugadh isteach 13 chineál a mheastar a bheith “frithsheasmhach” in aghaidh galar fíniúna:

Artaban N, Cabernet Blanc B, Cabernet Cortis N, Floreal B, Monarch N, Muscaris B, Prior N, Saphira B, Soreli B, Souvignier Gris B, Sauvignac B, Vidoc N, Voltis B.

Cuireadh 12 chineál atá oiriúnaithe d’athrú aeráide leis:

Agiorgitiko N, Assyrtyko B, Calabrese N, Carricante B, Fiano B, Montepulciano N, Moschofilero Rs, Primitivo N, Roditis Rs, Touriga Nacional N, Verdejo B, Xinomavro N.

Tá na cineálacha sin frithsheasmhach in aghaidh triomaigh agus galair fhungasacha. Agus saintréithe fiseolaíocha agus fíoneolaíochta acu a bhfuil cosúil leis na cineálacha a úsáidtear i dtáirgeacht TGFC, laghdaíonn siad an gá le táirgí cosanta plandaí. Ní dhéanann siad difear do shaintréithe fíonta TGFC.

Baineadh 8 gcineál nach n-úsáidtear i dtáirgeadh TGFC den liosta:

Altesse B, Chasselas B, Chasselas Rs, Danlas B, Gamay de Chaudenay N, Ganson N, Mondeuse N, Ribol N.

Rinneadh na leasuithe sin ar an doiciméad aonair freisin, faoi “Cineálacha fíonchaor”.

3.   Comhlacht cigireachta

Leasaíodh Caibidil III den tsonraíocht maidir le tásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Narbonne” chun an roinn dar teideal “Comhlacht cigireachta” a shimpliú, ag sonrú gur gá comhlíontacht leis an tsonraíocht táirge a sheiceáil ar bhonn plean rialaithe formheasta agus trí chomhlacht tríú páirtí tarmligthe ag INAO agus ráthaíochtaí maidir le hinniúlacht, neamhchlaontacht agus neamhspleáchas a thairiscint.

Ní dhéanann an simpliú sin difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Coteaux de Narbonne

2.   Cineál táisc gheografaigh

TGFC – Tásc geografach faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fionnta

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Cumhdaítear fíonta dearga, rosé agus geala socra leis an tásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Narbonne”.

Is ionann na leibhéil íosta agus na leibhéil uasta le haghaidh nirt alcóil iomlán de réir toirte, aigéadachta iomláine, aigéadachta luainí agus dé-ocsaíde sulfair agus iad siúd a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais.

Táirgtear fíonta a bhfuil saintréith láidir Mheánmhuirí acu mar gheall ar na dálaí aibithe iontacha agus oiriúnú na gcineálacha fíonchaoire.

Bíonn dath measartha dorcha ag na fíonta dearga go ginearálta. Tá siad cumhachtach agus láidir agus tá dea-bholaithe torthaíocha orthu. Athraíonn struchtúr na dtainniní ag brath ar na teicneolaíochtaí fíonsaothraithe a úsáidtear.

Tá na fíonta rosé agus na fíonta geala mín agus galánta, mór agus torthaíoch, agus táirgtear iad le hól agus iad óg go hiondúil.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíon oireachta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

Ní mór do na cleachtais déanta fíona uile na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sa Chód Tuaithe agus Iascaireachta Muirí a chomhlíonadh.

5.2.   Uastáirgeacht

100 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Maidir leis na fíonta a bhaineann leas as an tásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Narbonne”, ní mór gur ar chríoch na mbardas seo a leanas de chuid roinn Aude a dhéantar na fíonchaora a bhuain, an fhíonóireacht agus táirgeadh na bhfíonta:

Armissan, Coursan, Cuxac-d’Aude, Fleury-d’Aude, Narbonne (ach amháin na ranna cadastracha KW, KX, KY, KZ, LM, LN, G6 agus G7), Marcorignan, Moussan, Ouveillan, Salles-d’Aude, Sallèles d’Aude, Vinassan.

