Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0397

    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine

    COM/2023/397 final

    An Bhruiséil,7.7.2023

    COM(2023) 397 final

    2023/0235(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Ar cheann de chúraimí na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (‘an Ghníomhaireacht’) tá oibriú i gcomhar le tríú tíortha i ndáil leis na réimsí a chumhdaítear sa Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach (Rialachán (AE) 2019/1896) (‘an Rialachán’) ‘lena n-áirítear imscaradh oibríochtúil féideartha foirne bainistithe teorainneacha i dtríú tíortha.’ 1 Go sonrach, ní mór don Ghníomhaireacht, mar chuid den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach, bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip 2 a áirithiú. Comhchuid amháin den bhainistiú sin is ea an comhar le tríú tíortha sna réimsí a chumhdaítear sa Rialachán, lena ndírítear go háirithe ar thríú tíortha comharsanachta agus ar thíortha tionscnaimh nó idirthurais i dtaca leis an imirce neamhrialta 3 . Féadfaidh an Ghníomhaireacht oibriú i gcomhar le húdaráis tríú tíortha atá inniúil maidir le hábhair a chumhdaítear sa Rialachán a mhéid is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh 4 agus féadfaidh sí gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a dhéanamh ar chríoch tríú tír faoi réir comhaontú ón tríú tír sin.

    De bhun Airteagal 73(3) den Rialachán, in imthosca inar gá foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, ba cheart an tAontas comhaontú stádais a thabhairt i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann. Ba cheart an comhaontú stádais sin a bheith bunaithe ar an tsamhail arna tarraingt suas ag an gCoimisiún dá bhforáiltear in Airteagal 76(1) den Rialachán sin. Ghlac an Coimisiún an tsamhail sin an 21 Nollaig 2021 5 .

    Tá Poblacht na hAlbáine suite ar bhealach imirce na mBalcán Thiar a mbíonn imirce neamhrialta shuntasach air i dtreo an Aontais Eorpaigh, thar tír agus thar Mhuir Aidriad freisin. . In 2022, chláraigh an Ghníomhaireacht breis agus 144 000 ceann de thrasnuithe teorann neamhrialta agus d’iarrachtaí neamhrialta ar theorainn a thrasnú ag teorainneacha seachtracha an Aontais ar bhealach na mBalcán Thiar. Grúpaí coiriúla eagraithe a bhíonn ag gabháil do smuigleáil daoine, bíonn siad ag díriú ar imircigh neamhrialta agus tá na himircigh sin go mór i mbaol sáruithe ar chearta an duine. Tá brú nach beag ar roinnt Ballstát den Aontas mar gheall ar an líon mór daoine atá ag teacht go neamhrialta agus an líon mór iarratas ar thearmann, rud a fhágann go bhfuil gá le gníomhaíocht choiteann chomhordaithe ar leibhéal an Aontais.

    Is í an Albáin an chéad tír a thoiligh le comhaontú stádais leis an Aontas Eorpach. Síníodh an comhaontú sin, bunaithe ar an Rialachán EBCG a bhí ann roimhe sin (Rialachán (AE) 2016/1624 6 ), i mí Dheireadh Fómhair 2018 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019 7 .

    Ní bhaineann na hoibríochtaí comhpháirteacha a rinneadh ar bhonn an chomhaontaithe stádais sin teoranta, áfach, ach le teorainneacha talún idir an Albáin agus an tAontas Eorpach agus le codanna de Mhuir Aidriad. Ag gníomhú dó laistigh den chreat teoranta sin, sheol Frontex dhá oibríocht chomhpháirteacha san Albáin, mar atá Joint Operation Albania Land [Oibríocht Chomhpháirteach leis an Albáin: Talamh] ag an teorainn talún idir an Albáin agus an Ghréig (a seoladh an 22 Bealtaine 2019) agus Joint Operation Albania Sea [Oibríocht Chomhpháirteach leis an Albáin: Muir] ag teorainn farraige na hAlbáine (a seoladh an 24 Márta 2021). Faoi láthair, tá tuairim agus 150 oifigeach de chuid Frontex imscartha sna hoibríochtaí comhpháirteacha sin, agus tháinig feabhas dá bharr sin ar rialú teorainneacha trí shrian a chur leis an imirce neamhrialta agus tríd an gcoireacht trasteorann a chomhrac.

    An 18 Samhain 2022, agus tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/1896 lenar leathnaíodh raon feidhme na gcomhaontuithe stádais, fuair an Coimisiún údarú ón gComhairle tús a chur le caibidlíocht le Poblacht na hAlbáine chomh maith le Montainéagró, leis an tSeirbia agus leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin le haghaidh comhaontú maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sna tíortha sin ar bhonn an Rialacháin nua sin. An 30 Samhain 2022, d’eagraigh an Coimisiún cruinniú tionscnaimh leis na ceithre thír thuasluaite inar cuireadh i láthair nua-ghnéithe príomha an tsamhail-chomhaontaithe stádais. An 22 agus an 23 Feabhra 2023, rinneadh caibidlíocht idir an Coimisiún Eorpach, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus Poblacht na hAlbáine i dTiorána maidir leis an gcomhaontú. Measann an Coimisiún gur gnóthaíodh na cuspóirí a shocraigh an Chomhairle ina treoracha caibidlíochta, agus measann sé go bhfuil an comhaontú inghlactha don Aontas.

    Is é atá sa togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle atá i gceangal leis seo, an bunús dlí le haghaidh thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine.

    Staid na dtíortha atá comhlachaithe le Schengen

    Cuireann an togra seo le acquis Schengen i réimse bhainistiú na dteorainneacha seachtracha. Mar sin féin, níl aon chumhacht ag an Aontas comhaontú stádais a thabhairt i gcrích le Poblacht na hAlbáine ar bhealach a gcuirfeadh ceangal ar an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis ná Lichtinstéin. Maidir leis na gardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile a sheolann na tíortha sin chuig Poblacht na hAlbáine, chun a áirithiú go mbainfidh siad leas as an stádas céanna dá bhforáiltear sa chomhaontú stádais a bheidh ann amach anseo, ba cheart a shonrú sna dearbhuithe comhpháirteacha a ghabhann leis an gcomhaontú stádais a inmhianaithe atá sé comhaontuithe comhchosúla a thabhairt i gcrích idir Poblacht na hAlbáine agus gach ceann de na tíortha comhlachaithe sin.

    Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 8 ; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Le rialuithe a neartú ar chríoch Phoblacht na hAlbáine, beidh tionchar dearfach aige sin ar bhainistiú theorainneacha seachtracha an Aontais agus ar bhainistiú theorainneacha Phoblacht na hAlbáine féin. Bheadh tabhairt i gcrích comhaontaithe stádais ag teacht leis na cuspóirí agus na tosaíochtaí níos leithne maidir le comhar mar a leagtar amach i gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh le Poblacht na hAlbáine 9 .

    D’fhéadfadh tabhairt i gcrích comhaontaithe stádais tacú le hiarrachtaí agus gealltanais níos leithne an Aontais Eorpaigh freisin chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chomhar agus ar chumais 10 ar mhaithe le rannchuidiú le bainistiú na freagartha ar ghéarchéimeanna agus ar mhaithe leis an gcóineasú a chur chun cinn maidir le hábhair eachtracha agus ábhair shlándála idir an tAontas agus Poblacht na hAlbáine.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is iad Airteagal 77(2)(b) agus (d) agus Airteagal 79(2)(c) CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) CFAE bunús dlí an togra seo.

    Déantar foráil shainráite maidir le hinniúlacht an Aontais Eorpaigh comhaontú stádais a thabhairt i gcrích in Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896, ina sonraítear ‘[i]n imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ón mbuanchór a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, tabharfaidh an tAontas comhaontú stádais [...] i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann’.

    De bhun Airteagal 3(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh inniúlacht eisiach ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nuair a fhorálfar dá thabhairt i gcrích i ngníomh reachtach de chuid an Aontais. Déantar foráil in Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 maidir le comhaontú stádais a ‘t[h]abjharfaidh an tAontas [...] i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann’. Dá bhrí sin, tagann an comhaontú atá le síniú agus le tabhairt i gcrích le Poblacht na hAlbáine faoi chumhacht eisiach an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le hAirteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896, an comhaontú stádais atá beartaithe, tá sé bunaithe ar an samhail-chomhaontú stádais arna ghlacadh ag an gCoimisiún i mí na Nollag 2021 11 , agus na forálacha réamh-chomhaontaithe sa chomhaontú stádais atá ann cheana le Montainéagró á chur san áireamh 12 .

    Coimhdeacht agus comhréireacht

    An gá atá le cur chuige coiteann

    Le comhaontú stádais, féadfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach a imscaradh chuig Poblacht na hAlbáine, agus leas á bhaint as na féidearthachtaí uile a chuirtear ar fáil le Rialachán (AE) 2019/1896. D’uireasa uirlis den sórt sin, ní féidir ach imscaradh déthaobhach ó na Ballstáit a úsáid chun bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus chun cuidiú le Poblacht na hAlbáine bainistiú a dhéanamh ar an líon suntasach imirceach atá ag iarraidh idirthuras a dhéanamh trína críoch taobh amuigh den raon feidhme geografach an-teoranta a bhaineann leis an gcomhaontú stádais reatha le Poblacht na hAlbáine. Dá bhrí sin, tá gá le cur chuige coiteann chun teorainneacha Phoblacht na hAlbáine a bhainistiú ar bhealach níos fearr.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Ós rud é gur comhaontú nua a bheidh ann, ní fhéadfaí aon mheastóireacht ná seiceálacha oiriúnachta a dhéanamh ar na hionstraimí atá ann cheana. Níl aon ghá le measúnú tionchair chun comhaontú stádais a chaibidliú.

    Cearta bunúsacha

    De réir mar a leagtar amach in Aithris 88 de Rialachán (AE) 2019/1896, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar staid na gceart bunúsach is ábhartha do na réimsí a chumhdaítear leis an gcomhaontú stádais i bPoblacht na hAlbáine agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi sin.

