EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023XC0417(01)
Publication of a communication of approval of a standard amendment to the product specification for a name in the wine sector referred to in Article 17(2) and (3) of Commission Delegated Regulation (EU) 2019/33 2023/C 133/05
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún 2023/C 133/05

PUB/2023/141
IO C 133, 17.4.2023, p. 11–32
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
17.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 133/11 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2023/C 133/05)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL
“Kunság / Kunsági”
PDO-HU-A1332-AM04
Dáta teachtaireachta: 16.1.2023
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
1. Athrú ar chatagóirí na dtáirgí fíniúna
Scriosadh oighearfhíona ghil agus dheirg
Ceannteidil sonraíochta táirge a ndéantar difear dóibh: II. TUAIRISC AR NA FÍONTA, III CLEACHTAIS FÍONEOLAÍOCHTA SHONRACHA, V. UASTÁIRGEACHTAÍ, VII. NASC LEIS AN LIMISTÉAR GEOGRAFACH
Ceannteidil doiciméid aonair a ndéantar difear dóibh: Tuairisc ar an bhfíon (ar na fíonta), Cleachtais fíonóireachta, Rialacha lena rialaítear saothrú fíniúna – Uainiú agus modh na buainte agus cáilíocht na bhfíonchaor, Íosmhéid siúcra nádúrtha agus neart alcóil féideartha íosta na bhfíonchaor, Uastáirgeachtaí, Tuairisc ar an nasc (na naisc)
Leis an athrú aeráide, is tapúla é próiseas aibíochta na bhfíonchaor agus bogadh an bhuaint go dáta níos luaithe dá bharr. Ní áirithíonn fuarú an gheimhridh a thuilleadh go mbuantar fíonchaora atá oiriúnach do tháirgeacht oighearfhíona sa réigiún i bhformhór blianta. Níl saintréithe sonracha an limistéir táirgthe ag na táirgí is féidir a tháirgeadh faoi dhálaí speisialta.
2. Athrú ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta geala, dearga agus rosé
Ceannteidil sonraíochta táirge a ndéantar difear dóibh: II. TUAIRISC AR NA FÍONTA, VII. NASC LEIS AN LIMISTÉAR GEOGRAFACH
Ceannteidil doiciméid aonair a ndéantar difear dóibh: Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta, Tuairisc ar an nasc(na naisc)
Athraíodh saintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta de thoradh aistriú cineálacha le linn saothrú fíniúna, feabhsúcháin ar nósanna imeachta fítiteicniúla agus úsáid teicnící fíonóireachta nua-aimseartha.
3. Athrú ar chleachtais fíoneolaíochta le haghaidh fíon buainte roghnaithe
Ceannteidil sonraíochta táirge a ndéantar difear dóibh: III. CLEACHTAIS FÍONEOLAÍOCHTA SHONRACHA
Ceannteidil doiciméid aonair a ndéantar difear dóibh: -
Rialaíodh an modh buainte roghnaithe chun léirmhíniú aonfhoirmeach a áirithiú.
Is riail riaracháin é an ceanglas maidir leis an dáta margaíochta is luaithe agus scriosadh é chun cúrsaí proifisiúnta a fhorfheidhmiú.
4. Na cineálacha Generosa, Szürkebarát agus Pinot Noir a chur leis na cineálacha is féidir a úsáid chun fíon leathshúilíneach aeraithe a tháirgeadh
Ceannteidil sonraíochta táirge a ndéantar difear dóibh: VI. CINEÁLACHA FÍONCHAOIRE ÚDARAITHE
Ceannteidil doiciméid aonair a ndéantar difear dóibh: Príomhchineál fíniúna (príomhchineálacha fíniúna)
Údaraítear leis an sonraíocht táirge Kunság an cineál fíonchaoire Generosa a úsáid chun fíonta geala cineáil agus cuvée a tháirgeadh. Déantar oiriúnach é mar gheall ar shaintréithe orgánaileipteacha agus pharaiméadair anailíseacha an chineáil chun fíon leathshúilíneach a tháirgeadh, bíodh sé measctha nó ná bíodh.
Údaraítear leis an sonraíocht táirge Kunság an cineál fíonchaoire Szürkebarát a úsáid chun fíonta geala cineáil agus cuvée a tháirgeadh. Déantar oiriúnach é mar gheall ar shaintréithe orgánaileipteacha agus pharaiméadair anailíseacha an chineáil chun fíon leathshúilíneach a tháirgeadh, bíodh sé measctha nó ná bíodh.
Údaraítear leis an sonraíocht táirge Kunság an cineál fíonchaoire Pinot Noir a úsáid chun fíonta a tháirgeadh. Déantar oiriúnach é mar gheall ar shaintréithe orgánaileipteacha agus pharaiméadair anailíseacha an chineáil chun fíon leathshúilíneach a tháirgeadh, bíodh sé measctha nó ná bíodh.
5. Údarú Treoraithe Guyot
Ceannteidil sonraíochta táirge a ndéantar difear dóibh: III. B. RIALACHA MAIDIR LE TÁIRGEACHT FÍONCHAOR
Ceannteidil doiciméid aonair a ndéantar difear dóibh: Rialacha lena rialaítear saothrú fíniúna
Chun táirgeacht fíonchaor ardchaighdeáin a áirithiú, i dteannta treorú fíniúnacha déine, tugtar údar cuí le húsáid modhanna saothraithe traidisiúnta agus srianta bairr chomh maith.
6. Athrú ar liosta na gcineálacha faoin téarma srianta “Muskotály”
Ceannteidil sonraíochta táirge a ndéantar difear dóibh: VIII. COINNÍOLLACHA BREISE
Ceannteidil an doiciméid aonair a ndéantar difear dóibh: -
Cuirtear an cineál Generosa ar fud limistéar suntasach an réigiúin fíona Kunság le 10 mbliana anuas. Léiríodh i dtaighde ar luachanna an chineáil sin go bhfuil tréith an fhíona a dhéantar as fíonchaora Generosa an-difriúil leis tréith chineál Muskotály, de réir meastóireachtaí orgánaileipteacha agus tástálacha anailíseacha.
7. Sonrú ar fhíonta rosé
Ceannteidil sonraíochta táirge a ndéantar difear dóibh: VIII. COINNÍOLLACHA BREISE
Ceannteidil an doiciméid aonair a ndéantar difear dóibh: -
Úsáideann na fionlanna a oibríonn i réigiún fíona Kunságna téarmaí “rose”, “rosé” agus “rozé” go cothrom i lipéadú na bhfíonta rosé.
