This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023XC00160
Notice of initiation of an anti-subsidy proceeding concerning imports of new battery electric vehicles designed for the transport of persons originating in the People’s Republic of China
Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frith-fhóirdheontais i ndáil le hallmhairí feithiclí ceallra-leictreacha nua atá ceaptha chun daoine a iompar, allmhairí ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad
Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frith-fhóirdheontais i ndáil le hallmhairí feithiclí ceallra-leictreacha nua atá ceaptha chun daoine a iompar, allmhairí ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad
C/2023/6731
IO C, C/2023/160, 4.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/160/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/160 |
4.10.2023 |
Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frith-fhóirdheontais i ndáil le hallmhairí feithiclí ceallra-leictreacha nua atá ceaptha chun daoine a iompar, allmhairí ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad
(C/2023/160)
Cuireann an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) tús ar a thionscnamh féin le himeachtaí frith-fhóirdheontais de bhun Airteagal 10(8) de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), ar an bhforas go bhfuil allmhairí feithiclí ceallra-leictreacha nua atá ceaptha do dhaoine a iompar á bhfóirdheonú, allmhairí ar de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne iad, agus go bhfuil díobháil (2) á déanamh do thionscal an Aontais dá mbarr.
1. Faisnéis faoin margadh
Tar éis mionanailís a dhéanamh ar na forbairtí margaidh a tharla le déanaí agus aird á tabhairt ar íogaireacht earnáil na bhfeithiclí leictreacha agus ar an tábhacht straitéiseach a bhaineann léi do gheilleagar an Aontais ó thaobh na nuálaíochta, an bhreisluacha agus na fostaíochta de, tá faisnéis mhargaidh bailithe ag an gCoimisiún ó fhoinsí neamhspleácha éagsúla. Léiríonn an fhaisnéis sin gur ann d’fhóirdheonú ó Dhaon-Phoblacht na Síne, rud a chuireann isteach go diúltach ar staid thionscal an Aontais.
Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil go poiblí, tá fianaise leordhóthanach ann lena léirítear go mbaineann allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tairbhe as fóirdheontais in-fhrithchúitithe a sholáthraíonn Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne. De bharr na bhfóirdheontas sin, bhí na hallmhairí fóirdheonaithe in ann a sciar den mhargadh san Aontas a mhéadú go tapa chun dochar thionscal an Aontais. Tá tuilleadh eolais maidir leis sin i Roinn 3 den Fhógra seo.
Léiríonn an fhianaise atá ar fáil, mar a achoimrítear i Roinn 4 den Fhógra seo, go bhfuil dóchúlacht ann go dtiocfaidh méadú suntasach ar allmhairí ar phraghas íseal fóirdheonaithe, agus go mbeadh garbhaol díobhála ann do thionscal an Aontais atá leochaileach cheana. Mar thoradh ar an mborradh sin ar allmhairí ar phraghas íseal, allmhairí atá ag gnóthú sciar mór de mhargadh atá ag fás go tapa agus ina bhfuil gá le ráta infheistíochtaí atá mór agus leanúnach, de réir mar a bhogann margadh an Aontais i dtreo leictriú iomlán, thabhódh tionscal an Aontais caillteanais throma a d’fhéadfadh éirí neamh-inbhuanaithe go tapa.
Sna himthosca speisialta sin, ós rud é go bhfuil fianaise leordhóthanach ag an gCoimisiún a thaispeánann, tríd is tríd, gur ann d’fhóirdheonú, do bhagairt díobhála agus do nasc cúisíoch, fianaise is gá chun imscrúdú frith-fhóirdheontais a thionscnamh, chinn sé, i gcomhréir le hAirteagal 10(8) den bhun-Rialachán, dul ar aghaidh leis an tionscnamh sin gan gearán i scríbhinn a bheith faighte aige ó thionscal an Aontais nó thar a cheann.
De bhun Airteagal 11(11) den bhun-Rialachán, iarrtar ar tháirgeoirí de chuid an Aontais a tháirgeann an táirge comhchosúil comhoibriú leis an gCoimisiún in imscrúduithe arna dtionscnamh de bhun Airteagal 10(8).
Chun críche an imscrúdaithe ex officio seo, féadfaidh páirtithe leasmhara anaithnideacht a iarraidh, mar a shonraítear i Roinn 5.8 den Fhógra seo.
I roinn 5.6 den Fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.
2. An táirge faoi imscrúdú
Is é atá sa táirge atá faoi réir an imscrúdaithe seo feithiclí ceallra-leictreacha nua, atá ceaptha go príomha chun naonúr nó níos lú a iompar, an tiománaí san áireamh, a thiomáintear (3) le mótar leictreach amháin nó níos mó. Eisiatar gluaisrothair ón imscrúdú seo.
