EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0755

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos rialacha íosta maidir le héascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus fanacht neamhúdaraithe san Aontas a chosc agus a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Threoir 2002/90/CE ón gComhairle agus Chinneadh Réime 2002/946 CGB ón gComhairle

COM/2023/755 final

An Bhruiséil,28.11.2023

COM(2023) 755 final

2023/0439(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos rialacha íosta maidir le héascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus fanacht neamhúdaraithe san Aontas a chosc agus a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Threoir 2002/90/CE ón gComhairle agus Chinneadh Réime 2002/946 CGB ón gComhairle


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Cúiseanna agus cuspóirí an togra

Gníomhaíocht choiriúil is ea smuigleáil imirceach lena léirítear dímheas ar bheatha an duine agus lena mbaintear a ndínit chun brabús a dhéanamh, lena sáraítear na cearta bunúsacha agus lena mbaintear an bonn de chuspóirí bainistíochta imirce an Aontais.

Tá smuigleáil imirceach a chomhrac agus a chosc ar cheann de thosaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus tá sé sin ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta ar bhealach cuimsitheach. Baineann líonraí coiriúla leas as éadóchas daoine agus úsáideann siad bealaí talún, farraige, agus aeir chun imirce neamhrialta a éascú, ag cur beatha daoine i mbaol agus iad ag lorg gach bealach is féidir lena mbrabúis a uasmhéadú.

Ina haitheasc ar Staid an Aontais an 13 Meán Fómhair 2023, d’iarr an tUachtarán von der Leyen go neartófaí na huirlisí uile atá ar fáil don Aontas chun smuigleáil imirceach a chomhrac ar bhealach éifeachtach, tríd an gcreat reachtach reatha, atá ar a bhfód le níos mó ná 20 bliain, a thabhairt cothrom le dáta. D’iarr sí freisin go neartófaí an rialachas maidir le smuigleáil imirceach agus go méadófaí ról ghníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe Europol. Chuir sí i dtábhacht freisin an gá oibriú le comhpháirtithe chun dul i ngleic leis an dúshlán domhanda sin, agus is é sin an fáth a bhfuil Comhdháil Idirnáisiúnta á heagrú ag an gCoimisiún, lena gcruthófar Comhghuaillíocht Dhomhanda lena mbaineann an Comhaontas Domhanda le haghaidh Glao ar Ghníomhú chun smuigleáil daoine a chomhrac.

Tá smuigleáil imirceach chuig an Aontas agus laistigh de ag éirí níos láidre i gcónaí, arna spreagadh ag éileamh atá ag méadú mar gheall ar ghéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn agus géarchéimeanna atá ag éirí níos measa, go háirithe cúluithe eacnamaíocha, éigeandálaí comhshaoil arb é an t-athrú aeráide is cúis leo, chomh maith le coinbhleachtaí agus brú déimeagrafach in go leor tríú tíortha. Spreagann smuigleáil imirceach méadú ar an líon daoine a thagann isteach go neamhrialta san Aontas: in 2022, braitheadh thart ar 331 000 iontráil neamhrialta ag teorainneacha seachtracha an Aontais, an leibhéal bairde ó bhí 2016 ann, arb é sin méadú 66 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin 1 . In 2023, go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair braitheadh thart ar 281 000 iontráil neamhdhleathach ag teorainneacha seachtracha an Aontais, arb é sin méadú 18 % i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2022. Tá sé sin ag tarlú i gcomhthráth le méadú ar na gníomhaíochtaí smuigleála, arna léiriú ag taifead nua ina leith agus os cionn 15,000 smuigleálaí imirceach tuairiscithe ag na Ballstáit do Frontex in 2022 2 . Agus an méadú ar theacht isteach neamhrialta in 2023 agus ar na géarchéimeanna éagsúla ar fud an domhain i réimse tíortha tionscnaimh agus idirthurais á gcur san áireamh, is féidir a bheith ag súil le sreafaí imirceacha chuig an Eoraip 3 a bheidh ard i gcónaí agus a dfhéadfadh a bheith ag méadú agus gníomhaíochtaí coiriúla smuigleála gaolmhara.

Meastar go mbaineann níos mó ná 90 % de na himircigh neamhrialta a shroicheann an tAontas úsáid as smuigléirí 4 , a eagraítear i ngrúpaí coiriúla den chuid is mó. Thairis sin, déanann líonraí smuigleála brabúis shuntasacha óna ngníomhaíochtaí coiriúla, agus meastacháin éagsúla ann, mar atá idir EUR 4.7 – 6 bhilliún. maidir lena mbíonn de bhrabúis acu ar fud an domhain in aghaidh na bliana 5 . Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, freagairt go láidir daingean do ghníomhaíochtaí smuigleálaithe chun an imirce neamhrialta a laghdú. Meastar gur ollmhór an líon básanna atá ann ó bhí 2014 ann, mar atá os cionn 28,000 duine, 6 mar thoradh ar ghníomhaíochtaí smuigléirí imirceacha gan trua gan taise, go háirithe ar muir.

Bíonn thart ar leath de na líonraí smuigleála imirceach páirteach i gcoireanna eile freisin, amhail gáinneáil ar dhaoine, drugaí agus smuigleáil arm tine, agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe laistigh den Aontas á néascú acu freisin. Tá iliomad dúshlán le sárú ag údaráis forfheidhmithe dlí agus ag údaráis bhreithiúnacha a bhíonn ag athrú de shíor: modi operandi smuigléirí atá ag athrú agus ag oiriúnú go tapa; an úsáid mhéadaithe as bagairtí agus as foréigean i leith na nimirceach chomh maith le húdaráis forfheidhmithe dlí 7 ; na deacrachtaí a bhaineann le smuigléirí a bhíonn i bhfolach i dtíortha lasmuigh den Aontas a aimsiú agus a ghabháil; an úsáid as an réimse leathan de mhodhanna iompair, lena n-áirítear soithí nach bhfuil muiracmhainneach agus nach bhfuil chomh hinbhraite (amhail báid iascaireachta agus báid mhiotail seiftithe), feithiclí bóthair ina gcuirfear imircigh i bhfolach ar bhealach contúirteach, chomh maith le heitiltí tráchtála agus cairtfhostaithe a bhfuiltear á n-úsáid níos mó agus níos mó chun imircigh a thabhairt chuig tíortha atá gar don Aontas nó atá ag críochantacht leis an Aontas, óna bhféachann imircigh ansin le teacht isteach go neamhrialta san Aontas 8 ; an úsáid as uirlisí digiteacha ag gach céim den phróiseas, le fógraíocht ar líne ar sheirbhísí, ar bhealaí agus ar phraghsanna smuigleála agus chun doiciméid a bhrionnú; an úsáid as criptea-airgeadraí, airgead digiteach nó foirmeacha neamhoifigiúla eile íocaíochta (e.g. hawala) 9 .

Tá sé riachtanach go rachfar i ngleic le smuigleáil imirceach chun deireadh a chur le líonraí coireachta eagraithe a dfhéadfadh bheith ina gcúis le sáruithe ar chearta an duine agus le básanna, agus chun an méadú ar an imirce neamhrialta chuig an Aontas a chomhrac. Le cur chuige cuimsitheach agus inbhuanaithe i leith na himirce, teastaíonn meascán de ghníomhaíochtaí láidre agus éifeachtúla lena gcomhlánaítear comhpháirtíochtaí comhthairbheacha le tíortha tionscnaimh agus tíortha idirthurais, lena dtabharfar aghaidh ar bhunchúiseanna na himirce agus go háirithe an imirce neamhrialta, agus ag an am céanna an choireacht eagraithe a chomhrac, lena n-áirítear smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine. Leis an gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann 10 , cuirtear cosc agus cur i gcoinne na smuigleála imirceach i gcroílár an chur chuige chuimsithigh i leith na himirce.

Ní mór creat dlíthiúil agus oibríochtúil an Aontais atá ann cheana maidir le smuigleáil imirceach a nuachóiriú agus a threisiú chun feabhas a chur ar na huirlisí atá ar fáil don Aontas Eorpach chun an choireacht sin atá ag athrú go leanúnach a chosc agus chun freagairt di, lena n-áirítear i gcomhthéacs na n-oibleagáidí dlíthiúla atá ar an Aontas agus ar a Bhallstáit faoin dlí idirnáisiúnta faoi Phrótacal na Náisiún Aontaithe in aghaidh Smuigleáil Inimirceach ar Tír, ar Muir nó san Aer.

Tá an togra seo le haghaidh Treoir ina chuid de shraith beart lena n-oibríochtaítear glao an Uachtaráin von der Leyen agus arb é is aidhm dó an creat dlí atá ann cheana a nuachóiriú agus a neartú agus rialacha atá oiriúnach don fheidhm a sholáthar don Aontas. Nuashonraítear agus nuachóirítear leis rialacha um dhlí coiriúil an Aontais atá ann cheana maidir leis an bPacáiste um Éascaitheoirí atá comhdhéanta de Threoir 2002/90/CE lena mbunaítear sainmhíniú comhchoiteann ar an gcion maidir le teacht isteach neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe 11 agus cónaí neamhúdaraithe a éascú, agus Cinneadh Réime 2002/946/CGB maidir leis an gcreat pionósach a neartú chun cosc a chur le héascú ar theacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe 12 .

Tá togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ag gabháil leis an togra seo 13 , lena bhfeabhsaítear comhar póilíneachta chomh maith le cumhachtaí Europol i réimse na smuigleála imirceach agus na gáinneála ar dhaoine, go háirithe trí bhunú an Lárionaid Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach laistigh de Europol a chódú agus a chumhachtaí gaolmhara a threisiú. Feabhsaítear leis an togra cúraimí straitéiseacha agus oibríochtúla Europol maidir le smuigleáil imirceacha chomhrac chun gníomhaíochtaí an Lárionaid a stiúradh agus tacú leo agus chun tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí oibríochtúla a shainaithint agus a chur chun feidhme. Bunaítear leis creat rialachais, lena n-áirítear eintitis na mBallstát atá freagrach as smuigleáil imirceach, an Coimisiún, agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais. Neartaítear leis an comhar idirghníomhaireachta le Frontex agus Eurojust agus treisítear leis an comhar idir Europol agus tríú tíortha.

Cuirtear an pacáiste seo i láthair lá na Comhdhála Idirnáisiúnta lena seoltar ‘a Global Alliance to counter migrant smuggling’ [Comhaontas Domhanda chun dul i ngleic le smuigleáil imirceach]. Leis an gComhdháil sin, tá creat á chruthú ag an gCoimisiún le haghaidh comhar polaitiúil láidir le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun cur i gcoinne smuigleáil imirceach ar fud an domhain i gcomhar le chéile.

Leis na trí thionscnamh sin, comhlánaítear na tionscnaimh atá ann cheana sa réimse um chomhrac in aghaidh smuigleáil imirceach, agus plean gníomhaíochta athnuaite an Aontais in aghaidh smuigleála (2021-2025) 14 á chur chun feidhme trí chreat dlíthiúil an Aontais atá ann cheana a nuachóiriú chun smachtbhannaí a fhorchur ar smuigleálaithe imirceach a ghníomhaíonn ar na bealaí imirce, agus trí chreat um chomhar dlíthiúil, oibríochtúil agus idirnáisiúnta athnuaite in aghaidh smuigleáil imirceach a leagan amach le haghaidh na mblianta amach romhainn.

Le chéile, féachtar leis na tograí sin leis an gcreat dlíthiúil a nuachóiriú chun smuigleáil imirceach a chomhrac, lena áirithiú go mbeidh na huirlisí dlíthiúla agus oibríochtúla is gá againn chun freagairt do modus operandi nua na smuigleálaithe, mar a leagtar amach i gclár oibre 2024 ón gCoimisiún a fógraíodh an 17 Deireadh Fómhair 2023.

Cuspóirí an togra

Glacadh creat dlíthiúil reatha an Aontais maidir le teacht isteach neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe agus cónaí neamhúdaraithe san Aontas Eorpach a éascú in 2002 faoi fhorálacha arna ndéanamh roimh Chonradh Liospóin. Is é is cuspóir ginearálta don togra seo le haghaidh Treoir ionstraim dlí choiriúil nua-aimseartha de chuid an Aontais a thabhairt i gcrích lena saineofar go soiléir agus lena bhforchuirtear smachtbhannaí go héifeachtach i leith an chiona maidir le teacht isteach neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe agus fanachta neamhúdaraithe san Aontas a éascú, i gcomhréir le forálacha Airteagal 83 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Prótacal na Náisiún Aontaithe in aghaidh Smuigleáil Inimirceach ar Tír, ar Muir agus san Aer.