8. Meastóireacht orgánaileipteach na bhfíonta
Ceannteidil sonraíochta táirge a ndéantar difear dóibh: VIII. COINNÍOLLACHA BREISE
Ceannteidil an doiciméid aonair a ndéantar difear dóibh: -
Cuidíonn an meastóireacht orgánaileipteach ar cháilíocht fíonta Kunság – a dhéanann gairmithe sa réigiún fíona roimh mhargaíocht – le feabhas a chur ar cháilíocht na bhfíonta go leanúnach agus le hoibriú éifeachtúil mhargaíocht fíona an Phobail sa réigiún fíona a áirithiú.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Kunság / Kunsági
2. An cineál táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
1. |
Fíon |
4. |
Fíon súilíneach |
9. |
Fíonta leathshúilíneacha aeraithe |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
1. Fíon – Cineál rosé agus cuvée
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Tá dath bándearg éadrom, bándearg, corcairghorm, sú talún nó dath an bradáin ar na fíonta; tá aigéadacht éadrom, ghléineach acu, spíosraitheacht agus/nó blas agus boladh de thorthaí úra orthu. Is fíonta comhchuí, cineál-réaduchtacha iad sin ag a bhfuil tréith chothrom agus, ó am go chéile, cion dé-ocsaíde carbóin iarmharaí. Féadann siad a bheith tirim nó leath-thirim, ag brath ar a méid siúcra.
* |
Bíonn feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an neart alcóil iomlán uasta agus an t-uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
9 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
3,5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,33 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Fíon – Cineál agus cuvée Siller
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Tá boladh agus blas ar na fíonta cineáil a bhaineann go sonrach leis an cineál a úsáidtear; tá boladh agus blas ar na fíonta cumaiscthe a léiríonn cion coibhneasta na gcineálacha a úsáidtear. Tá aigéid chruinne, cion tainnine measartha, agus tathag ag na fíonta. Ag brath ar an méid siúcra féadann siad a bheith tirim, leath-thirim, leathmhilis nó milis.
* |
Tá feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an neart alcóil iomlán uasta agus maidir leis an uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
9 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
3,5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
20 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
3. Fíon – Cineál agus cuvée geal
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Tá dath glasbhán, glasbhuí nó buí éadrom ar na fíonta geala. Tá boladh agus blas úr, bláthach, spíosrach ar na fíonta cineáil a bhaineann go sonrach leis an gcineál a úsáidtear, a d’fhéadfadh a bheith comhlánaithe le blasanna atá cosúil le torthaí trópaiceacha. Tá boladh agus blas casta ar na fíonta cuvée a thagann as na cineálacha cumaiscthe. Is fíonta comhchuí de chineál réaduchtach iad sin ag a bhfuil tréith chothrom agus, ó am go chéile, cion dé-ocsaíde carbóin iarmharaí. Tá siad tirim nó leath-thirim, ag brath ar a méid siúcra.
* |
Bíonn feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an neart alcóil iomlán uasta agus an t-uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
9 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
3,5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
16,67 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
4. Fíon – Cineál agus cuvée dearg
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Tá dath an rúibín nó dath an rúibín níos láidre ar na fíonta dearga Primőr [Príomha]; tá boladh torthaíoch go dian agus spíosrach agus blas óigeanta orthu, agus cion tainnine measartha, aigéadacht dheas agus neart alcóil deas. Is fíonta casta iad na fíonta dearga aosaithe ar a bhfuil dath an rúibín nó dúdhearg orthu, dea-bholaithe aosaithe, agus blas síodúil, veilbhitiúil. Tá siad tirim nó leath-thirim, ag brath ar a méid siúcra.
* |
Bíonn feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an neart alcóil iomlán uasta agus an t-uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
9 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
3,5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
20 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Fíon – Cineál nó cuvée geal buainte go déanach
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Tá dath an óir ar na fíonta; tá boladh casta orthu agus uigeacht láidir, olúil acu, mar aon le blasanna an aosaithe i mbairillí adhmaid nó i mbuidéil. Tá aigéadacht dheas agus neart alcóil deas acu, agus is minic a bhíonn méid siúcra iarmharaigh acu.
* |
Tá feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an neart alcóil iomlán uasta agus maidir leis an uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
9 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
3,5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
33,33 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
6. Fíon – Cineál nó cuvée dearg buainte go déanach
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Tá dath an rúibín nó dath dúdhearg ar na fíonta; tá boladh casta orthu agus uigeacht láidir, olúil acu mar aon le blasanna an aosaithe i mbairillí adhmaid nó i mbuidéil. Tá aigéadacht dheas agus neart alcóil deas acu, agus is minic a bhíonn méid siúcra iarmharaigh acu.
* |
Tá feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an neart alcóil iomlán uasta agus maidir leis an uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
9 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
3,5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
33,33 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
7. Fíon – Cineál nó cuvée geal buainte roghnaí
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Tá dath glasbhuí ar na fíonta; tá boladh agus blas orthu a bhaineann go sonrach leis an gcineál fíonchaoire a úsáidtear; tá aigéadacht ghléineach, tathag measartha agus tréith alcóil acu. Féadann na fíonta a bheith tirim, leath-thirim, leathmhilis nó milis.
* |
Tá feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an neart alcóil iomlán uasta agus maidir leis an uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
9 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
3,5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,33 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
8. Fíon – Cineál nó cuvée rosé buainte roghnaí
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Tá dath bándearg éadrom, bándearg go corcairghorm éadrom orthu; tá aigéadacht fhíneálta, bhog acu agus boladh rí-thorthaíoch orthu. Ag brath ar an méid siúcra féadann siad a bheith tirim, leath-thirim, leathmhilis nó milis.
* |
Bíonn feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an neart alcóil iomlán uasta agus an t-uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
9 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
3,5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,33 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
9. Fíon – Cineál nó cuvée dearg buainte roghnaí
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Tá dath an rúibín nó dúdhearg ar na fíonta; tá boladh torthaíoch agus ó am go chéile spíosrach orthu, tathag measartha, tréith bhog mar aon le blasanna an aosaithe i mbairillí adhmaid nó i mbuidéil, agus cion tainnine measartha acu. Ag brath ar an méid siúcra féadann siad a bheith tirim, leath-thirim, leathmhilis nó milis.
* |
Bíonn feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an neart alcóil iomlán uasta agus an t-uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
9 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
3,5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
20 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
10. Fíon – Cineál nó cuvée geal a dhéantar as fíonchaora rísínithe
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Tá dath an óir ar na fíonta; tá boladh casta orthu, agus tá cion siúcra nádúrtha ard agus uigeacht láidir, olúil acu; tá an blas agus an dea-bholadh casta lena bhfuil blasanna de mhill, torthaí aibí nó triomaithe, agus i gcásanna áirithe múscán liath; bíonn siad leathmhilis nó milis de ghnáth.
* |
Bíonn feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an neart alcóil iomlán uasta agus an t-uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
9 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
3,5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
33,33 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
11. Fíon – Cineál nó cuvée dearg a dhéantar as fíonchaora rísínithe
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Tá dath an rúibín dhorcha nó dúdhearg ar na fíonta. Fíonta dearga láidre, tathagach, tá boladh lena mbaineann dea-bholaithe de thorthaí aibí nó triomaithe agus/nó spíosraí orthu, agus blas tipiciúil an aosaithe i mbairillí adhmaid nó i mbuidéil. Tá cion tainnine measartha acu agus bíonn méid siúcra iarmharaigh acu go minic.
