Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023SC0125

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR [ ] a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunphaitinní caighdeáin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1001

    SWD/2023/125 final

    An Bhruiséil,27.4.2023

    SWD(2023) 125 final

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

    ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

    […]

    a ghabhann leis an doiciméad

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    maidir le bunphaitinní caighdeáin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1001

    {COM(2023) 232 final} - {SEC(2023) 174 final} - {SWD(2023) 123 final} - {SWD(2023) 124 final}


    Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

    Measúnú tionchair ar thogra le haghaidh rialacháin chun clár a chruthú le haghaidh bunphaitinní caighdeáin, in éineacht le córas chun meastóireacht a dhéanamh ar thréithe riachtanacha paitinní, sásra FRAND um réiteach díospóidí agus próiseas chun ríchíos comhiomlán a chinneadh ar bhonn ex‑ante le haghaidh caighdeáin.

    A. An gá atá le beart

    Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

    Is éard atá i mBunphaitinní Caighdeáin (BPCanna) paitinní lena gcosnaítear teicneolaíocht is gá chun caighdeán tionscail a chomhlíonadh. I measc na gcaighdeán sin, mar shampla, tá caighdeáin chumarsáide (e.g. 3G, 4G, 5G, WiFi, NFC), caighdeáin chomhbhrúite agus dí‑chomhbhrúite fuaime/físe (MPEG, HEVC), chomh maith le teicneolaíochtaí caighdeánaithe le haghaidh stóráil agus malartú sonraí (CD agus DVD), formáidí grianghraif (JPEG), agus Idir‑Inoibritheacht Fuaime/Físe Baile (HAVi). Sa chleachtas baineann roinnt mhaith de na caighdeáin chumarsáide le gach gléas nasctha, lena n‑áirítear fóin, teilifísí cliste, carranna nasctha, méadair chliste agus teirminéil íocaíochta shoghluaiste; úsáidtear caighdeáin eile i raon leathan táirgí freisin. Méadóidh infheidhmeacht BPCanna lena gcumhdaítear na caighdeáin sin uile (go háirithe maidir le cumarsáid) de réir mar a thagann ‘Idirlíon na Rudaí Nithiúla’ (IoT) chun cinn, chomh maith le roinnt mhaith tionscnamh atá dírithe ar an aistriú glas (e.g. caomhnú fuinnimh).

    Tá BPCanna ‘fíor‑riachtanach’ sa mhéid nach mór an t‑aireagán paitinnithe a úsáid (a chur chun feidhme) i dtáirgí chun caighdeán teicniúil a chomhlíonadh. Mar thoradh air sin, tá cumhacht mhargaidh phribhléideach ag úinéir BPC thar fheidhmeoir na teicneolaíochta caighdeánaithe, toisc nach bhfuil aon rogha eile ann seachas a BPCanna a úsáid. Cé go bhféadfadh caighdeáin éagsúla a bheith ann le haghaidh roinnt feidhmiúlachtaí (e.g. físeáin), níl aon rogha eile ann le haghaidh caighdeáin áirithe a úsáidtear go forleathan (go háirithe nascacht cheallach amhail 4G, 5G). Chun mí‑úsáid na cumhachta sin a chiorrú nó a chosc, éilíonn eagraíochtaí um shocrú caighdeán, ina mbíonn cuideachtaí ina mbaill agus a ndearbhaíonn siad a BPCanna ina leith, go gcuirfidh siad ceangal orthu féin a BPCanna a cheadúnú d’fheidhmeoirí ar théarmaí atá ‘Cóir, Réasúnta agus Neamh‑idirdhealaitheach’ (FRAND). Seachas an gealltanas ginearálta sin níl aon reachtaíocht de chuid an Aontais ann lena rialófaí ceadúnú BPC go sonrach.

    Le linn an tionscnamh seo a ullmhú, bhailigh an Coimisiún méid suntasach fianaise ó pháirtithe leasmhara, lena n‑áirítear FBManna, lenar tugadh le fios nach bhfuil próiseas ceadúnúcháin BPCanna éifeachtúil agus go bhfuil gá le tuilleadh trédhearcachta agus struchtúir. Ardaítear saincheisteanna a bhaineann le ceadúnú BPC leis na húdaráis iomaíochta go tráthrialta freisin, lena n‑áirítear Ard‑Stiúrthóireacht na hIomaíochta den Choimisiún Eorpach.

