Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC0209(05)

    Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú é ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún 2023/C 49/13

    PUB/2022/1527

    IO C 49, 9.2.2023, p. 35–46 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    9.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 49/35


    Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú é ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

    (2023/C 49/13)

    Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

    FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

    “Anjou”

    PDO-FR-A0820-AM03

    Dáta teachtaireachta: 11.11.2022

    TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

    1.   Cód Geografach Oifigiúil

    Rinneadh na bardais a chuimsítear sa limistéar geografach agus sa limistéar atá díreach in aice láimhe a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an gCód Geografach Oifigiúil.

    Ní dhéanann sé sin difear d’imlíne an limistéir gheografaigh chríochaithe.

    Leasaíodh pointe 6 agus pointe 9 den doiciméad aonair.

    2.   Limistéar dáileachta críochaithe

    Curtha leis tá na dátaí a d’fhormheas an t-údarás náisiúnta ábhartha na hathruithe ar an limistéar dáileachta críochaithe laistigh den limistéar geografach táirgthe. Déantar dáileachtaí a chríochú trí na dáileachtaí laistigh den limistéar geografach táirgthe a shainaithint, ar dáileachtaí iad atá oiriúnach chun an táirge a tháirgeadh ar táirge é a chumhdaítear leis an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint.

    Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

    3.   Meascadh

    Rinneadh leasú ar na rialacha maidir le meascadh i gcás fíonta dearga ina n-úsáidtear na cineálacha tánaisteacha Grolleau agus Pineau d’Aunis chun cineál Grolleau a spreagadh, lena ngabhann saintréithe tairbhiúla, go háirithe i gcomhthéacs an athraithe aeráide.

    Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

    4.   Spásáil idir plandaí

    Laghdaíodh an spásáil íosta idir plandaí sa ró céanna ó 1 m go dtí 0,90 m.

    Is é cuspóir an leasaithe sin méadú ar dhlús plandála a cheadú le haghaidh fíniúnacha gan an spásáil idir rónna a athrú.

    Cuireadh foráil speisialta leis le haghaidh fíniúnacha suite ar fhánaí níos géire ná 10 %, agus is féidir spásáil íosta idir plandaí 0,80 m a bheith ag na fíniúnacha sin.

    Is é is aidhm leis an bhforáil sin an cás ar leith ina gcuirtear fíniúnacha ar fhánaí géara a chur san áireamh, cás ina éilítear socruithe speisialta le linn chéim an phlandaithe (ag cur comhthreomhar leis an bhfána seachas ingearach leis).

    Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

    5.   Prúnáil

    Comhchuibhíodh na rialacha prúnála le haghaidh shonrúcháin limistéir Anjou Saumur i nGleann an Loire.

    Is é is aidhm leis an gcomhchuibhiú sin eolas na n-oibreoirí a fheabhsú agus seiceálacha a shimpliú. Leis an leasú seo tugtar solúbthacht do shaothróirí fíniúna oiriúnú do shiocáin, a bhíonn ag tarlú níos déanaí agus níos déanaí.

    Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

    6.   Gualach fíonóireachta

    I gcás fíonta súilíneacha rosé, baineadh an toirmeasc ar ghualach fíonóireachta a úsáid.

    I gcás fíonta súilíneacha bána agus rosé, baineadh an toirmeasc ar shlisíní adhmaid a úsáid le linn an phróisis táirgthe.

    Leis an leasú sin beifear in ann, i gcás inar gá, éillithe áirithe a chóireáil agus feabhas a chur ar struchtúr fíona bhunúsaigh atá ceaptha dul faoi choipeadh tánaisteach sa bhuidéal.

    Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

    7.   Nasc

    Rinneadh an roinn Nasc a leasú trí thagairt do 2021 a chur in ionad na tagartha do 2018, agus líon na mbardas a choigeartú mar gheall ar chumasc bardas.

    Leasaíodh pointe 8 den doiciméad aonair.

    8.   Bearta idirthréimhseacha

    Scriosadh bearta idirthréimhseacha nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh.

    Cuireadh beart idirthréimhseach leis mar go ngabhann críochú nua dáileachta le roinnt bardas.

    Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

    9.   Lipéadú

    Sonraíodh agus comhchuibhíodh na rialacha lipéadaithe maidir le sonrúcháin limistéir Anjou Saumur i nGleann an Loire. Is leasú eagarthóireachta amháin é sin.

    Leasaíodh pointe 9 den doiciméad aonair.

    10.   Tagairt don chomhlacht cigireachta

    Cuireadh foclaíocht úr ar an tagairt don chomhlacht cigireachta lena ailíniú leis an bhfoclaíocht a úsáidtear i sonraíochtaí táirge eile. Is leasú eagarthóireachta amháin é sin.

    Ní cheanglaítear leis an leasú seo aon athrú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

    11.   Leasuithe eagarthóireachta

    Rinneadh líon áirithe athruithe eagarthóireachta ar an tsonraíocht.

    Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

    DOICIMÉAD AONAIR

    1.   Ainm(neacha)

    Anjou

    2.   Cineál táisc gheografaigh

    STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

    3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

    1.

    Fíon

    5.

    Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

    4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

    1.   Fíonta geala neamhcharbónáitithe

    TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

    Baineann na saintréithe seo a leanas leis na fíonta: – neart alcóil nádúrtha íosta 11 % de réir toirte – an méid siúcra choipthigh ag fíonta tirime tar éis coipeadh, tá sé níos lú ná 3 g/l nó cothrom leis, a fhéadfar a mhéadú go 8 g/l ar a mhéad mura mó ná 2 g/l faoi bhun an mhéid siúcra choipthigh í an aigéadacht iomlán arna sloinneadh ina graim d’aigéad tartarach in aghaidh an lítir. Tar éis an tsaibhrithe, níor cheart neart alcóil iomlán na bhfíonta de réir toirte a bheith níos mó ná 12,5 %. An méid iomlán aigéadachta so-ghalaithe, an méid iomlán aigéadachta agus na méideanna iomlána dé-ocsaíde sulfair, is iad na méideanna a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais iad. Tirim a bhíonn na fíonta geala socra de ghnáth. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh siúcraí coiptheacha iontu uaireanta, agus go n-aicmeofaí iad mar “demi-sec” (leath-thirim), “moelleux” (leathmhilis) nó “doux” (milis). Nádúr aramatach dian a bhíonn iontu de ghnáth, agus baineann bolaithe bláthacha (sceach gheal, líológ, crann líomaí, beirbhéine, camán meall, etc.) leis chomh maith le blasanna níos torthaíche (citreas, plumaí, piorra, torthaí triomaithe, etc.). Bíonn blas breá tathagach orthu, a fhágann mothú úire agus sócamais sa bhéal.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

