EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC0515(01)

Teachtaireacht on gCoimisiun Líon iomlán na lamháltas a bhí i gcúrsaíocht in 2022 a fhoilsiú chun críocha Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais arna bhunú le Treoir 2003/87/CE 2023/C 172/01

C/2023/2929

IO C 172, 15.5.2023, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

15.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 172/1


TEACHTAIREACHT ON gCOIMISIUN

Líon iomlán na lamháltas a bhí i gcúrsaíocht in 2022 a fhoilsiú chun críocha Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais arna bhunú le Treoir 2003/87/CE

(2023/C 172/01)

1.   RÉAMHRÁ

In 2015 ghlac Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh (AE) Cinneadh (AE) 2015/1814 (1) chun Cúlchiste Cobhsaíochta Margaidh a chruthú faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (CTA) a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE (2). Is é is cuspóir don Chúlchiste Cobhsaíochta Margaidh a sheachaint nach ndéantar Margadh Carbóin an Aontais a oibriú agus mórbharrachas struchtúrach lamháltas ann in éineacht leis an riosca lena mbaineann go gcuirtear cosc ar CTA AE comhartha infheistíochta a dhéanamh, ar comhartha infheistíochta é a bhfuil gá leis chun sprioc laghdaithe astaíochtaí an Aontais a bhaint amach ar bhealach costéifeachtúil. Is é is cuspóir don Chúlchiste freisin CTA AE a dhéanamh níos athléimní i leith míchothromaíochtaí i ndáil le soláthar-éileamh, rud a chuirfidh ar a chumas do mhargadh carbóin an Aontais feidhmiú go rianúil. Thosaigh Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh ag feidhmiú i mí Eanáir 2019.

Faoi Airteagal 1(4) de Chinneadh (AE) 2015/1814, foilsíonn an Coimisiún líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht gach bliain chun críocha Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh, faoin 15 Bealtaine an bhliain ina dhiaidh sin. Cinntear leis an bhfigiúr sin cibé acu a dhéantar lamháltais a tharraingt siar ó mhéid ceantála agus a chur sa Chúlchiste nó a scaoileadh as an gCúlchiste agus a chur ar ceant. Dá bhrí sin, is gné thábhachtach d’fheidhmiú Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh agus de CTA AE é líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht a fhoilsiú.

An 13 Bealtaine 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún líon iomlán na lamháltas a bhí i gcúrsaíocht in 2021, is é sin 1 449 214 182 (3). Dá réir sin, bhí 347 811 404 lamháltas le cur i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2023.

Is é atá sa Teachtaireacht seo an seachtú foilsiú de líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht chun críocha Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh agus baineann sí leis an mbliain 2022. Sonraítear inti an bunríomh agus líon na lamháltas a chuirfear sa Chúlchiste idir an 1 Meán Fómhair 2023 go dtí an 31 Lúnasa 2024. Léirítear inti freisin líon na lamháltas sa Chúlchiste a tháinig chun bheith neamhbhailí an 1 Eanáir 2023.

2.   FEIDHMIÚ CHÚLCHISTE COBHSAÍOCHTA AN MHARGAIDH

Feidhmíonn Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh go huathoibríoch nuair atá líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht lasmuigh den raon socraithe. Déantar lamháltais a tharraingt siar ón méid ceantála agus cuirtear sa Chúlchiste iad má sháraíonn líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht an tairseach 833 mhilliún. Tá ráta iontógála an Chúlchiste socraithe ag 24 % de líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht. Más lú líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht ná an tairseach 400 milliún, scaoiltear 100 milliún lamháltas as an gCúlchiste agus cuirtear ar ceant iad. Cuirtear lamháltais sa Chúlchiste nó scaoiltear iad as an gCúlchiste thar thréimhse 12 mhí (4).

Faoi Airteagal 1(5) de Chinneadh (AE) 2015/1814 agus ar bhonn na Teachtaireachta seo, cuirfear 24 % de líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht an 31 Nollaig 2022 sa Chúlchiste thar thréimhse 12 mhí, dar tús an 1 Meán Fómhair 2023. Asbhainfear líon comhfhreagrach lamháltas ó mhéideanna ceantála Bhallstáit an Aontais agus na dtrí thír LEE-CSTE (an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua), agus ón Ríocht Aontaithe i ndáil le leictreachas a ghiniúint i dTuaisceart Éireann, i gcomhréir lena sciartha ceantála féin.