Freastalaíonn an togra seo le haghaidh Treoir ar na cuspóirí sonracha seo a leanas:

Imscrúdú, ionchúiseamh agus smachtbhannaí éifeachtach a áirithiú maidir le líonraí coiriúla eagraithe atá freagrach as smuigleáil imirceach

Léiríodh i meastóireacht REFIT 2017 ar an bPacáiste reatha um Éascaitheoirí, agus san fhaireachán a rinneadh ina dhiaidh sin ar a chur chun feidhme, na dúshláin a bhaineann le sainmhíniú leathan ar an gcoir um teacht isteach neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe agus cónaí neamhúdaraithe a éascú. Is é sin, gur léiríodh leis nach bhfuil sé éifeachtach chun soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a chruthú maidir leis an idirdhealú idir éascú na himirce neamhrialta agus an chúnaimh dhaonnúil, mar gheall ar shainmhíniú leathan an chiona agus easpa díolúintí. Tugtar soiléireacht leis an togra seo maidir leis na cionta ba cheart a choiriúlú. Áirítear orthu sin éascú a dhéantar ar mhaithe le sochar airgeadais nó ábhartha nó gealltanas a thabhairt ina leith sin; éascú ar dóigh dó dochar tromchúiseach a dhéanamh do dhuine cé go ndéantar é gan sochar airgeadais nó gan sochar ábhartha; agus i gcásanna ina ndéantar náisiúnaigh tríú tír a ghríosú go poiblí, mar shampla tríd an idirlíon, chun teacht isteach san Aontas Eorpach, idirthuras a dhéanamh trasna an Aontais Eorpaigh nó fanacht go neamhrialta ann. Soiléirítear leis an togra freisin nach é cuspóir na Treorach coirpigh a dhéanamh de náisiúnaigh tríú tír toisc go ndearnadh iad a smuigleáil, coir a dhéanamh de chúnamh a thabhairt do bhaill teaghlaigh, nó de chúnamh daonnúil a thabhairt nó de thacú le riachtanais bhunúsacha an duine a sholáthraítear do náisiúnaigh tríú tír i gcomhréir le hoibleagáidí dlíthiúla.

Ina theannta sin, foráiltear leis an sainmhíniú beachtaithe freisin gur féidir an cion um éascú a dhéanamh laistigh de chríoch aon Bhallstáit, rud a éascaíonn comhar breithiúnach idir na Ballstáit.

Pionóis níos comhchuibhithe lena gcuirtear tromchúis an chiona san áireamh

Ó glacadh an Pacáiste um Éascaitheoirí in 2002, tá líonraí coiriúla a bhfuil baint acu le smuigleáil imirceach ag dul i muinín foréigean i leith imirceach agus údaráis forfheidhmithe dlí níos mó agus níos mó, rud a chuireann beatha daoine i mbaol. Tugtar isteach leis an togra an sainmhíniú ar chionta coiriúla géaraitheacha (e.g., cion arna dhéanamh mar chuid de ghrúpa coiriúil eagraithe, lena ndéantar díobháil thromchúiseach nó lena gcuirtear beatha nó sláinte i mbaol, rud is cúis le bás) a bhfuil leibhéal níos airde pionós coiriúil comhfhreagrach ag baint leo. Tá íosleibhéal na bpionós uasta sa Treoir atá beartaithe níos airde ná na pionóis dá bhforáiltear sa Phacáiste reatha um Éascaitheoirí (lenar beartaíodh uasleibhéal príosúnachta 8 mbliana ar a laghad) agus rinneadh iad a chinneadh agus córas foriomlán na bpionós a tugadh isteach le hionstraimí dlí choiriúil an Aontais á chur san áireamh. Bheadh an príomhchion um éascú inphionóis le huasleibhéal príosúnachta 3 bliana ar a laghad, agus bheadh cionta géaraitheacha (e.g. coireacht eagraithe, foréigean tromchúiseach a úsáid) inphionóis ar feadh 10 mbliana ar a laghad agus bheadh na cionta is tromchúisí (is cúis le bás) inphionóis ar feadh 15 bliana.

Feabhas a chur ar chumhacht dlínsí

Is minic a bhíonn daoine a eagraíonn agus a dhéanamh gníomhaíochtaí smuigleála imirceach ina gcónaí lasmuigh den Aontas agus dá bhrí sin bhí siad lasmuigh de chumhacht dhlínse na mBallstát. Chun méadú a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann le smachtbhannaí a fhorchur ar spriocanna ardluacha a eagraíonn gníomhaíochtaí smuigleála agus chun an staid nach bhfuil aon Stát ábalta dlínse a fheidhmiú maidir le cásanna tromchúiseacha agus tragóideacha smuigleála a tharlaíonn mar shampla in uiscí idirnáisiúnta a sheachaint, leathnaítear dlínse na mBallstát leis an Treoir atá beartaithe chuig cásanna ina dteipeann ar theacht isteach neamhúdaraithe san Aontas a éascú agus ina bhfaigheann náisiúnaigh tríú tír bás: is amhlaidh, mar shampla, an cás ina dtéann báid nach bhfuil muiracmhainneach faoi uisce in uiscí idirnáisiúnta, dá bhrí sin sula sroicheann siad uiscí teorann Ballstáit nó tríú tír. Leis an Treoir atá beartaithe, leathnaítear an dlínse freisin maidir le cionta a dhéantar ar bord long nó aerárthaí atá cláraithe i mBallstát nó a bhfuil bratach ar foluain acu, agus maidir le cionta a dhéanann daoine dlítheanacha atá i mbun gnó ach nach gá go bhfuil siad bunaithe san Aontas.

Acmhainní na mBallstát a threisiú chun smuigleáil imirceach a chomhrac agus a chosc

Lena áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit smuigleáil imirceach a chomhrac go héifeachtach, ceanglaítear leis an Treoir atá beartaithe ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis ábhartha forfheidhmithe dlí agus ag na húdaráis bhreithiúnacha, go bhfuil oiliúint leordhóthanach orthu agus go bhfuil siad speisialaithe lena áirithiú go ndéanfar ciontóirí a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit oibriú freisin chun smuigleáil imirceach a chosc, trí fheachtais faisnéise agus múscailte feasachta, trí chláir taighde agus oideachais.

Feabhas a chur ar bhailiú sonraí agus ar thuairisciú

Sainaithníodh i meastóireacht 2017 easpa sonraí láidre, cuimsitheacha agus inchomparáide maidir le cionta smuigleála imirceach agus freagairtí an cheartais choiriúil ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach 15 mar phríomhghné lena gcuirtear bac ar an measúnú ar éifeachtaí an Phacáiste um Éascaitheoirí sna Ballstáit; ina theannta sin, cuirtear cosc leis ar lucht ceaptha beartas náisiúnta agus ar chleachtóirí náisiúnta faireachán agus tomhas a dhéanamh ar éifeachtacht a mbeart. Chun aghaidh a thabhairt ar an easnamh sin agus chun faireachán níos fearr a áirithiú, ceanglaítear leis an togra ar na Ballstáit sonraí staidrimh a bhailiú agus a thuairisciú ar bhonn bliantúil. Chuideodh sé sin le tuiscint níos fearr a fháil ar chineál agus ar scála na smuigleála imirceach, ar bhrath cásanna agus ar fhreagairtí chórais cheartais choiriúil na mBallstát, rud a thacaíonn le ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

Tá an togra seo comhsheasmhach leis an gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, lena soláthraítear dfhreagairt láidir Eorpach ar smuigleáil imirceach laistigh agus lasmuigh den Aontas mar chuid bhunriachtanach den chur chuige cuimsitheach i leith na himirce. Cuirtear chun feidhme leis plean gníomhaíochta athnuaite an Aontais in aghaidh na smuigleála (2021-2025) 16 , trí chreat dlíthiúil an Aontais atá ann cheana a nuashonrú agus a nuachóiriú chun smachtbhannaí a fhorchur ar smuigleálaithe imirceach a ghníomhaíonn ar na bealaí imirceacha. Tá an togra comhsheasmhach agus comhleanúnach le Pleananna Gníomhaíochta an Aontais arna gcur i láthair ag an gCoimisiún maidir leis an Meánmhuir Láir, leis an Meánmhuir Thoir, leis an Meánmhuir Thiar agus leis an Atlantach, agus bealaí na mBalcán Thiar, chomh maith leis an mBosca Uirlisí lena dtugtar aghaidh ar úsáid modhanna tráchtála iompair chun imirce neamhrialta chuig an Aontas a éascú 17 agus an togra le haghaidh Rialachán maidir le bearta i gcoinne oibreoirí iompair a éascaíonn gáinneáil ar dhaoine nó smuigleáil imirceach nó a bhíonn páirteach i ngáinneáil ar dhaoine nó smuigleáil imirceach i ndáil le teacht isteach neamhdhleathach ar chríoch an Aontais Eorpaigh 18 . Tá sé i gcomhréir freisin le gealltanais na gcomhpháirtíochtaí cuimsitheacha maidir le himirce a dhéantar ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Tá an togra seo comhsheasmhach freisin le Prótacal na Náisiún Aontaithe in aghaidh Smuigleáil Imirceach ar Tír, ar Muir agus san Aer, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta a bhfuil an tAontas Eorpach ina pháirtí ann. Áirítear i bPrótacal na Náisiún Aontaithe sochar airgeadais nó sochar ábhartha eile mar chomhghné den choireacht agus foráiltear leis nach gcuirfear náisiúnaigh tríú tír faoi dhliteanas i leith ionchúiseamh cóiriúil faoin bPrótacal toisc go raibh siad ina n-ábhar sa chion.

Tacaíonn an togra le cuspóirí Straitéis an Aontais Slándála 19 , straitéisí an Aontais chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe 2021-2025 20 agus maidir le Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac 2021 -2025 21 , chomh maith le Straitéis Slándála Muirí athbhreithnithe an Aontais 22 .

Tá an togra comhsheasmhach le Treoir 2020 ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme rialacha an Aontais maidir le héascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus cónaí neamhúdaraithe a shainiú agus a chosc 23 , lena ndearbhaítear, dá bhrí sin, nach féidir cúnamh daonnúil arna shainordú ag an dlí (mar shampla i gcreat na n-oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála) a choiriúlú agus nár ceart é a choiriúlú, go bhfuil coiriúlú aon ghníomhaithe neamhstáit a dhéanann oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir, a chomhlíonann an creat dlíthiúil ábhartha, ina shárú ar an dlí idirnáisiúnta agus dá bhrí sin nach bhfuil sé ceadaithe le dlí an Aontais agus, i gcás inarb infheidhme, gur cheart a mheasúnú an dtagann gníomh faoin gcoincheap cúnamh daonnúil – coincheap nach féidir a fhorléiriú ar bhealach lena bhféadfaí gníomh arna shainordú de réir an dlí é a choiriúlú – a dhéanamh de réir an cháis, agus na himthosca ábhartha go léir á gcur san áireamh.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra le haghaidh Treoir i gcomhréir leis na haidhmeanna beartais a bhfuil an tAontas ag féachaint leo, agus go háirithe leis an méid seo a leanas:

·Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimíocht agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach agus an Togra le haghaidh Treoir maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní 24 ;

·An Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh;

·Treoir 2014/41/AE maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla;

·Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear caighdeáin íosta maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle;

·Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle;

·Treoir 2004/81/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gcead cónaithe arna eisiúint do náisiúnaigh tríú tír ar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine iad nó a bhí faoi réir gníomhaíochta chun inimirce neamhdhleathach a éascú, a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla;

·Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol);

·Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin;

·Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha);

·Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena ndéantar foráil maidir le caighdeáin íosta i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach;

·Cinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle maidir le coinbhleachtaí i bhfeidhmiú dlínse in imeachtaí coiriúla a chosc agus a shocrú agus an togra le haghaidh Rialachán maidir le himeachtaí in ábhair choiriúla a aistriú 25 .

Tá an togra seo gan dochar do Threoir 2004/38/CE 26 agus don Chomhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe 27 . Ní leasaítear Treoir 2004/38/CE ná an Comhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar bhealach ar bith leis an togra seo.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 83(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí don togra seo, ina leagtar amach inniúlacht an Aontais chun rialacha íosta a bhunú má tá comhfhogasú dhlíthe coiriúla agus rialacháin choiriúla na mBallstát fíor-riachtanach maidir le beartas de chuid an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach i réimse ina ndearnadh bearta um chomhchuibhiú. Réimse an chomhbheartais inimirce, go háirithe na coinníollacha maidir le teacht isteach agus cónaí, inimirce neamhdhlíthiúil agus cónaí neamhúdaraithe, agus bainistiú theorainneacha seachtracha an Aontais, rinneadh é a chomhchuibhiú cheana féin de bhua acquis an Aontais sa réimse i dTeideal V CFAE maidir le Saoirse, Slándáil agus Ceartas, beartais Chaibidil 2 maidir le seiceálacha teorann, tearmann agus inimirce, agus tá sé fíor-riachtanach a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach é trí chomhfhogasú dhlíthe coiriúla agus rialacháin choiriúla na mBallstát.