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Agiorgitiko N

Alicante Henri Bouschet N

Alphonse Lavallée N

Alvarinho – Albariño

Aramon N

Aranel B

Arinarnoa N

Arriloba B

Artaban N

Assyrtiko B

Aubun N – Murescola

Bourboulenc B – Doucillon Blanc

Cabernet Blanc B

Cabernet Cortis N

Cabernet Franc N

Cabernet-Sauvignon N

Calabrese N

Caladoc N

Cardinal Rg

Carignan N

Carignan Blanc B

Carmenère N

Carricante

CHARDONNAY B

Chasan B

Chenanson N

Chenin B

Cinsaut N – Cinsault

Clairette B

Clairette Rose Rs

Colombard B

Cot N – Malbec

Egiodola N

Fer N – Fer Servadou, Braucol, Mansois, Pinenc

Fiano

Floreal B

Gamay N

Gewurztraminer Rs

Gramon N

Grenache N

Grenache Blanc B

Grenache Gris G

Gros Manseng B

Jurançon Noir N – Dame Noire

Listan B – Palomino

Lledoner Pelut N

Macabeu B – Macabeo

Marsanne B

Marselan N

Mauzac B

Mauzac Rose Rs

Merlot N

Monarch N

Monerac N

Montepulciano

Morrastel N – Minustellu, Graciano

Moschofilero Rs

Mourvèdre N – Monastrell

Muscaris B

Muscat d’Alexandrie B – Muscat, Moscato

Muscat de Hambourg N – Muscat, Moscato

Muscat à Petits Grains Blancs B – Muscat, Moscato

Muscat à Petits Grains Rouges Rg – Muscat, Moscato

Nielluccio N – Nielluciu

Négrette N

Parrellada B

Petit Manseng B

Petit Verdot N

Pinot Blanc B

Pinot Gris G

Pinot Noir N

Piquepoul Blanc B

Piquepoul Noir N

Portan N

Primitivo N – Zinfandel

Prior N

Ribol N

Riesling B

Roditis Rs

Roussanne B

Saphira B

Sauvignac

Sauvignon B – Sauvignon blanc

Sauvignon Gris G – Fié Gris

Semillon B

Soreli B

Souvignier Gris Rs

Sylvaner B

Syrah N – Shiraz

Tannat N

Tempranillo N

Terret Blanc B

Terret Gris G

Terret Noir N

Tourbat B

Touriga Nacional N

Ugni Blanc B

Verdejo B

Verdelho B

Vermentino B – Rolle

Vidoc N

Villard Blanc B

Viognier B

Voltis B

Xinomavro N

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

8.1.   Sainiúlacht an limistéir gheografaigh agus sainiúlacht an táirge

Tá limistéar táirgthe TGFC “Coteaux de Narbonne” lonnaithe timpeall bhaile Narbonne, i roinn Aude i ndeisceart na Fraince, in Languedoc-Roussillon.

Tá na fíonghoirt scaipthe ar fud cnoic réidhe réigiún Narbonne. Gan airde 100 m a shárú ach go hannamh, bíonn siad suite ar ithreacha ar thaobh na gcnoc, aolchloch den chuid is mó, agus ar sheandeilt Abhainn Aude ar ithreacha níos doimhne atá fabhrach d’éagsúlacht chineálacha fíniúna.

Baineann na fíonghoirt leas as aeráid iomlán Mheánmhuirí atá fabhrach do shaothrú fíniúna go háirithe agus is iad a saintréithe samhraí teo agus tirime agus geimhrí séimhe, agus dhá thréimhse fhliucha ann le linn an fhómhair agus an earraigh. Tá an mheán-bháisteach bhliantúil níos lú ná 500 mm.

Tá an limistéar an-ghaofar, agus uainíocht láidir na ngaoth aniar go minic, atá an-fhabhrach i dtéarmaí na fíonchaora a choimeád i staid mhaith sláinte, agus bíonn séideáin aer na farraige ann go minic, a thugann taise agus úire le linn oícheanta an tsamhraidh, a chuidíonn leis na fíonchaora dul in aibíocht go maith.

Tharla an chéad fhorbairt de chuid Narbonne 2 000 bliain ó shin, nuair a tháinig sé chun bheith ina phríomhchathair de Ghaill Rómhánach, ag crosbhóthar idir Via Domitia agus Via Aquitania, agus ina chrosaire farraige toisc gur calafort an-tábhachtach é a chuir ar a chumas fíonghoirt a fhorbairt ar onnmhairíodh a bhfíonta ar fud na hEorpa.

D’ainneoin rath athraitheach, atógadh na fíonghoirt i gcónaí, ag teacht ina monashaothrú sa 19ú agus 20ú céad a d’áirithigh forbairt eacnamaíoch an réigiúin. Le linn na paindéime phylloxera, bhí sé ar mhánna réigiún Narbonne go raibh ceann de na céad athsholáthar fhíonghoirt Languedoc indéanta.

Chuir aitheantas “Vin de pays” trí Fhoraithne an 25 Eanáir 1982 ar chumas na saothróirí fíniúna, a bhuí le sonraíocht dhocht, fíonta a tháirgeadh a chomhlíonann éilimh na dtomhaltóirí. Níos déanaí fós, cuireadh síneadh le TGFC “Coteaux de Narbonne” chuig 6 bhardas idir Narbonne agus an Mheánmhuir, agus ar an mbealach sin limistéar táirgthe comhleanúnach a chruthú agus an geilleagar a spreagadh.

