EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0366

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid sa Mhargadh Inmheánach lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2015/2366/AE agus Treoir 2009/110/CE

COM/2023/366 final

An Bhruiséil,28.6.2023

COM(2023) 366 final

2023/0209(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid sa Mhargadh Inmheánach lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2015/2366/AE agus Treoir 2009/110/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2023) 256 final} - {SWD(2023) 231 final} - {SWD(2023) 232 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Cuireann an dara Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta (PSD2 1 ) creat dlíthiúil ar fáil do gach íocaíocht mhiondíola san Aontas, idir Euro agus airgeadraí eile, intíre agus trasteorann. Leis an gcéad Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta (PSD1 2 ), a glacadh in 2007, bunaíodh creat dlíthiúil comhchuibhithe chun margadh comhtháite íocaíochtaí don Aontas Eorpach a chruthú. Thóg PSD2 ar PSD1, agus thug sé aghaidh ar bhacainní ar chineálacha nua seirbhísí íocaíochta agus chuir sé feabhas ar an leibhéal cosanta agus slándála do thomhaltóirí. Tá an chuid is mó de na rialacha in PSD2 infheidhme ó bhí mí Eanáir 2018 ann, ach níl feidhm ag roinnt rialacha, amhail na rialacha maidir le Fíordheimhniú Láidir Custaiméara (FDLC) ó bhí mí Mheán Fómhair 2019 ann.

Tá rialacha in PSD2 maidir le soláthar seirbhísí íocaíochta ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta (SSInna) agus rialacha maidir le ceadúnú agus maoirseacht ar chatagóir shonrach SSI amháin, is é sin institiúidí íocaíochta (IInna). Áirítear le catagóirí eile soláthraithe seirbhísí íocaíochta go háirithe institiúidí creidmheasa, a rialaítear faoi reachtaíocht baincéireachta an Aontais Eorpaigh 3 , agus institiúidí ríomh-airgid (IRAnna), a rialaítear faoin Treoir um Airgead Leictreonach 4 .

I dTeachtaireacht 2020 ón gCoimisiún maidir le Straitéis Íocaíochtaí Miondíola (SIMD) don Aontas Eorpach 5 , leagadh síos tosaíochtaí an Choimisiúin maidir le hearnáil na níocaíochtaí miondíola i gcomhair théarma oifige Choláiste na gCoimisinéirí reatha (2019-2024). Bhí Straitéis Airgeadais Dhigitigh ag gabháil léi, inar leagadh amach tosaíochtaí don chlár oibre digiteach san earnáil airgeadais seachas íocaíochtaí. D’fhógair an Straitéis Íocaíochtaí Miondíola, ‘ag deireadh 2021, seolfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar chur i bhfeidhm agus ar thionchar PSD2’. Rinneadh an tathbhreithniú sin go cuí, go bunúsach in 2022, agus ba é an toradh a bhí air cinneadh ón gCoimisiún leasuithe reachtacha ar PSD2 a mholadh, chun feidhmiú na Treorach a fheabhsú. Leagtar amach na leasuithe sin in dhá thogra, an togra reatha le haghaidh Treorach maidir le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid, lena ndírítear ar cheadúnú agus ar mhaoirseacht ar institiúidí íocaíochta (agus lena leasaítear Treoracha áirithe eile) agus togra le haghaidh Rialacháin maidir le seirbhísí íocaíochta san Aontas Eorpach.

Tá an t‑athbhreithniú atá beartaithe ar PSD2 mar chuid de Chlár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2023, mar aon le tionscnamh reachtach atá beartaithe maidir le creat le haghaidh rochtain ar shonraí airgeadais, lena leathnaítear rochtain ar shonraí airgeadais agus úsáid sonraí airgeadais thar chuntais íocaíochta chun níos mó seirbhísí airgeadais a chumhdach.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

I measc na bhforálacha beartais atá ann cheana agus atá ábhartha maidir leis an tionscnamh seo tá reachtaíocht eile i réimse na n‑íocaíochtaí miondíola, reachtaíocht eile a bhaineann le seirbhísí airgeadais lena gcumhdaítear soláthraithe seirbhísí íocaíochta freisin agus reachtaíocht an Aontais a bhfuil feidhm cothrománach aici agus a bhfuil tionchar aici ar earnáil na n‑íocaíochtaí miondíola. Tugadh aire agus an togra seo á ullmhú chun comhleanúnachas leis na forálacha sin a áirithiú.