Gach páirtí leasmhar ar mian leis faisnéis a chur isteach maidir leis an raon táirge, ní mór dó é sin a dhéanamh laistigh de 10 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo (4).
3. Fianaise maidir le fóirdheonú
An táirge a líomhnaítear go bhfuil sé á fhóirdheonú, is é an táirge faoi imscrúdú ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tír lena mbaineann’) é, agus aicmítear é go príomha faoi chód AC 8703 80 10 faoi láthair. Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar an cód AC gan dochar d’aon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an aicmiú de réir taraife ina dhiaidh sin. Tá raon feidhme an imscrúdaithe sin faoi réir shainmhíniú an táirge atá faoi imscrúdú, sainmhíniú atá i roinn 2.
Bhailigh an Coimisiún fianaise leordhóthanach lena léirítear go mbaineann táirgeoirí an táirge atá faoi imscrúdú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tairbhe as fóirdheontais éagsúla a dheonaíonn Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne.
Is éard atá sna cleachtais fóirdheontais, inter alia, (1) cistí a aistriú go díreach agus cistí nó dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann a aistriú go díreach, (2) ioncam rialtais a tarscaoileadh nó nár bailíodh, agus (3) soláthar earraí nó seirbhísí rialtais ar luach saothair nach leordhóthanach.
Go háirithe, tháinig an Coimisiún ar fhianaise, i measc nithe eile, maidir le deontais éagsúla, soláthar iasachtaí, creidmheasanna onnmhairiúcháin agus línte creidmheasa arna soláthar ag bainc faoi úinéireacht an Stáit nó bannaí arna bhfrithghealladh ag bainc faoi úinéireacht an Stáit agus ag institiúidí airgeadais eile ar théarmaí fabhracha, soláthar árachais onnmhairiúcháin fhabhraigh; laghduithe ar cháin ioncaim agus díolúintí uaithi, díolúine ó cháin díbhinne, lacáistí cánach ar allmhairí agus ar onnmhairí; díolúintí agus lacáistí ó CBL; agus soláthar earraí (amhail amhábhair agus ábhair ionchuir chomh maith le comhpháirteanna) agus seirbhísí ag an rialtas ar luach saothair nach bhfuil leordhóthanach.
Dealraíonn sé gur fóirdheontais iad na scéimeanna thuas ós rud é go bhfuil ranníocaíocht airgeadais ó Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne nó ó rialtais réigiúnacha eile (lena n-áirítear comhlachtaí poiblí) i gceist leo, nó ó chomhlachtaí príobháideacha arna dtreorú ag Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne nó a gcuireann an Rialtas sin cúram orthu, agus lena dtugtar tairbhe do na faighteoirí. Dealraíonn sé go bhfuil siad sonrach agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad in-fhrithchúitithe, i measc nithe eile, ós rud é go bhfuil siad teoranta d’earnálacha, táirgí agus/nó réigiúin áirithe.
I bhfianaise Airteagal 10(2) agus 10(3) den bhun-Rialachán, d’ullmhaigh an Coimisiún meabhrán i ndáil le leordhóthanacht na fianaise ina bhfuil measúnú an Choimisiúin ar an bhfianaise ar fad atá ar fáil dó maidir leis an tír lena mbaineann, agus arb ar a bonn a dhéanann an Coimisiún an t-imscrúdú a thionscnamh. Is féidir an meabhrán sin a fháil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara.
Forchoimeádann an Coimisiún an ceart chun imscrúdú a dhéanamh ar fhóirdheontais ábhartha eile, a d’fhéadfaí a nochtadh le linn an imscrúdaithe.
4. Fianaise maidir le bagairt díobhála agus an nasc cúisíoch
Léiríonn cineál éagsúil na bhfóirdheontas atá i gceist go gcuidíonn siad le roinnt gnéithe a bhaineann le táirgeadh agus díol an táirge lena mbaineann, rud a áirithíonn tacaíocht leanúnach don earnáil sin. Dá bhrí sin, féadfar a thuar go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag allmhairí fóirdheonaithe an táirge lena mbaineann go fóill ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.
Tá fianaise leordhóthanach ag an gCoimisiún go bhfuil méadú tagtha ar allmhairí fóirdheonaithe an táirge atá faoi imscrúdú ón tír lena mbaineann ag ráta suntasach i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí sciar den mhargadh araon. Méadú den sórt sin, mar aon le gnéithe eile amhail an acmhainn atá indiúscartha go héasca agus tarraingteacht mhargadh an Aontais ó thaobh praghsanna de, léiríonn siad an dóchúlacht go dtiocfaidh méadú substaintiúil ar allmhairí go luath amach anseo.
Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar fhianaise go bhfuil acmhainneacht leordhóthanach atá indiúscartha go héasca i nDaon-Phoblacht na Síne agus go bhfuil an acmhainneacht sin ar tí méadú go substaintiúil, méadú nach dócha go mbeidh margaí in ann é a shú, rud a léiríonn an dóchúlacht go dtiocfadh méadú substaintiúil ar allmhairí fóirdheonaithe a bheadh ina gcúis le díobháil.
Léiríonn an fhianaise atá ar fáil don Choimisiún freisin go bhfuil praghsanna na n-allmhairí fóirdheonaithe i bhfad níos ísle i gcomparáid le praghsanna thionscal an Aontais, rud a laghdaíonn praghsanna nó a choisceann méaduithe ar phraghsanna a tharlódh murach sin agus, dá bhrí sin, a chuireann brú nach beag ar dhíolacháin an Aontais, ar sciartha den mhargadh agus ar chorrlaigh bhrabúis. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcomhthéacs ina mbeidh ar thionscal an Aontais méideanna níos airde díolachán a bhaint amach i margadh na bhfeithiclí ceallra-leictreacha chun go mbeidh sé in ann na hinfheistíochtaí móra is gá a dhéanamh le leanúint de bheith iomaíoch san aistriú chuig leictriú iomlán. Mar thoradh ar an mborradh atá tagtha ar allmhairí feithiclí ceallra-leictreacha nua ar phraghas íseal, allmhairí ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad agus a bhfuil sciartha móra den mhargadh acu i margadh atá ag fás, thabhódh tionscal an Aontais caillteanais throma a d’fhéadfadh a bheith neamh-inbhuanaithe go tapa.
D’fhéadfadh fardail an táirge atá faoi imscrúdú a bheith ábhartha, cé go n-oibríonn an tionscal gluaisteán, go ginearálta, ar bhonn orduithe.
5. Nós imeachta
Sna himthosca speisialta seo, ós rud é gur ann d’fhianaise leordhóthanach ar fhóirdheonú, ar bhagairt díobhála agus ar nasc cúisíoch, fianaise is gá chun imeachtaí frith-fhóirdheontais a thionscnamh, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, tionscnaíonn an Coimisiún leis seo imscrúdú ex officio de bhun Airteagal 10 (8) den bhun-Rialachán.
Cinnfear san imscrúdú cé acu atá nó nach bhfuil fóirdheontas á thabhairt don táirge atá faoi imscrúdú de thionscnamh na tíre lena mbaineann, agus cé acu a dhéanann nó nach ndéanann na hallmhairí dar tugadh fóirdheontas díobháil do thionscal an Aontais.
Más deimhneach na conclúidí, scrúdófar san imscrúdú an mbeadh sé i gcoinne leas an Aontais dá bhforchuirfí bearta.
Tugadh cuireadh chuig comhairliúcháin do Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne.
5.1. An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
An t-imscrúdú ar fhóirdheonú agus díobháil, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023 (‘an tréimhse imscrúdúcháin’). Leis an scrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir le measúnú na díobhála, cumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí deireadh thréimhse an imscrúdaithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).
5.2. Barúlacha maidir leis an gcomhad agus tionscnamh an imscrúdaithe
Gach páirtí leasmhar ar mian leis barúil a thabhairt maidir leis an gcomhad (lena n-áirítear ábhair a bhaineann le díobháil agus cúisíocht) nó maidir le haon ghé a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór dó déanamh amhlaidh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fógra seo.
Aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór í a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.
5.3. Nós imeachta um fhóirdheontais a chinneadh
Táirgeoirí onnmhairiúcháin (5) an táirge faoi imscrúdú ón tír lena mbaineann agus údaráis na tíre lena mbaineann, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.
5.3.1. Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin
Nós imeachta um roghnú na dtairgeoirí onnmhairiúcháin a ndéanfar imscrúdú orthu sa tír lena mbaineann
(a) Sampláil
Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann a bheith bainteach leis na himeachtaí seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon tairgeoirí a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin). Is i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.
Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, faisnéis faoina chuideachta nó faoina chuideachtaí a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá tar éis dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/AS689_SAMPLING_FORM_FOR_EXPORTING_PRODUCER. I roinn 5.7 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar Tron.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, rinne sé teagmháil le húdaráis na tíre lena mbaineann freisin agus féadfaidh sé teagmháil a dhéanamh le haon chomhlachas aitheanta de tháirgeoirí onnmhairiúcháin.