Faoi Airteagal 1(5) de Chinneadh (AE) 2015/1814, go dtí an 31 Nollaig 2025, ní áirítear lamháltais a dháiltear chun críocha dlúthpháirtíochta agus fáis in CTA AE (5) i ríomh na sciartha ábhartha chun críocha Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh.

Faoi Airteagal 1(5a) de Chinneadh (AE) 2015/1814, ó 2023 ar aghaidh, ní bailí feasta aon lamháltas a choinnítear i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh os cionn mhéid ceantála na bliana roimhe sin. Dá bhrí sin, is é an Teachtaireacht seo an chéad fhoilsiú de líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht ina sonraítear líon na lamháltas a tháinig chun bheith neamhbhailí.

Cuirfear dhá fhorbairt thábhachtacha san áireamh i dTeachtaireacht na bliana seo chugainn maidir le líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht. Ar an gcéad dul síos, na leasuithe ar Chinneadh (AE) 2015/1814 mar chuid den phacáiste reachtach “Oiriúnach do 55” chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích, a mbeidh feidhm acu ó 2024. Ar an dara dul síos, Rialachán (AE) 2023/435 (6) a glacadh i mí Feabhra 2023. Faoin teideal REPowerEU, tá an Rialachán sin mar chuid de fhreagairt an Aontais ar an ngéarchéim fuinnimh. I measc bearta eile, leasaítear Treoir 2003/87/CE chun maolú ar Airteagal 1(5a) de Chinneadh 2015/1814 trí 27 milliún lamháltas nár leithdháileadh i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh a úsáid le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht, ón gcainníocht iomlán a chuirfí ó bhail murach sin le linn na tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2030.

3.   LÍON IOMLÁN NA LAMHÁLTAS I gCÚRSAÍOCHT

Faoi Airteagal 1(4) de Chinneadh (AE) 2015/1814, is éard a bheidh i líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht “líon carnach na lamháltas arna n-eisiúint sa tréimhse ón 1 Eanáir 2008, lena n-áirítear an líon arna eisiúint de bhun Airteagal 13(2) de Threoir 2003/87/CE agus creidmheasanna idirnáisiúnta arna bhfeidhmiú ag suiteálacha faoi CTA AE i leith astaíochtaí suas go dtí an 31 Nollaig den bhliain áirithe sin, lúide tonaí carnacha na n-astaíochtaí fíoraithe ó shuiteálacha faoi CTA AE idir 1 Eanáir 2008 agus 31 Nollaig an bhliain ar leith sin, aon lamháltas a cuireadh ar ceal de bhun Airteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE agus líon na lamháltas i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh.”

I mbeagán focal, déantar líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht atá ábhartha d’fheidhmiú Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh a ríomh trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle:

Líon Iomlán na Lamháltas atá i gCúrsaíocht = Soláthar – (Éileamh + Lamháltais i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh)

Tugtar tuairisc mhionsonraithe ar na trí ghné sa Teachtaireacht seo. Cuirtear forléargas ar na figiúirí go léir i láthair sa tábla ag deireadh an doiciméid.

Faoi Airteagal 10(1) de Threoir 2003/87/CE, cumhdaítear lamháltais le haghaidh suiteálacha do-aistrithe le Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh. Dá bhrí sin, ní áirítear lamháltais a eisítear i ndáil le heitlíocht agus astaíochtaí eitlíochta fíoraithe i gcomhthéacs fhoilsiú na bliana seo.

Soláthar

Tá na gnéithe seo a leanas i soláthar lamháltas ar mhargadh carbóin an Aontais:

Lamháltais arna dtaisceadh (7) ó chéim 2 de CTA AE (2008-12). Is é sin, 1 749 540 826 lamháltas (8).

Lamháltais a leithdháiltear saor in aisce don tréimhse ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2022, lena n-áirítear na lamháltais a leithdháileadh ón gCúlchiste le haghaidh Iontrálaithe Nua. Is é sin, 7 683 593 499 lamháltas (9).