    9,5

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

     

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    2.   Fíonta dearga neamhcharbónáitithe

    TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

    Baineann na saintréithe seo a leanas leis na fíonta: – neart alcóil nádúrtha íosta 10,5 % de réir toirte – an méid siúcra choipthigh atá iontu tar éis coipeadh, tá sé níos lú ná 3 g/l nó cothrom leis - i gcás fíonta atá incháilithe chun an téarma “gamay” a bheith orthu agus na focail “primeur” [luath] nó “nouveau” [nua] ina dhiaidh, tá méid siúcra choipthigh iontu tar éis coipeadh atá níos lú ná 2 g/l nó cothrom leis. Ní mór coipeadh mala-lachtach a dhéanamh ar na fíonta dearga. Fíonta dearga atá réidh le cur ar an margadh i mbulc nó ag céim an phacáistithe, ní mór méid aigéid mhalaigh nach mó ná 0,4 g/l a bheith iontu. Tar éis an tsaibhrithe, níor cheart neart alcóil iomlán na bhfíonta de réir toirte a bheith níos mó ná 12,5 %. An méid iomlán aigéadachta so-ghalaithe, an méid iomlán aigéadachta agus na méideanna iomlána dé-ocsaíde sulfair, is iad na méideanna a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais iad. Mar sin féin, ní mór leibhéal aigéadachta so-ghalaithe atá níos lú ná 10,2 milleachoibhéis in aghaidh an lítir nó cothrom leis a bheith ag aon fhíon neamhphacáistithe atá incháilithe chun an téarma “primeur” nó “nouveau” a bheith air. Ní mór na fíonta dearga a thabhairt chun cineáil go dtí an 15 Eanáir den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad. Bíonn struchtúr maith tainniní ag na fíonta dearga socra. Bíonn a ndea-bholaithe sách dian, lena ngabhann mionbhlasanna de thorthaí dearga go háirithe. Bíonn struchtúr acu, ach is í an éadroime an tréith is láidre. Fíonta úra iad nach mór a ól le linn na chéad 3 bliana tar éis bhuaint na bhfíonchaor. Fíonta dearga atá incháilithe chun an téarma “gamay” a bheith orthu, bíonn siad úr beoga bríomhar. Tagann dea-bholaithe sainiúla orthu a bhíonn torthaíoch den chuid is mó. Is fearr go ginearálta iad a ól agus iad úr.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

     

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    3.   Fíonta súilíneacha

    TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

    Is geal nó rosé iad na fíonta súilíneacha. Ní mór neart alcóil nádúrtha íosta 10,5 % de réir toirte a bheith ag fíon bunúsach a bheartaítear a úsáid chun fíon súilíneach ar ardchaighdeán a tháirgeadh. Ní mór gan neart alcóil iarbhír is mó ná 12 % de réir toirte a bheith ag fíon bunúsach a bheartaítear a úsáid chun fíon súilíneach nach bhfuil saibhrithe a tháirgeadh. Tar éis coipeadh, ní mór gan cion siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós) atá níos mó ná 24 ghram in aghaidh an lítir a bheith i bhfíon bunúsach nach bhfuil saibhrithe. Tar éis coipeadh, ní mór gan méid siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós) atá níos mó ná 5 ghram in aghaidh an lítir a bheith i bhfíon bunúsach atá saibhrithe. Ní mór gan neart alcóil iomlán is mó ná 11,6 % de réir toirte a bheith ag fíon bunúsach a bheartaítear a úsáid chun fíon súilíneach saibhrithe geal agus rosé a tháirgeadh. Tar éis saibhriú, ní mór gan neart alcóil iomlán is mó ná 13 % de réir toirte a bheith ag na fíonta tar éis coipeadh tánaisteach agus sula gcuirtear an licéar dáileogachta leo. An méid iomlán aigéadachta so-ghalaithe, an méid iomlán aigéadachta agus na méideanna iomlána dé-ocsaíde sulfair, is iad na méideanna a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais iad. Is geal nó rosé iad na fíonta súilíneacha. Is í an fhíneáltacht a fhaightear ina mbroidearnach, agus ina nádúr aramatach agus a struchtúr sa bhéal freisin, atá mar shaintréith acu.

    Saintréithe anailíseacha ginearálta

    Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

     

    Íosmhéid aigéadachta iomláine

     

    Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

     

    Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

     

    5.   Cleachtais fíonóireachta

    5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

    1.   Dlús plandaithe – Spásáil

    An modh saothraithe

    Is é 4 000 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha. Ní mór gan an spásáil idir sraitheanna fíniúnacha a bheith níos mó ná 2,5 méadar, agus ní mór an spásáil idir plandaí sa tsraith chéanna a bheith 0,90 méadar ar a laghad.

    Féadfar an sonrúchán tionscnaimh cláraithe a úsáid le haghaidh bhuaint na ndáileachtaí fíonghoirt i gcás ina mbeidh an spásáil idir plandaí sa tsraith chéanna faoi bhun 0,90 méadar ach gan bheith níos lú ná 0,80 méadar agus ina mbeidh géire na fána níos mó ná 10 %.

    I gcás dáileachtaí fíonghoirt ina bhfuil 3 300 planda in aghaidh an heicteáir, ar a laghad, ach ina bhfuil líon is lú ná 4 000 planda in aghaidh an heicteáir, tá an bhuaint incháilithe do shonrúchán tionscnaimh cláraithe ar choinníoll go gcomhlíonfar na rialacha maidir le treilísiú agus airde duilliúir a leagtar síos sa tsonraíocht. Ní mór don spásáil idir na rónna fíniúna gan a bheith níos mó ná 3 mhéadar, agus ní mór don spásáil idir plandaí sa ró céanna a bheith 1 mhéadar amháin ar a laghad.

