EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0532

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE maidir le Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT)

COM/2023/532 final

An Bhruiséil,12.9.2023

COM(2023) 532 final

2023/0321(CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT)

{SWD(2023) 308 final} - {SWD(2023) 309 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Fógraíodh togra BEFIT sa Teachtaireacht maidir le Cánachas Gnó don 21ú Céad i mí Bealtaine 2021 1 . Áirítear an togra i gClár Oibre 2023 de chuid an Choimisiúin 2 agus tá sé ábhartha ó thaobh acmhainní dílse de, mar a leagtar amach i dTeachtaireacht 2021 maidir leis an gcéad ghlúin eile d’acmhainní dílse le haghaidh bhuiséad an Aontais 3 .

Maidir leis an smaoineamh chun creat comhchoiteann don cháin chorparáide a fhorbairt chun tacú leis an margadh inmheánach, bhí sé sin i gcónaí mar chuid de stair an Aontais agus bhí sé le feiceáil i ndoiciméid bheartais Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa chomh fada siar leis na 1960idí. Mar sin féin, mar a cheiliúraimid 30 bliain an mhargaidh inmheánaigh, ní hann d’aon riail chomhchoiteann fós chun ioncam inchánach gnólachtaí a oibríonn san Aontas a ríomh. Dá bhrí sin, ní mór do ghnólachtaí a bheith i gcomhréir le (suas le) 27 gcóras náisiúnta dhifriúla, rud a fhágann go mbíonn sé deacair agus costasach do chuideachtaí gnó a dhéanamh ar fud an Aontais. Mar gheall ar chastacht idirghníomhaíocht na gcóras cánach éagsúil, agus na neamhréireachtaí i measc na gcóras sin, fágtar nach bhfuil cothroime iomaíochta ann agus méadaítear éiginnteacht maidir le cáin agus costais comhlíontachta cánach do ghnólachtaí a oibríonn i mbreis agus Ballstát amháin. Tá éifeacht dhíobhálach aige sin ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh mar go ndíspreagtar leis infheistíochtaí trasteorann agus fágann sé go bhfuil míbhuntáiste iomaíoch ag gnólachtaí an Aontais i gcomparáid le gnólachtaí a oibríonn i margaí de mhéid inchomparáide áiteanna eile ar domhan.

Ina theannta sin, maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách i bpraghsáil aistrithe a úsáidtear chun idirbhearta idir fiontair chomhlachaithe, ní hamháin go n‑eascraíonn costais níos airde agus díospóidí fada as úsáid an phrionsabail sin ach braitheann sé freisin ar infhaighteacht idirbheart inchomparáide, rud a fhágann go mbíonn níos lú cruinnis ag baint leis go háirithe i gcás idirbhearta a bhaineann le sócmhainní doláimhsithe (paitinní, trádmharcanna, cáilmheas, etc.), toisc go bhfuil siad sin uathúil. Fágann sé sin go mbíonn bonn cánach na mBallstát níos éagobhsaí, agus bíonn riosca ann do ghnólachtaí go ndéanfaí luacháil threallach ar chuid thábhachtach dá gcuid gníomhaíochtaí.

Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sainaitheanta, is féidir léargais luachmhara atá faighte i gcaitheamh na mblianta fada caibidlíochta agus ó anailísí gaolmhara ar chomhaid chánachais a úsáid anois i gceapadh BEFIT. Le tograí 2011 4 agus 2016 5 le haghaidh comhbhonn comhdhlúite don cháin chorparáide, go háirithe, spreagadh malartú críochnúil tuairimí agus tháinig cur chuige teicniúil na mBallstát éagsúil go mór le chéile le linn na caibidlíochta sin. Cuirtear an togra seo in ionad tograí ón gCoimisiún le haghaidh Comhbhonn don Cháin Chorparáide agus Comhbhonn Comhdhlúite don Cháin Chorparáide, a tharraingítear siar. Léireofar le BEFIT na léargais arna bhfáil agus na hathruithe ar an ngeilleagar nua‑aimseartha, arb iad an domhandú méadaitheach agus an digiteáil mhéadaitheach is saintréith dó.

Tá athrú mór tar éis teacht ar an gcomhthéacs le haghaidh bheartas cánach an Aontais le blianta beaga anuas. Glacadh le príomh‑choincheapa tionscnamh cánach corparáide agus plé leantach i gcomhthéacsanna eile agus comhthéacsanna níos leithne ná roimhe seo. In 2020, d’aontaigh an Chomhairle, an Pharlaimint agus an Coimisiún go bhféadfadh comhbhonn don cháin chorparáide a bheith ina bhonn d’acmhainn dhílis nua a mholfaidh an Coimisiún 6 . In 2021, mar chuid de ráiteas Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le Réiteach Décholúnach 7 , d’aontaigh breis agus 135 thír go ríomhfaidís ráta cánach éifeachtach de ghrúpa mór ilnáisiúnta ag tosú le ráitis airgeadais chomhdhlúite an ghrúpa (Colún 2) agus go núsáidfidís cionroinnt de réir foirmle chun brabúis inchánach a ath‑leithdháileadh go páirteach (Colún 1). D’fhormhuinigh na Ballstáit an comhaontú maidir le Colún 2 agus ghlac siad d’aon toil an Treoir maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas (Treoir Cholún 2) i mí na Nollag 2021 8 . Dá réir sin, is féidir le beartais an Aontais tógáil, ní hamháin ar a gcuid taithí féin, ach ar na forbairtí sin i réimse an chánachais chorparáidigh atá ar siúl ar leibhéal idirnáisiúnta.

Mar gheall ar an dul chun cinn teicneolaíoch agus acmhainneacht fheabhsaithe riaracháin údarás fioscach sna Ballstáit, fágtar go bhfuil sé níos éifeachtúla agus indéanta creat cánach don Aontas ar fad a chur chun feidhme agus a bhainistiú. Thairis sin, tar éis ghéarchéim COVID‑19 agus i gcomhthéacs na héiginnteachta eacnamaíche mar gheall ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, tá rialacha iontaofa agus ioncaim phoiblí chobhsaí níos tábhachtaí ná riamh. Mar sin féin, athraíonn boinn chánach na mBallstát de thoradh meigithreochtaí, amhail domhandú, digiteáil, athrú aeráide, díghrádú comhshaoil, aosú an daonra agus margadh saothair atá ag claochlú. Go sonrach, tá an bealach le haghaidh aistriú brabúis déanta ag an domhandú agus digiteáil trí chleachtais pleanála cánach ar thug an tAontas agus na Ballstáit aghaidh orthu roimhe seo trí bhearta in aghaidh imghabháil cánach agus seachaint cánach a ghlacadh. Leis na bearta sin bhíothas in ann aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha, ach rinneadh na córais cánach, nach mór do ghnólachtaí iad a úsáid, níos casta. Tá sé éirithe níos práinní, dá bhrí sin, go n‑áiritheoidh le beartas cánach an Aontais go bhfuil boinn chánach na mBallstát láidir, inbhuanaithe agus cosanta ar mhí‑úsáid fad a laghdaítear castacht an mhargaidh inmheánaigh.

Féachtar leis an togra seo bealach chun cinn a aimsiú lena gcomhréitítear na gnéithe uile trí chreat comhchoiteann le haghaidh cánachas corparáideach san Aontas a thabhairt isteach. Leis an gcreat comhchoiteann simpleofar an timpeallacht cánach sa mhargadh inmheánach toisc go dtiocfaidh sé i gcomharbacht na 27 mbealach éagsúla chun an bonn cánach a chinneadh do ghrúpaí cuideachtaí ag a bhfuil ioncaim chomhcheangailte bhliantúla de bhreis ar EUR 750 milliún. Dá dhroim sin, leis an gcreat comhchoiteann cruthófar cothroime iomaíochta, feabhsófar deimhneacht dhlíthiúil, laghdófar costais chomhlíontachta, spreagfar gnólachtaí chun bheith ag oibriú thar theorainneacha agus spreagfar infheistíochtaí agus fás san Aontas.

In éineacht leis an togra seo, ghlac an Coimisiún togra ar leithligh maidir le praghsáil aistrithe a chumhdaítear leis an tuarascáil chéanna ar an measúnú tionchair.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an Treoir seo i gcomhréir le roinnt tograí atá déanta ag an gCoimisiún le déanaí, agus comhlánaítear iad leis an Treoir seo, tograí a fógraíodh sa Teachtaireacht maidir le Cánachas Gnó don 21ú Céad. Togra ‘DEBRA’ go háirithe, arb é is aidhm dó fás agus nuálaíocht a chur chun cinn trí aghaidh a thabhairt ar an gclaontacht fiachais i gcánachas corparáideach trí chóras liúntas 9 , agus togra ‘UNSHELL’ arb é is aidhm dó dul i ngleic le mí‑úsáid cuideachtaí caocha chun críoch cánach, trí bhearta nua in aghaidh seachaint cánach 10 .

Tá an tionscnamh seo go hiomlán i gcomhréir le beartais an Aontais atá ann cheana i réimse an chánachais dhírigh. Ba é ba chuspóir don Treoir maidir le Máthairchuideachtaí agus Fochuideachtaí, 11 don Treoir maidir le hÚs agus Ríchíosanna 12 agus don Treoir maidir le Cumaisc 13 dul i ngleic le cánachas dúbailte cuideachtaí. Tógann BEFIT ar an mbeartas sin tuilleadh agus is é is aidhm dó réiteach níos cuimsithí a sholáthar. Anuas air sin, áirithítear le Treoir an Chomhair Riaracháin (DAC) 14 comhar agus malartú cineálacha éagsúla faisnéise idir údaráis fhioscacha na mBallstát. Go sonrach, ó bhí 2017 ann, le hathbhreithniú DAC4 15 ceanglaítear ar mháthaireintitis deiridh ghrúpaí FIN tuarascálacha de réir tíre, ina bhfuil faisnéis ar ioncam, brabúis, cánacha, fostaithe agus sócmhainní inláimhsithe, agus a gcomheintitis, a chomhdú. Roinntear an fhaisnéis sin idir na Ballstáit. Tairbheoidh córas riaracháin BEFIT den chomhar sin agus déanfaidh sé níos éifeachtúla é.

Tá an togra seo comhoiriúnach don Treoir in aghaidh Seachaint Cánach (ATAD) 16 freisin, a glacadh in 2016 chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais a bhaineann le seachaint cánach. Ní bhréagnaíonn BEFIT na rialacha sin. D’fhéadfadh gnólachtaí faoi raon feidhme BEFIT tairbhiú de níos mó deimhneacht chánach i ndáil leis sin. Beidh a staid chánach níos trédhearcaí agus níos soiléire, i gcomparáid lena noibríochtaí a struchtúrú i gcomhréir le creataí dlíthiúla náisiúnta iomadúla fad a chinntítear go nurramaíonn siad príomhchuspóir gach creata agus go seachnaítear neamhréireanna. Is é an riail maidir le teorannú úis an taon fhoráil inar gá do thogra BEFIT comhsheasmhacht a áirithiú (Airteagal 4 de ATAD). Chun na críche sin, áirítear sa togra foráil shonrach chun an beart sin a chur san áireamh laistigh de raon feidhme grúpa trasteorann agus ní mar riail a mbeidh feidhm aici cuideachta ar chuideachta (Airteagal 13).

Tá an togra i gcomhréir le cur chun feidhme Réiteach Décholúnach Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 freisin. Mar shíneadh le Tionscadal ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS) in 2015, agus go háirithe Tuarascáil Ghníomh 1 BEPS maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin chánach an gheilleagair dhigitigh, cuireadh Creat Cuimsitheach ECFE/G20 ar bun chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chánach a eascraíonn as digiteáil. Dhírigh an cur chuige ar dhá shruth oibre éagsúla ghaolmhara agus in 2021 tháinig dlínsí ar fud an domhain ar chomhaontú stairiúil maidir le réiteach décholúnach. Cuimsítear faoi Cholún 1 ath‑leithdháileadh páirteach ceart chun cánachais do dhlínsí margaidh (Méid A) agus simpliú ar phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách do ghníomhaíochtaí áirithe (Méid B). Cuimsítear faoi Cholún 2 de na rialacha Domhanda i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (GloBE), ar dhá riail inmheánacha chomhshnaidhmeacha iad lena náirithítear cánachas íosta éifeachtach 15 %, agus an Riail Faoi‑Réir‑Cánach (STTR), ar riail chonradhbhunaithe í lena gceadaítear ráta íosta 9 % ar íocaíochtaí áirithe. An 15 Nollaig 2022, ghlac an tAontas Treoir Cholún 2, d’fhonn na rialacha GloBE a chur chun feidhme ar bhealach aonfhoirmeach san Aontas. Maidir le hobair eile Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe eile den Réiteach Décholúnach, d’aontaigh 138 dtír agus dlínse é sin an 11 Iúil 2023 17 . Tógann an togra ar ghnóthachtálacha an dá Cholún, chun simplíocht agus deimhneacht a sholáthar do ghnólachtaí san Aontas ar bhealach cuimsitheach.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

D’fhógair Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin, san aitheasc uaithi ar Staid an Aontais in 2022 go gcuirfeadh an Coimisiún ‘Pacáiste Fóirithinte’ do FBManna ar fáil. Leis an bPacáiste Fóirithinte do FBManna, ba cheart go soláthrófaí tacaíocht, a bhfuil géarghá léi, chun sreabhadh airgid a dheimhniú, chun simpliú agus chun infheistiú agus chun fás. Ba cheart go bhfágfadh sé sin go mbeidh sé níos éasca do FBManna gnó a dhéanamh sa mhargadh inmheánach. I ndáil leis sin, tá coinne leis go gcomhlánófar le togra gaolmhar le haghaidh Treoir do FBManna ag a bhfuil bunaíocht inchánach theoranta ar an gcoigríoch (trí bhuanbhunaíochtaí i mBallstá(i)t eile amháin) rogha thionscnaimh an Choimisiúin maidir le simpliú i gcánachas corparáideach. Áiritheofar leis sin go spreagfaí grúpaí FBManna chun leathnú thar theorainneacha agus nach gcuirfí bac ar FBManna, de bharr costais comhlíontachta cánach, leas a bhaint as na deiseanna sa mhargadh inmheánach.

Tá BEFIT agus an Pacáiste Fóirithinte do FBManna comhlántach. Tá an dá thionscnamh dírithe ar shimpliú a fheabhsú do ghnólachtaí. I réimse an chánachais, is é is aidhm don Phacáiste Fóirithinte do FBManna simpliú a thairiscint do FBManna ag a bhfuil bunaíocht inchánach theoranta ar an gcoigríoch fad a dhíríonn BEFIT ar ghrúpaí corparáideacha móra ag a bhfuil gníomhaíocht trasteorann fhairsing cheana féin. Mar sin féin, tairgtear le BEFIT rialacha roghnacha do FBManna atá mar chuid de ghrúpa a chomhdaíonn ráitis airgeadais chomhdhlúite. Cuirfidh an raon feidhme roghnach ar a gcumas dóibh an rogha is simplí agus is cost‑éifeachtúla a roghnú bunaithe ar a gcuid riachtanas féin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tagann an togra seo faoi raon Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is é is aidhm do rialacha an togra dlíthe, rialacháin nó cleachtais riaracháin na mBallstát a neasú toisc go ndéanann siad difear díreach don bhunaíocht nó d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Glacfar é, dá bhrí sin, faoi nós imeachta reachtach speisialta i gcomhréir leis an airteagal seo agus i bhfoirm Treorach. Roinntear inniúlacht an Aontais i ndáil leis an réimse sin leis na Ballstáit.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá obair na ngnólachtaí san Aontas thar theorainneacha sa mhargadh inmheánach ag dul i méid, ach tá 27 gcóras cánach corparáide éagsúla i gcreat cánach reatha an Aontais. Cuirtear bac ar ghníomhaíocht ghnó sa mhargadh inmheánach mar gheall ar an iliomad rialacha seo, as a n‑eascraíonn ilroinnt. Go deimhin, tá costais comhlíontachta cánach arda, sa mhargadh inmheánach, do ghnólachtaí trasteorann, toisc nach mór dóibh creataí dlíthiúla éagsúla a chomhlíonadh. Thairis sin, cruthaítear leis na héagothromaíochtaí idir na Ballstáit neamhréireanna as a bhféadfadh neamhchánachas dúbailte agus sochair chánach neamhbheartaithe teacht.

Tá na fadhbanna sin ag na Ballstáit uile agus ní féidir aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach le gníomhaíochtaí náisiúnta. Toisc gur ann do na fadhbanna sin mar gheall ar na córais chánach éagsúla ar an gcéad dul síos, leanfadh éifeachtaí neamh‑leordhóthanacha an ghníomhaíocht náisiúnta neamhchomhordaithe. Ar an gcaoi chéanna, cé go bhféadfadh comhar níos fearr a bheith tairbheach, bhí an cur chuige sin déthaobhach den chuid ba mhó agus bíonn sé teoranta, go háirithe i gcás grúpaí a oibríonn i mbreis agus dhá Bhallstát.

Sa chomhthéacs sin, ní fhéadfadh ach tionscnamh, ina gcuimsítear an tAontas ar fad, lena ndéantar foráil maidir le tacar coiteann rialacha, a bheith éifeachtach. Laghdófaí an chastacht agus iarmhairtí na castachta sin dá mbeadh tacar amháin rialacha cánach corparáide i bhfeidhm ar fud an Aontas do ghrúpaí cuideachtaí. Is féidir neamhréireanna a bhaint freisin, in ionad iad a cheartú, nuair a thugtar aghaidh ar an bhfadhb le rialacha comhchoiteanna.

Má dhéantar gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, beidh breisluach soiléir aige. Mar shampla, maidir le comhiomlánú bonn cánach comhaltaí den ghrúpa i sindeacáit amháin, in éineacht le modh simplí chun brabúis a leithdháileadh laistigh den ghrúpa, leagfaí amach leis sin modh chun dliteanais chánach grúpaí cuideachtaí a chinneadh ar bhealach níos oibiachtúla agus níos saoire. Mar sin féin, ní féidir leis na Ballstáit an modh sin a úsáid go héifeachtach ar bhonn aonarach, toisc go mbeadh an riosca i ndáil le cánachas dúbailte agus díospóidí ann fós, mura bhfuil an modh le haghaidh leithdháileadh an bhrabúis aonfhoirmeach don ghrúpa iomlán agus mura ríomhtar an bonn cánach in‑leithdháilte i gcomhréir le tacar amháin rialacha.

Is féidir na rialacha comhchoiteanna substainteacha a riar le creat comhchoiteann freisin, rud lena mbainfeadh buntáistí cinntitheacha do ghnólachtaí agus d’údaráis fhioscacha san Aontas. In ionad comhdú a dhéanamh i ngach Ballstát, le hionad ilfhreastail d’fhéadfadh sé go ligfí do ghrúpaí cuideachtaí na ceanglais a chomhlíonadh trí eintiteas aonair amháin. I gcás údaráis fhioscacha, a dhéanann measúnú faoi láthair ar dhliteanais chánach na ngnólachtaí trasteorann céanna ar leithligh ach a gcuid acmhainní féin ag gach ceann acu, bheifí in ann na hacmhainní sin a úsáid i gcomhpháirt ar bhealach níos éifeachtaí agus níos spriocdhírithe. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le comhaontú idir Ballstáit éagsúla maidir le saincheisteanna trasteorann agus is minic a bhíonn díospóidí nó nósanna imeachta fada ann dá dtoradh sin. Le creat riaracháin comhchoiteann, ligfí do ghnólachtaí san Aontas leibhéal deimhneachta luaithe a fháil maidir le míreanna áirithe.

Dá bhrí sin, tá an tionscnamh seo i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar síos in Airteagal 5(3) CFAE, toisc nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí a bhaint amach go leordhóthanach agus go mbainfeadh an seans ba mhó, i ndáil le baint amach na gcuspóirí atá beartaithe, le cur chuige coiteann do na Ballstáit uile.

Comhréireacht

Ní ghabhann na bearta atá beartaithe thar an méid is gá a dhéanamh chun a gcuspóirí a bhaint amach agus tá siad i gcomhréir dá bhrí sin le prionsabail na comhréireachta. Ní fhorordaítear leis an togra comhchuibhiú iomlán córas cánach corparáide ach leagtar amach leis rialacha comhchoiteanna chun ioncam inchánach grúpaí (móra) cuideachtaí san Aontas a chinneadh. Tá gá leis sin chun bheith in ann cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach agus tá na rialacha teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis.

Fanfaidh an ráta cánach agus na beartais forfheidhmiúcháin faoi fhreagracht iomlán na mBallstát. Maidir le raon feidhme na mbeart atá beartaithe, baineann sé leis an mbonn cánach amháin. Go sonrach, ní thabharfar rialacha isteach leis an togra ach amháin i gcás ina bhfuil gá leo chun a ligean do ghnólachtaí san Aontas a mbonn cánach ar fud an Aontais a ríomh bunaithe ar thacar amháin rialacha. Ciallaíonn sé sin go mbeidh bonn cánach nua BEFIT bunaithe go príomha ar rialacha cuntasaíochta airgeadais atá ann cheana, a bhfuil glactha leo faoi dhlí an Aontais cheana féin, i.e. prionsabail chuntasaíochta náisiúnta na mBallstát a bhfuil glactha leo go ginearálta (GAAP), nó na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS). Ní chomhchuibhítear leis an togra na rialacha maidir leis an mbonn cánach go ginearálta, ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis sin agus fágtar leis gur féidir coigeartuithe breise a dhéanamh tar éis bonn cánach BEFIT a leithdháileadh, ag brath ar riachtanais beartais náisiúnta.

Chun a áirithiú nach rachadh an tionscnamh thar a bhfuil gá leis, beidh na rialacha roghnach d’fhormhór na ngnólachtaí freisin, a d’fhéadfadh leanúint ar aghaidh ag cur na rialacha atá ann cheana sna Ballstáit i bhfeidhm. Tá an raon feidhme éigeantach teoranta d’fhothacar an Aontais de na grúpaí móra atá faoi raon feidhme Threoir Cholún 2 freisin, mura bhfuil ceanncheathrú ag grúpa mór lasmuigh den Aontas agus gníomhaíocht theoranta acu sa mhargadh inmheánach (tairseach ábharthachta). Glactar an cur chuige spriocdhírithe sin chun comhsheasmhacht agus comhleanúnachas san Aontas a áirithiú agus toisc go dtairbheodh na gnólachtaí sin, go háirithe, de na rialacha comhchoiteanna faoin Treoir sin. Is é is dóichí mar sin go mbeidh láithreacht láidir trasteorann acu agus tá na rialacha nua ailínithe a dhlúithe is féidir leis an gCur Chuige Décholúnach.

Dá gcuirfí rialacha BEFIT i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach maidir leis na grúpaí sin, d’áiritheofaí comhleanúnachas le Treoir Cholún 2. Leis sin beifear in ann leas a bhaint as idirghníomhaíochtaí agus na costais a bhaineann le cur chun feidhme a choinneáil íseal. Phléifí le bonn cánach BEFIT agus ráta cánach éifeachtach íosta Cholún 2 ar an leibhéal céanna, i.e. leibhéal ghrúpa an Aontais. Is féidir na próisis a ailíniú freisin; mar shampla, braitheann an dá cheann acu ar ráitis cuntasaíochta airgeadais mar thúsphointe agus ní mór do chuideachtaí na coigeartuithe cánach a bhaineann leis an Aontas ar fad a chur i bhfeidhm sa dá chás. Dá réir sin, céim chomhréireach chun tosaigh is ea seo chun ár rialacha cánach a shimpliú agus deimhneacht chánach san Aontas a fheabhsú.

Bheadh roinnt costas oiriúnúcháin agus roinnt ualach riaracháin ag an tús i gceist le tabhairt isteach creata nua cánach do ghnólachtaí san Aontas. Mar sin féin, meastar gur mhó an coigilteas costais comhlíontachta ná na costais oiriúnúcháin sin chomh maith le nósanna imeachta riaracháin simplithe agus san fhadtéarma, leithdháileadh feabhsaithe acmhainní ag gnólachtaí agus údaráis fhioscacha.

Dá dhroim sin, tá an tionscnamh seo i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 5(3) CFAE chomh maith, toisc nach dtéann a ábhar ná a fhoirm thar a bhfuil riachtanach agus tá sé ar cóimhéid leis na cuspóirí atá beartaithe.

An rogha ionstraime

Is togra le haghaidh Treorach é an togra, arb í an t‑aon ionstraim dlí atá ar fáil faoin mbunús dlí (Airteagal 115 CFAE).

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Bhí idir chomhairliúcháin phoiblí agus spriocdhírithe i gceist leis an straitéis comhairliúcháin do pháirtithe leasmhara le haghaidh an tionscnaimh seo. I gcás an chomhairliúcháin phoiblí, foilsíodh glao ar fhianaise 18 agus suirbhé ar líne an 13 Deireadh Fómhair 2022, agus bhí tréimhse chomhairliúcháin 12 sheachtain ar siúl go dtí an 26 Eanáir 2023. Ba é b’aidhm dó sin tuairimí páirtithe leasmhara a bhailiú maidir leis na príomhphrionsabail lena sainmhínítear gnéithe comhbhonn don cháin chorparáide san Aontas. Ar an bhforiomlán, fuair an comhairliúchán 123 ionchur, a bhí comhdhéanta de 46 ionchur aiseolais agus 77 bhfreagra ar an suirbhé comhairliúcháin phoiblí, ar aighneachtaí scríofa iad 29 gcinn díobh sin a bhí ceangailte le haiseolas nó a seoladh le ríomhphost. Maidir le 54 cinn de na 123 ionchur a fuarthas, ba chomhlachais gnólachtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna gnó ginearálta, comhairleoirí cánach, dlíodóirí, nó earnálacha sonracha gnó, amhail árachas, a chuir iad sin isteach. Áiríodh ar na freagróirí saoránaigh agus gnólachtaí móra agus beaga araon, chomh maith le hinstitúidí acadúla agus taighde, eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus ceardchumainn. Ní bhfuarthas aon ionchur ó údaráis náisiúnta.

Rinneadh gach ionchur a fuarthas a mheas sa mheasúnú tionchair. Féadtar tuarascáil achomair a fháil san iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair, agus d’fhoilsigh an Coimisiún ionchur páirtithe leasmhara agus tuarascáil achomair fhíorasach ar an leathanach comhairliúcháin. Sa tuarascáil achomhair fhíorasach tugtar forbhreathnú mionsonraithe ar phróifílí na bhfreagróirí agus ar an ionchur a fuarthas.

Reáchtáladh comhairliúcháin spriocdhírithe agus cruinnithe déthaobhacha freisin le páirtithe leasmhara ábhartha (cáiníocóirí corparáideacha ar dócha go dtiocfaidh siad faoi BEFIT, an lucht acadúil, na Ballstáit). Is féidir tiomsú na dtuarascálacha agallaimh ó chomhairliúcháin spriocdhírithe a fháil san iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair. Tugadh eolas do na Ballstáit i gcruinnithe le Meitheal IV de chuid an Choimisiúin (cánachas díreach) agus Meitheal Ardleibhéil na Comhairle (HLWP).

As na malartuithe sin uile agus as an ionchur a fuarthas ó na páirtithe leasmhara éagsúla, is féidir teacht ar an gconclúid, cé go bhfuil éagsúlacht tuairimí ann, go bhfuil comhaontú leathan ann maidir leis na fadhbanna atá ag eascairt as na difríochtaí idir na córais chánach náisiúnta agus an gá atá le gníomhaíocht san Aontas chun dul i ngleic leis an gcás deighilte agus neamhéifeachtúil.

Bhí siad níos scoilte ina gcuid tuairimí maidir leis na príomhghnéithe do chóras nua. Mar sin féin, áirítear sa togra na roghanna a raibh formhór fhreagróirí an chomhairliúcháin phoiblí ina bhfabhar, amhail raon feidhme hibrideach, an bonn cánach a ríomh agus a laghad coigeartuithe is féidir a dhéanamh do na cuntais airgeadais, faoiseamh caillteanais trasteorann a cheadú, agus simpliú le haghaidh oibleagáidí comhdúcháin. A mhéid a bhaineann le hidirbhearta le fiontair chomhlachaithe lasmuigh de ghrúpa BEFIT, beidh feidhm ag rialacha praghsála aistrithe fós, ach cuirtear chun cinn leis an togra tagarmharcanna le haghaidh creat measúnúcháin riosca simplithe. Ba é creat measúnúcháin riosca simplithe rogha fhormhór na bhfreagróirí.

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Bhraith an Coimisiún ar shaineolas a Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, a d’úsáid samhail CORTAX chun staidéar a dhéanamh ar thionchair fhéideartha an tionscnaimh. Is samhail um chothromaíocht ghinearálta samhail CORTAX a ceapadh chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí athchóirithe cánach corparáide i 27 mBallstát, ag úsáid sonraí mionsonraithe ó fhoinsí éagsúla.

Níor bhraith an Coimisiún ar shaineolas seachtrach agus an togra seo á ullmhú.

Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair chun an tionscnamh seo a ullmhú, chomh maith leis an togra le haghaidh Treoir maidir le Praghsáil Aistrithe. Cuireadh an dréacht‑tuarascáil ar an measúnú tionchair faoi bhráid Bhord um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB) an Choimisiúin an 26 Aibreán 2023 agus reáchtáladh cruinniú an 24 Bealtaine 2023. Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach 19 an 26 Bealtaine 2023 lenar ghabh forchoimeádais, inar moladh réimsí le haghaidh tuilleadh feabhais. Na príomhréimsí le feabhas a chur orthu: nasc níos soiléire a chruthú le tograí roimhe seo agus forbairtí cánach idirnáisiúnta atá ar bun, tuairisc níos mionsonraithe ar na meastacháin ar chostas comhlíontachta, míniú níos fearr ar na costais agus na tairbhí agus tuairisc níos soiléire ar na socruithe faireacháin.

Ullmhaíodh tuarascáil athbhreithnithe ar an measúnú tionchair inar tugadh aghaidh ar na forchoimeádais sin. Mar shampla, soiléiríodh na ceachtanna a foghlaimíodh ó thionscnaimh cánach corparáide roimhe seo agus cuireadh isteach na naisc le Cur Chuige Décholúnach ECFE. Rinneadh na meastacháin ar chostais chomhlíontachta a ardú a mhéid ab fhéidir bunaithe ar na sonraí atá ar fáil.

Fuarthas gur gá na tionscnaimh, a ndearnadh measúnú orthu sa tuarascáil, a fuair tuairim dhearfach le forchoimeádas ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála, a chur i láthair mar thograí ar leithligh. Mar gheall air sin, ní dhéantar measúnú sa tuarascáil sin ar an measúnú tionchair ach ar na tograí le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le BEFIT agus le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le Praghsáil Aistrithe.

Is éard atá sa tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo léiriú dílis ar an anailís ar BEFIT agus Praghsáil Aistrithe atá sa dréachtmheasúnú tionchair, a ndearnadh grinnscrúdú air, agus comhtháthaítear ann moltaí an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála ina leith sin.

Déantar measúnú sa tuarascáil ar an tionchar ar bhonn roinnt roghanna beartais. Maidir le raon feidhme BEFIT, cumhdaítear leis na roghanna iad siúd atá éigeantach, roghnach, agus hibrideach, i.e., éigeantach do ghrúpaí áirithe ach roghnach do ghrúpaí eile. Maidir le ríomh an bhoinn cánach, cumhdaítear leis na roghanna coigeartuithe teoranta ar na ráitis airgeadais agus tacar cuimsitheach rialacha cánach. Maidir le leithdháileadh an bhoinn cánach, cumhdaítear leis na roghanna foirmle gan sócmhainní doláimhsithe, foirmle lena n‑áirítear sócmhainní doláimhsithe agus modh leithdháilte idirthréimhsigh. Maidir le hidirbhearta le páirtithe gaolmhara lasmuigh de ghrúpa BEFIT, cumhdaítear leis na roghanna an status quo a choinneáil agus córas soilse tráchta a thabhairt isteach mar uirlis measúnúcháin riosca. Maidir le riarachán, cumhdaítear leis na roghanna ionad ilfhreastail cuimsitheach, ionad ilfhreastail teoranta agus ionad ilfhreastail hibrideach.

Chun measúnú a dhéanamh ar na roghanna sin, déantar scrúdú sa tuarascáil ar thrí ‘Leagan’ de BEFIT, i.e. trí chomhcheangal de na roghanna éagsúla. Toisc go gcuimseofar an measúnú ar roghanna praghsála aistrithe i dtogra ar leithligh, ní thabharfar achoimre air chun críoch na Treorach seo.