    Sa chomhaontú atá beartaithe beidh bearta praiticiúla a bhaineann le hurramú na gceart bunúsach, agus áiritheofar leis go ndéanfar cearta bunúsacha a urramú go hiomlán le linn gníomhaíochtaí a eagraítear ar bhonn an chomhaontaithe. Leis an gcomhaontú déanfar foráil maidir le sásra gearán atá neamhspleách agus éifeachtach i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2019/1896 chun faireachán a dhéanamh ar urraim do chearta bunúsacha sna gníomhaíochtaí uile a eagraítear ar bhonn an chomhaontaithe agus chun an urraim sin a áirithiú.

    Cosaint sonraí

    Rachfar i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le forálacha an chomhaontaithe stádais a bhaineann le tarchur sonraí má tá difear nach beag idir na forálacha sin agus forálacha an tsamhail-chomhaontaithe stádais.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon impleacht airgeadais ag baint leis an gcomhaontú stádais ann féin. Beidh costais ar bhuiséad na Gníomhaireachta i gceist le himscaradh foirne gardaí teorann ar bhonn plean oibríochtúil. Oibríochtaí a dhéanfar amach anseo faoi chomhaontú stádais, déanfar iad a mhaoiniú trí acmhainní dílse na Gníomhaireachta dá bhforáiltear i dtimthriall buiséadach bliantúil an Aontais.

    Is cuid de bhuiséad an Aontais cheana féin é ranníocaíocht an Aontais Eorpaigh le haghaidh na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta faoi mar atá leagtha amach sna Conclúidí ón gComhairle a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faireachán cuí ar chur chun feidhme an chomhaontaithe stádais.

    2023/0235 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(b) agus (d) agus Airteagal 79(2)(c) i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa 13 ,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)I gcomhréir le Cinneadh 2023/XXX ón gComhairle an […], an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine (an ‘Comhaontú’), shínigh […] an Comhaontú sin an […..], faoi réir a thabhairt i gcrích tráth is faide anonn.

    (2)De bhun Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 , in imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, tabharfaidh an tAontas comhaontú stádais i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh. 

    (3)Is éard atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 15 ; Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (4)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge 16 , Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

    (5)Ba cheart an Comhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais, 

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, formheastar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine (an ‘Comhaontú’) thar ceann an Aontais 17 .

    Airteagal 2

    Tabharfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais Eorpaigh, fógra do Phoblacht na hAlbáine de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 22(1) den Chomhaontú, chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú a chur in iúl.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha 18 .

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    Airteagal 10(1)(u) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach.
    (2)    71(1) de Rialachán (AE) 2019/1896.
    (3)    3(g) de Rialachán (AE) 2019/1896.
    (4)    73(1) de Rialachán (AE) 2019/1896.
    (5)    Teachtaireacht COM(2021) 829 - Samhail-chomhaontú stádais dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624.
    (6)    Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle, IO L 251, 16.9.2016, lgh. 1.
    (7)    IO AE L 46, 18.2.2019, lch. 3.
    (8)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
    (9)    IO AE L 108, 29.4.2010, lch. 3.
    (10)    Amhail oiliúint, feasacht staide, trealamh, an cumas frithghníomhú, imscaradh foirne, etc.
    (11)    Teachtaireacht COM(2021) 829.
    (12)     EUR-Lex - 22019A0218(01) - GA - EUR-Lex (europa.eu)  
    (13)    IO C, , lch. .
    (14)    Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 agus Rialachán (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1.
    (15)        Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
    (16)    Prótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, IO C 326, 26.10.2012, lgh. 299-303.
    (17)    Tá téacs an Chomhaontaithe foilsithe in IO L ..., lch. .
    (18)    Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
    Top

    An Bhruiséil,7.7.2023

    COM(2023) 397 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    Togra le haghaidh
    CINNEADH ÓN gComhairle

    ar thabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine










    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine

    Tá an tAontas Eorpach,

    Agus Poblacht na hAlbáine,

    a ngairfear ‘Páirtí’ ar gach ceann díobh, agus a ngairfear ‘Páirtithe’ orthu i bhfochair a chéile, anseo feasta,

    DE BHRÍ gur féidir le cásanna teacht chun cinn i gcás ina gcomhordaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (‘an Ghníomhaireacht’) comhar oibríochtúil idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hAlbáine, lena n‑áirítear ar chríoch Phoblacht na hAlbáine,

    DE BHRÍ gur cheart creat dlíthiúil i bhfoirm comhaontú stádais a bhunú i gcomhair cásanna ina mbeidh cumhachtaí feidhmiúcháin ag na baill de na foirne arna n‑imscaradh ag an nGníomhaireacht ar chríoch Phoblacht na hAlbáine,

    DE BHRÍ go bhféadfaí leis an gcomhaontú stádais foráil a dhéanamh maidir le bunú oifigí allamuigh ag an nGníomhaireacht ar chríoch Phoblacht na hAlbáine chun comhordú gníomhaíochtaí oibríochtúla a éascú agus a fheabhsú agus chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú éifeachtach ar acmhainní daonna agus teicniúla na Gníomhaireachta,

    I bhFIANAISE leibhéal ard cosanta sonraí pearsanta i bPoblacht na hAlbáine agus san Aontas Eorpach,

    ÓS RUD É gur dhaingnigh Poblacht na hAlbáine Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa Uimh. 108 an 28 Eanáir 1981 maidir le Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch agus an Prótacal breise a ghabhann leis,

    AG CUIMHNEAMH gur prionsabail bhunúsacha a rialaíonn an comhar idir na Páirtithe iad urraim do chearta an duine agus do phrionsabail dhaonlathacha,

    ÓS RUD É gur dhaingnigh Poblacht na hAlbáine Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint an 4 Samhain 1950, coinbhinsiún a gcomhfhreagraíonn na cearta atá ann do na cearta atá i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

    ÓS RUD É gur cheart lánurraim a thabhairt, i gcás gach gníomhaíochta oibríochtúla de chuid na Gníomhaireachta ar chríoch Phoblacht na hAlbáine, do chearta bunúsacha agus do na comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus/nó Poblacht na hAlbáine,

    ÓS RUD É go bhfuil gach duine a ghlacann páirt i ngníomhaíocht oibríochtúil faoi oibleagáid cloí leis na caighdeáin is airde ionracais, iompair eiticiúil, agus gairmiúlachta, sin agus urraim a bheith acu do chearta bunúsacha, maille le hoibleagáidí arna bhforchur orthu le forálacha an phlean oibríochtúil agus le cód iompair na Gníomhaireachta a chomhlíonadh,

    tar éis cinneadh a dhéanamh an Comhaontú seo a thabhairt i gcrích:

    Airteagal 1 
    Raon feidhme 

    1.Leis an gComhaontú seo, rialaítear gach ábhar is gá le haghaidh imscaradh foirne bainistithe teorainneacha de chuid bhuanchór de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh chuig Poblacht na hAlbáine, i gcás inar féidir le baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin a fheidhmiú.

    2.Féadfar an timscaradh dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar chríoch Phoblacht na hAlbáine, lena náirítear ag na teorainneacha talún, farraige agus aeir idir í agus tíortha eile. Faoi réir oibleagáidí na bPáirtithe faoi dhlí na farraige, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige 1982 go háirithe, féadfar gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh freisin i réigiún tadhlach Phoblacht na hAlbáine. Gníomhaíochtaí oibríochtúla arna gcur i gcrích faoin gComhaontú seo, ní dhéanfaidh siad difear d’oibleagáidí cuardaigh agus tarrthála a thagann ó dhlí na farraige, go háirithe ó Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige 1982, ó Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir 1974 agus ón gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir.

    Airteagal 2 
    Sainmhínithe

    Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)ciallaíonn ‘Gníomhaireacht’ an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arna bunú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  1 nó aon leasú a dhéanfar ar an Rialachán sin;

    (2)ciallaíonn ‘rialú teorann’ an ghníomhaíocht arna dhéanamh ag teorainn, i gcomhréir leis an gComhaontú seo agus chun críocha an Chomhaontaithe seo, mar fhreagairt eisiach do rún an teorainn sin a thrasnú, nó do thrasnú na teorann sin, gan beann ar aon chúinse eile, arb iad seiceálacha teorann agus faireachas ar theorainneacha atá i gceist leis an ngníomhaíocht sin;

    (3)ciallaíonn ‘foirne bainistithe teorainneacha’ foirne arna gcur le chéile as buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a bheidh le himscaradh le linn oibríochtaí comhpháirteacha agus mear‑idirghabhálacha teorann ag na teorainneacha seachtracha sna Ballstáit agus i dtríú tíortha;

    (4)ciallaíonn ‘fóram comhairliúcháin’ an comhlacht comhairleach arna bhunú ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 108 de Rialachán (AE) 2019/1896;

    (5)ciallaíonn ‘buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh’ buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2019/1896;

    (6)ciallaíonn "EUROSUR" an creat le haghaidh malartú faisnéise agus comhar idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht;

    (7)ciallaíonn ‘duine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha’ duine de lucht faireacháin ar chearta bunúsacha dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialachán (AE) 2019/1896;

    (8)ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát óna nimscartar an ball foirne nó óna a gcuirtear an ball foirne ar iasacht chuig buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh;

    (9)ciallaíonn ‘teagmhas’ staid a bhaineann leis an inimirce neamhdhleathach, le coireacht trasteorann nó ina bhfuil baol do bheatha na ninimirceach, ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh nó Phoblacht na hAlbáine, feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh;

    (10)ciallaíonn ‘oibríocht chomhpháirteach’ gníomhaíocht arna comhordú nó arna heagrú ag an nGníomhaireacht chun tacú le húdaráis náisiúnta Phoblacht na hAlbáine atá freagrach as rialú teorann atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail inimirce neamhdhleathach, bagairtí reatha nó bagairtí amach anseo ag teorainneacha Phoblacht na hAlbáine nó coireacht trasteorann, sin nó dírithe ar chúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar le aghaidh rialú na dteorainneacha sin;

    (11)ciallaíonn ‘ball de na foirne’ ball de bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh arna imscaradh trí bhíthin foireann bainistithe teorainneacha chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht oibríochtúil;

    (12)ciallaíonn ‘Ballstát’ Ballstát den Aontas Eorpach;

    (13)ciallaíonn ‘gníomhaíocht oibríochtúil’ gníomhaíocht chomhpháirteach nó mear‑idirghabháil teorann;

    (14)ciallaíonn ‘limistéar oibríochtúil’ an limistéar geografach ina bhfuil gníomhaíocht oibríochtúil le tarlú;

    (15)ciallaíonn ‘Ballstát rannpháirteach’ Ballstát a ghlacann páirt i ngníomhaíocht oibríochtúil trí threalamh teicniúil nó baill foirne de bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a chur ar fáil;

    (16)ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó insainaitheanta (‘ábhar sonraí’); is é is duine nádúrtha insainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de na tosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    (17)ciallaíonn ‘mearidirghabháil teorann’ gníomhaíocht atá dírithe ar dhul i ngleic le dúshlán sonrach díréireach ag teorainneacha Phoblacht na hAlbáine trí fhoireann bainistithe teorainneacha a imscaradh i gcríoch Phoblacht na hAlbáine go ceann thréimhse theoranta ama chun rialú teorann a dhéanamh i gcomhar le húdaráis náisiúnta Phoblacht na hAlbáine atá freagrach as rialú teorann;

    (18)ciallaíonn ‘baill foirne reachtúla’ baill foirne arna bhfostú ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle 2 .. 