Coimhdeacht

Is coir thrasteorann í smuigleáil imirceach a théann i gcion go díreach ar an Aontas, ar a theorainneacha seachtracha agus ar níos mó ná Ballstát amháin ag an am go minic. Ní féidir leis na Ballstáit atá ag gníomhú leo féin aghaidh a thabhairt go rathúil ar an gcoireacht trasteorann sin. Le tuilleadh comhfhogasaithe sa sainmhíniú ar an gcion, leibhéil na smachtbhannaí agus na bearta coisctheacha is infheidhme sna Ballstáit, féadfar gníomhaíocht níos éifeachtaí a áirithiú maidir le smuigleáil imirceach a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus foirmeacha ‘siopadóireacht dlínse’ a chosc ó choirpigh a bhaineann leas as córais nach bhfuil na pionóis chomh dian sin iontu.

Chun éifeacht dhíspreagthach na smachtbhannaí san Aontas a mhéadú, tugtar isteach leis an togra cionta géaraitheacha, a bhfuil pionóis níos airde comhfhreagracha ag baint leo, chomh maith le himthosca géaraitheacha, mar shampla i gcás atitimeachais, más oifigeach poiblí nó duine a bhfuil arm tine á iompar aige a dhéanann an cion. I láthair na huaire, de réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, tá uasleibhéal na bpionós coiriúil chun teacht isteach agus idirthuras neamhúdaraithe a éascú sna Ballstáit ó suas le bliain amháin sa Bheilg agus sa Spáinn agus suas le 10 mbliana sa Bhulgáir, sa Chipir, in Éirinn agus sa tSlóivéin. Tá na pionóis choiriúla maidir le háit chónaithe a éascú sna Ballstáit ó suas le bliain amháin san Ostair, sa Bheilg, sa tSeicia, san Eastóin agus sa Spáinn agus suas le 15 bliana sa Chipir chun áit chónaithe a éascú. Chinn 15 Bhallstát 28 ó 2015 i leith go bhfuil sé ábhartha a reachtaíocht náisiúnta a leasú (tá leasuithe ar feitheamh i dtrí Bhallstát faoi láthair 29 ) leis na hathruithe lena n-áirítear pionóis níos déine 30 , coiriúlú smuigleála 31 agus iarracht agus díolmhú cúnaimh dhaonnúil didirthurais neamhúdaraithe 32 .

I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a ghnóthú go leordhóthanach agus is fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. De dheasca gné thrasnáisiúnta na smuigleála imirceach, agus reachtaíocht an Aontais atá ann cheana á cur san áireamh, tá coinne leis go mbeidh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla agus go soláthrófar breisluach inbhraite léi i gcomparáid le gníomhaíocht arna déanamh ag na Ballstáit ina n-aonar. Chruthófaí breisluach le hidirghabháil an Aontais trí chomhfhogasú breise a dhéanamh ar dhlí coiriúil na mBallstát agus trí cur le cothroime iomaíochta a áirithiú idir na Ballstáit.

Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tá an Treoir atá beartaithe teoranta dá bhfuil riachtanach chun creat an Aontais maidir le smuigleáil imirceach a chosc agus a chomhrac a threisiú agus ní théann sí thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí beartais atá i gceist a bhaint amach.

Chun aghaidh a thabhairt go sonrach ar chineálacha tromchúiseacha smuigleála imirceach, mar shampla, na cinn a mbíonn bhfuil díobháil thromchúiseach nó bás mar thoradh orthu, nach luaitear go sainráite faoi láthair sa Phacáiste um Éascaitheoirí, tá an sainmhíniú ar chionta coiriúla troma á thabhairt isteach sa togra le haghaidh Treoir, chomh maith le sraith imthosca géaraitheacha agus maolaitheacha, lena n-áirithítear comhréireacht na bpionós coiriúil, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta maidir le pionóis choiriúla mar a chumhdaítear in Airteagal 49(3) den Chairt.

Rogha na hionstraime

I gcomhréir le hAirteagal 83(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní féidir comhfhogasú dhlíthe coiriúla agus rialacháin choiriúla na mBallstát atá fíor-riachtanach chun beartas de chuid an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtúil i réimse ina ndearnadh bearta um chomhchuibhiú, a bhaint amach ach amháin trí bhíthin Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna glacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinneadh meastóireacht ar an bPacáiste um Éascaitheoirí faoi chuimsiú Chlár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) in 2017. Ba é b’aidhm di a mheas an raibh an Pacáiste um Éascaitheoirí oiriúnach don fheidhm. Chuige sin, rinneadh meastóireacht ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach AE na bhforálacha atá ann cheana. Léiríodh leis an meastóireacht gur thrasuigh na Ballstáit uile an Pacáiste um Éascaitheoirí agus gur leasaigh siad a reachtaíocht dá réir. Le glacadh an Phacáiste um Éascaitheoirí, soiléiríodh an t‑idirdhealú idir na cionta maidir le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine agus éascaíodh tuilleadh comhfhogasaithe ar an sainmhíniú ar an gcion leis na Ballstáit uile a thug smachtbhannaí isteach chun teacht isteach neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe agus cónaí neamhúdaraithe a éascú.

Léiríodh le torthaí na meastóireachta easpa shuntasach sonraí iontaofa agus inchomparáide maidir le cionta smuigleála imirceach agus freagairtí an cheartais choiriúil ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach, rud a chuaigh i bhfeidhm ar gach critéar meastóireachta. Mar gheall ar infhaighteacht theoranta na sonraí, ní féidir measúnú a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil nasc díreach idir na méaduithe ar bhrath agus ar ionchúiseamh na n-éascaitheoirí, nó an comhar feabhsaithe idir na Ballstáit, agus cur chun feidhme an Phacáiste um Éascaitheoirí, agus a mhéid a bhfuil nasc díreach ag na méaduithe sin. Tá sé fíor-riachtanach go ndéanfar sonraí staidrimh iontaofa tráthúla maidir leis an gcoireacht agus leis an gceartas coiriúil a bhailiú agus a anailísiú chun beartas fianaise-bhunaithe a fhorbairt ar leibhéal an Aontais.

Cuireadh i dtábhacht sna sonraí atá ar fáil agus i dtuairimí na bpáirtithe leasmhara na gnéithe criticiúla agus sásúla maidir le héifeachtacht an Phacáiste um Éascaitheoirí lena chuspóirí a bhaint amach. Mar shampla, cé gur ceistíodh éifeacht dhíspreagthach na reachtaíochta sin i bhfianaise an mhéadaithe ar smuigleáil imirceach chuig an Aontas, rinneadh measúnú níos dearfaí ar chomhfhogasú an chreata phionósaigh.

Tugadh difríochtaí faoi deara freisin sna catagóirí éagsúla páirtithe leasmhara uile, a léirigh tuairimí éagsúla agus tuairimí a bhí ag teacht salach uaireanta maidir le gnéithe éagsúla den Phacáiste um Éascaitheoirí. Bhí formhór na ndaoine aonair agus na n-eagraíochtaí a ndeachthas i gcomhairle leo go mór i bhfabhar modhnú ar an sainmhíniú atá ann cheana ar an gcion. D’ainneoin go bhfágtar an rogha ag na Ballstáit le hAirteagal 1(2) reatha den Treoir maidir le hÉascú éascú teacht isteach agus idirthurais neamhúdaraithe a dhíolmhú ó smachtbhannaí coiriúla nuair a dhéantar é ar fhorais dhaonnúla, cáineadh an fhoráil sin mar gheall ar a carachtar roghnach, lena mbaineann easpa soiléireachta agus deimhneacht dhlíthiúil. Chuir ionadaithe na sochaí sibhialta imní in iúl maidir leis na rioscaí a bhraitear maidir le coir a dhéanamh de chúnamh a sholáthraíonn eagraíochtaí sochaí sibhialta nó coirpigh a dhéanamh de dhaoine aonair a thugann cúnamh agus/nó a oibríonn le himircigh neamhrialta.

Bhain na braistintí agus an cáineadh sin le cúnamh daonnúil arna sholáthar laistigh de chríoch an Bhallstáit agus ag na teorainneacha nó ar an mórmhuir araon, d’ainneoin na gcreataí dlíthiúla éagsúla a bhfuil feidhm acu maidir le hiompar den sórt sin. Léiríodh leis an anailís ar chur chun feidhme an Phacáiste um Éascaitheoirí go bhfuil cineálacha éagsúla cur chuige ann maidir le cad is coir ann ar fud na mBallstát: cé gurb é cleachtas na n-údarás i mBallstáit áirithe díriú ar chásanna maidir le héascú nuair a dhéantar é chun críocha brabúsacha nó nuair a dhéanann grúpaí coiriúla eagraithe é, i mBallstáit eile, mar gheall ar shainmhíniú leathan an chiona, ionchúisíodh daoine a sholáthraíonn seirbhísí d’imircigh neamhrialta i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí gairmiúla nó a sholáthraíonn cúnamh ar chúiseanna neamhleithleacha freisin.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Bhí sraith comhairliúcháin spriocdhírithe ag an gCoimisiún le réimse leathan páirtithe leasmhara maidir le cur chun feidhme an Phacáiste um Éascaitheoirí. Áiríodh leis na comhairliúcháin sin údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha na mBallstát, Gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais (Eurojust, Europol, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha) agus ionadaithe na sochaí sibhialta a ndeachthas i gcomhairle leo faoi chuimsiú ullmhú na meastóireachta ar an bPacáiste um Éascaitheoirí in 2017, faoi chuimsiú na Treorach ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme rialacha an Aontais maidir le éasca teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus cónaí neamhúdaraithe a shainiú agus a chosc in 2020, agus plean gníomhaíochta athnuaite an Aontais in aghaidh na smuigleála (2021-2025) á ullmhú agus le linn 2023 mar chuid den fhaireachán agus den mhapáil ar chur chun feidhme an Phacáiste um Éascaitheoirí sna Ballstáit.

Go ginearálta, rinne páirtithe leasmhara measúnú dearfach ar chomhfhogasú an chreata choiriúil sna Ballstáit. Chuir catagóirí éagsúla páirtithe leasmhara tuairimí éagsúla in iúl maidir le sainmhíniú an chiona agus maidir le cineál roghnach na ngníomhaíochtaí a dhéantar ar fhorais dhaonnúla a dhíolmhú. Chuir ionadaithe ó eagraíochtaí sochaí sibhialta i dtábhacht go mbíonn easpa soiléireachta agus easpa deimhneacht dhlíthiúil mar thoradh ar shainmhíniú leathan ar an gcion chomh maith leis na rioscaí a bhaineann le coir a dhéanamh de chúnamh daonnúil a sholáthraíonn eagraíochtaí sochaí sibhialta nó daoine aonair a thugann cúnamh agus/nó a oibríonn le himircigh neamhrialta, ach níor thagair na Ballstáit don ghá an sainmhíniú ar an gcion a chúngú nó díolúine éigeantach ó choiriúlú a thabhairt isteach. Mar sin féin, mar gheall ar na cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta i leith na coireanna um éascú atá ann maidir le héifeachtacht ghníomhaíocht choiteann an Aontais, agus chun díriú ar chionta arna ndéanamh chun críocha brabúsacha go háirithe ag grúpaí coiriúla eagraithe, is gá an cion um éascú a shainmhíniú go soiléir. Dhírigh comhairliúchán le Europol agus Eurojust freisin ar an gcur chuige céanna toisc go n-éascódh sé comhar oibríochtúil agus freagairt oibríochtúil.

Agus an togra seo á ullmhú, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus le Eurojust, le Europol agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta maidir leis na príomhbhearnaí i gcreat dlíthiúil agus oibríochtúil an Aontais agus maidir leis an bhfreagairt a d’fhéadfaí a thabhairt orthu sin.

Measúnú tionchair

Cuirtear an togra i láthair go heisceachtúil gan measúnú tionchair ag gabháil leis. Mar sin féin, tógann an togra seo ar an bhfianaise a bailíodh trí mheastóireacht REFIT ar an bPacáiste um Éascaitheoirí a rinneadh in 2017, tríd an gcomhairliúchán poiblí ar phlean gníomhaíochta athnuaite an Aontais in aghaidh smuigleáil imirceach (2021-2025), tríd an bhfaisnéis agus tríd an bhfianaise a sholáthair Europol, Eurojust agus Frontex, agus tríd an rannpháirtíocht leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara na sochaí sibhialta faoi chuimsiú an fhaireacháin ar chur chun feidhme an chreata dhlíthiúil reatha. Léiríodh leis an bhfaisnéis agus leis an bhfianaise a bailíodh ó na comhairliúcháin sin easnaimh i ndáil le heaspa shuntasach de shonraí iontaofa agus inchomparáide maidir le cionta smuigleála imirceach agus freagairtí an cheartais choiriúil ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach, an gá le sainmhíniú an chiona a ailíniú a thuilleadh agus an cion coiriúil a shainiú ar bhealach níos soiléire faoi reachtaíocht an Aontais, go háirithe maidir le gné an ghnóthachain airgeadais, cineál roghnach na díolúine ó smachtbhannaí coiriúla maidir le hiompar a dhírítear ar chúnamh daonnúil a sholáthar, na rioscaí a mheastar a bhaineann le coiriúlú agus éifeacht dhíspreagthach na reachtaíochta atá ann cheana.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

I gcomhréir le Clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála an Choimisiúin (REFIT), ba cheart féachaint leis na tionscnaimh go léir, arb é is aidhm dóibh reachtaíocht reatha an Aontais a athbhreithniú, le cuspóirí beartais atá luaite a shimpliú agus a sholáthar ar bhealach níos éifeachtúla, i.e. trí chostais rialála neamhriachtanacha agus an t‑ualach riaracháin ar Bhallstáit a laghdú. Is é is aidhm don Treoir atá beartaithe feabhas a chur ar chumas na mBallstát smuigleáil imirceach a chomhrac ar bhealach éifeachtúil, go háirithe maidir le bagairtí agus treochtaí atá tagtha chun cinn agus atá forbartha le fiche bliain anuas ó tháinig an Pacáiste um Éascaitheoirí i bhfeidhm.