* |
Bíonn feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an neart alcóil iomlán uasta agus an t-uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
9 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
3,5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
33,33 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
12. Fíon súilíneach – Geal
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Tá dath ar na fíonta súilíneacha a léirítear lena gcineál; tá a gcumhracht agus a mblas neodrach nó bainte go sonrach leis an gcineál fíonchaoire a úsáidtear; tá aigéadacht armónach acu agus tá siad éadrom agus aerach, agus súilíní leanúnacha leo.
* |
Tá feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an neart alcóil iomlán uasta agus maidir leis an uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
9 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,33 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
13. Fíon súilíneach – Rosé

14. Fíon súilíneach – Dearg

15. Fíon leathshúilíneach aeraithe – Geal
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Tá dath idir glasbhuí éadrom agus buí tuí éadrom ar na fíonta leathshúilíneacha; tá neart alcóil measartha íseal agus aigéadacht theann acu agus tá siad súilíneach go héadrom. Féadann siad a bheith tirim, leathmhilis nó milis. Is fíonta bríomhara, úra iad sin ar a bhfuil boladh agus blas d’fhíonchaora úra.
* |
Tá feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an neart alcóil iomlán uasta agus maidir leis an uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
7 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,33 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
16. Fíon leathshúilíneach aeraithe – Rosé
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Tá dath idir bándearg éadrom agus bándearg ar na fíonta leathshúilíneacha; tá neart alcóil measartha íseal agus aigéadacht theann acu agus tá siad súilíneach go héadrom. Féadann siad a bheith tirim, leathmhilis nó milis. Is fíonta bríomhara, úra iad sin ar a bhfuil boladh agus blas d’fhíonchaora úra.
* |
Tá feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an neart alcóil iomlán uasta agus maidir leis an uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
7 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,33 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
17. Fíon leathshúilíneach aeraithe – Dearg
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Tá dath corcairghorm éadrom ar na fíonta leathshúilíneacha; tá neart alcóil measartha íseal agus aigéadacht theann acu agus tá siad súilíneach go héadrom. Féadann siad a bheith tirim, leathmhilis nó milis. Is fíonta bríomhara, úra iad sin ar a bhfuil boladh agus blas d’fhíonchaora úra.
* |
Tá feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an neart alcóil iomlán uasta agus maidir leis an uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair. |
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
7 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
5 g/l arna léiriú mar aigéad tartarach |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
13,33 |
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
1. Cleachtais fíoneolaíochta éigeantacha – Fíon (1)
Cleachtas sonrach fíoneolaíochta
Fíonta geala cineáil agus cuvée, fíonta rosé cineáil agus cuvée:
— |
ní mór na fíonchaora a phróiseáil ar an lá a buanadh iad; |
— |
ní féidir brú a dhéanamh ach amháin i gcantaoirí baisce; |
— |
ní mór an t-úrfhíon a íonú; |
Fíonta Siller cineáil agus cuvée, fíonta dearga cineáil agus cuvée:
— |
ní mór laíon na bhfíonchaor a choipeadh ar na craicinn; |
— |
ní féidir brú a dhéanamh ach amháin i gcantaoirí baisce; |
Fíonta geala cineáil nó cuvée buainte go déanach:
— |
ní mór na fíonchaora a phróiseáil ar an lá a buanadh iad; |
— |
ní féidir brú a dhéanamh ach amháin i gcantaoirí baisce; |
— |
ní mór an t-úrfhíon a íonú; |
— |
d’fhéadfaí an fíon a chur i mbuidéil an 1 Márta den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a luaithe; |
— |
is gá go dtugtar chun cineáil i mbuidéil ar feadh 3 mhí iad sula gcuirtear ar an margadh iad; |
Fíonta dearga cineáil nó cuvée buainte go déanach:
— |
ní mór laíon na bhfíonchaor a choipeadh ar na craicinn; |
— |
ní féidir brú a dhéanamh ach amháin i gcantaoirí baisce; |
— |
d’fhéadfaí an fíon a chur i mbuidéil an 1 Márta den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a luaithe; |
— |
is gá go dtugtar chun cineáil i mbuidéil ar feadh 3 mhí iad sula gcuirtear ar an margadh iad; |
Fíonta geala, rosé agus dearga cineáil nó cuvée buainte roghnaí:
— |
buantar na fíonchaora aibí go teicniúil trí shórtáil, agus ní fhéadfadh ach triopaill atá slán, folláin agus aibí go cuí a bhuaint. I gcás buaint mheicniúil, triopaill nach bhfuil aibí go cuí nó atá lochtach, tinn nó damáistithe, baintear de láimh roimh buaint iad. |
— |
ní mór na fíonchaora a phróiseáil ar an lá a buanadh iad; |
— |
ní féidir brú a dhéanamh ach amháin i gcantaoirí baisce; |
— |
ní mór an t-úrfhíon a íonú, ach amháin i gcás fíonta dearga cineáil agus cuvée; |
— |
ní mór laíon na bhfíonchaor a choipeadh ar na craicinn i gcás fíonta dearga cineáil agus cuvée; |
2. Cleachtais fíoneolaíochta éigeantacha – Fíon (2)
Cleachtas sonrach fíoneolaíochta
Fíonta geala cineáil nó cuvée a dhéantar as fíonchaora rísínithe:
— |
ní mór na fíonchaora a phróiseáil ar an lá a buanadh iad; |
— |
ní féidir brú a dhéanamh ach amháin i gcantaoirí baisce; |
— |
ní mór an t-úrfhíon a íonú; |
— |
d’fhéadfaí an fíon a chur i mbuidéil an 1 Márta den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a luaithe; |
— |
is gá go dtugtar chun cineáil i mbuidéil ar feadh 3 mhí iad sula gcuirtear ar an margadh iad; |
Fíonta dearga cineáil nó cuvée a dhéantar as fíonchaora rísínithe:
— |
ní mór laíon na bhfíonchaor a choipeadh ar na craicinn; |
— |
ní féidir brú a dhéanamh ach amháin i gcantaoirí baisce; |
— |
d’fhéadfaí an fíon a chur i mbuidéil an 1 Márta den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a luaithe; |
— |
is gá go dtugtar chun cineáil i mbuidéil ar feadh 3 mhí iad sula gcuirtear ar an margadh iad; |
3. Cleachtais fíoneolaíochta nach gceadaítear – Fíon
Cleachtas sonrach fíoneolaíochta
Fíonta geala cineáil nó cuvée buainte go déanach, Fíonta dearga cineáil nó cuvée buainte go déanach, Fíonta geala cineáil nó cuvée buainte roghnaí, Fíonta rosé cineáil nó cuvée buainte roghnaí, Fíonta dearga cineáil nó cuvée buainte roghnaí, Fíonta geala cineáil nó cuvée a dhéantar as fíonchaora rísínithe, Fíonta dearga cineáil nó cuvée a dhéantar as fíonchaora rísínithe
— |
saibhriú an úrfhíona; |
— |
milsiú an fhíona; |
4. Rialacha lena rialaítear saothrú fíniúna – Modh saothraithe agus dlús plandaithe
Cleachtas saothraithe
Maidir le fíonghoirt a cuireadh roimh 31 Nollaig 2011, is féidir fíonta ar a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Kunság / Kunsági” a tháirgeadh as fíonchaora de thionscnamh an fhíonghoirt, fad is go bhfanann an fíonghort i bhfeidhm, gan beann ar an modh treoraithe nó dlús plandaithe an fhíonghoirt.