    Airteagal 3 
    Gníomhaíochtaí Oibríochtúla a Sheoladh

    1.Seolfar gníomhaíocht oibríochtúil faoin gComhaontú seo trí bhíthin cinneadh i scríbhinn ó stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta (‘an stiúrthóir feidhmiúcháin’) ar iarraidh i scríbhinn ó údaráis inniúla Phoblacht na hAlbáine. Áireofar le hiarraidh den sórt sin tuairisc ar an gcás, ar fhad ama measta an chur chun feidhme, ar na haidhmeanna féideartha agus ar na riachtanais a bheidh i gceist, agus próifílí na mball foirne a bheidh de dhíth, lena náirítear próifílí na mball foirne sin a bhfuil cumhachtaí feidhmiúcháin acu, de réir mar is infheidhme.

    2.Má mheasann an stiúrthóir feidhmiúcháin gur dócha go mbeadh sáruithe ar chearta bunúsacha nó ar oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta atá tromchúiseacha nó leanúnacha ag baint leis an ngníomhaíocht oibríochtúil a iarradh, nó go neascródh sáruithe den chineál sin as an ngníomhaíocht chéanna, ní sheolfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil.

    3.Má mheasann an stiúrthóir feidhmiúcháin go bhfuil gá le tuilleadh faisnéise chun cinneadh a dhéanamh ar cheart gníomhaíocht oibríochtúil a sheoladh, tar éis iarraidh a fháil faoi mhír 1, féadfaidh sé nó sí faisnéis bhreise a iarraidh nó saineolaithe na Gníomhaireachta a údarú le taisteal go Poblacht na hAlbáine chun measúnú a dhéanamh ar an staid ann. Déanfaidh Poblacht na hAlbáine an taisteal sin a éascú.

    4.Cinnfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin gan gníomhaíocht oibríochtúil a sheoladh má mheasann sé nó sí go bhfuil cúis ann, a bhfuil údar léi, í a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh de bhun fhorálacha ábhartha Airteagal 18.

    Airteagal 4 
    Plean Oibríochtúil

    1.Déanfar plean oibríochtúil a chomhaontú le haghaidh gach gníomhaíochta oibríochtúla idir an Ghníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine i gcomhréir le hAirteagail 38 agus 74 de Rialachán (AE) 2019/1896. Beidh an plean oibríochtúil ina cheangal ar an nGníomhaireacht, ar Phoblacht na hAlbáine agus ar na Ballstáit rannpháirteacha.

    2.Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin agus ionadaí údarás inniúil Phoblacht na hAlbáine an Plean Oibríochta a fhormheas i scríbhinn.

    3.Leis an bplean oibríochtúil, leagfar amach go mionsonrach gnéithe eagraíochtúla agus gnéithe nós imeachta na gníomhaíochta oibríochtúla, lena náirítear an méid seo a leanas:

    (a)tuairisc ar an gcás, maille le modus operandi agus cuspóirí an imscartha, aidhm na hoibríochta san áireamh;

    (b)an tachar measta a mhairfidh an ghníomhaíocht oibríochtúil chun go mbeidh sí in ann a cuspóirí a bhaint amach;

    (c)an limistéar oibríochtúil;

    (d)tuairisc ar chúraimí, lena náirítear na cúraimí a dteastaíonn cumhachtaí feidhmiúcháin ina leith, ar fhreagrachtaí, lena náirítear i dtaca le hurraim do chearta bunúsacha agus do cheanglais chosanta sonraí, agus ar threoracha speisialta i gcomhair na bhfoirne bainistithe teorainneacha, lena náirítear treoir maidir leis an gceadú bunachair sonraí atá ceadaithe agus maidir leis na hairm sheirbhíse, an armlón agus an trealamh atá ceadaithe i bPoblacht na hAlbáine;

    (e)comhdhéanamh na foirne bainistithe teorainneacha, mar aon le himscaradh ball foirne ábhartha eile agus láithreacht ball eile de na baill foirne reachtúla’ na Gníomhaireachta, lucht faireacháin ar chearta bunúsacha san áireamh;

    (f)forálacha maidir le ceannas agus rialú, lena náirítear ainmneacha agus céimeanna ghardaí teorann nó ball foirne ábhartha eile de chuid Phoblacht na hAlbáine a bheidh freagrach as comhoibriú leis na baill de na foirne agus leis an nGníomhaireacht, go háirithe ainmneacha agus céimeanna na ngardaí teorann sin nó ball foirne ábhartha eile atá i gceannas le linn na tréimhse imscartha, agus ionad na mball de na foirne sa slabhra ceannais;

    (g)an trealamh teicniúil a bheidh le húsáid le linn na gníomhaíochta oibríochtúla, lena náirítear ceanglais shonracha amhail coinníollacha úsáide, an criú arna iarraidh, iompar agus lóistíocht eile, agus forálacha airgeadais;

    (h)forálacha mionsonraithe maidir le tuairisciú teagmhais ag an nGníomhaireacht ar bhonn láithreach don bhord bainistíochta agus d’údaráis ábhartha na mBallstát rannpháirteach agus Phoblacht na hAlbáine d’aon teagmhas a mbuailfear leis le linn gníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo;

    (i)scéim tuairiscithe agus meastóireachta ina bhfuil tagarmharcanna don tuarascáil mheastóireachta, lena náirítear maidir le cosaint na gceart bunúsach, agus dáta deiridh chun an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a thíolacadh;

    (j)maidir le hoibríochtaí ar muir, faisnéis shonrach i ndáil le cur i bhfeidhm na dlínse ábhartha agus an dlí is infheidhme sa limistéar oibríochtúil, lena náirítear tagairtí don dlí idirnáisiúnta do dhlí an Aontais Eorpaigh agus don dlí náisiúnta maidir le hidircheapadh, tarrtháil ar muir agus díbhordáil;

    (k)téarmaí an chomhair le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais, seachas an Ghníomhaireacht, tríú tíortha eile nó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile;

    (l)treoracha ginearálta maidir le conas a áirithiú go gcosnófar na cearta bunúsacha le linn na gníomhaíochta oibríochtúla, lena náirítear cosaint sonraí pearsanta agus oibleagáidí a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cearta an duine;

    (m)nósanna imeachta lena ndéantar daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, mionaoisigh neamhthionlactha agus daoine eile ar leochaileach a gcásanna, a threorú chuig na húdaráis náisiúnta inniúla chun an cúnamh iomchuí a fháil;

    (n)nósanna imeachta lena leagtar amach sásra chun gearáin (lena náirítear iad siúd a chuirtear isteach faoi Airteagal 8(5)) in aghaidh aon duine atá páirteach i ngníomhaíocht oibríochtúil, lena náirítear gardaí teorann nó baill foirne ábhartha eile de chuid Phoblacht na hAlbáine agus baill de na foirne, a fháil agus a tharchur chuig an nGníomhaireacht agus chuid Poblacht na hAlbáine, ar gearáin iad ina líomhnaítear sáruithe ar chearta bunúsacha i gcomhthéacs a rannpháirtíochta i ngníomhaíocht oibríochtúil de chuid na Gníomhaireachta;

    (o)socruithe lóistíochta, lena n‑áirítear faisnéis maidir le dálaí oibre agus timpeallacht na limistéar ina mbeidh an ghníomhaíocht oibríochtúil le tarlú; agus

    (p)forálacha maidir le hoifig allamuigh, arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 6.

    4.Beidh an plean oibríochtúil agus aon leasú air nó aon oiriúnú air faoi réir chomhaontú na Gníomhaireachta, Phoblacht na hAlbáine agus aon Bhallstát atá i gcomharsanacht Phoblacht na hAlbáine nó a bhfuil teorainn aige leis an limistéar oibríochtúil, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit rannpháirteacha. Déanfaidh an Ghníomhaireacht comhordú leis na Ballstáit ábhartha chun a gcomhaontú a dheimhniú.

    5.Déanfar malartú faisnéise agus comhar oibríochtúil chun críocha EUROSUR i gcomhréir leis na rialacha chun pictiúir de dhálaí sonracha a bheidh le leagan amach sa phlean oibríochtúil don ghníomhaíocht oibríochtúil lena mbaineann a shuí agus a roinnt.

    6.Déanfar an mheastóireacht ar an ngníomhaíocht oibríochtúil i gcomhréir le mír 3, pointe (i), i gcomhar le Poblacht na hAlbáine agus an Ghníomhaireacht.

    7.Na téarmaí comhair le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i gcomhréir le mír (3), pointe (k), cuirfear i gcrích iad i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus de réir na nacmhainní atá ar fáil.

    Airteagal 5 
    Tuairisciú Teagmhas

    1.Beidh sásra um thuairisciú teagmhais ag an nGníomhaireacht agus ag na Póilíní Stáit na hAlbáine araon chun gur féidir tuairisciú tráthúil a dhéanamh ar aon teagmhais a thagann chun cinn le linn gníomhaíocht oibríochtúil a dhéantar faoin gComhaontú seo.