    2.   Rialacha prúnála

    An modh saothraithe

    Prúnáiltear na fíniúnacha trí úsáid a bhaint as an modh prúnála cána, prúnála spoir nó prúnála measctha.

    Fíonta geala socra (gach cineál fíonchaor), fíonta dearga socra (Cabernet Franc N, Cabernet-Sauvignon N, Gamay N, Pineau d’Aunis N): déantar na fíniúnacha a phrúnáil agus 12 bhachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda ann. Féadfar na fíniúnacha a phrúnáil sa chaoi go mbeidh 2 bhachlóg bhreise ann in aghaidh an phlanda, ar choinníoll nach mó ná 12 an líon craobh in aghaidh an phlanda ar a dtiocfaidh torthaí sa bhliain, ag an gcéim fheineolaíoch a chomhfhreagraíonn do 11 nó 12 dhuilleog (bachlóga aonair).

    Fíonta dearga socra (Grolleau N): déantar na fíniúnacha a phrúnáil agus 10 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda ann. Féadfar na fíniúnacha a phrúnáil sa chaoi go mbeidh 2 bhachlóg bhreise ann in aghaidh an phlanda, ar choinníoll nach mó ná 12 an líon craobh in aghaidh an phlanda ar a dtiocfaidh torthaí sa bhliain, ag an gcéim fheineolaíoch a chomhfhreagraíonn do 11 nó 12 dhuilleog (bachlóga aonair).

    Fíonta súilíneacha geala agus rosé (Chenin B, Gamay N, Grolleau G, Grolleau N, Pineau d’Aunis N): déantar na fíniúnacha a phrúnáil agus 12 bhachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda ann.

    Féadfar na fíniúnacha a phrúnáil sa chaoi go mbeidh 2 bhachlóg bhreise ann in aghaidh an phlanda, ar choinníoll nach mó ná 12 an líon craobh in aghaidh an phlanda ar a dtiocfaidh torthaí sa bhliain, ag an gcéim fheineolaíoch a chomhfhreagraíonn do 11 nó 12 dhuilleog (bachlóga aonair).

    3.   Rialacha prúnála

    An modh saothraithe

    Prúnáiltear na fíniúnacha trí úsáid a bhaint as an modh prúnála cána, prúnála spoir nó prúnála measctha.

    Fíonta súilíneacha geala agus rosé (Cabernet Franc N, Cabernet-Sauvignon N, Chardonnay B, Sauvignon B): déantar na fíniúnacha a phrúnáil agus 14 bhachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda ann.

    Féadfar na fíniúnacha a phrúnáil sa chaoi go mbeidh 4 bhachlóg bhreise ann in aghaidh an phlanda, ar choinníoll nach mó ná 14 an líon craobh in aghaidh an phlanda ar a dtiocfaidh torthaí sa bhliain, ag an gcéim fheineolaíoch a chomhfhreagraíonn do 11 nó 12 dhuilleog (bachlóga aonair).

    4.   Uisciú

    An modh saothraithe

    Toirmisctear uisciú.

    5.   Saibhriú

    Cleachtas sonrach fíoneolaíochta

    Ceadaítear teicnící laghdúcháin chun fíonta dearga a shaibhriú, agus tá an ráta uasta maidir le tiúchan páirteach socraithe ag 10 % i ndáil leis na toirteanna a úsáidtear.

    Tar éis saibhriú, ní mór gan neart alcóil iomlán is mó ná 12,5 % de réir toirte a bheith ag fíonta socra.

    Ní mór cion siúcra choipthigh atá ≤ 5 g/l agus neart alcóil iomlán atá ≤ 11,6 % de réir toirte a bheith ag fíon bunúsach a bheartaítear a úsáid chun fíon súilíneach saibhrithe geal agus rosé a tháirgeadh.

    6.   Úsáid sliseanna adhmaid

    Cleachtas sonrach fíoneolaíochta

    Toirmeasctar sliseanna adhmaid a úsáid i gcás fíonta socra geala.

    I gcás fíonta dearga agus fíonta súilíneacha, toirmeasctar slisíní adhmaid a úsáid ach amháin le linn an phróisis táirgthe.

    Fíon bunúsach a bheartaítear a úsáid chun fíon súilíneach rosé a tháirgeadh, féadfar é a dhéanamh trí mhaothú nó sileadh/draenáil.

    Anuas ar na forálacha thuasluaite, is gá go gcomhlíonann na cleachtais fíoneolaíochta a bhaineann leis na fíonta sin na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sa Chód Tuaithe agus Iascaireachta Muirí.

    7.   Airde duilliúir agus treilísiú

    An modh saothraithe

    Ní mór don duilliúr ar an treilís airde 0,6 mhéid an fad idir na línte fíniúna a bhaint amach ar a laghad. Déantar an airde seo a thomhas mar an fad idir teorainn íosta an duilliúir (nach mór a bheith 0,4 m ar a laghad os cionn leibhéal na talún) agus an uasteorainn gearrtha (nach mór a bheith 0,2 m ar a laghad os cionn na sreinge treilíse uachtair).

    I gcás dáileachtaí fíonghoirt a bhfuil an dlús plandála 3 300 ar a laghad ach níos lú ná 4 000 planda in aghaidh an heicteáir, beidh feidhm ag na rialacha treilíse breise seo a leanas: is é 1,9 méadar íosairde na gcuaillí treilísithe os cionn na talún; tá ceithre leibhéal sreanga treilíse ann; is ionann íosairde na sreinge is airde agus 1,85 méadar os cionn na talún.