Lamháltais nach leithdháiltear ar shuiteálacha faoi Airteagail 10a(7), 10a(19) agus 10a(20) de Threoir 2003/87/CE a cuireadh i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh in 2020 faoi Airteagal 1(3) de Chinneadh (AE) 2015/1814. Ba é 301 801 477 líon na lamháltas nár leithdháileadh faoi Airteagal 10a(7) 301 801 477 agus ba é 585 004 978 líon na lamháltas nár leithdháileadh faoi Airteagail 10a(19) agus 10a(20) - san iomlán, 886 806 455 lamháltas. Ón méid sin, ní mór na méideanna lamháltas seo a leanas a asbhaint:

50 000 000 lamháltas a cuireadh ar ceant in 2020 le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht faoi Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE,

200 000 000 lamháltas a aistríodh ó Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh chuig an gCúlchiste le haghaidh Iontrálaithe Nua le haghaidh chéim 4 de CTA AE (2021-30) faoi Airteagal 10a(7) de Threoir 2003/87/CE.

Lamháltais a eisíodh le haghaidh ceantála ón 1 Eanáir 2013 (10) go dtí an 31 Nollaig 2022, agus lamháltais a úsáidtear chun críocha solúbthachta in 2021-22 faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2018/842 (11). De réir tuarascálacha ceantála ar an ardán ceantála agus ar na hardáin ábhartha um rogha an diúltaithe (12), ba é 7 073 594 500 méid na lamháltas a cuireadh ar ceant, lena n-áirítear “ceantanna luatha”.

Maidir leis an méid sin, ní mór 14 427 576 lamháltas a chur isteach faoi “sholúbthacht an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill” mar a leagtar amach in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2018/842 (13).

Lamháltais a asbhaineadh ó mhéideanna ceantála in 2014-16, agus lamháltais a asbhaineadh ó mhéideanna ceantála ó 2019 i leith i gcomhréir leis na Teachtaireachtaí maidir le líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht le blianta beaga anuas (14) Faoi Airteagal 1(2) de Chinneadh (AE) 2015/1814, asbhaineadh 900 000 000 lamháltas ó mhéideanna ceantála in 2014-16. I gcomhréir le Teachtaireachtaí 2018-2022 maidir le líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht, baineadh 1 464 416 332 lamháltas ó mhéideanna ceantála ó 2019 go 2022.

Lamháltais ar saothraíodh airgead astu le haghaidh chlár NER300. Shaothraigh an Banc Eorpach Infheistíochta airgead as 300 000 000 lamháltas san iomlán (15).

Creidmheasanna idirnáisiúnta a fheidhmítear i leith astaíochtaí go dtí an 31 Nollaig 2020 (16). D’úsáid suiteálacha 497 248 017 creidmheas idirnáisiúnta i ndáil lena n-astaíochtaí (17).

Éileamh

Cuimsítear san éileamh ar lamháltais ar mhargadh carbóin an Aontais na hastaíochtaí fíoraithe iomlána ó shuiteálacha ón 1 Eanáir 2013 (18) go dtí an 31 Nollaig 2022, is é sin 16 182 965 083 thona (19), agus 644 597 lamháltas a cuireadh ar ceal le linn na tréimhse sin faoi Airteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE.

Sealúchais Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh

Faoi Airteagal 1(2) de Chinneadh (AE) 2015/1814, 900 000 000 lamháltas a asbhaineadh ó mhéideanna ceantála in 2014-16, cuireadh iad sa Chúlchiste an 1 Eanáir 2019.

I gcomhréir leis na Teachtaireachtaí maidir le líon iomlán na lamháltas a bhí i gcúrsaíocht le blianta beaga anuas, cuireadh na méideanna seo a leanas lamháltas sa Chúlchiste:

1 095 875 607 lamháltas ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2021 (20),

252 603 587 lamháltas ón 1 Eanáir go dtí an 31 Lúnasa 2022 (21) , (22),

115 937 138 lamháltas ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Nollaig 2022 (23).

Faoi Airteagal 1(3) de Chinneadh (AE) 2015/1814, cuireadh 886 806 455 lamháltas nár leithdháileadh ó chéim 3 de CTA AE (2013-20) leis an gCúlchiste ag deireadh 2020.

Faoi Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE, laghdaíodh sealúchais an Chúlchiste faoi 50 000 000 lamháltas a cuireadh ar ceant in 2020 le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht.

Faoi Airteagal 10a(7) de Threoir 2003/87/CE, laghdaíodh sealúchais an Chúlchiste faoi 200 000 000 lamháltas a cuireadh sa Chúlchiste le haghaidh Iontrálaithe Nua in 2021 le haghaidh chéim 4 de CTA AE (2021-30).

Dá bhrí sin, an 31 Nollaig 2022, bhí 3 001 222 787 lamháltas i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh.