Leis an togra, déanfar an tírdhreach dlí lena dtugtar aghaidh ar choiriúlú agus ar smachtbhannaí smuigleála imirceach ar fud na mBallstát a chomhfhogasú. Leis na rialacha nua, tá coinne leis go leagfar síos níos mó deimhneacht dhlíthiúil maidir le hiompar coiriúlaithe agus go gcuirfear pionóis choiriúla in oiriúint do thromchúis na gcionta.

Cearta bunúsacha

Sa togra seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus a gcumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘Cairt’).

Tá roinnt ceart agus saoirsí bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt ábhartha i gcomhthéacs smuigleáil imirceach a chomhrac. Áirítear leo sin na cearta chun measa ar dhínit an duine (Airteagal 1), an ceart chun beatha agus iomláine coirp (Airteagal 2 agus Airteagal 3), toirmeasc ar chéastóireachta agus íde nó pionóis atá mídhaonna nó táireach (Airteagal 4), an ceart chun saoirse pearsanta (Airteagal 6 de), meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an ceart chun maoine (Airteagal 17), an ceart chun tearmainn (Airteagal 18), cearta an linbh (Airteagal 24), an ceart chun leighis éifeachtaigh agus trialach córa (Airteagal 47), toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosanta (Airteagal 48), prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis (Airteagal 49), agus an ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla mar gheall ar an gcion céanna (Airteagal 50).

Leis an togra seo le haghaidh Treoir, trí chionta coiriúla troma, imthosca géaraitheacha agus maolaitheacha, an córas smachtbhannaí ar dhaoine dlítheanacha agus an ceanglas maidir le bearta coisctheacha a chuimsiú, mhéadófaí an éifeachtacht maidir le dul i ngleic le coireacht smuigleála imirceach agus maidir le freagairt chomhréireach a áirithiú. Méadaítear leis sin freisin cosaint chearta bunúsacha ábhartha uile na náisiúnach tríú tír lena mbaineann.

Rinneadh anailís go mion ar na forálacha lena dtugtar cionta nó smachtbhannaí nua isteach, nó lena leasaítear sainmhíniú an chionta i bhfianaise an chirt chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, thoimhde na neamhchiontachta agus an chirt chun cosanta, phrionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta, agus an chirt chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna. Rinneadh anailís orthu freisin ó thaobh an mheasa ar an tsaoirse comhthionóil agus ar an tsaoirse chomhlachais agus ar an gceart chun saol an teaghlaigh.

Ní mór an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta agus cearta bunúsacha á n-urramú. Go sonrach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-urramófar le forchur na bpionós prionsabail na Cairte, lena n-áirítear an phribhléid in aghaidh féin-ionchoirithe, an ceart bheith i do thost agus an toirmeasc duine a thriail nó a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna. Ba cheart do na Ballstáit cearta nós imeachta daoine faoi amhras nó daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla a urramú, mar a chumhdaítear sna sé Threoir de chuid an Aontais maidir le Cearta Nós Imeachta, i.e. Treoracha 2010/64/AE 33 , 2012/13/AE 34 , 2013/48/AE 35 , (AE) 2016/343 36 , (AE) 2016/800 37 agus (AE) 2016/1919 38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Baineann impleachtaí buiséadacha leis an togra seo don Aontas, go háirithe acmhainní daonna breise a theastaíonn don Choimisiún Eorpach (4 FTE) chun tacaíocht a áirithiú do na Ballstáit maidir le trasuí agus cur chun feidhme ceart an phacáiste reachtaigh ina gcuimsítear an Treoir seo agus an togra le haghaidh Rialachán maidir le feabhas a chur ar an gcomhar póilíneachta i ndáil le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus maidir le feabhas a chur ar thacaíocht Europol do choireanna den sórt sin a chosc agus a chomhrac.

San iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach a ghabhann leis an togra seo agus leis an togra le haghaidh Rialachán, sonraítear agus tugtar údar cuí leis na riachtanais sin.

5.GNÉITHE EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

I gcomhréir leis an togra seo le haghaidh Treoir, ceanglaítear ar na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun í a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm bliain amháin ar a dhéanaí i ndiaidh a theacht i bhfeidhm agus téacs na bhforálacha sin a chur in iúl don Choimisiún. Ní mór tagairt shainráite a dhéanamh don Treoir seo sna forálacha náisiúnta comhfhreagracha.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní mheastar gur gá aon doiciméad míniúcháin maidir leis an trasuí.

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Airteagal 1 – Ábhar: leagtar amach san fhoráil seo raon feidhme na Treorach atá beartaithe, go háirithe go leagfar amach rialacha íosta maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar smachtbhannaí maidir le teacht isteach neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe agus fanacht neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír san Aontas a éascú, chomh maith le bearta chun é a chosc agus a chomhrac ar bhealach níos fearr.

Airteagal 2 – Sainmhínithe: tá sainmhínithe san fhoráil seo ar na príomhthéarmaí a úsáidtear sa Treoir, mar atá ‘náisiúnach tríú tír’, ‘mionaoiseach neamhthionlactha’ agus ‘duine dlítheanach’.

Airteagal 3 – Cionta coiriúla: sainmhínítear san fhoráil seo gur cion coiriúil é cúnamh a thabhairt d’aon ghnó do náisiúnach tríú tír chun teacht isteach i gcríoch aon Bhallstáit, idirthuras a dhéanamh trasna chríoch aon Bhallstáit nó fanacht laistigh de chríoch aon Bhallstáit i gcás ina bhfuil sochar airgeadais nó sochar ábhartha iarbhír nó geallta, nó i gcás inar dóigh go ndéanfaidh an cion díobháil thromchúiseach do dhuine. Meastar freisin gur cion é náisiúnaigh tríú tír a ghríosú go poiblí, mar shampla tríd an idirlíon, chun dul isteach san Aontas, idirthuras a dhéanamh trí nó fanacht ann go neamhrialta. Cuirtear i dtábhacht leis an togra in aithrisí freisin nach é cuspóir na Treorach coirpigh a dhéanamh de náisiúnaigh tríú tír toisc go ndearnadh iad a smuigleáil. Thairis sin, soiléirítear leis na haithrisí freisin nach é cuspóir na Treorach seo coir a dhéanamh, ar thaobh amháin, de chúnamh a sholáthraítear do bhaill teaghlaigh agus, ar an taobh eile, de chúnamh daonnúil nó de thacaíocht do riachtanais bhunúsacha an duine a sholáthraítear do náisiúnaigh tríú tír i gcomhréir le hoibleagáidí dlíthiúla.

Airteagal 4 – Cionta coiriúla tromaithe: sainmhínítear san fhoráil seo na cionta coiriúla a bhaineann le hiompar níos tromchúisí a bhaineann le teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus fanachta neamhúdaraithe san Aontas a éascú, e.g. i gcás ina ndéantar an cion faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil, ina ndéantar dochar tromchúiseach do na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann nó ina gcuirtear saol na náisiúnach tríú tír lena mbaineann i mbaol, ina ndéantar iad trí fhoréigean tromchúiseach a úsáid, nó i gcás ina bhfuil na himircigh smuigleáilte an-leochaileach, lena n-áirítear mionaoisigh neamhthionlactha. Tá éascú is cúis le bás náisiúnach tríú tír amháin nó níos mó ina chion coiriúil géaraitheach freisin.

Airteagal 5- Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh: ceanglaítear leis an bhforáil seo ar na Ballstáit cineálacha cúnaimh agus neartú, gríosú agus iarracht a dhéanamh ar na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo a choiriúlú.

Airteagal 6 – Pionóis i leith daoine nádúrtha: bunaítear leis an bhforáil seo rialacha íosta maidir leis na pionóis i leith na gcionta agus na gcionta géaraitheacha a shainmhínítear sa Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ngabhfaidh pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach leo sin. Tagann leibhéal beartaithe na bpionós le tromchúis na gcionta: ba cheart téarma uasta príosúnachta 3 bliana ar a laghad a bheith ag gabháil leis an bpríomhchion coiriúil um éascú; ba cheart go ngabhfadh téarma uasta príosúnachta deich mbliana ar a laghad le cionta géaraitheacha; ba cheart téarma uasta príosúnachta 15 bliana ar a laghad a bheith ag gabháil leis na cionta géaraitheacha is tromchúisí, go háirithe na cionta sin is cúis le bás náisiúnach tríú tír. Leagtar síos leis an airteagal atá beartaithe freisin na smachtbhannaí breise nó na bearta breise a d’fhéadfaí a fhorchur ar dhaoine nádúrtha ciontaithe.

Airteagal 7 – Dliteanas daoine dlítheanacha: tá oibleagáidí san fhoráil seo chun dliteanas daoine dlítheanacha as cionta dá dtagraítear sa Treoir seo a áirithiú i gcás ina ndearnadh na cionta sin ar mhaithe leo. Foráiltear leis an bhforáil freisin go n-áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar daoine dlítheanacha a choinneáil cuntasach as easpa maoirseachta agus rialaithe a d’fhág go bhféadfaí cion coiriúil a dhéanamh chun tairbhe don duine dlítheanach. Thairis sin, níor cheart imeachtaí coiriúla i gcoinne daoine nádúrtha a chur as an áireamh de dheasca dhliteanas an duine dhlítheanaigh.

Airteagal 8 – Smachtbhannaí i gcás daoine dlítheanacha: leagtar amach san fhoráil seo na smachtbhannaí is infheidhme maidir le daoine dlítheanacha a bhfuil baint acu leis na cionta coiriúla a chumhdaítear leis an togra seo. Ní mór na smachtbhannaí sin a bheith i gcomhréir le tromchúis an chiona. Ba cheart na fíneálacha a ghearrtar a bheith idir 3 % den láimhdeachas iomlán domhanda don chion coiriúil bunúsach, agus 5 % do chionta géaraitheacha, agus 6 % don chion coiriúil géaraitheach is cúis le bás.

Airteagal 9 – Imthosca géaraitheacha: leagtar amach san fhoráil seo na himthosca géaraitheacha nach mór do na húdaráis bhreithiúnacha a chur san áireamh agus smachtbhannaí á bhforchur acu i ndáil leis na cionta a shainmhínítear sa Treoir seo.

Airteagal 10 – Imthosca maolaitheacha: leagtar amach san fhoráil seo na himthosca maolaitheacha nach mór do na húdaráis bhreithiúnacha a chur san áireamh agus smachtbhannaí á bhforchur acu i ndáil leis na cionta a shainítear sa Treoir seo.

Airteagal 11 – Tréimhsí teorann le haghaidh cionta coiriúla: leagtar síos san fhoráil seo na tréimhsí teorann inar féidir leis na húdaráis inniúla na cionta coiriúla a chumhdaítear leis an togra seo, chomh maith le forghníomhú na smachtbhannaí ábhartha, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a bhreithniú ar feadh tréimhse leordhóthanach ama. Leagtar síos leis an togra seo fad íosta na dtréimhsí teorann idir seacht mbliana (le maolú go 15 bliana) agus 15 bliana, ag brath ar thromchúis an chiona.

Airteagail 12 – Dlínse: ceanglaítear leis an bhforáil seo ar na Ballstáit dlínse a shuí i leith na gcionta coiriúla a shainítear sa togra seo. Ba cheart do gach Ballstát a dhlínse a bhunú ar chionta a rinneadh go páirteach nó go hiomlán ina chríoch, nó a rinne náisiúnach nó gnáthchónaitheoir, nó a rinneadh ar long nó aerárthach atá cláraithe ina chríoch, nó chun tairbhe duine dhlítheanaigh atá bunaithe ina chríoch nó atá ag oibriú ina chríoch. Bunaítear leis an bhforáil freisin gur cheart do na Ballstáit dlínse a shuí maidir le hiarrachtaí i gcás ina bhfuair na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann bás.