    2.Cuideoidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine le chéile chun gach fiosrúchán agus imscrúdú riachtanach a dhéanamh maidir le haon teagmhas a thuairisceofar tríd an sásra dá dtagraítear i mír 1, amhail finnéithe a shainaithint agus fianaise a bhailiú agus a sholáthar, lena náirítear iarrataí chun nithe a bhaineann le teagmhas a tuairiscíodh a fháil, agus más iomchuí, a thabhairt ar láimh. Féadfar tabhairt ar láimh aon ní den sórt sin a chur faoi réir a dtabhairt ar ais laistigh de na téarmaí a shonróidh an túdarás inniúil a sholáthróidh iad.

    Airteagal 6 
    Oifigí Allamuigh

    1.Féadfaidh an Ghníomhaireacht, agus é ag obair i gcomhairle le húdaráis inniúla Phoblacht na hAlbáine, oifigí allamuigh a bhunú ar chríoch Phoblacht na hAlbáine chun comhordú gníomhaíochtaí oibríochtúla a éascú agus a fheabhsú, agus chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú éifeachtach ar acmhainní daonna agus teicniúla na Gníomhaireachta. Socróidh an Ghníomhaireacht suíomh na hoifige allamuigh, agus toiliú Phoblacht na hAlbáine á chur san áireamh aige.

    2.Bunófar na hoifigí allamuigh i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla agus beidh siad oibríochtúil le haghaidh na tréimhse ama is gá le go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh i bPoblacht na hAlbáine agus sa réigiún comharsanachta. Faoi réir chomhaontú Phoblacht na hAlbáine, féadfaidh an Ghníomhaireacht fad a chur leis an tréimhse ama sin.

    3.Beidh gach oifig allamuigh faoi bhainistiú ionadaí de chuid na Gníomhaireachta arna cheapadh ag an stiúrthóir feidhmiúcháin mar cheann na hoifige allamuigh, duine a dhéanfaidh formhaoirseacht ar obair fhoriomlán na hoifige.

    4.I gcás inarb infheidhme, déanfaidh na hoifigí allamuigh an méid seo a leanas:

    (a)tacaíocht oibríochtúil agus lóistíochta a sholáthar agus comhordú ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a áirithiú sna limistéir oibríochtúla lena mbaineann;

    (b)tacaíocht oibríochtúil a sholáthar do Phoblacht na hAlbáine sna limistéir oibríochtúla lena mbaineann;

    (c)faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na bhfoirne bainistithe teorainneacha agus tuairisciú go tráthrialta do cheanncheathrú na Gníomhaireachta;

    (d)comhar a dhéanamh le Poblacht na hAlbáine maidir le gach saincheist a bhaineann le cur chun feidhme praiticiúil na ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna neagrú ag an nGníomhaireacht i bPoblacht na hAlbáine, lena náirítear aon saincheist bhreise a d’fhéadfadh a bheith tagtha chun cinn le linn na ngníomhaíochtaí sin;

    (e)tacú leis an oifigeach comhordúcháin sa chomhar a dhéanann sé le Poblacht na hAlbáine maidir le gach saincheist a bhaineann lena rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla arna neagrú ag an nGníomhaireacht agus, i gcás inar gá, idirchaidreamh a dhéanamh le ceanncheathrú na Gníomhaireachta;

    (f)tacú leis an oifigeach comhordúcháin agus leis an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a shanntar chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht oibríochtúil ó thaobh comhordú agus cumarsáid a éascú, i gcás inar gá, idir na foirne bainistithe teorainneacha agus údaráis ábhartha Phoblacht na hAlbáine, mar aon le haon chúraimí ábhartha;

    (g)tacaíocht lóistíochta a eagrú a bhaineann le baill de na foirne a imscaradh agus le trealamh teicniúil a imscaradh agus a úsáid;

    (h)an tacaíocht lóistíochta eile ar fad a sholáthar maidir leis an limistéar oibríochtúil a bhfuil oifig allamuigh ar leith freagrach as, d’fhonn feidhmiú rianúil na ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna neagrú ag an nGníomhaireacht a éascú;

    (i)bainistiú éifeachtach threalamh na Gníomhaireachta féin a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear lena cuid gníomhaíochtaí, lena náirítear clárú féideartha agus cothabháil fhadtéarmach an trealaimh sin agus aon tacaíocht lóistíochta is gá; agus

    (j)tacaíocht a thabhairt do bhaill foirne eile agus/nó gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta i bPoblacht na hAlbáine mar a aontaítear idir an Ghníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine.

    5.Áiritheoidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine na dálaí is fearr is féidir le haghaidh chomhlíonadh na gcúraimí a shanntar do na hoifigí allamuigh.

    6.Cuirfidh Poblacht na hAlbáine cúnamh ar fáil don Ghníomhaireacht chun acmhainneacht oibríochtúil na noifigí allamuigh a áirithiú.

    Airteagal 7 
    Oifigeach Comhordúcháin

    1.Gan dochar do ról na n‑oifigí allamuigh mar a shainmhínítear in Airteagal 6, ceapfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin saineolaí amháin nó níos mó de na baill foirne reachtúla lena n‑imscaradh mar oifigigh chomhordúcháin do gach gníomhaíocht oibríochtúil. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin Poblacht na hAlbáine ar an eolas maidir le ceapachán den sórt sin.

    2.Is é an ról a bheidh ag an oifigeach comhordúcháin na nithe seo a dhéanamh:

    (a)gníomhú mar idirghabhálaí idir an Ghníomhaireacht, Poblacht na hAlbáine agus baill na bhfoirne, trí chuidiú a sholáthar, thar ceann na Gníomhaireachta maidir le gach ábhar a bhaineann le coinníollacha imscaradh na bhfoirne bainistithe teorainneacha;

    (b)faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart an phlean oibríochtúil, lena náirítear, i gcomhar leis an duine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha / lucht faireacháin ar chearta bunúsacha, a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha a chosaint agus tuairisciú don stiúrthóir feidhmiúcháin ina leith sin;

    (c)gníomhú thar ceann na Gníomhaireachta maidir le gach gné d’imscaradh na bhfoirne bainistithe teorainneacha agus tuairisciú don Ghníomhaireacht faoi na gnéithe sin uile; agus

    (d)comhar agus comhordú idir Poblacht na hAlbáine agus na Ballstáit rannpháirteacha a chothú.

    3.I gcomhthéacs gníomhaíochtaí oibríochtúla, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin údarú don oifigeach comhordúcháin cúnamh a thabhairt i dtaca le haon easaontas faoi fhorghníomhú an phlean oibríochtúil agus imscaradh na bhfoirne a réiteach.

    4.Is treoracha a chomhlíonann an plean oibríochtúil amháin a eiseoidh Poblacht na hAlbáine do bhaill na bhfoirne. I gcás ina measfaidh an toifigeach comhordúcháin nach bhfuil na treoracha a eisíodh do bhaill de na foirne i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil ná leis na hoibleagáidí dlíthiúil is infheidhme, cuirfidh sé é sin in iúl d’oifigigh Phoblacht na hAlbáine a dhéanfaidh ról comhordúcháin agus don stiúrthóir feidhmiúcháin. Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin bearta iomchuí a dhéanamh, lena náirítear an ghníomhaíocht oibríochtúil a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, i gcomhréir le hAirteagal 18.

    Airteagal 8 
    Cearta Bunúsacha

    1.Agus a gcuid oibleagáidí faoin gComhaontú á gcomhlíonadh acu, glacann na Páirtithe mar chúram orthu féin gníomhú i gcomhréir le gach ionstraim is infheidhme um chearta an duine, lena náirítear Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 1950 chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, agus an Prótacal ó 1967 a ghabhann leis, Coinbhinsiún Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe 1965 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, an Cúnant Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe 1966 ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1979 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1984 in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1989 um Chearta an Linbh, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 2006 ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    2.Déanfaidh baill de na foirne, le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, cearta bunúsacha a urramú go hiomlán, lena náirítear maidir le rochtain ar nósanna imeachta tearmainn agus dínit an duine, agus tabharfaidh siad aird ar leith ar dhaoine leochaileacha. Beidh cibé bearta a ghlacfar i gcomhlíonadh a gcúraimí agus i bhfeidhmiú a gcumhachtaí comhréireach le cuspóirí na mbeart sin. Le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, ní dhéanfaidh siad idirdhealú i gcoinne daoine ar bhonn aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.

    Níl cead bearta atá i mbealach na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha a dhéanamh ach amháin nuair a dhéanann baill de na foirne iad agus a gcuid cúraimí á gcomhlíonadh nó a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu nuair is gá agus nuair atá sé comhréireach maidir le cuspóirí na mbeart sin agus ní mór meas a bheith acu ar bhunbhrí na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha sin i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, le dlí an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

    Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil seo maidir le gach ball foirne d’údaráis náisiúnta Phoblacht na hAlbáine atá rannpháirteach i ngníomhaíocht oibríochtúil.

    3.Déanfaidh oifigeach na Gníomhaireachta um chearta bunúsacha faireachán ar chomhlíontacht gach gníomhaíochta oibríochtúla maidir le caighdeáin um chearta bunúsacha is infheidhme. Féadfaidh an t‑oifigeach um chearta bunúsacha, nó a ionadaí, cuairteanna ar an láthair a thabhairt ar an tríú tír; tabharfaidh sé tuairimí maidir leis na pleananna oibríochtúla agus cuirfidh sé an stiúrthóir feidhmiúcháin ar an eolas maidir le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha i dtaobh gníomhaíocht oibríochtúil. Tacóidh Poblacht na hAlbáine le hiarrachtaí faireacháin an oifigigh um chearta bunúsacha, ach a niarrfar sin uirthi.

    4.Comhaontaíonn an Ghníomhaíocht agus Poblacht na hAlbáine rochtain thráthúil éifeachtach ar gach faisnéis a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha maidir le haon ghníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo a chur ar fáil don fhóram comhairliúcháin, lena náirítear cuairteanna ar an láthair sa limistéar oibríochtúil.

    5.Beidh sásra gearán ag an nGníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine araon chun próiseáil a dhéanamh ar líomhaintí ar sháruithe ar chearta bunúsacha, arna ndéanamh ag a mbaill foirne agus a bhfeidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú acu le linn gníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo.