    I measc na bpríomhábhar imní tá na costais arda a bhaineann le hidirbhearta ceadúnúcháin agus éiginnteacht faoin ualach a bhaineann le ríchíosanna BPC. De bharr easpa faisnéise leordhóthanaí, ní féidir le feidhmeoirí measúnú a dhéanamh ar a nochtadh BPC fada go leor roimh ré chun na costais cheadúnúcháin a chur san áireamh le linn dóibh a ngnó táirgí a phleanáil. Ar an taobh eile, bíonn úinéirí BPC ag gearán faoi chaibidlíocht fhada agus chostasach, go háirithe le feidhmeoirí móra. Go sonrach, maidir leis na fadhbanna sin, sainaithníodh na nithe seo a leanas ba chúis leo: Ar an gcéad dul síos, níl ach faisnéis theoranta ann maidir le cé leis na BPCanna agus níltear cinnte an gá i ndáiríre na paitinní uile a fhéachtar lena gceadúnú (an bhfuil siad fíor‑riachtanach) chun caighdeán a chur chun feidhme. Ar an dara dul síos, níl ach fíorbheagán faisnéise ann maidir le táillí ceadúnais BPC (ríchíos FRAND), agus dá bhrí sin, feidhmeoirí nach bhfuil ach roinnt saineolais nó acmhainní acu nó nach bhfuil aon saineolas ná acmhainn acu, ní bhíonn siad in ann measúnú a dhéanamh ar a réasúnta atá éileamh ríchíosa ó úinéir BPC. Ar deireadh, is féidir le díospóidí maidir le ceadúnú a bheith dian ó thaobh ama agus costais de. Dá bhrí sin, le hurghaire a bhagraítear fiú (agus táirgeadh táirgí a líomhnaítear a bheith sáraitheach á chur ar fionraí dá bharr) agus leis an dóchúlacht go mbeidh nós imeachta cúirte fada agus costasach ann, is féidir go gcuirtear brú ionchuimsithe ar fheidhmeoirí, go háirithe ar FBManna, chun teacht ar chomhaontú maidir le ceadúnas ag rátaí nach bhfuil cóir, réasúnta agus neamh‑idirdhealaitheach (FRAND). I gcás úinéirí BPC, baineann méid suntasach acmhainní agus ama go háirithe freisin le réiteach a lorg sna cúirteanna, agus ní fhaightear ioncam ó ríchíosanna lena linn sin.

    Is margadh suntasach é margadh an ioncaim ceadúnúcháin. In 2015 measadh gurbh fhiú thart ar USD 18 billiún ar fud an domhain é le haghaidh caighdeáin cheallacha amháin. Ag glacadh leis go bhfuil cuideachtaí an Aontais ag íoc sciar comhréireach le OTI an Aontais, íocann feidhmeoirí an Aontais thart ar EUR 3 billiún de ríchíosanna ar a laghad gach bliain. Tá thart ar 261 cheadúnóir BPC gníomhach ar fud an domhain, agus tá 31 díobh lonnaithe san Aontas (is iad Nokia, Ericsson, Phillips agus Siemens na príomhghníomhaithe) a bhfuil thart ar 15 % de na BPCanna ar fud an domhain acu. Meastar gurb é 3 800 an líon feidhmeoirí ionchasacha san Aontas.

    Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

    Is é is aidhm don tionscnamh seo: (i) a áirithiú go dtairbhíonn úsáideoirí deiridh, lena n‑áirítear gnólachtaí beaga agus tomhaltóirí an Aontais de tháirgí atá bunaithe ar na teicneolaíochtaí caighdeánaithe is déanaí ar phraghsanna réasúnta; (ii) áit tharraingteach a dhéanamh den Aontas le haghaidh nuálaíochta agus forbairt caighdeán (lena n‑áirítear le haghaidh rannpháirtithe domhanda); agus (iii) a áirithiú go ndéanann úinéirí agus feidhmeoirí BPC an Aontais araon nuáil san Aontas, go ndéanann siad agus go ndíolann siad táirgí san Aontas agus go bhfuil siad iomaíoch i margaí domhanda lasmuigh den Aontas.

