AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.8.2023
COM(2023) 487 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn maidir le tásca geografacha le haghaidh táirgí talmhaíochta agus táirgí bia a chosaint a mhéid a bhaineann le glacadh a rialacha nós imeachta
IARSCRÍBHINN
CINNEADH UIMH. 1. ÓN gCOMHCHOISTE
an LL MM 2023
maidir le glacadh a rialacha nós imeachta
TÁ AN COMHCHOISTE,
Ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn maidir le tásca geografacha le haghaidh táirgí talmhaíochta agus táirgí bia a chosaint (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 10 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
De bhun Airteagal 10(2) den Chomhaontú, cinnfidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta.
(2)
Ba cheart rialacha nós imeachta Chomhchoiste an Chomhaontaithe a bhunú,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, glactar rialacha nós imeachta an Chomhchoiste, a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.
Arna dhéanamh …,
Thar ceann an Chomhchoiste
[TEIDEAL]
Aireacht Tionscal agus Nuálaíochta na hÍoslainne
Comhchathaoirleach an Chomhchoiste
|
Ceann Aonaid
Ard-Stiúrthóireacht Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe an Choimisiúin Eorpaigh
Comhchathaoirleach an Chomhchoiste
|
IARSCRÍBHINN
RIALACHA NÓS IMEACHTA AN CHOMHCHOISTE
Airteagal 1
Cinn Toscaireachta
(1)Ceapfaidh an tAontas Eorpach agus an Íoslainn (‘na Páirtithe’) faoi seach Ceann Toscaireachta a bheidh ina dhuine teagmhála maidir le gach ábhar a bhaineann leis an gCoiste.
(2)Féadfaidh gach Ceann Toscaireachta feidhmeanna uile an Chinn Toscaireachta nó aon cheann díobh a tharmligean d’ionadaí ainmnithe, agus sa chás sin beidh feidhm chomhionann ag gach tagairt a dhéantar anseo feasta don Cheann Toscaireachta maidir leis an ionadaí ainmnithe.
Airteagal 2
Cathaoirleach
Beidh oifig Chathaoirleach an Choiste ag Ceann Toscaireachta gach Páirtí gach re seach, ar feadh tréimhse bliana féilire amháin.
Airteagal 3
Cruinnithe
(1)Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, tiocfaidh an Coiste le chéile gach re seal san Aontas agus san Íoslainn arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, tráth nach déanaí ná 90 lá ón iarraidh.
(2)Déanfaidh an Cathaoirleach gach cruinniú den Choiste a chomóradh ar dháta agus in áit a chomhaontóidh na Páirtithe. Is é an Cathaoirleach a eiseoidh an fógra maidir le comóradh an chruinnithe tráth nach déanaí ná 28 lá féilire roimh thús an chruinnithe, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.
(3)I gcás ina gcomhaontóidh an dá Pháirtí amhlaidh, maidir le faisnéis shonrach a iarrfar, féadfaidh saineolaithe a bheidh in ann í a sholáthar freastal ar chruinnithe den Choiste.
(4)Mura gcomhaontófar a mhalairt go comhpháirteach, ní bheidh cruinnithe an Choiste ar oscailt don phobal.
(5)Mar eisceacht air sin, féadfar cruinnithe an Choiste a thionól trí aon mhodh teicneolaíochta a chomhaontóidh na Páirtithe, lena n‑áirítear físchomhdháil.
Airteagal 4
Toscaireachtaí
Roimh gach cruinniú, cuirfidh gach Páirtí an Páirtí eile ar an eolas, trí Rúnaíocht an Choiste, dá bhforáiltear in Airteagal 5, faoi chomhdhéanamh beartaithe a thoscaireachta.
Airteagal 5
Rúnaíocht
Is é an Ceann Toscaireachta lena mbaineann a cheapfaidh ionadaí ón gCoimisiún Eorpach agus ionadaí ón Íoslainn chun gníomhú go comhpháirteach mar Rúnaithe an Choiste, Rúnaithe a fheidhmeoidh cúraimí rúnaíochta ar bhealach comhpháirteach agus de mheon muiníne frithpháirtí agus comhair.
Airteagal 6
Comhfhreagras
(1)Comhfhreagras a sheolfar chuig an gCoiste, díreofar é chuig Rúnaí ceachtar den dá Pháirtí agus cuirfidh seisean an Rúnaí eile ar an eolas faoi ansin.
(2)Áiritheoidh an Rúnaíocht go ndéanfar comhfhreagras a sheolfar chuig an gCoiste a chur ar aghaidh chuig an gCathaoirleach agus a scaipeadh, i gcás inarb iomchuí.
(3)Féadfar comhfhreagras idir na Páirtithe a dhéanamh in aon fhoirm scríofa, lena n‑áirítear i bhfoirm ríomhphoist.
