Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC0320(02)

    Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí 2023/C 103/05

    C/2023/1820

    IO C 103, 20.3.2023, p. 17–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    20.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 103/17


    Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

    (2023/C 103/05)

    Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

    DOICIMÉAD AONAIR

    “Sebadas / Seadas / Sabadas / Seattas / Savadas / Sevadas di Sardegna”

    Uimh. AE: PGI-IT-02834 — 24.3.2022

    STFC ( ) TGFC (X)

    1.   Ainm(neacha) [TGFC]

    “Sebadas / Seadas / Sabadas / Seattas / Savadas / Sevadas di Sardegna”

    2.   Ballstát nó Tríú Tír

    An Iodáil

    3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

    3.1.   An cineál táirge

    Aicme 2.5. Pasta;

    Aicme 2.3. Arán, pastaetha, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara

    3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

    Is táirgí taosráin úra cruinne nó ubhchruthacha iad “Sebadas / Seadas / Sabadas / Seattas / Savadas / Sevadas di Sardegna” ina bhfuil líonadh déanta as na comhábhair dá dtagraítear i bpointe 3.2 b).

    Nuair a eisítear iad lena n-ithe, bíonn na saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha a leanas ag “Sebadas / Seadas / Sabadas / Seattas / Savadas / Sevadas di Sardegna”:

    Saintréithe fisiceacha:

    Cruth: tá cruth cruinne nó ubhchruthach ar an táirge críochnaithe maille le sraith dúbailte taosráin agus imill tonnta (ar bhealach maisiúil uaireanta) nó míne; dar tiús 0,5 mm go 3 mm in aghaidh na bileoige aonair taosráin; trastomhas ó 40 mm go 180 mm;

    Bíonn meáchan na “Sebadas / Seadas / Sabadas / Seattas / Savadas / Sevadas di Sardegna” aonair idir íosmhéid 30 g agus uasmhéid 300 g;

    Cion de réir mheáchan an taosráin/líonta:

    bíonn an bhileog taosráin idir 40 % agus 60 % de mheáchan an táirge deiridh;

    bíonn an líonadh idir 40 % agus 60 % de mheáchan an táirge deiridh.

    Saintréithe ceimiceacha:

    Iomlán na próitéine

    :

    idir 8,0 agus 18,0 % in aghaidh 100 g den táirge;

    Saill:

    :

    idir 5,0 % agus 22,0 % in aghaidh 100 g den táirge, a bhfuil 3,0 % go 9,0 % di sáithithe;

    Carbaihiodráití

    :

    idir 20,0 % agus 40,0 % in aghaidh 100 g den táirge, ar siúcra 3,0 % go 7,0 % díobh.

    Saintréithe orgánaileipteacha:

    Comhsheasmhacht an táirge úir: bog, le taos aonfhoirmeach;

    Dath an taosráin: ó bhán eabhartha go buí amhail tuí;

    Dath an líonta: ó bhán go buí amhail tuí, le stríocaí buí nó dath oráiste féideartha mar gheall ar chraiceann líomóide nó oráiste;

    Blas: blas aigéadach agus aramatach, le déine éagsúil ar an mblas ag brath ar an meascán cáiseanna, imireacha torthaí citris, codarsnacht milis goirt;

    Boladh: bolaithe tipiciúla blátholaí torthaí citris.

    a)   Comhábhair taosráin:

    Seimilín cruithneachta dúraim agus/nó plúr athmheilte dúraim agus/nó plúr cruithneachta coitianta;

    Blonag: 0 % go 20 % i gcéatadán meáchain an taosráin;

    Féadfar buíocáin uibhe a chur leis de réir mar is gá;

    Salann: de réir mar is gá;

    Uisce: de réir mar is gá.

    b)   Comhábhair le haghaidh an líonta:

    Cáis ó bhainne caorach agus/nó gabhair agus/nó bó nó gruthanna ó bhainne bó;

    Craiceann líomóide agus/nó oráiste de réir mar is gá;

    Féadfar siúcra a chur leis de réir mar is gá.

    3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

    3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

    Ní mór go dtarlódh próiseáil na gcomhábhar ar fad ina dtáirge críochnaithe laistigh den limistéar táirgthe d’fhonn cáilíocht agus sábháilteacht an táirge a chaomhnú.