Maidir le fíonghoirt a bunaíodh tar éis 31 Nollaig 2011, ní féidir táirgí ar a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Kunság / Kunsági” a tháirgeadh ach amháin as fíonchaora de thionscnamh fíonghoirt a cuireadh agus na modhanna treoraithe seo a leanas á n-úsáid:
— |
Ceanntraenáil; |
— |
Scáth-threorú; |
— |
Treorú Guyot; |
— |
Treorú Moser; |
— |
Treorú cuirtín aonair; |
— |
Treorú Sylvoz; |
Maidir le fíonghoirt a bunaíodh tar éis 1 Eanáir 2012, ní mór don dlús plandaithe a bheith 3 300 fíniúin in aghaidh an heicteáir ar a laghad. Agus an t-achar idir rónna agus idir fíniúnacha á chinneadh, seachas spásáil ró agus fíniúna chothrom, tá sé inghlactha rónna dúbailte agus/nó fíniúnacha dúbailte a chur. Ní mór don achar idir rónna a bheith 1,00 m ar a laghad agus nach mó ná 3,60 m, ach ní mór don achar idir fíniúnacha a bheith 0,60 m ar a laghad agus nach mó ná 1,20 m. I gcás fíniúnacha dúbailte, is é an meánachar idir fíniúnacha é an fachtóir cinntitheach.
Agus ualach na fíniúna á chinneadh, ní mór do líon na mbachlóg éadrom beo ar gach fíniúin gan a bheith níos mó ná 16 in aghaidh m2, gan beann ar an modh saothraithe. Ní mór an barr deiridh is gá chun spriocanna táirgthe a chomhlíonadh a chinneadh trí rialú triopaill mar is gá le linn tréimhse an fhásra.
Maidir le táirgeadh táirgí fíona a lipéadaítear le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Kunság / Kunsági”, ní féidir ach fíonchaora de thionscnamh fíonghoirt ag a bhfuil cóimheas ganntanais fíniúna faoi 10 % a úsáid.
5. Rialacha lena rialaítear saothrú fíniúna – Uainiú agus modh saothraithe agus cáilíocht na bhfíonchaor
Cleachtas saothraithe
Socraíonn comhairle inniúil an phobail fíona an dáta ar a thosaítear an bhuaint gach bliain agus cinntear é ar bhonn buainte tástála a dhéantar gach seachtain ón 1 Lúnasa gach bliain.
Ní féidir deimhniú a sholáthar do tháirge a dhéantar as fíonchaora buainte roimh an dáta tosaigh a shainmhíníonn an pobal fíona i gcatagóir faoin sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Kunság / Kunsági” agus ní féidir é a chur ar an margadh le tásc an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Kunság / Kunsági”. Fógraítear dáta na buainte i bhfoirm fógra ag na pobail fíona.
Le haghaidh tháirgeadh na dtáirgí fíona, ba cheart an t-íosmhéid siúcra agus neart alcóil féideartha na bhfíonchaor a chur i bhfeidhm de réir an tábla seo a leanas, i gcomhréir le reachtaíocht na hUngáire agus an Aontais Eorpaigh atá i bhfeidhm faoi láthair.
Le linn na buainte ceadaítear modhanna buainte de láimh agus meicniúla araon de ghnáth, ach ní féidir na cineálacha a leanas a tháirgeadh ach as fíonchaora a bhuantar de láimh:
— |
fíon buainte go déanach; |
— |
Fíon a dhéantar as fíonchaora rísínithe; |
6. Íosmhéid siúcra nádúrtha agus neart alcóil féideartha íosta na bhfíonchaor
Cleachtas saothraithe
Cineál fíona / Catagóir Íosmhéid siúcra nádúrtha na bhfíonchaor i ngrád úrfhíon na hUngáire (Magyar mustfok – [MM ], ag 17,5 °C)
Fíonta – Cineál agus cuvée geal, Cineál agus cuvée rosé, Cineál agus cuvée Siller, Cineál agus cuvée dearg: |
14,82 |
Fíon – Geal agus dearg buainte go déanach: |
19,00 |
Fíon – Geal, rosé agus dearg buainte roghnaí: |
19,00 |
Fíon – Geal agus dearg a dhéantar as fíonchaora rísínithe: |
20,00 |
Fíon súilíneach: |
14,82 |
Fíon leathshúilíneach aeraithe: |
14,82 |
Neart alcóil féideartha íosta na bhfíonchaor ([%toirte], ag 20 °C)
Fíonta – Cineál agus cuvée geal, Cineál agus cuvée rosé, Cineál agus cuvée Siller, Cineál agus cuvée dearg: |
9,0 |
Fíon – Geal agus dearg buainte go déanach: |
12,08 |
Fíon – Geal, rosé agus dearg buainte roghnaí: |
12,08 |
Fíon – Geal agus dearg a dhéantar as fíonchaora rísínithe: |
12,83 |
Fíon súilíneach: |
9,0 |
Fíon leathshúilíneach aeraithe: |
9,0 |
5.2. Uastáirgeacht
1. |
Fíonta geala cineáil agus cuvée, Fíonta rosé cineáil agus cuvée, Fíonta Siller cineáil agus cuvée, Fíonta dearga cineáil agus cuvée, Fíonta súilíneacha,
100 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
2. |
Fíonta geala cineáil agus cuvée, Fíonta rosé cineáil agus cuvée, Fíonta Siller cineáil agus cuvée, Fíonta dearga cineáil agus cuvée, Fíonta súilíneacha,
14 300 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
3. |
Fíonta leathshúilíneacha aeraithe
100 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
4. |
Fíonta leathshúilíneacha aeraithe
14 300 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
5. |
Fíonta geala agus dearga cineáil nó cuvée buainte go déanach
70 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. |
Fíonta geala agus dearga cineáil nó cuvée buainte go déanach
10 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
7. |
Fíonta geala, rosé agus dearga cineáil nó cuvée buainte roghnaí
70 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
8. |
Fíonta geala, rosé agus dearga cineáil nó cuvée buainte roghnaí
10 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
9. |
Fíonta geala agus dearga cineáil nó cuvée a dhéantar as fíonchaora rísínithe
42 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
10. |
Fíonta geala agus dearga cineáil nó cuvée a dhéantar as fíonchaora rísínithe
6 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Limistéir na mbardas a leanas a aicmítear in Aicme I agus Aicme II de réir chadastar an fhíonghoirt: Abony, Akasztó, Albertirsa, Apostag, Ágasegyháza, Ballószög, Balotaszállás, Bácsalmás, Bácsszőlős, Bénye, Bócsa, Bugac, Cegléd, Ceglédbercel, Cibakháza, Csemő, Csengőd, Cserkeszőlő, Csépa, Csikéria, Csólyospálos, Dány, Dunapataj, Dunavecse, Dömsöd, Felsőlajos, Fülöpháza, Fülöpjakab, Fülöpszállás, Harta, Gomba, Harkakötöny, Helvécia, Hernád, Imrehegy, Inárcs, Izsák, Jakabszállás, Jánoshalma, Jászberény, Jászszentandrás, Jászszentlászló, Kakucs, Kaskantyú, Kecel, Kecskemét, Kelebia, Kerekegyháza, Kéleshalom, Kiskőrös, Kiskunfélegyháza, Kiskunhalas, Kiskunmajsa, Kisszállás, Kocsér, Kóka, Kömpöc, Kunbaja, Kunbaracs, Kunfehértó, Kunszállás, Kunszentmiklós, Ladánybene, Lajosmizse, Lakitelek, Mélykút, Monor, Monorierdő, Móricgát, Nagykáta, Nagykőrös, Nagyrév, Nyárlőrinc, Nyársapát, Ócsa, Orgovány, Örkény, Páhi, Pálmonostora, Petőfiszállás, Pilis, Pirtó, Ráckeve, Solt, Soltszentimre, Soltvadkert, Szabadszállás, Szank, Szelevény, Szentkirály, Szigetcsép, Szigetszentmárton, Szigetújfalu, Tabdi, Tápiószentmárton, Tápiószele, Tázlár, Tiszaalpár, Tiszajenő, Tiszaföldvár, Tiszainoka, Tiszakécske, Tiszakürt, Tiszasas, Tiszaug, Tompa, Tóalmás, Tököl, Újlengyel, Újszilvás agus Zsana