    6.Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí faoin gcomhaontú seo á bhfeidhmiú acu, déanfaidh baill de na foirne aon sárú ar chóid iompair na Gníomhaireachta a thuairisciú don Ghníomhaireacht gan moill mhíchuí. Cuirfidh an Ghníomhaireacht údaráis ábhartha na hAlbáine ar an eolas faoi na tuarascálacha sin gan moill mhíchuí trí shásra atá le sainiú sa phlean oibríochtúil.

    Airteagal 9 
    Lucht faireacháin ar Chearta Bunúsacha

    1.Déanfaidh oifigeach um chearta bunúsacha na Gníomhaireachta duine amháin ar a laghad den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a cheapadh i ngach gníomhaíocht oibríochtúil chun, inter alia, cúnamh a thabhairt don oifigeach comhordúcháin agus comhairle a chur air.

    2.Déanfaidh an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha faireachán ar chomhlíonadh na gceart bunúsach agus tabharfaidh siad comhairle agus cúnamh maidir le cearta bunúsacha in ullmhú, cur i gcrích agus measúnú na gníomhaíochtaí oibríochtúla ábhartha. Áireofar air sin, go háirithe:

    (a)ullmhú pleananna oibríochtúla a leanúint agus tuairisciú a dhéanamh don oifigeach um chearta bunúsacha chun go mbeidh sé in ann a chuid cúraimí a chomhlíonadh dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1896;

    (b)cuairteanna a thabhairt, lena náirítear cuairteanna fadtéarmacha, ar na háiteanna ina dtarlaíonn gníomhaíochtaí oibríochtúla;

    (c)comhoibriú agus idirchaidreamh a dhéanamh leis an oifigeach comhordúcháin agus cúnamh agus comhairle a chur ar fáil dó;

    (d)an t‑oifigeach comhordúcháin a chur ar an eolas agus tuairisciú a dhéanamh don oifigeach um chearta bunúsacha maidir le haon ábhar imní i dtaca le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha a bhaineann leis an ngníomhaíocht oibríochtúil; agus

    (e)rannchuidiú le meastóireacht a dhéanamh ar an ngníomhaíocht oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointe (i).

    3.Beidh rochtain ag lucht faireacháin ar chearta bunúsacha ar gach réimse ina dtarlóidh an ghníomhaíocht oibríochtúil agus ar na doiciméid uile a bhaineann le cur chun feidhme na gníomhaíochta sin.

    4.Nuair a bheidh lucht faireacháin ar chearta bunúsacha i láthair sa limistéar oibríochtúil, beidh ionchomharthaí á gcaitheamh acu lenar féidir iad a sainaithint go soiléir lucht faireacháin ar chearta bunúsacha.

    Airteagal 10 
    Baill den Fhoireann

    1.Beidh an túdarás ag baill na bhfoirne na cúraimí a dtugtar tuairisc orthu sa phlean oibríochtúil a dhéanamh.

    2.Agus na cúraimí sin á gcomhlíonadh agus na cumhachtaí sin á bhfeidhmiú ag na baill de na foirne, comhlíonfaidh siad dlíthe agus rialacháin Phoblacht na hAlbáine chomh maith le dlí idirnáisiúnta agus dlí an Aontais Eorpaigh is infheidhme.

    3.Ní fhéadfaidh baill na bhfoirne cúraimí a chur i gcrích agus cumhachtaí a fheidhmiú ar chríoch Phoblacht na hAlbáine ach amháin de réir treoracha ó údaráis bhainistithe teorainneacha Phoblacht na hAlbáine agus i láthair na núdarás sin. Féadfaidh Poblacht na hAlbáine baill de na foirne a údarú le cúraimí sonracha a chomhlíonadh agus cumhachtaí sonracha a fheidhmiú ar a críoch in éagmais a núdarás bainistithe teorannacha faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta nó an Bhallstáit baile, de réir mar is iomchuí.

    4.Is í éide bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a bheidh á caitheamh ag baill de na foirne ar baill foirne reachtúla iad, le linn dóibh a gcúraimí a chur i gcrích agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, mura sonraítear a mhalairt sa phlean oibríochtúil.

    Beidh a n‑éide náisiúnta féin á gcaitheamh ag baill de na foirne nach baill foirne reachtúla iad agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, mura sonraítear a mhalairt sa phlean oibríochtúil.

    Agus iad ar dualgas, ní mór do gach ball de na foirne comhartha céannachta pearsanta infheicthe agus armbhanda gorm ar a mbeidh ionchomharthaí an Aontais Eorpaigh agus na Gníomhaireachta ar a chuid éidí.

    5.Údaróidh Poblacht na hAlbáine baill ábhartha de na foirne cúraimí a chomhlíonadh le linn gníomhaíocht oibríochtúil a mbeidh gá le húsáid fornirt lena aghaidh, lena náirítear airm sheirbhíse, armlón agus modhanna comhéigneacha eile a iompar agus a úsáid, i gcomhréir le forálacha ábhartha an phlean oibríochtúil.

    (a)féadfaidh baill de na foirne ar baill foirne reachtúla iad airm sheirbhíse, armlón agus modhanna comhéigneacha eile a iompar agus a úsáid faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta.

    (b)féadfaidh baill de na foirne nach baill foirne reachtúla iad airm sheirbhíse, armlón agus modhanna comhéigneacha eile a iompar agus a úsáid faoi réir thoiliú an Bhallstáit baile ábhartha.

    6.Déanfar úsáid fornirt, lena náirítear iompar agus úsáid arm seirbhíse, armlón agus modhanna comhéigneacha eile, a fheidhmiú i gcomhréir le dlí náisiúnta Phoblacht na hAlbáine agus i láthair údaráis bainistithe teorannacha Phoblacht na hAlbáine. Féadfaidh Poblacht na hAlbáine baill de na foirne a údarú le fórsa a úsáid i gcás nach mbeidh údaráis bainistithe teorannacha ábhartha ag Poblacht na hAlbáine ann.

    (c)Maidir le baill de na foirne ar baill foirne reachtúla iad, beidh údarú den sórt sin, forneart a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha de chuid Phoblacht na hAlbáine, faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta.

    (d)i gcás baill de na foirne nach baill foirne reachtúla iad forneart a úsáid nuair nach mbeidh údaráis bainistithe teorainneacha ag Poblacht na hAlbáine, beidh an túdarú sin faoi réir thoiliú an Bhallstáit baile ábhartha.

    Ní mór aon úsáid a bhainfidh na baill de na foirne as forneart a bheith riachtanach agus comhréireach agus ní mór an úsáid sin a bheith i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta is infheidhme, leis an gcuid sin de dhlí an Aontais is infheidhme, agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme, lena n‑áirítear, go háirithe, na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1896.

    7.Sula nimscarfar baill na bhfoirne, cuirfidh an Ghníomhaireacht Poblacht na hAlbáine ar an eolas faoi na hairm sheirbhíse, armlón agus trealamh eile a bhfuil cead ag baill de na foirne iad a iompar faoi mhír 5. Féadfaidh Poblacht na hAlbáine, áfach, cosc a chur ar airm sheirbhíse, armlón agus trealamh áirithe eile a iompar, ar choinníoll go bhfuil feidhm ag an toirmeasc céanna maidir lena núdaráis bainistithe teorannacha féin faoina dlí féin. Sula nimscarfar baill na bhfoirne, cuirfidh Phoblachta na hAlbáine an Ghníomhaireacht ar an eolas maidir le hairm sheirbhíse, armlón agus trealamh is incheadaithe agus maidir leis na coinníollacha lena núsáid. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do Bhallstáit.

    Déanfaidh Poblacht na hAlbáine na socruithe is gá le haghaidh eisiúint aon cheadúnas arm is gá agus éascóidh sé allmhairiú, onnmhairiú, iompar agus stóráil na n‑arm, armlóin agus trealaimh eile a bheidh ar fáil do bhaill na bhfoirne, arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht. Leagfar amach sa phlean oibríochta an nós imeachta chun ceadúnas arm a eisiúint.

    8.Féadfar airm sheirbhíse, armlón agus trealamh a úsáid i bhféinchosaint dhlisteanach, i gcosaint dhlisteanach ball de na foirne nó i gcosaint daoine eile, i gcomhréir le dlí náisiúnta Phoblacht na hAlbáine i gcomhréir le prionsabail ábhartha dhlí idirnáisiúnta agus dhlí an Aontais Eorpaigh.

    9.Féadfaidh Poblacht na hAlbáine baill de na foirne a údarú le bunachair sonraí náisiúnta a cheadú más gá chun aidhmeanna oibríochtúla a shonraítear sa phlean oibríochtúil a bhaint amach. Áiritheoidh Poblacht na hAlbáine go soláthróidh sé an rochtain sin ar bhunachair sonraí ar shlí éifeachtúil agus éifeachtach.

    Sula n‑imscarfar baill na bhfoirne, cuirfidh Poblacht na hAlbáine an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi na bunachair sonraí náisiúnta a fhéadfar a cheadú.

    Ní cheadóidh baill de na foirne ach na sonraí sin a bhfuil gá leo chun a gcúraimí a chur i gcrích agus a gcumhachtaí a fheidhmiú. Déanfar an ceadú sin i gcomhréir le dlí náisiúnta Poblacht na hAlbáine maidir le cosaint sonraí agus i gcomhréir leis an gComhaontú seo.

    10.Chun gníomhaíochtaí oibríochtúla a chur chun feidhme, déanfaidh Poblacht na hAlbáine oifigigh sna Póilíní Teorann agus Imirce a imscaradh atá ábalta agus toilteanach cumarsáid a dhéanamh i mBéarla chun ról comhordaithe a chomhlíonadh thar ceann Phoblacht na hAlbáine.

    Airteagal 11 
    Pribhléidí agus Díolúintí Mhaoine, Chistí,  
    Shócmhainní agus Oibríochtaí na Gníomhaireachta

    1.Beidh aon áitreabh agus foirgnimh de chuid na Gníomhaireachta i bPoblacht na hAlbáine dosháraithe. Beidh siad díolmhaithe ó chuardach, foréileamh, coigistiú nó díshealbhú.

    2.Maoin agus sócmhainní na Gníomhaireachta, lena náirítear modhanna iompair, cumarsáid, cartlanna, comhfhreagras, doiciméid, páipéir aitheantais agus sócmhainní airgeadais, is dosháraithe a bheidh siad.