    3.5.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    Féadfar an táirge a phacáistiú úr nó i bpacáistíocht atmaisféir mhodhnaithe nó i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair, nó reoite i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair. Ní féidir táirgí builc a eisiúint ach amháin lena n-ithe go húr.

    Ní mór go dtarlódh pacáistiú laistigh den limistéar táirgthe. Mar gur oileán atá sa limistéar táirgthe, glacann sé níos mó ná 48 uair an chloig d’amanna lóistíochta chun an táirge a iompar agus tá cineálacha éagsúla láimhseála ag teastáil, chomh maith le húsáid roinnt modhanna iompair. Chun taosrán úr agus an-úr a iompar teastaíonn bearta sonracha agus faireachán leanúnach ar an bpróiseas. D’fhéadfadh an t-am a ghlactar chun táirgí a sheachadadh i mbulc nó réamhphacáistithe ag brath ar fhadhbanna lóistíochta agus ar dhálaí aimsire. Dá bhrí sin, níl sé cinnte riamh agus, sa chás ab fhearr, d’fhéadfadh cáilíocht an táirge titim fiú nuair nach ndéantar dochar do shábháilteacht an táirge. Is é an riosca go ndéanfar dochar do cháilíochtaí céadfacha “Sebadas / Seadas / Sabadas / Seattas / Savadas / Sevadas di Sardegna” i mbulc nó go lagófar iad sna céimeanna éagsúla is gá chun iad a iompar na mílte ciliméadar, lena n-áirítear úsáid modhanna éagsúla iompair, trasnú farraige agus rannpháirtíocht roinnt mhaith daoine.

    3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    Chomh maith leis an bhfaisnéis a cheanglaítear leis an dlí, ní mór don phacáistíocht an fhaisnéis bhreise seo a leanas a lua i gcló soiléir agus inléite:

    ainm “Sebadas / Seadas / Sabadas / Seattas / Savadas / Sevadas di Sardegna” nó ceann amháin nó níos mó de na hainmneacha a áirítear sa sonrúchán, a thaispeántar ar leithligh agus a leantar i gcónaí le tagairt thíreolaíoch na Sairdíne, agus ina dhiaidh sin an t-acrainm TGFC i gcló dubh trom agus siombail an Aontais Eorpaigh;

    an fhoclaíocht roghnach “prodotto secondo l’antica ricetta della fusione del ripieno” [arna tháirgeadh i gcomhréir leis an seanoideas don líonadh leáite], má chócaráiltear an líonadh ag ardteocht;

    ainm, ainm gnó agus seoladh an fhiontair is táirgeoir. Tá sé údaraithe ainmneacha cuideachta agus brandaí príobháideacha a úsáid, ar choinníoll nach bhfuil aon chiall mholta leo agus nach dócha go gcuirfidís an tomhaltóir amú.

    Féadfar an táirge a eisiúint lena úsáid i bpacáistí a chomhlíonann an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair nó fiú i mbulc, ar choinníoll go gcuirtear an táirge i gcoimeádáin shonracha nó i ngabhdáin ar a bhfuil lipéad feiceálach ina bhfuil an fhaisnéis chéanna leis an bpacáistíocht.

    Féadfar an tagairt do “Sebadas / Seadas / Sabadas / Seattas / Savadas / Sevadas di Sardegna” a úsáid don táirge a tháirgtear i saoráidí lónadóireachta laistigh de den limistéar geografach sainmhínithe.

    4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

    Cumhdaíonn limistéar táirgthe Sebadas / Seadas / Sabadas / Seattas / Savadas / Sevadas di Sardegna críoch riaracháin agus fisiceach ar fad na Sairdíne agus a hoileánra.

    5.   Nasc leis an limistéar geografach

    Tá údar leis an iarratas ar aitheantas TGFC “Sebadas / Seadas / Sabadas / Seattas / Savadas / Sevadas di Sardegna” mar gheall ar an gclú agus an gcáil atá ar an táirge, a tháinig as an tSairdín mar bhealach chun cultúr agra-thréadach áitiúil a chur in iúl agus nár scaip táirgeadh a leithéid níos faide ná teorainneacha réigiúnacha riamh.