    Chun an toradh sin a bhaint amach, féachtar leis an tionscnamh le caibidlíocht ceadúnúcháin BPC a éascú agus le costais idirbheart a ísliú le haghaidh úinéirí agus feidhmeoirí BPC araon trí (i) thuilleadh soiléireachta a sholáthar maidir le cé leis na BPCanna agus cé na BPCanna atá fíor‑riachtanach i bhfírinne; (ii) tuilleadh soiléireachta a sholáthar maidir le ríchíosanna FRAND agus téarmaí agus coinníollacha eile; agus (iii) réiteach díospóidí BPC a éascú.

    Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

    Le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, tá coinne leis go sábhálfar costais le haghaidh páirtithe leasmhara, mar atá úinéirí agus feidhmeoirí BPC araon, agus le haghaidh na mBallstát. Mar shampla, bheadh clár BPC amháin, seiceáil amháin in aghaidh na fine paitinní ar a thréithe riachtanacha, modheolaíocht choiteann amháin le haghaidh na seiceálacha sin, agus próiseas comhréitigh cuíchóirithe agus trédhearcach le haghaidh cinntí FRAND. Ní bheadh ar úinéirí agus feidhmeoirí BPC na costais chéanna a thabhú i ngach Ballstát den Aontas agus a bheadh i gcás réitigh náisiúnta, go háirithe i gcás inar caighdeáin réigiúnacha nó domhanda formhór na gcaighdeán.

    B. Réitigh

    Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

    Forbraítear roghanna beartais go hincriminteach, agus le gach ceann díobh cuirtear eilimintí nua leis an gceann roimhe sin.

    ·Rogha 0: Gan athrú ar an mbeartas.

    ·Rogha 1: Treoraíocht dheonach. Bunófar treoraíocht neamhcheangailteach maidir le ceadúnú BPC léi. Soláthródh lárionad inniúlachta ar BPCanna arna chruthú laistigh de EUIPO 1 comhairle saor in aisce do FBManna maidir le caibidlíocht cheadúnúcháin (lena náirítear oiliúintí) agus dhéanfaí faireachán ar mhargadh BPCanna, dhéanfaí staidéir ar cheadúnú BPC agus chuirfí réiteach díospóidí malartach chun cinn.

    ·Rogha 2: Clár BPC le seiceálacha ar thréithe riachtanacha. Úinéirí BPC a d’fhéachfadh lena BPCanna a cheadúnú le haghaidh ríchíosanna agus iad a fhorfheidhmiú san Aontas, bheadh orthu a bpaitinní a chlárú sa chlár BPC. Chun cáilíocht an chláir a rialú, is meastóir neamhspleách a dhéanfadh na seiceálacha ar thréithe riachtanacha de bhun modheolaíocht a chinnfeadh an Coimisiún ar leibhéal an Aontais agus córas arna riar ag EUIPO. Is iad na fo‑roghanna atá ann (i) na paitinní uile atá cláraithe a sheiceáil nó (ii) líon beag paitinní arna réamhroghnú ag úinéirí/feidhmeoirí BPC agus sampla randamach de phaitinní arna gclárú ag gach úinéir BPC a sheiceáil.

    ·Rogha 3: Clár BPC le seiceálacha ar thréithe riachtanacha agus nós imeachta idir‑réitigh. Sula gcuirfí tús le dlíthíocht, bheadh ar pháirtithe i ndíospóid um cheadúnú BPC dul trí phróiseas idir‑réitigh éigeantach (ach roinnt eisceachtaí a bheith ann). D’fhéachfadh comhréiteoir neamhspleách chun cuidiú le páirtithe teacht ar théarmaí agus coinníollacha ceadúnúcháin a bheadh inghlactha go frithpháirteach. Ag deireadh an phróisis d’eiseodh an comhréiteoir tuarascáil neamhcheangailteach ina mbeadh moltaí maidir leis an ráta FRAND (agus cuid rúnda agus cuid neamhrúnda inti).

    ·Rogha 4: Ríchíos comhiomlán le haghaidh BPCanna. Bhunófaí próisis chun ríchíos comhiomlán a chinneadh (i.e. an praghas uasta iomlán) chun caighdeán a úsáid roimh nó go gairid i ndiaidh a fhoilsithe. Bheadh coinne leis go gcomhaontódh úinéirí BPC ar an ríchíos sin (b’fhéidir trí chúnamh a fháil ó éascaitheoir neamhspleách ón lárionad inniúlachta). Ina theannta sin, d’fhéadfadh feidhmeoirí agus úinéirí BPC araon tuairim shaineolach a iarraidh maidir leis an ríchíos comhiomlán, ina mbeadh na páirtithe leasmhara uile in ann a dtuairimí a chur i láthair. Ar deireadh, d’fhéadfaí ríchíos comhiomlán a chinneadh le linn an idir‑réitigh. Ní bheadh an ríchíos comhiomlán sin ceangailteach agus d’fhoilseofaí i gclár BPC é.