An 1 Eanáir 2023, tháinig 2 515 135 787 de na lamháltais sin chun bheith neamhbhailí faoi Airteagal 1(5a) de Chinneadh (AE) 2015/1814. Is é 486 087 000 lamháltas líon na sealúchas atá fágtha den Chúlchiste agus – méid na lamháltas a cuireadh ar ceant in 2022.

Líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht

Ar bhonn an mhéid thuas, is é 1 134 794 738 lamháltas líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht in 2022.

4.   CONCLÚID

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2015/1814, cuirfear 272 350 737 lamháltas san iomlán i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh thar thréimhse 12 mhí ón 1 Meán Fómhair 2023 go dtí an 31 Lúnasa 2024.

Nuair a fhoilseofar líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht an bhliain seo chugainn chun críocha Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh, cinnfear feidhmiú an Chúlchiste ó mhí Mheán Fómhair 2024 go dtí mí Lúnasa 2025.

ACHOIMRE

Soláthar

 

a)

Lamháltais arna dtaisceadh ó chéim 2 (2008-12)

1 749 540 826

b)

Lamháltais a leithdháiltear saor in aisce don tréimhse ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2022, lena n-áirítear ón gCúlchiste le haghaidh Iontrálaithe Nua

7 683 593 499

c)

Lamháltais nach leithdháiltear faoi Airteagail 10a(7), 10a(19) agus 10a(20) de Threoir 2003/87/CE i gcéim 3 (2013-20)

886 806 455

d)

Lamháltais a asbhaintear as c) agus a cuireadh ar ceant le haghaidh an Chiste Nuálaíochta

-50 000 000

e)

Lamháltais a asbhaineadh as c) agus a cuireadh san Chúlchiste le haghaidh Iontrálaithe Nua

- 200 000 000

f)

Lamháltais a cuireadh ar ceant ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2022, lena n-áirítear ceantanna luatha

7 073 594 500

g)

Lamháltais a úsáideadh chun críocha solúbthachta in 2021-22

14 427 576

h)

Lamháltais a asbhaineadh ó mhéideanna ceantála in 2014-16

900 000 000

i)

Lamháltais arna n-asbhaint ó mhéideanna ceantála in 2019-2022 i gcomhréir leis na Teachtaireachtaí maidir le líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht

1 464 416 332

j)

Lamháltais ar saothraíodh airgead astu le haghaidh chlár NER300

300 000 000

k)

Creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáidtear i leith astaíochtaí go dtí an 31 Nollaig 2020

497 248 017

Suim (soláthar)

20 319 627 205

 

 

Éileamh

 

(a)

Tonaí d’astaíochtaí fíoraithe ó shuiteálacha do-aistrithe faoi CTA AE ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2022

16 182 965 083

(b)

Lamháltais a cuireadh ar ceal faoi Airteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE go dtí an 31 Nollaig 2022

644 597

Suim (éileamh)

16 183 609 680

 

 

Sealúchais Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh

Lamháltais i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh an 31 Nollaig 2022

3 001 222 787

 

 

Líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht

1 134 794 738


Lamháltais a tháinig chun bheith neamhbhailí an 1 Eanáir 2023

2 515 135 787


(1)  Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhar 2015 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE (IO L 264, 9.10.2015, lch. 1).

(2)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(3)  C/2022/2780 - Teachtaireacht ón gCoimisiún - Foilsiú líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht in 2021 chun críocha Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais arna bhunú le Treoir 2003/87/CE agus líon na lamháltas neamh-leithdháilte le linn na tréimhse 2013-2020 2022/C 195/02 (IO C 195, 13.5.2022, lch. 2). Ceartúchán ar an Teachtaireacht — C(2022)4874.

(4)  Is é sin, ráta iontógála 2 % in aghaidh na míosa.

(5)  Faoi Airteagal 10(2), pointe b de Threoir 2003/87/CE.

(6)  Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755, agus Treoir 2003/87/CE (OJ L 63, 28.2.2023, lch. 1).

(7)  Lamháltais a eisíodh le linn chéim 2 de CTA AE (2008-12) agus nár tugadh suas chun astaíochtaí fíoraithe a chumhdach ná nár cuireadh ar ceal, rinneadh iad a “thaisceadh” lena n-úsáid ag tús chéim 3 de CTA AE (2013-20). Scriosadh na lamháltais sin agus ag an am céanna cruthaíodh an líon céanna lamháltas i gcéim 3. Dá bhrí sin, is éard atá sa líon sin líon beacht na lamháltas astaíochtaí atá i gcúrsaíocht ag tús chéim 3 de CTA AE.