    I raon an-athraitheach agus an-leathan táirgí, tá “Sebadas / Seadas / Sabadas / Seattas / Savadas / Sevadas di Sardegna” i measc na bhfoirmeacha is sainiúla taosráin mar gheall ar an mbealach a úsáidtear sa chócaireacht iad. Tá cáil mhór ar an táirge mar gheall go riartar agus go n-itear mar mhilseog é, cé gur táirge pasta atá ann. Tá cineál uathúil an táirge sa saintréith sin freisin.

    Tá údar freisin le cáil “Sebadas / Seadas / Sabadas / Seattas / Savadas / Sevadas di Sardegna” mar gheall ar shaintréithe orgánaileipteacha a shainíonn iad ó tháirgí eile sa chatagóir táirge céanna: an blas, a bhfuil an chodarsnacht idir raimhre briosc an taosráin de thoradh blonag a bheith ann, agus uigeacht thaosúil agus aigéadach na cáise grutha searrtha atá sa líonadh. Sa traidisiún cócaireachta, friochtar “Sebadas / Seadas / Sabadas / Seattas / Savadas / Sevadas di Sardegna” agus ansin cuirtear mil nó siúcra orthu agus riartar te iad. Tá cáil an táirge nasctha freisin dá bhrí sin leis an difríocht in úsáid, a bhaineann le taosrán ina bhfuil saill atá á friochadh seachas á fiuchadh in uisce, taosrán a riartar ansin mar mhilseog agus ní mar chéad chúrsa.

    Deimhnítear cáil an táirge mar gheall go bhfuil sé ar sheilfeanna na bpríomh-asraon miondíola taobh amuigh den réigiún, agus is iad na sreafaí turasóireachta áitiúla is cúis leis an gcáil sin freisin, cé go bhfuil táirgeadh srianta i gcónaí d’oileán na Sairdíne.

    Tá údar freisin le cáil an táirge mar gheall ar an dlúthnasc atá aige leis an gcríoch trí úsáid na n-amhábhar atá le fáil go forleathan sa tSairdín. Cur in iúl a bhí iontu seo, go háirithe san am a caitheadh, ar ghairm agra-thréadach an oileáin, a thaispeántar sa táirgeadh seo trí sheimilín, cáiseanna agus blonag a úsáid: comhábhair iad sin a bhaineann gan dabht leis an ngeilleagar agra-thréadach áitiúil. Mar gheall ar leithlisiú, bhíothas in ann tionchair sheachtracha a sheachaint agus, thar aon ní eile, níor scaip an táirgeadh thar lear. Is léir dá bhrí sin nach tosca nádúrtha ná an mhiocraeráid is cúis go heisiach le cáil “Sebadas / Seadas / Sabadas / Seattas / Savadas / Sevadas di Sardegna”, ach na tosca cultúrtha agus socheacnamaíocha freisin, agus modh táirgeachta a bunaíodh le himeacht ama – i dtosach ar leibhéal ceardaíochta agus le hithe sa bhaile, anois ar leibhéal tionsclaíoch chomh maith – gan mórán athrú a mhéid a bhaineann le próisis tháirgeachta.

    Tá roinnt mhaith tagairtí do “Sebadas / Seadas / Sabadas / Seattas / Savadas / Sevadas di Sardegna” i dtreoirleabhair, i bhfoilseacháin, i nuachtáin agus i leabhair chócaireachta nó irisleabhair a dheimhníonn cáil an ainm agus an táirgeacht thraidisiúnta sa limistéar geografach. Áirítear na foilseacháin a leanas sna príomhchinn:

     

    Litríocht stairiúil: Wagner, Max Leopold, Dizionario Etimologico Sardo [Etymological Sardinian Dictionary], arna fhoilsiú den chéad uair ag Società Editoriale Italiana in 1928, agus ansin arís in 1960 ag Ilisso. Tugann Ilisso sainmhíniú uileghabhálach ar lch. 177: Logudorese; Casu, Pietro, Vocabolario Sardo – Logudorese/Italiano [Foclóir Sairdínise Logudorese/ Iodáilise]; Rubattu, Antonino, Dizionario Universale della Lingua di Sardegna Italiano – sardo – italiano antico e moderno [Foclóir uilíoch ar Theanga na Sairdínise Iodáilise – Sairdínise –Iodáilis nua-aimseartha agus sean]; Deledda, Grazia, “Tradizioni popolari di Nuoro, raccolta di saggi etnografici” [Traidisiúin dhúchasacha Nuoro, bailiúchán aistí eitneagrafaíochtúla], Rivista delle tradizioni popolari italiane, [Iris traidisiúin dhúchasacha na hIodáile] arna chur in eagar ag Angelo de Gubernatis, Florence, 1893-1895; Nieddu, Gonario, Il pastore sardo e la giustizia, [An t-aoire Sairdíneach agus ceartas], 1967, Ilisso Editore, lch. 326; Caredda, Gian Paolo, Gastronomia in Sardegna, [Gastranamaíocht sa tSairdín], Sagep Editrice, 1981;