I reachtaíocht eile i réimse na níocaíochtaí miondíola, seachas iad siúd a luaitear thuas, áirítear Rialachán 2012 maidir leis an Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA) lena gcomhchuibhítear na ceanglais theicniúla le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro 6 . An 26 Deireadh Fómhair 2022, mhol an Coimisiún leasú ar Rialachán SEPA, chun úsáid íocaíochtaí meandracha in euro san Aontas a luathú agus a éascú 7 . Leis an Rialachán maidir le híocaíochtaí trasteorann déantar praghsáil aistrithe intíre agus trasteorann in euro a chothromú 8 . Leis an Rialachán maidir le Táillí Idirmhalartaithe, leagtar síos uasleibhéil do na táillí sin 9 .

Ar reachtaíocht ábhartha eile maidir le seirbhísí airgeadais tá an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta (SFD) 10 , a ndéantar athrú spriocdhírithe uirthi sa togra seo, an Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní (MiCA) 11 , an Gníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil a bhaineann leis an gcibearshlándáil (DORA) 12 agus an Treoir maidir le Sciúradh Airgid a Chomhrac (AML), a bhfuil pacáiste leasuithe atá beartaithe á phlé ina leith faoi láthair ag na comhreachtóirí.

Tá an tionscnamh go hiomlán comhsheasmhach le tionscnaimh eile de chuid an Choimisiúin a leagtar amach i straitéis airgeadais dhigitigh an Choimisiúin don Aontas Eorpach 13 , straitéis a glacadh in éineacht leis an Straitéis Íocaíochtaí Miondíola (SIMD) agus arb é is aidhm di claochlú digiteach an airgeadais agus gheilleagar an Aontais a chur chun cinn agus deireadh a chur le hilroinnt sa mhargadh inmheánach digiteach.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an tionscnamh comhsheasmhach freisin le Teachtaireacht 2021 ón gCoimisiún dar teideal ‘Córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa: oscailteacht, neart agus athléimneacht a chothú’ 14 , inar athdhearbhaíodh a thábhachtaí atá a straitéis íocaíochtaí miondíola agus a thábhachtaí atá an nuálaíocht dhigiteach san airgeadas chun an margadh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais a neartú. Deimhníodh leis an Teachtaireacht chéanna go ndéanfadh seirbhísí an Choimisiúin agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh athbhreithniú comhpháirteach ar leibhéal teicniúil ar réimse leathan ceisteanna beartais, dlíthiúla agus teicniúla a eascraíonn as an bhféidearthacht euro digiteach a thabhairt isteach, agus a sainorduithe faoi seach dá bhforáiltear faoi Chonarthaí an Aontais á gcur san áireamh.

Tá togra á thíolacadh ag an gCoimisiún le haghaidh creat dlíthiúil de chuid an Aontais maidir le rochtain ar shonraí airgeadais, a chuirtear i láthair i gcomhar leis an dá thogra chun PSD2 a leasú; cumhdaítear leis an togra sin rochtain ar shonraí airgeadais seachas sonraí cuntas íocaíochta, sonraí atá cumhdaithe fós ag reachtaíocht íocaíochtaí.

Tá an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 15 ar áireamh i reachtaíocht níos ginearálta an Aontais atá ábhartha.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí PSD2, lena gcuirtear de chúram ar institiúidí den Aontas Eorpach forálacha a leagan síos chun an margadh inmheánach a bhunú agus feidhmiú cuí an mhargaidh sin a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 26 CFAE. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil an Treoir um Airgead Leictreonach 16 bunaithe ar Airteagail 53 agus 114 CFAE, agus go ndéantar an gníomh sin a chomhtháthú sa togra reatha le haghaidh Treorach, fágann sé sin gur cheart an débhunús dlí sin a bheith ag gabháil le haon ghníomh dlí nua lena nionchorpraítear rialacha maidir le húdarú institiúidí a eisíonn ríomh-airgead.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Baineann soláthraithe seirbhísí íocaíochta úsáid fhorleathan as an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus as an tsaoirse bunaíochta. Chun dálaí comhchuí agus cothrom iomaíochta a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach le haghaidh seirbhísí íocaíochta miondíola, tá gá le reachtaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Tá an loighic sin mar bhonn leis an gcéad Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta agus leis an dara Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta agus leanann sí d’fheidhm a bheith aici maidir leis an togra seo.

Comhréireacht

Tá bearta comhréireachta spriocdhírithe sa togra, amhail ceanglais caipitil tosaigh agus ceanglais cistí dílse éagsúla le haghaidh cineálacha éagsúla seirbhísí íocaíochta. Ceadaítear leis an togra freisin do na Ballstáit institiúidí íocaíochta beaga a bhfuil láimhdeachas níos lú ná EUR 3 mhilliún acu a dhíolmhú ó chuid de na ceanglais údarúcháin. Tá na forálacha nua atá beartaithe maidir le seirbhísí aistarraingthe airgid i siopaí nó le haghaidh aistarraingtí airgid arna soláthar ag soláthraithe neamhspleácha UMBanna comhréireach freisin.

