AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,1.12.2023
COM(2023) 774 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail lena leasaítear an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a mhéid a bhaineann le saorshreabhadh sonraí
IARSCRÍBHINN
PRÓTACAL
LENA LEASAÍTEAR AN COMHAONTÚ
COMHPHÁIRTÍOCHTA EACNAMAÍCHE
IDIR AN tAONTAS EORPACH
AGUS AN tSEAPÁIN
TÁ AN tAONTAS EORPACH agus AN tSEAPÁIN (dá ngairtear ‘na Páirtithe’ anseo feasta),
TAR ÉIS ATHMHEASÚNÚ a dhéanamh ar an ngá atá le forálacha maidir le saorshreabhadh sonraí a chur leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin arna shíniú i dTóiceo an 17 Iúil 2018 (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta), i gcomhréir le hAirteagal 8.81 den Chomhaontú,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
AIRTEAGAL 1
Déanfar clár ábhar an Chomhaontaithe a leasú trí na focail ‘Airteagail 8.70 go 8.81’ a scriosadh agus na focail ‘Airteagail 8.70 go 8.72’ a chur ina n‑ionad.
AIRTEAGAL 2
Déanfar Airteagal 8.71 den Chomhaontú a leasú tríd an bhfocal ‘agus’ i bhfomhír (a) a scriosadh, trí lánstad fhomhír (b)(ii) a scriosadh agus leathstad a chur ina ionad, agus trí na fomhíreanna seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh fhomhír (b)(ii):
‘(c)
ciallaíonn ‘duine cumhdaithe’:
(i)
fiontar faoi chumhdach;
(ii)
fiontraí de chuid Páirtí; agus
(iii)
soláthróir seirbhíse de chuid Páirtí; agus
(d)
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta.’
AIRTEAGAL 3
Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8.81 den Chomhaontú:
‘AIRTEAGAL 8.81
Sreabhadh trasteorann sonraí trí mhodh leictreonach
1.
Tá na Páirtithe tiomanta an t‑aistriú faisnéise trasteorann trí mheán leictreonach a áirithiú i gcás ina mbaineann an ghníomhaíocht sin le gnó duine chumhdaithe.
2.
Chuige sin, ní dhéanfaidh Páirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun ar bearta iad lena gcuirtear toirmeasc nó srian ar aistriú trasteorann faisnéise a leagtar amach i mír 1 tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
a cheangal go n‑úsáidfear saoráidí ríomhaireachta nó eilimintí líonra i gcríoch an Pháirtí le haghaidh próiseáil faisnéise, lena n‑áirítear trí úsáid saoráidí ríomhaireachta nó eilimintí líonra atá deimhnithe nó ceadaithe i gcríoch an Pháirtí a cheangal;
(b)
a cheangal go ndéanfar faisnéis a logánú ar chríoch an Pháirtí lena stóráil nó lena próiseáil;
(c)
stóráil nó próiseáil faisnéise i gcríoch an Pháirtí eile a thoirmeasc;
(d)
a cheangal go mbeidh aistriú trasteorann faisnéise ag brath ar úsáid saoráidí ríomhaireachta nó eilimintí líonra i gcríoch an Pháirtí nó ar cheanglais logánaithe i gcríoch an Pháirtí;
(e)
aistriú faisnéise isteach i gcríoch an Pháirtí a thoirmeasc; nó
(f)
a cheangal go bhfaighfear formheas an Pháirtí sula ndéanfar an fhaisnéis a aistriú chuig críoch an Pháirtí eile.1
3.
Ní chuirfidh aon ní san Airteagal seo cosc ar Pháirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun ar bearta iad atá ar neamhréir le míreanna 1 agus 2 chun cuspóir dlisteanach beartais phoiblí2 a bhaint amach, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith an bhirt:
(a)
ní chuirtear i bhfeidhm é ar bhealach arb é a bheadh ann modh idirdhealaithe threallaigh nó gan údar idir tíortha i gcás ina mbeidh dálaí comhchosúla ann, sin nó srianadh faoi cheilt ar thrádáil; agus
(b)
Ní fhorchuireann sé srianta ar aistrithe faisnéise ná mar is gá chun an cuspóir a bhaint amach.3
4.