7. Cineál fíonchaoire (cineálacha fíonchaoire)
|
arany sárfehér – fehér dinka |
|
arany sárfehér –- huszár szőlő |
|
arany sárfehér – izsáki |
|
arany sárfehér – izsáki sárfehér |
|
arany sárfehér – német dinka |
|
blauburger |
|
bíbor kadarka |
|
cabernet franc – cabernet |
|
cabernet franc – carbonet |
|
cabernet franc – carmenet |
|
cabernet franc – gros cabernet |
|
cabernet franc – gros vidur |
|
cabernet franc – kaberne fran |
|
cabernet sauvignon |
|
chardonnay – chardonnay blanc |
|
chardonnay – kereklevelű |
|
chardonnay – morillon blanc |
|
chardonnay – ronci bilé |
|
chasselas – chasselas blanc |
|
chasselas – chasselas dorato |
|
chasselas – chasselas doré |
|
chasselas – chrupka belia |
|
chasselas – fehér fábiánszőlő |
|
chasselas – fehér gyöngyszőlő |
|
chasselas – fendant blanc |
|
chasselas – saszla belaja |
|
chasselas – weisser gutedel |
|
cserszegi fűszeres |
|
ezerfürtű |
|
ezerjó – kolmreifler |
|
ezerjó – korponai |
|
ezerjó – szadocsina |
|
ezerjó – tausendachtgute |
|
ezerjó – tausendgute |
|
ezerjó – trummertraube |
|
furmint – furmint bianco |
|
furmint – moslavac bijeli |
|
furmint – mosler |
|
furmint – posipel |
|
furmint – som |
|
furmint – szigeti |
|
furmint – zapfner |
|
generosa |
|
gyöngyrizling |
|
hamburgi muskotály – miszket hamburgszki |
|
hamburgi muskotály – moscato d’Amburgo |
|
hamburgi muskotály – muscat de hambourg |
|
hamburgi muskotály – muscat de hamburg |
|
hamburgi muskotály – muszkat gamburgszkij |
|
hárslevelű – feuilles de tilleul |
|
hárslevelű – garszleveljü |
|
hárslevelű – lindeblättrige |
|
hárslevelű – lipovina |
|
irsai olivér – irsai |
|
irsai olivér – muskat olivér |
|
irsai olivér – zolotis |
|
irsai olivér – zolotisztüj rannüj |
|
jubileum 75 |
|
kadarka – csetereska |
|
kadarka – fekete budai |
|
kadarka – gamza |
|
kadarka – jenei fekete |
|
kadarka – kadar |
|
kadarka – kadarka negra |
|
kadarka – negru moale |
|
kadarka – szkadarka |
|
kadarka – törökszőlő |
|
karát |
|
királyleányka – dánosi leányka |
|
királyleányka – erdei sárga |
|
királyleányka – feteasca regale |
|
királyleányka – galbena de ardeal |
|
királyleányka – königliche mädchentraube |
|
királyleányka – königstochter |
|
királyleányka – banphrionsa beag |
|
kármin |
|
kékfrankos – blauer lemberger |
|
kékfrankos – blaufränkisch |
|
kékfrankos – limberger |
|
kékfrankos – moravka |
|
kéknyelű – blaustängler |
|
kékoportó – blauer portugieser |
|
kékoportó – modry portugal |
|
kékoportó – portugais bleu |
|
kékoportó – portugalske modré |
|
kékoportó – portugizer |
|
kövidinka – a dinka crvena |
|
kövidinka – a dinka mala |
|
kövidinka – a dinka rossa |
|
kövidinka – a kamena dinka |
|
kövidinka – a ruzsica |
|
kövidinka – steinschiller |
|
leányka – dievcenske hrozno |
|
leányka – feteasca alba |
|
leányka – leányszőlő |
|
leányka – mädchentraube |
|
merlot |
|
mátrai muskotály |
|
nektár |
|
olasz rizling – grasevina |
|
olasz rizling – nemes rizling |
|
olasz rizling – olaszriesling |
|
olasz rizling – riesling italien |
|
olasz rizling – risling vlassky |
|
olasz rizling – taljanska grasevina |
|
olasz rizling – welschriesling |
|
ottonel muskotály – miszket otonel |
|
ottonel muskotály – muscat ottonel |
|
ottonel muskotály – muskat ottonel |
|
pinot blanc – fehér burgundi |
|
pinot blanc – pinot beluj |
|
pinot blanc – pinot bianco |
|
pinot blanc – weissburgunder |
|
pinot noir – blauer burgunder |
|
pinot noir – kisburgundi kék |
|
pinot noir – kék burgundi |
|
pinot noir – kék rulandi |
|
pinot noir – pignula |
|
pinot noir – pino csernüj |
|
pinot noir – pinot cernii |
|
pinot noir – pinot nero |
|
pinot noir – pinot tinto |
|
pinot noir – rulandski modre |
|
pinot noir – savagnin noir |
|
pinot noir – spätburgunder |
|
pozsonyi fehér – czétényi |
|
pozsonyi fehér – czétényi fehér |
|
rajnai rizling – johannisberger |
|
rajnai rizling – rheinriesling |
|
rajnai rizling – rhine riesling |
|
rajnai rizling – riesling |
|
rajnai rizling – riesling blanc |
|
rajnai rizling – weisser riesling |
|
rizlingszilváni – müller thurgau |
|
rizlingszilváni – müller thurgau bijeli |
|
rizlingszilváni – müller thurgau blanc |
|
rizlingszilváni – rivaner |
|
rizlingszilváni – rizvanac |
|
sauvignon – sauvignon bianco |
|
sauvignon – sauvignon bijeli |
|
sauvignon – sauvignon blanc |
|
sauvignon – sovinjon |
|
szürkebarát – auvergans gris |
|
szürkebarát – grauburgunder |
|
szürkebarát – graumönch |
|
szürkebarát – pinot grigio |
|
szürkebarát – pinot gris |
|
szürkebarát – ruländer |
|
tramini – gewürtztraminer |
|
tramini – roter traminer |
|
tramini – savagnin rose |
|
tramini – tramin cervené |
|
tramini – traminer |
|
tramini – traminer rosso |
|
zengő |
|
zenit |
|
zweigelt – blauer zweigeltrebe |
|
zweigelt – rotburger |
|
zweigelt – zweigeltrebe |
|
zöld veltelíni – grüner muskateller |
|
zöld veltelíni – grüner veltliner |
|
zöld veltelíni – veltlinské zelené |
|
zöld veltelíni – zöldveltelíni |
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
8.1. Le haghaidh gach catagóir – Tuairisc ar an limistéar críochaithe
(a) Tosca nádúrtha agus cultúrtha
Tá an limistéar atá críochaithe le haghaidh táirgthe suite i gcuid lárnach na hUngáire. Tá sé laistigh de limistéar Mhachaire na hUngáire arb iad na hAibhneacha Danóibe agus Tisza a theorainneacha, ar a dtugtar Idirdhroim na Danóibe-Tisza, agus sa réigiún Tiszazug. Tá Oileán Csepel san iarthuaisceart. Sa tuaisceart, tá sé ceangailte le limistéir táirgthe éagsúla na gCnoc Gödöllő.