    5.2.   Uastáirgeacht

    1.   Fíonta geala neamhcharbónáitithe

    65 heictilítear in aghaidh an heicteáir

    2.   Fíonta dearga neamhcharbónáitithe

    65 heictilítear in aghaidh an heicteáir

    3.   Fíonta súilíneacha geala agus rosé

    76 heictilítear in aghaidh an heicteáir

    4.   A bhfuil an téarma “gamay” orthu

    72 heictilítear in aghaidh an heicteáir

    6.   Limistéar geografach críochaithe

    a)

    Gach céim de tháirgeadh fíonta atá incháilithe do shonrúchán tionscnaimh cláraithe “Anjou”, “Cabernet d’Anjou” agus “Rosé d’Anjou”, ní mór dóibh tarlú sa limistéar geografach a chuimsíonn na bardais seo a leanas, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2021:

    roinn Deux-Sèvres: Brion-près-Thouet, Loretz-d’Argenton, Louzy, Plaine-et-Vallées (críoch bhardas tarmligthe Oiron amháin), Saint-Cyr-la-Lande, Sainte-Verge, Saint-Martin-de-Mâcon, Saint-Martin-de-Sanzay, Thouars (críoch bhardais tharmligthe Mauzé-Thouarsais, Sainte-Radegonde agus iarbhardas Thouars amháin), Tourtenay, Val en Vignes (críoch bhardais tharmligthe Bouillé-Saint-Paul, Cersay agus Saint-Pierre-à-Champ amháin);

    roinn Maine-et-Loire: Allonnes, Angers, Antoigné, Artannes-sur-Thouet, Aubigné-sur-Layon, Beaulieu-sur-Layon, Bellevigne-en-Layon, Bellevigne-les-Châteaux, Blaison-Saint-Sulpice, Bouchemaine, Brain-sur-Allonnes, Brissac Loire Aubance (críoch bhardais tharmligthe Alleuds, Brissac-Quincé, Charcé-Saint-Ellier-sur-Aubance, Chemellier, Coutures, Luigné, Saint-Rémy-la-Varenne, Saint-Saturnin-sur-Loire agus Vauchrétien amháin), Brossay, Cernusson, Chacé, Chalonnes-sur-Loire, Champtocé-sur-Loire, Chaudefonds-sur-Layon, Chemillé-en-Anjou (críoch bhardais tharmligthe Chanzeaux, La Jumellière agus Valanjou amháin), Cizay-la-Madeleine, Cléré-sur-Layon, Le Coudray-Macouard, Courchamps, Denée, Dénezé-sous-Doué, Distré, Doué-en-Anjou, Épieds, Fontevraud-l’Abbaye, Les Garennes sur Loire, Gennes-Val-de-Loire (críoch bhardais tharmligthe Chênehutte-Trêves-Cunault, Gennes, Grézillé, Saint-Georges-des-Sept-Voies agus Le Thoureil amháin), Huillé-Lézigné (críoch bhardas tarmligthe Huillé amháin), Ingrandes-Le Fresne sur Loire (críoch iarbhardas tarmligthe Ingrandes amháin), Jarzé Villages (gan ach críoch bhardas tarmligthe Lué-en-Baugeois), Louresse-Rochemenier, Lys-Haut-Layon, Mauges-sur-Loire (críoch bhardais tharmligthe La Chapelle-Saint-Florent, Le Mesnil-en-Vallée, Montjean-sur-Loire, La Pommeraye, Saint-Florent-le-Vieil, Saint-Laurent-de-la-Plaine agus Saint-Laurent-du-Mottay amháin), Mazé-Milon (críoch bhardas tarmligthe Fontaine-Milon amháin), Montilliers, Montreuil-Bellay, Montsoreau, Mozé-sur-Louet, Mûrs-Erigné, Orée d’Anjou (críoch bhardais tharmligthe Bouzillé, Champtoceaux, Drain, Landemont, Liré agus La Varenne amháin), Parnay, Passavant-sur-Layon, La Possonnière, Le Puy-Notre-Dame, Rives-de-Loir-en-Anjou (críoch bhardas tarmligthe Villevêque amháin), Rochefort-sur-Loire, Rou-Marson, Sainte-Gemmes-sur-Loire, Saint-Georges-sur-Loire, Saint-Germain-des-Prés, Saint-Just-sur-Dive, Saint-Macaire-du-Bois, Saint-Melaine-sur-Aubance, Saumur, Savennières, Soulaines-sur-Aubance, Souzay-Champigny, Terranjou, Tuffalun, Turquant, Les Ulmes, Val-du-Layon, Varennes-sur-Loire, Varrains, Vaudelnay;

    roinn Vienne: Berrie, Curçay-sur-Dive, Glénouze, Pouançay, Ranton, Saint-Léger-de-Montbrillais, Saix, Ternay, Les Trois-Moutiers.

    Is féidir dul i gcomhairle le léarscáileanna den limistéar geografach ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (Institut national de l’origine et de la qualité – INAO).

    b)

    Gach céim de tháirgeadh fíonta atá incháilithe chun an téarma “gamay” a bheith orthu, ní mór dóibh tarlú sa limistéar geografach a chuimsíonn na bardais a ainmnítear thíos, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2021:

    roinn Deux-Sèvres: Brion-près-Thouet, Loretz-d’Argenton, Louzy, Saint-Cyr-la-Lande, Sainte-Verge, Saint-Martin-de-Sanzay, Thouars (críoch bhardais tharmligthe Mauzé-Thouarsais, Sainte-Radegonde agus iarbhardas Thouars amháin), Val en Vignes (críoch bhardais tharmligthe Bouillé-Saint-Paul, Cersay agus Saint-Pierre-à-Champ amháin);