Leagan 1 – BEFIT ‘Cuimsitheach’:

Raon feidhme

Ríomh an Bhoinn Cánach

Leithdháileadh an Bhoinn Cánach

Measúnú Riosca ar Phraghsáil Aistrithe

Riarachán

Éigeantach do na grúpaí uile

Sraith chuimsitheach rialacha

Foirmle lena n‑áirítear sócmhainní doláimhsithe

Córas soilse tráchta

Ionad ilfhreastail cuimsitheach

Mholfaí sa leagan sin rialacha a bheadh éigeantach do na cáiníocóirí uile, agus bheadh an chéim is airde comhchuibhiúcháin ag baint leis chomh maith le cur i bhfeidhm láithreach. D’áiritheofaí leis an gcomhcheangal roghanna sin an raon feidhme is leithne is féidir agus, dá thoradh sin, an simpliú is fairsinge do ghnólachtaí san Aontas agus údaráis fhioscacha na mBallstát, toisc go dtiocfadh sé i gcomharbacht ar rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le cánachas grúpa san Aontas.

Leagan 2 – BEFIT ‘Éadrom’:

Raon feidhme

Ríomh an Bhoinn Cánach

Leithdháileadh an Bhoinn Cánach

Measúnú Riosca ar Phraghsáil Aistrithe

Riarachán

Roghnach do na grúpaí uile

Coigeartuithe cánach teoranta

Riail maidir le leithdháileadh idirthréimhseach

Na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a choimeád

Ionad ilfhreastail teoranta

Mholfaí leis an leagan sin rialacha a bheadh roghnach ar an mórgóir, leis an gcéim is ísle comhchuibhiúcháin agus bheadh sé pleanáilte go gcuirfí i bhfeidhm de réir a chéile é. Leis an gcomhcheangal roghanna seo bheadh roinnt athruithe ar an status quo i gceist, ach bheadh a raon feidhme siúd níos cúinge, ní bheadh siad a chuimsithí céanna, agus bheadh foráil ann maidir le cur i bhfeidhm de réir a chéile.

Leagan 3 – BEFIT ‘Ilchodach’:

Raon feidhme

Ríomh an Bhoinn Cánach

Leithdháileadh an Bhoinn Cánach

Measúnú Riosca ar Phraghsáil Aistrithe

Riarachán

Hibrideach

Coigeartuithe cánach teoranta

Riail maidir le leithdháileadh idirthréimhseach

Córas soilse tráchta

Ionad ilfhreastail hibrideach

Is ‘leagan idir eatarthu’ é seo ar tiomsú é d’eilimintí an chomhchuibhithe éigeantaigh agus an cur i bhfeidhm de réir a chéile. Le BEFIT ‘Ilchodach’ soláthraítear cur chuige hibrideach i ndáil lena chur i bhfeidhm agus raon feidhme. D’áiritheofaí leis rialacha comhchoiteanna agus éigeantacha a bheadh spriocdhírithe ar ghrúpaí móra ar dóichí go mbeadh struchtúir agus gníomhaíochtaí trasteorann acu agus bheadh coinne leis gurbh iadsan an grúpa ba mhó a thairbheodh den simpliú a thairgtear le BEFIT.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Is é is aidhm don togra ualaigh rialála a laghdú do na cáiníocóirí agus do na húdaráis fhioscacha. Is ualach ar ghnólachtaí iad costais comhlíontachta cánach agus rachaidh a laghdú go mór chun tairbhe dóibh le linn chur chun feidhme an tionscnaimh. Tá an laghdú measta ar chostais chomhlíontachta le fáil sa tuarascáil ar an measúnú tionchair.

Chun na cuspóirí a bhaint amach maidir le rialacha cánach a shimpliú agus fás agus infheistíocht a spreagadh, fad a áirithítear ioncaim chánacha chóra agus inbhuanaithe, ar bhealach comhréireach, is í an rogha beartais ab fhearr don tionscnamh raon feidhme hibrideach do ghnólachtaí trasteorann san Aontas. Maidir le gnólachtaí san Aontas, seachas fothacar an Aontais de na grúpaí is mó, atá faoi raon feidhme Threoir Cholún 2 freisin, tá siad díolmhaithe ó raon feidhme éigeantach an tionscnaimh. Maidir leis na grúpaí is mó, beidh rialacha BEFIT éigeantach, chun comhsheasmhacht agus comhleanúnachas a áirithiú. Beidh an rogha ag grúpaí eile atá faoin tairseach, lena n‑áirítear grúpaí FBManna, rialacha BEFIT a chur i bhfeidhm, ag brath ar struchtúr a ngnólachtaí. Ba cheart a áirithiú leis an raon feidhme deonach go laghdófar leis an togra ualaigh rialála go héifeachtach. Is dócha go roghnóidh gnólachtaí a bheith páirteach nuair is féidir leo tairbhiú den simpliú a thugtar leis na rialacha. Mura roghnóidh, is féidir leo leanúint de chur i bhfeidhm na rialacha atá ann cheana. Ar an mbealach sin, áirithítear le raon feidhme an togra go gcoinnítear costais chomhlíontachta FBManna íseal. Ar deireadh, toisc gurb é is príomhaidhm don togra aghaidh a thabhairt ar riachtanais gnólachtaí trasteorann a bhfuil bunaíocht inchánach acu i mbreis agus Ballstát amháin, beidh roinnt mhaith micrifhiontar lasmuigh den raon feidhme, go bunúsach.

Ba cheart go dtairbheoidh údaráis fhioscacha den laghdú a bhfuil coinne leis ar shaincheisteanna praghsála aistrithe, toisc go laghdófar an gá le measúnuithe críochnúla ar chomhsheasmhacht le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách i gcás idirbhearta inghrúpa faoi rialacha BEFIT. Tar éis na hidirthréimhse, d’fhéadfaí nach mbeadh gá ann le hidirbheart inghrúpa den sórt sin a phraghsáil i gcomhréir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách chun críoch cánach. Ba cheart go mbeadh líon laghdaithe díospóidí ann a mhéid a ligfidh bunú fhoirne BEFIT d’údaráis fhioscacha leibhéal deimhneachta luaithe a chomhaontú agus fadhbanna a eascróidh a réiteach ar bhealach níos éifeachtúla trí chomhairliúchán agus comhordúchán.

Cearta bunúsacha

Níl coinne leis go mbeidh éifeacht shuntasach i gceist ar chearta bunúsacha agus tá na bearta atá beartaithe comhoiriúnach do na cearta, saoirsí agus prionsabail i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. 20 Trí chothroime iomaíochta a bhaint amach do chách, bacainní trasteorann a bhaint, agus níos mó deimhneacht chánach a sholáthar, cuirfidh an togra leis an iarracht chun aon idirdhealú nó srian gan údar ar na saoirsí a bhaineann le gnó a dhéanamh a chosc.

Na cearta cosanta sonraí a chumhdaítear leis an gCairt agus leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) 21 , déantar iad a choimirciú. Ní fhéadfaidh údaráis fhioscacha sonraí pearsanta, e.g., faisnéis maidir le leasanna úinéireachta i ngrúpa BEFIT, a phróiseáil ach amháin chun Caibidil IV a chur i bhfeidhm chomh maith le scrúdú a dhéanamh agus comhaontú a bhaint amach maidir le comhthéacs thuairisceán faisnéise BEFIT agus tuairisceáin chánach aonair a phróiseáil agus measúnú a dhéanamh orthu faoi Chaibidil V. Ní fhéadfaidh sonraí pearsanta a tharchur ach amháin idir údaráis fhioscacha atá páirteach i riar ghrúpa BEFIT faoi leith. Beidh an méid sonraí pearsanta a tharchuirfear teoranta don mhéid atá riachtanach chun comhlíontacht a áirithiú agus calaois chánach, imghabháil cánach, nó seachaint cánach a bhrath, i gcomhréir le ceanglais RGCS. Ní choinneofar sonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na críche sin ach in aon chás, ní choinneofar iad ar feadh tréimhse is faide ná 10 bliana.

Tionchair eile

Níl aon tionchar suntasach eile ann. Baineann an togra le grúpaí cuideachtaí sna hearnálacha uile atá faoi réir cáin chorparáide i mBallstát. Ní dhéantar difear leis an togra do bhealach a dhéantar gnó faoi láthair agus níl coinne leis go mbeidh tionchar díreach aige ar chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ná reachtaíocht chomhshaoil na hEorpa. Go hindíreach, d’fhéadfaí a mheas go bhféadfadh cuideachtaí na hacmhainní nach mbeidh costais comhlíontachta cánach ag baint leo a úsáid chun infheistíocht a dhéanamh i modhanna táirgthe níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de más mian leis na cuideachtaí déanamh amhlaidh.

Seasann an togra leis na prionsabail ‘digiteach mar réamhshocrú’ agus cuidíonn sé leis an modh Eorpach do shochaí agus do gheilleagar digiteach a bhaint amach.

Is iad Sprioc 8 (Obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch) agus Sprioc 9 (Tionscal, nuálaíocht agus bonneagar) mar a chuirtear i láthair iad in Iarscríbhinn 3 den mheasúnú tionchair na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a dtugtar aghaidh orthu go páirteach sa togra.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Bainfidh impleachtaí buiséadacha, a bheidh nasctha le huirlis chomhair BEFIT, don Choimisiún leis an togra. Beidh ar údaráis fhioscacha comhordú dlúth a dhéanamh agus uirlisí cumarsáide a úsáid d’fhoirne BEFIT faoin tionscnamh seo. Chun oibriú agus cumarsáid fhoirne BEFIT a éascú, beidh ar an gCoimisiún na socruithe praiticiúla is gá a ghlacadh, lena n‑áirítear bearta chun cumarsáid na faisnéise idir comhaltaí fhoirne BEFIT a chaighdeánú trí úsáid a bhaint as uirlis chomhair BEFIT. Beidh an Coimisiún freagrach as forbairt na huirlise sin (costas aonuaire), chomh maith lena hóstáil, bainistíocht ábhair, criptiú, agus a cothabháil bhliantúil. Meastar go mbeidh costais aonuaire thart ar EUR 300 000 ag gabháil le huirlis chomhair BEFIT den sórt sin (don chéad bhliain) agus thart ar EUR 600 000 ar bhonn bliantúil as oibriú uirlis chomhair BEFIT. Maoineofar na costais sin ón gclúdach airgeadais a bhfuil foráil ann dó don chlár Fiscalis. Tá sonraí le fáil sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach, is gá am leordhóthanach agus an cúnamh uile is gá a thabhairt do na Ballstáit, chun rialacha an Aontais a chur chun feidhme go cuí. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm na Treorach 5 bliana tar éis di teacht i bhfeidhm agus tuairisceoidh sé don Chomhairle maidir lena hoibriú. Ba cheart do na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún agus ba cheart dóibh freisin aon fhaisnéis ábhartha atá acu a fhéadfaidh an Coimisiún a éileamh chun críoch meastóireachta a sholáthar.

Anuas ar mheastóireacht, déanfar faireachán tráthrialta leanúnach ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an tionscnaimh ag úsáid na dtáscairí réamhshainithe seo a leanas: cur chun feidhme agus costais tosaigh oibriú BEFIT; an líon grúpaí cuideachtaí faoi raon feidhme éigeantach an togra, chomh maith leis an líon cuideachtaí a bhfuil an rogha déanta acu a bheith páirteach; éabhlóid na gcostas comhlíontachta; agus an líon díospóidí maidir le cánachas dúbailte. Leagtar é sin amach ar bhonn níos mionsonraithe sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Bunaítear leis an togra tacar comhchoiteann rialacha chun bonn cánach cuideachtaí, atá mar chuid de ghrúpa a ullmhaíonn ráitis airgeadais chomhdhlúite agus atá faoi réir cánachas corparáideach i mBallstát, a chinneadh.

Is iad seo a leanas na príomhghnéithe de na tograí:

Raon feidhme hibrideach le haghaidh cur i bhfeidhm éigeantach agus roghnach

Faoi fhorálacha ginearálta Chaibidil I, sainmhínítear leis an togra raon feidhme le haghaidh chur i bhfeidhm na rialacha faoin Treoir seo. Sa raon feidhme éigeantach tá na grúpaí céanna atá i gColún 2 (i.e., grúpaí ag a bhfuil EUR 750 milliún ar a laghad in ioncaim bhliantúla chomhcheangailte) ach tá sé teoranta d’fhothacar an Aontais d’eintitis a chomhlíonann an tairseach úinéireachta 75 % (Airteagail 5-6). Maidir le grúpaí a bhfuil a gceanncheathrú i dtríú tíortha, beidh ar a bhfothacar Aontais EUR 50 milliún ar a laghad in ioncaim bhliantúla chomhcheangailte a bhailiú in dhá cheann de na 4 bliana fhioscacha go díreach roimh an mbliain fhioscach inar thosaigh an grúpa ag cur na Treorach seo i bhfeidhm agus beidh air sin a bheith cothrom le 5 % ar a laghad de na hioncaim iomlána den ghrúpa (Airteagal 2, mír 4). Áirithítear leis an tairseach ábharthachta sin go bhfuil ceanglais an togra i gcomhréir leis na tairbhí a ghabhann leis.

Rinneadh an rogha chun an raon feidhme éigeantach a ailíniú le Colún 2 agus é ar eolas go gcuireann na cáiníocóirí sin roinnt gnéithe ábhartha chun feidhme cheana féin mar chuid de Threoir Cholún 2, mar shampla i ndáil le ríomh an toraidh inchánach. Dá réir sin, baintear cothromaíocht amach idir baint amach na n‑athruithe a bhfuil gá leo ar bhealach comhsheasmhach ar thaobh amháin, agus an córas a choimeád simplí, ar an taobh eile.

Is féidir le grúpaí níos lú roghnú a bheith páirteach freisin más mian leo, ar choinníoll go n‑ullmhaíonn siad ráitis airgeadais chomhdhlúite. Bheadh an raon feidhme deonach sin ina ábhar spéise do ghrúpaí níos lú a oibríonn thar theorainneacha, toisc go bhfuil níos lú acmhainní acu chun iad a dhíriú ar chomhlíonadh córas cánach corparáide náisiúnta iomadúil.

Nuair a chuireann grúpa rialacha na Treorach seo i bhfeidhm nó nuair a roghnaíonn siad rialacha na Treorach seo a chur i bhfeidhm, beidh feidhm ag an gcreat maidir le ‘grúpa BEFIT’ iomlán, i.e., fothacar na gcuideachtaí uile a bhfuil cónaí orthu san Aontas chun críoch cánach agus buanbhunaíochtaí, atá suite san Aontas, den ghrúpa a chomhlíonann an tairseach úinéireachta de 75 %, darb ainm ‘comhaltaí de ghrúpa BEFIT’. Tá an raon feidhme laistigh de na heintitis sin.

Ní eisiatar leis an togra aon earnáil óna raon feidhme. Saintréithe earnáil‑sonracha, léirítear iad sna codanna ábhartha den togra. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás iompar idirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí eastóscacha. Is minic a bhíonn ioncam loingseoireachta faoi réir córas cánach speisialta atá saincheaptha d’fhíorais na hearnála sin, mar shampla. Cuirtear é sin in iúl sa togra agus gearrtar amach ann ioncam loingseoireachta a chumhdaítear le córas cánach tonnáiste ó bhonn cánach BEFIT.

Ríomh réamhthoradh cánach gach comhalta de ghrúpa BEFIT ag úsáid modh simplithe

Áirítear i gCaibidil II na rialacha chun réamhthoradh cánach gach comhalta de ghrúpa BEFIT a chinneadh. Déantar é sin trí bhíthin coigeartuithe Ranna 2 agus 3 agus rialacha Roinn 4 maidir le saincheisteanna uainiúcháin agus cainníochtúcháin a chur i bhfeidhm maidir leis an nglanioncam nó an glanchaillteanas mar a luaitear sna cuntais airgeadais.

Amhail Colún 2, is é an túsphointe an toradh cuntasaíochta ó na cuntais airgeadais, nach mór a chinneadh faoi chaighdeán cuntasaíochta aonair amháin do ghrúpa BEFIT. Chun na críche sin, ní mór cuntais airgeadais gach comhalta de ghrúpa BEFIT a réiteach le caighdeán cuntasaíochta an mháthaireintitis deiridh, nó i gcás ina bhfuil ceanncheathrú an ghrúpa lasmuigh den Aontas, caighdeán cuntasaíochta an eintitis is comhdaitheoir. Ní mór a bheith glactha leis an gcaighdeán cuntasaíochta faoi dhlí an Aontais Eorpaigh, rud a chiallaíonn nach mór na prionsabail chuntasaíochta náisiúnta a bhfuil glactha leo go ginearálta i gceann de na Ballstáit nó na caighdeáin idirnáisiúnta um thuairisciú airgeadais (IFRS), mar a leagtar amach in Airteagal 7, a úsáid go bunúsach.

Ó thaobh an tsimplithe de, déantar a laghad coigeartuithe is gá, in ionad creat cánach corparáide mionsonraithe a chur le chéile. Dá bhrí sin, áirítear le BEFIT níos lú coigeartuithe ná mar atá i gColún 2, lena mbaineann feidhm dhifriúil, is é sin an t‑ioncam cáilitheach is iomchuí a ríomh don leibhéal cánach atá dlite.

Liostaítear coigeartuithe BEFIT faoi Roinn 2. Áirítear na míreanna seo a leanas, i.e. cuirtear isteach arís iad i gcás inar baineadh iad nó nár taifeadadh cheana iad sna ráitis cuntasaíochta airgeadais: sócmhainní airgeadais arna sealbhú lena dtrádáil (Airteagal 11), costais iasachtaíochta a íoctar le páirtithe lasmuigh de ghrúpa BEFIT atá níos mó ná riail ATAD maidir le teorannú úis (Airteagal 13), coigeartuithe ar luach cóir agus gnóthachain chaipitiúla a fhaigheann gnóthais árachais saoil i gcomhthéacs conarthaí aonadnasctha/innéacsnasctha (Airteagal 14), fíneálacha, pionóis agus íocaíochtaí neamhdhleathacha amhail breabanna (Airteagal 16), agus cánacha corparáide a íocadh cheana nó cánacha breisiúcháin a bhaineann le cur i bhfeidhm Cholún 2 (Airteagal 17).

Eisiatar na míreanna seo a leanas, i.e. baintear iad ón nglanioncam airgeadais nó ón nglanchaillteanas airgeadais má bhí siad sna cuntais airgeadais: díbhinní agus gnóthachain chaipitiúla nó caillteanais chaipitiúla ar scaireanna nó leasanna úinéireachta, i gcás úinéireacht shuntasach agus mura sealbhaítear iad lena dtrádáil nó mura bhfuil siad i seilbh gnóthais árachais saoil (Airteagail 8-11 agus Airteagal 14), an brabús nó caillteanais ó bhuanbhunaíochtaí (Airteagal 12), ioncam loingseoireachta faoi réir córas cánach tonnáiste (Airteagal 15), faoiseamh tar‑rollta le haghaidh gnóthachain ar shócmhainní a gcuirtear cinn nua ina n‑ionad (Airteagal 18), costais éadála, foirgníochta agus feabhsúcháin sócmhainní in‑dímheasa, mar go mbeidh na costais sin mar chuid den bhonn dímheasa cheana féin, chomh maith le fóirdheontais atá nasctha go díreach leis sin, toisc nár cheart d’fhóirdheontais a bheith sa bhonn dímheasa ná sa bhonn cánach (Airteagal 19), gnóthachain neamhréadaithe nó caillteanais neamhréadaithe ó luaineachtaí malairte airgeadra ar shócmhainní seasta (Airteagal 20). Eisiatar leis an riail in Airteagal 21 freisin aon mhéid a bhaineann leis na coigeartuithe iar‑leithdháilte a liostaítear in Airteagal 48 (a mhínítear thíos). Dá dhroim sin, níl na míreanna sin mar chuid den réamhthoradh cánach, lena gcoisctear riosca go gcuirfí san áireamh faoi dhó iad.

Anuas air sin, cuimsítear i Roinn 3 tacar coiteann rialacha maidir le dímheas cánach. Is coigeartú tábhachtach é sin chun críoch cánach, ach tá an togra níos gaire do chuntasaíocht airgeadais ná rialacha náisiúnta maidir le dímheas cánach. Clárófar sócmhainní inláimhsithe seasta dar luach faoi bhun EUR 5 000 mar chaiteachas láithreach. Dímheastar sócmhainní eile de réir méid chothroim i gcónaí, i.e. dáiltear iad go cothrom i gcaitheamh thréimhse na sócmhainne. I bprionsabal, comhfhreagróidh an fad don tsaolré ionchais sna cuntais airgeadais. Maidir le maoin dhochorraithe, lena n‑áirítear foirgnimh tionscail, socraítear an fad ar 28 mbliana mar riail ghinearálta, áfach. Maidir le sócmhainní doláimhsithe seasta, comhfhreagróidh sé sin le fad na cosanta dlíthiúla, e.g. cearta maoine intleachtúla, nó murab amhlaidh an cás, 5 bliana. Dímheastar cáilmheas má fhaightear é freisin agus má tá sé sna cuntais airgeadais, dá réir.

Faoi Roinn 4, tugann an togra aghaidh ar shaincheisteanna uainiúcháin agus cainníochtúcháin a bhfuil gá leo chun críoch cánach chun mí‑úsáid a sheachaint. Ba cheart na difríochtaí idir costas stoc agus obair idir lámha, mar shampla, a thomhas go comhsheasmhach ag úsáid mhodh an ceann is túisce isteach, is túisce amach nó modh an mheánchostais ualaithe (Airteagal 29). Eisiatar soláthairtí mura bhfuil gá dlíthiúil leo nó mura féidir iad a mheas go hiontaofa (Airteagal 30). Ní féidir drochfhiacha a bhaint ach amháin má glacadh na céimeanna réasúnacha uile chun íocaíocht a fháil ón bhféichiúnaí nó más féidir an méid a chaillfear a mheas go hiontaofa, agus ní féidir iad a bhaint riamh más fiontar comhlachaithe an féichiúnaí (Airteagal 31). Áirítear ioncaim agus costais ó chonarthaí fadtéarmacha sa bhliain inar fabhraíodh nó inar tabhaíodh iad agus sa bhliain sin amháin (Airteagal 32). Ní mór go mbeadh cóireáil na n‑ionstraimí fálaithe ag teacht le cóireáil cánach na míre fálaithe (Airteagal 33).

Ar deireadh, faoi Roinn 5, áirítear sa togra rialacha a bhfuil gá leo maidir le heintitis a théann isteach i ngrúpa BEFIT nó a fhágann grúpa BEFIT. Mar shampla, níor cheart caillteanais a tabhaíodh sula ndeachaigh an comhalta nua isteach i ngrúpa BEFIT a áireamh ar chostas bonn cánach Ballstát eile ina bhfuil comhaltaí ó ghrúpa BEFIT. Ba cheart na caillteanais sin a fhritháireamh in aghaidh na scaire leithdháilte, i ndiaidh comhiomlánú agus leithdháileadh (Airteagal 38 in éineacht le 48, mír 1, pointe (a)). Pléann na rialacha le hatheagrú gnólachta, chun a shoiléiriú, mar shampla, go bhfuil tosaíocht ag an Treoir maidir le Cumaisc (Airteagal 40). Tá riail fhrith‑mhí‑úsáide ann freisin chun a áirithiú go n‑áirítear gnóthachain chaipitiúla ar shócmhainní sa réamhthoradh cánach nuair a aistrítear na sócmhainní laistigh den ghrúpa, gan impleachtaí cánach, chuig comhalta grúpa agus a dhíoltar lasmuigh den ghrúpa ina dhiaidh sin. Sa chás sin thairbheofaí de dhíolúine ó cháin le haghaidh diúscairt scaireanna de ghnáth ach níor cheart é sin a cheadú, mura féidir údar a thabhairt leis ó thaobh na tráchtála de (Airteagal 41).

Comhiomlánú na réamhthorthaí cánach i mbonn cánach amháin agus leithdháileadh an bhoinn cánach chomhiomlánaithe sin ar chomhaltaí incháilithe de ghrúpa BEFIT 

I gCaibidil III tá na rialacha maidir le comhiomlánú agus leithdháileadh an bhoinn cánach. I dtús báire, comhiomlánaítear réamhthorthaí cánach chomhaltaí uile ghrúpa BEFIT i ‘sindeacáit’ amháin ar leibhéal ghrúpa an Aontais, arb é ‘bonn cánach BEFIT’ é. Tugtar tuairisc air sin in Airteagail 42-44 agus tá roinnt buntáistí tábhachtacha ann:

·Faoiseamh caillteanais trasteorann: leis sin ligfear do ghrúpaí caillteanais a fhritháireamh thar theorainneacha. Sa lá atá inniu ann, is annamh is féidir é sin a dhéanamh, rud lenar féidir go mbeadh róchánachas ar bhrabús an ghrúpa i gceist agus oibriú gnólachtaí thar theorainneacha sa mhargadh inmheánach a dhídhreasú, agus;

·Comhlíontacht i ndáil le praghsáil aistrithe a éascú: le linn na hidirthréimhse, beidh toradh na nidirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT ina fhachtóir lena gcinnfear conas a leithdháilfear bonn cánach (comhiomlánaithe) BEFIT a leithdháileadh ar chomhaltaí de ghrúpa BEFIT. De thoradh thábhacht na praghsála i ndáil le hidirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT, coinneofar an ceanglas maidir lena gcomhréireacht i ndáil le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách ach, an tráth céanna, tairbheoidh comhaltaí de ghrúpa BEFIT de dheimhneacht cánach mhéadaithe (crios compoird) más rud é, de thoradh a nidirbheart laistigh de ghrúpa BEFIT, go bhfanann a speansais nó ioncam laistigh den teorainn, is é sin méadú atá níos lú ná 10 % i gcomparáid le meán na 3 bliana fhioscacha roimhe sin. Leis an gcóras sin, fágtar go bhfuil leibhéal deimhneachta ann agus réitítear an bealach chun nach mbeadh gá le praghsáil na nidirbheart laistigh de ghrúpa BEFIT i gcomhréir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách dá gcomhaontófaí foirmle a bheadh bunaithe ar fhachtóirí mar bhealach buan chun bonn cánach BEFIT a leithdháileadh.

·Ní ghearrfar aon cháin shiarchoinneálach ar idirbhearta amhail íocaíochtaí úis ná ríchíosa laistigh de ghrúpa BEFIT, a fhad is comhalta de ghrúpa BEFIT é úinéir tairbhiúil na híocaíochta. Laistigh de ghrúpa BEFIT, ní gá, i bprionsabal, cáin a ghearradh ar na hidirbhearta sin go haonarach toisc go náireofar iad i mbonn cánach comhiomlánaithe BEFIT ach tá sé criticiúil a áirithiú freisin nach núsáidtear íocaíochtaí den sórt sin chun brabúis a aistriú amach as an ngrúpa ar cháin íseal. Is é sin an fáth go gcoinneoidh údaráis náisiúnta inniúla an ceart chun athbhreithniú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an faighteoir ina úinéir tairbhiúil.

dhá eisceacht ag gabháil leis an gcomhiomlánú, áfach. Dealaítear ioncam agus caillteanais a bhaineann le gníomhaíochtaí eastóscacha ó bhonn cánach BEFIT, toisc go leithdháiltear iad i gcónaí ar a ndlínse tionscnaimh. An réasúnaíocht atá ann, i gcomhréir le Cur Chuige Décholúnach Chreat Chuimsitheach ECFE/G20, ná gur cheart cánachas na ngníomhaíochtaí sin a bheith bunaithe ar an tionscnamh, i.e. áit an eastósctha (Airteagal 46). Ní leithdháiltear ioncaim ná speansais a bhaineann le loingseoireacht nach gcumhdaítear le córas cánach tonnáiste ná ioncaim ná costas a bhaineann le haeriompar ach oiread. I gcomhréir leis an gcur chuige in Airteagal 8 de shamhailchoinbhinsiún cánach ECFE, ní ghearrtar cáin ar ghníomhaíochtaí den sórt sin ach amháin sa Stát ina bhfuil an chuideachta a oibríonn na longa nó na haerárthaí suite (Airteagal 47).

Ina dhiaidh sin, leithdháilfear an bonn cánach comhiomlánaithe ar chomhaltaí gach grúpa BEFIT bunaithe ar riail maidir le leithdháileadh idirthréimhseach, lena n‑úsáidtear céatadán gach comhalta de ghrúpa BEFIT den bhonn cánach comhlánaithe arna ríomh mar mheán na dtorthaí inchánach sna 3 bliana fhioscacha roimhe sin. D’fhéadfadh sé sin an bealach a réiteach le haghaidh modh leithdháilte buan a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar chionroinnt de réir foirmle. Togra lena leagfaí síos réiteach idirthréimhseach, beidh sé de bhuntáiste aige sonraí is déanaí maidir le tuairisciú de réir tíre (CbCR) agus an fhaisnéis arna bailiú ón gcéad bhliain de chur i bhfeidhm BEFIT a úsáid i gceapadh modha leithdháilte bhuain. Fágfar leis go mbeifear in ann measúnú níos críochnúla a dhéanamh ar an tionchar, a bhfuil coinne leis, a bheidh ag cur chun feidhme Chur Chuige Décholúnach Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 ar bhoinn chánach náisiúnta agus BEFIT.

Leis an togra freastalaítear ar chórais chánach atá bunaithe ar dháileadh agus óna thaobh sin, déantar foráil leis maidir leis an gcoigeartú a bhfuil gá leis agus dá bharr a mbeidh a gcuideachtaí in ann a bheith páirteach i ngrúpa BEFIT. Sa chás sin, ní ghearrtar cáin ar ioncam corparáide ar bhonn bliantúil, gearrtar í ar dháileadh na mbrabús. Dá réir sin, thabharfaí an chuid leithdháilte den bhonn cánach comhiomlánaithe ar aghaidh gach bliain i gcoibhneas leis an ioncam nár leithdháileadh an bhliain sin (Airteagal 49).

Ar deireadh, beidh cuid ag gach comhalta de ghrúpa BEFIT tar éis an leithdháilte. Beidh ar an gcomhalta den ghrúpa coigeartuithe breise a chur i bhfeidhm ar an gcuid sin ina mheasúnú cánach (Airteagal 48, mír 1). Áirítear ar na coigeartuithe sin ceartúcháin theicniúla, den chuid is mó, a bhfuil gá leo le haghaidh chomhleanúnachas an chórais. Mar shampla, níor cheart roinnt míreanna a áireamh sa réamhthoradh cánach, chun a sheachaint nach roinnfí i measc na mBallstát uile iad, ach ba cheart cuntas a dhéanamh ar na míreanna sin fós (e.g. caillteanais roimh BEFIT). Maidir le méideanna eile, amhail bronntanais, tabhartais agus soláthar do phinsin, braitheann siad sin go mór ar cheanglais an dlí náisiúnta agus is siad is iomchuí dá bhrí sin i ndáil leis an gcuid leithdháilte.

Chun a áirithiú go bhfuil na Ballstáit go hiomlán inniúil i ndáil lena mbeartais ráta cánach, beidh an tsaoirse ag na Ballstáit aon asbhaint, dreasacht chánach, nó méadú ar an mbonn a chur i bhfeidhm maidir lena gcodanna leithdháilte, gan srian, rud atá tábhachtach (Airteagal 48, mír 2). Is iad rialacha Threoir Cholún 2 maidir le leibhéal íosta éifeachtach domhanda cánachais an t‑aon cheanglas a mbeidh ar na Ballstáit é a urramú i ndáil leis sin.

‘Córas soilse tráchta’ chun comhlíontacht i ndáil le praghsáil aistrithe le fiontair chomhlachaithe lasmuigh de ghrúpa BEFIT a éascú

I ndáil le hidirbhearta le fiontair chomhlachaithe lasmuigh de ghrúpa BEFIT, i.e. eintitis den ghrúpa nach bhfuil san Aontas nó nach gcomhlíonann an tairseach úinéireachta 75 %, is é is aidhm do Chaibidil IV comhlíontacht a éascú trí bhíthin uirlis measúnúcháin riosca a sholáthar (‘córas soilse tráchta’) lena ngabhfaidh tagarmharcanna.