    3.Áirítear le sócmhainní na Gníomhaireachta sócmhainní atá faoi úinéireacht nó faoi chomhúinéireacht Ballstáit, nó arna gcairtfhostú nó arna léasú ag Ballstát agus arna gcur ar fáil don Ghníomhaireacht. Ar bhordáil ionadaí/ionadaithe údaráis inniúla náisiúnta, pléifear leo siúd mar acmhainní i mbun seirbhíse rialtais agus déanfar iad a údarú i ndáil leis sin.

    4.Ní fhéadfaidh aon bheart forghníomhaithe a dhéanamh i leith na Gníomhaireachta. Ní bheidh maoin ná sócmhainní na Gníomhaireachta faoi réir aon bheart comhéigin riaracháin ná dlíthiúil. Ní fhéadfaidh maoin de chuid na Gníomhaireachta a urghabháil chun breithiúnas, cinneadh ná ord a chomhlíonadh.

    5.Ceadóidh Poblacht na hAlbáine iontráil agus baint earraí agus trealaimh arna nimscaradh ag an nGníomhaireacht chuig Poblacht na hAlbáine chun críocha oibríochtúla.

    6.Beidh an Ghníomhaireacht díolmhaithe ó gach dleacht (lena náirítear dleachtanna custaim) agus ó gach cáin chomh maith le haon toirmeasc agus srian ar allmhairí agus ar onnmhairí i ndáil le hearraí agus trealamh atá beartaithe dá húsáid oifigiúil, lena náirítear earraí agus trealamh arna allmhairiú nó arna nonnmhairiú ag tríú páirtí thar ceann na Gníomhaireachta.

    Airteagal 12 
    Pribhléidí agus Díolúintí Bhaill na bhFoirne

    1.Ní bheidh na baill de na foirne faoi réir aon chineál fiosrúcháin ná imeacht dlíthiúil i bPoblacht na hAlbáine nó ag údaráis Phoblacht na hAlbáine, seachas sna cúinsí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

    2.Beidh díolúine ag baill na bhfoirne ó dhlínse choiriúil, shibhialta agus riaracháin Phoblacht na hAlbáine i ndáil leis na gníomhartha go léir a dhéanfaidh siad agus iad ag feidhmiú a bhfeidhmeanna oifigiúla, le linn na ngníomhaíochtaí a dhéanfar i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil.

    I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag údaráis Phoblacht na hAlbáine imeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin a thionscnamh i gcoinne ball de na foirne os comhair aon chúirt de chuid Phoblacht na hAlbáine, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra láithreach do stiúrthóir feidhmiúcháin na foirne i gceist.

    Tar éis dó fógra den sórt sin a fháil, cuirfidh stiúrthóir feidhmiúcháin in iúl d’údaráis ábhartha Phoblacht na hAlbáine, gan aon mhoill mhíchuí, cé acu a rinne nó nach ndearna an ball de na foirne an gníomh i dtrácht agus a fheidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú aige. Más rud é go sonrófar go ndearnadh an gníomh mar chuid d’fheidhmiú feidhmeanna oifigiúla, ní thionscnófar na himeachtaí. Más rud é gur sonraíodh nach ndearnadh an gníomh i bhfeidhmiú feidhmeanna oifigiúla, féadfar na himeachtaí a thionscnamh. Beidh cáiliú an stiúrthóra feidhmiúcháin ceangailteach ar Phoblacht na hAlbáine, agus ní chuirfidh sí ina aghaidh.

    Go dtí go bhfaighfear an cáiliú sin, staonfaidh an Ghníomhaireacht ó aon bheart a dhéanamh a bheidh beartaithe chun aon ionchúiseamh coiriúil a d’fhéadfadh údaráis inniúla Phoblacht na hAlbáine a dhéanamh ina dhiaidh sin ar an mball de na foirne a chur i mbaol, lena n‑áirítear éascú a dhéanamh ar fhilleadh an bhaill de na foirne lena mbaineann ó Phoblacht na hAlbáine ar a Bhallstát baile.

    Ní dhéantar baill de na foirne a dhíolmhú ó dhlínse an Bhallstáit baile mar gheall ar phribhléidí a dheonaítear dóibh agus díolúine ó dhlínse choiriúil Phoblacht na hAlbáine.

    Má thionscnaíonn baill de na foirne imeachtaí, coiscfidh sé sin orthu díolúine a agairt ón dlínse i leith aon fhrithmhaímh a bhainfidh go díreach leis an bpríomh‑mhaíomh.

    3.Féadfaidh údaráis na hAlbáine gníomhartha a mheasfar a bhfuil ábharthacht araíonachta ag baint leo a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta.

    4.Áitribh, áiteanna cónaithe, modhanna iompair agus cumarsáide agus maoin na mball de na foirne, lena náirítear comhfhreagras, doiciméid, páipéir aitheantais agus sócmhainní, beidh siad dosháraithe, ach amháin i gcás bearta forghníomhaithe a cheadaítear de bhun mhír 8.

    5.Beidh Poblacht na hAlbáine faoi dhliteanas i leith aon díobháil arna déanamh ag baill de na foirne ar thríú páirtithe agus a bhfeidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú.

    6.I gcás díobháil arna déanamh de bharr mórfhaillí nó míiompar toiliúil, nó arna déanamh ag ball foirne ar ball foirne reachtúil é agus nach mbaineann le feidhmeanna oifigiúla a fheidhmiú, féadfaidh Poblacht na hAlbáine a iarraidh, tríd an stiúrthóir feidhmiúcháin, go níocfadh an Ghníomhaireacht cúiteamh.

    I gcás díobháil arna déanamh de bharr mórfhaillí nó mí‑iompar toiliúil ag ball de na foirne, nó arna déanamh ag ball de na foirne nach ball foirne reachtúil é, agus é gan bheith i mbun a fheidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú, féadfaidh Poblacht na hAlbáine a iarraidh, tríd an stiúrthóir feidhmiúcháin, go n‑íocfadh an Ballstát baile lena mbaineann cúiteamh.

    7.Ní bheidh sé d’oibleagáid ar bhaill de na foirne fianaise a thabhairt mar fhinnéithe in imeachtaí dlíthiúla i bPoblacht na hAlbáine.

    8.Ní fhéadfaidh aon bheart forghníomhaithe a dhéanamh i leith baill de na foirne, ach amháin i gcásanna ina ndéantar imeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin a thionscnamh ina naghaidh nuair nach mbaineann an timeacht sin lena bhfeidhmeanna oifigiúla. Maoin de chuid ball de na foirne atá deimhnithe ag an stiúrthóir feidhmiúcháin mar ní atá riachtanach chun a bhfeidhmeanna oifigiúla a chomhlíonadh, ní fhéadfaidh í a urghabháil chun breithiúnas, cinneadh ná ord a chomhlíonadh.

    In imeachtaí coiriúla, ní bheidh baill na bhfoirne faoi réir aon srian lena saoirse phearsanta ná faoi réir aon bheart srianta eile, go dtí go mbeidh cáiliú ón stiúrthóir feidhmiúcháin lena sonrófar an ndearna an ball de na foirne an gníomh i dtrácht le linn fheidhmiú a fheidhme oifigiúla.

    Ní bheidh baill de na foirne faoi réir aon srian ar a saoirse phearsanta ná aon bheart eile comhéigin in imeachtaí sibhialta.

    In imeachtaí riaracháin, cuirfidh Poblacht na hAlbáine an stiúrthóir feidhmiúcháin ar an eolas láithreach faoi aon srian leis an tsaoirse phearsanta, nó faoi aon bhearta srianta eile arna ndéanamh i gcoinne bhaill na foirne.

    9.Beidh baill na bhfoirne, maidir le seirbhísí a sholáthar don Ghníomhaireacht, díolmhaithe ó fhorálacha um shlándáil shóisialta a d’fhéadfadh bheith i bhfeidhm i bPoblacht na hAlbáine.

    10.Ní ghearrfar aon cháin, de chineál ar bith, i bPoblacht na hAlbáine ar thuarastal ná díolaíocht a íocann an Ghníomhaireacht agus/nó Ballstáit bhaile le baill de na foirne, nó ar aon ioncam a fhaigheann baill de na foirne lasmuigh de Phoblacht na hAlbáine.

    11.Ceadóidh Poblacht na hAlbáine iontráil earraí d’úsáid phearsanta bhaill na bhfoirne agus deonóidh siad eisiamh ó gach dleacht chustam, cáin agus costas gaolmhar seachas costais ar stóráil, iompar agus seirbhísí comhchosúla, i leith earraí den sórt sin. Ceadóidh Poblacht na hAlbáine onnmhairiú earraí den sórt sin freisin.

    12.Beidh bagáiste pearsanta de chuid baill de na foirne díolmhaithe ó imscrúdú, mura bhfuil cúiseanna tromchúiseacha le hamhras go bhfuil earraí ann nach d’úsáid phearsanta bhaill na bhfoirne iad, nó earraí a choisctear leis an dlí a nallmhairiú nó a nonnmhairiú nó atá faoi réir rialacháin choraintín Phoblacht na hAlbáine. Ní iniúchfar bagáiste pearsanta den sórt sin ach amháin i láthair na mball de na foirne lena mbaineann nó ionadaí údaraithe de chuid na Gníomhaireachta.

    13.Ceapfaidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine pointí teagmhála a bheidh ar fáil i gcónaí agus a bheidh freagrach as malartú faisnéise agus bearta láithreacha a bheidh le déanamh maidir le haon ghníomh arna dhéanamh ag ball de na foirne a d’fhéadfadh a bheith ina shárú ar dhlí coiriúil, chomh maith leis an malartú faisnéise agus na gníomhaíochtaí oibríochtúla i ndáil le haon imeacht sibhialta ná riaracháin in aghaidh ball de na foirne.

    Go dtí go bhfuil beart déanta ag údaráis inniúla an Bhallstáit bhaile, cuideoidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine le chéile chun na fiosrúcháin agus na himscrúduithe ar fad is gá a dhéanamh maidir le haon chion coiriúil líomhainte a bhfuil leas ag an nGníomhaireacht nó Poblacht na hAlbáine ina leith, i sainaithint finnéithe agus bailiú agus soláthar fianaise, lena n‑áirítear an iarraidh nithe a bhaineann leis an gcion coiriúil a mhaítear a fháil, agus a thabhairt ar láimh, más iomchuí. Féadfar tabhairt ar láimh aon ní den sórt sin a chur faoi réir a dtabhairt ar ais laistigh de na téarmaí a shonróidh an t‑údarás inniúil a sholáthróidh iad.

