EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XC00163

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí

C/2023/6719

IO C, C/2023/163, 6.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/163/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/163/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/163

6.10.2023

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí

(C/2023/163)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

SONRAÍOCHT TÁIRGE MAIDIR LE SPEISIALTACHT TRAIDISIÚNTA RÁTHAITHE

‘Bœuf traditionnel de race Normande’

Uimh. AE: TSG-FR-02867 — 9.9.2022

1.   Ainm(neacha) le clárú

‘Bœuf traditionnel de race Normande’

2.   Cineál táirge [mar atá sé in iarscríbhinn XI]

Aicme 1.1. Feoil úr (agus scairteach)

3.   Na forais le clárú a dhéanamh

3.1.    Is táirge é seo

a eascraíonn as modh táirge, modh próiseála nó modh comhdhéanaimh a chomhfhreagraíonn do chleachtas traidisiúnta maidir leis an táirge sin nó leis an mbia-earra sin.

a tháirgtear ó amhábhair nó ó chomhábhair a úsáidtear go traidisiúnta.

Feoil ó bhullán atá i ‘Bœuf traditionnel de race Normande’, i.e. fireannach coillte den phór Normande.

Beirtear na bulláin ar fheirmeacha déiríochta agus tógtar ansin iad ar fheirmeacha, agus ar an mbealach sin líne tháirgthe bhreise atá ann lenar féidir féarthailte cianda nó féarthailte neamh-insaothraithe a chur in úsáid.

Tá an modh tógála a úsáidtear le haghaidh ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ bunaithe ar nós imeachta teicniúil simplí agus eacnamaíoch atá gan athrú ón Dara Cogadh, Domhanda in ainneoin threisiú na gcóras táirgthe sna 1970idí agus tabhairt isteach sadhlais gráin bhuí sna córais foráiste. Tá fianaise air sin le fáil i roinnt sleachta ón leabhar ‘ L’élevage en Normandie - Etude géographique ’, a d’fhoilsigh an tíreolaí Armand Frémont in 1968.

Tá an modh tógála bunaithe ar fhireannach coillte den phór Normande ag ithe féar innilte ar feadh 7 mí den bhliain ar a laghad, agus féar leasaithe an chuid eile den bhliain. Leis an gcóras tógála seo is féidir ráta mall fáis a bhaint amach leis na hainmhithe. Eisiatar ón mbeatha le haghaidh an ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ sadhlas grán buí agus aon bheatha díorthaithe ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe. Pór suaimhneach is ea é a fhásann go mall mar gheall ar an gcoilleadh lena gcothaítear freisin cruth maith conablaigh agus marmarú na feola.

3.2.    An t-ainm seo

a shainaithnítear saintréith thraidisiúnta nó saintréith shonrach an táirge leis nó nach sainaithnítear.

a úsáideadh go traidisiúnta é chun tagairt a dhéanamh don táirge sonrach nó nár úsáideadh

Déantar leis an ainm ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ idirdhealú idir feoil fireannaigh coillte den phór Normande agus feolta eile a cuireadh ar an margadh faoin téarma cineálach ‘mairteoil’. Go deimhin, cuirtear an chuid is mó d’fheoil ar an margadh faoin téarma cineálach ‘mairteoil’, ar choinníoll go dtagann sí ó bhó-ainmhithe fásta (ba déiríochta nó bá diúil atá chun dealú, tairbh óga nó bodóga).

Tá an beatha le haghaidh an ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ bunaithe ar fhéar innilte nó leasaithe. Úsáideann an fheirmeoireacht beostoic pór sonrach agus beatha shonrach, rud a ligean do na hainmhithe fás go mall, agus meas a léiriú do thréimhsí ailtéarnacha innilte de 7 mí ar a laghad le dara tréimhse ar féidir a chaitheamh i seideanna.

Is pór measctha é an pór Normande ar féidir bainne agus feoil a tháirgeadh araon. Tá clú air as cáilíocht a bhainne (cáis agus im), a fhadsaolaí agus a thuathúlacht, i.e. oiriúnacht don fheirmeoireacht saor-raoin. Glacann sé go maith freisin le héagsúlachtaí séasúracha aeráide; is féidir leis fanacht ar féarach ar feadh na bliana, agus is féidir leis meáchan a chailleadh agus é a fháil ar ais arís go furasta (Le Liboux P., 1974 agus ‘ Patrimoine normand ’, 2000). Tá clú ar a chruth conablaigh agus ar cháilíocht a fheola (painéal den ghiúiré ‘Gault et Millau’, 1992).

