Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC0217(01)

    Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid (Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1)) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 60/07

    C/2023/882

    IO C 60, 17.2.2023, p. 9–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    17.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 60/9


    Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid

    (Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1) )

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (2023/C 60/07)

    Cinneadh lena ndeonaítear údarú

    Tagairt an chinnidh (2)

    Dáta an Chinnidh

    Ainm na substainte

    Sealbhóir an údaraithe

    Uimhir an údaraithe

    Úsáid údaraithe

    Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe

    Na cúiseanna atá leis an gcinneadh

    C(2023) 882

    10 Feabhra 2023

    Trí-ocsaíd chróimiam

    Uimh. CE 215-607-8, Uimh. CAS 1333-82-0

    Steel Color S.p.A., Via Per Pieve Terzagni 15, 26033 Pescarolo Ed Uniti (CR), an Iodáil

    REACH/23/1/0

    Mar dhathán agus mar chruaiteoir le haghaidh plátaí cruach dosmálta a úsáidtear sa tionscal cruach chun miotal leatháin uigeach fuar-rollta ardcháilíochta a mhonarú

    an 31 Nollaig 2028

    I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol de bharr úsáid na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach.


    (1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1

    (2)  Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu)


    Top