An rogha ionstraime

Faoi láthair is treoir é PSD2 a chuirtear i bhfeidhm trí reachtaíocht trasuite sna Ballstáit. Mar sin féin, i réimsí éagsúla de reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais 17 , measadh gurbh iomchuí rialacha is infheidhme maidir le gnóthais airgeadais a achtú i Rialachán atá infheidhme go díreach, d’fhonn feabhas a chur ar chomhleanúnachas an chur chun feidhme sna Ballstáit. Thángthas ar an gconclúid le hathbhreithniú PSD2 go mbeadh an cur chuige sin iomchuí freisin i reachtaíocht íocaíochtaí, rud as ar eascair na leasuithe atá beartaithe ar PSD2 a bheith in dhá ghníomh reachtacha ar leith: an togra seo le haghaidh treorach, ina bhfuil go háirithe rialacha maidir le ceadúnú agus maoirseacht ar institiúidí íocaíochta agus togra tionlacain le haghaidh rialacháin, ina bhfuil na rialacha maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta (lena náirítear institiúidí íocaíochta agus roinnt catagóirí eile soláthraithe seirbhísí íocaíochta) a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta agus ríomh-airgid. Tá treoir iomchuí sa chás seo, ós rud é gur inniúlacht náisiúnta de chuid na mBallstát i gcónaí é ceadúnú agus maoirseacht ar institiúidí airgeadais i gcoitinne (lena náirítear institiúidí íocaíochta agus catagóirí eile soláthraithe seirbhísí íocaíochta, amhail institiúidí creidmheasa), agus nach moltar aon cheadúnú ná maoirseacht ar leibhéal an Aontais.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinneadh meastóireacht ar PSD2 in 2022. Áiríodh le hionchur sa mheastóireacht tuarascáil ó chonraitheoir neamhspleách, agus tuairimí páirtithe leasmhara i gcomhairliúcháin phoiblí éagsúla. Foilsítear an tuarascáil mheastóireachta mar iarscríbhinn a ghabhann leis an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo 18 . Conclúid na tuarascála meastóireachta ná go raibh leibhéil éagsúla ratha ag PSD2 maidir lena chuspóirí a bhaint amach. Ar an iomlán, thángthas ar an gconclúid leis an meastóireacht, d’ainneoin easnaimh áirithe, gur cumasaíodh dul chun cinn i dtreo chuspóirí PSD2 le creat PSD2 atá ann faoi láthair, agus go bhfuil sé sách éifeachtúil ó thaobh na gcostas de agus ó thaobh breisluach AE a chur ar fáil.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chun a áirithiú go gcuirtear tuairimí na bpáirtithe leasmhara uile san áireamh sa togra ón gCoimisiún, is éard a bhí sa straitéis comhairliúcháin don tionscnamh seo:

·comhairliúchán poiblí oscailte, ar oscailt ón 10 Bealtaine 2022 go dtí an 2 Lúnasa 2022 19 ;

·comhairliúchán spriocdhírithe (ach comhairliúchán poiblí agus oscailte mar sin féin), ina bhfuil ceisteanna níos mionsonraithe ná mar atá sa chomhairliúchán poiblí, ar oscailt ón 10 Bealtaine 2022 go dtí an 5 Iúil 2022 20 ;

·glao ar fhianaise, ar oscailt ón 10 Bealtaine 2022 go dtí an 2 Lúnasa 2022 21 ;

·comhairliúchán spriocdhírithe i dtaca leis an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta (SFD), ar oscailt ón 12 Feabhra 2021 go dtí an 7 Bealtaine 2021;

·comhairliúchán le páirtithe leasmhara i ngrúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin, an Grúpa Saineolaithe maidir le Margadh na gCóras Íocaíochta;

·teagmháil ad hoc le páirtithe leasmhara éagsúla, ar a dtionscnamh féin nó ar thionscnamh an Choimisiúin;

·comhairliúchán le saineolaithe na mBallstát i Sainghrúpa an Choimisiúin maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas.

Déantar achoimre ar thoradh na gcomhairliúchán sin in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.