Go traidisiúnta, rinne feirmeacha déiríochta a bhfuil an pór Normande acu bulláin a innilt i gcónaí ar fhéarthalamh chianda nó ar fhéarthalamh gur deacair í a shaothrú, agus tugadh deis leis sin úsáid táirgiúil a bhaint as na fireannaigh.

4.   Tuairisc

4.1.    Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm faoi phointe 1, lena n-áirítear a phríomhshaintréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíocha nó orgánaileipteacha a léiríonn saintréith shonrach an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán)

Mairteoil a fhaightear ó fhireannach coillte den phór Normande, idir 30 agus 48 mí d’aois is ea é ‘Bœuf traditionnel de race Normande’.

Is pór measctha é an pór Normande a bhfuil clú air as a chumas bainne agus feoil a tháirgeadh.

Déantar na conablaigh a aicmiú mar O ar a laghad = le cumhdach saille ‘3’ nó ‘4’.

Tá an t-íosmheáchan 380 kg le haghaidh conablaigh a aicmítear mar O+ agus 410 kg le haghaidh conablaigh a aicmítear mar O=. Is í gné shonrach amháin de na conablaigh sin ná go mbíonn cumhdach saille ard acu, seachas ar an leis agus ar an ngualainn.

Tá na matáin thóracsacha agus idireasnacha insíothlaithe le saill agus tá an fheoil marmarach.

Bíonn dath dúdhearg ar an bhfeoil, insíothlaithe le saill a bhfuil dath de chollchnónna uirthi.

4.2.    Tuairisc ar mhodh táirgthe an táirge a bhfuil feidhm ag an ainm faoi phointe 1 maidir leis, pointe is gá do na táirgeoirí a leanúint, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cineál agus saintréithe na n-amhábhar nó na gcomhábhar a úsáidtear, agus an modh lena n-ullmhaítear an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)

Ní mór aon oibreoir ar mian leis a bheith rannpháirteach i gcuid den phróiseas, nó sa phróiseas iomlán a bhaineann le ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ a tháirgeadh iad féin a shainaithint don ghrúpa.

Ní mór do na hoibreoirí an taifead inrianaitheacht aonair, nó aon doiciméad coibhéiseach ar féidir é a ríomhairiú, a ghabhann le gach ainmhí go dtí go maraítear é a chur ar fáil, chomh maith le haon doiciméad is gá le haghaidh seiceálacha.

Aon oibreoir a dhiúltaíonn an maíomh don sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ le haghaidh ainmhí ní mór dó an grúpa a chur ar an eolas trí chóip comhlánaithe de thaifead inrianaitheacht an ainmhí a sheoladh chuige.

Léirítear na nithe seo a leanas i ndearbhú bliantúil táirgeachta achomair:

le haghaidh marfóirí ainmhithe: líon agus meáchan na gconablach a shainaithnítear leis an STR ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ don bhliain N-1.

le haghaidh póraitheoirí:

o an líon bullán curtha ar an margadh faoin STR ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ don bhliain N-1;

o an líon ainmhithe a tógadh i gcomhréir leis an tsonraíocht le haghaidh an STR ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ don bhliain N.

Seolann oibreoirí an dearbhú sin chuig an ngrúpa ar a dhéanaí faoin 28 Feabhra, bliain N.

4.2.1.   Maidir leis an ainmhí

Déantar tagairt leis an téarma ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ d’fhireannach den phór Normande (cód pórtha 56 don dá thuismitheoir).

Tarlaíonn coilleadh roimh aois 7 mí (210 lá). Bíonn ainéistéise agus/nó anailgéise éigeantach le haghaidh an chleachtais sin.

Chun dí-adharcadh a dhéanamh, bíonn ainéistéise nó anailgéise agus dífhabhtú na gcréachtaí éigeantach.

Ní mór don phóraitheoir an taifead inrianaitheacht aonair a choinneáil cothrom le dáta, lena n-áirítear le haghaidh gach ainmhí an fhaisnéis ón bpas bó-ainmhithe i dteannta le huimhir aitheantais na feirme agus an dáta a rinneadh an t-ainmhí a choilleadh.

4.2.2.   Beatha údaraithe

Itheann na hainmhithe beatha atá bunaithe ar dhéiríocht, beatha atá sa chiondáil bhunúsach agus dlúthbhianna forlíontacha agus beatha.