Díríonn an ghné sin de BEFIT ar chomhlíontacht i ndáil le praghsáil aistrithe a shimpliú agus ní chuireann sé isteach ar na rialacha substainteacha lena gcinntear cé acu a cuireadh praghas ar neamhthuilleamaí ar idirbheart áirithe nó nár cuireadh. Anuas air sin, tá a raon feidhme ábhartha teoranta do ghníomhaíochtaí ísealriosca, gníomhaíochtaí nach mbíonn mórán rogha ag baint lena bpraghsáil de ghnáth, toisc nach mbíonn brabúis iarmharacha arda ann dá dtoradh. Is idirdhealú soiléir é seo ón Treoir maidir le praghsáil aistrithe, a bhaineann leis na rialacha substainteacha agus gabhann raon feidhme níos leithne léir, lenar féidir réimse iomlán topaicí praghsála aistrithe a chumhdach, agus tá feidhm ar leithligh inti freisin. Dá réir sin, leis an Treoir maidir le praghsáil aistrithe, tacaítear le treoirlínte ECFE maidir le praghsáil aistrithe agus is céim aistir í do na Ballstáit chun gur féidir cur chuige coiteann a chomhaontú i ndáil le téamaí sonracha a bhaineann le praghsáil aistrithe, go háirithe iad siúd ina raibh an cleachtas riaracháin éagsúil ar fud an Aontais go dtí seo.

Beidh feidhm ag an gcóras soilse tráchta maidir le gníomhaíochtaí ísealriosca a shainmhínítear in Airteagal 50: (i) gníomhaíochtaí dáileacháin ag dáileoirí ísealriosca, agus (ii) gníomhaíochtaí monaraíochta ag monaróirí conarthacha. Chun bheith incháilithe, ní mór do dháileoir modh iontaofa leataobhach bunaithe ar Threoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe a úsáid, agus in aon chás, ní féidir leo a bheith cáilithe má tá cearta maoine intleachtúla acu nó roinnt de na rioscaí a bhaineann leis na táirgí. Is amhlaidh atá mar is minic nach mbíonn idirbhearta inchomparáide ag gabháil le sócmhainní doláimhsithe agus rioscaí.

I gcás na ngníomhaíochtaí sin, moltar sa togra go n‑úsáidfí ‘Tagarmharcanna Poiblí’ ar marcóirí brabúis iad a shocrófar ar leibhéal an Aontais le cabhair ó ghrúpa saineolaithe (Airteagal 53). Ar bhonn oibríochtúil, má tá feidhmíocht bhrabúis dáileora ísealriosca nó monaróra chonarthaigh íseal i gcomparáid leis na meánraonta sa tagarmharc sin, déanfar measúnú ar a idirbhearta mar idirbhearta ‘ardriosca’ agus vice versa. Ar an mbealach sin, d’fhéadfadh na hidirbhearta teacht faoi réim trí chrios riosca (íseal/meán/ard). Bheadh ar údaráis fhioscacha na mBallstát a gcuid iarrachtaí a dhíriú ar na criosanna ardriosca (Airteagal 51). Tagraítear dó, dá réir sin, mar ‘chóras soilse tráchta’.

Dá bhrí sin, mar gheall ar an uirlis beidh na Ballstáit a gcuid acmhainní a úsáid ar bhonn níos éifeachtúla agus tabharfar leis leibhéal níos airde intuarthachta do ghnólachtaí i ndáil le hinghlacthacht a bpraghsanna aistrithe ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad corrlaigh réamhshocraithe.

Riar an chórais: ‘Ionad Ilfhreastail’ agus ‘foireann BEFIT’

Tugtar cuntas ar riar an chórais i gCaibidil V. Éilítear creat riaracháin comhchoiteann leis na rialacha substainteacha comhchoiteanna freisin. Leis sin beifear in ann na córais atá ann faoi láthair a shimpliú tuilleadh agus ba cheart go mbeidh fáil ar thuilleadh acmhainní d’údaráis agus do ghnólachtaí de réir a chéile.

Le hionad ilfhreastail cuirfear ar chumas gnólachtaí a bheith ag plé le húdarás aonair amháin san Aontas i ndáil le hoibleagáidí comhdúcháin, i gcás inar féidir. Maidir leis an ‘eintiteas is comhdaitheoir’, arb é an máthaireintiteas deiridh é i bprionsabal, comhdóidh sé tuairisceán faisnéise amháin do ghrúpa BEFIT iomlán (‘Tuairisceán Faisnéise BEFIT’) lena údarás fioscach féin amháin (an ‘t‑údarás comhdaithe’), a roinnfidh é sin leis na Ballstáit eile ina n‑oibríonn an grúpa (Airteagal 57). Comhdóidh gach comhalta de ghrúpa BEFIT tuairisceán cánach aonair lena údarás fioscach áitiúil féin freisin chun go mbeifear in ann coigeartuithe a shocraítear laistigh den tír sin a chur i bhfeidhm maidir lena chuid leithdháilte (Airteagal 62). In éineacht le Tuairisceán Faisnéise BEFIT, cuirfear ar a chumas do gach údarás fioscach measúnú a dhéanamh ar dhliteanais chánach chomhaltaí a ghrúpa BEFIT a éifeachtúla is féidir (Airteagal 64).

Le haghaidh gach grúpa BEFIT beidh ‘Foireann BEFIT’, mar a thabharfar air, lena gcruinneofar le chéile ionadaithe de gach údarás fioscach ábhartha ó na Ballstáit ina n‑oibríonn an grúpa (Airteagal 60). In ionad cás ina mbeadh gach Ballstát ar leithligh ag díriú acmhainní daonna ar mheasúnú a dhéanamh ar dhliteanais chánach an ghrúpa trasteorann chéanna, roinnfidh comhaltaí gach ceann d’Fhoirne BEFIT faisnéis, beidh siad ag comhordú, agus soláthróidh siad leibhéal deimhneachta luaithe maidir le topaicí sonracha agus réiteoidh siad saincheisteanna trí uirlis chomhair ar líne (Airteagal 61).

Déanfar iniúchtaí ar leibhéal na mBallstát fós agus beidh Ballstáit in ann iniúchtaí comhpháirteacha a iarraidh agus oibleagáid a chruthú chun go mbeidh ar an taobh eile glacadh léi. Tar éis thoradh an iniúchta, éascóidh foireann BEFIT na ceartúcháin freisin (Airteagal 65).

Áirithítear leis an togra freisin go bhféadfaidh achomhairc in aghaidh ábhar thuairisceán faisnéise BEFIT a thabhairt os comhair comhlacht riaracháin i mBallstát an ‘údaráis comhdaithe’. Ar an gcaoi chéanna, féadfar achomhairc in aghaidh na measúnuithe cánach aonair a thabhairt os comhair chomhlacht riaracháin an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT chun críoch cánach. I gcás ina ndéanann an t‑achomharc sin difear do bhonn cánach BEFIT, is féidir na coigeartuithe a bhfuil gá leo a dhéanamh ar fud an ghrúpa trí phróiseas comhardaithe arna bhunú ag ‘Foirne BEFIT’ (Airteagail 66-70).

2023/0321 (CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 115 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 22 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 23 ,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Níl aon chur chuige coiteann laistigh den Aontas faoi láthair maidir le ríomh an bhoinn cánach do ghnólachtaí. Dá bhrí sin, tá gnólachtaí an Aontais faoi oibleagáid córas cánach corparáide difriúil a chomhlíonadh i ngach Ballstát ina noibríonn siad.

(2)Mar gheall gur ann do 27 gcóras cánach corparáide éagsúla san Aontas, tá castacht ann maidir le comhlíonadh cánach agus tá iomaíocht éagórach ann do na gnólachtaí. Tá sé sin níos soiléire anois toisc go bhfuil an tuiscint ar theorainneacha talún agus samhaltacha gnó athraithe go mór ag an domhandú agus digiteáil an gheilleagair. De réir mar a rinne rialtais iarracht freagairt don réaltacht nua seo, d’eascair tuilleadh saofa sa mhargadh inmheánach as freagairt ilroinnte ó na Ballstáit. Tá cleachtais éagsúla i measc na núdarás fioscach ar fud na mBallstát de bharr na gcreataí dlíthiúla éagsúla freisin. Is gnách go mbíonn nósanna imeachta fada ag baint leis sin agus is minic a bhíonn dothuarthacht agus neamhréir ann in éineacht le costais chomhlíontachta arda.

(3)Cé go bhfuil dearadh na gcóras éagsúil, tá gnéithe bunúsacha na gcóras cánach corparáide cosúil le chéile toisc go leagtar síos leo rialacha atá dírithe ar an gcuspóir céanna, i.e., bonn cánach a shocrú do ghnólachtaí. Ar an dul sin, bheadh sé tábhachtach do ghnólachtaí a oibríonn ar an margadh inmheánach go dtabharfadh na Ballstáit isteach creat dlíthiúil comhchoiteann chun gnéithe bunúsacha córas cánach corparáide a chomhchuibhiú d’fhonn rialacha cánach a shimpliú agus iomaíocht chóir a áirithiú.

(4)An 9 Meitheamh 2023, chuaigh 139 ndlínse, ar comhaltaí de Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 iad, le Ráiteas mhí Dheireadh Fómhair 2021 maidir le ‘Réiteach Décholúnach ar dhúshláin chánach a eascraíonn as digitiú an gheilleagair’ 24 . Leis an Ráiteas sin, chomhaontaigh na Ballstáit (i) cleachtadh athbhreithniúcháin lena ríomhtar dliteanas cánach íosta féideartha grúpaí móra ilnáisiúnta ag tosú ón gcuntasaíocht airgeadais, mar chodanna de Cholún 2 agus (ii) brabúis inchánach a ath‑leithdháileadh go páirteach ar bhonn cionroinnt de réir foirmle mar chuid de Cholún 1. Ba cheart gnóthachtálacha an chleachtaidh sin ceapadh creata chomhchoitinn a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as an digitiú agus an domhandú. Ós rud é gur ghlac na Ballstáit cur chun feidhme Cholún 2 d’aon toil trí Threoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle 25 , ba cheart do chreat comhchoiteann don cháin chorparáide san Aontas tógáil ar choincheapa, amhail raon feidhme agus ríomh an bhoinn cánach, rudaí a bhfuil cur amach ag gnólachtaí agus na Ballstáit orthu cheana féin.

(5)Ba cheart an timpeallacht ina ndéantar gnó sa mhargadh inmheánach a dhéanamh níos mealltaí agus é d’aidhm aige fás agus infheistíocht san Aontas a spreagadh. Chun na críche sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt d’achtú creata chomhchoitinn de rialacha cánach corparáide, d’fhonn é a dhéanamh níos éasca do ghnólachtaí na rialacha sin a chomhlíonadh nuair a oibríonn siad thar theorainneacha agus, chomh maith leis sin, iad siúd ar mian leo tuilleadh leathnaithe a dhéanamh ar an gcoigríoch a spreagadh chun déanamh amhlaidh. Tá coinne leis go mbeidh deimhneacht chánach fheabhsaithe agus líon níos lú díospóidí cánach ann mar thoradh ar thacar amháin rialacha cánach corparáide do ghníomhaíocht idirnáisiúnta, toisc go rachfaí i ngleic le saobhadh agus laghdófaí an líon cásanna de chánachas dúbailte agus róchánachas. Thairis sin, ós rud é gur cuid thábhachtach de bhuiséid na mBallstát í inbhuanaitheacht ioncaim cánach, lena náirítear chun infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar, taighde agus forbairt agus chun seirbhísí poiblí a sholáthar, bheadh sé criticiúil a áirithiú go ndéantar leithdháileadh ioncaim i gcomhréir le huirlis bunaithe ar pharaiméadair láidre nach féidir mí‑úsáid a bhaint astu.

(6)Go deimhin tá sé criticiúil córas a chruthú lena mbainfear amach leibhéal aonfhoirmeachta ar fud an Aontais, i measc na gcáiníocóirí ar a bhfuil sé dírithe ar a laghad. Dá réir sin, agus na hiarrachtaí, atá déanta ag údaráis fhioscacha agus gnólachtaí chun an creat de leibhéal íosta domhanda cánachais a chur chun feidhme, á gcur san áireamh, bheadh sé tábhachtach leas a bhaint as an ngnóthachtáil sin agus rialacha a chóngaraí is féidir do Rialacha Samhla ECFE/G20 agus Treoir (AE) 2022/2523 a cheapadh. Ar an mbonn sin, ba cheart don chreat comhchoiteann rialacha a bheith éigeantach do ghrúpaí ag a bhfuil bunaíocht inchánach san Aontas ar choinníoll go bhfuil ioncaim chomhcheangailte bhliantúla de bhreis ar EUR 750 000 000 acu bunaithe ar a ráitis airgeadais chomhdhlúite. Ar an mbealach sin, bheadh an raon feidhme dírithe ar ghnólachtaí ar dóichí gníomhaíochtaí trasteorann a bheith acu dá réir sin agus, dá bharr sin, gnólachtaí is féidir tairbhiú den simpliú a gcuirfí ar fáil le creat dlíthiúil comhchoiteann. Leis an tairseach sholáthrófaí ailíniú le Treoir (AE) 2022/2523 freisin le haghaidh cur chuige comhsheasmhach san Aontas.

(7)Cé go gcinnfí an tairseach ar bhonn ioncaim chomhcheangailte an ghrúpa ar bhonn domhanda, bheadh sainchúram na bhforálacha teoranta do chomhaltaí an ghrúpa a oibríonn ar an margadh inmheánach toisc nach bhfuil feidhm ag dlí an Aontais ach amháin laistigh den Aontas agus níl sé ina cheangal ar Stáit nach Ballstáit iad. Níor cheart ach fothacar an Aontais de ghrúpa den sórt sin a ghabháil, dá bhrí sin. D’áiritheofaí leis sin cuideachtaí a bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach i mBallstát agus a bhfuil a mbuanbhunaíochtaí ag oibriú i mBallstát, chomh maith le buanbhunaíochtaí, atá san Aontas, de chuideachtaí tríú tír den ghrúpa céanna. Ós rud é go bpléitear le coincheap na buanbhunaíochta i gconarthaí cánach déthaobhacha agus sa dlí náisiúnta agus cé go bhfuil roinnt prionsabail choiteanna sa sainmhíniú, tá roinnt éagsúlachta i gceist ar fud an domhain. Dá dhroim sin, bheadh sé pragmatach da mbraithfí ar na conarthaí maidir le cánachas dúbailte atá ann cheana agus rialacha náisiúnta na mBallstát, in ionad iarracht a dhéanamh comhchuibhiú iomlán a bhaint amach trí dhlí tánaisteach an Aontais.

(8)Chun comhréireacht agus dea‑fheidhmiú an chreata chomhchoitinn a áirithiú, ba cheart comhaltaí grúpa, lena náirítear cuideachtaí a bhfuil cónaí orthu i mBallstát, a mbuanbhunaíochtaí agus buanbhunaíochtaí san Aontas ar comhaltaí de ghrúpa a bhfuil a cheanncheathrú lasmuigh den Aontas iad, a bhfuil gníomhaíocht theoranta sa mhargadh inmheánach acu a eisiamh ón raon feidhme trí thairseach ábharthachta.

(9)Cuireann an cuspóir a bhaineann le simpliú na rialacha atá ann faoi láthair an tionscnamh atá beartaithe i dtábhacht. Dá bhrí sin, ba cheart na rialacha maidir le ríomh an bhoinn cánach a fhorbairt trí shraith theoranta coigeartuithe cánach a chur i bhfeidhm maidir le ráitis airgeadais gach comhalta den ghrúpa. Léireofaí leis na coigeartuithe teoranta sin coigeartuithe coiteanna a bhfuil gá leo chun ráitis cuntasaíochta airgeadais a iompú ina mbonn cánach. Agus an gá le hailíniú le Treoir (AE) 2022/2523 á chur san áireamh, ba cheart do na coigeartuithe teacht leis an gcreat sin, rud lenar cheart an cur chun feidhme a éascú do Bhallstáit agus do ghnólachtaí a mbeadh cur amach acu cheana féin ar na prionsabail ghinearálta.

(10)Ós rud é go núsáidfear na cuntais airgeadais mar thúsphointe do ríomh bhonn cánach gach comhalta den ghrúpa, chun an simpliú a bhaint amach, is gá rialacha cánach a dhréachtú ar bhealach a mbeidh siad a chóngaraí is féidir don chuntasaíocht airgeadais. I gcásanna inar féidir, ní athródh an cur chuige cuntasaíochta airgeadais i ndáil le sócmhainn nó dliteanas chun críoch cánach agus dá dhroim sin, ní bheadh gá le haon choigeartú. Dá réir sin, i gcomhréir le réasúnaíocht an chánachais, is gá freisin go gcaithfí le heilimintí eile den bhonn cánach chun críoch cánach ar bhealach difriúil leis an mbealach a gcáilítear iad faoi chuntasaíocht airgeadais.

(11)Dá réir sin, tá sé fíor‑riachtanach aghaidh a thabhairt ar earnálacha sonracha gníomhaíochta, go háirithe loingseoireacht idirnáisiúnta, lena néilítear coigeartuithe áirithe atá sonrach ó thaobh earnála de. I gcás comhaltaí grúpa san earnáil sin, ba ghá na cuntais airgeadais a choigeartú, chun méid (brabús nó caillteanas) a chumhdaítear le córas cánach tonnáiste a eisiamh. Le córais chánach speisialta do loingseoireacht idirnáisiúnta, dá dtagraítear mar ‘córais chánach tonnáiste’ go minic, beifear in ann cáin a ghearradh ar bhonn tonnáiste (i.e. acmhainn iompair) long a oibríonn comhalta grúpa in ionad na mbrabús nó na gcaillteanas iarbhír arna dtabhú ag an gcomhalta grúpa trí ghníomhaíochtaí atá incháilithe do cháin tonnáiste. Dá bhrí sin, le heisiamh méid den sórt sin thógfaí ar na bealaí éagsúla aitheanta atá ann maidir le ríomh an bhoinn cánach agus d’áiritheofaí comhsheasmhacht oiriúnach le cuspóirí beartais éagsúla an mhargaidh inmheánaigh.

(12)Chun an príomhchuspóir a bhaint amach, is é sin creat cánach corparáide simplithe a chruthú, ba cheart na réamhthorthaí cánach do gach comhalta grúpa a chomhiomlánú i mbonn cánach coiteann amháin chun an bonn sin a leithdháileadh ar chomhaltaí grúpa incháilithe ina dhiaidh sin. Mar gheall ar na coigeartuithe cánach ar na ráitis airgeadais bheadh réamhthorthaí cánach do gach comhalta den ghrúpa. Dhéanfaí na torthaí sin a chomhiomlánú ansin, rud a d’fhágfadh go mbeadh faoiseamh caillteanais trasteorann ann idir comhaltaí de ghrúpa BEFIT, agus ina dhiaidh sin, leithdháilfí an bonn cánach comhiomlánaithe ar chomhaltaí grúpa bunaithe ar riail maidir le leithdháileadh idirthréimhseach; leis sin réiteofaí an bealach le haghaidh sásra buan. D’fhéadfadh an sásra buan sin a bheith bunaithe ar chionroinnt de réir foirmle agus d’fhágfaí leis nár ghá d’idirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT a bheith i gcomhréir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách. Bheadh sé de bhuntáiste aige sonraí is déanaí maidir le tuairisciú de réir tíre (‘CbCR’) agus an fhaisnéis arna bailiú le linn na hidirthréimhse a úsáid. Fágfar leis sin go mbeifear in ann measúnú níos críochnúla a dhéanamh ar an tionchar a mheastar a bheidh ag cur chun feidhme an chuir chuige dhécholúnaigh ar bhoinn chánach náisiúnta agus ar bhoinn chánach ghrúpaí BEFIT. Ar an mbealach sin, bheadh sé indéanta fós an príomhchuspóir, is é sin neodracht chánach sa mhargadh inmheánach, a bhaint amach, rud lena laghdófaí cásanna an chánachais dhúbailte agus an róchánachais agus lena bhfeabhsófaí deimhneacht chánach agus é d’aidhm aige sin an líon díospóidí cánach a laghdú.

(13)Maidir le comhiomlánú na dtorthaí cánach i measc comhaltaí grúpa, ní bheadh sé sin ina thomhas oiriúnach d’earnálacha áirithe, amhail gníomhaíochtaí eastóscacha ná loingseoireacht idirnáisiúnta, iompar ar uiscebhealaí intíre ná aeriompar. Bheadh sé tábhachtach, dá bhrí sin, iad siúd a eisiamh ón gcomhiomlánú toisc nach bhfuil a saintréithe oiriúnach don chomhthéacs sin. Maidir le haon mhéid de bhrabús nó caillteanas na gcuideachtaí, a oibríonn in earnáil na tráchta idirnáisiúnta, nach gcumhdaítear le córas cánach tonnáiste (agus a eisiatar ó na réamhthorthaí cánach dá réir sin), bheadh gá leis an méid sin a choinneáil amach ón gcomhiomlánú fad a ríomhfaí é trí na rialacha cánach corparáide comhchoiteanna a chur i bhfeidhm.

(14)Chun spás don fhás agus don infheistíocht a sholáthar, cheadófaí do na Ballstáit coigeartuithe iar‑leithdháilte breise (e.g. cóireáil cánach ranníocaíochtaí pinsin) a chur i bhfeidhm go haonarach i réimsí nach gcumhdaítear le creat comhchoiteann. Bheadh de rogha ag na Ballstáit a sciar leithdháilte a choigeartú tuilleadh, gan uasteorainn, chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit a roghanna beartais náisiúnta a dhéanamh sa réimse sin. An rud is tábhachtaí go socrófaí le Treoir (AE) 2022/2523 uasteorainn lena náiritheofaí nach mór go mbeadh an ráta cánach éifeachtach ar 15 % ar a laghad.

(15)Oibríonn roinnt Ballstát córais cánach corparáide atá tógtha ar phrionsabail atá difriúil leis an gcur chuige is coitianta, amhail córais chánach atá bunaithe ar dháileadh. Tá sé fíorthábhachtach, dá bhrí sin, na coigeartuithe a bhfuil gá leo a chur i bhfeidhm, chun a áirithiú go mbíonn idirghníomhaíocht inoibrithe ann leis na córais sin. D’fhéadfaí an réiteach a lorg i gcoigeartuithe áirithe iar‑leithdháilte. Leis sin, ba ghá an chuid a leithdháilfear ar chomhalta grúpa faoi chóras bunaithe ar dháileadh a mhodhnú i gcoibhneas leis na dáiltí arna ndéanamh le linn na bliana fioscaí. Choinneofaí croí an chórais cánach atá bunaithe ar dháileadh, toisc gur pointe ama é an dáileadh i ndáil le cáin a ghearradh ar an gcuid leithdháilte agus leis sin d’fhéadfaí a chinneadh cé mhéad de sin ar ghá cáin a ghearradh air, dá réir sin. I ndáil leis sin, ba cheart é a bheith beartaithe sásra tabhairt ar aghaidh a úsáid chun a áirithiú go mbeadh an chuid leithdháilte, nach ngearrtar cáin uirthi sa bhliain reatha, inchánach sna blianta ina dhiaidh sin.

(16)Toisc nach léirítear le caidrimh laistigh de ghrúpa ach cuid de ghníomhaíocht tráchtála grúpa cuideachtaí, tá sé fíor‑riachtanach go bhféachfaí ar idirbhearta idir comhaltaí grúpa agus fiontair chomhlachaithe laistigh den ghrúpa. Chun aghaidh a thabhairt ar an ngné sheachtrach sin agus toisc gur tháinig méadú mór ar an líon díospóidí i ndáil le praghsáil aistrithe le déanaí, go háirithe i ndáil le socruithe praghsála do ghnáthghníomhaíochtaí, bheadh sé an‑úsáideach foráil a dhéanamh maidir le cur chuige simplithe maidir le comhlíontacht i ndáil le praghsáil aistrithe, rud lena laghdófaí costais chomhlíontachta do na gnólachtaí agus lena bhfeabhsófaí éifeachtúlacht údarás fioscach i ndáil le húsáid caipitil dhaonna. Chun na críche sin, bheadh sé tábhachtach creat measúnúcháin riosca comhchoiteann a achtú le haghaidh praghsáil aistrithe bunaithe ar anailís thagarmhairc a bhfuil glactha léi go coitianta. Leis an measúnú sin, dhéanfaí imscrúdú ar na corrlaigh de Thuilleamh Roimh Ús agus Cáin i gcás eintitis a oibríonn go neamhspleách sa mhargadh inmheánach. Ba cheart na marcóirí brabúis a fhaightear ar an mbealach sin a fhoilsiú ina dhiaidh sin, chun iad a úsáid mar uirlis féinmheasúnúcháin riosca, agus ba cheart a chur ar a gcumas do ghrúpaí a oibríonn sa mhargadh inmheánach a bheith ar an eolas roimh ré maidir leis na fáltais ar neamhthuilleamaí (margadhbhunaithe) a bhfuil coinne lena mbaint amach in idirbhearta le fiontair chomhlachaithe. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar gach idirbheart faoi raon feidhme an chórais mar idirbheart lena ngabhann ísealriosca, meánriosca nó ardriosca, ag brath ar mar atá sé i gcoibhneas le marcóirí brabúis, a shocrófar le gníomh cur chun feidhme agus a fhoilseofar ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

(17)Ba ghá córas riaracháin a chumhdach i gcreat comhchoiteann le haghaidh cánachas corparáideach, creat lena ndéanfar foráil maidir le leibhéal deimhneachta cánach agus simpliú, go hidéalach. Chun aonfhoirmeacht a chur chun cinn, bheadh ar an gcóras riaracháin tógáil ar an tábhacht a bhaineann le pointe tagartha láraithe a oibriú chun dul i ngleic le roinnt saincheisteanna coiteanna, amhail Tuairisceán Faisnéise don ghrúpa iomlán, agus leibhéal leordhóthanach comhordúcháin agus comhair a áirithiú idir údaráis fhioscacha náisiúnta. An tráth céanna, ba cheart don chóras riaracháin ceannasacht chánach náisiúnta a urramú ina hiomláine mar go mbeidh tuairisceáin chánach áitiúla, iniúchtaí agus réiteach díospóidí ar leibhéal na mBallstát fós den chuid is mó.

(18)Chun a áirithiú go gcuirtear rialacha an chreata chomhchoitinn chun feidhme agus go bhforfheidhmítear iad i gceart, ba cheart do na Ballstáit rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme, maidir le sáruithe ar na forálacha náisiúnta a ghlactar de bhun na Treorach seo, a leagan síos. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(19)Chun na tairbhí, a bhainfeadh le creat dlíthiúil comhchoiteann a bheith ann chun an bonn cánach corparáide sa mhargadh inmheánach a ríomh, a uasmhéadú, ba cheart cur i bhfeidhm na rialacha a bheith roghnach do ghrúpaí, lena náirítear grúpaí FBManna, a thuilleann ioncaim chomhcheangailte bhliantúla is lú ná EUR 750 000 000 a fhad agus a ullmhaíonn siad ráitis airgeadais chomhdhlúite agus a bhfuil bunaíocht inchánach san Aontas acu. Ós rud é go mbeidh cur i bhfeidhm na rialacha ann mar rogha do ghrúpaí níos lú, d’fhéadfadh níos mó grúpaí ag a bhfuil struchtúir agus gníomhaíochtaí trasteorann tairbhiú den simpliú a chuirtear ar fáil leis an gcreat comhchoiteann.

(20)Chun gnéithe neamhriachtanacha den Treoir seo a fhorlíonadh nó a leasú, de réir mar a bheidh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le (i) Iarscríbhinní I agus II a leasú, de réir mar is iomchuí; agus (ii) forlíonadh a dhéanamh trí rialacha breise maidir le gnóthais árachais a leagan síos, go háirithe i ndáil leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 17 Conarthaí Árachais. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 26 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag dul i ngleic le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(21)Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme agus d'fheidhmiú ‘foirne BEFIT’, mar a thugtar orthu, a chuirtear ar bun leis an Treoir seo, chun ionadaithe de gach údarás fioscach ábhartha ó na Ballstáit ina noibríonn an grúpa a thabhairt le chéile chomh maith le corrlaigh bhrabúis a shocrú do ghnáth‑idirbhearta idir comhaltaí de ghrúpa BEFIT agus a bhfiontair chomhlachaithe lasmuigh de ghrúpa BEFIT, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 .

(22)Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú na Treorach seo a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 . Féadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Treoir seo chun Caibidil IV a chur i bhfeidhm chomh maith le scrúdú a dhéanamh agus comhaontú a bhaint amach maidir le comhthéacs thuairisceán faisnéise BEFIT agus tuairisceáin chánach aonair a phróiseáil agus measúnú a dhéanamh orthu faoi Chaibidil V, agus chun na gcríoch sin amháin.

(23)Tá údar maith leis an tréimhse choinneála 10 mbliana ionas gur féidir leis na Ballstáit formhór reachtanna na dtréimhsí a chomhlíonadh.

(24)Ionas go mbeidh gnólachtaí in ann tairbhe dhíreach a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh gan aon ualach riaracháin breise neamhriachtanach a bheith orthu, ba cheart faisnéis faoi na forálacha cánach a leagtar amach sa Treoir seo a chur ar fáil tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach (‘SDG’) i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1724 29 . Is éard atá in SDG ionad ilfhreastail d’úsáideoirí trasteorann le haghaidh soláthar faisnéise ar líne, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh atá bainteach le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(25)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr na ndúshlán atá ann cheana a eascraíonn as idirghníomhú 27 gcóras cánach corparáide éagsúla, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(26)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug sé a thuairim neamhfhoirmiúil uaidh an 18 Lúnasa 2023.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Ábhar

1.Leis an Treoir seo, leagtar síos creat comhchoiteann le haghaidh cánachas corparáideach san Aontas do ghrúpaí áirithe.

2.Chun críoch mhír 1, leagtar síos leis an Treoir seo rialacha maidir le:

(a)grúpa a shonrú chun críocha na Treorach seo (‘grúpa BEFIT’);

(b)bonn cánach comhiomlánaithe a ríomh do chuideachtaí agus buanbhunaíochtaí de ghrúpa BEFIT (‘comhalta de ghrúpa BEFIT’ agus ‘bonn cánach BEFIT’);

(c)bonn cánach BEFIT a leithdháileadh ar chomhaltaí incháilithe de ghrúpa BEFIT;

(d)measúnuithe riosca ar phraghsáil aistrithe a shimpliú d’idirbhearta le fiontair chomhlachaithe lasmuigh den ghrúpa;

(e)riar an chreata dhlíthiúil chomhchoitinn.

3.Maidir le cuideachta nó buanbhunaíocht atá faoi réir na Treorach seo, scoirfidh sí de bheith faoi réir an dlí cánach corparáide náisiúnta sna Ballstáit uile ina bhfuil sí bunaithe i ndáil leis na hábhair uile a rialaítear leis an Treoir seo, mura luaitear a mhalairt sa Treoir seo.

Airteagal 2
Raon feidhme

1.Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le cuideachtaí a bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach i mBallstát, lena náirítear a mbuanbhunaíochtaí atá suite i mBallstáit eile, agus maidir le buanbhunaíochtaí eintiteas eile, a bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach i dtríú tír (‘eintitis tríú tír’), atá suite i mBallstáit, a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a)baineann siad le grúpa intíre nó grúpa ilnáisiúnta fiontar (‘grúpa FIN’) a ullmhaíonn ráitis airgeadais chomhdhlúite agus ag a raibh ioncaim chomhcheangailte EUR 750 000 000 nó níos mó in dhá cheann de na 4 bliana fhioscacha dheireanacha;

(b)i dtaca le cuideachtaí, anuas air sin:

(i)tá siad i gceann de na foirmeacha a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(ii)tá siad faoi réir ceann de na cánacha corparáide a liostaítear in Iarscríbhinn II, nó cáin chosúil a thabharfar isteach ina dhiaidh seo;

(iii)is iadsan an máthaireintiteas deiridh (‘UPE’) nó comhdhlúthóidh an máthaireintiteas deiridh a shócmhainní, dliteanais, ioncam, speansais agus sreafaí airgid ar bhonn líne ar líne;

(c)i leith buanbhunaíochtaí, ina theannta sin:

(i)tá siad faoi réir ceann de na cánacha corparáide a liostaítear in Iarscríbhinn II nó cáin chosúil a thabharfar isteach ina dhiaidh seo;

(ii)is iadsan buanbhunaíocht an mháthaireintitis deiridh nó is buanbhunaíocht eintiteas iad a chomhdhlúthóidh an máthaireintiteas deiridh a shócmhainní, dliteanais, ioncam, speansais agus sreafaí airgid ar bhonn líne ar líne.