Ní chuirfidh aon ní san Airteagal seo cosc ar Pháirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir le cosaint na sonraí pearsanta agus an phríobháideachais, lena n‑áirítear maidir le haistrithe trasteorann faisnéise, ar choinníoll go bhforáiltear le dlí an Pháirtí maidir le hionstraimí lena gcumasaítear aistrithe faoi choinníollacha a mbeidh feidhm ghinearálta leo4 chun an fhaisnéis a aistrítear a chosaint.
5.
Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le haistriú trasteorann faisnéise a choinníonn nó a phróiseálann Páirtí nó a choinnítear nó a phróiseáiltear thar ceann Páirtí.
6.
Féadfaidh Páirtí a mholadh tráth ar bith don Pháirtí eile athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta a liostaítear i mír 2.
_________________
AIRTEAGAL 4
Cuirfear an tAirteagal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 8.81 den Chomhaontú:
‘AIRTEAGAL 8.82
Cosaint Sonraí Pearsanta
1.
Aithníonn na Páirtithe go bhfuil an ceart ag daoine aonair go ndéanfar a sonraí pearsanta agus a bpríobháideachas a chosaint mar a fhoráiltear le dlíthe agus rialacháin gach Páirtí agus, mar gheall ar na hardchaighdeáin i ndáil leis sin, cuirtear leis an muinín as an ngeilleagar digiteach agus le forbairt na trádála. Aithníonn gach Páirtí ceart an Pháirtí eile an leibhéal iomchuí cosanta sonraí pearsanta agus príobháideachais a chinneadh, dá bhforálfar lena mbearta féin.
2.
Féachfaidh gach Páirtí le bearta a ghlacadh lena gcosnófar daoine aonair ar sháruithe ar chosaint sonraí pearsanta a tharlaíonn laistigh dá dhlínse, gan idirdhealú a dhéanamh ar fhoras amhail náisiúntacht nó áit chónaithe.
3.
Déanfaidh gach Páirtí creat dlíthiúil a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena ndéanfar foráil maidir le cosaint sonraí pearsanta a bhaineann le ríomhthráchtáil. Agus a chreat dlíthiúil á fhorbairt aige chun sonraí pearsanta agus príobháideachas a chosaint, ba cheart do gach Páirtí prionsabail agus treoirlínte na gcomhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha a chur san áireamh. Ardchaighdeáin cosanta an phríobháideachais agus sonraí a mhéid a bhaineann le rochtain rialtais ar shonraí atá i seilbh phríobháideach, amhail iad siúd a leagtar amach i bPrionsabail ECFE maidir le Rochtain Rialtais ar Shonraí Pearsanta atá i seilbh Eintiteas san Earnáil Phríobháideach, aithníonn na Páirtithe freisin go rannchuidíonn siad le muinín as an ngeilleagar digiteach.
4.
Foilseoidh gach Páirtí faisnéis maidir le cosaint na sonraí pearsanta agus an phríobháideachais a sholáthraíonn sé d’úsáideoirí na ríomhthráchtála, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:
(a)
an chaoi ar féidir le daoine aonair leighis a lorg maidir le sárú ar chosaint na sonraí pearsanta nó an phríobháideachas a eascraíonn as trádáil dhigiteach; agus
(b)
treoraíocht agus faisnéis eile le haghaidh gnólachtaí maidir leis na ceanglais dlí is infheidhme i dtaca le cosaint na sonraí pearsanta agus an phríobháideachais a chomhlíonadh.’
AIRTEAGAL 5
Déanfar Airteagal 8.63 den Chomhaontú a scriosadh.
AIRTEAGAL 6
Tiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 23.2 den Chomhaontú.
AIRTEAGAL 7
1.
Déantar an Prótacal seo, i gcomhréir le hAirteagal 23.8 den Chomhaontú, a tharraingt suas i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris agus san Indinéisis, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin.
2.
I gcás ina mbeidh aon éagsúlacht sa léiriú, beidh forlámhas ag téacs na teanga inar caibidlíodh an Prótacal seo.
DÁ FHIANÚ SIN, tá na daoine thíos‑sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Prótacal seo a shíniú.
ARNA DHÉANAMH I/IN/SA XXX, an XX lá de mhí [MÍ] sa bhliain XXXX.
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
Thar ceann na Seapáine