    roinn Maine-et-Loire: Allonnes, Angers, Antoigné, Aubigné-sur-Layon, Beaulieu-sur-Layon, Bellevigne-en-Layon, Blaison-Saint-Sulpice, Brain-sur-Allonnes, Brissac Loire Aubance (críoch bhardais tharmligthe Alleuds, Brissac-Quincé, Charcé-Saint-Ellier-sur-Aubance, Chemellier, Coutures, Luigné, Saint-Rémy-la-Varenne, Saint-Saturnin-sur-Loire agus Vauchrétien amháin), Cernusson, Chalonnes-sur-Loire, Champtocé-sur-Loire, Chaudefonds-sur-Layon, Chemillé-en-Anjou (críoch bhardais tharmligthe Chanzeaux, La Jumellière agus Valanjou amháin), Cléré-sur-Layon, Denée, Dénezé-sous-Doué, Distré, Doué-en-Anjou (críoch bhardais tharmligthe Brigné, Concourson-sur-Layon, Doué-la-Fontaine, Forges, Montfort, Saint-Georges-sur-Layon agus Les Verchers-sur-Layon amháin), Les Garennes sur Loire (críoch bhardais tharmligthe Chênehutte-Trèves-Cunault, Gennes, Grézillé, Saint-Georges-des-Sept-Voies and Le Thoureil amháin), Huillé-Lézigné (críoch bhardas tarmligthe Huillé amháin), Ingrandes-Le Fresne sur Loire (críoch iarbhardas tarmligthe Ingrandes amháin), Jarzé Villages (críoch bhardas tarmligthe Lué-en-Baugeois amháin), Louresse-Rochemenier, Lys-Haut-Layon, Mauges-sur-Loire (críoch bhardais tharmligthe La Chapelle-Saint-Florent, Le Mesnil-en-Vallée, Montjean-sur-Loire, La Pommeraye, Saint-Florent-le-Vieil, Saint-Laurent-de-la-Plaine agus Saint-Laurent-du-Mottay amháin), Mazé-Milon (críoch bhardas tarmligthe Fontaine-Milon amháin), Montilliers, Mozé-sur-Louet, Mûrs-Erigné, Orée d’Anjou, (críoch bhardais tharmligthe Bouzillé, Champtoceaux, Drain, Landemont, Liré agus La Varenne amháin), Passavant-sur-Layon, La Possonnière, Rives-de-Loir-en-Anjou Passavant-sur-Layon, La Possonnière, Le Puy-Notre-Dame, Rives-de-Loir-en-Anjou (críoch bhardas tarmligthe Villevêque amháin), Rochefort-sur-Loire, Rou-Marson, Sainte-Gemmes-sur-Loire, Saint-Georges-sur-Loire, Saint-Germain-des-Prés, Saint-Macaire-du-Bois, Saint-Melaine-sur-Aubance, Savennières, Soulaines-sur-Aubance, Terranjou, Tuffalun, Turquant, Les Ulmes, Val-du-Layon, Varennes-sur-Loire.

    Is féidir breathnú ar léarscáileanna den limistéar geografach ar shuíomh gréasáin INAO.

    7.   Cineál/cineálacha fíniúna

    Cabernet Franc N

    Cabernet-Sauvignon N

    Chenin B

    Gamay N

    Grolleau N

    Grolleau Gris G

    Pineau d’Aunis N

    8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

    8.1.   Fíonta neamhcharbónáitithe

    Dhá mhórfhoirmíocht gheolaíocha atá sa limistéar geografach, ina n-aimsítear na fíonghoirt den chuid is mó i ndobharcheantair aibhneacha agus ar roinnt ardchlár: san iarthar, lomáin Réamhchaimbriacha agus Phailéasócha den Mhasaíf Armarcach; san oirthear, fostratam Méiseasóch agus Caenasóch imchuach Pháras a chumhdaigh an bhuncharraig ársa. Déanann an saintréith gheolaíoch sin idirdhealú idir cuid thiar an limistéir gheografaigh agus an chuid thoir. Tá an chuid thiar suntasach mar gheall ar na fosuithe scealla atá ann, scláta den chuid is mó, ar a dtugtar go háitiúil “Anjou noir” (Anjou dubh). Tá an chuid thoir suntasach mar gheall ar an marla cailceach (Saumur) atá ann, ar a dtugtar go háitiúil “Anjou blanc” (Anjou bán).

    Agus naisc stairiúla le cúige ársa Anjou aige, ó bhí 2021 ann cuimsítear leis an limistéar geografach, go bunúsach, an leath theas de roinn Maine-et-Loire (68 gcomún) agus imill thuaidh ranna Deux-Sèvres (11 bhardas) agus Vienne (9 mbardas). Is ann go fóill do roinnt pócaí sa taobh ó thuaidh de roinn Maine-et-Loire, a thugann chun cuimhne an tréimhse ina mbíodh fíonghoirt ar fud na roinne uile.

    Is ó fhoirmíochtaí geolaíocha éagsúla a dhíorthaítear an ithir a fhaightear sna dáileachtaí atá críochaithe le haghaidh bhuaint na bhfíonchaor. Cé go bhfuil éagsúlacht mhór san ithir, bíonn sí go dona go ginearálta agus cúltaiscí teoranta uisce inti. Thairis sin, tá dea-airíonna teirmeacha aici.

    Baineann an limistéar geografach leas as aeráid mheasartha aigéanach nach bhfuil mórán éagsúlachta sna raonta teochta ann, de bharr chóngaracht choibhneasta an Aigéin Atlantaigh ar thaobh amháin agus, ar an taobh eile, de bharr an róil atá ag an Loire agus a chraobh-aibhneacha maidir le rialáil teochta. Is fachtóir freisin é an fíoras go gcuirtear fíniúnacha ar na cnoic. Úsáidtear an nath “douceur angevine” (aimsir chaoin Anjou), a chiallaíonn go bhfuil geimhreadh, earrach fada agus fómhar fada ann mar aon le tréimhsí teo sa samhradh a tharlaíonn go minic. Na fánaí a bhfuil a n-aghaidh siar ó thuaidh nó soir ó dheas, cosnaíonn siad na fíniúnacha ó na gaotha aniar, a mbíonn cion ard taise iontu go minic. Dá bhrí sin, is teoranta an t-uisciú a bhíonn sa limistéar geografach agus baintear leas ann as éifeacht föhn, agus é i bhfothain ó cheo mara ag fánaí airde Choletais agus Mauges. Bíonn an bháisteach bhliantúil thart ar 585 mhilliméadar, i gcomparáid le 800 milliméadar i Choletais.