2.De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le cuideachtaí nó buanbhunaíochtaí ag a bhfuil máthaireintiteas deiridh lasmuigh den Aontas i gcás nach bhfuil ioncaim chomhcheangailte an ghrúpa san Aontas níos mó ná 5 % d’ioncaim iomlána an ghrúpa bunaithe ar a ráitis airgeadais chomhdhlúite nó níos mó ná EUR 50 milliún in dhá cheann de na 4 bliana fhioscacha dheireanacha ar a laghad. Beidh sé sin gan dochar don cheart an rogha a dhéanamh a bheith páirteach faoi mhír 7.

3.I gcás ina gcumascann dhá ghrúpa nó níos mó chun grúpa aonair a dhéanamh, measfar an tairseach EUR 750 000 000 dá dtagraítear i mír 1 a bheith comhlíonta d’aon bhliain fhioscach roimh an gcumasc má tá iomlán na nioncam comhcheangailte de na grúpaí atá ag cumasc, mar a chuimsítear é ina ráitis airgeadais chomhdhlúite, cothrom le EUR 750 000 000 nó níos mó ná sin don bhliain fhioscach sin. Beidh na comhaltaí is cuideachtaí agus buanbhunaíochtaí den ghrúpa nuabhunaithe sin faoi réir na Treorach seo má comhlíonadh an tairseach sin in dhá cheann de na 4 bliana fhioscacha dheireanacha.

4.Maidir le cuideachta nach comhalta de ghrúpa é (‘an sprioc’), i gcás ina bhfaigheann cuideachta eile nó grúpa (‘an teintiteas éadála’) í agus nach raibh ráitis airgeadais chomhdhlúite ag an sprioc ná ag an eintiteas éadála le haghaidh aon cheann de na 4 bliana fhioscacha díreach roimh bhliain fhioscach na héadála, measfar tairseach EUR 750 000 000 na nioncam comhcheangailte bliantúil, dá dtagraítear i mír 1, a bheith comhlíonta le haghaidh na bliana sin má tá iomlán na nioncam a chuimsítear sna ráitis airgeadais nó i ráitis airgeadais chomhdhlúite na sprice nó an eintitis éadála le haghaidh na bliana fioscaí sin cothrom le EUR 750 000 000 nó níos mó ná sin. Beidh an teintiteas éadála faoi réir na Treorach seo má comhlíonadh an tairseach sin in dhá cheann de na 4 bliana fhioscacha dheireanacha díreach roimh an mbliain fhioscach inar thosaigh feidhm na Treorach seo maidir leis an eintiteas éadála.

5.I gcás ina ndíchumascann grúpa ina dhá ghrúpa nó níos mó (‘na grúpaí díchumaiscthe’), measfar an tairseach EUR 750 000 000 dá dtagraítear i mír 1 a bheith comhlíonta ag gach ceann de na grúpaí díchumaiscthe sna cásanna seo a leanas:

(a)sa chéad bhliain fhioscach a dtagann deireadh léi tar éis an díchumaisc, tá ioncaim chomhcheangailte bhliantúla EUR 750 000 000 nó níos mó ag gach ceann de na grúpaí díchumaiscthe sa bhliain fhioscach sin;

(b)idir an dara agus an ceathrú bliain fhioscach a dtagann deireadh leo tar éis an díchumaisc, tá ioncaim chomhcheangailte bhliantúla EUR 750 000 000 nó níos mó ag gach ceann de na grúpaí díchumaiscthe in dhá cheann de na 4 bliana fhioscacha dheireanacha.

6.I gcás ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na 4 bliana fhioscacha dá dtagraítear san Airteagal seo níos faide nó níos giorra ná 12 mhí, coigeartófar na tairseacha ioncaim dá dtagraítear go comhréireach le haghaidh gach ceann de na blianta fioscacha sin.

7.Maidir le cuideachtaí a bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach i mBallstát agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, pointe (b), lena náirítear a mbuanbhunaíochtaí atá suite i mBallstáit eile, chomh maith le buanbhunaíochtaí, atá suite i mBallstáit, d’eintitis tríú tír a chomhlíonann coinníollacha mhír 1, pointe (c), áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh siad sin a roghnú a bheith cumhdaithe faoin Treoir seo má bhaineann siad le grúpa FIN nó grúpa intíre a ullmhaíonn ráitis airgeadais chomhdhlúite ach nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, pointe (a) a bhaineann leis an tairseach EUR 750 000 000.

8.Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 74 chun Iarscríbhinní I agus II a leasú chun athruithe ar dhlíthe na mBallstát a chur san áireamh, athruithe a bhaineann le foirmeacha cuideachtaí agus cánacha corparáide.

Airteagal 3
Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘grúpa’ an méid seo a leanas:

(a)bailiúchán eintiteas a bhfuil baint acu le chéile trí úinéireacht nó trí urlámhas mar a shainmhínítear leis an gcaighdeán cuntasaíochta airgeadais inghlactha le haghaidh ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhaíonn an máthaireintiteas deiridh, lena náirítear aon eintiteas a d’fhéadfadh a bheith eisiata ó ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh, bunaithe ar a mhéid bheag, ar fhoras ábharthachta nó ar an bhforas go bhfuil sé ar seilbh lena dhíol agus bunaithe ar na nithe sin amháin; nó

(b)eintiteas a áiríonn glanioncam nó glanchaillteanas buanbhunaíocht amháin nó níos mó ná sin ina ráitis airgeadais (‘ceannoifig’), ar choinníoll nach cuid de ghrúpa eile mar a shainmhínítear i bpointe (a) é;

(2)ciallaíonn ‘grúpa náisiúnta’ aon ghrúpa a bhfuil na heintitis uile lena mbaineann lonnaithe sa Bhallstát céanna;

(3)ciallaíonn ‘grúpa FIN’ aon ghrúpa ilnáisiúnta lena náirítear eintiteas nó buanbhunaíocht amháin ar a laghad nach bhfuil lonnaithe i ndlínse an mháthaireintitis deiridh (‘UPE’);

(4)ciallaíonn ‘bliain fhioscach’ an tréimhse chuntasaíochta ar ina leith a nullmhaíonn an máthaireintiteas deiridh a ráitis airgeadais chomhdhlúite.

(5)ciallaíonn ‘ráitis airgeadais chomhdhlúite’ na ráitis airgeadais ina gcuirtear sócmhainní, dliteanais, ioncam, speansais agus sreafaí airgid eintitis agus a fhochuideachtaí, a rialaíonn an teintiteas iad, i láthair mar nithe a bhaineann le haon aonad eacnamaíoch amháin;

(6)ciallaíonn ‘eintiteas’ aon socrú dlítheanach a ullmhaíonn cuntais airgeadais ar leithligh nó aon duine dlítheanach;

(7)ciallaíonn ‘máthaireintiteas deiridh’ an méid seo a leanas:

(a)eintiteas a bhfuil leas urlámhais in aon eintiteas eile ar úinéireacht aige go díreach nó go hindíreach agus nach bhfuil ar úinéireacht ag aon eintiteas eile, go díreach nó go hindíreach, ag a bhfuil leas urlámhais ann; nó

(b)ceannoifig grúpa mar a shainmhínítear i bpointe (1)(b);

(8)ciallaíonn ‘leas úinéireachta’ aon leas cothromais lena ngabhann cearta ar bhrabúis, ar chaipiteal nó ar chúlchistí eintitis nó buanbhunaíochta;

(9)ciallaíonn ‘leas urlámhais’ leas úinéireachta in eintiteas lena gceanglaítear ar an sealbhóir leasa sócmhainní, dliteanais, ioncam, speansais agus sreafaí airgeadais an eintitis a chomhdhlúthú ar bhonn líne ar líne;

(10)ciallaíonn ‘eintiteas is comhdaitheoir’ ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)an máthaireintiteas deiridh, i gcás ina bhfuil sé suite i mBallstát; nó

(b)mura bhfuil an máthaireintiteas deiridh suite i mBallstát, an teintiteas atá suite i mBallstát, atá ceaptha ag an ngrúpa BEFIT chun na hoibleagáidí i ndáil le tuairisceán faisnéise ghrúpa BEFIT a leagtar amach in Airteagal 57 a chomhlíonadh thar ceann ghrúpa BEFIT.

(11)ciallaíonn ‘caighdeán cuntasaíochta inghlactha san Aontas’ Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais arna nglacadh ag an Aontas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 agus prionsabail chuntasaíochta na mBallstát a bhfuil glactha leo go ginearálta;

(12)ciallaíonn ‘glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais’ an glanioncam nó an glanchaillteanas arna chinneadh do chomhalta de ghrúpa BEFIT, faoi chomhchaighdeán cuntasaíochta inghlactha san Aontas roimh aon choigeartú comhdhlúite chun idirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT a bhaint, i gcomhréir le hAirteagal 7.

(13)ciallaíonn ‘gnóthas árachais’ gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe 1, de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 ;

(14)ciallaíonn ‘árachas saoil aonadnasctha/innéacsnasctha’ polasaithe árachais saoil i gcás ina leithdháiltear na gnóthachain agus na caillteanais infheistíochta nó na húis/díbhinní a fhabhraíonn ar infheistíochtaí foluiteacha an ghnóthais árachais ar shealbhóirí polasaithe ina niomláine le himeacht ama;

(15)ciallaíonn ‘úinéir eacnamaíoch’ an duine a fhaigheann na tairbhí uile nach mór agus a iompraíonn na rioscaí a bhaineann le sócmhainn sheasta gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an duine sin ina úinéir dlíthiúil. Cáiníocóir ag a bhfuil an ceart chun sócmhainn sheasta a shealbhú, a úsáid agus a dhiúscairt agus a iompraíonn an riosca i ndáil lena caillteanas nó diúscairt, measfar gurb é an duine sin an túinéir eacnamaíoch in aon chás;

(16)ciallaíonn ‘leithdháileadh bunlíne’ an modh chun bonn cánach BEFIT a roinnt idir comhaltaí de ghrúpa BEFIT i ngach bliain fhioscach den idirthréimhse i gcomhréir le hAirteagal 45.

(17)ciallaíonn ‘údarás comhdaithe’ údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an eintiteas is comhdaitheoir chun críoch cánach nó, i gcás ina mbaineann sé le buanbhunaíocht cáiníocóir nach cónaitheoir é, an Ballstát ina bhfuil an bhuanbhunaíocht suite.

CAIBIDIL II
CINNEADH AN RÉAMHTHORAIDH CÁNACH

Roinn 1
Forálacha ginearálta

Airteagal 4
Prionsabail ghinearálta

1.Cinnfear réamhthoradh cánach gach comhalta de ghrúpa BEFIT, do gach bliain fhioscach, bunaithe ar a ghlanioncam nó a ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais arna choigeartú i gcomhréir le hAirteagail 8 go 41 den Treoir seo.

2.Beidh speansais a áireofar i nglanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais comhalta de ghrúpa BEFIT inasbhainte óna réamhthoradh cánach a mhéid a bheidh siad tabhaithe chun leasa a ghnó árachais dhírigh.

Airteagal 5
Struchtúr ghrúpa BEFIT

1.Déanfar grúpa BEFIT i gcás ina gcomhlíonfaidh dhá chuideachta nó dhá bhuanbhunaíocht, nó níos mó, a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo na coinníollacha seo a leanas:

(a)is máthaireintiteas deiridh an ghrúpa í an chuideachta nó is cuideachta eile den ghrúpa í a bhfuil 75 % ar a laghad de na cearta úinéireachta nó na cearta lena dtugtar teidlíocht ar bhrabús i seilbh an mháthaireintitis deiridh, go díreach nó go hindíreach;

(b)is máthaireintiteas deiridh an ghrúpa í ceannoifig na buanbhunaíochta nó is comhalta eile (cuideachta nó eintiteas) den ghrúpa í a bhfuil 75 % ar a laghad de na cearta úinéireachta nó na cearta lena dtugtar teidlíocht ar bhrabús i seilbh an mháthaireintitis deiridh, go díreach nó go hindíreach.

2.Chun an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b) a ríomh, ríomhfar na cearta úinéireachta agus na cearta lena dtugtar teidlíocht ar bhrabús i gcuideachta a bhaineann le grúpa trí na leasanna a shealbhaítear, go díreach nó go hindíreach, a iolrú ar gach leibhéal.

Airteagal 6
Ceanglais maidir leis an tréimhse shealbhaíochta

1.Comhlíonfaidh comhalta de ghrúpa BEFIT na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) gan bhriseadh, i rith na bliana fioscaí.

2.Beidh cuideachta nó buanbhunaíocht ina comhalta de ghrúpa BEFIT ar an dáta a chomhlíonfar na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1). Beidh na tairseacha comhlíonta le 9 mí as a chéile ar a laghad. Mura gcomhlíonann cuideachta nó, de réir mar is infheidhme, buanbhunaíocht na tairseacha don tréimhse is gá, caithfear léi amhail is nár chomhalta de ghrúpa BEFIT riamh í.

3.Scoireann cuideachta nó buanbhunaíocht de bheith ina comhalta de ghrúpa BEFIT an lá i ndiaidh an lae nach gcomhlíonann sí na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a thuilleadh.

Airteagal 7
Cuntais airgeadais mar bhonn chun an réamhthoradh cánach a ríomh

1.Ríomhfar réamhthoradh cánach comhalta de ghrúpa BEFIT trí choigeartuithe a leagtar amach in Airteagail 8 go 41 a dhéanamh ar a ghlanioncam nó a ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais don bhliain fhioscach, arna chinneadh faoi chomhchaighdeán cuntasaíochta inghlactha san Aontas roimh aon choigeartú comhdhlúite chun idirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT a bhaint. 

2.Maidir leis an gcaighdeán cuntasaíochta inghlactha san Aontas a bheidh le húsáid ag comhaltaí de ghrúpa BEFIT chun críoch mhír 1, is éard a bheidh ann an caighdeán cuntasaíochta inghlactha san Aontas a úsáidtear chun ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh a ullmhú i gcás ina bhfuil cónaí ar an máthaireintiteas deiridh i mBallstát chun críoch cánach.

I gcás nach bhfuil cónaí ar an máthaireintiteas deiridh i mBallstát chun críoch cánach, is éard a bheidh sa chaighdeán cuntasaíochta inghlactha san Aontas ná an caighdeán a bheidh i bhfeidhm sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an eintiteas is comhdaitheoir chun críoch cánach.

3.I gcás gur buanbhunaíocht é comhalta de ghrúpa BEFIT, is éard a bheidh ina ghlanioncam nó ina ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais ceann de na nithe seo a leanas:

(a)an glanioncam nó an glanchaillteanas arna léiriú ina ráitis airgeadais dhílse ar leithligh, mar a chinntear i gcomhréir le míreanna 1 agus 2; nó

(b)in éagmais cuntais airgeadais ar leithligh, an glanioncam nó an glanchaillteanas a léireofaí ina chuntais airgeadais ar leithligh dá nullmhófaí iad ar bhonn neamhspleách agus i gcomhréir leis an gcaighdeán inghlactha san Aontas a chinntear i gcomhréir le míreanna 1 agus 2.

4.De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina gcuireann Ballstát dlí náisiúnta i bhfeidhm lena gceadaítear grúpaí ráitis airgeadais a ullmhú, iniúchadh a dhéanamh orthu agus iad a fhoilsiú ar bhonn dlínsiúil, féadfar an réamhthoradh cánach agus leithdháileadh bhonn cánach BEFIT ar chomhaltaí de ghrúpa BEFIT, a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát sin chun críoch cánach, a ríomh ar bhonn dlínsiúil freisin, ar choinníoll gur féidir leis an ngrúpa na sonraí, a bhfuil gá leo chun an réamhthoradh cánach agus coigeartuithe iar‑dháilte a ríomh, a shainaithint ar leithligh, i gcás gach comhalta de ghrúpa BEFIT, i gcomhréir leis an Treoir seo.

Roinn 2

Coigeartuithe ar an nglanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais

Airteagal 8
Díbhinní agus dáiltí eile

Cé is moite de shócmhainní airgeadais arna sealbhú lena dtrádáil, dá dtagraítear in Airteagal 11(1), agus infheistíochtaí arna ndéanamh chun tairbhe sealbhóirí polasaithe árachais saoil a iompraíonn an riosca infheistíochtaí i gcomhthéacs polasaí árachais saoil aonadnasctha/innéacsnasctha, dá dtagraítear in Airteagal 14, coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais comhalta de ghrúpa BEFIT chun 95 % de mhéid na ndíbhinní nó dáiltí eile arna bhfáil nó arna bhfabhrú le linn na bliana fioscaí a eisiamh, ar choinníoll, ar dháta an dáilte, go bhfuil an leas úinéireachta i seilbh an chomhalta de ghrúpa BEFIT le breis agus 1 bhliain amháin agus ar choinníoll go ngabhann ceart i ndáil le breis agus 10 % de na brabúis, caipiteal, cúlchistí nó cearta vótála leis an leas sin.

Airteagal 9
Gnóthachain nó caillteanais ó dhiúscairt scaireanna

Cé is moite de shócmhainní airgeadais arna sealbhú lena dtrádáil, dá dtagraítear in Airteagal 11(1), agus infheistíochtaí arna ndéanamh chun tairbhe sealbhóirí polasaithe árachais saoil a iompraíonn an riosca infheistíochtaí i gcomhthéacs polasaí árachais saoil aonadnasctha/innéacsnasctha, dá dtagraítear in Airteagal 14, coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais comhalta de ghrúpa BEFIT chun 95 % de mhéid an ghnóthachain nó an chaillteanais a eascraíonn as diúscairt leasa úinéireachta, a eisiamh, ar choinníoll, ar dháta na diúscartha, go bhfuil an leas úinéireachta i seilbh an chomhalta de ghrúpa BEFIT le breis agus 1 bhliain amháin agus ar choinníoll go ngabhann ceart i ndáil le breis agus 10 % de na brabúis, caipiteal, cúlchistí nó cearta vótála leis an leas sin.

Airteagal 10
Athruithe ar luach córa

Cé is moite de shócmhainní airgeadais arna sealbhú lena dtrádáil, dá dtagraítear in Airteagal 11(1), agus infheistíochtaí arna ndéanamh chun tairbhe sealbhóirí polasaithe árachais saoil a iompraíonn an riosca infheistíochtaí i gcomhthéacs polasaí árachais saoil aonadnasctha/innéacsnasctha, dá dtagraítear in Airteagal 14, coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais comhalta de ghrúpa BEFIT chun méid an ghnóthachain nó an chaillteanais a eascraíonn as athruithe ar luach cóir leasa úinéireachta, a eisiamh, ar choinníoll, ar dháta na diúscartha, go bhfuil an leas úinéireachta i seilbh an chomhalta de ghrúpa BEFIT le breis agus 1 bhliain amháin agus ar choinníoll go ngabhann ceart i ndáil le breis agus 10 % de na brabúis, caipiteal, cúlchistí nó cearta vótála leis an leas sin.

Airteagal 11
Sócmhainní airgeadais arna sealbhú le haghaidh trádála

1.Caithfear le sócmhainn airgeadais nó dliteanas amhail is dá sealbhófaí an tsócmhainn lena trádáil nó an dliteanas lena thrádáil ag comhalta de ghrúpa i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)faightear nó tabhaítear an tsócmhainn nó an dliteanas den chuid is mó chun an tsócmhainn nó an dliteanas a dhíol nó a athcheannach sa ghearrthéarma;

(b)is cuid de phunann ionstraimí airgeadais aitheanta, lena náirítear díorthaigh, í an tsócmhainn nó é an dliteanas a bhainistítear le chéile agus a bhfuil fianaise ann ina leith maidir le patrún iarbhír de ghlacadh brabúis gearrthéarmach.

2.I gcás ina nathraíonn sócmhainn airgeadais nó dliteanas, atá i seilbh comhalta de ghrúpa BEFIT, ina sócmhainn arna sealbhú lena trádáil nó dliteanas arna shealbhú lena thrádáil nó vice versa, coigeartófar an glanioncam nó an glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais chun aon difríocht a áireamh idir an luach cóir arna ríomh ag tús na bliana fioscaí nó ar dháta an cheannaigh más níos déanaí atá i gceist, agus a luach cóir arna ríomh ag deiridh na bliana fioscaí céanna.

Luach cóir sócmhainne airgeadais nó dliteanais ag deireadh na bliana fioscaí lena linn ar athraigh an tsócmhainn ina sócmhainn arna sealbhú lena trádáil nó ar athraigh dliteanas ina dhliteanas arna shealbhú lena thrádáil nó vice versa, is é an luach cóir sin a bheidh sa luach cóir ag tús na bliana fioscaí tar éis an athraithe.

3.Tosóidh an tréimhse shealbhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 9, nó brisfear í, nuair nach bhfuil an tsócmhainn airgeadais arna sealbhú lena trádáil nó an dliteanas arna shealbhú lena thrádáil nó nuair a bheidh sé athraithe chun bheith ina sócmhainn airgeadais arna sealbhú lena trádáil nó ina dhliteanas arna shealbhú lena thrádáil, faoi seach.

Airteagal 12
Ioncam nó caillteanas buanbhunaíochta

Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comhalta de ghrúpa BEFIT chun méid an ioncaim nó an chaillteanais is inchurtha i leith a bhuanbhunaíochtaí a eisiamh.

Airteagal 13
Riail maidir le teorannú úis

1.Coigeartóidh comhalta de ghrúpa BEFIT a ghlanioncam nó a ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais chun méid na róchostas iasachtaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha in aghaidh cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh 32 , nach bhfuil inasbhainte chun críoch cánach a áireamh i gcomhréir leis na rialacha maidir le teorannú úis a leagtar síos i ndlí cánach corparáide náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil cónaí air chun críoch cánach.

2.Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le róchostais iasachtaíochta a eascróidh as idirbheart idir comhaltaí de ghrúpa BEFIT.

Airteagal 14
Gnóthais árachais

1.I gcás inar gnóthas árachais atá údaraithe chun bheith ag oibriú i mBallstát i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE é an comhalta de ghrúpa BEFIT, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos i míreanna 2 go 4.

2.Maidir le méid na bhforálacha teicniúla ag gnóthais árachais arna mbunú i gcomhréir le Treoir 91/674/CEE ón gComhairle 33 a asbhaineadh i nglanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais comhalta de ghrúpa BEFIT, déanfar athbhreithniú air sin agus coigeartófar é ag deireadh gach bliana fioscaí. Féachfar ar na méideanna arna mbaint cheana agus an réamhthoradh cánach á ríomh sna blianta ina dhiaidh sin.

3.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 74 chun an Treoir seo a fhorlíonadh lena leagfar síos rialacha níos mionsonraithe maidir le hoiriúnú an réamhthoraidh cánach do ghnóthais árachais, i gcomhthéacs thionchar na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 17 ar chonarthaí árachais.

4.Maidir le hárachóirí saoil i gcomhthéacs polasaí árachais saoil aonadnasctha/innéacsnasctha, déanfaidh siad meastóireacht ar na sócmhainní ar an margadhluach agus cuirfidh siad an cúlchiste ar bun i gcomhréir leis an meastóireacht ar na sócmhainní foluiteacha.

Airteagal 15
Gníomhaíochtaí loingseoireachta a chumhdaítear le córas cánach tonnáiste

Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comhalta de ghrúpa BEFIT a dhéanann gníomhaíochtaí loingseoireachta chun méid an ioncaim, na speansas, agus míreanna inasbhainte eile a dhíorthaíonn ó ghníomhaíochtaí den sórt sin a chumhdaítear le córas cánach tonnáiste, a eisiamh.

Airteagal 16
Fíneálacha, pionóis agus íocaíochtaí neamhdhleathacha

Maidir le méid na speansas arna bhfabhrú le haghaidh íocaíochtaí, a bhfuarthas go raibh siad neamhdhleathach de thoradh iniúchadh nó imscrúdú arna dhéanamh ag an údarás inniúil, chomh maith le fíneálacha agus pionóis, lena n‑áirítear muirir a bhaineann le híocaíocht dhéanach, atá dlite d’údarás poiblí de thoradh sárú ar aon reachtaíocht, coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comhalta de ghrúpa BEFIT chun na nithe sin a áireamh.

Airteagal 17
Cáin chorparáide

Maidir le méid d’aon cháin chorparáide, cánacha comhchosúla ar bhrabúis agus cánacha iarchurtha arna bhfabhrú don bhliain fhioscach chomh maith le haon mhéid arna thaifead mar chánacha reatha sna cuntais airgeadais i ndáil le híocaíocht cánach breisiúcháin atá dlite i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2523 nó cur i bhfeidhm Cánach Breisiúcháin Náisiúnta Cáilithe dá dtagraítear in Airteagal 11 den Treoir sin, coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais comhalta de ghrúpa BEFIT chun na méideanna sin a áireamh.

Airteagal 18
Faoiseamh tar‑rollta do shócmhainní athsholáthair

1.I gcás ina bhfuil na fáltais, lena náirítear cúiteamh ar dhamáiste, ó dhiúscairt sócmhainne in‑dímheasa seasta nó talún le hath‑infheistiú i sócmhainn chomhchosúil lena húsáid don fheidhm ghnó chéanna nó feidhm ghnó chomhchosúil roimh dheireadh an dara bliain fhioscach tar éis na bliana fioscaí inar tharla an diúscairt, féadfar an méid, a bhfuil na fáltais sin níos mó ná an luach chun críocha cánach na sócmhainne, a asbhaint i mbliain na diúscartha. Maidir le sócmhainn a dhiúscraítear go deonach, ní mór é a bheith sealbhaithe ar feadh 3 bliana ar a laghad roimh an diúscairt.

2.Féadfar an tsócmhainn athsholáthair dá dtagraítear i mír 1 a cheannach sa bhliain fhioscach roimh an diúscairt. I gcás nach gceannaítear an tsócmhainn athsholáthair roimh dheireadh an dara bliain fhioscach tar éis na bliana inar tharla diúscairt na sócmhainne, agus cé is moite de chásanna force majeure, cuirfear an méid a asbhaineadh i mbliain na diúscartha, arna mhéadú faoi 10 %, leis an réamhthoradh cánach sa dara bliain fhioscach tar éis don diúscairt tarlú.

Airteagal 19
Ioncaim agus speansais i ndáil le sócmhainní seasta faoi réir dímheasa

1.Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comhalta de ghrúpa BEFIT chun na méideanna seo a leanas a eisiamh:

(a)costais éadála nó foirgníochta chomh maith le costais a bhaineann le feabhsú sócmhainní seasta atá in‑dímheasa i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Roinn 3; agus

(b)fóirdheontais atá nasctha go díreach le héadáil, foirgníocht nó feabhsú na sócmhainní sin.

2.Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comhalta de ghrúpa BEFIT chun nach náireofar ach méid na hasbhainte i ndáil le dímheas sócmhainní seasta mar a chinntear in Airteagail 22 go 28.

Airteagal 20
Gnóthachan nó caillteanas de thoradh malartú airgeadra

Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comhalta de ghrúpa BEFIT chun na méideanna seo a leanas a eisiamh:

(a)an méid d’aon ghnóthachan nó caillteanas de thoradh malartú airgeadra eachtraigh neamhréadaithe i ndáil le sócmhainní seasta agus dliteanais;

(b)an méid d’aon fhoráil arna taifead le haghaidh caillteanas de thoradh malartú airgeadra eachraigh neamhréadaithe.

Airteagal 21
Coigeartuithe i ndáil le míreanna áirithe (míreanna a fhágtar do Bhallstáit tar éis leithdháileadh)

Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comhalta de ghrúpa BEFIT chun aon mhéid a bhaineann leis na míreanna a liostaítear in Airteagal 48(1), pointí (a) go (j) a eisiamh ón réamhthoradh cánach.

Roinn 3
Dímheas

Airteagal 22
Modh dímheasa agus fad dímheasa

1.Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comhalta de ghrúpa BEFIT chun aon sócmhainn inláimhsithe sheasta a eisiamh, sa bhliain fhioscach éadála, sócmhainn ag a bhfuil luach de réir na leabhar roimh dhímheas atá faoi bhun EUR 5 000.

2.I gcás nach bhfuil feidhm ag mír 1, déanfar sócmhainní seasta a dhímheas go haonarach i gcaitheamh a saolré ionchais de réir méid chothroim. Cinnfear saolré ionchais sócmhainne seasta mar a leanas:

(a)na foirgnimh uile chomh maith le haon chineál maoine dochorraithe agus struchtúr atá in úsáid don ghnó: 28 mbliana;

(b)na sócmhainní inláimhsithe seasta uile eile: a saolré ionchais mar a ndéantar measúnú uirthi i gcomhréir leis an gcaighdeán cuntasaíochta inghlactha san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 7;

(c)sócmhainní inláimhsithe seasta, lena náirítear cáilmheas atá faighte: an tréimhse a bhfuil cumhdach dlíthiúil ag an tsócmhainn nó an tréimhse dar deonaíodh an ceart agus, i gcás nach féidir an tréimhse sin a chinneadh, 5 bliana.

3.Déanfar sócmhainní seasta athláimhe a dhímheas i gcomhréir le mír 2, mura léireoidh comhalta de ghrúpa BEFIT go bhfuil an tsaolré ionchais mheasta atá fágtha ag an tsócmhainn níos giorra, agus sa chás ina ndéanfar í a dhímheas i gcaitheamh na tréimhse is giorra sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, déanfar sócmhainní doláimhsithe seasta athláimhe a dhímheas i gcaitheamh 5 bliana, ach amháin más féidir an tréimhse atá fágtha ina bhfuil cumhdach dlíthiúil ag an tsócmhainn nó an tréimhse atá fágtha dar deonaíodh an ceart a chinneadh, agus sa chás sin déanfar í a dhímheas i gcaitheamh na tréimhse eile sin.

4.Asbhainfear dímheas ar bhonn míosúil ón mí a thosaigh úsáid na sócmhainne seasta. Ní asbhainfear aon dímheas i mí dhiúscairt na sócmhainne.

5.Maidir leis an luach chun críoch cánach a ghabhann le sócmhainn sheasta a dhiúscraítear, nó sócmhainn sheasta dá ndéantar damáiste a mhéid nach féidir í a úsáid don ghnó a thuilleadh, agus an luach chun críoch cánach a ghabhann le haon chostas feabhsúcháin arna thabhú i ndáil leis an tsócmhainn sin, asbhainfear na luachanna sin ón réamhthoradh cánach i mí na diúscartha nó an damáiste.

Airteagal 23
Teidlíocht i ndáil le dímheas

1.Faoi réir mhír 3, déanfaidh an túinéir eacnamaíoch dímheas a asbhaint.

2.I gcás conarthaí nach ag an duine céanna atá an úinéireacht eacnamaíoch agus an úinéireacht dhlíthiúil, beidh an túinéir eacnamaíoch i dteideal eilimint úis na níocaíochtaí a asbhaint dá réamhthoradh cánach, mura náirítear an eilimint sin i réamhthoradh cánach nó bonn cánach an úinéara dhlíthiúil, de réir mar a bheidh, ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil an túinéir dlíthiúil ina chomhalta eile de ghrúpa BEFIT.

3.Mura féidir úinéir eacnamaíoch sócmhainne a shainaithint, beidh an túinéir dlíthiúil i dteideal an dímheas a asbhaint. I gcás conarthaí léasúcháin áireofar eilimint úis agus eilimint chaipitil na níocaíochtaí léasa i réamhthoradh cánach an úinéara dhlíthiúil agus más comhalta de ghrúpa BEFIT é an léasaí, eiseofar na híocaíochtaí sin óna réamhthoradh cánach.

4.Ní fhéadfaidh níos mó ná cáiníocóir amháin sócmhainn sheasta a dhímheas laistigh de bhliain fhioscach, mura roinntear an úinéireacht dhlíthiúil nó an úinéireacht eacnamaíoch idir níos mó cáiníocóirí, nó murar athraíodh úinéir eacnamaíoch nó úinéir dlíthiúil na sócmhainne.

5.Ní fhéadfaidh comhalta de ghrúpa BEFIT dímheas a shéanadh.

Airteagal 24
Bonn dímheasa

1.Cuimseofar sa bhonn dímheasa costais a bhaineann go díreach le héadáil, foirgníocht, nó feabhsú sócmhainne seasta. Ní áireofar sna costais sin cáin bhreisluacha inasbhainte, ús, ná toradh aon chleachtaidh athluachála nó lagúcháin.

2.Is éard a bheidh i mbonn dímheasa sócmhainne a fhaightear mar bhronntanas a margadhluach mar a áirítear é i gcuntais airgeadais an chomhalta de ghrúpa BEFIT.

3.Laghdófar bonn dímheasa sócmhainne seasta faoi réir dímheasa faoi mhéid aon fhóirdheontais phoiblí atá nasctha go díreach le héadáil, foirgníocht, nó feabhsú na sócmhainne, dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (b).

