Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC00479

    Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe

    C/2023/7168

    IO C, C/2023/479, 30.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/479/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/479/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2023/479

    30.10.2023

    Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe

    (C/2023/479)

    1.   

    Mar a fhoráiltear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), tá an Coimisiún ag tabhairt fógra go rachaidh na bearta frithdhumpála a luaitear thíos in éag ar an dáta a luaitear sa tábla thíos mura dtionscnófar athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas.

    2.   Nós imeachta

    Féadfaidh táirgeoirí de chuid an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú. Ní mór fianaise leordhóthanach a bheith san iarraidh sin gur dócha go leanfar le dumpáil agus le díobháil nó go gcuirfear tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. Má chinneann an Coimisiún na bearta lena mbaineann a athbhreithniú, tabharfar deis ansin d’allmhaireoirí, d'onnmhaireoirí, d'ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí de chuid an Aontais a mbarúil a thabhairt ar na hábhair atá leagtha amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó béim a leagan ar na hábhair sin, nó iad a bhréagnú.

    3.   Teorainn ama

    Ar bhonn an mhéid thuas féadfaidh táirgeoirí an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú, iarraidh nach mór a bheith faighte ag an gCoimisiún Eorpach ag an seoladh seo: Commission européenne, Direction générale du commerce (Unité G-1), CHAR 4/39, 1049 Bruxelles/Brussel, an Bhruiséil (2) tráth ar bith tar éis fhoilsiú an fhógra seo ach tráth nach déanaí ná trí mhí roimh an dáta a luaitear sa tábla thíos.

    4.

    Foilsítear an fógra seo i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036.

    Táirge

    Tír thionscnaimh nó tír is onnmhaireoir

    Bearta

    Tagairt

    Dáta éaga (3) 1)

    Leictreoidí tungstain

    Daon-Phoblacht na Síne

    Dleacht frithdhumpála

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) Uimh. 2019/1267 ÓN gCOIMISIÚN an 26 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí leictreoidí tungstain de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga faoi Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1036

    (IO L 200, 29.7.2019, lch. 4)

    30.7.2024


    (1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

    (2)  TRADE-Defence-Complaints@ec.europa.eu

    (3)  Téann an beart in éag ag meán oíche (00:00) an lá a luaitear sa cholún seo.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/479/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top