    Airteagal 13 
    Baill de na Foirne a bheidh Gortaithe nó Éagtha

    1.Gan dochar d’Airteagal 12, beidh sé de cheart ag an stiúrthóir feidhmiúcháin cúram a ghlacadh, agus socruithe oiriúnacha a dhéanamh, i leith aisdúichiú aon bhaill de na foirne atá ghortaithe nó éagtha, chomh maith lena mhaoin phearsanta.

    2.Ní dhéanfar scrúdú iarbháis ar bhall den foireann atá éagtha ach amháin le toiliú sainráite an Bhallstáit baile lena mbaineann agus i láthair ionadaí ón nGníomhaireacht nó ón mBallstát baile lena mbaineann.

    3.Rachaidh Poblacht na hAlbáine agus an Ghníomhaireacht i gcomhar a chéile a mhéid is féidir chun go bhféadfar baill de na foirne atá gortaithe nó éagtha a aisdúichiú go pras.

    Airteagal 14 
    Doiciméad Creidiúnaithe

    1.Eiseoidh an Ghníomhaireacht doiciméad in Albainis agus i mBéarla chuig gach comhalta den ball de na foirne chun críocha aitheantais visàvis údaráis náisiúnta Phoblacht na hAlbáine agus mar chruthúnas ar chearta an tsealbhóra na cúraimí a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a fheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 10 den Chomhaontú seo agus sa phlean oibríochtúil (an ‘doiciméad creidiúnaithe’).

    2.Áireofar an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an mball foirne ar an doiciméad creidiúnaithe: ainm agus náisiúntacht, céim nó teideal an phoist, grianghraf digitithe a eisíodh le déanaí agus cúraimí a údaraíodh le linn an imscartha.

    3.Chun críocha aitheantais visàvis údaráis náisiúnta Phoblacht na hAlbáine, beidh ar bhaill de na foirne an doiciméad creidiúnaithe a thabhairt leo i gcónaí.

    4.Aithneoidh Poblacht na hAlbáine go gceadaíonn an doiciméad creidiúnaithe, in éineacht le doiciméad taistil bailí, iontráil don bhall ábhartha de na foirne, nó d’aon bhall foirne eile arna imscaradh chuig Poblacht na hAlbáine faoin gComhaontú seo nó faoi phlean oibríochtúil a bunaíodh faoi agus go gceadaíonn sé don bhall sin fanacht i bPoblacht na hAlbáine gan gá le víosa, réamhúdarú ná aon doiciméad eile, suas go dtí an lá a rachaidh sé in éag.

    5.Tabharfar an doiciméad creidiúnaithe ar ais don Ghníomhaireacht ag deireadh na tréimhse imscartha. Cuirfear údaráis inniúla Phoblacht na hAlbáine ar an eolas faoi sin.

    Airteagal 15 
    Cur i bhfeidhm maidir le Baill Foirne na Gníomhaireachta nach nImscartar mar Bhaill de na Foirne

    Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 12, 13 agus 14 maidir le gach ball foirne de chuid na Gníomhaireachta a imscarfar chuig Poblacht na hAlbáine faoin gComhaontú seo nó faoi phlean oibríochtúil a bunaíodh faoi nach baill de na foirne iad, lena n‑áirítear lucht faireacháin ar chearta bunúsacha agus na baill foirne reachtúla arna n‑imscaradh chuig oifigí allamuigh.

    Airteagal 16 
    Sonraí Pearsanta a Chosaint

    1.Ní chuirfear sonraí pearsanta in iúl ach amháin má bhíonn cumarsáid den sórt sin riachtanach le haghaidh chur chun feidhme an chomhaontaithe seo a dhéanfaidh údaráis inniúla Phoblacht na hAlbáine nó an Ghníomhaireacht. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údarás i gcás faoi leith, lena náirítear aistriú sonraí pearsanta den sórt sin chuig an bPáirtí eile, beidh an phróiseáil sonraí sin faoi réir na rialacha um chosaint sonraí is infheidhme maidir leis an údarás sin. Áiritheoidh na Páirtithe na coimircí íosta seo a leanas mar réamhchoinníoll le haghaidh aistriú sonraí d’aon chineál:

    (a)ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach dlíthiúil, cóir agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí;

    (b)ní mór sonraí pearsanta a bhailiú don chuspóir sonrach, follasach agus dlisteanach a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus níor cheart don údarás atá á chur in iúl ná don údarás is faighteoir tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir sin;

    (c)ní mór sonraí pearsanta a bheith leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis an gcuspóir dá ndéantar iad a bhailiú nó a phróiseáil a thuilleadh; go háirithe, na sonraí pearsanta a chuirtear in iúl i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir leis an údaráis atá á gcur in iúl, féadfaidh siad baint a bheith acu le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas agus leis an ní nó na nithe sin amháin:

    céadainm,

    sloinne,

    dáta breithe,

    náisiúntacht,

    céim,

    bithleathanach an doiciméid taistil,

    doiciméad creidiúnúcháin,

    grianghraf ón doiciméad aitheantais/pas/doiciméid creidiúnúcháin,

    seoladh ríomhphoist,

    uimhir fóin póca,

    mionsonraí an airm,

    fad an imscartha,

    suíomh an imscartha,

    uimhreacha aitheantais aerárthaí nó soithí,

    dáta teachta,

    an taerfort teachta/an pointe trasnaithe teorann teachta,

    uimhir eitilte teachta,

    dáta imeachta,

    an taerfort imeachta/an pointe trasnaithe teorann imeachta,

    uimhir eitilte imeachta,

    ballstát baile/tríú tír,

    údarás imscartha,

    cúraimí/próifíl oibríochtúil,

    modh iompair,

    bealach

    de chuid ball de na foirne, bhaill foirne na Gníomhaireachta, breathnóirí ábhartha, nó ball de chláir mhalartaithe foirne;

    (d)ní mór do shonraí pearsanta a bheith cruinn agus, i gcás inar gá, ní mór iad a choimeád cothrom le dáta;

    (e)ní mór sonraí pearsanta a choimeád i bhfoirm a áirithíonn nach féidir daoine is ábhar do na sonraí a shainaithint, go ceann tréimhse nach faide ná an tréimhse is gá chun na críche dár bailíodh na sonraí nó dá bhfuil tuilleadh próiseála á déanamh orthu;

    (f)ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n‑áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, ag cur rioscaí sonracha na próiseála san áireamh, lena n‑áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scriosadh nó damáiste de thaisme, agus bearta teicniúla nó eagraíochtúla iomchuí á núsáid (‘sárú ar shonraí’); déanfaidh an Páirtí is faighteoir bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar shárú ar shonraí, agus cuirfidh sé an Páirtí atá á chur in iúl ar an eolas maidir le haon sárú den sórt sin gan moill mhíchuí agus laistigh de 72 uair an chloig;

    (g)glacfaidh an túdarás atá á gcur in iúl agus an túdarás is faighteoir araon gach céim réasúnta chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh gan mhoill, mar is iomchuí, i gcás nach gcomhlíonann an phróiseáil an Airteagal seo, go háirithe toisc nach bhfuil na sonraí sin leormhaith, ábhartha nó cruinn nó toisc go bhfuil siad iomarcach i ndáil le críoch na próiseála; airítear leis fógra a thabhairt don Pháirtí eile maidir le haon cheartú nó léirscriosadh;

    (h)arna iarraidh sin, cuirfidh an túdarás is faighteoir an túdarás atá á chur in iúl ar an eolas maidir le húsáid na sonraí a cuireadh in iúl;

    (i)níl cead sonraí pearsanta a chur in iúl ach amháin do na húdaráis inniúla a leanas:

    -an Ghníomhaireacht; agus

    -ArdStiúrthóireacht na bPóilíní Stáit/An Roinn um Theorainneacha agus Imirce,

    chun sonraí a chur in iúl do chomhlachtaí eile, éilítear réamh‑údarú an údaráis atá á gcur in iúl;

    (j)tá an túdarás atá á chur in iúl agus an túdarás is faighteoir faoi oibleagáid taifead i scríbhinn a dhéanamh ar an gcur in iúl agus ar fháil na sonraí pearsanta;

    (k)beidh formhaoirseacht neamhspleách i bhfeidhm chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh maidir le cosaint sonraí, lena n‑áirítear chun taifid den sórt sin a iniúchadh; beidh sé de cheart ag ábhair sonraí gearáin a chur faoi bhráid an chomhlachta formhaoirseachta, agus freagra a fháil gan moill mhíchuí;

    (l)beidh sé de cheart ag ábhair sonraí faisnéis a fháil maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta, rochtain a fháil ar na sonraí sin agus go ndéanfaí sonraí míchruinne nó sonraí a próiseáladh go neamhdhleathach a ceartú nó a léirscriosadh, faoi réir srianta riachtanacha comhréireacha ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail; agus

    (m) beidh sé de cheart ag ábhair sonraí sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach a fháil le haghaidh shárú na gcoimircí thuasluaite.

    2.Déanfaidh gach Páirtí athbhreithniú tráthrialta ar a bheartais agus nósanna imeachta féin lena gcuirtear an Airteagal seo chun feidhme. Arna iarraidh sin don Pháirtí eile, déanfaidh an Páirtí a fuair an iarraidh athbhreithniú ar a gcuid beartas agus nósanna imeachta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta chun a shuí agus a dheimhniú go bhfuil na coimircí san Airteagal seo á gcur chun feidhme go héifeachtach. Cuirfear torthaí an athbhreithnithe chuig an bPáirtí a d’iarr an tathbhreithniú laistigh de thréimhse réasúnta.

    3.Beidh na coimircí um chosaint sonraí faoin gComhaontú seo faoi réir formhaoirseacht a dhéanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus Coimisinéir na hAlbáine um an gCeart chun Faisnéise Poiblí agus um Chosaint Sonraí Pearsanta.

    4.Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, mar údarás maoirseachta na Gníomhaireachta.