Má tá gá le sampla, féadfar na tairgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó d'allmhairí chuig an Aontais ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta, údaráis na tíre lena mbaineann, agus comhlachais táirgeoirí onnmhairiúcháin, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh, trí údaráis na tíre lena mbaineann más iomchuí, faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.
Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de na táirgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh iad a roghnú nó gan iad a roghnú le bheith sa sampla. Beidh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.
Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2684.
Cuirfidh an Coimisiún nóta a léiríonn roghnú an tsampla leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de thrí lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.
Cuirfear an ceistneoir ar fáil freisin d’aon chomhlachas aitheanta de tháirgeoirí onnmhairiúcháin, agus d’údaráis na Dhaon-Phoblacht na Síne.
Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 28 den bhun-Rialachán, na cuideachtaí a bhí toilteanach a bheith sa sampla ach nár roghnaíodh iad le bheith ann, measfar gur cuideachtaí comhoibríocha atá iontu (‘táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte’). Gan dochar do mhír (b) thíos, an dleacht frithchúitimh a fhéadfar a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte, ní sháróidh sí an meánmhéid ualaithe fóirdheonaithe a ríomhadh le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sa sampla (6).
(b) Méid aonair an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe le haghaidh cuideachtaí nach bhfuil sa sampla
De bhun Airteagal 27(3) den bhun-Rialachán, táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte, féadfaidh siad a iarraidh ar an gCoimisiún méid a bhfóirdheontas aonair a shocrú. Táirgeoirí onnmhairiúcháin ar mian leo méid aonair d’fhóirdheonú in-fhrithchúitithe a éileamh, ní mór dóibh an ceistneoir a líonadh isteach agus é a chur ar ais laistigh de 30 lá tar éis dáta a thabharfar fógra faoin roghnú an tsampla, mura sonrófar a mhalairt. Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2684.
Déanfaidh an Coimisiún scrúdú féachaint an féidir méid aonair d’fhóirdheonú a dheonú do tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte i gcomhréir le hAirteagal 27(3) den bhun-Rialachán.
Mar sin féin, táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte a éilíonn méid aonair d’fhóirdheonú in-fhrithchúitithe, ba cheart a fhios a bheith acu go bhféadfadh an Coimisiún, mar sin féin, a shocrú gan a méid aonair d’fhóirdheonú in-fhrithchúitithe a chinneadh dá mba rud é, mar shampla, go mbeadh líon na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte chomh mór sin agus gur rud é an cinneadh sin a dhéanamh a mbeadh ualach míchuí i gceist leis, agus a d’fhágfadh nach bhféadfaí an t-imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil.
5.3.2. Imscrúdú a dhéanamh ar allmhaireoirí neamhghaolmhara (7) (8)
Allmhairí neamhghaolmhara a allmhairíonn an táirge faoi imscrúdú ón tír lena mbaineann chuig an Aontas, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach san imscrúdú seo.
Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamhghaolmhara a bheith bainteach leis na himeachtaí seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon allmhaireoirí neamhghaolmhara a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.
Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar leis seo ar na hallmhaireoirí neamhghaolmhara uile, nó ar na hionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, an fhaisnéis faoina gcuideachta nó faoina gcuideachtaí arna hiarraidh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, is féidir go ndéanfaidh sé teagmháil le haon chomhlachas aitheanta d’allmhaireoirí.
Má tá gá le sampla, féadfar na tairgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de dhíolacháin an táirge faoi imscrúdú san Aontais ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach allmhaireoir neamhghaolmhar agus do gach comhlachas aitheanta d’allmhaireoirí faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.
Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh maidir le sampla na n-onnmhaireoirí. Cuirfidh an Coimisiún nóta a léiríonn roghnú an tsampla leis an gcomhad iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de thrí lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh sé ceistneoirí chuig na hallmhaireoirí neamhghaolmhara sampláilte. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra faoin sampla, mura sonraítear a mhalairt.
Tá cóip den cheistneoir le haghaidh allmhaireoirí ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2684
5.4. Nós imeachta um dhíobháil a chinneadh agus um imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí Aontais
Is ar fhianaise dheimhneach a bhunaítear cinneadh díobhála, agus cuid de is ea imscrúdú oibiachtúil ar mhéid na n-allmhairí fóirdheonaithe, ar a n-éifeacht ar phraghsanna ar mhargadh an Aontais agus ar thionchar na n-allmhairí ina dhiaidh sin ar thionscal an Aontais. Chun a shuí ar bhain díobháil do thionscal an Aontais, iarrtar ar tháirgeoirí an táirge faoi imscrúdú a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin, go háirithe i bhfianaise Airteagal 11(11) den bhun-Rialachán.
Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí lena mbaineann de chuid an Aontais agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon tairgeoirí de chuid an Aontais a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar ‘sampláil’ ar an bpróiseas sin). Is i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán a dhéantar an tsampláil.
Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar tháirgeoirí an Aontais go léir, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, faisnéis faoina chuideachta nó faoina chuideachtaí a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá tar éis dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/AS689_SAMPLING_FORM_FOR_EU_PRODUCER. I Roinn 5.7 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar TRON .
Cuirfidh an Coimisiún nóta a léiríonn roghnú an tsampla leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Iarrfar ar pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt ar an sampla sealadach. Sa bhreis air sin, táirgeoirí eile den Aontais, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, a mheasann gurb ann do chúiseanna ar cheart dóibh a chuimsiú sa tsampláil, ní mór dóibh teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún laistigh de 7 lá ón lá a dtugtar fógra faoin sampláil shealadach. Na barúlacha uile maidir leis an sampla sealadach, ní mór iad a bheith faighte laistigh de 3 lá ón dáta a dtugtar fógra faoin sampláil shealadach, mura sonraítear a mhalairt.
Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach táirgeoir aitheanta de chuid an Aontais agus/nó do gach comhlachas aitheanta de tháirgeoirí de chuid an Aontais faoi na cuideachtaí a roghnaíodh ar deireadh le bheith sa sampla.
Beidh ar tháirgeoirí sampláilte an Aontais ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.
Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí de chuid an Aontais ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2684.
5.5. Nós imeachta um measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais
Má chinntear dá bhrí sin gur ann d’fhóirdheonú agus do dhíobháil, tiocfar ar chinneadh, de bhun Airteagal 31 den bhun-Rialachán, an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais nó nach mbeadh dá bhforchuirfí bearta frithchúitimh. Táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí, soláthróirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, iarrfar orthu faisnéis a thabhairt don Choimisiún maidir le leas an Aontais.
Aon fhaisnéis maidir le measúnú ar leas an Aontais, ní mór í a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. Féadfar an fhaisnéis seo a chur in iúl i bhformáid shaor nó trí cheistneoir arna ullmhú ag an gCoimisiún a líonadh isteach. Tá cóip de na ceistneoirí, lena n-áirítear an ceistneoir le haghaidh úsáideoirí an táirge faoi imscrúdú, ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2684. An fhaisnéis a thíolactar de bhun Airteagal 31, ní chuirfear san áireamh í ach amháin má tá fianaise fhíorasach ag tacú léi an tráth a thíolactar í.
5.6. Páirtithe leasmhara
Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, ní mór do pháirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí, soláthróirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, ní mór dóibh a léiriú i dtús báire gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú.
Táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus cumainn ionadaíocha a chuir faisnéis ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhfuil tuairisc orthu i ranna 5.3.1, 5.3.2, 5.4 agus 5.5 thuas, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má tá nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú.
Beidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara ón uair a chuirfidh siad iad féin in aithne agus ón uair sin amháin, ar choinníoll gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Is gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 28 den bhun-Rialachán a mheastar go bhfuil páirtí ina pháirtí leasmhar.
Is féidir an comhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (9).
5.7. An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin
Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht a iarraidh le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiún.
Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna arna leagan amach ag na páirtithe leasmhara i scríbhinn roimh ré.
Is mar seo a leanas an creat ama le haghaidh na n-éisteachtaí:
— |
Chun éisteacht a reáchtáil roimh fhorchur na mbeart sealadach, ní mór iarraidh a dhéanamh i scríbhinn laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo agus reáchtálfar an éisteacht de ghnáth laistigh de 60 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. |
— |
Tar éis na tréimhse sealadaí, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de 5 lá ó dháta foilsithe an nochta shealadaigh nó an doiciméid faisnéise, agus reáchtálfar an éisteacht de ghnáth laistigh de 15 lá ón dáta a fógraíodh an nochtadh nó ó dháta an doiciméid faisnéise. |
— |
Ag an gcéim chinntitheach, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de thrí lá ó dháta an nochta deiridh, agus reáchtálfar an éisteacht de ghnáth laistigh den tréimhse a thugtar chun barúlacha a thabhairt ar an nochtadh deiridh. Más ann do nochtadh deiridh breise, ba cheart iarraidh a dhéanamh láithreach a luaithe a gheofar an nochtadh deiridh breise seo agus reáchtálfar an éisteacht de ghnáth laistigh den sprioc-am maidir le barúlacha a thabhairt ar an nochtadh seo. |
Tá an creat ama sonraithe gan dochar do cheart sheirbhísí an Choimisiúin glacadh le héisteachtaí lasmuigh den chreat ama i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin diúltú d’éisteachtaí i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. I gcás ina ndiúltóidh seirbhísí an Choimisiúin d’iarraidh ar éisteacht, cuirfear na cúiseanna leis an diúltú sin in iúl don pháirtí lena mbaineann.