    Is eol fíniúnacha a bheith á saothrú ar bhonn leanúnach in Anjou ón gcéad aois A.D. Is talamh den scoth í chun fíniúnacha a shaothrú, mar is léir ó na línte seo a leanas ó dhán le Apollonius (6ú haois): “Tá baile ann nach bhfuil ró-fhada ón mBriotáin lonnaithe ar charraig ar a bhfuil plandálacha fairsinge atá tiomnaithe do Ceres agus Bacchus agus ainm, Andecavi (Angers), a thagann ón logainm Gréigise”. D’fhorbair saothrú fíniúnacha sa limistéar Anjou le linn na Meánaoiseanna, faoi choimirce na mainistreacha lonnaithe ar bhruacha an Loire agus timpeall Angers. Bhain sé cáil ar leith amach ón 7ú agus 8ú haois ar aghaidh. A bhuí le tionchar Henri II agus Eleanor de Aquitaine, cuireadh fíon ó Anjou ar na boird ab uaisle.

    D’fhorbair táirgeacht go suntasach ón 16ú céad amach le teacht ceannaithe na hÍsiltíre ag lorg fíona dá dtír agus dá gcoilíneachtaí. Cheannaigh na hÍsiltírigh soláthar fíona agus bhí an trádáil chomh bríomhar sa 18ú céad go ndearnadh abhainn Layon, a théann trasna an limistéir gheografaigh, inseolta chun iompar a éascú. D’fhág an ardmheas a bhí ar fhíonta Anjou go raibh an-tóir orthu agus chruthaigh cánacha éagsúla (ar fhíon i mbulc, ar chliathbhoscaí, cáin mhórdhíola, cáin mhiondíola, dleacht mháil, etc.). Bhí iarmhairtí diúltacha ag na cánacha sin ar thrádáil. Scrios an slad a rinne na cogaí in Vendée na fíonghoirt, a bheag nó a mhór. D’fhill rathúnas sa 19ú céad. In 1881, chumhdaigh na fíonghoirt achar dromchla de 45 000 heicteár, lena n-áirítear 10 000 heicteár a d’fhan in 1893 tar éis eipidéim phylloxera.

    Is é táirgeadh fíonta geala a dhéantar ó chineál Chenin B is mó is cúis leis an gcáil atá ar an réigiún ar a dtugtar Anjou. Cuireadh cineál Cabernet Franc N agus Cabernet-Sauvignon N beagán ní ba dhéanaí, áfach, agus leath siad go fairsing tar éis ghéarchéim phylloxera. Ag tús an 20ú haois, bhí iarrachtaí saothraithe fíona á ndíriú go príomha ar “rouget” a dhéanamh, an t-ainm áitiúil ar fhíon éadrom a chuirtear ar fáil i gcaiféanna. Ba é an chéad chéim maidir le hathruithe ar fhíonghoirt Anjou. Bhí an dara céim de na hathruithe sin bunaithe ar an taithí a fuair táirgeoirí le bainistiú na mbarra sin.

    8.2.   Fíonta neamhcharbónáitithe

    D’fhorbair táirgeadh fíonta dearga ó na 1960idí ar aghaidh, bunaithe ar fhaireachán agus ar anailís ar na meascáin chineálacha agus na suíomhanna plandála ab fhearr, in éineacht le measúnú ar an bpoitéinseal buainte agus an saineolas a fuarthas maidir le teicnící saothraithe fíona.

    Fíonta geala, rosé agus dearga atá sna fíonta súilíneacha atá incháilithe don sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Anjou”.

    Is tirim a bhíonn na fíonta geala de ghnáth. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh siúcraí coiptheacha iontu uaireanta, agus go n-aicmeofaí iad mar “demi-sec” (leath-thirim), “moelleux” (leathmhilis) nó “doux” (milis). Nádúr aramatach dian a bhíonn iontu de ghnáth, agus baineann bolaithe bláthacha (sceach gheal, líológ, crann líomaí, beirbhéine, camán meall, etc.) leis chomh maith le blasanna níos torthaíche (citreas, plumaí, piorra, torthaí triomaithe, etc.). Bíonn blas breá tathagach orthu, a fhágann mothú úire agus sócamais sa bhéal.

    Bíonn struchtúr maith tainniní ag na fíonta dearga. Bíonn a ndea-bholaithe sách dian, agus mionbhlasanna de thorthaí dearga ag gabháil leo. Bíonn struchtúr acu, ach is í an éadroime an tréith is láidre. Fíonta úra iad nach mór a ól le linn na chéad 3 bliana tar éis bhuaint na bhfíonchaor.

    Fíonta dearga atá incháilithe chun an téarma “gamay” a bheith orthu, bíonn siad úr beoga bríomhar. Tagann dea-bholaithe sainiúla orthu a bhíonn torthaíoch den chuid is mó. Is fearr go ginearálta iad a ól agus iad úr.

    Tugann saintréithe measctha an limistéir saothraithe fíniúnacha, lena n-áirítear a shuíomh thuaidh, a thírdhreach saintréitheach, a aeráid mheasartha shuntasach agus a gheolaíocht shonrach agus a phróifíl ithreach blas úr ar leith do na fíonta.

    Mar gheall ar éagsúlacht na suíomhanna fíonghoirt agus a bpróifílí ilchineálacha geolaíocha agus ithreach, cuirtear ar a gcumas do tháirgeoirí na dálaí is fearr a aimsiú le haghaidh gach ceann de na cineálacha fíniúnacha atá ag fás ann. Déanann na saothróirí fíona scrúdú agus anailís ar iompraíocht a gcuid fíniúnacha chun an suíomh ceart le haghaidh na bhfíonghort a shocrú. Tagann saintréithe chineál Chenin B chun suntais i bhfíonta geala tirime de bharr fhíonghoirt Anjou, agus tagann an chastacht a bhaineann le fíon níos sine chun suntais de bharr na gcnoc grianmhar a bhfuil a n-aghaidh ó dheas. Thairis sin, má bhíonn an aimsir fabhrach i dtreo dheireadh an tséasúir, féadtar fíonta “moelleux” (leathmhilis) nó “doux” (milis) a tháirgeadh as cineál Chenin B.

    Cé go n-aimsítear cineálacha Grolleau N, Grolleau Gris G agus Pineau d’Aunis N ar na cnoic agus ar an míntír ghainmheach/ghairbhéalach, áit a n-úsáidtear iad chun fíonta rosé torthaíocha a tháirgeadh, is fearr le cineálacha Cabernet Franc N agus Cabernet-Sauvignon N ithreacha éadoimhne nó ithreacha donna a bhfuil soláthar uisce rialaithe acu de ghnáth, áit a n-úsáidtear iad chun fíonta rosé tathagacha, a bhfuil dea-bholadh marthanach orthu, a tháirgeadh nó fíonta dearga a bhfuil nádúr beagán tuathúil iontu a bheachtú le linn tréimhse ghairid aosaithe, dá ndéantar foráil sa tsonraíocht.