Airteagail 13 – Cosc: ceanglaítear leis an bhforáil seo ar na Ballstáit bearta coisctheacha a dhéanamh chun déanamh na gcionta a shainítear sa Treoir seo a laghdú, mar shampla trí fheachtais múscailte faisnéise agus feasachta agus trí chláir oideachais.

Airteagail 14 – Acmhainní: is é is aidhm don fhoráil seo a áirithiú go mbeidh an líon leordhóthanach foirne cáilithe agus na hacmhainní leordhóthanacha airgeadais, teicniúla agus teicneolaíocha is gá ag údaráis náisiúnta a dhéanann cionta coiriúla um éascú a bhrath, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a bhreithniú chun a gcúraimí a fheidhmiú go héifeachtach.

Airteagail 15 – Oiliúint: ceanglaítear leis an bhforáil seo ar na Ballstáit sainoiliúint a sholáthar d’údaráis inniúla agus dá bhfoireann agus a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ann faoina choinne.

Airteagal 16 – Uirlisí imscrúdúcháin: is é is aidhm don fhoráil seo a áirithiú gur féidir na huirlisí imscrúdaitheacha dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta le haghaidh coireacht eagraithe nó cásanna eile coireachta tromchúisí a úsáid i gcásanna um éascú na himirce neamhrialta freisin.

Airteagal 17: Bailiú sonraí agus staidrimh: tugtar aghaidh leis an bhforáil seo ar an ngá faisnéis a bhailiú go córasach maidir leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh an imirce neamhrialta a chomhrac agus sonraí staidrimh a sholáthar maidir leis an gcoireacht sin chun beartas fianaise-bhunaithe a fhorbairt ar leibhéal an Aontais. Ceanglaítear ar na Ballstáit sonraí staidrimh ábhartha a bhailiú, a fhoilsiú agus a sheoladh gach bliain chuig an gCoimisiún.

Airteagal 18: Cur in ionad Threoir 2002/90/CE ón gComhairle agus Chinneadh Réime 2002/946/CGB ón gComhairle: cuirtear an fhoráil seo in ionad na bhforálacha reatha i réimse an choiriúlaithe maidir le teacht isteach neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe agus fanacht neamhúdaraithe a éascú i ndáil leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Treoir seo.

Airteagail 19 – Trasuí: leagtar amach san fhoráil seo na coinníollacha maidir le trasuí, go háirithe nach mór do na Ballstáit an Treoir a thrasuí sa dlíchóras náisiúnta laistigh de bhliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm na Treorach.

 

2023/0439 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos rialacha íosta maidir le héascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus fanacht neamhúdaraithe san Aontas a chosc agus a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Threoir 2002/90/CE ón gComhairle agus Chinneadh Réime 2002/946 CGB ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 39 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 40 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá éascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus fanachta neamhúdaraithe san Aontas ina ghníomhaíocht coiriúil lena gcuirtear beatha an duine i mbaol agus lena ndímheastar dínit daoine chun brabúis arda a dhéanann, rud a bhaineann an bonn de chearta bunúsacha. Cuireann na gníomhaíochtaí coiriúla sin leis an imirce neamhrialta, rud a bhaineann an bonn de chuspóirí bainistíochta imirce an Aontais. Tá coimisiúnú na ngníomhaíochtaí coiriúla sin á spreagadh leis an éileamh atá ag méadú agus na brabúis arda atá á dhéanann eagraíochtaí coiriúla. Tugann an tAontas tús áite fós do na cionta sin a chosc agus a chomhrac.

(2)Is éard atá i dTreoir 2002/90/CE 41 agus i gCinneadh Réime 2002/946/CGB 42 ón gComhairle (Pacáiste um Éascaitheoirí) creat dlíthiúil an Aontais chun cur i gcoinne éascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus fanachta neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír. Leagtar síos léi sainmhíniú comhchoiteann ar na cionta maidir le héascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus cónaithe neamhúdaraithe, agus bunaítear léi an creat pionósach maidir le smachtbhannaí i leith na gcionta sin. Chun aghaidh a thabhairt ar threochtaí atá ag teacht chun cinn, agus chun tuilleadh feabhais a chur ar éifeachtacht chreat an Aontais maidir leis na cionta sin a chosc agus a chomhrac, is gá an creat dlíthiúil atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta.

(3)Sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 9 Feabhra 2023, dearbhaíodh an gá gníomhaíocht an Aontais a threisiú chun imirce neamhrialta agus básanna a chosc, go háirithe trí chomhar le tíortha tionscnaimh agus idirthurais a threisiú, agus trí chomhar níos láidre idir na Ballstáit agus le Europol, Frontex agus Eurojust a áirithiú. Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta athnuaite in aghaidh smuigleáil imirceach (2021-2025) an fhreagairt bheartais ar smuigleáil imirceach, ar cuid fhíor-riachtanach í den chur chuige cuimsitheach i leith na himirce a leagtar amach sa Chomhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann. Leagtar amach ceithre ghníomhaíocht i gceithre réimse tosaíochta ann: an comhar le tíortha comhpháirtíochta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a threisiú; smachtbhannaí a chur ar smuigléirí imirceach agus dúshaothrú imirceach a chosc; an comhar a threisiú agus tacú le hobair na n-údarás forfheidhmithe dlí agus na n-údarás breithiúnach; agus an bonn eolais a mhéadú.

(4)Is feiniméan trasnáisiúnta é éascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus fanachta neamhúdaraithe, agus ba cheart a ghné idirnáisiúnta a aithint i mbearta arna nglacadh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart, dá bhrí sin, gealltanais idirnáisiúnta an Aontais agus a Bhallstát a chur san áireamh i ngníomhaíochtaí an Aontais agus i ngníomhaíochtaí náisiúnta, lena n-áirítear i ndáil leis an bPrótacal in aghaidh Smuigleáil Imirceach ar Tír, ar Muir agus san Aer, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Linbh, chomh maith le hobair Oifig na Náisiún Aontaithe in aghaidh Drugaí agus Coireachta.

(5)Agus forbairt na ngníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh teacht isteach neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe agus fanacht neamhúdaraithe san Aontas a éascú á cur san áireamh, chomh maith le hoibleagáidí dlíthiúla an Aontais agus na mBallstát faoin dlí idirnáisiúnta, ba cheart an sainmhíniú ar na cionta coiriúla a chomhfhogasú tuilleadh sna Ballstáit uile ionas go gcumhdaítear leis an tiompar ábhartha ar bhealach níos cuimsithí.

(6)I gcomhréir le prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta sa dlí coiriúil, agus chun aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí coiriúla lena gcuirtear beatha an duine i mbaol agus lena ndímheastar dínit daoine chun brabúis a a dhéanamh, is gá sainmhíniú beacht mionsonraithe ar na cionta coiriúla lena gcomhracaítear an tiompar coiriúil sin a sholáthar. Ba cheart cúnamh maidir le teacht isteach neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe nó fanacht neamhúdaraithe san Aontas a bheith ina chion coiriúil i gcás ina mbaineann sé le sochar airgeadais nó sochar ábhartha iarbhír nó le sochar airgeadais nó sochar ábhartha atá geallta. Ba cheart an t-iompar sin a choiriúlú freisin ar choinníoll gur dóigh go ndéanfaí díobháil thromchúiseach leis do na náisiúnaigh tríú tír a bhí ina n-ábhar sa chion coiriúil nó daon duine eile, cé nach bhfuil aon sochar airgeadais nó sochar ábhartha i gceist nó nár gealladh aon sochar den sórt sin. Is gá cion coiriúil a bhunú chun cur i gcoinne modus operandi daoine a dhéanann náisiúnaigh tríú tír a ghríosú go poiblí, mar shampla tríd an idirlíon, chun teacht isteach san Aontas, idirthuras a dhéanamh trí nó fanacht ann gan údarú. Níor cheart faisnéis oibiachtúil nó comhairle oibiachtúil a sholáthar do náisiúnaigh tríú tír maidir leis na coinníollacha le haghaidh teacht isteach agus fanacht dlíthiúil san Aontas, agus maidir le cosaint idirnáisiúnta, a thuiscint mar ghríosú poiblí.

(7)Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le dliteanas coiriúil i gcás ina bhfuil nasc le sochar airgeadais nó le sochar ábhartha, nó i gcás inar dóigh go ndéanfar díobháil thromchúiseach dimircigh. Ní chomhlíonfar na gnéithe sin, de ghnáth, a mhéid a bhaineann sé le cúnamh i measc baill teaghlaigh nó cúnamh daonnúil a sholáthar nó tacú le riachtanais bhunúsacha an duine. Níor cheart do náisiúnaigh tríú tír a bheith faoi dhliteanas coiriúil as a bheith ina n-ábhar i gcionta coiriúla den sórt sin. Thairis sin, ní hé cuspóir na Treorach seo coir a dhéanamh, ar thaobh amháin, de chúnamh a sholáthraítear do bhaill teaghlaigh agus, ar an taobh eile, de chúnamh daonnúil nó de thacaíocht do riachtanais bhunúsacha an duine a sholáthraítear do náisiúnaigh tríú tír i gcomhréir le hoibleagáidí dlíthiúla.

(8)An tionchar a bhíonn ag an éascú ar theacht isteach neamhúdaraithe, ar idirthurais neamhúdaraithe agus ar fhanacht neamhúdaraithe, ní hé an Ballstát teacht isteach neamhúdaraithe amháin a bhíonn thíos leis. Le rialacha íosta maidir leis an sainmhíniú ar na cionta coiriúla, ba cheart iompar a chuimsiú a dhéantar ar chríoch aon Bhallstáit, chun deis a thabhairt do Bhallstáit seachas na Ballstáit sin lena mbaineann teacht isteach neamhúdaraithe gníomhú i leith cionta den sórt sin, ar choinníoll go suífidh na Ballstáit lena mbaineann dlínse maidir leis na cionta sin.

(9)Is gá idirdhealú a dhéanamh idir an cion coiriúil maidir le teacht isteach neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe agus fanacht neamhúdaraithe san Aontas a éascú agus na cionta coiriúla géaraitheacha lena gcruthaítear díobháil níos mó do dhaoine aonair agus don tsochaí. Ba cheart leibhéil na bpionós teacht leis an ábhar imní sóisialta níos mó maidir le hiompar níos tromchúisí agus níos díobhálaí, dá bhrí sin ba cheart pionóis choiriúla níos déine a ghearradh ar chionta géaraitheacha.

(10)Ba cheart do na Ballstáit an Treoir seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir agus i lánchomhlíonadh le Coinbhinsiún 1951 i dTaobh Stádas Dídeanaithe arna leasú le Prótacal Nua-Eabhrac 1967, oibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement, agus cearta bunúsacha.

(11)Ba cheart pionóis do na cionta coiriúla a beith éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach. Chuige sin, ba cheart íosleibhéil don téarma uasta príosúnachta a shocrú do dhaoine nádúrtha. Is minic a bhíonn bearta cúlpháirtí éifeachtach agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a bheith ar fáil in imeachtaí coiriúla freisin. I bhfianaise an riosca fhéideartha don bheartas poiblí agus don tslándáil phoiblí a dfhéadfadh a bheith ag baint leo, ba cheart náisiúnaigh tríú tír a rinne na cionta a shainítear sa Treoir seo a bheith faoi réir filleadh i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás ina bhfuil úsáid bainte ag na Ballstáit as Airteagal 2(2), pointe (b), den Treoir sin, i ndiaidh dóibh an phianbhreith phríosúin a chur isteach i mBallstát nó i bhfianaise an phianbhreith phríosúin, nó cuid di, a chur isteach i dtríú tír, gan dochar dfhorálacha níos fabhraí is infheidhme de bhua dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta; ina theannta sin, gan dochar dfhorálacha níos fabhraí is infheidhme de bhua dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, ba cheart toirmeasc a chur ar na náisiúnaigh tríú tír sin teacht isteach arís ar chríoch na mBallstát ar feadh tréimhse iomchuí a shocrófar de réir an cháis, tréimhse a bhféadfadh 10 mbliana a bheith i gceist léi sna cásanna is tromchúisí. Níor cheart don mhéid sin difear a dhéanamh do rogha na mbreithiúna nó na gcúirteanna in imeachtaí coiriúla pionóis iomchuí a fhorchur sna cásanna aonair.

(12)Ba cheart an measúnú ar thromchúis an chiona a shíneadh freisin chun iarrachtaí an cion a dhéanamh a chumhdach nach mbíonn teacht isteach neamhúdaraithe san Aontas mar thoradh air. Ba cheart pionóis níos déine a ghearradh ar iarrachtaí is cúis le bás náisiúnach tríú tír amháin nó níos mó ná mar a ghearrtar as cineálacha eile iarrachtaí. Tá údar le rialacha íosta a leagan síos maidir le huasleibhéal na bpionós ar leibhéal an Aontais le haghaidh iarrachtaí den sórt sin agus tá sé sin comhréireach i bhfianaise ghné thrasnáisiúnta an chiona, agus baineann an tromchúis chéanna le hiarracht cion a dhéanamh a mbeadh bás náisiúnach tríú tír mar thoradh air agus a bhaineann le cion a rinneadh a raibh bás mar thoradh air.

