Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0733

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n-eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú (Koordinaciona uprava)

COM/2023/733 final

An Bhruiséil,16.11.2023

COM(2023) 733 final

2023/0418(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n‑eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú (Koordinaciona uprava)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le Rialachán (CE) Uimh. 1244/2009 an 30 Samhain 2009 1 leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin 2 . Is éard a bhí san athrú sin Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine (An Mhacadóin Thuaidh a thugtar uirthi anois), Montainéagró agus an tSeirbia a aistriú ó Iarscríbhinn I (tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu) go hIarscríbhinn II (tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa le haghaidh fanachtaí nach faide ná 90 lá i dtréimhse 180 lá) a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Ní raibh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa ach amháin maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha (agus is amhlaidh an cás go fóill).

I bhfianaise na nábhar imní a bhí ann maidir le rioscaí gluaiseachtaí imirce neamhrialta de thionscnamh na Cosaive 3* agus ós rud é nach raibh aon idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí ar siúl leis an gCosaiv ag an am, eisíodh catagóir amháin de shealbhóirí pasanna Seirbiacha ón díolúine víosa, is é sin sealbhóirí pasanna arna neisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú i mBéalgrád. Próiseálann an stiúrthóireacht sin gach iarratas ar phas a fhaightear ó Sheirbiaigh na Cosaive a chónaíonn sa Chosaiv agus ó dhiaspóra Sheirbiaigh na Cosaive a chónaíonn lasmuigh den Chosaiv.

Bunaíodh Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú le linn an idirphlé leis an tSeirbia maidir le léirscaoileadh víosaí. Ba é ab aidhm leis sin fáil réidh leis na seacht Stiúrthóireacht Póilíneachta réigiúnacha a bhí scaipthe ar fud chríoch na Seirbia, ar stiúrthóireachtaí iad a bhí freagrach as pasanna a eisiúint do Sheirbiaigh na Cosaive go dtí sin. Is pasanna bithmhéadracha iad na pasanna a eisíonn Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú agus tá siad in úsáid ag a sealbhóirí mar dhoiciméid taistil chun taisteal chuig an Aontas ó bunaíodh an Stiúrthóireacht.

In 2009 áiríodh an Chosaiv i gcuid 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, rud a fhágann go raibh sé de cheangal ar shealbhóirí pasanna arna neisiúint ag an gCosaiv víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh. Ó shin i leith, tá athrú tagtha ar chúrsaí. Chuir an Coimisiún tús le hidirphlé leis an gCosaiv maidir le léirscaoileadh víosaí an 19 Eanáir 2012. An 14 Meitheamh 2012 chuir sé treochlár faoi bhráid na Cosaive inar sainaithníodh an reachtaíocht uile agus na bearta eile ba ghá don Chosaiv a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun dul chun cinn a dhéanamh i ndáil le léirscaoileadh víosaí. Tugadh an t-idirphlé sin i gcrích go rathúil, agus ar an mbonn sin, an 4 Bealtaine 2016 chuir an Coimisiún togra 4 i láthair maidir leis an gCosaiv a aistriú go hIarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001.

Comhaontaíodh an togra sin ar deireadh agus glacadh é an 19 Aibreán 2023. Le Rialachán (AE) 2023/850, 5 leasaíodh Rialachán (AE) 2018/1806 6 (a cuireadh in ionad Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 idir an dá linn), tríd an gCosaiv a aistriú ó Chuid 2 d’Iarscríbhinn I go Cuid 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin. Mar atá i gcás gach idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí a tugadh i gcrích go rathúil roimhe seo, cinneadh nár cheart feidhm a bheith ag an díolúine ón gceanglas víosa ach amháin maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha. Thairis sin, níor cheart feidhm a bheith ag an díolúine sin go dtí an dáta a rachaidh an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 , i mbun oibríochtaí nó go dtí an 1 Eanáir 2024, cibé dáta is túisce. Mar gheall nach dtiocfaidh ETIAS i bhfeidhm roimh an 1 Eanáir 2024, beidh feidhm ag an díolúine víosa i gcás sealbhóirí pasanna Cosavacha ón 1 Eanáir 2024.

Tar éis Rialachán (AE) 2023/850 a ghlacadh, is iad sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n‑eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú na haon saoránaigh amháin i réigiún na mBalcán Thiar nach mór víosa a bheith ina seilbh acu agus iad ag taisteal chuig an Aontas le haghaidh gearrfhanachtaí.

Le teacht i bhfeidhm na díolúine víosa le haghaidh shealbhóirí pasanna Cosavacha, measann an Coimisiún nach ann a thuilleadh do na cúiseanna le sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n‑eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú a eisiamh, agus gur cheart go mbainfeadh na saoránaigh uile i réigiún na mBalcán Thiar tairbhe as taisteal gan víosa chuig limistéar Schengen. Ar an gcúis sin, molann an Coimisiún Rialachán (AE) 2018/1806 a leasú chun sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n‑eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú a dhíolmhú ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh le haghaidh fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

I Rialachán (AE) 2018/1806 liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh agus liostaítear ann na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin. Tá Rialachán (AE) 2018/1806 á chur i bhfeidhm ag na Ballstáit go léir – cé is moite d'Éirinn. Cuireann an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis i bhfeidhm é freisin. Is cuid é an Rialachán sin de chomhbheartas víosaí an Aontais Eorpaigh maidir le gearrfhanacht suas le 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