Cinntíonn a shuíomh machaire ísealchríoch gnéithe comhshaoil an limistéir táirgthe go príomha. Tá an limistéar níos lú ná 150 m faoi leibhéal na mara. Tá an tír-raon cothrom, nach bhfuil difríochtaí airde níos mó ná 10-20 m ann.
Tá ithreacha cailcreacha gainmheacha (húmas agus gaineamh súraic) ag formhór limistéir táirgthe an réigiún fíona Kunság, chomh maith le hithir dhonn fhoraoise, seornaiseom, inse agus ithreacha móinéir gláracha. Go hiondúil, téann ithir ghainmheach go gasta, frithchaitheann a dath éadrom solas na gréine níos fearr (a chuidíonn le haibíocht na bhfíonchaor) agus tá sí imdhíonach ar phylloxera de thoradh a cion grianchloiche, ar mó é ná 75 %. Ar an taobh eile, tá a hinniúlacht cothaithigh a sholáthar nó uisce a stóráil agus a cion mianra réasúnta íseal.
Cinntíonn an aeráid ilchríochach is mó san Ungáir dálaí aeráide an limistéir táirgthe go príomha, lena mbaineann samhraí teo agus geimhrí fuara go sonrach thar aon ní eile.
Tá an mheánteocht thart ar 10-11 °C. Bíonn tonnta teasa ann go minic i míonna tréimhse an fhásra, i.e. i mí Iúil agus mí Lúnasa. Tá meánlíon uaireanta an chloig gréine níos mó ná 2 000 uair an chloig in aghaidh na bliana.
Is ionann meánfhrasaíocht bhliantúil agus 450-500 mm, a chomhlíonann riachtanais na bhfíonchaor den chuid is mó, cé go mbíonn an dáileadh bliantúil míchothrom.
(b) Tosca daonna
De bharr a mhéid gheografach mhór, tá traidisiúin saothraithe fíniúnacha agus fíonóireachta saibhre ag an limistéar táirgthe. Téann na chéad tagairtí scríofa do fhíonghoirt sa limistéar siar go dtí 1075. Sna Meánaoiseanna, d’fhreastail táirgeacht fíona go príomha ar riachtanais áitiúla a chomhlíonadh. Tar éis fhorghabháil na dTurcach, cuireadh fíniúnacha sa limistéar críochaithe chun réimsí gainmheacha tréigthe a athshlánú agus chun gaineamh súraic a tháthú. D’fhág an phaindéim phylloxera, a thosaigh in 1875, fíonghoirt geall le bheith gan athrú, agus chuir sí lena ról ar an iomlán. Chuir forbairtí teicneolaíochta ag deireadh an 19ú céad feabhas suntasach ar cháilíocht fhíonta an réigiúin. Ó thús na 1900idí, tháinig fíonta na limistéar táirgthe ar eolas go forleathan agus mhéadaigh a margadh go suntasach. Dá thoradh sin, d’éirigh limistéar na bhfíonghort níos líonmhaire.
Leis na forbairtí teicneolaíochta leanúnacha atá fós ag dul ar aghaidh, is féidir teicneolaíocht réaduchtach a úsáid agus na fíonta geala agus rosé a bhfuil tóir orthu na laethanta seo agus na fíonta dearga a chuireann torthaíocht na bhfíonchaor i dtábhacht a tháirgeadh.
Bhí mana an réigiúin fíona, “A Kunsági Bor a Mindennapok Bora” [“Is fíonta do gach lá iad fíonta Kunság”] cosanta ó bhí an bhliain 2000 ann.
Roghnaíonn táirgeoirí an limistéir chríochaithe struchtúir chineáil atá oiriúnach don phoitéinseal a sholáthraíonn na dálaí éiceolaíocha, agus forbraíonn siad d’aon turas coibhneas geografach na gcineálacha traidisiúnta agus nua, agus baineann siad úsáid as teicnící saothraithe fíniúnacha agus fíonóireachta atá oiriúnach do dhálaí an mhargaidh.
8.2. Fíon
2. Tuairisc ar na fíonta
Forbraíonn na fíonta go gasta. Tá dea-bholadh dian agus blas saibhir ar na fíonta geala agus rosé. Bíonn fíonta dearga an réigiúin torthaíoch agus éadrom de ghnáth, agus dath nach bhfuil chomh domhain orthu, agus tainniní nach bhfuil chomh suntasach. Mar gheall ar an ithir aolmhar gainmheach, níl blas na bhfíonta chomh mianrach.
Baineann na fíonta buainte roghnaí go sonrach lena gcineál, agus tá cothromaíocht idir aigéad, alcól agus méid siúcra acu.
Tá na fíonta buainte go déanach agus na fíonta a dhéantar as fíonchaora rísínithe tathagach agus tá tréith shuaithinseach acu de thoradh an modh táirgthe agus teacht chun cineáil. Tá siúcra iarmharach iontu.
3. An nasc idir an limistéar táirgthe, tosca daonna agus an táirge
Tá tionchar suntasach ag an gcomhshaol éiceolaíoch, na hithreacha gainmheacha go háirithe, ar shaintréithe na bhfíonta. Tá an tipiciúlacht sin le feiceáil i bhfíonta réaduchtacha go príomha, a fhorbraíonn níos gasta agus atá úr, cumhra agus torthaíoch de thoradh an chineáil agus an teicníc fíonóireachta a úsáidtear.