(13)I gcás ina ndéantar foráil sa dlí náisiúnta maidir leis, ba cheart daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas coiriúil as teacht isteach neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe agus fanacht neamhúdaraithe san Aontas a éascú. Na Ballstáit sin nach ndéantar foráil lena ndlí náisiúnta maidir le dliteanas coiriúil daoine dlítheanacha, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanfar foráil lena gcórais phionóis riaracháin maidir le cineálacha agus leibhéil smachtbhannaí atá éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach mar a leagtar síos sa Treoir seo chun a cuspóirí a bhaint amach. Ba cheart bearta cúlpháirtí a bheith ag gabháil leo. Ba cheart staid airgeadais daoine dlítheanacha a mheas lena áirithiú go mbeidh an pionós a fhorchuirfear le fíneálacha coiriúla agus neamhchoiriúla athchomhairleach agus láimhdeachas domhanda na ndaoine dlítheanacha á chur san áireamh.

(14)Ba cheart éifeachtacht na bpionós a fhorchuirtear go hiarbhír a chothú trí fhoráil a dhéanamh maidir le himthosca géaraitheacha lena léirítear déine an chiona choiriúil. Ba cheart a áireamh ar imthosca níos tromchúisí cásanna a chuidíonn le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, amhail teacht i dtír, lena n-áirítear teacht i dtír gnéasach, ionstraimíocht, díshealbhú doiciméad aitheantais, agus bheith rannpháirteach i bhfostaíocht neamhdhleathach.

(15)Ba cheart comhfhogasú agus éifeachtacht na leibhéal smachtbhannaí a fhorchuirtear go hiarbhír a chothú freisin le himthosca maolaitheacha coiteanna a thagann leis an gcuidiú a sholáthair an daoine nádúrtha nó dlítheanacha a rinne cion coiriúil dá dtagraítear sa Treoir seo trí chomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla maidir leis an gcion sin a imscrúdú nó a bhrath.

(16)Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le tréimhsí teorann lena chur ar a gcumas na cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo a chomhrac go héifeachtach, gan dochar do rialacha náisiúnta nach leagtar síos iontu tréimhsí teorann maidir le himscrúdú, le hionchúiseamh agus le forfheidhmiú.

(17)Chun éascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus fanachta neamhúdaraithe san Aontas a chomhrac, tá sé thar a bheith tábhachtach a áirithiú go ndéanfar fáltais na coireachta a urghabháil go héifeachtach, chomh maith leis an ionstraimíocht a úsáidtear chun na cionta coiriúla a dhéanamh, lena n-áirítear mar shampla báid, innill agus comhpháirteanna báid agus feithiclí eile. Chun na críche sin, ba cheart úsáid iomlán a bhaint as ionstraimí atá ann cheana maidir le fáltais agus ionstraimíocht na coireachta a reo agus a choigistiú, amhail Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 .

(18)I ndáil le cineál trasteorann na gcionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo, le soghluaisteacht déantóirí iompair neamhdhleathaigh agus leis an deis imscrúduithe trasteorann a dhéanamh, is gá rialacha a leagan síos maidir le suí dlínse ag na Ballstáit chun cur i gcoinne an iompair sin ar bhealach éifeachtach. Leis an idirthuras neamhúdaraithe nó leis an bhfanacht neamhúdaraithe atá ar siúl go hiomlán nó go páirteach i gcríoch Bhallstáit, ba cheart a cheadú do Bhallstát, nach é an Ballstát lena mbaineann an chéad teacht isteach neamhúdaraithe, dlínse a shuí. Le tromchúis agus cineál trasteorann na gcionta dá dtagraítear sa Treoir seo, éilítear go mbunófar dlínse ní hamháin maidir le daoine nádúrtha ar náisiúnaigh den Bhallstát lena mbaineann iad, ach maidir le náisiúnaigh tríú tír freisin a bhfuil gnáthchónaí orthu ina chríoch. Ba cheart dlínse ar dhaoine dlítheanacha a leagan síos nuair atá siad bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann nó i ndáil le haon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach ina chríoch. Ar na cúiseanna céanna sin, is gá do Bhallstát dlínse a shuí maidir le cionta coiriúla a dhéantar ar bord long agus aerárthaí atá cláraithe sa Bhallstát nó a bhfuil a bhratach ar foluain acu. Ba cheart do na Ballstáit, lena n-áirítear na Ballstáit seachas na Ballstáit lena mbaineann an chéad teacht isteach neamhúdaraithe, dlínse a leagan síos i ndáil le cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo i gcás ina mbeidh teacht isteach, idirthuras nó fanacht na náisiúnach tríú tír atá faoi réir an chiona sa Bhallstát lena mbaineann mar thoradh air sin.

(19)I gcás ina gcuirtear cúnamh ar fáil do náisiúnach tríú tír chun críoch Bhallstáit a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann a bheith ábalta a ndlínse a shuí freisin maidir le hiarrachtaí, fiú mura dtéann an náisiúnach tríú tír isteach ina chríoch. Ba cheart do na Ballstáit a ndlínse a leagan síos ar a laghad maidir le hiarracht ar chion ba chúis le bás náisiúnaigh tríú tír.

(20)I gcás ina dtagann cion coiriúil faoi dhlínse Ballstáit amháin nó níos mó, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann comhoibriú lena chéile chun a chinneadh cén Ballstát is fearr atá ábalta ionchúiseamh a dhéanamh. I gcás ina gcinnfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, i ndiaidh comhair nó comhairliúcháin dhíreacha faoi Chinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle 45 , chun imeachtaí coiriúla a lárú i mBallstát amháin trí fháltais choiriúla a aistriú, ba cheart Rialachán (AE) …/… [an Rialachán beartaithe maidir le himeachtaí in ábhair choiriúla a aistriú] 46 a úsáid le haghaidh aistriú den sórt sin. Chun na críche sin, ba cheart critéir ábhartha Airteagal 5 den Rialachán sin a chur san áireamh go cuí. Ba cheart tosaíocht agus ualach na gcritéar sin a bheith bunaithe ar fhíorais agus ar fhiúntais gach cáis ar leith.

(21)Chun cur i gcoinne éascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus fanachta neamhúdaraithe san Aontas, ba cheart úsáid a bhaint as an gceartas coiriúil agus as sásraí coisctheacha araon. Le cosc a chur ar na cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo, ba cheart an gá le freagairt ar an gceartas coiriúil a mhaolú agus ba cheart tairbhí níos leithne a bheith i gceist leis maidir le laghdú na coireachta. Ba cheart é a bheith daidhm ag bearta den sórt sin feasacht an phobail a mhúscailt, agus go n-áireofaí leo feachtais faisnéise, cláir thaighde agus oideachais. Ba cheart iad sin a dhéanamh i gcomhar le Ballstáit eile, le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus le tríú tíortha.

(22)De dheasca easpa acmhainní agus cumhachtaí forfheidhmiúcháin dúdaráis náisiúnta a dhéanann na cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo a bhrath, a imscrúdú, a ionchúiseamh nó a bhreithniú, cruthaítear bacainní maidir leis na coiriúla sin a chosc agus a phionósú go héifeachtach. Go sonrach, mar gheall ar ghanntanas acmhainní, dfhéadfaí bac a chur ar na húdaráis gníomhaíocht a dhéanamh nó teorainn a chur lena ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin, rud a fhágann gur féidir le ciontóirí dliteanas a sheachaint nó pionós a fháil nach bhfreagraíonn do thromchúis an chiona choiriúil. Ba cheart critéir íosta maidir le hacmhainní agus le cumhachtaí forfheidhmiúcháin a shuí.

(23)Braitheann feidhmiú éifeachtach an tslabhra forfheidhmiúcháin ar raon sainscileanna. Mar gheall ar chastacht na ndúshlán a bhaineann le teacht isteach neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe agus fanacht neamhúdaraithe san Aontas a éascú, agus ar chineál na gcionta coiriúla sin, teastaíonn cur chuige ildisciplíneach, ardleibhéal eolais ar an dlí, saineolas teicniúil agus tacaíocht airgeadais, chomh maith le hardleibhéal oiliúna agus speisialtóireachta laistigh de na húdaráis inniúla ábhartha. Ba cheart do na Ballstáit oiliúint a sholáthar a bheadh oiriúnach dfheidhm na ndaoine sin a dhéanann cionta coiriúla a bhrath, a imscrúdú, a ionchúiseamh nó a bhreithniú maidir le teacht isteach neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe agus fanacht neamhúdaraithe san Aontas a éascú.

(24)Chun forfheidhmiú rathúil a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha a chur ar fáil le haghaidh na gcionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo, amhail na uirlisí sin a áirítear ina ndlí náisiúnta chun an choireacht eagraithe nó coireanna tromchúiseacha eile a chomhrac, lena n-áirítear, mar shampla, idircheapadh cumarsáide, faireachas ceilte lena n-áirítear faireachas leictreonach, faireachán ar chuntais bhainc agus uirlisí imscrúdaithe airgeadais eile. Ba cheart na huirlisí sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus lánurraim á tabhairt do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart cineál agus tromchúis na gcionta coiriúla atá á n-imscrúdú a bheith ina mbonn cirt le húsáid na n-uirlisí imscrúdaitheacha sin. Ba cheart an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint a urramú.

(25)Ábhar ar líne arb ionann é agus cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo nó lena n-éascaítear cionta coiriúla den sórt sin, go háirithe cúnamh a sholáthar do theacht isteach neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe agus fanacht neamhúdaraithe san Aontas tríd an idirlíon, nó an t-ábhar sin a ghríosú go poiblí, beidh sé faoi réir beart de bhun Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 a mhéid a bhaineann le hábhar neamhdhleathach.

(26)Chun dul i ngleic go héifeachtach le teacht isteach neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe agus fanacht neamhúdaraithe san Aontas a éascú, is gá dúdaráis inniúla sna Ballstáit sonraí cruinne, comhsheasmhacha agus inchomparáide a bhailiú maidir le scála agus treochtaí sna cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo, leis na hiarrachtaí chun iad a chomhrac agus le torthaí na n-iarrachtaí sin. Ba cheart do na Ballstáit sonraí staidrimh ábhartha maidir le cionta dá leithéid a bhailiú agus a thuairisciú don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún na torthaí a mheas agus a fhoilsiú go rialta, torthaí atá bunaithe ar na sonraí staidrimh arna dtarchur ag na Ballstáit. Ba cheart do na Ballstáit sonraí staidrimh agus faisnéis staidrimh maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo a bhailiú agus a scaipeadh go rialta chun go mbeifear ábalta faireachán a dhéanamh ar a cur chun feidhme. Ba cheart sonraí staidrimh agus faisnéis staidrimh a bheith inchomparáide idir na Ballstáit agus ba cheart iad a bhailiú ar bhonn chaighdeáin íosta chomhchoiteanna.

(27)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, is é sin rialacha íosta a leagan síos chun éascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus fanachta neamhúdaraithe san Aontas a chosc agus a chomhrac, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr is féidir, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus éifeacht na gníomhaíochta, é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(28)Urramaítear leis an Treoir seo na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe meas ar dhínit an duine agus cosaint dhínit an duine, an ceart chun iomláine an duine, toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, an ceart chun saoirse agus slándála, cearta an linbh, an tsaoirse comhlachais, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta maidir le cionta coiriúla agus pionóis, agus toirmeasc ne bis in idem.

(29)Is é is aidhm don Treoir seo forálacha Threoir 2002/90/CE agus Chinneadh Réime 2002/946/CGB a leasú agus a leathnú. Ós rud é go bhfuil na leasuithe atá le déanamh ina leasuithe suntasacha, ba cheart Treoir 2002/90/CE agus Cinneadh Réime 2002/946/CGB a athrú ina n-iomláine, ar mhaithe le soiléireacht, i ndáil leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Treoir seo.

(30)Tá an Treoir seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Chomhaontaithe 48 um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe 49 .

(31)Tá Éire rannpháirteach sa Treoir seo i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 50 .

(32)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Treoir seo le acquis Schengen, ba cheart don Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, a chinneadh laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Treoir seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta í.

(33)A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Treoir seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas na tíre réamhluaite le acquis 51 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 52 .

(34)A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, is é atá sa Treoir seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 53 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 54 .

(35)A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquiss 55 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 56 .

