Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0595

    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE, a mhéid a bhaineann le leasú ar Chinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 17 Nollaig 2019 chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE

    COM/2023/595 final

    An Bhruiséil,10.10.2023

    COM(2023) 595 final

    2023/0365(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE, a mhéid a bhaineann le leasú ar Chinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 17 Nollaig 2019 chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1. Ábhar an togra

    Is é atá sa chinneadh seo ón gCoimisiún togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE, i dtaca le leasú ar Chinneadh Uimh. 3/2019 maidir le bearta idirthréimhseacha de bhun Airteagal 95(4) den Chomhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus Grúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (ACC) 1 , a síníodh in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 (‘Comhaontú Comhpháirtíochta Cotonou’ nó ‘CPA’) (‘cinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha’) 2 . Leasaíodh an cinneadh sin le Cinneadh Uimh. 2/2020 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 4 Nollaig 2020 3 , le Cinneadh Uimh. 3/2021 4 an 26 Samhain 2021, le Cinneadh Uimh. 1/2022 5  an 21 Meitheamh 2022, agus Cinneadh Uimh. 1/2023 6 an 30 Meitheamh 2023, lena gcuirtear síneadh le cur i bhfeidhm Chomhaontú Comhpháirtíochta Cotonou go dtí an 30 Samhain 2021, an 30 Meitheamh 2022, an 30 Meitheamh 2023, agus an 31 Deireadh Fómhair 2023 faoi seach. Molann an Coimisiún síneadh breise a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta Cotonou ina niomláine go dtí an 31 Nollaig 2023.

    2.COMHTHÉACS AN TOGRA

    2.1.Comhaontú Comhpháirtíochta Cotonou

    Is é Comhaontú Comhpháirtíochta Cotonou an creat a bhí i bhfeidhm le haghaidh chaidreamh an Aontais le 79 dtír ACC ó bhí 2000 ann. Tugadh an Comhaontú i gcrích ar feadh tréimhse 20 bliain, ón 1 Márta 2000 go dtí an 29 Feabhra 2020. Athbhreithníodh é ina dhiaidh sin in 2005 agus in 2010.

    Le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 17 Nollaig 2019, cuireadh síneadh le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta Cotonou go dtí an 31 Nollaig 2020 nó go dtí teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe nua idir an tAontas agus Stáit ACC, cibé acu is túisce. Leasaíodh an cinneadh sin le Cinneadh Uimh. 2/2020 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 4 Nollaig 2020 7 , le Cinneadh Uimh. 3/2021 8 an 26 Samhain 2021, le Cinneadh Uimh. 1/2022 an 21 Meitheamh 2022 9 , agus le Cinneadh Uimh. 1/2023 10 , lena gcuirtear síneadh le cur i bhfeidhm Chomhaontú Comhpháirtíochta Cotonou go dtí an 30 Samhain 2021, an 30 Meitheamh 2022, an 30 Meitheamh 2023 agus an 31 Deireadh Fómhair 2023 faoi seach.

    Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht i dtreo Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE nua i mí Mheán Fómhair 2018. An 15 Aibreán 2021, chuir na príomh-idirbheartaithe a gcuid inisealacha le téacs an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta nua idir an tAontas agus comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (OACPS). Sheol an Coimisiún a thogra chuig an gComhairle lena shíniú i mí an Mheithimh 2021. D’athraigh an Chomhairle cineál dlíthiúil an chomhaontaithe ina chomhaontú dá ngairtear comhaontú measctha. An 20 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle cinneadh 11 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach Chomhaontú Comhpháirtíochta nua ACC-AE. Síneoidh an tAontas agus a Bhallstáit agus comhaltaí Eagraíocht na Stát ACC an Comhaontú an 15 Samhain 2023. De bhun Airteagal 98(4) den Chomhaontú nua, cuirfear tús lena chur i bhfeidhm sealadach ar an gcéad lá den dara mí tar éis an tsínithe i.e. an 1 Eanáir 2024. Chun folús dlíthiúil sa chaidreamh idir an tAontas agus ACC a sheachaint, ceanglaítear leis an gComhaontú atá ann faoi láthair síneadh an Chomhaontaithe a athnuachan go dtí an 31 Nollaig 2023.