4.Ní chuirfear san áireamh dímheas sócmhainní seasta nach bhfuil ar fáil lena núsáid, nó nár úsáideadh le breis agus 12 mhí ar chúiseanna nach bhfuil smacht ag an gcomhalta de ghrúpa BEFIT orthu.

Stopfaidh an dímheas ón mí tar éis na míosa inar tháinig deireadh leis an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus cuirfear tús leis arís ón mí tar éis na míosa inar tosaíodh ar an tsócmhainn a úsáid arís.

5.I gcás inar diúscraíodh sócmhainn sheasta in‑dímheasa agus inar cuireadh sócmhainn nua ina hionad i gcomhréir leis na rialacha in Airteagal 18, laghdófar bonn dímheasa na sócmhainne athsholáthair faoin méid céanna a asbhaineadh i mbliain na diúscartha.

Airteagal 25
Clár sócmhainní seasta

1.Taifeadfar costais éadála, costais foirgníochta nó costais feabhsúcháin, in éineacht leis an dáta ar tosaíodh ar a núsáid tar éis na héadála, na foirgníochta nó an fheabhsúcháin, i gclár sócmhainní seasta i gcás gach sócmhainne seasta ar leithligh.

2.Nuair a dhiúscrófar sócmhainn sheasta, taifeadfar sonraí na diúscartha, lena náirítear dáta na diúscartha, agus aon fháltas nó cúiteamh arna fháil de thoradh na diúscartha sin, sa chlár sócmhainní seasta.

3.Coinneofar an clár sócmhainní seasta ar bhealach lena soláthraítear faisnéis leordhóthanach, lena náirítear sonraí dímheasa, chun an réamhthoradh cánach a ríomh agus áireofar ann an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)aitheantas na sócmhainne;

(b)dáta ar tosaíodh ar a húsáid;

(c)an bonn dímheasa;

(d)an tsaolré ionchais i gcomhréir le hAirteagal 22;

(e)an dímheas arna charnadh le linn na tréimhse cánach reatha;

(f)an dímheas carntha iomlán;

(g)an bonn dímheasa glan ar an dímheas carntha iomlán agus glan ar laghduithe eisceachtúla ar an luach;

(h)an mhí a scoireadh de ghearradh an dímheasa cánach nó a atosaíodh gearradh an dímheasa cánach;

(i)mí na diúscartha.

Airteagal 26
Dímheas costas feabhsúcháin

1.Déanfar costais feabhsúcháin a dhímheas i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an tsócmhainn sheasta ar feabhsaíodh í amhail is dá mbeadh gaol acu le sócmhainn sheasta nua arna fáil, lena náirítear a saolré ionchais i gcomhréir le hAirteagal 22(2).

D’ainneoin na chéad fhomhíre, déantar costais feabhsúcháin a bhaineann le sócmhainní seasta atá ar cíos a dhímheas i gcomhréir le hAirteagail 22(3) agus 23.

2.I gcás ina léiríonn an cáiníocóir go bhfuil an tsaolré ionchais mheasta atá fágtha ag sócmhainn sheasta in‑dímheasa níos giorra ná saolré ionchais na sócmhainne a shonraítear in Airteagal 22(2), déanfar na costais feabhsúcháin don tsócmhainn sin a dhímheas i gcaitheamh na tréimhse is giorra.

Airteagal 27
Sócmhainní nach bhfuil faoi réir dímheasa

Ní bheidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir dímheasa:

(a)sócmhainní seasta inláimhsithe nach bhfuil faoi réir caitheamh agus cuimilt ná dífheidhmeachta amhail talamh, mínealaín, seandachtaí, nó seodra;

(b)sócmhainní airgeadais.

Airteagal 28
Laghdú eisceachtúil ar luach

1.Comhalta de ghrúpa BEFIT a léiríonn gur tháinig laghdú ar luach sócmhainne seasta inláimhsithe nach bhfuil faoi réir dímheasa, dá dtagraítear in Airteagal 27, pointe (a), ag deireadh na bliana fioscaí de bharr force majeure nó gníomhaíochtaí coiriúla arna ndéanamh ag tríú páirtithe, féadfaidh an comhalta sin méid atá cothrom leis an laghdú sin ar luach a bhaint den réamhthoradh cánach.

2.I gcás ina dtagann méadú ar luach sócmhainne a bhí faoi réir dímheasa sa bhliain fhioscach roimhe sin, dá dtagraítear i mír 1, ina dhiaidh sin, cuirfear méid atá coibhéiseach leis an méadú sin leis an réamhthoradh cánach sa bhliain a tharlaíonn an méadú sin.

Mar sin féin, ní bheidh na breiseanna sin, ina n‑iomláine, níos mó ná méid an laghdaithe arna dheonú ar dtús.

ROINN 4
Rialacha maidir le
hUainiú agus Cainníochtú

Airteagal 29
Stoic agus obair idir lámha

1.Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais comhalta de ghrúpa BEFIT faoin difríocht idir luach na stoc agus luach na hoibre idir lámha ag tús agus ag deireadh na bliana fioscaí, cé is moite de stoic agus obair idir lámha a bhaineann le conarthaí fadtéarmacha mar a shainmhínítear in Airteagal 32.

2.Tomhaisfear costais na stoc agus na hoibre idir lámha go comhsheasmhach trí úsáid a bhaint as modh an ceann is túisce isteach, is túisce amach nó modh an mheánchostais ualaithe.

3.Costais stoc agus obair idir lámha a bhaineann le hítimí nach mbíonn idirmhalartaithe de ghnáth agus earraí nó seirbhísí a tháirgtear nó a sholáthraítear, de réir an cháis, agus a dheighiltear le haghaidh tionscadail shonracha, tomhaisfear iad go haonarach.

4.Úsáidfidh comhalta de ghrúpa BEFIT an modh céanna le haghaidh luacháil na stoc agus na hoibre idir lámha atá de chineál atá cosúil le chéile agus a bhfuil úsáid atá cosúil le chéile ag gabháil leo.

5.Cuimseofar i gcostas na stoc agus na hoibre idir lámha na costais cheannaigh, costais chlaochlúcháin dhíreacha agus na costais dhíreacha eile uile a tabhaíodh chun iad a thabhairt chomh fada leis an suíomh agus leis an riocht ina bhfuil siad nuair a fhaightear iad sa bhliain fhioscach ábhartha. Beidh na costais glan ar cháin bhreisluacha inasbhainte.

6.Cibé acu is ísle, costas nó glanluach inréadaithe, is aige sin a luachálfar stoic agus obair idir lámha ar an lá deireanach den bhliain fhioscach. Is éard is glanluach inréadaithe ann an praghas díola measta i ngnáthchúrsa an ghnó lúide costais mheasta an chomhlánaithe agus na costais mheasta is gá chun an díolachán a dhéanamh.

Airteagal 30
Forálacha

1.Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comhalta de ghrúpa BEFIT chun méid aon fhorála a dhícheadú.

2.De mhaolú ar mhír 1, ceadófar méid forála i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ag deireadh na bliana fioscaí:

(a)tá oibleagáid dhlíthiúil ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT, nó oibleagáid dhlíthiúil lena bhfuil coinne réasúnach;

(b)eascraíonn an oibleagáid sin as gníomhaíochtaí nó idirbhearta arna ndéanamh sa bhliain fhioscach sin nó i mblianta fioscacha roimhe sin;

(c)is féidir méid na forála a eascraíonn as an oibleagáid sin a mheas go hiontaofa;

(d)beidh speansas a bheidh inasbhainte faoin treoir seo de thoradh an mhéid, agus é glanta.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comhalta de ghrúpa BEFIT i gcónaí chun méid aon fhorála, a taifeadadh i ndáil le caillteanais theagmhasacha nó méaduithe ar chostais sa todhchaí, a dhícheadú.

3.I gcás ina mbaineann an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointe (a), le gníomhaíocht nó idirbheart a leanfaidh ar aghaidh sna blianta fioscacha sa todhchaí, roinnfear méid an forála go comhréireach thar fhad measta na gníomhaíochta nó an idirbhirt.

Déanfar athbhreithniú agus coigeartú ar na forálacha faoin Airteagal seo ag deireadh gach bliana fioscaí. Féachfar ar na méideanna arna mbaint cheana de bhun an Airteagail seo agus an réamhthoradh cánach á ríomh sna blianta fioscacha sa todhchaí.

Airteagal 31
Drochfhiacha

1.Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comhalta de ghrúpa BEFIT chun méid aon asbhainte arna taifead i ndáil le drochfhiach a dhícheadú ach amháin, faoi dheireadh na bliana, nach bhfuil asbhaint éilithe ag comhalta de ghrúpa BEFIT i gcomhréir le hAirteagal 28 agus má chomhlíontar ceann amháin de na ceanglais seo a leanas:

(a)tá na céimeanna uile réasúnacha dá dtagraítear i mír 2 glactha ag comhalta an ghrúpa chun an íocaíocht a lorg agus más dócha nach níocfar an fiach go hiomlán ná go páirteach; nó

(b)tá líon mór éileamh aonfhoirmeach ar fhiach ag comhalta an ghrúpa agus iad uile ag díorthú ón earnáil chéanna gníomhaíochta gnó agus táthar in ann méid an drochfhéich infhaighte a mheas go hiontaofa ar bhonn céatadáin, ar choinníoll go bhfuil luach gach éilimh aonfhoirmigh ar fhiach níos ísle ná 0,1 % de luach na néileamh aonfhoirmeach uile ar fhiach. Chun meastachán iontaofa a fháil, cuirfidh an comhalta de ghrúpa BEFIT na fachtóirí ábhartha uile san áireamh, lena náirítear a chuid taithí.

2.Nuair a chinntear cé acu a glacadh nó nár glacadh na céimeanna réasúnacha uile chun íocaíocht a lorg, cuirfidh an comhalta de ghrúpa BEFIT aon cheann de na heilimintí seo a leanas san áireamh, ar choinníoll go bhfuil siad bunaithe ar fhianaise oibiachtúil:

(a)cé acu atá nó nach bhfuil costais an bhailiúcháin díréireach leis an bhfiach;

(b)cé acu is dócha nó nach dócha go mbaileofaí an fiach, lena náirítear cásanna inar dearbhaíodh go raibh an féichiúnaí dócmhainneach, inar tionscnaíodh gníomh dlí nó ina bhfuil bailitheoir fiach páirteach sa chás;

(c)cé acu atá nó nach bhfuil sé réasúnach, ag brath ar na himthosca, coinne a bheith leis go lorgódh an cáiníocóir an bailiúchán.

3.I gcás ina mbaineann an drochfhiach le trádáil infhála, i dteannta na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 1, áireofar méid a bheidh comhfhreagrach don fhiach sa réamhthoradh cánach mar ioncam.

4.D’ainneoin mhír 1, coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais comhalta de ghrúpa BEFIT chun méid aon drochfhéich a dhícheadú i gcás inar comhalta eile de ghrúpa BEFIT nó fiontar comhlachaithe eile é an féichiúnaí nó, nuair is duine aonair é an féichiúnaí, cás ina bhfuil an féichiúnaí, a chéile nó a shinsear nó a shliochtach páirteach i mbainistiú nó rialú an chomhalta de ghrúpa BEFIT nó, ina bhfuil caipiteal an chomhalta de ghrúpa BEFIT ina sheilbh aige, go díreach nó go hindíreach.

5.I gcás ina bhfuil drochfhiach, a ghlantar i mbliain fhioscach ina dhiaidh sin, inasbhainte ag comhalta de ghrúpa BEFIT, méadófar a ghlanioncam nó a ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais do bhliain fhioscach an ghlanta faoin méid a aisghabhtar.

Airteagal 32
Conarthaí fadtéarmacha

1.Chun críoch an Airteagail seo, ciallaíonn conradh fadtéarmach conradh lena gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)tugtar i gcrích é chun críche monaraíochta, suiteála nó foirgníochta, nó chun seirbhísí a dhéanamh;

(b)tá an téarma a ghabhann leis níos faide ná 12 mhí nó tá coinne leis go mbeidh an téarma níos faide ná 12 mhí.

2.Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comhalta de ghrúpa BEFIT chun nach náireofar ach ioncaim a bhaineann le conradh fadtéarmach arna bhfabhrú don mhéid a chomhfhreagraíonn don chuid den chonradh fadtéarmach a tugadh i gcrích sa bhliain fhioscach ábhartha.

Chun na críche sin, cinnfear an céatadán den chonradh fadtéarmach atá tugtha i gcrích trí thagairt do chóimheas chostais na bliana fioscaí sin le costais mheasta fhoriomlána an chonartha fhadtéarmaigh.

3.Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas comhalta de ghrúpa BEFIT chun na costais uile a bhaineann le conarthaí fadtéarmacha a tabhaíodh le linn bliain fhioscach a cheadú.

Airteagal 33
Fálú

1.Maidir le gnóthachain agus caillteanais ar ionstraim fálaithe, a eascróidh as luacháil nó gníomhartha diúscartha, caithfidh comhalta de ghrúpa BEFIT leo ar an mbealach céanna a chaitear leis na gnóthachain agus na caillteanais chomhfhreagracha ar an mír fhálaithe.

Tá gaolmhaireacht fálaithe ann i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)déantar an ghaolmhaireacht fálaithe a ceapadh agus a dhoiciméadú go foirmiúil roimh ré;

(b)tá coinne leis go mbeidh an fálú an‑éifeachtach agus is féidir an éifeachtacht a thomhas go hiontaofa.

2.I gcás ina mbristear gaolmhaireacht fálaithe nó ina gcaitear le hionstraim airgeadais arna sealbhú cheana mar ionstraim fálaithe, rud a fhágfaidh go naistreofar í chuig córas cánach difriúil, áireofar aon difríocht idir margadhluach nua na hionstraime fálaithe ag deireadh na bliana fioscaí agus an margadhluach ag tús na tréimhse cánach céanna i réamhthoradh cánach an chomhalta de ghrúpa BEFIT.

Maidir le margadhluach na hionstraime fálaithe ag deireadh na bliana fioscaí, lena linn ar aistríodh an ionstraim sin chuig córas cánach difriúil, tiocfaidh sé lena margadhluach ag tús na bliana tar éis an aistrithe sin.

ROINN 5
Dul isteach i
nGrúpa BEFIT agus Grúpa BEFIT a Fhágáil agus Athstruchtúrú Corparáideach

Airteagal 34
Aithint, luacháil agus uainiú le haghaidh sócmhainní agus dliteanais a dhímheas
nuair a théitear isteach i ngrúpa BEFIT nó nuair a fhágtar grúpa BEFIT

1.Aithneofar na sócmhainní agus na dliteanais uile ar a luach, arna ríomh i gcomhréir leis an gcaighdeán cuntasaíochta inghlactha san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 7, go díreach roimh an dáta óna mbíonn feidhm ag an Treoir seo maidir leis an gcomhalta de ghrúpa BEFIT.

2.Maidir le sócmhainní agus dliteanais cuideachta nó buanbhunaíochta nach bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leo a thuilleadh, aithneofar iad ar a luach arna ríomh i gcomhréir leis an Treoir seo.

3.Ríomhfar dímheas sócmhainní cuideachta nó buanbhunaíochta a théann isteach i ngrúpa BEFIT nó a fhágann grúpa BEFIT i gcaitheamh bliain fhioscach i gcoibhneas leis an líon míonna féilire ina raibh an chuideachta nó an bhuanbhunaíocht bainteach leis an ngrúpa BEFIT sin sa bhliain fhioscach sin.

Airteagal 35
Cáiliú sócmhainní seasta nuair a théitear isteach i ngrúpa BEFIT

D’ainneoin na rialacha a leagtar síos i gCaibidil II, Roinn 3, i gcás ina n‑athraíonn cuideachta nó buanbhunaíocht ó chóras cánach corparáide Ballstáit chun dul isteach i ngrúpa BEFIT, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)I gcás nach ndearnadh sócmhainn sheasta lena ngabhann luach cuntasaíochta faoi bhun EUR 5 000 a dhímheas, go páirteach nó go hiomlán, ar an dáta a chuathas isteach i ngrúpa BEFIT, coigeartóidh an comhalta de ghrúpa BEFIT a ghlanioncam nó a ghlanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais chun an méid, a chomhfhreagraíonn don ghlanluach atá fágtha den tsócmhainn sheasta, atá le fáil sna cuntais airgeadais aonair ar an dáta a chuathas isteach, a eisiamh;

(b)I gcás, ar an dáta a chuathas isteach i ngrúpa BEFIT, ina bhfuil glanluach sna cuntais airgeadais aonair ag gabháil le sócmhainn sheasta amháin nó níos atá difriúil leis an nglanluach cánach, déanfar an méid iomlán a chomhfhreagraíonn don difríocht sin do na sócmhainní seasta uile lena mbaineann a chomhthiomsú i gcás gach comhalta de ghrúpa BEFIT sa bhliain fhioscach a théitear isteach i ngrúpa BEFIT agus roinnfear é thar thréimhse 5 bliana sa réamhthoradh cánach. Coigeartófar glanioncam nó glanchaillteanas gach comhalta de ghrúpa BEFIT dá réir sin.

Airteagal 36
Cáiliú conarthaí fadtéarmacha nuair a théitear isteach i ngrúpa BEFIT

1.Maidir leis an méid ioncam agus costas a mheastar, de bhun Airteagal 32, a bhí fabhraithe nó tabhaithe sula raibh feidhm ag an Treoir seo ach nár áiríodh sa bhonn cánach faoin dlí cánach corparáide náisiúnta b’infheidhme roimhe sin, déanfaidh cuideachta nó buanbhunaíocht a théann isteach i ngrúpa BEFIT coigeartú, i gcomhréir le rialacha an dlí náisiúnta maidir le huainiú, chun an méid sin a áireamh ina scair de bhonn cánach BEFIT arna chinneadh i gcomhréir le rialacha Chaibidil III.

2.Maidir le hioncaim conartha fhadtéarmaigh a bhí faoi réir cánach roimhe sin faoin dlí cánach corparáide náisiúnta roimhe ar mhéid ní b’airde ná an méid a d’áiritheofaí ina réamhthoradh cánach de bhun Airteagal 32, déanfaidh cuideachta nó buanbhunaíocht a théann isteach i ngrúpa BEFIT na hioncaim sin a asbhaint dá scair de bhonn cánach BEFIT, arna chinneadh i gcomhréir le rialacha Chaibidil III, sa chéad bhliain fhioscach.

3.I gcás ina bhfuil scair comhalta, de ghrúpa BEFIT, de bhonn cánach BEFIT i mbliain fhioscach níos ísle ná na méideanna is inasbhainte arna gcinneadh faoi mhíreanna 1 agus 2, tabharfar aon mhéid neamhfhaoisimh anonn agus déanfaidh an comhalta de ghrúpa BEFIT é a fhritháireamh in aghaidh a scaire de bhonn cánach BEFIT sna blianta fioscacha dár gcionn.

Airteagal 37
Forálacha, ioncaim agus asbhaintí nuair a théitear isteach i ngrúpa BEFIT

1.Ní bheidh forálacha agus asbhaintí drochfhéich dá dtagraítear in Airteagail 30 agus 31 inasbhainte ach a mhéid a eascróidh siad as gníomhaíochtaí nó idirbhearta a rinneadh tar éis don Treoir seo teacht i bhfeidhm maidir leis an gcomhalta de ghrúpa BEFIT.

2.Maidir le hioncaim a mheastar gur fabhraíodh iad sula raibh feidhm ag an Treoir seo maidir le comhalta de ghrúpa BEFIT, de bhun an chaighdeáin cuntasaíochta inghlactha is infheidhme san Aontas a úsáideadh i gcomhréir le hAirteagal 7, ach nár áiríodh iad ina bhonn cánach faoin dlí cánach corparáide náisiúnta b’infheidhme roimhe sin, cuirfear na hioncaim sin le scair leithdháilte an chomhalta den ghrúpa i gcomhréir le rialacha an dlí cánach corparáide náisiúnta is infheidhme maidir le huainiú.

3.Maidir le speansais a tabhaíodh tar éis don Treoir seo teacht i bhfeidhm maidir le comhalta de ghrúpa BEFIT, ach a tabhaíodh i ndáil le gníomhaíochtaí nó idirbhearta a rinneadh ní ba luaithe agus nach ndearnadh aon asbhaint ina leith faoin dlí cánach corparáide náisiúnta is infheidhme, asbhainfear na speansais sin in aghaidh chuid leithdháilte an chomhalta den ghrúpa.

I gcás ina dtabhaítear speansais dá dtagraítear sa chéad fhomhír breis agus 5 bliana tar éis do chuideachta nó buanbhunaíocht dul isteach i ngrúpa BEFIT, asbhainfear na speansais sin dá réamhthoradh cánach roimh chomhiomlánú agus leithdháileadh brabúis.

Maidir le speansais a tabhaíodh faoi dhlí cánach corparáide náisiúnta nach raibh asbhainte nuair a tháinig an Treoir seo i bhfeidhm maidir le comhalta de ghrúpa BEFIT, ní bheidh siad sin inasbhainte ach amháin in aghaidh a scaire de bhonn cánach BEFIT, arna ríomh i gcomhréir le Caibidil III, i méideanna cothroma thar 5 bliana fhioscacha. Beidh speansais a bhaineann le costais iasachtaíochta inasbhainte i gcomhréir le hAirteagal 13.

I gcás nach leor an scair de bhonn cánach BEFIT, a leithdháileadh ar chomhalta de ghrúpa BEFIT i mbliain fhioscach, chun na méideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa tríú fomhír a asbhaint ina n‑iomláine, tabharfar na méideanna neamhfhaoisimh anonn agus déanfaidh an comhalta de ghrúpa BEFIT iad a fhritháireamh in aghaidh a scaire de bhonn cánach BEFIT sna blianta fioscacha dár gcionn.

4.Maidir le haon mhéid a asbhaineadh sula raibh feidhm ag an Treoir seo maidir le comhalta de ghrúpa BEFIT, ní asbhainfear an méid sin arís.

Airteagal 38
Caillteanais sula ndeachthas isteach

I gcás ina dtéann cuideachta nó buanbhunaíocht isteach i ngrúpa BEFIT, asbhainfear aon chaillteanas neamhfhaoisimh a tabhaíodh roimh an dáta a chuathas isteach, i gcomhréir le dlí cánach corparáide an Bhallstáit ina bhfuil cónaí cánach uirthi nó ina bhfuil sí suite, dá scair de bhonn cánach BEFIT arna chinneadh i gcomhréir le Caibidil III.

Airteagal 39
Foirceannadh grúpa

1.I gcás ina bhfoirceanntar grúpa BEFIT, cuirfear deireadh leis an mbliain fhioscach agus leithdháilfear bonn cánach BEFIT de chuid na bliana fioscaí sin ar gach comhalta de ghrúpa BEFIT i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i gCaibidil III.

2.Ríomhfar dímheas shócmhainní na gcomhaltaí de ghrúpa BEFIT i mbliain fhioscach fhoirceannadh ghrúpa BEFIT i gcoibhneas leis an líon míonna féilire a d’oibrigh grúpa BEFIT sa bhliain fhioscach sin.

Airteagal 40
Atheagruithe gnólachta

1.Gan dochar d’Airteagal 9, maidir le comhalta de ghrúpa BEFIT a dhiúscraíonn sócmhainní agus dliteanais le linn bliain fhioscach, áireoidh sé an gnóthachan nó an caillteanas a eascraíonn as an diúscairt sin sa ríomh ar a réamhthoradh cánach.

Maidir le comhalta de ghrúpa BEFIT a fhaigheann sócmhainní agus dliteanais, cinnfidh sé a ioncam nó a chaillteanas tráth na diúscartha bunaithe ar mhargadhluach na sócmhainní agus na dliteanas faighte mar atá tráth na héadála.

2.D’ainneoin mhír 1, i gcás ina naistrítear sócmhainní agus dliteanais i gcomhthéacs atheagrúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 2009/133/CE ón gComhairle 34 :

(a)maidir leis an gcomhalta de ghrúpa BEFIT a dhiúscraíonn na sócmhainní agus na dliteanais, eiseoidh sé an gnóthachan nó an caillteanas, de thoradh na diúscartha, ón ríomh ar a réamhthoradh cánach;

(b)maidir leis an gcomhalta de ghrúpa BEFIT a fhaigheann na sócmhainní agus na dliteanais, cinnfidh sé a réamhthoradh cánach, sa bhliain fhioscach sin agus sna blianta fioscacha dár gcionn, ag úsáid an luacha chun críoch cánach, mar atá tráth an aistrithe agus mar a shainmhínítear é faoi Airteagal 4 de Threoir 2009/133/CE.

Airteagal 41
Dícheadú diúscairtí scaireanna díolmhaithe

1.D’ainneoin Airteagal 9, i gcás ina bhfágann comhalta de ghrúpa BEFIT grúpa BEFIT, de thoradh diúscairt scaireanna, agus le linn na bliana fioscaí sin nó le linn na bliana fioscaí roimhe sin fuair an comhalta sin de ghrúpa BEFIT sócmhainn sheasta amháin nó níos mó, in idirbheart laistigh de ghrúpa BEFIT, áireofar méid a chomhfhreagraíonn don ghnóthachan nó caillteanas a eascraíonn as diúscairt na sócmhainní seasta sin laistigh de ghrúpa BEFIT i nglanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomhalta de ghrúpa BEFIT a raibh na sócmhainní ina sheilbh aige roimh an diúscairt laistigh de ghrúpa BEFIT.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má léiríonn an comhalta de ghrúpa BEFIT go ndearnadh an t‑idirbheart laistigh de ghrúpa BEFIT ar chúiseanna bailí tráchtála.

2.Maidir leis an méid a chomhfhreagraíonn don ghnóthachan nó caillteanas a eascraíonn as an diúscairt laistigh de ghrúpa BEFIT dá dtagraítear i mír 1, is éard a bheidh ann margadhluach na sócmhainní seasta tráth a fhágann an comhalta de ghrúpa BEFIT an grúpa lúide an luach chun críoch cánach de na sócmhainní seasta nó de na costais dá dtagraítear in Airteagal 29.

3.Measfar go bhfuil an gnóthachan nó an caillteanas a eascraíonn as diúscairt laistigh de ghrúpa BEFIT faighte ag an gcomhalta de ghrúpa BEFIT sin a raibh an tsócmhainn/na sócmhainní ina sheilbh aige roimh an idirbheart laistigh de ghrúpa BEFIT dá dtagraítear i mír 1.

CAIBIDIL III
COMHIOMLÁNÚ NA RÉAMHTHORTHAÍ CÁNACH AGUS LEITHDHÁILEADH BHONN CÁNACH BEFIT

Roinn 1
Bonn cánach BEFIT

Airteagal 42
Ríomh bhonn cánach BEFIT

1.Comhiomlánófar réamhthorthaí cánach chomhaltaí uile ghrúpa BEFIT, arna gcinneadh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i gCaibidil II, chun bonn cánach BEFIT a fháil.

2.An áit ina bhfuil bonn cánach BEFIT i mbliain faoi leith:

(a)méid deimhneach, leithdháilfear an brabús i gcomhréir le hAirteagal 45;

(b)méid diúltach, tabharfar an caillteanas anonn agus fritháireofar é in aghaidh an chéad bhoinn cánach BEFIT dheimhnigh eile.

3.Chun críoch mhír 1, comhshófar réamhthoradh cánach gach comhalta de ghrúpa BEFIT go Euro (EUR) ar an ráta malairte arna eisiúint ag an mBanc Ceannais Eorpach mar a bhí an lá deireanach den bhliain féilire nó, mura dtagann an bhliain fhioscach leis an mbliain féilire, an lá deireanach den bhliain fhioscach.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina bhfuil cónaí ar an eintiteas is comhdaitheoir, chun críoch cánach, i mBallstát nach bhfuil EUR glactha aige, comhshófar réamhthoradh cánach gach comhalta de ghrúpa BEFIT go dtí an t‑airgeadra is dlíthairiscint sa Bhallstát sin.

Airteagal 43
Cánacha siarchoinneálacha agus cánachas foinse eile

1.Ní fhorchuirfidh na Ballstáit cánacha siarchoinneálacha ná aon chánachas foinse eile ar idirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT ach mura comhalta de ghrúpa BEFIT é úinéir tairbhiúil na híocaíochta.

2.I gcás ina gcuireann Ballstát cáin shiarchoinneálach i bhfeidhm maidir le híocaíocht ríchíosanna nó úis arna déanamh ag comhalta de ghrúpa BEFIT le faighteoir nach comhalta den ghrúpa BEFIT céanna é nó i gcur i bhfeidhm mhír 1, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme den dlí náisiúnta agus coinbhinsiúin chánachais dúbailte, roinnfear an cháin shiarchoinneálach, don bhliain fhioscach a ghearrtar í, ar na Ballstáit ag úsáid an mhodha leithdháilte dá dtagraítear in Airteagal 45.

Airteagal 44
Creidmheasanna cánach ar ioncam ar an ngearrtar cáin ag an bhfoinse

1.I gcás ina ndíorthaíonn comhalta de ghrúpa BEFIT ioncam ar ar gearradh cáin i mBallstát eile nó i dtríú tír, deonófar creidmheas cánach i gcomhréir leis an gcoinbhinsiún cánachais dúbailte is infheidhme nó leis an dlí náisiúnta agus roinnfear é ar na comhaltaí de ghrúpa BEFIT ag úsáid mhodh leithdháilte na bunlíne dá dtagraítear in Airteagal 45.

2.De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní dheonófar aon chreidmheas cánach i gcás nach náirítear an tioncam arna dhíorthú ag comhalta de ghrúpa BEFIT ina ghlanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais i gcomhréir le hAirteagail 8, 9 nó 12.

3.Ríomhfar an creidmheas cánach dá dtagraítear i mír 1 ar leithligh do gach Ballstát nó tríú tír chomh maith le gach cineál ioncaim. Ní bheidh sé níos mó ná an méid a bheidh ann tar éis ráta cánach corparáide an Bhallstáit, ina bhfuil cónaí ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT chun críoch cánach nó ina bhfuil sé suite i bhfoirm buanbhunaíochta, a chur i bhfeidhm maidir leis an ioncam a shanntar don chomhalta sin de ghrúpa BEFIT.

Agus an creidmheas cánach dá dtagraítear i mír 1 ríomh, laghdófar méid an ioncaim faoi mhéid na speansas inasbhainte ábhartha.

Roinn 2
Leithdháileadh Bhonn Cánach BEFIT

Airteagal 45
Riail maidir le leithdháileadh idirthréimhseach

1.I gcás gach bliana fioscaí idir an 1 Iúil 2028 agus an 30 Meitheamh 2035 ar a dhéanaí (‘an idirthréimhse’), leithdháilfear bonn cánach BEFIT ar na comhaltaí de ghrúpa BEFIT i gcomhréir leis an gcéatadán leithdháilte bunlíne.

I gcás grúpaí a bheidh faoi réir na Treorach seo tar éis dheireadh na chéad bhliana fioscaí ina mbeidh feidhm ag an Treoir seo, foirceannfar an idirthréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoin 30 Meitheamh 2035 ar a dhéanaí.

2.Toradh an ríofa seo a leanas a bheidh sa chéatadán leithdháilte bunlíne i gcás gach comhalta de ghrúpa BEFIT:

Leithdháileadh bunlíne = *100

I gcás inarb amhlaidh:

(a)gurb é meán na dtorthaí inchánach sna 3 bliana fhioscacha roimhe sin toradh inchánach comhalta de ghrúpa BEFIT.

Maidir leis an gcéad bhliain fhioscach a bheidh grúpa BEFIT faoi réir na Treorach seo, cinnfear na torthaí inchánach sin i gcomhréir le rialacha cánach corparáide náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT chun críoch cánach nó ina bhfuil sé suite i bhfoirm buanbhunaíochta.

Maidir leis an dara bliain fhioscach a bheidh grúpa BEFIT faoi réir na Treorach seo, cinnfear na torthaí inchánach sin i gcomhréir le Caibidil II den Treoir seo don chéad bhliain fhioscach ina bhfuil grúpa BEFIT faoi réir na Treorach seo agus i gcomhréir le rialacha náisiúnta an Bhallstáit i gceist don 2 bhliain fhioscacha roimhe sin.

Maidir leis an tríú bliain fhioscach a bheidh grúpa BEFIT faoi réir na Treorach seo, cinnfear na torthaí inchánach sin i gcomhréir le Caibidil II den Treoir seo don chéad 2 bhliain fhioscacha ina bhfuil grúpa BEFIT faoi réir na Treorach seo agus i gcomhréir le rialacha náisiúnta an Bhallstáit i gceist don bhliain fhioscach díreach roimhe sin.