(36)A mhéid a bhaineann leis an gCipir, leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is é atá sa Treoir seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen, nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) dIonstraim Aontachais 2003 agus Airteagal 4(1) dIonstraim Aontachais 2005 faoi seach,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, leagtar síos rialacha íosta maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus smachtbhannaí sa réimse um éascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus fanachta neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír, chomh maith le bearta chun cionta coiriúla den sórt sin a chosc agus a chomhrac.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1. ciallaíonn náisiúnach tríú tír aon duine nach saoránach den Aontas é de réir bhrí Airteagal 20(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus agus ar duine é nach bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta aige faoi dhlí an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 5, de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 ;

2. ciallaíonn mionaoiseach neamhthionlactha náisiúnach tríú tír faoi bhun 18 mbliana daois a bhaineann críoch na mBallstát amach gan tionlacan duine fhásta atá freagrach as de réir dhlí nó chleachtas an Bhallstáit lena mbaineann, agus fad nach dtógtar go héifeachtach faoi chúram duine fhásta den sórt sin é, lena n-áirítear mionaoiseach a fhágtar gan tionlacan tar éis dó dul isteach i gcríoch na mBallstát;

3. ciallaíonn duine dlítheanach aon eintiteas dlítheanach a bhfuil an stádas sin aige faoin dlí náisiúnta is infheidhme, cé is moite de na Stáit nó de na comhlachtaí poiblí a fheidhmíonn údarás an Stáit agus deagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí.

Airteagal 3

Cionta coiriúla

1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé ina chion coiriúil cúnamh a thabhairt daon ghnó do náisiúnach tríú tír chun teacht isteach i gcríoch aon Bhallstáit, nó idirthuras a dhéanamh trasna chríoch aon Bhallstáit, nó fanacht laistigh de chríoch aon Bhallstáit de shárú ar dhlí ábhartha an Aontais nó ar dhlíthe an Bhallstáit lena mbaineann maidir le teacht isteach, idirthuras agus fanacht náisiúnach tríú tír sna cásanna seo a leanas:

a) an duine a dhéanann an t-iompar, go n-iarrfaidh sé, go bhfaighidh sé nó go nglacfaidh sé sochar airgeadais nó sochar ábhartha, nó go ngeallfaidh sé sochar airgeadais nó sochar ábhartha, nó go ndéanfaidh sé an t-iompar chun sochar den sórt sin a fháil; nó

b) go bhfuil an-dóchúlacht ann go ndéanfaidh sé díobháil thromchúiseach do dhuine.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé ina chion coiriúil náisiúnaigh tríú tír a ghríosú go poiblí chun chun teacht isteach i gcríoch aon Bhallstáit, nó idirthuras a dhéanamh trasna chríoch aon Bhallstáit, nó fanacht laistigh de chríoch aon Bhallstáit de shárú ar dhlí ábhartha an Aontais nó ar dhlíthe an Bhallstáit lena mbaineann maidir le teacht isteach, idirthuras agus fanacht náisiúnach tríú tír.

Airteagal 4

Cionta coiriúla géaraitheacha

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an t-iompar dá dtagraítear in Airteagal 3 ina chion coiriúil géaraitheach sna cásanna seo a leanas:

58 (a) má rinneadh an cion coiriúil faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle;

(b) go ndearna an cion coiriúil, d’aon turas nó trí mhórfhaillí, díobháil thromchúiseach do na náisiúnaigh tríú tír a bhí ina n-ábhar sa chion coiriúil nó gur chuir sé saol na náisiúnach sin i mbaol;

(c) go ndearna an cion coiriúil trí fhoréigean tromchúiseach;

(d) go raibh na náisiúnaigh tríú tír a bhí ina n-ábhar sa chion coiriúil an-leochaileach, lena n-áirítear mionaoisigh neamhthionlactha;

(e) gurbh é an cion coiriúil ba chúis le bás náisiúnach tríú tír a bhí ina n-ábhar sa chion coiriúil.

Airteagal 5

Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh

Maidir le haon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus in Airteagal 4 a ghríosú, cabhrú leo agus iad a neartú agus iarracht a dhéanamh aon cheann díobh a dhéanamh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad inphionóis mar chionta coiriúla.

Airteagal 6

Pionóis do dhaoine nádúrtha

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a ghearradh mar phionós i leith na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5.

2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar téarma uasta príosúnachta 3 bliana ar a laghad a ghearradh i leith na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3.

3.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ngabhfaidh téarma 10 mbliana ar a laghad leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 4, pointí (a) go (d).

4.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar téarma uasta príosúnachta 15 bliana ar a laghad a ghearradh i leith na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 4 pointe (e), lena n-áirítear iarrachtaí an cion coiriúil dá dtagraítear san fhoráil sin a dhéanamh.

5.De bhreis ar na pionóis choiriúla a fhorchuirtear i gcomhréir le mír 1 go mír 4, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh daoine nádúrtha a ciontaíodh as ceann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 a dhéanamh a bheith faoi réir pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla nó bearta arna bhforchur ag údarás inniúil, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a) ceadanna nó údaruithe chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí a tharraingt siar arb é an toradh a bhí orthu go ndearnadh an cion coiriúil, nó toirmeasc ar an ngníomhaíocht cheirde a dhéanamh go díreach nó trí ghníomhaíocht cheirde idirghabhálaí a ndearnadh an cion coiriúil le linn a feidhmithe;

(b) filleadh i ndiaidh fhorfheidhmiú an phionóis i mBallstát, nó an pionós a fhorchuirtear, nó cuid de, a chur isteach sa tríú tír a mbeifear ag filleadh uirthi, gan dochar d’fhorálacha níos fabhraí a d’fhéadfadh a bheith infheidhme de bhua dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta;

(c) toirmeasc ar theacht isteach agus ar fhanacht i gcríoch na mBallstát ar feadh tréimhse iomchuí 10 mbliana ar a mhéad, gan dochar d’fhorálacha níos fabhraí a d’fhéadfadh a bheith infheidhme de bhua dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta;

(d) eisiamh ó rochtain ar mhaoiniú poiblí, lena n‑áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais agus lamháltais;

(e) fíneálacha;

59 (f) na fáltais a fhaightear ó dhéanamh an chiona agus an ionstraimeacht a úsáidtear chun an cion a dhéanamh a reo agus a choigistiú, i gcomhréir le Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 7

Dliteanas daoine dlítheanacha

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas mar gheall ar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 arna dhéanamh ar mhaithe leo ag aon duine, ag gníomhú dó ina aonar nó mar bhall dorgán an duine dhlítheanaigh, agus a bhfuil ardseasamh aige laistigh den duine dlítheanach atá bunaithe:

(a) cumhacht ionadaíocht a dhéanamh don duine dlítheanach;

(b) údarás cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh;

(c) údarás rialú a fheidhmiú thar ceann an duine dhlítheanaigh.

2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá freisin chun a áirithiú go bhféadfar duine dlítheanach a chur faoi dhliteanas i gcás inar féidir le duine faoi údarás an duine dhlítheanaigh, mar thoradh ar easpa maoirseachta nó rialaithe ag duine dá dtagraítear i mír 1, na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 a dhéanamh chun tairbhe don duine dlítheanach sin.

3.Le dliteanas duine dhlítheanaigh faoi mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, ní eisiafar imeachtaí coiriúla i gcoinne daoine nádúrtha a dhéanann nó a ghríosaíonn na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, 4 agus 5 atá ina gcúlpháirtithe sna cionta sin.

Airteagal 8

Pionóis do dhaoine dlítheanacha

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh duine dlítheanach a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 7 faoi réir smachtbhannaí atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar an méid seo a leanas a áireamh ar phionóis nó ar bhearta do dhaoine dlítheanacha a bheidh faoi dhliteanas de bhun Airteagal 7 mar gheall ar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5:

(a) fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla;

(b) eisiamh ó theidlíocht i leith sochair phoiblí, cúnaimh nó fóirdheontas;

(c) eisiamh sealadach nó buan ó rochtain ar mhaoiniú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais agus lamháltais;

(d) dícháiliú sealadach nó buan an duine dhlítheanaigh sin ó ghníomhaíochtaí tráchtála a fheidhmiú;

(e) cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;

(f) foirceannadh breithiúnach;

(g) bunaíochtaí a úsáideadh chun an cion coiriúil a dhéanamh a dhúnadh go buan nó go sealadach.

(h) ceadanna agus údaruithe chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí a tharraingt siar, arb é an toradh a bhí orthu go ndearnadh an cion;

60 (i) na fáltais a fhaightear ó dhéanamh an chiona agus an ionstraimeacht a úsáidtear chun an cion a dhéanamh a reo agus a choigistiú, i gcomhréir le Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. 

3. Beidh méid na bhfíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla i gcomhréir le tromchúis an iompair agus le himthosca aonair, airgeadais agus imthosca eile an duine dhlítheanaigh lena mbaineann. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach lú leibhéal uasta na bhfíneálacha sin ná:

(a) 3 % de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh, sa bhliain ghnó roimh an mbliain ina ndearnadh an cion coiriúil, nó sa bhliain ghnó roimh chinneadh na fíneála, i leith cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3;

(b) 5 % de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh, sa bhliain ghnó roimh an mbliain ina ndearnadh an cion coiriúil, nó sa bhliain ghnó roimh chinneadh na fíneála, i leith cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 4, pointí (a) go (d);

(a) 6 % de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh, sa bhliain ghnó roimh an mbliain ina ndearnadh an cion coiriúil, nó sa bhliain ghnó roimh chinneadh na fíneála, i leith cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (e).

4.Agus foráil á déanamh maidir le fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla de bhun mhír 3, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le rialacha is infheidhme i gcásanna nach féidir méid na fíneála a chinneadh ar bhonn láimhdeachas iomlán domhanda an duine dhlítheanaigh sa bhliain ghnó roimh an mbliain ina ndearnadh an cion coiriúil, nó sa bhliain ghnó roimh chinneadh na fíneála.

Airteagal 9

Imthosca géaraitheacha

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar na himthosca seo a leanas a mheas mar imthosca géaraitheacha, i ndáil leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5:

(a) rinne oifigeach poiblí an cion agus a chuid dualgas á chomhlíonadh aige;

61 (b) bhain an cion coiriúil le rannpháirtíocht náisiúnach tríú tír a bhí ina n-ábhar sa chion i bhfostaíocht neamhdhleathach nó bhí a rannpháirtíocht i bhfostaíocht neamhdhleathach mar thoradh ar an gcion sin mar a thagraítear i dTreoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar thoradh ar an gcion coiriúil;

(c) ciontaíodh an ciontóir go cinntitheach roimhe sin as cionta coiriúla den chineál céanna faoi Airteagail 3, 4 nó 5;

(d) bhain an cion coiriúil le teacht i dtír nó le hionstraimíocht náisiúnaigh tríú tír a bhí ina ábhar sa chion coiriúil nó bhí teacht i dtír nó ionstraimíocht an náisiúnaigh sin mar thoradh ar an gcion sin;

(e) a n-aitheantas nó a ndoiciméad taistil a bhaint de na náisiúnaigh tríú tír a bhí ina n-ábhar sa chion coiriúil

(f) rinneadh an cion coiriúil agus arm tine a bheith á iompar.

Airteagal 10

Imthosca maolaitheacha

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i ndáil leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5, go bhféadfar a mheas gur imthoisc mhaolaitheach í go soláthraíonn an ciontóir faisnéis do na húdaráis inniúla nach mbeidís ábalta a fháil ar shlí eile, lena gcuidítear leo an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) aitheantas ciontóirí eile a thabhairt nó iad a thabhairt os comhair na cúirte; nó

(b) fianaise a fháil.

Airteagal 11

Tréimhsí teorannaithe le haghaidh cionta coiriúla

1.Maidir leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus agus 5, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse theorannaithe chun go mbeidh siad ábalta iad a imscrúdú, a ionchúiseamh, a thriail agus cinneadh breithiúnach a dhéanamh fúthu ar feadh tréimhse leordhóthanach ama ón uair a rinneadh na cionta coiriúla sin, ionas go rachfar i ngleic go héifeachtach leis na cionta coiriúla sin.

2.Déanfaidh an Ballstát na bearta is gá chun gur féidir an t-imscrúdú, an t-ionchúiseamh, an triail agus an cinneadh breithiúnach a dhéanamh:

(a) maidir le cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, go ceann tréimhse 7 mbliana ar a laghad ón uair a rinneadh an cion coiriúil,

(b) maidir le cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 4, pointí (a) go (d) go ceann tréimhse 10 mbliana ar a laghad ón uair a rinneadh an cion coiriúil;

(c) maidir le cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (e), lena n-áirítear iarrachtaí an cion dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (e) a dhéanamh, ar feadh tréimhse 15 bliana ar a laghad ón uair a rinneadh an cion coiriúil.

3.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun forfheidhmiú an mhéid seo a leanas a éascú:

(a) pionós príosúnachta i gcás cion coiriúil, arna fhorchur i diaidh ciontú deiridh maidir le cion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 3, ar feadh 7 mbliana ar a laghad ó dháta an chiontaithe deiridh;

(b) pionós príosúnachta i gcás cion coiriúil, arna fhorchur i ndiaidh ciontú deiridh maidir le cion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 4, pointí (a) go (d), ar feadh 10 mbliana ar a laghad ó dháta an chiontaithe deiridh;

(c) pionós príosúnachta i gcás cion coiriúil, arna fhorchur i ndiaidh ciontú deiridh maidir le cion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (e), lena n-áirítear iarrachtaí an cion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (e) a dhéanamh, ar feadh 15 bliana ar a laghad ó dháta an chiontaithe deiridh.