    2.2.Comhairle Airí ACC-AE

    Is comhlacht é Comhairle Airí ACC-AE ar leibhéal aireachta, arna bhunú leis an gComhaontú (Airteagal 15 CPA). Sa chomhairle, ar thaobh amháin, tá comhaltaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus comhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh agus, ar an taobh eile, tá comhalta rialtais de gach Stát ACC. Áirítear ar fheidhmeanna Chomhairle na nAirí, le cois nithe eile, na cinntí is gá a ghlacadh chun CPA a chur chun feidhme agus a chur i gcrích. Glacann Comhairle na nAirí a cinntí de chomhthoil na bPáirtithe. Chun go mbeidh na cinntí bailí, ní mór (i) leathchuid de chomhaltaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh (i.e. 14 Aire ó Bhallstáit an Aontais), (ii) aon chomhalta amháin den Choimisiún, agus (iii) dhá thriain de na comhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar rialtais Stáit ACC (i.e. comhaltaí rialtais ó 55 stát ACC éagsúla) a bheith i láthair.

    2.3.Bearta idirthréimhseacha

    Seo a leanas Airteagal 95(4), an dara fomhír de CPA: ‘Glacfaidh Comhairle na nAirí aon bheart idirthréimhseach a d’fhéadfadh gá a bheith leis go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú nua i bhfeidhm’. De réir Airteagal 95(4) an dara fomhír CPA, féadtar bearta idirthréimhseacha a chur i bhfeidhm chun síneadh a chur le cur i bhfeidhm CPA ina iomláine, nó codanna de, go dtí dáta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe nua (cur i bhfeidhm sealadach nó teacht i bhfeidhm). Chun leanúnachas dlíthiúil, polaitiúil agus institiúideach le ACC a choimeád, ós rud é nach dtiocfaidh an Comhaontú nua i bhfeidhm roimh dhul in éag an chreata dhlíthiúil atá ann faoi láthair, is gá síneadh a chur leis na bearta idirthréimhseacha arna nglacadh d'fhonn leanúint de chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe atá ann faoi láthair.

    2.4.Bearta idirthréimhseacha á leasú ag Coiste Ambasadóirí ACC-AE

    I gcomhréir le hAirteagal 95(4) CPA, tá an cinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha le glacadh ag Comhairle Airí ACC-AE. Mar sin féin, de bhun Airteagal 15(4) CPA, féadfaidh Comhairle na nAirí cumhachtaí a tharmligean chuig Coiste Ambasadóirí ACC-AE. Chuige sin, an 23 Bealtaine 2019 tharmlig Comhairle na nAirí an chumhacht chun an cinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha a ghlacadh chuig an gCoiste Ambasadóirí 12 . De bhun Airteagal 16(2) CPA, féadfaidh Coiste Ambasadóirí ACC-AE cinntí a ghlacadh nó a leasú atá ceangailteach ar na páirtithe de réir an tsainordaithe a thug Comhairle na nAirí dó.

    De réir Airteagal 1 de Rialacha Nós Imeachta Choiste na nAmbasadóirí 13 , tiocfaidh an coiste le chéile go rialta, go háirithe chun cruinnithe Chomhairle na nAirí a ullmhú agus i gcás inar gá, arna iarraidh sin ag ceann de na páirtithe. Ó tharla go bhfuil an tsaoirse sin ann, féadfaidh Coiste na nAmbasadóirí a áirithiú go nglacfar an leasú ar an gcinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha go tráthúil agus tráth nach déanaí ná an 31ú Deireadh Fómhair 2023.

    Dá bhrí sin, ag cruinniú de Choiste Ambasadóirí ACC-AE, tá an leasú ar an gcinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha (‘an gníomh atá beartaithe’) le glacadh ag an gCoiste. Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe síneadh breise a chur le cur i bhfeidhm Chomhaontú Comhpháirtíochta Cotonou, ina iomláine, go dtí an 31 Nollaig 2023.

    3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

    Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an cinneadh atá ann faoi láthair maidir le beart idirthréimhseach CPA a leasú i bhfianaise síneadh a chur le cur i bhfeidhm Chomhaontú Comhpháirtíochta Cotonou go dtí an 31 Nollaig 2023.