Cinnfear na torthaí inchánach sin i gcomhréir le Caibidil II den Treoir seo ón gceathrú bliain fhioscach a bheidh grúpa BEFIT faoi réir na Treorach seo.

(b)gurb é a bheidh i dtoradh inchánach iomlán ghrúpa BEFIT suimiú mheán na dtorthaí inchánach, dá dtagraítear i bpointe (a), de na comhaltaí uile de ghrúpa BEFIT sna 3 bliana fhioscacha roimhe sin.

Chun críoch na míre seo, socrófar céatadán leithdháilte bunlíne comhalta de ghrúpa BEFIT, ag a bhfuil toradh inchánach atá diúltach, ar nialas.

3.Chun críoch mhír 2, déanfaidh na Ballstáit a gcreat measúnúcháin riosca maidir le praghsáil idirbheart laistigh de ghrúpa BEFIT a struchtúrú mar a leanas:

(a)crios ísealriosca: maidir leis an speansas arna thabhú, nó an tioncam arna shaothrú, ag comhalta de ghrúpa BEFIT ó idirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT, cás ina méadaítear an speansas nó an tioncam sin faoi níos lú ná 10 % i gcomparáid le meánspeansas nó meánioncam ó idirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT sna 3 bliana fhioscacha roimhe sin;

(b)crios ardriosca: maidir leis an speansas arna thabhú, nó an tioncam arna shaothrú, ag comhalta de ghrúpa BEFIT ó idirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT, cás ina méadaítear an speansas nó an tioncam sin faoi 10 % nó níos mó i gcomparáid le meánspeansas nó meánioncam ó idirbhearta laistigh de ghrúpa BEFIT sna 3 bliana fhioscacha roimhe sin.

4.Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí chun a gcur chuige i ndáil le comhlíontacht riosca a struchtúrú i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)crios ísealriosca: glacfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann leis go bhfuil praghsáil idirbheart laistigh de ghrúpa BEFIT de chomhalta sonrach den ghrúpa i gcomhréir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách;

(b)crios ardriosca: glacfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann leis nach bhfuil praghsáil idirbheart laistigh de ghrúpa BEFIT de chomhalta sonrach den ghrúpa i gcomhréir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách agus ní aithneofar an chuid den mhéadú atá níos mó ná 10 % chun céatadán leithdháilte bunlíne an chomhalta sin de ghrúpa BEFIT a ríomh.

D’ainneoin na rialach a leagtar amach sa chéad fhomhír de phointe (b), beidh comhalta de ghrúpa BEFIT i dteideal fianaise a sholáthar d’údarás inniúil an Bhallstáit, ina bhfuil cónaí air chun críoch cánach nó ina bhfuil sé suite i bhfoirm buanbhunaíochta, go socraítear praghsáil na n‑idirbheart ábhartha laistigh de ghrúpa BEFIT i gcomhréir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách. Sa chás sin, maidir le méid iomlán an speansais ón idirbheart i gceist laistigh de ghrúpa BEFIT, a dtugtar fianaise ina leith, aithneofar é chun céatadán leithdháilte bunlíne an chomhalta sin de ghrúpa BEFIT a ríomh.

5.D’ainneoin Airteagal 13(2), maidir leis na róchostais iasachtaíochta dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle a eascraíonn as idirbheart idir comhaltaí de ghrúpa BEFIT, aithneofar iad chun céatadán leithdháilte bunlíne an chomhalta de ghrúpa BEFIT a thabhaíonn na costais sin a ríomh.

6.Má thagann athrú ar struchtúr ghrúpa BEFIT le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear i mír 1 toisc go dtéann comhaltaí nua leis an ngrúpa nó toisc go bhfágann comhaltaí an grúpa, déanfar an céatadán leithdháilte bunlíne a athríomh i gcomhréir le mír 2. I gcás gach comhalta de ghrúpa BEFIT, leithdháilfear bonn cánach BEFIT i gcomhréir leis an gcéatadán leithdháilte bunlíne don am atá fágtha do dtí deireadh na tréimhse sin, mura néilítear le hathruithe ina dhiaidh sin ar struchtúr ghrúpa BEFIT go ndéanfaí an céatadán leithdháilte bunlíne a athríomh.

7.Má thagann athrú ar struchtúr ghrúpa BEFIT le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear i mír 1 toisc go gcruthaítear cuideachta nua amháin nó níos mó, a cháilíonn mar chomhaltaí de ghrúpa BEFIT, ní bheidh na rialacha maidir le leithdháileadh bhonn cánach BEFIT, mar a leagtar síos i mír 2, infheidhme maidir le comhaltaí nua de ghrúpa BEFIT sa chéad bhliain fhioscach. Maidir le blianta fioscacha ina dhiaidh sin go dtí deireadh na hidirthréimhse sin, ríomhfar céatadán leithdháilte bunlíne na gcomhaltaí de ghrúpa BEFIT i gcomhréir le mír 2.

8.Má bhíonn grúpa faoi réir rialacha na Treorach seo tar éis an 1 Iúil 2028, ríomhfar an leithdháileadh bunlíne i gcomhréir le mír 2. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, leithdháilfear bonn cánach BEFIT ar na comhaltaí de ghrúpa BEFIT i gcaitheamh na coda a bheidh fágtha den idirthréimhse dá dtagraítear i mír 1.

9.Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar an bhforáil idirthréimhseach agus mar chuid de sin ullmhóidh sé staidéar ar chomhdhéanamh agus ualach féideartha fachtóirí foirmle roghnaithe agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na Comhairle faoi dheireadh an tríú bliain fhioscach le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear i mír 1. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil sé iomchuí, agus conclúidí na tuarascála sin á gcur san áireamh, féadfaidh sé togra reachtach a ghlacadh le linn na hidirthréimhse chun an Treoir seo a leasú trí mhodh do leithdháileadh bhonn cánach BEFIT a thabhairt isteach ag úsáid cionroinnt de réir foirmle agus bunaithe ar fhachtóirí.

10.Beidh feidhm i gcónaí ag na rialacha a leagtar síos i míreanna 1 go 8 go dtí go gcuirfear aon leasú orthu i bhfeidhm.

Airteagal 46
Gníomhaíochtaí réamhtheachtacha

1.De mhaolú ar Airteagail 42 go 45, i gcás ina ndéanann comhalta de ghrúpa BEFIT a phríomhghnó i réimse na ngníomhaíochtaí eastóscacha, sannfar a ioncaim, speansais agus míreanna inasbhainte eile a eascraíonn as na gníomhaíochtaí sin don chomhalta de ghrúpa BEFIT atá suite sa Bhallstát ina ndéantar an teastóscadh.

I gcás ina bhfuil breis agus comhalta amháin den ghrúpa cánach ina gcónaí chun críoch cánach sa Bhallstát ina ndéantar an t‑eastóscadh, sannfar na hioncaim, na speansais agus na míreanna inasbhainte eile a eascraíonn as na gníomhaíochtaí sin do gach comhalta den sórt sin de ghrúpa BEFIT, i gcomhréir lena gcéatadán leithdháilte bunlíne.

2.De mhaolú ar Airteagail 42 go 45, i gcás nach bhfuil aon chomhalta de ghrúpa BEFIT sa Bhallstát eastósctha, nó i gcás ina ndéantar an teastóscadh i ndlínse tríú tír, sannfar na hioncaim, na speansais agus na míreanna inasbhainte eile a eascraíonn as na gníomhaíochtaí sin don chomhalta de ghrúpa BEFIT dár fabhraíodh iad.

Airteagal 47
   Eisceacht do loingseoireacht nach gcumhdaítear le córas cánach tonnáiste, iompar ar uiscebhealaí intíre agus aeriompar

1.De mhaolú ar Airteagail 42 go 45 agus gan dochar d’Airteagal 15, eiseofar na hioncaim, na speansais agus na míreanna inasbhainte eile a eascraíonn as na gníomhaíochtaí seo a leanas ó bhonn cánach BEFIT in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)oibriú long i dtrácht idirnáisiúnta i gcás nach gcumhdaítear an toradh inchánach le córas cánach tonnáiste;

(b)oibriú aerárthaí i dtrácht idirnáisiúnta;

(c)oibriú bád a bhfuiltear á núsáid in iompar ar uiscebhealaí intíre.

Sannfar na hioncaim, na speansais agus na míreanna inasbhainte eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír don chomhalta sin de ghrúpa BEFIT ar bhonn idirbheart ar idirbheart agus beidh siad faoi réir coigeartuithe ar phraghsáil i gcomhréir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách.

2.Maidir le haon rannpháirtíocht i ngrúpa BEFIT nó rannpháirtíocht an chomhalta de ghrúpa BEFIT, dá dtagraítear i mír 1, cuirfear í sin san áireamh chun críoch Airteagal 5.

Airteagal 48
Míreanna is inasbhainte as an gcuid leithdháilte

1.Méadóidh nó laghdóidh comhalta de ghrúpa BEFIT a chuid leithdháilte de réir na míreanna seo a leanas:

(a)na caillteanais neamhfhaoisimh a tabhaíodh sula rabhthas faoi réir rialacha na Treorach seo, i gcomhréir le hAirteagal 38;

(b)ioncaim agus costais a fabhraíodh nó a tabhaíodh sula raibh feidhm ag an Treoir seo maidir leis an gcomhalta de ghrúpa BEFIT ach nach raibh áirithe ina bhonn cánach faoin dlí cánach corparáide náisiúnta b’infheidhme roimhe sin, i gcomhréir le hAirteagal 36(1);

(c)ioncaim conartha fhadtéarmaigh a bhí faoi réir cánach roimhe sin faoin dlí cánach corparáide náisiúnta ar mhéid ní b’airde ná an méid a d’áiritheofaí ina réamhthoradh cánach de bhun Airteagal 32, i gcomhréir le hAirteagal 36(2);

(d)ioncaim a fabhraíodh sula raibh feidhm ag an Treoir seo maidir le comhalta de ghrúpa BEFIT ach nár áiríodh ina bhonn cánach faoin dlí cánach corparáide náisiúnta b’infheidhme roimhe sin, i gcomhréir le hAirteagal 37(2);

(e)speansais a tabhaíodh tar éis do rialacha na Treorach seo teacht i bhfeidhm maidir le comhalta de ghrúpa BEFIT, ach a tabhaíodh i ndáil le gníomhaíochtaí nó idirbhearta a rinneadh ní ba luaithe agus nach ndearnadh aon asbhaint ina leith faoin dlí cánach corparáide náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 37(3);

(f)speansais a tabhaíodh faoi dhlí cánach corparáide náisiúnta nach raibh asbhainte nuair a tháinig an Treoir seo i bhfeidhm maidir leis an gcomhalta de ghrúpa BEFIT, i gcomhréir le hAirteagal 37(3), an tríú fomhír;

(g)aon mhéid neamhfhaoisimh arna thabhairt anonn i gcomhréir le hAirteagal 36(3) agus fomhír 4 d’Airteagal 37(3);

(h)bronntanais agus tabhartais do chomhlachtaí carthanachta a mhéid atá siad inasbhainte faoi dhlí cánach corparáide an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT chun críoch cánach nó ina bhfuil sé suite i bhfoirm buanbhunaíochta;

(i)soláthar pinsin a mhéid atá sé inasbhainte faoi dhlí cánach corparáide an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT chun críoch cánach nó ina bhfuil sé suite i bhfoirm buanbhunaíochta;

(j)cánacha áitiúla a mhéid atá siad inasbhainte faoi dhlí cánach corparáide an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT chun críoch cánach nó ina bhfuil sé suite i bhfoirm buanbhunaíochta.

2.Anuas ar na coigeartuithe a liostaítear i mír 1, féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh, trí mhíreanna breise, do mhéadú nó laghdú na coda leithdháilte de chomhaltaí de ghrúpa BEFIT a bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach nó atá suite i bhfoirm buanbhunaíochta sa Bhallstát sin.

Airteagal 49
Córais chánach bunaithe ar dháileadh

1.I gcás ina bhfuil cónaí ar chomhalta de ghrúpa BEFIT chun críoch cánach nó ina bhfuil sé suite i bhfoirm buanbhunaíochta i mBallstát ina gcuirtear i bhfeidhm córas cánach corparáide nach bhforchuirtear cáin ioncaim ar bhrabúis leis ach amháin nuair a dháiltear na brabúis sin, nó nuair a mheastar go ndáiltear iad, ar scairshealbhóirí, nó i gcás ina dtabhaíonn cuideachta speansais áirithe atá inchánach faoin dlí intíre (‘córas cánach bunaithe ar dháileadh’), coigeartófar an chuid a leithdháiltear ar an gcomhalta sin de ghrúpa BEFIT i gcomhréir le hAirteagal 45 faoi na dáiltí arna ndéanamh le linn na bliana fioscaí sin.

2.Ríomhfar coigeartú na coda leithdháilte mar a leanas:

I gcás inarb amhlaidh:

(a)go dtagraíonn an tIoncam Airgeadais don ioncam atá ar fáil le haghaidh dáiltí faoi chóras cánach bunaithe ar dháileadh, lena náirítear cúlchistí, do bhliain fhioscach.

(b)go dtagraíonn an Chuid Leithdháilte don scair a leithdháiltear don chomhalta de ghrúpa BEFIT don bhliain fhioscach i gcomhréir le hAirteagal 45, lena náirítear aon scair iarmharach ó na blianta fioscacha roimhe sin arna ríomh don chomhalta de ghrúpa BEFIT i gcomhréir le mír 4.

(c)go dtagraíonn na Dáiltí do dháiltí agus speansais eile a dhéanann an comhalta de ghrúpa BEFIT le linn na bliana fioscaí agus atá inchánach faoi chóras cánach bunaithe ar dháileadh.

3.I gcás ina bhfuil an chuid leithdháilte choigeartaithe de chomhalta de ghrúpa BEFIT arna ríomh i gcomhréir le mír 2 níos ísle ná a chuid leithdháilte, tabharfar an difríocht idir an dá mhéid anonn chuig an mbliain fhioscach dár gcionn agus cuirfear é leis an gcuid a leithdháiltear ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT sa bhliain fhioscach sin i gcomhréir leis an Airteagal seo.

4.Méadófar an chuid leithdháilte choigeartaithe arna ríomh i gcomhréir le mír 2 faoi speansais neamh‑inasbhainte a bheidh faoi réir cánach le linn na bliana fioscaí láithreach faoi chóras cánach bunaithe ar dháileadh sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT chun críoch cánach nó ina bhfuil sé suite i bhfoirm buanbhunaíochta.

CAIBIDIL IV
Cur Chuige Simplithe i ndáil le Comhlíonadh Praghsála Aistrithe

Airteagal 50
Critéir scóipe

1.Maidir leis na gníomhaíochtaí seo a leanas, i gcás ina ndéantar iad trí idirbhearta idir comhalta de ghrúpa BEFIT agus fiontar comhlachaithe lasmuigh de ghrúpa BEFIT, cuirfidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí sin faoi réir cur chuige simplithe i ndáil le comhlíonadh praghsála aistrithe:

(a)gníomhaíocht dáileacháin i gcás ina ndéantar í trí dháileoir ísealriosca, ar a dtugtar tuairisc i mír 2, a bhfuil cónaí air chun críoch cánach, nó atá suite i bhfoirm buanbhunaíochta, i mBallstát.

(b)gníomhaíocht monaraíochta i gcás ina ndéantar í trí mhonaróir conarthach, ar a dtugtar tuairisc i mír 3, a bhfuil cónaí air chun críoch cánach, nó atá suite i bhfoirm buanbhunaíochta, i mBallstát.

2.Chun críoch mír 1, pointe (a) a chur i bhfeidhm, is éard a bheidh i ndáileoir ísealriosca eintiteas a dháileann earraí a cheannaítear ó fhiontair chomhlachaithe. Gabhfaidh na gnéithe seo a leanas le gníomhaíocht an dáileacháin:

(a)tiocfaidh sé as teorannú cruinn an idirbhirt agus léireofar leis saintréithe atá ábhartha ó thaobh an gheilleagair de is féidir a phraghsáil go hiontaofa ag úsáid modh praghsála aistrithe leataobhach, agus an dáileoir ina pháirtí tástáilte;

(b)ní bheidh comhúinéireacht dhlíthiúil ná eacnamaíoch na maoine intleachtúla sna táirgí agus/nó sna seirbhísí a dháiltear i seilbh an dáileora;

(c)is í an ghníomhaíocht dáileacháin an phríomhfheidhm a dhéanfaidh an dáileoir;

(d)ní iompróidh an dáileoir aon riosca nó iompróidh sé rioscaí teoranta i ndáil leis an margadh, fardal agus droch‑chreidmheasanna.

3.Chun críoch pointe (b) de mhír 1 a chur i bhfeidhm, is éard a bheidh i monaróir conarthach eintiteas comhlachaithe a dhéanann gníomhaíocht monaraíochta faoi rialú príomhaí agus léiríonn na gnéithe seo a leanas:

(a)léireoidh an ghníomhaíocht monaraíochta, a thiocfaidh as teorannú cruinn an idirbhirt, saintréithe atá ábhartha ó thaobh an gheilleagair de is féidir a phraghsáil go hiontaofa ag úsáid modh praghsála aistrithe leataobhach, agus an teintiteas monaraíochta ina pháirtí tástáilte;

(b)ní bheidh comhúinéireacht dhlíthiúil ná eacnamaíoch na maoine intleachtúla sna táirgí monaraithe i seilbh an mhonaróra;

(c)is í an ghníomhaíocht monaraíochta an phríomhfheidhm a dhéanfaidh an monaróir;

(d)ní iompróidh an monaróir aon riosca nó iompróidh sé rioscaí teoranta i ndáil leis an bpraghas, margadh, fardal, úsáid acmhainne agus droch‑chreidmheasanna.

4.I gcás ina bhfuil lámh ag fiontar comhlachaithe i mbreis agus gníomhaíocht eacnamaíoch amháin, beidh sé faoi raon feidhme an chuir chuige shimplithe fós, ar choinníoll go gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)is féidir na gníomhaíochtaí eacnamaíocha seachas dáileadh nó monaraíocht a idirdhealú agus a phraghsáil ar leithligh go leordhóthanach;

(b)maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha seachas dáileadh nó monaraíocht, is féidir a mheas gur gníomhaíochtaí coimhdeacha iad agus go bhfuil siad neamhábhartha nó nach gcuireann siad luach mór leis an dáileadh nó leis an monaraíocht.

Airteagal 51
Creat comhlíontachta

1.Déanfaidh na Ballstáit a gcreat measúnúcháin riosca a struchtúrú do na gníomhaíochtaí a luaitear in Airteagal 50 ar bhealach chun na trí chrios riosca praghsála aistrithe a chuimsiú.

2.Cinnfear na criosanna riosca ag úsáid raon idircheathairíle na feidhmíochta brabúis a eascraíonn as tagarmharcanna poiblí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 53.

3.Déanfar measúnú riosca ar na gníomhaíochtaí in Airteagal 50 agus measfar ísealriosca, meánriosca nó ardriosca a bheith ag gabháil leo ag brath ar a bhfeidhmíocht bhrabúis i mbliain faoi leith, a chinntear faoi Airteagal 52, agus an staid ina bhfuil sí i gcomparáid le raon idircheathairíle an tacair is déanaí de thagarmharcanna poiblí arna nullmhú roimh dheireadh na bliana sin.

4.Cuirfidh Ballstáit an creat riosca seo a leanas i bhfeidhm:

Crios riosca

Feidhmíocht bhrabúis an pháirtí thástáilte i gcoibhneas leis na marcóirí brabúis AE

íseal

os cionn an 60ú peircintíl de thorthaí an tagarmhairc phoiblí

meánach

faoi bhun an 60Ú peircintíl ach os cionn an 40Ú peircintíl de thorthaí an tagarmhairc phoiblí

ard

faoi bhun an 40Ú peircintíl de thorthaí an tagarmhairc phoiblí

5.Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí chun a gcur chuige i ndáil le comhlíontacht riosca a struchtúrú i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)Crios ísealriosca: ní fhéadfaidh údaráis inniúla na mBallstát acmhainní comhlíontachta breise a chur ar fáil chun athbhreithniú eile a dhéanamh ar na torthaí praghsála aistrithe. Dá ainneoin sin, coinneoidh údaráis inniúla na mBallstát an ceart chun coigeartuithe praghsála aistrithe a dhéanamh ar chorrlaigh bhrabúis an cháiníocóra a thagann laistigh den chrios ísealriosca.

(b)Crios meánriosca: féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát faireachán a dhéanamh ar na torthaí, ag úsáid sonraí atá ar fáil, agus teagmháil a dhéanamh leis an gcáiníocóir, chun tuiscint níos fearr a fháil ar staid an cháiníocóra sula gcinnfidh siad cé acu a leithdháilfidh nó nach leithdháilfidh siad acmhainní comhlíontachta chun measúnuithe riosca agus iniúchtaí a dhéanamh.

(c)Crios ardriosca: féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a mholadh go ndéanfaidh an cáiníocóir athbhreithniú ar a bheartais praghsála aistrithe agus féadfaidh sé a chinneadh tús a chur le hathbhreithniú nó iniúchadh.

Airteagal 52
Tomhas ar an bhfeidhmíocht

1.Leagfaidh na Ballstáit an creat dlíthiúil iomchuí síos chun gur féidir lena núdaráis inniúla brabúsacht na gníomhaíochta dáileacháin a luaitear in Airteagal 50(2) a thomhas ag úsáid Tuilleamh roimh Ús agus Cáin i gcoibhneas le díolacháin mar tháscaire leibhéil brabúis.

2.Leagfaidh na Ballstáit an creat dlíthiúil iomchuí síos chun gur féidir lena núdaráis inniúla brabúsacht na gníomhaíochta monaraíochta a luaitear in Airteagal 50(3) a thomhas ag úsáid Tuilleamh roimh Ús agus Cáin i gcoibhneas leis na costais iomlána mar tháscaire leibhéil brabúis.

Airteagal 53
Tagarmharcanna Poiblí

1.Cinnfear an crios riosca do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 50 de réir an chineáil gníomhaíochta trí thagarmharcanna poiblí le haghaidh gníomhaíochtaí dáileacháin agus monaraíochta.

2.Beidh na tagarmharcanna poiblí le haghaidh gníomhaíocht dáileacháin ionadaíoch ar fheidhmíocht bhrabúis eintiteas neamhspleách a oibríonn sa mhargadh inmheánach agus a dhéanann gníomhaíocht dáileacháin, den chuid is mó, lena ngabhann saintréithe atá cosúil leis an ngníomhaíocht ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 50(2).

3.Beidh an tagarmharc poiblí le haghaidh gníomhaíocht monaraíochta ionadaíoch ar fheidhmíocht bhrabúis eintitis neamhspleácha a oibríonn sa mhargadh inmheánach agus a dhéanann gníomhaíocht monaraíochta, den chuid is mó, lena ngabhann saintréithe atá cosúil leis an ngníomhaíocht ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 50(3).

4.Cinnfear an crios riosca ag úsáid raon idircheathairíle mheán 5 bliana na feidhmíochta brabúis d’eintitis neamhspleácha a eascraíonn as na tagarmharcanna poiblí.

5.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme lena leagfar síos na socruithe praiticiúla riachtanacha, na critéir chuardaigh a shocrú chun nithe inchomparáide a shainaithint chun na tagarmharcanna iomchuí do ghníomhaíochtaí dáileacháin agus monaraíochta conarthaí lena ngabhann ísealriosca a bhunú. Foilseofar torthaí na dtagarmharcanna ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin, chun é a chur ar a gcumas do cháiníocóirí crios riosca a ngníomhaíochtaí a chinneadh. Déanfar na tagarmharcanna a thabhairt cothrom le dáta gach 3 bliana. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 73.

CAIBIDIL V
RIARACHÁN AGUS NÓSANNA IMEACHTA

Roinn 1
Forálacha ginearálta

Airteagal 54
Cruthú agus foirceannadh ghrúpa BEFIT

1.Cumhdófar grúpa BEFIT faoin Treoir seo go ceann tréimhse 5 bliana agus déanfar a héifeacht a athnuachan go huathoibríoch ag deireadh an chúigiú bliain, mura dtugtar fógra foirceanta ar an bhforas nach gcomhlíonann an grúpa coinníollacha Airteagal 2(1) a thuilleadh.

2.Maidir le grúpaí a roghnaigh go gcumhdófaí iad leis an Treoir seo i gcomhréir le hAirteagal 2(7), beidh siad ceangailte ar feadh tréimhse 5 bliana. Ag deireadh na tréimhse 5 bliana, scoirfidh na rialacha de bheith i bhfeidhm, mura dtugann an teintiteas is comhdaitheoir an rogha, chun an rogha a bheith cumhdaithe leis an Treoir seo a athnuachan, don údarás comhdaithe. Chuige sin, soláthróidh an teintiteas is comhdaitheoir fianaise don údarás comhdaithe go gcomhlíontar na ceanglais incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 2(7) agus nach bhfuil aon chúis ann chun é a eisiamh ón athnuachan.

Airteagal 55
Bliain fhioscach

1.Beidh an bhliain fhioscach chéanna, tréimhse 12 mhí a bheidh i gceist, ag comhaltaí uile ghrúpa BEFIT. Sa bhliain a rachaidh comhalta de ghrúpa BEFIT le grúpa BEFIT, tabharfaidh sé a bhliain fhioscach i gcomhréir le bliain fhioscach ghrúpa BEFIT.

2.Maidir le cuid leithdháilte comhalta de ghrúpa BEFIT, don bhliain a théann sé le grúpa BEFIT, ríomhfar an chuid sin i gcoibhneas leis an líon míonna féilire, ar bhain an comhalta de ghrúpa BEFIT le grúpa BEFIT lena linn.

3.Maidir le cuid leithdháilte comhalta de ghrúpa BEFIT, don bhliain a fhágann sé grúpa BEFIT, ríomhfar an chuid sin i gcoibhneas leis an líon míonna féilire, ar bhain an comhalta de ghrúpa BEFIT le grúpa BEFIT lena linn.

Airteagal 56
Athrú ar an eintiteas is comhdaitheoir

Ní fhéadfar an t‑eintiteas is comhdaitheoir a athrú, ach amháin mura gcomhlíonann sé na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(10). Ainmneoidh an grúpa eintiteas nua is comhdaitheoir ansin i gcomhréir le coinníollacha Airteagal 3(10). I gcás nach n‑ainmníonn an grúpa eintiteas is comhdaitheoir laistigh de 2 mhí tar éis don eintiteas ba chomhdaitheoir roimhe sin scor de chomhlíonadh na gcoinníollacha, ainmneoidh foireann BEFIT dá dtagraítear in Airteagal 60 eintiteas is comhdaitheoir do ghrúpa BEFIT.

Roinn 2
Tuairisceán Faisnéise BEFIT

Airteagal 57
Tuairisceán faisnéise BEFIT a chomhdú

1.Comhdóidh an teintiteas is comhdaitheoir tuairisceán faisnéise BEFIT ghrúpa BEFIT leis an údarás comhdaithe, ach amháin i gcás inar grúpa intíre é grúpa BEFIT.

2.Cuirfear tuairisceán faisnéise BEFIT faoi bhráid an údaráis comhdaithe tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheireadh na bliana fioscaí.

3.Cuimseofar an fhaisnéis seo a leanas i dtuairisceán faisnéise BEFIT:

(a)aitheantas an eintitis is comhdaitheoir agus aitheantas comhaltaí eile de ghrúpa BEFIT, lena náirítear a nuimhreacha aitheantais cánach, más infheidhme, agus an Ballstát ina bhfuil cónaí ar na comhaltaí de ghrúpa BEFIT chun críoch cánach nó ina bhfuil siad suite i bhfoirm buanbhunaíochta;

(b)faisnéis faoi struchtúr corparáide foriomlán ghrúpa BEFIT, lena náirítear leas úinéireachta sna comhaltaí de ghrúpa BEFIT arna shealbhú ag comhaltaí eile de ghrúpa BEFIT.

(c)an bhliain fhioscach lena mbaineann tuairisceán faisnéise BEFIT;

(d)faisnéis agus ríomh an mhéid seo a leanas:

(i)toradh réamhthoradh cánach gach comhalta de ghrúpa BEFIT;

(ii)bonn cánach BEFIT;

(iii)cuid leithdháilte gach comhalta de ghrúpa BEFIT;

(iv)faisnéis faoin ‘gcéatadán leithdháilte bunlíne’, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 45.

4.Tarchuirfidh an túdarás comhdaithe tuairisceán faisnéise BEFIT chuig údaráis inniúla na mBallstát uile ina bhfuil cónaí ar chomhaltaí de ghrúpa BEFIT chun críoch cánach nó ina bhfuil siad suite i bhfoirm buanbhunaíochta.

Airteagal 58
Fógra a thabhairt faoi earráidí i dtuairisceán faisnéise BEFIT

1.Tabharfaidh an teintiteas is comhdaitheoir fógra don údarás comhdaithe faoi earráidí i dtuairisceán faisnéise BEFIT laistigh de 2 mhí ó cuireadh an tuairisceán sin isteach.

2.Tarchuirfidh an túdarás comhdaithe tuairisceán faisnéise BEFIT athbhreithnithe chuig údaráis inniúla na mBallstát uile ina bhfuil cónaí ar chomhaltaí de ghrúpa BEFIT chun críoch cánach nó ina bhfuil siad suite i bhfoirm buanbhunaíochta.

Airteagal 59
Mura gcomhdaítear tuairisceán faisnéise BEFIT

I gcás nach gcomhdaíonn an t‑eintiteas is comhdaitheoir tuairisceán faisnéise BEFIT, déanfaidh an t‑údarás comhdaithe, i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát uile ina bhfuil cónaí ar chomhaltaí de ghrúpa BEFIT chun críoch cánach nó ina bhfuil siad suite i bhfoirm buanbhunaíochta, tuairisceán faisnéise BEFIT a eisiúint bunaithe ar mheastachán, agus an fhaisnéis atá ar fáil á cur san áireamh. Ina theannta sin, cuirfidh an t‑údarás comhdaithe an creat dlíthiúil i bhfeidhm ar phionóis i gcomhréir le hAirteagal°72. Féadfaidh an t‑eintiteas comhdaithe achomharc a dhéanamh in aghaidh an tuairisceáin faisnéise BEFIT sin.

Roinn 3
Foireann BEFIT

Airteagal 60
Foireann BEFIT a bhunú

1.Déanfar foireann BEFIT a reáchtáil laistigh de 1 mhí amháin tar éis comhdú thuairisceán faisnéise BEFIT, dá dtagraítear in Airteagal 57, chun go ndéanfar na cúramaí a leagtar amach in Airteagal 61 a fheidhmiú. Ina theannta sin, soláthróidh foireann BEFIT creat le haghaidh cumarsáid agus comhairliúchán i measc údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhaltaí den ghrúpa BEFIT céanna nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta. Nuair a rachaidh comhalta d’fhoireann BEFIT i gcomhairle le comhaltaí eile, gheobhaidh sé freagairt laistigh d’am réasúnach.

2.Is é a bheidh i gcomhdhéanamh fhoireann BEFIT ionadaí amháin nó níos mó ar gach údarás fioscach ábhartha a ghníomhóidh mar thoscaire nó mar thoscairí thar ceann gach Ballstáit ina bhfuil comhaltaí de ghrúpa BEFIT. Beidh toscaire an údaráis comhdaithe ina chathaoirleach ar fhoireann BEFIT.

3.Soláthrófar an fhaisnéis a chuirfear in iúl idir comhaltaí fhoireann BEFIT trí mheán leictreonach a mhéid is féidir, trí úsáid a bhaint as uirlis chomhair de chuid BEFIT.

4.Chun oibriú agus cumarsáid ag foireann BEFIT a éascú, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cur in iúl na faisnéise idir comhaltaí fhoireann BEFIT a chaighdeánú trí úsáid a bhaint as uirlis chomhair de chuid BEFIT. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 73.

Airteagal 61
Ról fhoireann BEFIT i dtuairisceán faisnéise BEFIT

1.Déanfaidh foireann BEFIT scrúdú ar iomláine agus cruinneas na faisnéise arna cur isteach i dtuairisceán faisnéise BEFIT mar a cheanglaítear in Airteagal 57, ach amháin ar thoradh an ríomha ar an réamhthoradh cánach do gach comhalta de ghrúpa BEFIT faoi phointe (d)(i) d’Airteagal 57(3).