Beatha atá bunaithe ar dhéiríocht:

Nuair a úsáidtear púdar bainne, bíonn sé comhdhéanta go príomha de phróitéiní de bhunadh ainmhíoch.

Tá an chiondáil bhunúsach comhdhéanta díobh seo a leanas:

féar innilte, féar sleabhctha nó corntha nó sadhlais féir (gan aon leasaithigh cheimiceacha bhreise agus le cion ábhair thirim níos mó ná 27 %);

tuí ó ghránaigh, próitéin agus barr léagúmach;

alfalfa sleabhctha nó corntha nó sadhlais alfalfa (le cion ábhair thirim níos mó ná 27 %);

biatas.

Toirmisctear sadhlais gráin bhuí.

Beatha chomhdhlúite agus forbhianna beatha:

gráin ghráinigh agus táirgí díorthaithe: cruithneacht, eorna, coirce, triteacál, grán buí,

maislín,

millíní alfalfa,

laíon biatais,

olashíolta, olathorthaí, agus táirgí a dhíorthaítear uathu: síol ráibe, soighe agus líon.

síolta léagúim agus táirgí a dhíorthaítear uathu: piseanna agus pónairí.

Ceadaítear mianraí.

Toirmeasctar úiré agus a díorthaigh.

Toirmeasctar breiseáin de bhunadh ainmhíoch.

Toirmeasctar beatha ina bhfuil ola pailme.

I gcomhréir leis an tsonraíocht, ní cheadaítear sa bheatha ainmhithe ach plandaí, comhtháirgí agus beatha a dhíorthaítear ó tháirgí neamh-thrasghéineacha.

4.2.3.   Tógáil

4.2.3.1.   Cothú

—   Ón 1ú lá go dtí an 6ú mí san áireamh

Tógtar ainmhí atá beartaithe a bheith ina ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ faoin gcóras déiríochta, le dáileadh bainne iomláin nó bainne phúdraithe agus is féidir forbhia bunaithe ar ghránaigh agus ar fharae a thabhairt dó sula mbaintear den diúl é.

I gcaitheamh na tréimhse sin, ní féidir le cainníocht na ndlúthbhianna a bheith níos mó ná 500 kg ábhair thirim. Ní áirítear bainne púdraithe sa chomhaireamh sin.

—   Ón 7ú mí go dtí tráth a maraithe

Bíonn an ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ ag innilt ar feadh dhá shéasúr an tsamhraidh iomlán ar a laghad, agus maireann siad araon 7 mí, idir mí an Mhárta agus Mí na Samhna ar a laghad.

Le linn na tréimhse innilte sin, is é féar innilte atá sa bheatha bhunúsach. Féadfar forbhia a thabhairt do na hainmhithe i bhfoirm burlaí féir thirim nó tuí, nó dlúthbhianna, ag brath ar fhás an fhéir.

Is é 30 acra in aghaidh an aonaid bheostoic (LU) an t-ualach iomlán bliantúil ar limistéir féaraigh.

Ní mór an póraitheoir leabhar innilte atá cothrom le dáta a choinneáil chun na nithe seo a leanas a shainaithint le haghaidh gach dáileacht:

na huimhreacha aonair lena sainaithnítear na bulláin ag innilt uirthi,

na dátaí iontrála agus imeachta ón bhféarthalamh.

Le linn an gheimhridh, is é féar atá fós sa bheatha bhunúsach. Beathaítear an ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ le farae bunaithe ar fhéar a bhfuil cion ábhair thirim de 60 % ar a laghad don chiondáil bhunúsach.

Féadfar beatha chomhdhlúite forlíontach a dháileadh agus iad ar féarach nó i seideanna.

Tagann 80 % den chiondáil bhunúsach a dháiltear do na bulláin ón fheirm.

—   Bailchríochnú

Is í an chéim chríochnaithe an chéim dheireanach roimh mharú agus úsáidtear í chun cruth conablaigh na n-ainmhithe a bheachtú. Féadfar é sin a tharlú i seideanna nó ar féarach, is í ceann de na saintréithe den phór Normande gur féidir í a chríochnú ar fhéar.

Le linn an 2 mhí roimh marú, féadfar suas le 250 kg d’ábhar tirim i mbeatha chomhdhlúite forlíontach a chur leis.

Ní mór don phóraitheoir an taifead inrianaitheacht aonair a choinneáil cothrom le dáta, agus na nithe seo a leanas a léiriú:

an dáta ramhraithe

an dáta is luaithe maraithe.