I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun gur féidir le seirbhísí an Choimisiúin dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar iarraidh ar pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua ábhartha a chur ar fáil tar éis na héisteachta.
5.8. Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh
Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.
Féadfaidh páirtithe leasmhara a iarraidh nach nochtfar a gcéannacht. Deonófar anaithnideacht má léirítear san iarraidh go bhfuil cúis mhaith leis sin.
Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfear leo, is mar ‘Íogair’ a dhéanfar iad a lipéadú (10). Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfear mar fhaisnéis rúnda í.
Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘Íogair’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 29(2) den bhun-Rialachán, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad ‘Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara’. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta.
Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfear léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.
Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de dheimhniúcháin. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go gcomhaontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3. Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus a seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil, seoladh a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, seachas sa chás go n-iarrfaidh siad na doiciméid uile ar an gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide go sainráite, nó mura rud é gur gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.
Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais: |
European Commission |
Directorate-General for Trade |
Directorate G |
Oifig: CHAR 04/039 |
1049 Brussels |
BELGIUM |
R-phost:
Fóirdheonú: mailto:TRADE_AS689_BEV_SUBSIDY@ec.europa.eu
Díobháil: mailto:TRADE_AS689_BEV_INJURY@ec.europa.eu
6. Sceideal an imscrúdaithe
De ghnáth, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 12 mhí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 13 mhí ó dháta foilsithe an Fhógra seo. I gcomhréir le hAirteagal 12(1) den bhun-Rialachán, féadfar bearta sealadacha a fhorchur, de ghnáth, tráth nach déanaí ná 9 mhí tar éis fhoilsiú an Fhógra seo.
I gcomhréir le hAirteagal 29a den bhun-Rialachán, is gá don Choimisiún faisnéis a sholáthar maidir le forchur na ndleachtanna sealadacha atá beartaithe 4 seachtaine sula bhforchuirtear bearta sealadacha. Tabharfar 3 lá oibre do pháirtithe leasmhara chun barúlacha i scríbhinn a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna.
Sna cásanna ina bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún gan dleachtanna sealadacha a fhorchur ach ina bhfuil sé beartaithe aige dul ar aghaidh leis an imscrúdú, cuirfear in iúl do na páirtithe leasmhara i scríbhinn nach bhforchuirfear dleachtanna, agus déanfar é sin 4 seachtaine roimh dhul in éag an sprioc-ama faoi Airteagal 12(1) den bhun-Rialachán.
I bprionsabal, tabharfar 15 lá do na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt i scríbhinn maidir leis na torthaí sealadacha nó maidir leis an doiciméad faisnéise, agus tabharfar 10 lá dóibh barúlacha a thabhairt i scríbhinn maidir leis na torthaí críochnaitheacha, mura sonraítear a mhalairt. I gcás inarb infheidhme, sonróidh na nochtaí críochnaitheacha breise an sprioc-am le haghaidh barúlacha i scríbhinn ó na páirtithe leasmhara.
7. Faisnéis a chur isteach
Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creataí ama a shonraítear i ranna 5 agus 6 den Fhógra seo. Chun aon fhaisnéis eile a chur isteach ar faisnéis í nach bhfuil cumhdaithe leis na ranna sin, ba cheart an t-amchlár seo a leanas a urramú:
— |
Aon fhaisnéise le haghaidh chéim na dtorthaí sealadacha, ba cheart í a chur isteach laistigh de 70 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. |
— |
Mura sonraítear a mhalairt, níor cheart do na páirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a chur isteach tar éis an sprioc-ama do bharúlacha maidir leis an nochtadh sealadach nó maidir leis an doiciméad faisnéise ag céim shealadach. Tar éis an sprioc-ama sin, ní fhéadfaidh páirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a chur isteach ach amháin ar choinníoll gur féidir leo a léiriú go bhfuil gá leis an bhfaisnéis fhíorasach nua sin chun líomhaintí fíorasacha a rinne páirtithe leasmhara eile a bhréagnú agus ar choinníoll gur féidir an fhaisnéis fhíorasach nua sin a fhíorú laistigh den am atá ar fáil chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil. |
— |
Chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na sprioc-amanna sainordaitheacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh críochnaitheach nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh críochnaitheach breise. |
8. An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile
Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt den fhaisnéis a chuireann páirtithe leasmhara eile isteach. Agus é sin á dhéanamh acu, féadfaidh na páirtithe leasmhara díriú ar shaincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí o pháirtithe eile agus ar na saincheisteanna sin amháin, agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a ardú.