Airteagal 7
Clár oibre na gcruinnithe
(1)Déanfaidh Rúnaíocht an Choiste clár oibre sealadach a tharraingt suas le haghaidh gach cruinnithe ar bhonn tograí a dhéanfaidh na páirtithe. Beidh sa chlár sealadach míreanna a bhfuil iarraidh faighte ag Rúnaíocht an Choiste ó Pháirtí iad a chur ar an gclár, míreanna arna dtacú le doiciméid ábhartha, tráth nach déanaí ná 21 lá féilire roimh dháta an chruinnithe.
(2)Scaipfear an clár oibre sealadach, mar aon leis na doiciméid ábhartha, tráth nach déanaí ná 15 lá féilire roimh thús an chruinnithe.
(3)Glacfaidh an Cathaoirleach agus an Ceann Toscaireachta eile an clár ag tús gach cruinnithe. Féadfar míreanna seachas iad atá ar an gclár sealadach a chur ar an gclár i gcás ina gcomhaontóidh na Páirtithe amhlaidh.
(4)Féadfaidh an Cathaoirleach, i gcomhairle leis na Páirtithe, na tréimhsí ama a shonraítear i míreanna 1 agus 2 a laghdú chun imthosca speisialta a chur san áireamh.
Airteagal 8
Ionstraimí a ghlacadh
(1)Déanfar cinntí an Choiste de réir bhrí mhíreanna (2) agus (3) d’Airteagal 10 den Chomhaontú a ghlacadh de chomhthoil agus díreofar chuig na Páirtithe iad. Beidh sínithe an Chathaoirligh agus an Chinn Toscaireachta eile ar na cinntí.
(2)Tiocfaidh gach cinneadh i bhfeidhm dáta a ghlactha mura ndéanfar foráil maidir lena mhalairt sa chinneadh.
(3)Féadfaidh ceachtar Páirtí a chinneadh aon chinneadh a ghlacfaidh an Coiste a fhoilsiú.
Airteagal 9
Nós imeachta i scríbhinn
I gcás ina gcomhaontóidh na Páirtithe amhlaidh, féadfaidh an Coiste cinntí a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn, tar éis na nósanna imeachta inmheánacha faoi seach a chur i gcrích. Is éard a bheidh sa nós imeachta i scríbhinn malartú nótaí idir an bheirt Rúnaithe, ag gníomhú dóibh i gcomhaontú leis na Páirtithe. Déanfaidh an Páirtí a bhfuil úsáid an nós imeachta i scríbhinn á moladh aige an dréachtchinneadh a chur faoi bhráid an Pháirtí eile, Páirtí a thabharfaidh freagra air sin ina gcuirfear in iúl cé acu a ghlacann sé nó nach nglacann sé leis an gcinneadh, an bhfuil aon leasú á mholadh aige, nó an bhfuil am breise á iarraidh aige chun machnamh a dhéanamh air. I gcás ina nglacfar an dréacht, tabharfar i gcrích é i gcomhréir le hAirteagal 8(1).
Airteagal 10
Miontuairiscí
(1)Déanfaidh an Cathaoirleach dréachtmhiontuairiscí ar gach cruinniú a tharraingt suas agus cuirfidh sé faoi bhráid an Chinn Toscaireachta eile iad laistigh de 20 lá oibre ón gcruinniú. Luafar sna dréachtmhiontuairiscí na moltaí a ghlacfar, agus féadfar nóta a dhéanamh freisin d’aon chonclúid eile ar thángthas uirthi. Glacfaidh an Ceann Toscaireachta eile leis an dréacht, nó cuirfidh sé na leasuithe beartaithe isteach. A luaithe a bheidh comhaontú ann maidir leis na dréachtmhiontuairiscí, síneoidh an Cathaoirleach agus an Ceann Toscaireachta eile dhá chóip bhunaidh. Coimeádfaidh an Cathaoirleach cóip bhunaidh de na miontuairiscí agus coimeádfaidh an Ceann Toscaireachta eile cóip bhunaidh eile díobh.
(2)I gcás nach mbeidh aon chomhaontú ann maidir leis na miontuairiscí sula ndéanfar an cruinniú ina dhiaidh sin a chomóradh, déanfar taifead sna miontuairiscí den dréacht a tharraingeoidh an Cathaoirleach suas a gcuirfear i gceangal leis na leasuithe molta a chuirfidh an Ceann Toscaireachta eile isteach.
Airteagal 11
Costais
(1)Íocfaidh gach Páirtí aon chostas a thabhóidh sé de thoradh é a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Chomhchoiste.
(2)Is é an Páirtí a óstálfaidh an cruinniú a iompróidh caiteachas i ndáil le heagrú cruinnithe agus atáirgeadh doiciméad.
Airteagal 12
Rúndacht
Beidh plé an Choiste faoi rún.