Bailiú agus úsáid saineolais

Úsáideadh roinnt ionchuir agus foinsí saineolais agus an tionscnamh seo á ullmhú, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:

fianaise a cuireadh ar fáil trí na comhairliúcháin éagsúla a liostaítear thuas agus a chuir páirtithe leasmhara ar fáil ar bhonn ad hoc.

fianaise a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach ar fáil ina Chomhairle 22 .

staidéar a rinne conraitheoir, Valdani Vicari & Associati Consulting, arna sheachadadh i mí Mheán Fómhair 2022, ‘Staidéar ar chur i bhfeidhm agus ar thionchar Threoir (AE) 2015/2366 maidir le Seirbhísí Íocaíochta (PSD2) 23 ..

sonraí a fuarthas ó oibreoirí san earnáil phríobháideach.

Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo (agus leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach), ar measúnú é a scrúdaigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB) an 1 Márta 2023. D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach a raibh roinnt agús ag gabháil léi an 3 Márta 2023 (déileáladh leis na hagúis sa leagan críochnaitheach). Fuarthas amach sa mheasúnú tionchair go bhfuil ceithre phríomhfhadhb i margadh íocaíochta an Aontais Eorpaigh, d’ainneoin an méid a baineadh amach le PSD2:

tá tomhaltóirí i mbaol calaoise agus tá easpa muiníne acu in íocaíochtaí;

feidhmíonn an earnáil baincéireachta oscailte go neamhfhoirfe;

tá cumhachtaí agus oibleagáidí neamhréireacha ag maoirseoirí i mBallstáit an Aontais Eorpaigh;

níl cothrom iomaíochta ann idir bainc agus soláthraithe seirbhísí íocaíochta neamhbhainc.

I measc na n‑iarmhairtí a bhaineann leis na fadhbanna seo tá an méid seo a leanas:

leanann úsáideoirí (tomhaltóirí, ceannaithe, agus FBManna) de bheith neamhchosanta ar riosca calaoise agus tá rogha theoranta seirbhísí íocaíochta acu, agus praghsanna níos airde ná mar is gá ag baint leo;

bíonn bacainní roimh sholáthraithe baincéireachta oscailte maidir le bunseirbhísí OB a thairiscint agus tá sé níos deacra orthu a bheith nuálach;

ní bhíonn soláthraithe seirbhísí íocaíochta cinnte faoina noibleagáidí, agus tá soláthraithe seirbhísí íocaíochta neamhbhainc faoi mhíbhuntáiste iomaíoch i leith banc;

tá neamhéifeachtúlachtaí eacnamaíocha ann agus tá costais níos airde ar oibríochtaí tráchtála, a bhfuil tionchar diúltach acu ar iomaíochas an Aontais;

tá an margadh inmheánach le haghaidh íocaíochtaí ilroinnte, agus tá ‘siopadóireacht dlínse’ ar siúl.

Tá ceithre shainchuspóir ag an tionscnamh, a fhreagraíonn do na fadhbanna a sainaithníodh:

1. Cosaint úsáideoirí agus muinín in íocaíochtaí a neartú;

2. Feabhas a chur ar iomaíochas na seirbhísí baincéireachta oscailte;

3. Feabhas a chur ar fhorfheidhmiú agus ar chur chun feidhme sna Ballstáit;

4. Feabhas a chur ar rochtain (díreach nó indíreach) ar chórais íocaíochta agus ar chuntais bhainc le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta nach bainc iad.

Cuirtear pacáiste roghanna tosaíochta i láthair leis an measúnú tionchair, arb é is aidhm dó na cuspóirí sonracha a bhaint amach (cumhdaítear leis an liosta thíos na bearta atá sa Treoir seo agus sa Rialachán a ghabhann léi):

Maidir le cuspóir sonrach 1, feabhsuithe ar chur i bhfeidhm an Fhíordheimhnithe Láidir Custaiméara, bunús dlí i gcomhair malartú faisnéise maidir le calaois agus oibleagáid chun custaiméirí a chur ar an eolas faoi chalaois, fíorú IBAN a leathnú chun gach aistriú creidmheasa a chumhdach, agus maidir le dliteanas a aisiompú go coinníollach i leith calaois brú-íocaíochta údaraithe; oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta feabhas a chur ar inrochtaineacht an Fhíordheimhnithe Láidir Custaiméara d’úsáideoirí faoi mhíchumas, do dhaoine scothaosta agus do dhaoine eile a bhfuil dúshláin rompu maidir le húsáid an Fhíordheimhnithe Láidir Custaiméara; bearta chun feabhas a chur ar infhaighteacht airgid thirim; feabhsuithe ar chearta úsáideoirí agus ar fhaisnéis.