     

    Irisleabhair speisialtóra: Guigoni, Alessandra, “Tradizione, innovazione e vintage nei foodscapes contemporanei. Il case study dei dolci sardi” [Traidisiún, nuálaíocht agus bliain i mbiadhreacha comhaimseartha. Cás-staidéar maidir le milseoga na Sairdíne], Anuac, Iml. I, Uimh. 2 - ISSN 2239-625X, Ollscoil Cagliari, Samhain 2012; Bell’Italia Sapori di Sardegna [Bell’Italia flavours of Sardinia], Editoriale Giorgio Mondadori, Uimh. 32, Meitheamh 2003; Dessi, Maria Antonietta, Sardinews, Deireadh Fómhair 2006, lch. 11; Sardinews No 10, 2003, alt le Laura Sechi, lch. 21, teideal: “Pranzo a Gavoi, tra Santa Rughe e Romagna” [Lón ag Gavoi, idir Santa Rughe agus Romagna]; Bhronn Il Messaggero Sardo, Deireadh Fómhair 2009, gradam ar an Uasal Alberto Capra as dán ina luaitear, i measc nithe eile, Seadas, lch. 17; In Il Messaggero Sardo, Deireadh Fómhair 2010, dúradh slán in alt de chuid Luigi Spano le Francesco Cossiga óna chomh-Shairdínigh. Rinne muintir na Sairdíne a chónaigh san Astráil comóradh air in Sydney, lch. 28;

     

    Leabhair nó treoracha cócaireachta: Perisi, Giuseppina, Le cucine di Sardegna[Sardinian cuisine], Franco Muzzio Editore, 1989, lch. 265; I Sapori della Sardegna – La cucina,[Sardinian flavours – The cuisine] Zonza Editori, 1999, lch. 200; Paulis, Susanna, I dolci e le feste – la cultura del dolce in Sardegna fra tradizione e innovazione [Milseoga agus pléaráca – cultúr na milseog sa tSairdín idir thraidisiún agus nuálaíocht] University press/antropologia, Uimh. 17, Cuec Editrice, 2011; Údair éagsúla, 1000 ricette della cucina italiana: Il più grande libro illustrato dedicato alla tavola del nostro paese, [1000 oideas de chócaireacht na hIodáile: an leabhair is mó le léaráidí tiomanta do bhia ár dtíre], Rizzoli, 2010; Oideas le haghaidh Seadas nó Sebadas ar shuíomh gréasáin Cucchiaio d’Argento; Seadas o Sebadas: un “non dolce” dal cuore della Sardegna [Seadas nó Sebadas: “neamh-mhilseog” ó chroí na Sairdíne], ar cafebabel.it; Guaiti, Daniela, Sardegna [Sardinia], Gribaudo, 2010, lch. 118-120. Réigiún Féinrialaitheach na Sairdíne – Ersat: Bord Forbartha Talmhaíochta agus Cúnamh Teicniúil Réigiúnach, liosta de tháirgí traidisiúnta maidir le táirgí pasta, brioscaí, bácúis agus milseogra Sardinia Fresh – Sebadas.

    Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

    Tá téacs iomlán na sonraíochta táirge le fáil ar an suíomh gréasáin seo a leanas:

    https://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/3335%E2%80%9

    Nó, de rogha air sin:

    trí dhul go díreach chuig leathanach baile don bheartas ón Aireacht um Thalmhaíocht, Bia agus Foraoiseacht (www.politicheagricole.it) agus cliceáil ar “Qualità” (ar thaobh na láimhe deise ar bharr an scáileáin), agus ansin ar “Prodotti DOP IGP STG” (ar thaobh na láimhe clé den scáileán) agus ar deireadh ar “Disciplinari di Produzione all’esame dell’UE”.


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


    Top