Ba cheart na barúlacha sin a dhéanamh de réir an chreata ama seo a leanas:
— |
Aon bharúil maidir le faisnéis a chuirfidh páirtithe leasmhara eile isteach roimh fhorchur na mbeart sealadach, ba cheart í a dhéanamh laistigh de 75 lá ar a dhéanaí ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. |
— |
Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí sealadacha nó an doiciméid faisnéise, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 7 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí sealadacha nó maidir leis an doiciméad faisnéise, mura sonraítear a mhalairt. |
— |
Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chur páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 3 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh críochnaitheach breise, barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar an nochtadh breise sin, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh breise sin, mura sonraítear a mhalairt. |
An creat ama arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
9. Síneadh leis na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo
Níor cheart aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san Fhógra seo a iarraidh ach amháin i gcás imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar síneadh a dheonú ach amháin má bhíonn údar cuí leis agus cúis mhaith léirithe.
I gcás ar bith, beidh teorainn 3 lá de ghnáth le síneadh a chur leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, agus go hiondúil ní rachaidh sé thar 7 lá.
Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra tionscnaimh a chur isteach, ní rachaidh aon síneadh ama thar 3 lá, mura léirítear gur ann d’imthosca eisceachtúla.
10. Neamh-chomhoibriú
I gcás ina ndiúltóidh aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí sealadacha nó críochnaitheacha, bídís deimhneach nó diúltach, a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán.
I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.
Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán, féadfaidh an toradh gan a bheith chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige.
Mura dtugtar freagairt leictreonach, ní mheasfar go bhfuil neamh-chomhoibriú i gceist ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar lena mbaineann go mbeadh ualach breise míréasúnta nó costas breise míréasúnta ag baint leis an bhfreagairt a thíolacadh. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.
11. An tOifigeach Éisteachta
Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh i gcomhair imeachtaí trádála. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.
Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí leasmhar/na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú go hiomlán. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.
Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirfear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus tionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.
Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en.
12. Próiseáil sonraí pearsanta
Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).
Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W.
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.
(2) Tagraíonn an téarma ginearálta ‘díobháil’ do dhíobháil ábhartha mar aon le bagairt díobhála ábhartha nó moill ábhartha ar bhunú tionscail mar a leagtar amach in Airteagal 2(d) den bhun-Rialachán.
(3) Gan beann ar líon na rothaí atá ag gluaiseacht
(4) Ciallaíonn tagairtí d’fhoilsiú an Fhógra seo foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(5) Is éard is táirgeoir onnmhairiúcháin ann aon chuideachta sa tír lena mbaineann a tháirgeann agus a onnmhairíonn an táirge faoi imscrúdú go díreach, sin nó trí thríú páirtí, chuig margadh an Aontais, lena n-áirítear aon cheann dá chuideachtaí gaolmhara a bhfuil baint aici le táirgeadh, díolacháin intíre nó onnmhairí an táirge faoi imscrúdú.
(6) De bhun Airteagal 15(3) den bhun-Rialachán, déanfar neamhshuim d’aon mhéid nialasach agus aon mhéid de minimis de fhóirdheontais in-fhrithchúitithe, sin agus d’aon mhéid de fhóirdheontais in-fhrithchúitithe arna leagan síos sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 28 den bhun-Rialachán.
(7) Ní féidir ach allmhaireoirí nach bhfuil gaolmhar le táirgeoirí onnmhairiúcháin a shampláil. Ní mór d’allmhaireoirí atá gaolmhar le táirgeoirí onnmhairiúcháin Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith gaolmhar sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más ag tríú páirtí 5 % nó níos mó den stoc vótála gan íoc nó de scaireanna an dá cheann, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine ón teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). Ní mheasfar gur daoine den teaghlach céanna iad daoine ach amháin má tá ceann amháin de na gaoil seo a leanas eatarthu: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus duine clainne, (iii) deartháir agus deirfiúr (nó leathdheartháir agus leathdheirfiúr), (iv) seantuismitheoir agus garpháiste, (v) uncail nó aintín agus nia nó neach, (vi) athair céile nó máthair chéile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(8) Na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil, féadfar iad a úsáid i ndáil le gnéithe den imscrúdú seo nach mbaineann le fóirdheonú a chinneadh.
(9) I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála trí ríomhphost a sheoladh chuig mailto:trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán + 32 2 297 97 97.