    5.Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine tuarascáil a tharraingt suas i gcomhar maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo ag deireadh gach gníomhaíochta oibríochtúla. Seolfar an tuarascáil sin chuig oifigeach um chearta bunúsacha agus chuig oifigeach cosanta sonraí na Gníomhaireachta agus chuig Coimisinéir na hAlbáine um Cheart chun Faisnéise Poiblí agus um Chosaint Sonraí Pearsanta agus chuig ArdStiúrthóireacht na bPóilíní Stáit.

    6.Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine rialacha mionsonraithe a leagan amach maidir le sonraí pearsanta a chur in iúl agus a phróiseáil chun críoch gníomhaíochtaí oibríochtúla faoin gComhaontú seo i bhforálacha sonracha de na pleananna oibríochtúla ábhartha. Comhlíonfaidh na forálacha sin ceanglais ábhartha an Aontais Eorpaigh agus dhlí Phoblacht na hAlbáine. Tabharfar tuairisc iontu, inter alia, ar chuspóir beartaithe an chur in iúl, ar an rialaitheoir nó ar na rialaitheoirí agus ar gach ról agus freagracht, ar na catagóirí sonraí a chuirtear in iúl, ar na tréimhsí sonracha coinneála sonraí, agus ar na coimircí íosta go léir. Ar mhaithe leis an trédhearcacht agus an intuarthacht, cuirfear na forálacha sin ar fáil go poiblí i gcomhréir leis an treoraíocht ábhartha ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.

    Airteagal 17 
    Faisnéis Rúnaicmithe agus Faisnéis Íogair NeamhRúnaicmithe a Mhalartú

    1.Aon mhalartú, roinnt nó scaipeadh faisnéis rúnaicmithe faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo, cumhdófar é le socrú riaracháin ar leithligh arna thabhairt i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus údaráis ábhartha Phoblacht na hAlbáine a bheidh faoi réir fhormheas an Choimisiúin Eorpaigh roimh ré.

    2.Maidir le malartú aon fhaisnéis íogair neamhrúnaicmithe faoi chuimsiú an chomhaontaithe seo:

    (a)pléifidh an Ghníomhaireacht leis i gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún 3 ;

    (b)gheobhaidh sé leibhéal cosanta ón bPáirtí is faighteoir atá comhionann le leibhéal na cosanta a thugtar leis na bearta atá i bhfeidhm ar an bhfaisnéis sin leis an bPáirtí atá á chur in iúl i dtéarmaí rúndachta, sláine agus infhaighteachta; agus

    (c)déanfar é trí chóras malartaithe faisnéise a chomhlíonann critéir na hinfhaighteachta, na rúndachta agus na sláine le haghaidh faisnéis íogair neamhrúnaicmithe, amhail an líonra cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1896.

    3.Comhlíonfaidh na Páirtithe cearta maoine intleachtúla a bhaineann le haon sonraí a phróiseáiltear faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo.

    Airteagal 18 
    Cinneadh Maoiniú le haghaidh Gníomhaíocht Oibríochtúil a Chur ar Fionraí, a Fhoirceannadh agus/nó  
    a Aistarraingt

    1.Mura gcomhlíontar na coinníollacha chun gníomhaíocht oibríochtúil a dhéanamh a thuilleadh, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil sin a fhoirceannadh tar éis dó Poblacht na hAlbáine a chur ar an eolas i scríbhinn.

    2.Murar léirigh Poblacht na hAlbáine urraim don Chomhaontú seo ná do phlean oibríochtúil, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin maoiniú an phlean oibríochtúil ábhartha a aistarraingt, agus/nó é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, tar éis dó Poblacht na hAlbáine a chur ar an eolas i scríbhinn.

    3.Mura féidir slándáil aon rannpháirtí i ngníomhaíocht oibríochtúil arna imscaradh i bPoblacht na hAlbáine a ráthú, féadfaidh stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta an ghníomhaíocht oibríochtúil ábhartha nó codanna di a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.

    4.Má mheasann an stiúrthóir feidhmiúcháin gur tharla sáruithe ar chearta bunúsacha nó oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta tromchúiseacha, ar dócha go leanfaidh siad ar aghaidh nó ar dócha go dtarlóidh siad i ndáil le gníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo, aistarraingeoidh sé nó sí maoiniú na gníomhaíochta oibríochtúla ábhartha, agus/nó í a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, tar éis dó Poblacht na hAlbáine a chur ar an eolas.

    5.Féadfaidh Poblacht na hAlbáine a iarraidh ar an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh. Déanfar iarraidh den sórt sin i scríbhinn agus áireofar leis na cúiseanna dó.

    6.Beidh éifeacht ag fionraí, foirceannadh nó aistarraingt maoinithe faoin Airteagal seo ó dháta a thugtar an fógra chuig Poblacht na hAlbáine. Ní dhéanfaidh sé difear do chearta ná oibleagáidí a eascróidh as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó an phlean oibríochtúil roimh fhionraí, foirceannadh nó aistarraingt maoinithe den sórt sin.

    7.Féadfaidh Poblacht na hAlbáine a iarraidh go gcuirfí deireadh le himscaradh aon bhaill de na foirne, nó aon bhaill eile de na foirne arna himscaradh chuig Poblacht na hAlbáine faoin gComhaontú seo, ar ball de na foirne é nach nurramóidh an Comhaontú seo nó an plean oibríochtúil nó a dhéanfaidh sáruithe tromchúiseacha ar reachtaíocht na hAlbáine. Is é an stiúrthóir feidhmiúcháin nó an Ballstát baile lena mbaineann de réir mar is iomchuí a dhéanfaidh an cinneadh maidir leis an imscaradh a fhoirceannadh agus tabharfar fógra ina leith d’údaráis ábhartha Phoblacht na hAlbáine.

    Airteagal 19 
    Calaois a Chomhrac

    1.Tabharfaidh Poblacht na hAlbáine fógra don Ghníomhaireacht, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus nó an Oifig Eorpach FrithChalaoise láithreach má fhaigheann sí amach go bhfuil líomhaintí inchreidte calaoise, éillithe nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna an Aontais Eorpaigh.

    2.I gcás ina mbaineann líomhaintí den sórt sin le maoiniú ón Aontas Eorpach a eisíoctar i ndáil leis an gComhaontú seo, soláthróidh Poblacht na hAlbáine gach cúnamh riachtanach d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus/nó don Oifig Eorpach FrithChalaoise i ndáil le gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha ar a chríoch, lena náirítear agallaimh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair a éascú (lena náirítear rochtain ar chórais faisnéise agus bunachair sonraí i Poblacht na hAlbáine) agus rochtain a éascú ar aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann le bainistíocht theicniúil agus airgeadais ar chúrsaí arna maoiniú go páirteach nó go hiomlán ag an Aontas Eorpach.

    Airteagal 20 
    Cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo

    1.Cuirfidh an Aireacht Gnóthaí Baile an Comhaontú seo chun feidhme thar ceann Phoblacht na hAlbáine.

    2.Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Comhaontú seo chun feidhme thar ceann an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 21 
    Réiteach Díospóide

    1.Déanfaidh ionadaithe ó údaráis inniúla na Gníomhaireachta agus Phoblacht na hAlbáine imscrúdú le chéile ar aon díospóid a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

    2.Mura dtiocfar ar aon réiteach, réiteofar díospóidí a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo le hidirbheartaíocht idir na Páirtithe.

    Airteagal 22 
    Teacht i bhFeidhm, Cur i bhFeidhm Sealadach, Leasú, Fad, Fionraí agus Foirceannadh an Chomhaontaithe agus Foirceannadh an Chomhaontaithe Réamhtheachtaigh

    1.Beidh an Comhaontú seo faoi réir dhaingniú, ghlacadh nó fhormheas na bPáirtithe i gcomhréir lena nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha féin. Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur cuireadh na nósanna imeachta is gá chun na críche sin i gcrích.

    2.Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an dáta ar a dtabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur chuir siad i gcrích na nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha i gcomhréir le mír 1. 
    Go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, féadfar an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach. Cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach, ón dáta a thabharfaidh na Páirtithe fógra faoi nósanna imeachta inmheánacha a chur i gcrích chuige sin.

    3.Ní fhéadfar an Comhaontú seo a leasú ach amháin i scríbhinn de chomhthoil na bPáirtithe.

    4.Tugtar an Comhaontú seo i gcrích go ceann tréimhse éiginnte. Féadfar é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh le comhaontú i scríbhinn idir na Páirtithe nó go haontaobhach ag ceachtar den dá Pháirtí.

    I gcás fionraí nó foirceannadh aontaobhach, an Páirtí ar mian leis an comhaontú a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, déanfaidh sé fógra a thabhairt faoi sin don Pháirtí eile i scríbhinn. Tiocfaidh foirceannadh nó fionraí aontaobhach an Chomhaontaithe seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis na míosa inar tugadh an fógra.

    5.Leis seo, déantar Comhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Poblacht na hAlbáine, a síníodh i dTiorána an 5 Deireadh Fómhair 2018, a aisghairm agus cuirtear an Comhaontú seo ina ionad.

    Maidir le haon ghníomhaíocht oibríochtúil arna seoladh ar bhonn Chomhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Poblacht na hAlbáine, a síníodh i dTiorána an 5 Deireadh Fómhair 2018, a bheidh ar siúl go fóill tráth chur i bhfeidhm sealadach nó theacht i bhfeidhm an Chomhaontuithe seo, féadfar leanúint léi, faoi réir leasú nó oiriúnú an phlean oibríochtúil lena mbaineann i gcomhréir leis an gComhaontú seo.

    6.Seolfar fógraí a dhéantar i gcomhréir leis an Airteagal seo, i gcás an Aontais Eorpaigh, chuig Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus, i gcás Phoblacht na hAlbáine, chuig an Aireacht um an Eoraip agus um Ghnóthaí Eachtracha.



    Arna dhéanamh i ndúblach sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris agus Albáinis, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin. 

    DÁ FHIANÚ SIN, tá na Lánchumhachtaigh thíos‑sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú.

    Arna dhéanamh i XX, dáta, LL/MM/BBBB

    Thar ceann an Aontais Eorpaigh Thar ceann Phoblacht na hAlbáine

    (1)

         Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 agus Rialachán (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

    (2)

         IO CE L 56, 4.3.1968, lch. 1.

    (3)

    Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

    Top