2.Féachfaidh foireann BEFIT le comhthoil a bhaint amach maidir le hábhar thuairisceán faisnéise BEFIT, laistigh de 4 mhí ón dáta ar tuairiscíodh an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi Airteagal 57. Gan dochar d’Airteagal 65, i ndáil le hAirteagal 57(3), pointí (a), (b), (c) agus (d)(iv), is é an chiall a bheidh le comhthoil fhoireann BEFIT ná nach féidir na pointí sin a bheith faoi réir dúshlán ar bith amach anseo. Is faoi inniúlacht eisiach an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhalta an ghrúpa nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta a bheidh an cinneadh críochnaitheach i gcónaí maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal°57(3), pointí d(i), d(ii) agus d(iii).

3.Má bhaineann foireann BEFIT comhthoil amach maidir le tuairisceán faisnéise BEFIT, tabharfaidh an túdarás comhdaithe ar cuireadh an chéad tuairisceán faisnéise BEFIT faoina bhráid fógra don eintiteas comhdaithe maidir le tuairisceán faisnéise BEFIT.

4.Mura mbeidh foireann BEFIT in ann comhthoil a bhaint amach de bhun mhír°2 laistigh de 4°mhí ón dáta ar tuairiscíodh an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi Airteagal°57, measfar gur baineadh amach an chomhthoil sin má thugann comhaltaí fhoireann BEFIT a dtoil, trí mhóramh simplí na gcomhaltaí atá i láthair i gcomhréir le mír°5, maidir le tuairisceán faisnéise BEFIT a dhéanamh ag deireadh an cúigiú mí ón dáta ar tuairiscíodh an fhaisnéis. Má bhaineann foireann BEFIT comhthoil amach maidir le tuairisceán faisnéise BEFIT, tabharfaidh an túdarás comhdaithe ar cuireadh an chéad tuairisceán faisnéise BEFIT faoina bhráid fógra don eintiteas comhdaithe maidir le tuairisceán faisnéise BEFIT.

5.Chun críche teacht ar thromlach simplí de bhun mhír°4, leithdháilfear na cearta vótála ar gach údarás inniúil ar fhoireann BEFIT comhréireach leis an ioncam a thuil comhaltaí ghrúpa BEFIT a bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach ina gcríoch sa bhliain fhioscach ábhartha nó atá lonnaithe inti ar bhonn buanbhunaíochta. I gcás ina bhfuil an vóta scoilte go cothrom, beidh vóta réitigh ag an údarás comhdaithe. Éileoidh an córam go mbeidh dhá thrian de chomhaltaí fhoireann BEFIT ar a laghad i láthair. Mura mbeidh ann do chóram, beidh tuairisceán faisnéise BEFIT a comhdaíodh i gcéaduair mar bhonn do na tuairisceáin chánach aonair dá dtagraítear in Airteagal 62 agus do na measúnaithe cánach aonair dá dtagraítear in Airteagal 64. Tabharfaidh an túdarás comhdaithe ar cuireadh tuairisceán faisnéise BEFIT faoina bhráid fógra don eintiteas comhdaithe mura mbeidh ann do chóram.

ROINN 4
Tuairisceáin Chánach aonair agus Measúnuithe Cánach aonair

Airteagal 62
Na tuairisceáin chánach aonair a chomhdú

1.Déanfaidh gach comhalta de ghrúpa BEFIT a thuairisceán cánach aonair a chomhdú le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an gcomhalta sin de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanionadaíochta tráth nach déanaí ná 3°mhí tar éis dó an fógra a fháil ón údarás comhdaithe de bhun Airteagail 61(3) (4) nó(5), nó i gcás grúpa intíre, tráth nach déanaí ná 8 mí tar éis dheireadh na bliana fioscaí.

2.Cuimseofar faisnéis faoin na heilimintí seo a leanas sa tuairisceán cánach aonair:

(a)ríomh réamhthoradh cánach an chomhalta de ghrúpa BEFIT;

(b)an chuid a leithdháileadh ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT i gcomhréir le hAirteagal 45;

(c)na míreanna lena ndéanfar an chuid leithdháilte a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 48 sa Bhallstát ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta;

(d)creidmheasanna cánach a bhfuil feidhm acu, chun cáin eachtrach a mhaolú, sa Bhallstát ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta.

3.D’ainneoin na bhforálacha i mír 1, comhaltaí den ghrúpa BEFIT céanna a bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach sa Bhallstát céanna nó atá lonnaithe ann ar bhonn buanbhunaíochta, féadfaidh siad an rogha a dhéanamh tuairisceán cánach comhcheangailte aonair amháin a chomhdú sa Bhallstát sin.

Airteagal 63
Fógra a thabhairt faoi earráidí sa tuairisceán cánach aonair

1.Laistigh de 2°mhí tar éis tuairisceán den sórt sin a bheith curtha isteach go tráthúil tabharfaidh comhalta de ghrúpa BEFIT fógra faoi earráidí sa tuairisceán cánach aonair d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach air nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta.

2.Coigeartuithe a dhéanann difear do bhonn cánach BEFIT ghrúpa BEFIT, más gá iad a dhéanamh ar na hearráidí, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar chomhdaigh an comhalta de ghrúpa BEFIT a thuairisceán cánach aonair fógra a thabhairt láithreach fúthu, trí fhoireann BEFIT, d’údarás comhdaithe agus d’údaráis inniúla na mBallstát eile ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhaltaí den ghrúpa BEFIT céanna nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta.

3.Eiseoidh an túdarás comhdaithe tuairisceán faisnéise athbhreithnithe BEFIT laistigh de 1°mhí amháin agus tarchuirfidh sé an tuairisceán sin láithreach, trí fhoireann BEFIT, chuig údaráis inniúla na mBallstát uile ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhaltaí de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta. Údarás comhdaithe agus údaráis inniúla na mBallstát uile ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhaltaí de ghrúpa BEFIT céanna nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta, eiseoidh siad measúnuithe cánach leasaithe i gcomhréir le hAirteagal°64 i gcás inarb iomchuí.

4.D’ainneoin mhír°3, ní eiseofar aon mheasúnú cánach leasaithe chun bonn cánach BEFIT a choigeartú, i gcás nach mó cé acu is ísle de EUR 10°000 nó 1 % de bhonn cánach BEFIT an difríocht idir bonn cánach BEFIT a dearbhaíodh i gcéaduair agus bonn cánach athbhreithnithe BEFIT.

Airteagal 64
Measúnuithe cánach aonair

1.Eiseoidh údarás inniúil an Bhallstáit inar chomhdaigh comhalta de ghrúpa BEFIT a thuairisceán cánach aonair measúnú cánach aonair i gcomhréir leis an tuairisceán cánach aonair. Déanfar forfheidhmiú an dliteanais cánach a rialú le dlí an Bhallstáit sin.

2.I gcás ina gceanglaítear sin, eiseoidh údarás inniúil an Bhallstáit inar chomhdaigh an comhalta de ghrúpa BEFIT a thuairisceán cánach aonair measúnú cánach aonair. I gcás ina ndéanann coigeartuithe difear do bhonn cánach BEFIT, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar chomhdaigh an comhalta de ghrúpa BEFIT a thuairisceán cánach aonair fógra láithreach fúthu, trí fhoireann BEFIT, d’údarás comhdaithe agus údaráis inniúla na mBallstát uile eile ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar na comhaltaí eile de ghrúpa BEFIT céanna nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta.

3.Tar éis dó measúnú cánach leasaithe a fháil i gcomhréir le mír°2, eiseoidh an túdarás comhdaithe tuairisceán faisnéise athbhreithnithe BEFIT laistigh de 1°mhí amháin agus tarchuirfidh sé an tuairisceán sin láithreach, trí fhoireann BEFIT, chuig údaráis inniúla na mBallstát uile ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhaltaí de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta. Údarás comhdaithe agus údaráis inniúla na mBallstát eile ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhaltaí den ghrúpa BEFIT céanna nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta, eiseoidh siad measúnuithe cánach leasaithe i gcomhréir le mír°2, i gcás inarb iomchuí.

4.D’ainneoin mhír°3, ní eiseofar aon mheasúnú cánach leasaithe chun bonn cánach BEFIT a choigeartú, i gcás nach mó cé acu is ísle de EUR 10 000 nó 1 % de bhonn cánach BEFIT an difríocht idir bonn cánach BEFIT a dearbhaíodh i gcéaduair agus bonn cánach athbhreithnithe BEFIT.

ROINN 5
Iniúchtaí

Airteagal 65
Iniúchtaí

1.Féadfaidh údarás inniúil Bhallstáit tús a chur le hiniúchtaí ar chomhaltaí de ghrúpa BEFIT a bhfuil cónaí chun críoch cánach orthu sa Bhallstát sin nó atá lonnaithe ann ar bhonn buanionadaíochta agus féadfaidh sé na hiniúchtaí sin a chomhordú.

2.D’fhéadfadh sé go niarrfadh údarás inniúil Bhallstáit eile ina bhfuil comhalta amháin ar a laghad den ghrúpa BEFIT céanna ar údarás inniúil Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhalta de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta gabháil d’iniúchadh comhpháirteach leis an gcéad údarás. Déanfar iniúchtaí comhpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal°12 de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle 35 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais. D’ainneoin na rialach sin, glacfaidh an túdarás inniúil a iarradh air leis an iarraidh sin agus cuirfidh sé foireann BEFIT ar an eolas.

3.Déanfar iniúchadh (lena náirítear iniúchadh comhpháirteach) i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit ina ndéantar é, faoi réir na gcoigeartuithe sin a mbeidh gá leo chun cur chun feidhme cuí na Treorach seo a áirithiú. Féadfar a áireamh sna hiniúchtaí sin fiosrúcháin, cigireachtaí nó scrúduithe d’aon chineál chun críoch chomhlíontacht na Treorach seo ag cáiníocóir a fhíorú.

4.Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ina ndéantar an tiniúchadh nó an tiniúchadh comhpháirteach foireann BEFIT ar an eolas maidir le torthaí iniúchta nó iniúchta chomhpháirtigh a dhéanann difear don toradh ar leithdháileadh bhonn cánach BEFIT don bhliain fhioscach a dtagraíonn sé di. Cuirfidh comhaltaí eile fhoireann BEFIT a dtuairimí in iúl laistigh de 3°mhí.

5.Tar éis iniúchadh nó iniúchadh comhpháirteach a dhéanann difear don toradh ar leithdháileadh bhonn cánach BEFIT i mír 4, eiseoidh an túdarás comhdaithe tuairisceán faisnéise athbhreithnithe BEFIT laistigh de 1°mhí amháin agus tarchuirfidh sé an tuairisceán sin láithreach, trí fhoireann BEFIT, chuig údaráis inniúla na mBallstát uile ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhaltaí de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta. Údarás comhdaithe agus údaráis inniúla na mBallstát eile ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhaltaí den ghrúpa BEFIT céanna nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta, eiseoidh siad measúnuithe cánach leasaithe i gcomhréir le hAirteagal°64, i gcás inarb iomchuí.

6.D’ainneoin mhír°5, ní eiseofar aon mheasúnú cánach leasaithe chun bonn cánach BEFIT a choigeartú, i gcás nach mó cé acu is ísle de EUR 10 000 nó 1 % de bhonn cánach BEFIT an difríocht idir bonn cánach BEFIT a dearbhaíodh i gcéaduair agus bonn cánach athbhreithnithe BEFIT.

Roinn 6
Achomhairc

Airteagal 66
Achomhairc riaracháin i ndáil le tuairisceán faisnéise BEFIT

1.Féadfaidh an teintiteas achomharc a dhéanamh in aghaidh ábhar thuairisceán faisnéise BEFIT, i gcomhréir le hAirteagal°59, laistigh de 2°mhí tar éis eisiúint an tuairisceáin nó fógra a bheith tugtha faoi. Déanfaidh comhlacht riaracháin an tachomharc a éisteacht, ar comhlacht é atá inniúil achomhairc a éisteacht ag céadchéim i gcomhréir le dlí Bhallstát an údaráis comhdaithe. Is le dlí Bhallstát an údaráis comhdaithe a dhéanfar an tachomharc riaracháin a rialú. I gcás nach ann do chomhlacht riaracháin den sórt sin i mBallstát an údaráis comhdaithe, féadfaidh an comhalta de ghrúpa BEFIT achomharc breithiúnach a thaisceadh go díreach.

2.Agus aighneachtaí á gcur isteach chuig an gcomhlacht riaracháin aige, rachaidh an túdarás comhdaithe, de réir mar a bheidh, i gcomhairle, trí fhoireann BEFIT, le húdaráis inniúla eile na mBallstát ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhaltaí den ghrúpa BEFIT céanna nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta.

3.Déanfaidh an comhlacht riaracháin dá dtagraítear i mír 1 cinneadh faoin achomharc laistigh de 2 mhí. Mura mbeidh an cinneadh ag luí le céad tuairisceán faisnéise BEFIT, cuirfear an cinneadh sin in ionad thuairisceán faisnéise tionscnaimh BEFIT. Mura mbeidh aon chinneadh faighte ag an eintiteas comhdaithe laistigh den tréimhse sin, measfar go bhfuil tuairisceán faisnéise BEFIT deimhnithe.

4.D’ainneoin Airteagal 62(1), cuirfear tús leis an tréimhse ama i ndáil le tuairisceán cánach aonair a chomhdú tráth a ghlacfar an cinneadh maidir leis an achomharc nó tráth a mheasfar go bhfuil tuairisceán faisnéise BEFIT deimhnithe de bhun mhír 3.

Airteagal 67
Achomhairc riaracháin i ndáil le measúnuithe cánach aonair

1.Laistigh de 2°mhí tar éis don mheasúnú a bheith curtha in iúl dó, féadfaidh comhalta de ghrúpa BEFIT achomharc a dhéanamh in aghaidh ábhar measúnaithe cánach aonair a rinneadh de bhun Airteagal 64 os comhair údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an gcomhalta sin de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta. Déanfaidh comhlacht riaracháin an tachomharc riaracháin a éisteacht, ar comhlacht é atá inniúil achomhairc a éisteacht ag céadchéim i gcomhréir le dlí Bhallstát an chomhalta de ghrúpa BEFIT. Is le dlí an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta a dhéanfar an tachomharc riaracháin a rialú. I gcás nach ann do chomhlacht riaracháin den sórt sin sa Bhallstát ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta, féadfaidh an comhalta de ghrúpa BEFIT achomharc breithiúnach a thaisceadh go díreach.

2.Agus aighneachtaí á gcur isteach chuig an gcomhlacht riaracháin aige, rachaidh an túdarás inniúil de chuid comhalta de ghrúpa BEFIT, de réir mar a bheidh, i gcomhairle, trí fhoireann BEFIT, le húdaráis inniúla eile na mBallstát ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhaltaí den ghrúpa BEFIT céanna nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta.

3.I gcás ina ndéanann cinneadh a rinneadh de bhun mhír 1 difear do bhonn cánach BEFIT, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar chomhdaigh an comhalta de ghrúpa BEFIT a achomharc fógra faoi, trí fhoireann BEFIT, d’údarás comhdaithe agus údaráis inniúla na mBallstát eile ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar na comhaltaí de ghrúpa BEFIT céanna nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta. Údarás comhdaithe agus údaráis inniúla eile sna Ballstát ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhaltaí den ghrúpa BEFIT céanna nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta, eiseoidh siad measúnuithe cánach leasaithe i gcomhréir le hAirteagal°64, i gcás inarb iomchuí.

4.D’ainneoin mhír°3, ní eiseofar aon mheasúnú cánach leasaithe chun bonn cánach BEFIT a choigeartú, i gcás nach mó cé acu is ísle de EUR 10 000 nó 1 % de bhonn cánach BEFIT an difríocht idir bonn cánach BEFIT a dearbhaíodh i gcéaduair agus bonn cánach athbhreithnithe BEFIT.

Airteagal 68
Achomhairc bhreithiúnacha i ndáil le tuairisceán faisnéise BEFIT

1.I gcás inar deimhníodh nó inar athraíodh an cinneadh a rinneadh de bhun Airteagal 66 agus laistigh de 2 mhí tar éis do chinneadh an chomhlachta riaracháin um achomhairc a bheith faighte, beidh sé de cheart ag an eintiteas comhdaithe achomharc a dhéanamh go díreach os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach air nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta. Is le dlí an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an eintiteas comhdaithe nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta a dhéanfar achomharc breithniúcháin a rialú.

2.Agus aighneachtaí á gcur isteach chuig an gcúirt aige, rachaidh an túdarás comhdaithe, de réir mar a bheidh, i gcomhairle, trí fhoireann BEFIT, le húdaráis inniúla eile na mBallstát ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhaltaí den ghrúpa BEFIT céanna nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta.

3.I gcás ina ndéantar cinneadh de bhun mhír 1, tarchuirfidh an túdarás comhdaithe tuairisceán faisnéise leasaithe BEFIT láithreach, trí fhoireann BEFIT, chuig údaráis inniúla na mBallstát uile ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhaltaí den ghrúpa BEFIT céanna nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta. Údarás comhdaithe agus údaráis inniúla eile sna Ballstát ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhaltaí den ghrúpa BEFIT céanna nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta, eiseoidh siad measúnuithe cánach leasaithe i gcomhréir le hAirteagal°64, i gcás inarb iomchuí.

4.D’ainneoin mhír°3, ní eiseofar aon mheasúnú cánach leasaithe chun bonn cánach BEFIT a choigeartú, i gcás nach mó cé acu is ísle de EUR 10 000 nó 1 % de bhonn cánach BEFIT an difríocht idir bonn cánach BEFIT a dearbhaíodh i gcéaduair agus bonn cánach athbhreithnithe BEFIT.

Airteagal 69
Achomhairc bhreithniúcháin i ndáil le measúnuithe cánach aonair

1.I gcás inar deimhníodh nó inar athraíodh an cinneadh a rinneadh de bhun Airteagal 67 agus laistigh de 2 mhí tar éis do chinneadh an chomhlachta riaracháin um achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 67 a bheith curtha in iúl dó, beidh sé de cheart ag comhalta de ghrúpa BEFIT achomharc a dhéanamh os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach air nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta. Is le dlí an Bhallstáit ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar an gcomhalta de ghrúpa BEFIT nó ina bhfuil sé lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta a dhéanfar an tachomharc breithniúcháin a rialú.

2.Agus aighneachtaí á gcur isteach chuig an gcúirt aige, rachaidh an túdarás inniúil de chuid comhalta de ghrúpa BEFIT, de réir mar a bheidh, i gcomhairle, trí fhoireann BEFIT, le húdaráis inniúla eile na mBallstát ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhaltaí den ghrúpa BEFIT céanna nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta.

3.I gcás ina ndéanann cinneadh a rinneadh de bhun mhír 1 difear do bhonn cánach BEFIT, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar chomhdaigh an comhalta de ghrúpa BEFIT a achomharc fógra faoi, trí fhoireann BEFIT, d’údarás comhdaithe agus údaráis inniúla na mBallstát eile ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar na comhaltaí de ghrúpa BEFIT céanna nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta. Údarás comhdaithe agus údaráis inniúla eile sna Ballstát ina bhfuil cónaí chun críoch cánach ar chomhaltaí den ghrúpa BEFIT céanna nó ina bhfuil siad lonnaithe ar bhonn buanbhunaíochta, eiseoidh siad measúnuithe cánach leasaithe i gcomhréir le hAirteagal°64, i gcás inarb iomchuí.

4.D’ainneoin mhír°3, ní eiseofar aon mheasúnú cánach leasaithe chun bonn cánach BEFIT a choigeartú, i gcás nach mó cé acu is ísle de EUR 10 000 nó 1 % de bhonn cánach BEFIT an difríocht idir bonn cánach BEFIT a dearbhaíodh i gcéaduair agus bonn cánach athbhreithnithe BEFIT.

Airteagal 70
Reacht na dTréimhsí

I gcás inar gá leasuithe a dhéanamh ar thoradh achomharc riaracháin nó breithniúcháin ar mheasúnú cánach aonair comhalta amháin nó níos mó de ghrúpa BEFIT, déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí chun a áirithiú go mbeidh na leasuithe sin indéanta i gcónaí, d’ainneoin aon teorainn ama i ndlíthe intíre na mBallstát.

Roinn 7
Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 71
Faisnéis agus doiciméid a nochtadh

1.Déanfar faisnéis arna gcur in iúl idir na Ballstáit i bhfoirm ar bith de bhun na Treorach seo a chumhdach leis an oibleagáid rúndachta oifigiúla mar a leagtar síos i ndlí náisiúnta an Bhallstáit/na mBallstát a fuair faisnéis den sórt sin. Is féidir an fhaisnéis sin a úsáid le haghaidh riar agus fhorfheidhmiú na ndlíthe de chuid na mBallstát a bhaineann leis na cánacha faoin Treoir seo.

2.Féadfar an fhaisnéis sin a úsáid freisin i dtaca le himeachtaí breithiúnacha agus riaracháin a bhféadfadh pionóis a bheith i gceist leo, a thionscnaítear mar thoradh ar sháruithe ar an dlí cánach, gan dochar do na rialacha agus na forálacha ginearálta lena rialaítear cearta cosantóirí agus finnéithe in imeachtaí den sórt sin.

Airteagal 72
Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus déanfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme agus go bhforfheidhmeofar iad. Beidh na pionóis agus na bearta comhlíonta dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 73
Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 a bheidh sa choiste sin 36 .

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 74
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 2(8) agus 14(3) a bhronnadh ar an gCoimisiún le haghaidh tréimhse neamhchinntithe amhail ó [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

3.Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh an Chomhairle tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh sí aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh na Comhairle.

Airteagal 75
Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le gníomhartha tarmligthe a bheith glactha, maidir le haon agóid ina leith, agus maidir le cúlghairm na gcumhachtaí tarmligthe ag an gComhairle.

Airteagal 76
Cosaint Sonraí

1.Féadfaidh Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Treoir seo chun críche chur i bhfeidhm Chaibidil IV amháin agus chomh maith leis sin chun críche scrúdú a dhéanamh agus comhaontú a bhaint amach maidir le hábhar thuairisceán faisnéise BEFIT agus tuairisceáin chánach aonair a phróiseáil agus measúnú a dhéanamh orthu faoi Chaibidil V. Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil chun críocha na Treorach seo, measfar gur rialaitheoirí iad údaráis inniúla na mBallstát, de réir bhrí Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679, faoi raon feidhme a ngníomhaíochtaí faoi seach faoin Treoir seo.

2.Maidir le faisnéis, lena náirítear sonraí pearsanta, a phróiseáiltear i gcomhréir leis an Treoir seo, ní choinneofar í ach chomh fada agus is gá chun críocha na Treorach seo a bhaint amach, i gcomhréir le dlí náisiúnta gach rialaitheora sonraí maidir le reacht na dtréimhsí, ach ní choimeádfar í i gcás ar bith níos faide ná 10 mbliana.

Airteagal 7
Athbhreithniú ag an gCoimisiún ar oibriú BEFIT

1.5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún scrúdú agus meastóireacht ar a feidhmiú agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chuige sin. I gcás inarb iomchuí, beidh togra ag gabháil leis an tuarascáil chun an Treoir seo a leasú.

2.Cuirfidh na Ballstáit faisnéis atá ábhartha le haghaidh na meastóireachta ar an Treoir in iúl don Choimisiún i gcomhréir le mír 3 agus áireofar leis an bhfaisnéis sin sonraí comhiomlánaithe maidir le comhaltaí de ghrúpa BEFIT ina bhfuil cónaí chun críoch cánach orthu ina ndlínse agus buanbhunaíocht inti acu agus iad ag oibriú ina ndlínse, chun go ndéanfar measúnú iomchuí ar thionchar na rialach idirthréimhseach maidir le leithdháileadh agus ar thionchar Threoir (AE) 2022/2523 chomh maith le measúnú a dhéanamh ar an staid maidir le cur chun feidhme Cholún a hAon den Ráiteas maidir le Réiteach Dhá Cholún chun Aghaidh a Thabhairt ar na Dúshláin Chánach a Eascraíonn as Digitiú an Gheilleagair a comhaontaíodh le Creat Cuimsitheach ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS) an 8 Deireadh Fómhair 2021.

3.Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit chun críocha meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na Treorach seo, dá dtagraítear i mír 2, agus ar an bhformáid agus na coinníollacha le haghaidh chur in iúl na faisnéise sin chomh maith.

4.Coinneoidh an Coimisiún faisnéis a chuirfear in iúl don Choimisiún faoi mhír 2 faoi rún i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais agus Airteagal 76 den Treoir seo.

5.Is féidir aon fhaisnéis a chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún i gcomhréir le mír 2, mar aon le haon tuarascáil nó doiciméad a chuireann an Coimisiún le chéile agus leas á bhaint as an bhfaisnéis, a tharchur chuig na Ballstáit eile. Déanfar an fhaisnéis tharchurtha a chumhdach leis an oibleagáid rúndachta oifigiúla, mar a leagtar síos maidir le faisnéis chomhchosúil i ndlí náisiúnta an Bhallstáit/na mBallstát a fuair í.

Airteagal 78
Trasuí

1.Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 1 Eanáir 2028. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

2.Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1°Iúil 2028.

3.Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leis na forálacha sin tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

4.A luaithe a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an Coimisiún ar an eolas, in am trátha chun a bharúlacha a thíolacadh, faoi aon dréacht de na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá beartaithe acu a ghlacadh sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo.

Airteagal 79
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 80
Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Treoir (AE) 2023/XXX ón gComhairle an XX Meán°Fómhair°2023 maidir le Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT)

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Beartas cánach°1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 37  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Is é is aidhm don Togra forbairt a dhéanamh ar chreat cánach corparáide comhchoiteann chun tacú leis an margadh inmheánach. Níl aon chóras cánach corparáide comhchoiteann ann faoi láthair chun ioncam inchánach ghnólachtaí an Aontais a ríomh, ach 27 gcóras náisiúnta dhifriúla ina ionad, rud a fhágann go mbíonn sé deacair agus costasach ar chuideachtaí gnó a dhéanamh ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Maidir leis na cuideachtaí níos mó a bhfuil láithreacht inchánach acu i roinnt mhaith Ballstáit, freastalaítear leis an Togra ar an ngá atá acu le leibhéal áirithe de dheimhneacht chánach agus le comhlíonadh cánach atá níos éasca dóibh agus soláthraítear dóibh iad. Chuige sin, tógtar go háirithe leis an togra ar an méid atá bainte amach tríd an gCur Chuige Dhá Cholún den Chreat Cuimsitheach de chuid ECFE/G20 arb ann do chomhaontú ina leith ar bhonn idirnáisiúnta.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh.

1) An chéad chuspóir sonrach de thogra BEFIT is ea na costais chomhlíontachta ar ghnólachtaí an Aontais a laghdú. Ós rud é go soláthrófar tacar simplithe de rialacha cánach do ghnólachtaí an Aontais leis an togra, ba cheart, i gcomparáid leis an staid sa timpeallacht atá ann faoi láthair, go mbeadh níos lú acmhainní de dhíth ar ghnólachtaí chun iad a chomhlíonadh.

2) Ar an dara dul síos, tá sé d’aidhm ag togra BEFIT leathnú trasteorann a spreagadh, go háirithe ag FBManna.

3) Thairis sin, le togra BEFIT cuirfear le saobhadh a laghdú a mbíonn tionchar aige ar chinntí gnó agus a laghdaítear ilroinnt sa mhargadh inmheánach leis. Tá roinnt gnéithe i dtogra BEFIT lenar féidir cuidiú leis an gcuspóir sin a bhaint amach. Le hEilimint°1 soláthrófar iomaíocht chóir do ghrúpaí cuideachtaí faoina raon feidhme trí thacar aonfhoirmeach de rialacha cánach corparáide a bhunú le haghaidh gnólachtaí a oibríonn sa mhargadh inmheánach.

4) Ar deireadh, tá sé d’aidhm ag togra BEFIT an riosca maidir le cánachas dúbailte agus róchánachas agus díospóidí cánach a laghdú. Leis an togra seo áireofar roinnt gnéithe lena gcomhlíontar an cuspóir sin.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Leis an Togra tugtar isteach creat comhchoiteann de rialacha cánach corparáide a chuirfear in ionad na gcóras náisiúnta um cháin chorparáide atá ann faoi láthair le haghaidh na ngnólachtaí sa raon feidhme sin. Beidh sé d’aidhm aige go príomha simpliú a thabhairt do cháiníocóirí agus fás agus infheistíocht sa mhargadh inmheánach a spreagadh agus an chothroime iomaíochta ina n‑oibríonn gnólachtaí a chinntiú i gcomhthráth.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Cuspóirí Sonracha

Táscairí

Uirlisí Tomhais

Na costais chomhlíontachta atá ar ghnólachtaí an Aontais a laghdú

Na costais oibriúcháin atá ar ghrúpaí faoi Eilimint°1 i ndáil le cur chun feidhme agus leis an gcéad BEFIT, i gcoibhneas le láimhdeachas

Na costais oiliúna le haghaidh acmhainní daonna sa ghnó agus i riaracháin fhioscacha

An líon grúpaí a roghnaigh a bheith páirteach in Eilimint°1

An líon díospóidí maidir le cánachas dúbailte idir na Ballstáit agus an costas a bhain leo, ar díospóidí iad atá mar ‘iontrálacha nua’ i nósanna imeachta MAP agus in Eadráin (tar éis feidhm a bheith ag BEFIT den chéad uair)

Na costais chomhlíontachta ar FBManna faoi Eilimint°2, i gcoibhneas lena láimhdeachas agus le FBManna inchomparáide nach gcuireann rialacha Thuairisceán Cánach na Cánach Ceannoifige (HOT) i bhfeidhm

Suirbhé/ceistneoir le haghaidh grúpaí móra, á dhéanamh ag Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim, le cúnamh seachtrach, b’fhéidir, i gcomhar le húdaráis fhioscacha na mBallstát

Sonraí a fhaigheann Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim ó údaráis fhioscacha na mBallstát, a mbeadh an fhaisnéis sin ar fáil acu ina gcáil mar ‘Údaráis Chomhdaithe’

Sonraí arna mbailiú ag Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim maidir le MAPanna nua agus an líon cásanna faoin gCoinbhinsiún Eadrána agus faoin Treoir maidir le sásraí um réiteach díospóidí cánach

Suirbhé/ceistneoir le haghaidh FBManna, á dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach, le cúnamh seachtrach, b’fhéidir, i gcomhar le húdaráis fhioscacha na mBallstát

Leathnú trasteorann a spreagadh, go háirithe le haghaidh FBManna

An líon FBManna atá incháilithe le bheith páirteach in Eilimint°2

An líon FBManna a roghnaigh a bheith páirteach in Eilimint°2

An líon FBManna a leathnaigh thar theorainneacha trí bhuanbhunaíocht a bhunú

An líon FBManna a d’fhág raon feidhme Eilimint°2 trí fhochuideachta a bhunú

An líon grúpaí móra a thagann faoi raon feidhme sainordaitheach Eilimint°1

Suirbhé ar shonraí comhiomlánaithe arna dhéanamh ag Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim le haghaidh údaráis fhioscacha na mBallstát, a mbeadh an fhaisnéis sin ar fáil dóibh

Suirbhé/ceistneoir le haghaidh FBManna, á dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach, le cúnamh seachtrach, b’fhéidir, i gcomhar le húdaráis fhioscacha na mBallstát

Sonraí a fhaigheann Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim ó údaráis fhioscacha na mBallstát, a mbeadh an fhaisnéis sin ar fáil acu ina gcáil mar ‘Údaráis Chomhdaithe’

Saobhadh a laghdú a mbíonn tionchar aige ar chinntí gnó sa mhargadh inmheánach agus a ndéantar an iomaíocht níos cothroime do ghnólachtaí an Aontais leo dá réir

An líon cásanna ina raibh ar na Ballstáit scéimeanna cánach saorga a dhúnadh síos

Éabhlóid Olltáirgeacht Intíre (OTI) an Aontais

An fhaisnéis a bheidh le soláthar ag údaráis fhioscacha trí shuirbhé a scaipfidh Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim

Cuntais náisiúnta agus staidreamh OTI ó Eurostat

An riosca maidir le cánachas dúbailte nó róchánachas agus díospóidí a laghdú

An líon díospóidí maidir le cánachas dúbailte idir Ballstáit, ar díospóidí iad atá mar ‘iontrálacha nua’ i nósanna imeachta MAP agus in Eadráin (tar éis feidhm a bheith ag BEFIT den chéad uair)

Sonraí arna mbailiú ag Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim maidir le MAPanna nua agus an líon cásanna faoin gCoinbhinsiún Eadrána agus faoin Treoir maidir le sásraí um réiteach díospóidí cánach

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Tar éis do Thuairisceán Faisnéise BEFIT a bheith comhdaithe, agus nuair is eol cé hiad na heintitis atá cuimsithe i ngrúpa BEFIT, chuirfeadh ionadaithe an Údaráis Comhdaithe foireann BEFIT le haghaidh Ghrúpa BEFIT faoi seach i dtoll a chéile in éineacht le hionadaithe áitiúla ábhartha eile na n‑údarás fioscach. Ciallaíonn sin go mbeadh foireann BEFIT den sórt sin ann le haghaidh Ghrúpaí BEFIT uile.