4.De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 3, féadfaidh na Ballstáit tréimhse theorannaithe níos gairide a leagan síos, ar choinníoll gur féidir briseadh isteach ar an tréimhse nó í a chur ar fionraí i gcás gníomhartha sonraithe. Ní bheidh an tréimhse sin níos giorra ná:

(a) 5 bliana le haghaidh na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3;

(b) 8 mbliana le haghaidh na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 4, pointí (a) go (d);

(c) 10 mbliana le haghaidh na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (e), lena n-áirítear iarrachtaí an cion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (e) a dhéanamh.

Airteagal 12

Dlínse

1.Leagfaidh gach Ballstát síos a dhlínse féin ar chion coiriúil dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 sna cásanna seo a leanas maidir leis an gcion coiriúil:

(a) go ndearnadh é go hiomlán go páirteach ina chríoch;

(b) gurbh é duine dá chuid náisiúnach nó náisiúnach tríú tír atá ina ghnáthchónaí ina chríoch é a rinne é;

(c) go ndearnadh é chun tairbhe do dhuine dlítheanach

(i) gur bunaíodh é ina chríoch;

(ii) maidir le haon ghnó a rinneadh go hiomlán nó go páirteach ina chríoch;

(d) gur ar bord loinge nó ar bord aerárthaigh a cláraíodh ann nó a raibh a bhratach ar foluain air a rinneadh é;

(e) gurb é an toradh teacht isteach, idirthuras nó fanacht náisiúnach tríú tíre a bhí ina n-ábhar sa chion coiriúil sin i gcríoch ann Bhallstáit sin.

2.Leagfaidh na Ballstáit síos dlínse maidir le hiarrachtaí cion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 4 pointe (e) a dhéanamh, i gcás ina mbeadh an t-iompar ina chion coiriúil lena leagfaí síos dlínse ina leith de bhun mhír 1.

3.Chun na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 arna ndéanamh lasmuigh de chríoch Bhallstáit a ionchúiseamh, déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú nach mbeidh a dhlínse faoi réir ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a) go mbeidh na gníomhartha ina gcion coiriúil ag an áit ina ndearnadh iad;

(b) nach féidir an t-ionchúiseamh a thionscnamh ach i ndiaidh faisnéis a tharchur ón Stát ina ndearnadh an cion coiriúil amháin.

4.I gcás ina dtagann cion coiriúil dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 faoi dhlínse Bhallstáit amháin nó níos mó, comhoibreoidh na Ballstáit sin lena chinneadh cén Ballstát a sheolfaidh imeachtaí coiriúla. Déanfar an t-ábhar a chur faoi bhráid Eurojust, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le hAirteagal 12 de Chinneadh Réime 2009/9484/CGB.

Airteagal 13

Cosc

1.Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí, amhail feachtais faisnéis agus múscailte feasachta, agus cláir thaighde agus oideachais, a bheidh dírithe ar fheasacht an phobail a mhúscailt agus ar dhéanamh na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 a laghdú.

2.I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh i gcomhar le Ballstáit eile, le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus le tríú tíortha.

Airteagal 14

Acmhainní

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag údaráis náisiúnta ag a bhfuil an inniúlacht na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 a bhrath, a imscrúdú, a ionchúiseamh nó a bhreithniú an líon leordhóthanach foirne cáilithe agus na hacmhainní leordhóthanacha airgeadais, teicniúla agus teicneolaíocha is gá chun a bhfeidhmeanna a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo a fheidhmiú go héifeachtach.

Airteagal 15

Oiliúint

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun acmhainní leordhóthanacha a áirithiú doiliúint speisialaithe agus chun í a sholáthar go tráthrialta do chomhaltaí de na húdaráis forfheidhmithe dlí, do na breithiúna agus dfhoireann na n-údarás a bhfuil sé de chúram orthu imscrúduithe coiriúla agus imeachtaí i leith cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5.

2.Gan dochar don neamhspleáchas breithiúnach, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go soláthrófar oiliúint thráthrialta speisialaithe do bhreithiúna, dionchúisitheoirí, do chomhaltaí de na húdaráis forfheidhmithe dlí agus dfhoireann bhreithiúnach agus dfhoireann na n-údarás inniúil atá rannpháirteach in imeachtaí coiriúla agus in imscrúduithe i ndáil le cuspóirí na Treorach seo.

Airteagal 16

Uirlisí imscrúdaitheacha

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh uirlisí imscrúdaitheacha atá éifeachtach agus comhréireach ar fáil do na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 a imscrúdú nó a ionchúiseamh. I gcás inarb iomchuí, áireofar leis na huirlisí sin uirlisí imscrúdaitheacha speisialta, amhail na huirlisí sin a úsáidtear chun coireacht eagraithe nó cásanna eile coireachta tromchúisí a chomhrac.

Airteagal 17

Bailiú sonraí agus staidrimh

1.Baileoidh na Ballstáit sonraí staidrimh arna ndí-chomhbhailiú de réir an chineáil ciona choiriúil dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5.

2. Beidh san áireamh sna sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 1, ar a laghad, an méid seo a leanas:

(a) an líon náisiúnach tríú tír a bhí ina n-ábhar sa chion coiriúil, arna ndí-chomhbhailiú de réir saoránachta, gnéis agus aoise (leanbh/duine fásta);

(b) an meánfhad a mhairfidh an t-imscrúdú coiriúil ar chásanna;

(c) an líon daoine nádúrtha a ionchúisíodh i leith cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo, arna ndí-chomhbhailiú de réir inscne agus saoránachta;

(d) an líon daoine dlítheanacha a ionchúisíodh i leith cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo, arna ndí-chomhbhailiú de réir áit bhunaithe;

(e) an líon cinntí de chuid na seirbhísí ionchúisimh, arna ndí-chomhbhailiú de réir an chineáil cinnidh (ionchúiseamh a dhéanamh nó gan ionchúiseamh a dhéanamh);

(f) an líon breitheanna cúirte deiridh, arna ndí-chomhbhailiú de réir an chineáil breithe (cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an tsubstaint a chiontú, a éigiontú nó a dhíbhe, agus lena n-áirítear rúin neamhthrialach);

(g) an líon daoine nádúrtha a ciontaíodh i leith cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo, arna ndí-chomhbhailiú de réir inscne agus saoránachta;

(h) an líon daoine nádúrtha ar gearradh pionóis orthu arna ndí -chomhbhailiú de réir chineál agus leibhéal na bpionós (príosúnacht, fíneálacha, daoine eile) agus na saoránachta;

(i) an líon daoine dlítheanacha a ciontaíodh i leith cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo agus ar forchuireadh smachtbhannaí orthu;

(j) an líon daoine dlítheanacha arna ndí-chomhbhailíú de réir áit bhunaithe agus chineál an smachtbhanna (fíneálacha, daoine eile);

(k) meánfhad imeachtaí cúirteanna na gcásanna ag an gcéadchéim, ag an dara céim agus um achomharc.

3.Déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil agus faoin 1 Iúil gach bliain, na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 2 a fhoilsiú, i bhformáid mheaisín‑inléite agus imdhealaithe, le haghaidh na bliana roimhe sin agus tarchuirfidh siad iad chuig an gCoimisiún.

Airteagal 18

Cur in ionad Threoir 2002/90/CE agus Chinneadh Réime 2002/946/CGB

1.Cuirtear an Treoir seo in ionad Threoir 2002/90/CE agus Chinneadh Réime 2002/946 CGB maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, gan dochar doibleagáidí na mBallstát sin maidir leis an dáta chun na hionstraimí sin a thrasuí sa dlí náisiúnta.

2. Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí do Threoir 2002/90/CE agus do Chinneadh Réime 2002/946 CGB a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

Airteagal 19

Trasuí

1.Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoi [bliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

2. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

3.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 21

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Frontex, Anailísí Riosca le haghaidh 2023/2024.
(2)    Frontex, Anailísí riosca le haghaidh 2023/2024.
(3)    Anailís Riosca Frontex le haghaidh 2023/2024.
(4)    Meastacháin ó Europol.
(5)    Oifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Coireacht, Staidéar domhanda maidir le smuigleáil imirceach, 2018.
(6)    An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, an tionscadal um imircigh atá ar iarraidh, le fáil ag: https://missingmigrants.iom.int/region/mediterranean .
(7)    Europol, Líonraí Coiriúla i Smuigleáil Imirceach, Spotsolas Europol, 2023.
(8)    Frontex, Anailísí Riosca le haghaidh 2023/2024.
(9)    Europol (2023), Líonraí Coiriúla i Smuigleáil Imirceach, Spotsolas Europol.
(10)    COM(2020) 609 final.
(11)    IO L 328, 5.12.2002, lch. 17.
(12)    IO L 328, 5.12.2002, lch. 1.
(13)    COM(2023) 754 final.
(14)    COM(2021) 591 final.
(15)    SWD(2017) 117 final.
(16)    COM(2021) 591 final.
(17)    Le fáil ag: https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_23_3057 .
(18)    COM(2021) 753 final.
(19)    COM(2020) 605 final.
(20)    COM(2021) 170 final.
(21)    COM(2021) 171 final.
(22)    Conclúidí 14280/23 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2023 maidir le Straitéis Slándála Muirí athbhreithnithe an Aontais Eorpaigh (EUMSS) agus a Plean Gníomhaíochta.
(23)    IO C 323, 1.10.2020, lch. 1.
(24)    COM(2022) 245 final.
(25)    COM(2023) 185 final.
(26)    Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE, IO L 158, 30.4.2004, lch. 77.
(27)    Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 2019/C 384 I/01, IO C 384 I, 12.11.2019, lch. 1.
(28)    An Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Ghréig, an Fhrainc, an Chróit, an Ungáir, Éire, an Iodáil, Málta, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSlóivéin agus an tSlóvaic.
(29)    An Fhrainc, an Ísiltír, an tSlóvaic.
(30)    An Chipir, an Iodáil, an Ísiltír, an tSlóivéin.
(31)    An Bheilg
(32)    An Fhrainc
(33)    Treoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin in imeachtaí coiriúla, IO L 280, 26.10.2010, lch. 1;
(34)    Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart i gcomhair faisnéise in imeachtaí coiriúla, IO L 142, 1.6.2012, lch. 1.
(35)    Treoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair maidir leis an gceart chun dlíodóir a fháil in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse, IO L 294, 6.11.2013, lch. 1;
(36)    Treoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach in imeachtaí coiriúla, IO L 65, 11.3.2016, lch. 1.
(37)    Treoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis na coimircí nós imeachta do leanaí ar daoine iad atá faoi drochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla, IO L 132, 21.5.2016, lch. 1.
(38)    Treoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, IO L 297, 4.11.2016, lch. 1.
(39)    IO C , , lch.  .
(40)    IO C , , lch.  .
(41)    Treoir 2002/90/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2002 lena sainmhínítear éascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus cónaí neamhúdaraithe, IO L 328, 5.12.2002, lch. 17., ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/90/oj ).
(42)    Cinneadh Réime 2002/946/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2002 maidir leis an gcreat pionósach a neartú chun cosc a chur le héascú ar theacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe (IO L 328, 5.12.2002, lch 1. , ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_framw/2002/946/oj ).
(43)    Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/115/oj).
(44)

   Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí agus fáltais ón gcoireacht a chalcadh agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO L 127, 29.4.2014, lch. 39 ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2014/42/oj ).

(45)    Cinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinbhleachtaí i bhfeidhmiú dlínse in imeachtaí coiriúla a chosc agus a shocrú (IO L 328, 15.12.2009, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_framw/2009/948/oj ).
(46)    COM(2023) 185 final.
(47)    Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair Do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj ).
(48)    Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/38/oj ).
(49)    Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 2019/C 384 I/01, IO C 384 I, 12.11.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2019(3)/oj ).
(50)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj ).
(51)    IO L 176, 10.7.1999, lch. 34, ELI:  http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1999/439(1)/oj .
(52)    Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/1999/437/oj ).
(53)    IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(54)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2011/350/oj ).
(55)    IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(56)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2011/350/oj ).
(57)    Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 077, 23.3.2016, lch. 1).  http://data.europa.eu/eli/reg/2016/399/oj ).
(58)    Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_framw/2008/841/oj ).
(59)

   Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeacht na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a chalcadh agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO L 127, 29.4.2014, lch. 39 ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2014/42/oj ). 

(60)

   Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeacht na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a chalcadh agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO L 127, 29.4.2014, lch. 39 ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2014/42/oj ).

(61)    Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena bhforáiltear do chaighdeáin íosta i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach, (IO L 168, 30.6.2009, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/52/oj ).
Top