Tá an táirgeacht thart ar 10 000 hl anois ó 9 mbardas, fíonta dearga an chuid is mó dóibh, ach fíonta rosé agus fíonta geala freisin, ar a bhfuil éileamh a bhíonn de shíor ag forbairt.

Forlíonadh na cineálacha, arb iad cineálacha fíonchaoire Meánmhuirí go príomha atá á bhfás i limistéar TGFC seo aniar ó chianaois, le cineálacha seachtracha ag a bhfuil timthriallta níos giorra, amhail Cabernet Sauvignon agus Merlot i gcás na bhfíonta dearga agus Chardonnay agus Sauvignon i gcás na bhfíonta geala.

Cuireadh barr feabhais ar theicnící fíonsaothraithe, ag baint leas as an lárionad taighde atá ann i limistéar TGFC, lárionad na hInstitiúide Náisiúnta um Thaighde Talmhaíochta Pech Rouge.

8.2.   Nasc cúisíoch idir sainiúlacht an limistéir gheografaigh agus sainiúlacht an táirge

Mar gheall ar a dhálaí ithreach agus aeráide, atá fabhrach do shaothrú fíniúnacha, agus ar a shuíomh geografach, ag crosbhóthar idir an Mheánmhuir agus an tAtlantach, bhí Narbonne ina chathair fíona agus thrádála i gcónaí.

Bhí saothróirí fíniúna “Coteaux de Narbonne” in ann féiniúlacht agus traidisiún fíonsaothraithe an réigiúin bhig seo a choimeád, réigiún ag a bhfuil aeráid fhabhrach le haghaidh saothraithe fíniúna go háirithe.

Léirítear leis na fíonghoirt a bheith ann fós na cleachtais fíoneolaíocha nár athraíodh a tugadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin de dhéantóirí fíona, agus a dtiomantas dá dtáirgí á léiriú dá réir.

Tá cáil sheanbhunaithe fíonta “Coteaux de Narbonne” ar bhonn trádála idir cósta na Meánmhara agus cósta an Atlantaigh.

Baineann TGFC “Coteaux de Narbonne” lánleas as na buntáistí sin, agus a mbunúis stairiúla á gcoinneáil acu, bhain a fhíonta lánleas freisin as tabhairt isteach na gcineálacha fíonchaoire nua agus as forbairtí teicneolaíochta a chuir a shaothróirí fíniúna i ngníomh.

Bhí na saothróirí fíniúna in ann na cineálacha fíniúnacha a oiriúnú, ar cineálacha Meánmhuirí ar na fánaí iad go príomha agus cineálacha Atlantacha agus thuaidh iad sna fíonghoirt ísealchríocha.

Is féidir aird a tharraingt ar tháirgí fíona uile an limistéir freisin mar gheall ar fhorbairt láidir na turasóireachta, lena n-áirítear TGFC “Coteaux de Narbonne”, ag a bhfuil líonra nach beag de shiléir fíona agus neart imeachtaí fíonsaothraithe.

Dá bhrí sin, tá an saol timpeall fíonghort agus fíona ag croílár gníomhaíochta eacnamaíche i gcónaí agus cuireann sé go mór le forbairt an limistéir íogair seo, ina n-imríonn fíniúnacha ról tábhachtach go háirithe mar thoitbhearnaí gach samhradh.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Féadfar na nithe a leanas a chur leis an tásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Narbonne”:

 

ainm cineáil fíonchaoire amháin nó níos mó;

 

an focal “primeur” (“luath”) nó “nouveau” (“nua”).

Nuair a chuirtear an téarma traidisiúnta “Vin de pays” in ionad an téarma “Indication géographique protégée” (Tásc Geografach Faoi Chosaint), ní mór lógó TGFC an Aontais Eorpaigh a bheith ar an lipéad.

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

An limistéar i ndlúthghaireacht, arna shainiú ag maolú maidir le táirgeadh agus forbairt fíonta, ar fíonta iad ag a bhfuil tásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Narbonne”, áirítear ann na bardais seo a leanas ag a bhfuil teorainn leis an limistéar geografach:

Roinn Aude: Argeliers, Bages, Bizanet, Gruissan, Mirepeisset, Montredon des Corbières, Névian, Peyriac de Mer, Port la Nouvelle, Raissac d’Aude, Saint André de Roquelongue, Saint Marcel d’Aude, Saint Nazaire d’Aude, Sigean.

Roinn Hérault: Capestang, Cruzy, Lespignan, Montels, Nissan les Ensérunes, Quarante, Vendres.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-3f08707f-bc60-4bab-b4f4-759e5ed9b81b


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


Top