Chun oibriú agus cumarsáid na n‑oifigeach ar fhoirne BEFIT uile a éascú, beidh ar an gCoimisiún na socruithe praiticiúla is gá a ghlacadh, lena n‑áirítear bearta chun cumarsáid na faisnéise idir comhaltaí fhoirne BEFIT a chaighdeánú trí úsáid a bhaint as uirlis chomhair BEFIT. I dtéarmaí uainiú chun uirlis chomhair BEFIT a shocrú, bheadh tréimhse ama ag teastáil ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún tar éis ghlacadh an Togra chun go bhféadfaidís na córais a chur i bhfeidhm chun oibriú agus cumarsáid ag foirne BEFIT a éascú.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Ní sholáthrófaí le gníomhaíochtaí aonair Ballstát aon réiteach éifeachtúil agus éifeachtach chun creat cánach corparáide comhchoiteann indéanta a áirithiú. In ionad acmhainní daonna a bheith á thiomnú ar leithligh ag gach Ballstát chun measúnú a dhéanamh ar dhliteanais chánach na ngrúpaí trasteorann céanna, úsáidfear i gcomhpháirt na hacmhainní seo atá le fáil ar bhealach níos éifeachtaí agus níos spriocdhírithe trí fhoirne BEFIT. Tá an chuma air go bhfuil cur chuige de chuid an Aontais níos fearr, toisc gur féidir leis oibriú agus cumarsáid na bhfoirne BEFIT sin a éascú agus féadfar leis comhleanúnachas níos mó a bheith ann agus laghdú ar ualach riaracháin le haghaidh cáiníocóirí agus údaráis fhioscacha.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Is sásra nua é an tionscnamh. Is é an tIonad Ilfhreastail Hibrideach sa Mheasúnú Tionchair an rogha ab fhearr. Ciallaíonn an rogha sin go ndéileálfaí le Tuairisceán Faisnéise BEFIT go lárnach tríd an Údarás Comhdaithe, ach d’fhanfadh tuairisceáin chánach aonair, iniúchtaí agus réiteach díospóidí ar leibhéal áitiúil go príomhúil i gcomhréir le ceannasacht chánach náisiúnta. Tugtar tús áite don tsimplíocht leis an rogha sin agus coinnítear an t‑ualach riaracháin le haghaidh údaráis fhioscacha réasúnach íseal ach cruthaítear leis freisin an chothromaíocht is fearr is féidir a fháil idir simplíocht Ionaid Ilfhreastail agus an ról atá ag údaráis náisiúnta na mBallstát.

Beidh ról tábhachtach ag Foirne BEFIT sa chothromaíocht sin. Beidh sé d’aidhm acu teacht ar chomhaontú go luath maidir le príomh‑mhíreanna Thuairisceán Faisnéise BEFIT agus leibhéal de dheimhneacht chánachas a sholáthar, agus is dócha, dá bharr sin, go laghdófaí costais chomhlíontachta, de réir a chéile ar a laghad, agus go gcothófaí an margadh Inmheánach mar thimpeallacht fáis agus infheistíochta.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cánachas Gnó sa 21ú°Céad thiomnaigh an Coimisiún go gcuirfeadh sé togra reachtach síos ar chlár lena leagfaí amach rialacha an Aontais le haghaidh Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT). I gcás inar féidir é a dhéanamh, bainfear úsáid sa Togra as na nósanna imeachta, na socruithe agus na huirlisí TF atá bunaithe cheana nó atá á bhforbairt faoin Treoir maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Ní mhaoineofar costais chur chun feidhme le haghaidh an tionscnaimh le buiséad an Aontais, ach amháin costais a bhaineann leis na comhpháirteanna lárnacha le haghaidh uirlis chomhair BEFIT. Maoineofar sin trí ath‑imlonnú as clúdach airgeadais Fiscalis. Seachas sin, is faoi na Ballstáit a bheidh sé na bearta atá beartaithe a chur chun feidhme.

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

1.    Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

1.agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 38

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

2.    trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

3. eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

4. comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 64 agus 65 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

5. comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

6. comhlachtaí nó daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

A mhéid a bhaineann le huirlis chomhair BEFIT lena néascófar oibriú agus cumarsáid fhoirne BEFIT, tá an Coimisiún freagrach as an uirlis sin a fhorbairt agus a oibriú. Gabhfaidh na Ballstáit de láimh bonneagar intíre iomchuí a chruthú lena gcumasófar cur in iúl na faisnéise idir comhaltaí fhoirne BEFIT trí uirlis chomhair BEFIT.    

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an Togra, ag úsáid na dtáscairí réamhshainithe seo a leanas: cur chun feidhme agus céad chostais oibriúcháin BEFIT; an líon grúpaí cuideachtaí faoi raon feidhme éigeantach an togra, chomh maith leis an líon cuideachtaí a bhfuil an rogha déanta acu a bheith páirteach; éabhlóid na gcostas comhlíontachta ar ghrúpaí móra agus FBManna san Aontas; agus an líon díospóidí maidir le cánachas dúbailte.

Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an staid sna Ballstáit go tráthrialta agus foilseoidh sé tuarascáil. Beidh an creat faireacháin faoi réir tuilleadh coigeartuithe i gcomhréir leis na ceanglais deiridh dlí agus cur chun feidhme agus leis an amlíne.

Déanfar meastóireacht 5 bliana tar éis an Togra a chur chun feidhme, rud a chuirfidh ar a chumas don Choimisiúin athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí an bheartais i ndáil lena chuspóirí mar aon le tionchair fhoriomlána an bheartais i dtéarmaí ioncam cánach, gnólachtaí agus an mhargaidh inmheánaigh.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Maidir le cur chun feidhme an Togra, is rud é sin a bheidh ag brath ar údaráis inniúla (riaracháin chánach) na mBallstát. Beidh siad freagrach as maoiniú a gcóras agus a n‑oiriúnuithe náisiúnta féin a bhfuil gá leo chun cur in iúl na cumarsáide idir comhaltaí fhoirne BEFIT a éascú trí uirlis chomhair BEFIT.

Bunóidh an Coimisiún an bonneagar, uirlis chomhair BEFIT, lena n‑éascófar oibriú agus cumarsáid fhoirne BEFIT. Mar sin cuirfear uirlis chomhair BEFIT chun feidhme ar mhodh bainistíochta dírí i bhfianaise chineál an bhonneagair a éilítear le haghaidh fhoirne BEFIT, mar a mhínítear thuas. Is é an Coimisiún is fearr chun é sin a sholáthar. Níl aon ghá le bainistíocht indíreach. Faoi bhainistíocht chomhroinnte, dhéanfadh gach Comhalta a uirlis dhílis a fhorbairt, rud nach mbeadh praiticiúil, toisc, go háirithe, go mbeadh roinnt mhaith foirne BEFIT ag nascadh roinnt mhaith cumasc Ballstát. Ar leibhéal an Choimisiúin, tá córais Teicneolaíochta Faisnéise bunaithe a úsáidfear le haghaidh an Togra seo. Maoineoidh an Coimisiún forbairt na huirlise comhair BEFIT seo, chomh maith le hóstáil, bainistíocht ábhair, criptiú, agus cothabháil bhliantúil na huirlise.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Níor sainaithníodh aon riosca toisc gur bonneagar nua a bheidh in uirlis chomhair BEFIT agus dá bhrí sin nach ann d’aon fhasach di. Braithfidh an córas rialaithe inmheánaigh ar na córais atá i bhfeidhm le haghaidh cláir cistiúcháin atá ann cheana faoi bhainistíocht dhíreach Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim (e.g. Fiscalis). Mar sin ba cheart nach mbeadh rioscaí breise i gceist mar thoradh air sin.

Leis an gcóras rialaithe inmheánaigh foriomlán a bhí i bhfeidhm in Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim le haghaidh soláthairtí (bunaithe ar fhíorú ex-ante críochnúil ar 100 % de na hidirbhearta gaolmhara), bhíothas in ann na rátaí earráidí sna cláir chistiúcháin a bhí ann roimhe (e.g. Fiscalis) a choinneáil go mór faoi bhun na tairsí ábharthachta (i.e. ar leibhéal measta 0,5 %). Úsáidfear an córas rialaithe sin le haghaidh uirlis chomhair BEFIT freisin agus cuirfear i bhfeidhm uirthi é agus mar sin áiritheofar go mbeidh na rátaí earráide i bhfad faoi bhun na tairsí ábharthachta.

Is iad príomheilimintí na straitéise rialaithe:

Conarthaí soláthair

Na nósanna imeachta maidir le soláthar a shainítear sa Rialachán Airgeadais: déantar aon chonradh soláthair a bhunú de réir nós imeachta bunaithe an fhíorúcháin arna dhéanamh ag seirbhísí an Choimisiúin maidir le híocaíocht, agus oibleagáidí conarthacha agus bainistíocht fhónta airgeadais agus bainistíocht ghinearálta á gcur san áireamh. Déantar foráil maidir le bearta frithchalaoise (rialuithe, tuarascálacha, etc.) sna conarthaí go léir arna dtabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus na tairbhithe. Déantar téarmaí tagartha mionsonraithe a dhréachtú agus tá siad mar bhonn le gach conradh ar leith. Cloíonn an próiseas chun glacadh le hiarratais go dlúth le modheolaíocht TEMPO Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim: déantar athbhreithniú ar tháirgí insoláthartha, déantar leasú orthu más gá agus glactar leo (nó diúltaítear dóibh) go sainráite sa deireadh. Ní féidir aon sonrasc a íoc gan ‘litir inghlacthachta’.

Fíorú teicniúil soláthair

Déanann Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim rialuithe ar tháirgí insoláthartha agus déanann sé maoirseacht ar oibríochtaí agus ar sheirbhísí a dhéanann conraitheoirí. Déanann sé iniúchtaí cáilíochta agus slándála ar a gconraitheoirí go tráthrialta. Le hiniúchtaí cáilíochta, déantar comhlíonadh phróisis iarbhír na gconraitheoirí a fhíorú de réir na rialacha agus na nósanna imeachta a shainítear ina bpleananna cáilíochta. Dírítear sna hiniúchtaí slándála ar na próisis shonracha, ar na nósanna imeachta sonracha agus ar an mbunú sonrach.

I dteannta na rialuithe thuas, déanann Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim na rialuithe airgeadais traidisiúnta:

Fíorú ex-ante gealltanas

Déanann Ceann an Aonaid Airgeadais agus Aonad Chomhfhreagraí Gnó na nAcmhainní Daonna gealltanais uile Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim a fhíorú. Dá thoradh sin, cumhdaítear 100 % de na méideanna geallta leis an bhfíorú ex-ante. Leis an nós imeachta sin, tugtar ardleibhéal dearbhaithe maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart.

Fíorú ex-ante íocaíochtaí

Déantar 100 % d’íocaíochtaí a fhíorú ex-ante. Thairis sin, roghnaítear ar a laghad íocaíocht amháin (ó gach catagóir caiteachais) in aghaidh na seachtaine go randamach le haghaidh fíorú ex-ante a dhéanann ceann an Aonaid Airgeadais agus Aonad Chomhfhreagraí Gnó na nAcmhainní Daonna. Níl aon sprioc ann maidir leis an gcumhdach, toisc go bhfuil sé d’aidhm ag an bhfíorú sin íocaíochtaí a sheiceáil ‘go randamach’ chun a fhíorú gur ullmhaíodh na híocaíochtaí uile i gcomhréir leis na ceanglais. Déantar na híocaíochtaí eile a phróiseáil de réir na rialacha atá i bhfeidhm ar bhonn laethúil.

Dearbhuithe ó na hOifigigh Údarúcháin trí Fhotharmligean (AOSD)

Síníonn gach Oifigeach Údarúcháin trí Fhotharmligean dearbhuithe ina dtacaítear leis an Tuarascáil Gníomhaíochta Bhliantúil le haghaidh na bliana lena mbaineann. Leis na dearbhuithe sin, cumhdaítear na hoibríochtaí a thagann faoi chuimsiú an chláir. Dearbhaíonn na hOifigigh Údarúcháin trí Fhotharmligean go ndéantar na hoibríochtaí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, go soláthraítear leis na córais bhainistíochta agus rialaithe atá i bhfeidhm dearbhú sásúil maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart agus go ndéantar na rioscaí a bhaineann leis na hoibríochtaí sin a shainaithint agus a thuairisciú go cuí agus go gcuirtear gníomhaíochtaí maolaithe chun feidhme.

2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

Leis na rialuithe a bunaíodh, cuirtear ar a cumas d’Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim dearbhú leordhóthanach a bheith aici maidir le cáilíocht agus rialtacht an chaiteachais agus an riosca neamhchomhlíontachta a laghdú. Leis na bearta thuas maidir le straitéis rialaithe, laghdaítear na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann faoi bhun na sprice 2 % agus bíonn tionchar acu ar na tairbhithe uile. Dá ndéanfaí aon bheart breise chun rioscaí a laghdú a thuilleadh, is é a thiocfadh as costais arda a bheadh díréireach agus, dá bhrí sin, ní bheartaítear iad. Na costais fhoriomlána a bhaineann le cur chun feidhme na straitéise rialaithe thuas – le haghaidh gach caiteachas faoin gclár Fiscalis – tá siad teoranta do 1.6 % d’iomlán na n‑íocaíochtaí a dhéantar. Meastar go bhfanfaidh sé ag an gcóimheas céanna le haghaidh an tionscnaimh seo. Leis an straitéis rialaithe cláir, is beag nach dteorannaítear an riosca neamhchomhlíontachta go hiomlán agus leanann sí de bheith comhréireach leis na rioscaí bainteacha.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/964 ón gComhairle d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh nó le conradh a mhaoinítear faoin Rialachán sin.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

(1)Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht



LD/LN 39

ó thíortha de chuid CSTE 40

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí 41

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

1 ‑ Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Digiteach

03°04°01 Comhar i réimse an chánachais (Fiscalis)

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

2.    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

Uimhir 1

An Margadh Aonair, an Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

Ard‑Stiúrthóireacht: An Cánachas agus an tAontas Custaim

2025 42

2026

2027

IOMLÁN

□ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

03°04°01 Comhar i réimse an chánachais (Fiscalis)

Gealltanais

(1a)

0,6

0,6

.

.

.

Íocaíochtaí

(2a)

0,3

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 43  

IOMLÁN leithreasuithe 
d’Ard‑Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim

Gealltanais

=1a+1b +3

0,6

0,6

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

0,3



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

0,6

0,6

0,6

Íocaíochtaí

(5)

0,3

□ IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL <….> 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

= 4+ 6

0,6

0,6

0,6

Íocaíochtaí

= 5+ 6

0,3




Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Ba cheart an chuid seo a líonadh isteach ag úsáid na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis na rialacha inmheánacha i ndáil le cur chun feidhme roinn an Choimisiúin de bhuiséad ginearálta an Aontais), agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>

□ Acmhainní daonna

□ Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN Ard‑Stiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 44

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

Íocaíochtaí

3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

2025

2026

2027

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 45

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 46

‑ Óstáil agus tacaíocht

0,6

0,6

0,6

- Aschur

- Aschur

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

0,6

0,6

0,6

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁN

0,6

0,6

0,6

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 47

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 48  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo‑iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

3.    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

2025

2026

2027

□ Poist le haghaidh an phlean bunaíochta (oifigigh agus baill foirne shealadacha)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

0,2

0,1

0,1

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 49

20 02 01 (CA, SNE, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (CA, LA, SNE, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz 50

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (CA, SNE, INT – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

0,2

0,1

0,1

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Bainisteoir Gnó le haghaidh Uirlis Chomhair BEFIT

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Maoineofar an caiteachas oibríochtúil as an gclúdach airgeadais a bhfuil foráil ann dó le haghaidh chlár Fiscalis, faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), Ceannteideal°1.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe

4.    déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 51

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

5.    Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

(a)    ar acmhainní dílse

a.    ar ioncam eile

(b)má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 52

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

[…]

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

[…]

(1)    COM(2021) 251 final
(2)    COM(2022) 548 final
(3)    COM(2021) 566 final
(4)    COM(2011) 121/4 final.
(5)    COM(2016) 685 final; COM(2016) 683 final.
(6)

   Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach.

(7)    Ráiteas maidir le Réiteach Décholúnach chun aghaidh a thabhairt ar Dhúshláin Chánach a eascraíonn as Digitiú an Gheilleagair – 8 Deireadh Fómhair 2021, Tionscadal ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis.
(8)    Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas (IO L 328, 22.12.2022, lch. 1)
(9)    Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos rialacha i dtaca le liúntas um chlaontacht fiachais sa chánachas corparáideach a laghdú agus i dtaca le hin‑asbhainteacht úis a theorannú chun críoch cánach corparáidí, COM/2022/216 final.
(10)    Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos rialacha chun mí‑úsáid eintiteas caoch chun críoch cánach a chosc agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE, COM/2021/565 final.
(11)    Treoir 2011/96/AE ón gComhairle an 30 Samhain 2011 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar mháthairchuideachtaí agus fochuideachtaí thíortha éagsúla AE (athmhúnlú) (IO L 345, 29.12.2011, lch. 8)
(12)    Treoir 2003/49/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa arna ndéanamh idir cuideachtaí comhlachaithe Ballstát éagsúil (IO L 157, 26.6.2003, lch. 49)
(13)    Treoir 2009/133/CE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar chumaisc, deighiltí, páirtdheighiltí, aistrithe sócmhainní agus malartuithe scaireanna a bhaineann le cuideachtaí as Ballstáit éagsúla agus le hoifig chláraithe SE nó SCE a aistriú idir Ballstáit.
(14)    Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n‑aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1)
(15)    Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir leis an uathmhalartú faisnéise sainordaitheach i réimse an chánachais (IO L 146, 3.6.2016, lch. 8).
(16)    Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha in aghaidh cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1)
(17)     Ráiteas Toraidh Thionscadal ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis maidir le Réiteach Décholúnach chun aghaidh a thabhairt ar Dhúshláin Chánach a eascraíonn as Digitiú an Gheilleagair an 11 Iúil 2023
(18)    Glao ar fhianaise le haghaidh measúnú tionchair - Ares(2022)7086603.
(19)    Ares(2023)3669156, an 26 Bealtaine 2023.
(20)

   Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, IO C 326, 26.10.2012, lch. 391.

(21)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)
(22)    IO C , , lch. .
(23)    IO C , , lch. .
(24)    Ráiteas maidir le Réiteach Décholúnach chun aghaidh a thabhairt ar Dhúshláin Chánach a eascraíonn as Digitiú an Gheilleagair – 8 Deireadh Fómhair 2021, Tionscadal ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis.
(25)    Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas (IO L 328, 22.12.2022, lch. 1.)
(26)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(27)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(28)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(29)    Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
(30)    Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1)
(31)    Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(32)    Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha in aghaidh cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1)
(33)    Treoir 91/674/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite gnóthas árachais (IO L 374, 31.12.1991, lch. 7)
(34)    Treoir 2009/133/CE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar chumaisc, deighiltí, páirtdheighiltí, aistrithe sócmhainní agus malartuithe scaireanna a bhaineann le cuideachtaí as Ballstáit éagsúla agus le hoifig chláraithe SE nó SCE a aistriú idir Ballstáit (IO L 310, 25.11.2009, lch. 34)
(35)    Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n‑aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1)
(36)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)
(37)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(38)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget-implementation/Pages/implementation‑methods.aspx
(39)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(40)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(41)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(42)    Ní fios cén bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/an tionscnaimh. Mar sin glactar leis gurb í an bhliain°2025 atá i gceist.
(43)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(44)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a bhfuil coinne léi a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh le haghaidh na mblianta seo a leanas.
(45)    Is éard is aschuir ann táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(46)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
(47)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a bhfuil coinne léi a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh le haghaidh na mblianta seo a leanas.
(48)    Cúnamh teicniúil agus/nó riaracháin agus caiteachas ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(49)    AC= Baill Foirne ar Conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(50)    Fo‑uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(51)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(52)    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis do 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,12.9.2023

COM(2023) 532 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Treoir ón gComhairle

maidir le Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT)

{SWD(2023) 308 final} - {SWD(2023) 309 final}


IARSCRÍBHINN I: liosta cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2

(a) cuideachtaí a ionchorpraíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 maidir leis an Reacht um Chuideachta Eorpach (SE) (  6  ) agus do Threoir 2001/86/CE ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 lena bhforlíontar an Reacht um Chuideachta Eorpach maidir le rannpháirtíocht fostaithe (  7  ) agus comharchumainn a chorpraítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003 ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir leis an Reacht maidir le Comharchumann Eorpach (SCE) (  8  ) agus Treoir 2003/72/CE ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena bhforlíontar an Reacht do Chomharchumann Eorpach maidir le rannpháirtíocht fostaithe (  9  );

(b) cuideachtaí faoi dhlí na Beilge ar a dtugtar ‘société anonyme’/‘naamloze vennootschap’, ‘société en commandite par actions’/‘commanditaire vennootschap op aandelen’, ‘société privée à responsabilité limitée’/‘besloten vennootschap met beperkte aansprakelijkheid’, ‘société coopérative à responsabilité limitée’/‘coöperatieve vennootschap met beperkte aansprakelijkheid’, ‘société coopérative à responsabilité illimitée’/‘coöperatieve vennootschap met onbeperkte aansprakelijkheid’, ‘société en nom collectif’/‘vennootschap onder firma’, ‘société en commandite simple’/‘gewone commanditaire vennootschap’, gnóthais phoiblí ar a bhfuil ceann de na foirmeacha dlíthiúla thuasluaite orthu, agus cuideachtaí eile arna mbunú faoi dhlí na Beilge agus atá faoi réir cháin chorparáide na Beilge;

(c) cuideachtaí faoi dhlí na Bulgáire ar a dtugtar: ‘събирателно дружество’, ‘командитно дружество’, ‘дружество с ограничена отговорност’, ‘акционерно дружество’, ‘командитно дружество с акции’, ‘неперсонифицирано дружество’, ‘кооперации’, ‘кооперативни съюзи’, ‘държавни предприятия’ arna mbunú faoi dhlí na Bulgáire agus gníomhaíochtaí tráchtála á gcur i gcrích;

(d) cuideachtaí faoi dhlí na Seice ar a dtugtar: ‘akciová společnost’, ‘společnost s ručením omezeným’;

(e) cuideachtaí faoi dhlí na Danmhairge ar a dtugtar ‘aktieselskab’ agus ‘anpartsselskab’. Cuideachtaí eile atá faoi réir cáin faoin Acht Cánach Corparáide, sa mhéid go ndéantar a ioncam inchánach a ríomh agus cáin a ghearradh air i gcomhréir leis na rialacha reachtaíochta cánach ginearálta is infheidhme maidir le ‘aktitiskonber’;

(f) cuideachtaí faoi dhlí na Gearmáine ar a dtugtar ‘Aktiengesellschaft’, ‘Kommanditgesellschaft auf Aktien’, ‘Gesellschaft mit beschränkter Haftung’, ‘Versicherungsverein auf Gegenseitigkeit’, ‘Erwerbs- und Wirtschaftsgenossenschaft’, ‘Betriebe gewerblicher Art von juristischen Personen des öffentlichen Rechts’, agus cuideachtaí eile arna mbunú faoi dhlí na Gearmáine faoi réir cháin chorparáide na Gearmáine;

(g) cuideachtaí faoi dhlí na hEastóine ar a dtugtar: ‘täisühing’, ‘usaldusühing’, ‘osaühing’, ‘aktsiaselts’, ‘tulundusühistu’;

(h) cuideachtaí atá ionchorpraithe nó atá ann cheana faoi dhlí na hÉireann, comhlachtaí atá cláraithe faoin Acht um Chumainn Tionscail agus Soláthair, agus cumainn fhoirgníochta atá ionchorpraithe faoi Achtanna na gCumann Foirgníochta agus na mbanc taisce iontaobhais de réir bhrí an Achta um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989;

(i) cuideachtaí faoi dhlí na Gréige ar a dtugtar ‘ανώνυμη εταιρεία’, ‘εταιρεία περιορισμένης ευθύνης (Ε.Π.Ε.)’·agus cuideachtaí eile a bunaíodh faoi dhlí na Gréige;

(j) cuideachtaí faoi dhlí na Spáinne ar a dtugtar: ‘sociedad anónima’, ‘sociedad comanditaria por acciones’, ‘sociedad de responsabilidad limitada’, comhlachtaí dlí phoiblí a oibríonn faoin dlí príobháideach. Eintitis eile arna mbunú faoi dhlí na Spáinne faoi réir cháin corparáide na Spáinne (‘Impuesto sobre Sociedades’);

(k) cuideachtaí faoi dhlí na Fraince ar a dtugtar ‘société anonyme’, ‘société en commandite par actions’, ‘société à responsabilité limitée’, ‘sociétés par actions simplifiées’, ‘sociétés d’assurances mutuelles’, ‘caisses d’épargne et de prévoyance’, ‘sociétés civiles’ which are automatically subject to corporation tax, ‘coopératives’, ‘unions de coopératives’, agus gnóthais phoiblí tráchtála agus tráchtála arna mbunú’, agus cuideachtaí a bunaíodh faoi dhlí na Fraince faoi réir cháin chorparáide na Fraince;

(l) cuideachtaí faoi dhlí na hIodáile a dtugtar ‘società per azioni’, ‘società in accomandita per azioni’, ‘società a responsabilità limitata’, ‘società cooperative’, ‘società di mutua assicurazione’, agus eintitis phríobháideacha agus phoiblí arb é a ngníomhaíocht, go hiomlán nó go príomha, tráchtáil;

(m) faoi dhlí na Cipire: ‘εταιρείες’ mar a shainmhínítear sna dlíthe Cánach Ioncaim;

(n) cuideachtaí faoi dhlí na Laitvia, ar a dtugtar: ‘akciju sabiedrība’, ‘sabiedrība ar ierobežotu atbildību’;

(o) cuideachtaí a ionchorpraítear faoi dhlí na Liotuáine;

(p) cuideachtaí faoi dhlí Lucsamburg ar a dtugtar ‘société anonyme’, ‘société en commandite par actions’, ‘société à responsabilité limitée’, ‘société coopérative’, ‘société coopérative organisée comme une société anonyme’, ‘association d’assurances mutuelles’, ‘association d’épargne-pension’, ‘entreprise de nature commerciale, industrielle ou minière de l’Etat, des communes, des syndicats de communes, des établissements publics et des autres personnes morales de droit public’, agus cuideachtaí eile arna mbunú faoi dhlí Lucsamburg faoi réir cháin chorparáide Lucsamburg;

(q) cuideachtaí faoi dhlí na hUngáire ar a dtugtar: ‘közkereseti társaság’, ‘betéti társaság’, ‘közös vállalat’, ‘korlátolt felelősségű társaság’, ‘részvénytársaság’, ‘egyesülés’, ‘szövetkezet’;

(r) cuideachtaí faoi dhlí Mhálta ar a dtugtar: ‘Kumpaniji ta’ Responsabilita’ Limitata’, ‘Soċjetajiet en commandite li l-kapital tagħhom maqsum f’azzjonijiet’;

(s) cuideachtaí faoi dhlí na hÍsiltíre ar a dtugtar ‘naamloze vennootschap’, ‘besloten vennootschap met beperkte aansprakelijkheid’, ‘open commanditaire vennootschap’, ‘coöperatie’, ‘onderlinge waarborgmaatschappij’, ‘fonds voor gemene rekening’, ‘vereniging op coöperatieve grondslag’, ‘vereniging welke op onderlinge grondslag als verzekeraar of kredietinstelling optreedt’, agus cuideachtaí eile arna mbunú faoi dhlí na hÍsiltíre faoi réir cháin chorparáide na hÍsiltíre;

(t) cuideachtaí faoi dhlí na hOstaire ar a dtugtar ‘Aktiengesellschaft’, ‘Gesellschaft mit beschränkter Haftung’, ‘Versicherungsvereine auf Gegenseitigkeit’, ‘Erwerbs- und Wirtschaftsgenossenschaften’, ‘Betriebe gewerblicher Art von Körperschaften des öffentlichen Rechts’, ‘Sparkassen’, agus cuideachtaí eile arna mbunú faoi dhlí na hOstaire atá faoi réir cháin chorparáide na hOstaire;

(u) cuideachtaí faoi dhlí na Polainne ar a dtugtar: ‘spółka akcyjna’, ‘spółka z ograniczoną odpowiedzialnością’, spółka komandytowo-akcyjna;

(v) cuideachtaí tráchtála nó cuideachtaí dlí sibhialta a bhfuil foirm tráchtála acu agus comharchumainn agus gnóthais phoiblí arna nionchorprú i gcomhréir le dlí na Portaingéile;

(w) cuideachtaí faoi dhlí na Rómáine ar a dtugtar: ‘societăți pe acțiuni’, ‘societăți în comandită pe acțiuni’, ‘societăți cu răspundere limitată’, ‘societăți în nume colectiv’, ‘societăți în comandită simplă’;

(x) cuideachtaí faoi dhlí na Slóivéine ar a dtugtar: ‘delniška družba’, ‘komanditna družba’, ‘družba z omejeno odgovornostjo’;

(y) cuideachtaí faoi dhlí na Slóvaice ar a dtugtar: ‘akciová spoločnosť’, ‘spoločnosť s ručením obmedzeným’, ‘komanditná spoločnosť’;

(z) cuideachtaí faoi dhlí na Fionlainne ar a dtugtar ‘osakeyhtiö’/‘aktiebolag’, ‘osuuskunta’/‘andelslag’, ‘säästöpankki’/‘sparbank’ agus ‘vakuutusyhtiö’/‘försäkringsbolag’;

(aa) cuideachtaí faoi dhlí na Sualainne ar a dtugtar ‘aktiebolag’, ‘försäkringsaktiebolag’, ‘ekonomiska föreningar’, ‘sparbanker’, ‘ömsesidiga försäkringsbolag’, ‘försäkringsföreningar’;

(ab) cuideachtaí faoi dhlí na Cróite ar a dtugtar: ‘dioničko društvo’, ‘društvo s ograničenom odgovornošću’, agus cuideachtaí eile arna mbunú faoi dhlí na Cróite faoi réir cháin bhrabúis na Cróite.

IARSCRÍBHINN II: liosta na gcánacha dá dtagraítear in Airteagal 2

(a)impôt des sociétés/vennootschapsbelasting sa Bheilg,

(b)корпоративен данък sa Bhulgáir,

(c)daň z příjmů právnických osob i bPoblacht na Seice,

(d)selskabsskat sa Danmhairg,

(e)Körperschaftsteuer sa Ghearmáin,

(f)tulumaks san Eastóin,

(g)cáin chorparáide in Éirinn,

(h)φόρος εισοδήματος νομικών προσώπων κερδοσκοπικού χαρακτήρα sa Ghréig,

(i)impuesto sobre sociedades sa Spáinn,

(j)impôt sur les sociétés sa Fhrainc,

(k)porez na dobit sa Chróit,

(l)imposta sul reddito delle società san Iodáil,

(m)φόρος εισοδήματος sa Chipir,

(n)uzņēmumu ienākuma nodoklis sa Laitvia,

(o)pelno mokestis sa Liotuáin,

(p)impôt sur le revenu des collectivités i Lucsamburg,

(q)tárgi adó, osztalékadó san Ungáir,

(r)taxxa fuq l-income i Málta,

(s)venuotschapsbelasting san Ísiltír,

(t)Körperschaftsteuer san Ostair,

(u)podatek dochodowy od osób prawnych sa Pholainn,

(v)imposto sobre o rendimento das pessoas colectivas sa Phortaingéil,

(w)impozit pe profitr sa Rómáin,

(x)davek od dobička pravnih oseb sa tSlóivéin,

(y)daň z príjmov právnických osôb sa tSlóvaic,

(z)yteisöjen tulovero/inkomstskatten för samfund san Fhionlainn,

(aa)statlig inkomstskatt sa tSualainn.

Top