(8)  COM (2015) 576 - Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le gníomhú ar son na haeráide, lena n-áirítear an tuarascáil ar fheidhmiú an mhargaidh carbóin Eorpaigh agus an tuarascáil ar an athbhreithniú ar Threoir 2009/31/CE maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin.

(9)  Ar bhonn sliocht as Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh an 1 Aibreán 2023.

(10)  Áirítear leis an bhfigiúr sin “ceantanna luatha” i.e., lamháltais atá bailí le haghaidh chéim 3 de CTA AE (2013-20), a cuireadh ar ceant roimh an 1 Eanáir 2013.

(11)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(12)  Tuarascálacha ceantála: Malartú Fuinnimh na hEorpa (EEX) agus Malartú Idir-ilchríochach (ICE).

(13)  Le Rialachán (AE) 2018/842, an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, cruthaítear solúbthacht aonuaire, lenar féidir suas le 100 milliún lamháltas CTA AE ar a mhéad a chur ar ceal go comhpháirteach in 2021-30 chun a spriocanna féin maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Is leis na Ballstáit sin a bhfuil na spriocanna i bhfad os cionn mheán an Aontais agus a n-acmhainneacht laghdúcháin chostéifeachtach araon í an tsolúbthacht sin, chomh maith le Ballstáit nár leithdháil aon lamháltas CTA AE saor in aisce do shuiteálacha tionsclaíocha in 2013. Déantar cealú ó mhéid ceantála an Bhallstáit lena mbaineann faoi Airteagal 10 de Threoir 2003/87/CE. Meastar lamháltais a cuireadh ar ceal mar lamháltais CTA AE atá i gcúrsaíocht agus líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht á chinneadh chun críocha Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh in aon bhliain ar leith.

(14)  Teachtaireacht ón gCoimisiún — Foilseacháin ar líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht chun críocha Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh arna bhunú le Treoir 2003/87/CE: C/2018/2801 an 16 Bealtaine 2018 (IO C 169, 16.5.2018, lch. 3), C/2019/3288 an 16 Bealtaine 2019 (IO C 167, 16.5.2019, lch. 5), C/2020/2835 an 13 Bealtaine 2020 (IO C 164, 13.5.2020, lch. 17), C/2021/3266 an 17 Bealtaine 2021 (IO C 187, 17.5.2021, lch. 3) agus C/2022/2780 an 13 Bealtaine 2022 (IO C 195, 13.5.2022, lch. 2).

(15)  An chéad tráthchuid de 200 milliún lamháltas — a díoladh in 2011 agus in 2012, agus an dara tráthchuid de 100 milliún lamháltas — a díoladh in 2013 agus in 2014.

(16)  Ní féidir creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid le haghaidh comhlíonta i gcéim 4 de CTA AE (2021-30).

(17)  Ar bhonn sliocht as Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh an 1 Aibreán 2023.

(18)  Maidir leis na hastaíochtaí fíoraithe sa tréimhse 2008-12 (céim 2), féach fonóta 8.

(19)  Tá iomlán na n-astaíochtaí fíoraithe bunaithe ar an sliocht sonraí ó Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh an 1 Aibreán 2023. Cuirtear san áireamh ann astaíochtaí fíoraithe a tuairiscíodh faoin 31 Márta 2023 — an spriocdháta tuairiscithe in CTA AE. Ní léirítear san iomlán astaíochtaí a thuairiscítear tar éis an dáta sin.

(20)  C/2018/2801, C/2019/3288, C/2020/2835, C/2021/3266 - mar a luadh cheana.

(21)  C/2021/3266 - mar a luadh cheana. Mar a tugadh i gcrích i bpointe 4 den Teachtaireacht seo, chuirfí 378 905 382 lamháltas i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh sa tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2021 go dtí an 31 Lúnasa 2022. Ba é 252 603 587 an méid a chomhfhreagraíonn don tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Lúnasa 2022.

(22)  C/2020/8643 - Fógra maidir le cainníocht lamháltas uile-Aontais le haghaidh 2021 agus Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

(23)  C/2022/2780 - mar a luadh cheana. Mar a tugadh i gcrích i bpointe 5 den Teachtaireacht seo, chuirfí 347 811 404 lamháltas i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh sa tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2023. Ba é 115 937 138 an méid a chomhfhreagraíonn don tréimhse ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Nollaig 2022.


Top