    I bhfianaise an mhéid thuas, maidir le seasamh an Aontais atá beartaithe, tá sé le glacadh ag seisiún de chuid Choiste Ambasadóirí ACC-AE.

    4.Bunús dlí

    4.1Bunús dlí don nós imeachta

    4.1.1.Prionsabail

    In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

    Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 14 .

    4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

    De bhun Airteagal 95(4), an dara fomhír de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a síníodh in Cotonou an 23 Meitheamh 2000, féadtar bearta idirthréimhseacha a chur i bhfeidhm chun síneadh a chur le feidhm CPA ina iomláine, nó codanna de, go dtí dáta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe nua (cur i bhfeidhm sealadach nó teacht i bhfeidhm tar éis do na Páirtithe uile an comhaontú a dhaingniú). Go sonrach, ‘Glacfaidh Comhairle na nAirí aon bheart idirthréimhseach a d’fhéadfadh gá a bheith leis go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú nua i bhfeidhm’.

    Dá bhrí sin, is léir gur gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis an gníomh a iarrtar ar Choiste Ambasadóirí ACC-AE a ghlacadh. Beidh an cinneadh atá beartaithe ag Coiste na nAmbasadóirí ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 15 agus 16 den Chomhaontú.

    Is comhlacht é Coiste na nAmbasadóirí arna bhunú faoi Airteagal 16 de Chomhaontú Comhpháirtíochta Cotonou.

    Is páirtí conarthach é an tAontas Eorpach, chomh maith lena Bhallstáit, i gComhaontú Comhpháirtíochta Cotonou agus dá bhrí sin beidh an tAontas faoi cheangal ag an gcinneadh atá beartaithe ag Coiste na nAmbasadóirí.

    Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

    4.2.Bunús dlí substainteach

    4.2.1.Prionsabail

    Braitheann an bunús dlí substainteach maidir le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.

    4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

    Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe le feidhmiú CPA ina iomláine, go sonrach le síneadh a chur le cur i bhfeidhm CPA go dtí tar éis an dáta éaga dá bhforáiltear. Dá réir sin, ní mór bunús dlí substainteach an Chinnidh ón gComhairle a bhunú i bhfianaise Chomhaontú Comhpháirtíochta Cotonou ina iomláine 15 .

    Tá CPA tugtha i gcrích mar chomhaontú comhlachais agus dá bhrí sin bunaíodh é ar bhonn Airteagal 310 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, atá coibhéiseach le hAirteagal 217 CFAE. Dá bhrí sin, is é Airteagal 217 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

    4.3. Conclúid

    Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe le feidhmiú CPA ina iomláine, go sonrach le síneadh a chur le cur i bhfeidhm CPA go dtí tar éis an dáta éaga dá bhforáiltear. Dá réir sin, ní mór bunús dlí substainteach an Chinnidh ón gComhairle a bhunú i bhfianaise Chomhaontú Comhpháirtíochta Cotonou ina iomláine 16 .

    Tá CPA tugtha i gcrích mar chomhaontú comhlachais agus dá bhrí sin bunaíodh é ar bhonn Airteagal 310 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, atá coibhéiseach le hAirteagal 217 CFAE. Dá bhrí sin, is é Airteagal 217 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

    2023/0365 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE, a mhéid a bhaineann le leasú ar Chinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 17 Nollaig 2019 chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 217 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (‘ACC’), de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (‘Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE’) 17 , síníodh é in Cotonou an 23 Meitheamh 2000. Tháinig Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE i bhfeidhm an 1 Aibreán 2003 agus tá sé le bheith i bhfeidhm go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023 i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 17 Nollaig 2019 chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (‘cinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha’) 18 arna leasú le Cinneadh Uimh. 1/2023 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 30 Meitheamh 2023 chun Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE.

    (2)De bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, cuireadh tús leis an gcaibidlíocht i dtreo Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE nua i mí Mheán Fómhair 2018. Ní bheidh an Comhaontú nua réidh le cur i bhfeidhm faoi dháta éaga Chomhaontú ACC-AE atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, meastar gur gá Cinneadh Uimh. 3/2019 maidir le bearta idirthréimhseacha a leasú chun síneadh breise a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE atá ann faoi láthair.