    ·Rogha 5: Teach imréitigh BPC. Ionad ilfhreastail a bhunú le haghaidh feidhmeoirí chun ceadúnais BPC a fháil trí ríchíos comhiomlán a chur i dtaisce sa lárionad inniúlachta. Ba cheart d’úinéirí BPC an lárionad a chur ar an eolas faoi conas an ríchíos comhiomlán a leithdháileadh ina measc, agus dá mbeidís as láthair ní bheadh siad in ann a gcuid íocaíochtaí ríchíosa a bhailiú. Ba cheart dóibh comhaontuithe ceadúnais a shíniú freisin le haon fheidhmeoir a chuirfeadh ríchíos i dtaisce. Aon ríchíos nach mbaileodh úinéirí BPC laistigh de 1 bhliain amháin tar éis an ríchíos a chur i dtaisce, thabharfaí ar ais do na feidhmeoirí é.

    I gcás na roghanna uile, ghearrfadh an lárionad inniúlachta táillí as costais a ghníomhaíochtaí chomh maith le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag saineolaithe seachtracha bainteacha (meastóirí agus comhréiteoirí tréithe riachtanacha).

    Cé a thacaíonn leis na roghanna éagsúla? 

    Dearadh na roghanna tar éis anailís fhairsing a dhéanamh ar an litríocht atá ann cheana, lena n‑áirítear rannchuidiú an tSainghrúpa BPC agus an tionscail le linn na sraithe seimineár gréasáin. Pléadh iad le cleachtóirí a bhfuil an taithí ábhartha acu. Is féidir an chuid is mó de na roghanna a chur i gcomparáid le tograí arna ndéanamh ag an Sainghrúpa BPC, a fuair tacaíocht shuntasach óna chomhaltaí. Ina theannta sin, le linn an chomhairliúcháin phoiblí, bhí tacaíocht láidir ann le haghaidh tuilleadh faisnéise poiblí maidir le BPCanna agus ríchíosanna FRAND, lena n‑áirítear maidir le ríchíosanna comhiomlána (go háirithe ó fheidhmeoirí BPC). Mheas thart ar 53 % de na freagróirí go raibh an eadráin úsáideach agus mheas thart ar 35 % díobh go raibh an idirghabháil úsáideach. Thug na freagróirí dá n‑aire nach mbaintear úsáid leordhóthanach as na hionstraimí sin, toisc go bhfuil siad faoi rún go príomha. Tugadh aghaidh ar easnaimh na sásraí atá ann cheana sa phróiseas idir‑réitigh a moladh (cinneadh FRAND). Thug FBManna dá n‑aire go háirithe go raibh easpa acmhainní acu chun dul i mbun caibidlíochta le húinéirí BPC, rud a thugann le fios go dtacaíonn siad leis na bearta uile lena laghdaítear a gcostais idirbheart.

    C. Tionchar na rogha tosaíochta

    Cad iad na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)? 

    Is í rogha 4 an rogha thosaíochta. Laghdaítear leis an rogha aisiméadracht na faisnéise idir sealbhóir BPC agus feidhmeoir tríd an bhfaisnéis a chur ar fáil don dara ceann faoi na sealbhóirí ábhartha BPC, faoin méid BPCanna atá cláraithe acu sa chlár, agus faoin ráta tréithe riachtanacha atá acu (arna dhíorthú ó shampla randamach ionadaíoch de gach BPC cláraithe) agus faoin gcostas ionchasach iomlán [nó uasta] a bhainfeadh le teicneolaíocht chaighdeánaithe a úsáid (rí‑chíos comhiomlán). Is dócha go bhféadfadh idir‑réiteach éigeantach réamhthrialach costais socraithe díospóidí BPC a laghdú timpeall an t‑ochtú cuid óir tabharfaidh an comhréiteoir cúnamh don dá pháirtí chun teacht ar chomhaontú. Soláthróidh lárionad inniúlachta faisnéis, treoraíocht agus tacaíocht oibiachtúil do FBManna i ndáil le BPCanna agus ceadúnú BPC. Cuirtear sochair agus costais i láthair sa tábla thíos

    Tábla 1: Meánchostais agus meánsochair bhliantúla chomhfhogasaithe na rogha tosaíochta in aghaidh an pháirtí dá ndéantar difear agus an logánaithe (EUR milliún).