Tá cainníocht iomlán na ndlúthbhianna arna ndáileadh don ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ ón mbreith go dtí marú teoranta do 1 500 kg d’ábhar tirim.

4.2.3.2.   Cóiríocht

Agus na bulláin taobh istigh, féadfar iad a bheith i dtithíocht scaoilte ar easair dhomhain (le hachar aclaíochta nó gan cheann), i gcró geimhrithe cobhsaithe, nó i stalla stáinsí nó scioból stáinsí.

Socraítear an cochán sa tithíocht dá réir sin i mbealach lenar féidir leis na bulláin leibhéal maith de ghlaineacht a choinneáil ar bun, i.e. ní théann na codanna salaithe ar a mhéad thar an leath íochtarach den leis, an bolg íochtarach agus an steirneam.

Baineann an coincheap maidir le glaineacht leis an samhradh agus leis an ngeimhreadh freisin nuair a chaitear taobh amuigh í.

Bíonn 6 m2/ LU ar a laghad ag na hainmhithe agus iad faoi dhíon. Maidir le hainmhithe atá níos mó ná 36 mí d’aois, méadaítear an limistéar sin go 8 m2/ LU. Bíonn 0.7 m/ LU ar a laghad ag na hainmhithe i dtrachanna agus spás amháin ar a laghad in aghaidh an ainmhí i gcás ina gcuirtear srian i bhfeidhm (sconsa beathaithe, barraí fiara, etc.).

Toirmeasctar grátáil iomlán.

Ceadaítear iad a choinneáil go hiomlán faoin aer.

4.2.4.   Saintréithe maraithe agus conablach

Maraítear an ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ idir 30 agus 48 mí d’aois. Is é sin an t-am is gá chun go mbainfidh na hainmhithe tairbhe as dhá shéasúr innilte ar a laghad.

Ní féidir leis an tréimhse idir imeacht ón ngabháltas agus marú an ainmhí a bheith níos mó ná 24 uair an chloig más rud é go bhfuil an iompar díreach ón ngabháltas, agus 36 uair an chloig má théann an t-ainmhí trí lárionad tionóil.

Chun leas an ainmhí a áirithiú, ní cheadaítear ach marú le stiúdadh amháin.

Chun leibhéal maith crutha conablaigh a ráthú don ‘Bœuf traditionnel de race Normande’, de réir eangach EUROPA:

ní mór íosmheáchan 380 kg ar a laghad a bheith ag conablaigh a aicmítear mar O+;

ní mór íosmheáchan 410 kg ar a laghad a bheith ag conablaigh a aicmítear mar O=.

Ní bhíonn ach na conablaigh ag a bhfuil cumhdach saille de 3 nó 4 amháin incháilithe don STR ‘Bœuf traditionnel de race Normande’.

Ní mór don phóraitheoir an taifead inrianaitheacht aonair a choinneáil cothrom le dáta, agus na nithe seo a leanas a léiriú:

dáta agus am imeachta ón bhfeirm chuig an seamlas;

aitheantas an tseamlais:

Ní mór don mharfóir ainmhithe an taifead inrianaitheacht aonair a choinneáil cothrom le dáta, agus na nithe seo a leanas a léiriú:

Ainm nó Uimhir an mharfóra ainmhithe

Dáta agus am maraithe

Uimhir Sheamlais

Meáchan an chonablaigh

Aicmiú conablaigh

Cumhdach saille

Ní mór an fheoil a shainaithint leis an STR ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ i ndiaidh don mharfóir ainmhithe na conablaigh a mharcáil. Sainaithnítear na conablaigh i gcomhréir leis an tsonraíocht trí na focail ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ agus lipéid a ghreamú ar an gconablach agus ar na gearrthacha.

4.2.5.   Lipéadú

Ní mór lipéadú ar gach pacáiste aonaid de ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ a léiriú:

ainm an tsainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht ‘Bœuf traditionnel de race Normande’, clóite:

sna carachtair is mó a bhfuil ar an lipéad,

i gcarachtair comhionanna den mhéid céanna i dtéarmaí airde agus leithéid araon,

i gcarachtair den dath céanna,

i mbloc aonair.

Na focail ‘Sainearraí Traidisiúnta Faoi Ráthaíocht’ agus an tsiombail ‘STR’ díreach roimh nó tar éis ainm an STR gan aon tagairtí idirmheánacha.