Ó cuireadh tús leis an gcéad idirphlé maidir le léirscaoileadh víosa in 2008, tá cuspóir foriomlán ann rochtain gan víosa ar limistéar Schengen a dheonú do réigiún na Balcáin Thiar. Cuireadh deireadh le ceanglais víosa do Mhontainéagró, don Mhacadóin Thuaidh agus don tSeirbia in 2009, don Albáin agus don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin in 2010, agus don Chosaiv in 2023. Sa chomhthéacs sin, dá gcuirfí deireadh leis an eisiamh ón díolúine víosa a bhaineann le sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n‑eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú, d’áiritheofaí go mbeadh réigiún iomlán na mBalcán Thiar faoi réir an chórais víosa chéanna.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

An moladh go n‑áireofaí sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n‑eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú laistigh den díolúine ón gceanglas víosa a bhaineann leis an tSeirbia, tá sé comhsheasmhach le hiarrachtaí an Aontais dlús a chur le comhtháthú réigiún na mBalcán Thiar san Aontas.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é pointe (a) d’Airteagal 77(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo. Forbairt ar acquis Schengen a bheidh sa Rialachán atá beartaithe.

Coimhdeacht, comhréireacht agus an rogha ionstraime

Tá an leasú is gá ar Rialachán (AE) 2018/1806 le déanamh trí bhíthin rialacháin. Ní féidir leis na Ballstáit gníomhú astu féin chun an cuspóir beartais a bhaint amach. Ní ann d’aon rogha bheartais eile (nach rogha bheartais reachtach í) lena bhféadfaí an cuspóir beartais a bhaint amach.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Pléadh an staid reatha maidir le Seirbiaigh na Cosaive a eisiamh ón gcóras gan víosa leis an tSeirbia agus leis an gCosaiv.

Measúnú tionchair

Measadh nach raibh gá le measúnú tionchair i gcás an togra seo.

Cearta bunúsacha

Ní bheidh aon tionchar diúltach ag an togra seo ar chosaint na gceart bunúsach san Aontas Eorpach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Beidh feidhm dhíreach ag an Rialachán leasaithe ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm agus cuirfidh na Ballstáit chun feidhme é láithreach. Ní gá aon phlean cur chun feidhme a dhéanamh.

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leasófar Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán 2018/1806 trí shealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n‑eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú (i Seirbis: Koordinaciona uprava)’ a áireamh laistigh den tagairt don tSeirbia.

2023/0418 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n‑eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú (Koordinaciona uprava)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointe (a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin le haghaidh fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

(2)Aistríodh an tSeirbia go liosta na dtríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh saor ón gceanglas víosa trí Rialachán (CE) Uimh. 1244/2009 ón gComhairle 9 . Áiríodh sa Rialachán sin an teisiamh ón díolúine víosa a bhaineann le Seirbiaigh na Cosaive atá ina sealbhóirí pasanna arna neisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú (i Seirbis: Koordinaciona uprava).

(3)Tar éis Rialachán (AE) 2023/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 a ghlacadh lena naistrítear an Chosaiv go Cuid 4 d’Iarscríbhinn d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806, is iad sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna neisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú na haon saoránaigh amháin i réigiún na mBalcán Thiar nach mór víosa a bheith ina seilbh acu chun teorainneacha seachtracha na mBallstát a thrasnú.

(4)Chun a áirithiú go mbeidh réigiún iomlán na mBalcán Thiar faoi réir an chórais víosa chéanna, ba cheart sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna neisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú a áireamh sa tagairt don tSeirbia in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806.

(5)A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag Poblacht na hÍoslainne agus ag Ríocht na hIorua maidir le comhlachas Ríocht na hIorua le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 11 .

(6)A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna shíniú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 12 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí B agus C, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 13 .

(7)A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 14 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí B agus C, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 15 .

(8)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 16 ; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(9)A mhéid a bhaineann leis an gCipir, leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 faoi seach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gcuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806, in ionad
‘An tSeirbia (lena
neisiatar sealbhóirí pasanna na Seirbia arna neisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú (i Seirbis: Koordinaciona uprava)) (7)’,

cuirtear

‘An tSeirbia (lena n‑áirítear sealbhóirí pasanna Seirbiacha arna n‑eisiúint ag Stiúrthóireacht na Seirbia um Chomhordú (i Seirbis: Koordinaciona uprava)) (*)’

(*) Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n‑eisiúint i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), agus leo siúd amháin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (CE) Uimh. 1244/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 336, 18.12.2009, lgh. 1-3).
(2)    Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lgh. 1-7).
(3) *    Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(4)    COM/2016/0277 final.
(5)    Rialachán (AE) 2023/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (an Chosaiv (Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.)) (IO L 110, 25.4.2023, lgh. 1-4).
(6)    Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39).
(7)    Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226, (IO L 236, 19.9.2018, lgh. 1-71).
(8)    Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39).
(9)    Rialachán (CE) Uimh. 1244/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 336, 18.12.2009, lgh. 1-3).
(10)    Rialachán (AE) 2023/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (an Chosaiv (Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.)) (IO L 110, 25.4.2023, lgh. 1-4).
(11)    Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag Poblacht na hÍoslainne agus ag Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(12)    IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(13)    Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(14)    IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(15)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(16)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
Top