(10) Is doiciméad ‘Íogair’ doiciméad a meastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 29 den bhun-Rialachán agus Airteagal 12.4 de Chomhaontú EDT maidir le fóirdheontais agus le bearta frithchúitimh. Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh 1247/2002/CE, IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
IARSCRÍBHINN
☐ |
Leagan íogair |
☐ |
Leagan le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara |
(Cuir tic sa bhosca iomchuí) |
IMEACHTAÍ FRITH-FHÓIRDHEONTAIS I NDÁIL LE HALLMHAIRÍ FEITHICLÍ CEALLRA-LEICTREACHA NUA ATÁ CEAPTHA CHUN DAOINE A IOMPAR, ALLMHAIRÍ AR DE THIONSCNAMH DHAON-PHOBLACHT NA SÍNE IAD
FAISNÉIS MAIDIR LEIS AN SAMPLA D’ALLMHAIREOIRÍ NEAMHGHAOLMHARA A ROGHNÚ
Tá an fhoirm seo ceaptha chun cabhrú le hallmhaireoirí neamhghaolmhara freagairt don iarraidh ar fhaisnéis samplála a dhéantar i bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh.
Ba cheart an leagan Íogair agus an leagan Lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a thabhairt ar ais don Choimisiún de réir mar a leagtar amach san fhógra tionscnaimh.
1. Céannacht agus Sonraí Teagmhála
Tabhair na sonraí seo a leanas faoi do chuideachta:
Ainm na cuideachta |
|
Seoladh |
|
Duine teagmhála |
|
Seoladh ríomhphoist |
|
Uimhir theileafóin |
|
2. Láimhdeachais agus méid na ndíolachán
Sonraigh láimhdeachas iomlán na cuideachta in euro (€), agus luach in euro (€) agus toirt i bpíosaí le haghaidh allmhairí agus athdhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú, mar a shainítear san fhógra tionscnaimh, arna n-allmhairiú ó Dhaon-Phoblacht na Síne, ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin.
|
Píosaí |
Luach in euro (€) |
Láimhdeachas iomlán do chuideachta in euro (€) |
|
|
Allmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne |
|
|
Allmhairí an táirge faoi imscrúdú (de gach tionscnamh) |
|
|
Athdhíolacháin an táirge faoi imscrúdú ar mhargadh an Aontais tar éis an allmhairithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne |
|
|
3. Gníomhaíochtaí do chuideachta agus na gcuideachtaí gaolmhara (1)
Tabhair sonraí maidir le gníomhaíochtaí beachta na cuideachta agus gach cuideachta gaolmhaire (liostaigh iad agus sonraigh an gaol idir iad agus do chuideachta) atá bainteach le táirgeadh agus/nó díol (onnmhairiúcháin agus/nó intíre) an táirge faoi imscrúdú. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin ceannach an táirge faoi imscrúdú, é a tháirgeadh faoi shocruithe fochonarthachta, nó é a phróiseáil nó a thrádáil, agus gníomhaíochtaí eile nach iad.
Ainm agus suíomh na cuideachta |
Gníomhaíochtaí |
Gaol |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
4. Faisnéis eile
Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a mheasann an chuideachta a bheith úsáideach chun cuidiú leis an gCoimisiún an tsampláil a roghnú.
5. Deimhniú
Tríd an bhfaisnéis thuas a sholáthar, aontaíonn an chuideachta lena rannpháirtiú féideartha sa sampla. Má roghnaítear an chuideachta le bheith sa sampla, beidh ar an gcuideachta sin ceistneoir a líonadh isteach agus glacadh le cuairt ar a háitreabh chun a freagairt a fhíorú. Má thugann an chuideachta le fios nach mbeadh sí sásta a bheith sa sampla, measfar nár chomhoibrigh sí leis an imscrúdú. Is ar na fíorais atá ar fáil a bhunaíonn an Coimisiún torthaí a imscrúdaithe i gcás allmhaireoirí neamh-chomhoibríocha, agus d’fhéadfadh sé nach mbeidís chomh fabhrach don chuideachta sin agus a bheidís dá mbeadh sí tar éis comhoibriú.
Síniú an oifigigh údaraithe:
Ainm agus teideal an oifigigh údaraithe:
Dáta:
(1) I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith gaolmhar sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más ag tríú páirtí 5 % nó níos mó den stoc vótála gan íoc nó de scaireanna an dá cheann, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine ón teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). Ní mheasfar gur daoine den teaghlach céanna iad daoine ach amháin má tá ceann amháin de na gaoil seo a leanas eatarthu: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus duine clainne, (iii) deartháir agus deirfiúr (nó leathdheartháir agus leathdheirfiúr), (iv) seantuismitheoir agus garpháiste, (v) uncail nó aintín agus nia nó neach, (vi) athair céile nó máthair chéile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/160/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)