Tá cion mianra níos ísle ag na fíonta atá tipiciúil d’ithreacha gainmheacha. Ainmnítear fíonta an limistéir táirgthe go príomha mar fhíonta gearr-aibithe le haghaidh caitheamh luath. D’eascair roinnt cineálacha fíona traidisiúnta sa limistéar as an gcomhshaol éiceolaíoch (Ezerjó, Kadarka, Kövidinka). De thoradh aistriú na gcineálacha le déanaí, mhéadaigh ról na gcineálacha nua a tógadh san Ungáir. Is féidir saintréith thipiciúil na gcineálacha a ghéarú trí bhuainte roghnaithe. I mblianta fíona áirithe táirgíonn na fíonchaora luachanna uathúla. Is féidir buainte ró-aibí agus rísínithe a úsáid mar amhábhar le haghaidh fíonta atá iontach alcólach, láidir agus tathagach, ar méadaítear a gcáilíocht níos faide le linn teacht chun cineáil. Is amhábhar foirfe iad fíonta éadroma agus úra chun fíonta súilíneacha agus fíonta leathshúilíneacha aeraithe a tháirgeadh.
Tá ról ríthábhachtach ag réigiún fíona Kunság in earnáil fíniúnacha agus fíona thalmhaíocht na hUngáire, mar tháirgtear beagnach leath d’fhíonchaora na tíre anseo. Anuas ar a thábhacht eacnamaíoch, tá ról sóisialta suntasach le himirt ag táirgeacht fíniúnacha maidir le hioncam a ghiniúint agus a fhorlíonadh agus leis an bpobal áitiúil a choinneáil. Mar gheall ar dhálaí éiceolaíocha áitiúla (e.g. ithreacha gainmheacha, easpa frasaíochta), tá saothrú fíniúnacha ar cheann de na gníomhaíochtaí feirmeoireachta is cost-éifeachtúla sa réigiún sin. Cuidíonn éifeacht an saothraithe fíniúnacha chun an tír-raon a fhoirmiú leis an réigiún a dhéanamh níos tarraingtí. Bhí fíonghoirt éifeachtach maidir le gaineamh gaoth-iompartha a chosc, agus maireann fíniúnacha níos fearr de ghnáth ná plandaí eile ar ithreacha a bhfuil inniúlacht choinneála uisce bhocht acu.
Is iad na cineálacha fíonchaor dúchasacha agus nuathógtha Ungáracha na cineálacha is mó i bhfíonghoirt réigiún fíona Kunság.
A bhuí go príomha le fíonta réasúnta éadrom, torthaíocha agus aramatacha Muskotály [Muscat] an réigiúin, tá cáil láidir ag réigiún fíona Kunság i measc tomhaltóirí.
8.3. Fíon súilíneach
(b) Tosca daonna
I dteannta na dtosca daonna ar a dtugtar tuairisc thuas, tá feidhm ag na nithe seo a leanas maidir le fíonta súilíneacha “Kunság / Kunsági”:
Bunaíodh táirgeacht na bhfíonta leathshúilíneacha agus súilíneacha ar na cineálacha a fhástar sa limistéar táirgthe, ag a bhfuil aigéadacht shuaithinseach (e.g. Ezerjó, Cserszegi fűszeres).
2. Tuairisc ar na fíonta
Tá na fíonta súilíneacha aerach agus éadrom, agus boladh úr agus aigéadacht ghléineach acu.
3. An nasc idir an limistéar táirgthe, tosca daonna agus an táirge
Tá tionchar suntasach ag an gcomhshaol éiceolaíoch, na hithreacha gainmheacha go háirithe, ar shaintréithe na bhfíonta. Tá na saintréithe sin ann go háirithe sna fíonta a fhorbraíonn go gasta agus atá níos éadroime go hiondúil, ag a bhfuil aigéadacht réasúnta íseal, níos mó boige, aigéid a fhorbraíonn go gasta agus neart alcóil measartha i bhformhór blianta fíona.
Tá cion mianra níos ísle ag na fíonta atá tipiciúil d’ithreacha gainmheacha. Ainmnítear fíonta an limistéir táirgthe go príomha mar fhíonta gearr-aibithe le haghaidh caitheamh luath. D’eascair roinnt cineálacha fíona traidisiúnta sa limistéar as an gcomhshaol éiceolaíoch (Ezerjó, Kadarka, Kövidinka). Is féidir saintréith thipiciúil na gcineálacha a ghéarú trí bhuainte roghnaithe. I mblianta fíona áirithe táirgíonn na fíonchaora luachanna uathúla. Is féidir buainte ró-aibí agus rísínithe a úsáid mar amhábhar le haghaidh fíonta atá iontach alcólach, láidir agus tathagach, ar méadaítear a gcáilíocht níos faide le linn teacht chun cineáil. Is amhábhar foirfe iad fíonta éadroma agus úra chun fíonta súilíneacha agus fíonta leathshúilíneacha aeraithe a tháirgeadh.
Tá ról ríthábhachtach ag réigiún fíona Kunság in earnáil fíniúnacha agus fíona thalmhaíocht na hUngáire, mar tháirgtear beagnach leath d’fhíonchaora na tíre anseo. Anuas ar a thábhacht eacnamaíoch, tá ról sóisialta suntasach le himirt ag táirgeacht fíniúnacha maidir le hioncam a ghiniúint agus a fhorlíonadh agus leis an bpobal áitiúil a choinneáil. Mar gheall ar dhálaí éiceolaíocha áitiúla (e.g. ithreacha gainmheacha, easpa frasaíochta), tá saothrú fíniúnacha ar cheann de na gníomhaíochtaí feirmeoireachta is cost-éifeachtúla sa réigiún sin. Cuidíonn éifeacht an saothraithe fíniúnacha chun an tír-raon a fhoirmiú leis an réigiún a dhéanamh níos tarraingtí. Bhí fíonghoirt éifeachtach maidir le gaineamh gaoth-iompartha a chosc, agus maireann fíniúnacha níos fearr de ghnáth ná plandaí eile ar ithreacha a bhfuil inniúlacht choinneála uisce bhocht acu.
Is iad na cineálacha fíonchaor dúchasacha agus nuathógtha Ungáracha na cineálacha is mó i bhfíonghoirt réigiún fíona Kunság.
A bhuí go príomha le fíonta réasúnta éadrom, torthaíocha agus aramatacha Muskotály [Muscat] an réigiúin, tá cáil láidir ag réigiún fíona Kunság i measc tomhaltóirí.
8.4. Fíonta leathshúilíneacha aeraithe
I dteannta na dtosca daonna ar a dtugtar tuairisc thuas, tá feidhm ag na nithe seo a leanas maidir le fíonta leathshúilíneacha aeraithe “Kunság / Kunsági”:
Bunaíodh táirgeacht na bhfíonta leathshúilíneacha aeraithe ar na cineálacha a fhástar sa limistéar táirgthe, ag a bhfuil aigéadacht shuaithinseach (e.g. Ezerjó, Cserszegi fűszeres).