Ní mór gach téarma eile a bheith deighilte go soiléir ón ainm.

4.3.    Tuairisc ar na príomheilimintí lena mbunaítear carachtar traidisiúnta an táirge

Is cuid de stair na feirmeoireachta beostoic i réigiúin Grand-Ouest na Fraince é táirgeadh ‘Bœuf traditionnel de race Normande’.

Mar gheall ar ithir agus aeráid Grand Ouest, cliabhán den phór Normande, athruithe sa gheilleagar agus i ndlí tuaithe a tharla i saol na feirmeoireachta ó bhí an 16ú céad ann agus gaireacht Pháras, cuireadh go mór le carachtar traidisiúnta na táirgeachta sin in imeacht na mblianta (Frémont A., 1967).

Go dtí An Dara Cogadh Domhanda, thar stráicí fada críche i Normainn le comhchruinniú ard talún féaraigh, rinne cáilíocht ithreach agus an aeráid aigéanach saothrú féir a éascú. Mar gheall ar an tírdhreach d’fhálta sceach, a thír-raon aimhréidh agus urláir thaise na ngleannta is deacair úsáid a bhaint as céachtaí. Dá bhrí sin forbraíodh feirmeoireacht beostoic anseo ar an gcoincheap ‘ embouche ’ (ramhrú féir), lena mbaineann ramhrú ainmhithe trua a bhí ina n-ainmhithe oibre de ghnáth.

Ansin, sa dara leath den 19ú céad, bhí pórú beostoic ina speisialtóireacht sa limistéar seo, spreagtha ag an gcliseadh ar phraghsanna gránach ar onnmhairí ollmhóra ón taobh eile den Aigéan Atlantach sa chuid deiridh den 19ú céad agus tréigean na tuaithe tráth thionsclú na Fraince a ba chúis leis (Bertaux J.J., 1997).

Mar gheall ar luach eacnamaíoch níos ísle barr i dteannta easpa saothair bhí méadú ar thalamh féaraigh agus dá bhrí sin i bhfeirmeoireacht eallaigh, go háirithe leis an bpór eallaigh Normande. Thosaigh feirmeoirí beostoic ansin a n-ainmhithe a ramhrú, as ar eascair forbairt agus speisialtóireacht táirgeachta (Frémont A., 1967).

Bhí feirmeoireacht den sórt sin, nasctha go stairiúil le feirmeoireacht déiríochta ag baint úsáid as an bpór Normande, brabúsach gan a bheith dian ar shaothar. Go deimhin, bhí deiseanna tráchtála i bPáras go príomha, an margadh is gaire agus is mó a raibh gealladh faoi (Frémont A., 1967).

Thar an tréimhse chéanna, d’éirigh pórú beostoic Normande níos gairmiúla agus rinneadh iarrachtaí cáilíocht beostoic a fheabhsú trí úsáid a bhaint as an gcoincheap nua roghnaithe le haghaidh feola, trí ghéinte ó eallach Durham, pór Sasanach a tógadh le haghaidh mairteola go príomha, ach le haghaidh bainne freisin, an margadh táirgí úra a raibh ag fás sa phríomhchathair lena n-aghaidh (uachtar, im agus cáiseanna boga).

Chruthaigh an margadh i bPáras, le fás sna cathracha móra uile ina dhiaidh sin é go dtí na 1960idí, margadh táirgí feola agus déiríochta a bhí ag fás go mór agus dá réir sin neartaíodh an coincheap den phór Normande mar phór ilchuspóireach, lena ndearnadh líne tháirgeachta chomhlántach den ‘Bœuf traditionnel de race Normande’.

Ghlac sé leis na teicnící ramhraithe a úsáideadh i ramhrú féir thraidisiúnta(embouche), bunaithe ar bhainistíocht talaimh i gcomhréir le cáilíocht an talaimh agus ráta fáis féir, dhá choincheap lenar féidir innilt agus buain farae a bharrfheabhsú don gheimhreadh.

Bhain an táirgeadh sin ar cháilíochtaí bunúsacha an ainmhí, a bhaintear amach tríd an bhfás mall a éascaítear le coilleadh, ós rud é gurb é an easpa hormón fireann a ba chúis leis na hainmhithe ag forbairt ar ráta níos moille.

Tógadh an ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ dá réir sin ar aiste bia bunaithe ar innilt agus beatha leasaithe bunaithe ar fhéar sa gheimhreadh.