    Ar deireadh, is fearr le cineál Gamay N ithreacha a tháinig chun cinn ar charraigeacha Réamhchaimbriacha i gcroílár “Anjou noir”, cé is moite d’aon chuid de limistéar “Anjou blanc”, mar is léir ón aonad geografach laistigh den limistéar geografach a shainítear ar bhealach níos mionsonraithe sa tsonraíocht i leith fíonta dearga atá incháilithe chun an téarma “gamay” a bheith orthu.

    Is léir saineolas na dtáirgeoirí, a fuarthas le taithí ó ghlúin go glúin, ina rogha samhla teicniúla agus a rogha meascán de chineálacha fíniúna a bhraitheann ar aidhm agus bliain an táirgthe. Is mór an cúnamh é an raon leathan fíonta a tháirgtear chun margaí éagsúla a mhealladh. Baintear taitneamh as na fíonta, ní hamháin sa Fhrainc, go háirithe i measc mhuintir chathair Angers agus an cheantair máguaird, agus sa Bhriotáin agus sa Normáin, ach thar lear freisin. Go deimhin, fíonta a dhíoltar faoi na sonrúcháin tionscnaimh cláraithe “Anjou”, “Cabernet d’Anjou” agus “Rosé d’Anjou”, cuireann siad go mór leis an seasamh atá ag “Val de Loire” mar an seachtú réigiún onnmhairiúcháin is mó sa Fhrainc.

    8.3.   Fíonta súilíneacha

    Baineann táirgeadh fíona shúilínigh leas as táirgeadh stairiúil na bhfíonta geala socra. Sa 15ú haois, i gcás fíonta a chuirtí i mbuidéil sa gheimhreadh agus a dhéantaí a choipeadh den dara huair le filleadh na haimsire teo, thug táirgeoirí faoi deara go mbídís fiosaí ach go mbíodh dea-bholaithe sofaisticiúla orthu fós. Agus iad “fiosaí” ar dtús, spreagadh forbairt fíonta súilíneacha ag tús an 19ú haois nuair a chuir táirgeoirí saineolas ar phróiseas an choipthe thánaistigh sa bhuidéal ag úsáid siúcraí coiptheacha ó úrfhíon leathchoipthe nó ag cur liqueur de tirage leo. Bhíothas in ann leas a bhaint as na siléir mhóra a tochlaíodh sa mharla cailceach, áit a bhféadfaí na fíonta a chaomhnú agus a aosú ag teocht íseal sheasmhach.

    Is í an fhíneáltacht a fhaightear ina mbroidearnach, agus ina nádúr aramatach agus a struchtúr sa bhéal freisin, atá mar shaintréith ag na fíonta súilíneacha.

    Tá an cúlra céanna ag fíon súilíneach. Thug na táirgeoirí faoi deara go bhféadfadh na fíonta a bhí pacáistithe agus stóráilte i siléir coipeadh breise a dhéanamh nuair a bhí an geimhreadh thart. Ba é an toradh a bhí ar thuiscint eimpíreach ar an “gcoipeadh tánaisteach spontáineach” ar an gcéad dul síos táirgeadh fíonta “fiosaí”, ag úsáid cineál Chenin B go háirithe, cineál déanach a bhí an-oiriúnach do tháirgeadh fíona shúilínigh mar gheall ar na saintréithe, an úire agus na dea-bholaithe fíneálta a bhí ag gabháil leis. Ó thús an 19ú haois, baineadh an leas is fearr as na saintréithe sin de réir mar a chuir déantóirí fíona saineolas ar phróiseas an “choipthe thánaistigh sa bhuidéal” chun fíonta súilíneacha a tháirgeadh, faoi threoir Jean-Baptiste Ackerman go háirithe.

    Tugtar aird ar leith ar bhuaint na bhfíonchaor le haghaidh fíona. Áirithítear leis an mbuaint go mbaintear an aibíocht is fearr agus cothromaíocht mhaith idir siúcra agus aigéadacht amach, rud atá ríthábhachtach chun úire, coipeadh maith tánaisteach agus cumas aosaithe a ráthú. Thairis sin, is acmhainn iad na síléir faoi thalamh atá lonnaithe, go príomha, i gcroílár “Anjou blanc” maidir leis na fíonta seo a tháirgeadh a bhfuil spás mór stórála agus láimhseála faoi dhálaí oiriúnacha solais, bogthaise agus teochta de dhíth orthu. Cuirtear an méid smachta agus teicnící céanna i bhfeidhm i gcás na gcineálacha fíonchaora dubha chun cainníochtaí teoranta de fhíonta súilíneacha rosé ar ardchaighdeán a tháirgeadh.

    De thairbhe taithí a fuair siad le breis agus céad bliain, tá saineolas foirfe ag táirgeoirí anois ar ealaín an chumaisc chun na fíonta súilíneacha sin a dhéanamh. Cuidíonn tabhairt chun cineáil na bhfíonta ar an moirt ar feadh 9 mí lena gcastacht a fhorbairt.

    9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

    API

    Creat dlíthiúil:

    Reachtaíocht an Aontais

    An cineál coinníll bhreise:

    Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, a shainítear de mhaolú le haghaidh próisis fíonóireachta agus táirgthe fíonta atá incháilithe chun na sonrúcháin tionscnaimh chláraithe “Cabernet d’Anjou” agus “Rosé d’Anjou” a bheith orthu, cuimsítear na bardais seo a leanas, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2021, leis na próisis fíonóireachta, táirgthe agus aosaithe le haghaidh fíonta socra atá incháilithe chun sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Anjou” a bheith orthu agus pacáistiú fíonta súilíneacha atá incháilithe chun an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Anjou” a bheith orthu:

    roinn Indre-et-Loire: Saint-Nicolas-de-Bourgueil;

    roinn Loire-Atlantique: Ancenis-Saint-Géréon (críoch bhardas tarmligthe Ancenis amháin), Le Loroux-Bottereau, Le Pallet, La Remaudière, Vair-sur-Loire (críoch bhardas tarmligthe Anetz amháin), Vallet;

    roinn Maine-et-Loire: Orée d’Anjou (críoch bhardas tarmligthe Saint-Laurent-des-Autels amháin), Saint-Martin-du-Fouilloux.