2. Tuairisc ar na fíonta
Tá boladh úr ar na fíonta leathshúilíneacha aeraithe agus tá siad éadrom.
3. An nasc idir an limistéar táirgthe, tosca daonna agus an táirge
Tá tionchar suntasach ag an gcomhshaol éiceolaíoch, na hithreacha gainmheacha go háirithe, ar shaintréithe na bhfíonta. Tá na saintréithe sin ann go háirithe sna fíonta a fhorbraíonn go gasta agus atá níos éadroime go hiondúil, ag a bhfuil aigéadacht réasúnta íseal, níos mó boige, aigéid a fhorbraíonn go gasta agus neart alcóil measartha i bhformhór blianta fíona.
Tá cion mianra níos ísle ag na fíonta atá tipiciúil d’ithreacha gainmheacha. Ainmnítear fíonta an limistéir táirgthe go príomha mar fhíonta gearr-aibithe le haghaidh caitheamh luath. D’eascair roinnt cineálacha fíona traidisiúnta sa limistéar as an gcomhshaol éiceolaíoch (Ezerjó, Kadarka, Kövidinka). Is féidir saintréith thipiciúil na gcineálacha a ghéarú trí bhuainte roghnaithe. I mblianta fíona áirithe táirgíonn na fíonchaora luachanna uathúla. Is féidir buainte ró-aibí agus rísínithe a úsáid mar amhábhar le haghaidh fíonta atá iontach alcólach, láidir agus tathagach, ar méadaítear a gcáilíocht níos faide le linn teacht chun cineáil. Is amhábhar foirfe iad fíonta éadroma agus úra chun fíonta súilíneacha agus fíonta leathshúilíneacha aeraithe a tháirgeadh.
Tá ról ríthábhachtach ag réigiún fíona Kunság in earnáil fíniúnacha agus fíona thalmhaíocht na hUngáire, mar tháirgtear beagnach leath d’fhíonchaora na tíre anseo. Anuas ar a thábhacht eacnamaíoch, tá ról sóisialta suntasach le himirt ag táirgeacht fíniúnacha maidir le hioncam a ghiniúint agus a fhorlíonadh agus leis an bpobal áitiúil a choinneáil. Mar gheall ar dhálaí éiceolaíocha áitiúla (e.g. ithreacha gainmheacha, easpa frasaíochta), tá saothrú fíniúnacha ar cheann de na gníomhaíochtaí feirmeoireachta is cost-éifeachtúla sa réigiún sin. Cuidíonn éifeacht an saothraithe fíniúnacha chun an tír-raon a fhoirmiú leis an réigiún a dhéanamh níos tarraingtí. Bhí fíonghoirt éifeachtach maidir le gaineamh gaoth-iompartha a chosc, agus maireann fíniúnacha níos fearr de ghnáth ná plandaí eile ar ithreacha a bhfuil inniúlacht choinneála uisce bhocht acu.
Is iad na cineálacha fíonchaor dúchasacha agus nuathógtha Ungáracha na cineálacha is mó i bhfíonghoirt réigiún fíona Kunság.
A bhuí go príomha le fíonta réasúnta éadrom, torthaíocha agus aramatacha Muskotály [Muscat] an réigiúin, tá cáil láidir ag réigiún fíona Kunság i measc tomhaltóirí.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Rialacha maidir le sonruithe– Aonaid gheografacha níos lú is féidir a shonrú ar an lipéad
Creat dlíthiúil:
|
Sa reachtaíocht náisiúnta |
An cineál coinníll bhreise:
|
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú |
Tuairisc ar an gcoinníoll:
(i) |
Sonrú ar ainmneacha bardas Is féidir ainmneacha bardas ar leis réigiún fíona Kunság iad a shonrú mar aonaid gheografacha níos lú ná limistéar táirgthe críochaithe Kunság, cé is moite d’ainmneacha na mbardas Izsák agus Monor. |
(ii) |
Sonrú ar ainmneacha fíonghort Is féidir na hainmneacha fíonghort seo a leanas a shonrú in éineacht le sonrúchán an limistéir táirgthe críochaithe “Kunság” agus ainm an bhardais:
|
(iii) |
Sonrú ar ainmneacha ceantar Is féidir na hainmneacha ceantar seo a leanas a shonrú in éineacht le sonrúchán an limistéir táirgthe críochaithe “Kunság”:
I gcás ina sonraítear ainm ceantair, ní féidir ainmneacha na mbardas ar leis an gceantar sin iad a úsáid mar shonrúchán aonaid gheografaigh níos lú. Ní féidir ainm an aonaid gheografaigh níos lú a shonrú ar an lipéad ach amháin má tá 100 % den táirge de thionscnamh an aonaid gheografaigh níos lú sin. |
Rialacha maidir le comharthú
Creat dlíthiúil:
|
Sa reachtaíocht náisiúnta |
An cineál coinníll bhreise:
|
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú |
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Téarmaí srianta eile:
— |
Ciallaíonn “Muskotály” [Muscat] fíon a bhfuil ar a laghad 85 % de déanta as ceann amháin nó níos mó de na cineálacha fíonchaoire seo a leanas: Cserszegi fűszeres, Irsai Olivér, Hamburgi muskotály, Nektár, Mátrai Muskotály, Ottonel muskotály, Tramini. |
— |
Ciallaíonn “Primőr” [Príomha] fíon a cuirtear i mbuidéal i mbliain na buainte. Is féidir an téarma comhchiallach “Újbor” [fíon nua] a úsáid chomh maith. Níor cheart ainm cineáil Arany Sárfehér a shonrú ar an lipéad. I gcás fíonta cumaiscthe, is féidir litriú Ungárach an tsonrúcháin “küvé” agus a chomhchiallach “házasítás” (fíon cumaiscthe) a úsáid, chomh maith leis an mbunlitriú “cuvée”. Is féidir an litriú “rose”, “rosé” nó “rozé” a úsáid nuair atá fíonta rosé á lipéadú. |
Rialacha maidir le cur i láthair
Creat dlíthiúil:
|
Sa reachtaíocht náisiúnta |
An cineál coinníll bhreise:
|
Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe |
Tuairisc ar an gcoinníoll:
|
Ní féidir ach le buidéalóirí cláraithe ag an gComhairle Réigiúnach um Phobail Fíona an Réigiúin Fíona Kunság fíonta, fíonta súilíneacha agus fíonta leathshúilíneacha aeraithe a chur i mbuidéil. |
Táirgeadh lasmuigh den limistéar táirgthe críochaithe:
Creat dlíthiúil:
|
Sa reachtaíocht náisiúnta |
An cineál coinníll bhreise:
|
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe |
Tuairisc ar an gcoinníoll:
|
Ceadaítear sna bardais Bonyhád, Borota, Budapest, Csongrád agus Hajós. |
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://boraszat.kormany.hu/download/d/4d/82000/Kunsag%20OEM_v4.pdf