I dteannta suaimhneas na n-ainmhithe a ráthú, áirithítear le coilleadh freisin dáileadh níos fearr de mhais na matán ar pháirteanna cúil an ainmhí agus dá bhrí sin cruth conablaigh níos fearr, rud a bhí feabhsaithe a thuilleadh ag an bpór Normande ilchuspóireach.

Tháinig táirgeadh ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ i dtreis gach áit ina raibh an pór Normande, in ainneoin speisialtóireacht an táirgthe déiríochta agus na córais bheatha bunaithe ar shadhlas grán buí agus soighe ag deireadh an 20ú céad de thoradh géarú ar mhodhanna tógála (Bertaux J.J., 1997).

Onnmhairíodh tréad déiríochta Normande agus an táirgeadh mairteola a ghabhann leis i bhfad óna n-áit tionscnaimh, chuig réigiúin ina ndearna an neamhfhéidearthacht talamh féaraigh áirithe a shaothrú an coincheap maidir leis an tréad céanna a úsáid chun bainne agus feoil araon a tháirgeadh mealltach.

Tháinig forbairt ar an bpór Normande agus ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ i dtreis mar shampla, sa Bhriotáin, Dúiche an Loire, an Lárionad agus a fhad agus teorainneacha Charente.

Comhdhearbhaítear na heilimintí uile sin ag dhá shliocht ón leabhar ag Armand Frémont dar teideal ‘L’élevage en Normandie - Etude géographique’, a foilsíodh in 1968.

Sa chéad shliocht thíos, a tógadh ón mír ag déileáil le ‘ainmhithe a bhfuil sé beartaithe iad a mharú’, a roinneann sé i dtrí chatagóir - an lao, an bullán óg neamhaibí agus an bullán traidisiúnta - tugann sé tuairisc ar an gceann deireanach mar a leanas don bhliain 1968 nuair a bhí an pór Normande i láthair go príomha sa Normainn i dtréada déiríochta, ag léiriú dá réir gur cineál táirgthe an-sonrach é sin le húsáid bullán a maraíodh ag 3 bliana d’aois, agus a ramhraíodh go príomha trí úsáid a bhaint as an modh ramhraithe féir (embouche), nach ionann agus a bheith cothaithe as trach:

Mar sin féin, léirítear an catagóir is mó leis an mbullán traidisiúnta 3 bliana d’aois, a sholáthraíonn ar an meán 300 cileagram glan feola. Is cineál bunaidh táirgthe é sin (…), níl amhras ar bith ann gur saghas daingean aige an Normainn. Bíonn beostoc atá ramhraithe ar fhéar sa Normainn níos mó ná 20 % den tréad náisiúnta. Déantar na ranna Orne, Seine-Maritime agus Calvados a rangú mar cheannairí sa táirgeacht seo atá foroinnte go han-éagothrom idir ramhrú as trach sna tailte ísle agus ramhrú ar fhéar go príomha i limistéir féarthailte den chuid is mó ’.

Soiléirítear leis an dara sliocht an coincheap maidir le embouche, á shainmhíniú mar mhodh chun eallach a ramhrú trína mbeathú le féar:

Tagann an chéad débhríocht den trádáil feola chun soiléire leis an “emboucheur” speisialaithe (feirmeoir féarthailte), a dtagraítear dó níos coitianta mar an “herbager” (duine lusra). Sa 19ú céad, sholáthraigh cásdlí na Cúirte Caen sainmhíniú soiléir: ‘is é an “herbager” (feirmeoir féarthailte) an duine aonair a dhéanann, chun na féarthailte nó na feirmeacha ar leis iad a shaothrú, eallach trua a cheannach agus iad a athdhíol i ndiaidh dóibh na féarthailte a lomadh agus iad féin a ramhrú ’.

Sa 19ú céad, mar a bhí tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus mar atá fós inniu, sainmhínítear an ‘Bœuf traditionnel de race Normande’ dá réir sin mar fhireannach coillte den phór Normande a mharaítear thart ar 3 bliana d’aois i ndiaidh dó a bheith ramhraithe ar fhéar.


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Na príomhphointí atá le seiceáil

Soláthar na sonraíochta

Modh measúnaithe

Pór údaraithe

Doiciméadach agus amharc

Fireannach coillte roimh aois 7 mí

Doiciméadach agus amharc

Amhábhair sa chiondáil bhunúsach

Doiciméadach agus amharc

Láithreacht ar fhéarach

Amharc

Tréimhse innilte

Doiciméid


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/163/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top