    API a bhfuil an téarma “gamay” air

    Creat dlíthiúil:

    Reachtaíocht an Aontais

    An cineál coinníll bhreise:

    Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, a shainítear de mhaolú le haghaidh próisis fíonóireachta agus táirgthe fíonta atá incháilithe don sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Rosé d’Anjou”, cuimsítear na bardais seo a leanas, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2021:

    roinn Deux-Sèvres: Saint-Martin-de-Mâcon, Tourtenay;

    roinn Indre-et-Loire: Saint-Nicolas-de-Bourgueil;

    roinn Loire-Atlantique: Ancenis-Saint-Géréon (críoch bhardas tarmligthe Ancenis amháin), Le Loroux-Bottereau, Le Pallet, La Remaudière, Vair-sur-Loire (críoch bhardas tarmligthe Anetz amháin), Vallet;

    roinn Maine-et-Loire: Antoigné, Artannes-sur-Thouet, Bellevigne-les-Châteaux, Brossay, Cizay-la-Madeleine, Le Coudray-Macouard, Courchamps, Distré, Doué-en-Anjou (críoch bhardas tarmligthe Meigné amháin), Épieds, Fontevraud-l’Abbaye, Montreuil-Bellay, Montsoreau, Orée d’Anjou (críoch bhardas tarmligthe Saint-Laurent-des-Autels amháin), Parnay, Le Puy-Notre-Dame, Rou-Marson, Saint-Just-sur-Dive, Saint-Martin-du-Fouilloux, Saumur, Souzay-Champigny, Turquant, Les Ulmes, Varrains, Vaudelnay;

    roinn Vienne: Berrie, Curçay-sur-Dive, Glénouze, Pouançay, Ranton, Saint-Léger-de-Montbrillais, Saix, Ternay, Les Trois-Moutiers.

    Pacáistiú

    Creat dlíthiúil:

    Reachtaíocht náisiúnta

    An cineál coinníll bhreise:

    Pacáistiú sa limistéar críochaithe

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Is trí choipeadh tánaisteach go heisiach a dhéantar na fíonta súilíneacha.

    Ní fhéadfar iad a choimeád ar an moirt i mbuidéil ar feadh tréimhse is lú ná 9 mí.

    Déantar agus cuirtear ar an margadh na fíonta súilíneacha sna buidéil ina ndéantar an coipeadh tánaisteach, cé is moite d’fhíonta a dhíoltar i mbuidéil de thoirt 37,5 cl nó níos lú nó de thoirt 150 cl nó níos mó.

    Lipéadú

    Creat dlíthiúil:

    Reachtaíocht náisiúnta

    An cineál coinníll bhreise:

    Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Na téarmaí roghnacha, a bhféadfadh a n-úsáid a bheith rialaithe ag na Ballstáit faoi fhorálacha an Aontais, déantar iad a mharcáil ar na lipéid i litreacha nach bhféadfar a bheith níos mó, ar airde, ar leithead ná ar thiús, ná dhá oiread mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.

    Is féidir an t-ainm geografach “Val de Loire” a chur i ndiaidh ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa tsonraíocht.

    Méid na litreacha d’ainm geografach “Val de Loire”, ní fhéadfaidh siad a bheith níos mó, ar airde ná ar leithead, ná dhá thrian de mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.

    A bhfuil an téarma “gamay” orthu

    Creat dlíthiúil:

    Reachtaíocht náisiúnta

    An cineál coinníll bhreise:

    Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Cuirtear an téarma “gamay” i ndiaidh ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe i gcás fíonta a chomhlíonann na coinníollacha speisialta is infheidhme maidir leis an téarma sin mar a leagtar amach sa tsonraíocht.

    Ní mór an téarma “gamay” a bheith ar an lipéad i ndiaidh ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe, i litreacha atá ar aon dath lena chéile agus nach mó iad – ar airde ná ar leithead – ná dhá thrian de mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.

    Féadfar na téarmaí “primeur” nó “nouveau” a chur i ndiaidh an téarma “gamay” i gcás fíonta a chomhlíonann na coinníollacha speisialta in infheidhme maidir leis na téarmaí sin mar a leagtar amach leis an tsonraíocht.

    Ní mór do na fíonta atá incháilithe maidir leis an téarma “primeur” nó “nouveau” a bheith orthu bliain an fhíona a lua.

    Fíonta geala neamhcharbónáitithe

    Creat dlíthiúil:

    Reachtaíocht náisiúnta

    An cineál coinníll bhreise:

    Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    Ní mór tuairisc a thabhairt ar fhíonta geala socra leis na téarmaí “demi-sec” (leath-thirim), “moelleux” (leathmhilis) nó “doux” (milis) i ngach doiciméad tráchtála, gach doiciméad loingseoireachta agus ar gach lipéad i gcomhréir leis an méid siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós) atá san fhíon, mar a shainítear le reachtaíocht an Aontais. Cuirtear na sonraí sin ar na lipéid sa réimse radhairc céanna le hainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.

    Aonad geografach níos lú

    Creat dlíthiúil:

    Reachtaíocht náisiúnta

    An cineál coinníll bhreise:

    Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

    Tuairisc ar an gcoinníoll:

    I gcás fíonta incháilithe le haghaidh an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe, féadfar aonad geografach níos lú a shonrú ar a lipéid, ar choinníoll gur logainm é atá liostaithe sa chlár talún agus go mbíonn sé le feiceáil ar an dearbhú buainte. Na litreacha a úsáidfear chun ainm na háite a phriontáil, ní bheidh siad níos mó ná leath de mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, ó thaobh airde ná leithid de.

    Nasc chuig an tsonraíocht táirge

    https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-cea1d3f7-577f-445e-9e58-b708a8d13eb8


    (1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


    Top