    AE

    neamh‑AE

    Iomlán

    Feidhmeoirí BPC

    Costais

    -0.77

    -0.77

    -1.5

    Sochair

    12.89

    13.03

    25.9

    Glan

    12.11

    12.26*

    24.4

    Sealbhóirí BPC

    Costais

    -8.13

    -46.04

    -54.2

    Sochair

    3.79

    21.50

    25.3

    Glan

    -4.33

    -24.54

    -28.9

    Fo‑iomlán (glanéifeacht le haghaidh feidhmeoirí agus sealbhóirí)

    7.8

    -12.3

    -4.5

    Sochar OEP/ONP

    29.0

    29.0

    Glansochar iomlán

    36.8

    -12.3

    24.5

    * baineann sé sin le feidhmeoirí ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad a bhfuil fochuideachtaí san Aontas acu;
    Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: slánaíodh na huimhreacha, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na hiomláin

    Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

    Is sealbhóirí BPC, ó lasmuigh den Aontas go príomha, a d’iompródh formhór na gcostas a bhaineann leis an rogha thosaíochta. Is éard atá sna costais sin go príomha táille chlárúcháin BPC agus luach saothair na meastóirí tréithe riachtanacha. Ina theannta sin, tá costais éiginnte ann mar gheall ar éifeachtaí indíreacha na rogha, ar éifeachtaí iad a d’fhéadfadh gníomhaíocht phaitinnithe a spreagadh agus na costais chothabhála paitinní a mhéadú dá réir.

    Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

    Tá líon sách beag FBManna ann i measc úinéirí BPC atá bunaithe san Aontas (níos lú ná deich gcinn). Níl na hacmhainní ag úinéirí BPC FBManna faoi láthair chun a gcuid BPCanna a cheadúnú go héifeachtúil. Leis an gclár thabharfaí infheictheacht agus measúnú dearfach ar a bpunanna BPC, leis an ríchíos comhiomlán chuideofaí chun údar a thabhairt lena n‑éilimh ríchíosanna agus leis an nós imeachta um an gcinneadh FRAND (an nós imeachta idir‑réitigh) thabharfaí deis dóibh chun ceadúnú a lorg gan dul i mbun dlíthíocht chostasach (féach an míniú faoi chéim 3). Thairbheodh úinéirí BPC FBManna de tháillí laghdaithe freisin.

    Is FBManna iad thart ar 85 % de na 3 800 feidhmeoir ionchasach BPC a sainaithníodh. Tá FBManna nuálacha ag cruthú feidhmchláir líonmhara cheana féin ag baint úsáid as caighdeáin amhail caighdeáin cheallacha, Wi‑Fi agus NFC. Dá bhrí sin, tá an cheist maidir le conas na teicneolaíochtaí sin a cheadúnú ábhartha maidir leis na FBManna sin. Leis an tionscnamh seo tugtar aghaidh ar na fadhbanna tábhachtacha a bhíonn le sárú ag FBManna le linn caibidlíocht nó pleanáil ghnó BPC, amhail méid na bpunann BPC, ríchíosanna comhiomlána agus cinneadh FRAND. Ina theannta sin, leis an tionscnamh tairgtear táillí laghdaithe d’fheidhmeoirí FBManna as seirbhísí an lárionaid inniúlachta a úsáid agus comhairle saor in aisce maidir le BPCanna a fháil.

    An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

    Ní imreofar. Déanfar an córas atá beartaithe a mhaoiniú ó tháillí arna mbailiú ag EUIPO le haghaidh clárúcháin, seiceálacha ar thréithe riachtanacha, rochtain ar a acmhainní agus idir‑réitigh.

    An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

    Níltear ag tnúth le haon tionchar suntasach eile.

    D. Bearta leantacha

    Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

    Ba cheart an chéad mheastóireacht a dhéanamh 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin.

    (1)

    Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

    Top