    (3)Foráiltear leis an dara fomhír d’Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE go nglacfaidh Comhairle na nAirí bearta idirthréimhseacha a bhféadfadh gá a bheith leo go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú nua i bhfeidhm.

    (4)De bhun Airteagal 15(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta Cotonou (CPA), an 23 Bealtaine 2019 tharmlig Comhairle Airí ACC-AE na cumhachtaí chun na bearta idirthréimhseacha a ghlacadh chuig Coiste Ambasadóirí ACC-AE. Beidh cruinniú tráthrialta ag Coiste Ambasadóirí ACC-AE ina nglacfaidh an Coiste an cinneadh lena leasófar bearta idirthréimhseacha de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE.

    (5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE a leagan síos, ós rud é go bhfuil an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar an Aontas.

    (6)Leanfar d’fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a chur i bhfeidhm agus é d’aidhm leis sin leanúnachas a choimeád ar bun sa chaidreamh idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Stáit ACC, ar an taobh eile. Dá réir sin, níl na bearta idirthréimhseacha leasaithe ceaptha chun Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a leasú, leasuithe dá bhforáiltear in Airteagal 95(3) de,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE, de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, Cinneadh Uimh. 3/2019 maidir le bearta idirthréimhseacha a leasú chun síneadh a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE ina n‑iomláine go dtí an 31 Nollaig 2023.

    Airteagal 2

    Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    Cinneadh ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta idir Grúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a síníodh in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 (IO L 65, 8.3.2003, lch. 27).
    (2)    Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 17 Nollaig 2019 chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE [2020/2].
    (3)    Cinneadh Uimh. 2/2020 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 4 Nollaig 2020 chun Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE.
    (4)    Cinneadh Uimh. 3/2021 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 26 Samhain 2021 chun Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE.
    (5)    Cinneadh Uimh. 1/2022 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 21 Meitheamh 2022 chun Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE.
    (6)    Cinneadh Uimh. 1/2023 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 30 Meitheamh 2023 chun Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE.
    (7)    Cinneadh Uimh. 2/2020 (Uimh. 3).
    (8)    Cinneadh Uimh. 3/2021 (Uimh. 4).
    (9)    Cinneadh Uimh. 1/2022 (Uimh. 5).
    (10)    Cinneadh Uimh. 1/2023 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 30 Meitheamh 2023 chun Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE.
    (11)    Cinneadh ón gComhairle [mar atá leagtha amach i ndoiciméad 8371/23 DCL 1] ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ESACC), den pháirt eile.
    (12)    Cinneadh Uimh. 1/2019 ó Chomhairle Airí ACC-AE an 23 Bealtaine 2019 maidir le tarmligean cumhachtaí chuig Coiste Ambasadóirí ACC-AE a mhéid a bhaineann leis an gcinneadh bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE [2019/920] (IO L 146, 5.6.2019, lch. 114).
    (13)    Cinneadh Uimh. 3/2005 ó Chomhairle Airí ACC‑AE an 8 Márta 2005 maidir le Rialacha Nós Imeachta Choiste Ambasadóirí ACC‑AE a ghlacadh (IO L 95, 14.4.2005, lch. 51).
    (14)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI-EU-C-2014-2258, míreanna 61 go 64.
    (15)    Féach, go háirithe, an breithiúnas i gcás C-244/17 an Coimisiún v an Chomhairle (‘an Chasacstáin’) [ECLI:EU:C:2018:662], lch. 40 agus an cásdlí dá dtagraítear ann.
    (16)    Féach, go háirithe, an breithiúnas i gcás C-244/17 an Coimisiún v an Chomhairle (‘an Chasacstáin’) [ECLI:EU:C:2018:662], lch. 40 agus an cásdlí dá dtagraítear ann.
    (17)    Comhaontú (IO L 317, 15.12.2000, lch. 3) arna leasú leis an gComhaontú a síníodh i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2005 (IO L 209, 11.8.2005, lch. 27) agus leis an gComhaontú a síníodh in Ouagadougou an 22 Meitheamh 2010 (IO L 287, 4.11.2010, lch. 3).
    (18)    Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 17 Nollaig 2019 chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE [2020/2].
    Top