Maidir le cuspóir sonrach 2, ceanglas maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas (SSIRCanna) chun comhéadan tiomnaithe rochtana sonraí a chur ar bun; ‘deaiseanna ceadanna’ chun ligean d’úsáideoirí a gceadanna rochtana baincéireachta oscailte a deonaíodh a bhainistiú; sonraíochtaí níos mionsonraithe maidir le híoscheanglais do chomhéadain sonraí OB;

Maidir le cuspóir sonrach 3, Rialachán atá infheidhme go díreach a chur in ionad an chuid is mó de PSD2; forálacha maidir le pionóis a neartú; soiléirithe ar ghnéithe atá débhríoch; na córais cheadúnúcháin le haghaidh institiúidí íocaíochta agus institiúidí ríomh-airgid a chomhtháthú.

Maidir le cuspóir sonrach 4, cearta institiúidí íocaíochta/institiúidí ríomh-airgid ar chuntas bainc a neartú; an fhéidearthacht a thabhairt rannpháirtíocht dhíreach a bheith ag institiúidí íocaíochta agus institiúidí ríomh-airgid i ngach córas íocaíochta, lena náirítear na córais sin arna nainmniú ag na Ballstáit de bhun na Treorach maidir le Críochnaitheacht Socraíochta, mar aon le soiléirithe breise ar nósanna imeachta maidir le ligean isteach agus measúnú riosca.

Diúltaíodh do roinnt roghanna sa mheasúnú tionchair, ar bhonn costais arda cur chun feidhme agus tairbhí neamhchinnte. Is costais aon uaire den chuid is mó iad costais na roghanna a roghnaítear agus is ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas (bainc go bunúsach) a thiteann siad den chuid is mó. I mbaincéireacht oscailte, déantar costais a fhritháireamh trí choigilteas (amhail comhéadan cúltaca buan agus a nós imeachta díolúine a bhaint) agus trí bhearta comhréireacha a ghlacadh (maoluithe féideartha le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas nideoige). Beidh costas teoranta ar na Ballstáit maidir le forfheidhmiú agus cur chun feidhme feabhsaithe. Na costais a bhaineann le rochtain dhíreach ar phríomhchórais íocaíochta le haghaidh institiúidí íocaíochta, beidh siad teoranta agus titfidh siad ar na córais íocaíochta atá i gceist. Ar an taobh eile, beidh na tairbhí ann do réimse leathan páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear úsáideoirí seirbhísí íocaíochta (tomhaltóirí, gnólachtaí, ceannaithe agus riaracháin phoiblí) agus soláthraithe seirbhísí íocaíochta iad féin (go háirithe soláthraithe seirbhísí íocaíochta teicneolaíochta airgeadais neamhbhainc). Beidh na tairbhí athfhillteach, ach is costais choigeartúcháin aon uaire den chuid is mó a bheidh sna costais; dá bhrí sin, ba cheart na tairbhí carnacha a bheith níos mó na costais iomlána le himeacht ama.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní tionscnamh de chuid an chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) é an tionscnamh seo. Mar sin féin, mar chuid den phróiseas meastóireachta agus athbhreithnithe, lorgaíodh deiseanna le haghaidh simpliú riaracháin. Is é príomhshampla an tsimplithe sin atá sa tionscnamh seo ná an Dara Treoir um Airgead Leictreonach a chomhtháthú in PSD2 agus an laghdú ar mhórscála sna difríochtaí idir na córais rialála le haghaidh institiúidí ríomh-airgid agus institiúidí íocaíochta (tá roinnt difríochtaí iarmharacha fós ann, amhail ceanglais cistí dílse). Is é atá i gceist leis an togra seo an Dara Treoir um Airgead Leictreonach a aisghairm.

Cearta bunúsacha

An ceart bunúsach is mó a bhaineann leis an tionscnamh seo ná cosaint sonraí pearsanta. A mhéid is gá sonraí pearsanta a phróiseáil chun an tionscnamh seo a chomhlíonadh, ní mór an phróiseáil a bheith i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) 24 , a bhfuil feidhm aige go díreach maidir leis na seirbhísí íocaíochta uile lena mbaineann an togra seo.

Cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’

Níl costais riaracháin nua ar ghnólachtaí ná ar thomhaltóirí i gceist leis an tionscnamh seo, ós rud é nach mbeidh aon fhormhaoirseacht mhéadaithe ná aon mhaoirseacht mhéadaithe ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta mar thoradh ar an tionscnamh seo, ná ní bheidh oibleagáidí tuairiscithe nua sonracha mar thoradh air nach bhfuil in PSD2 cheana féin. Níl aon táillí ná muirir rialála ag eascairt as an tionscnamh ach oiread. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach gcruthaíonn an tionscnamh seo costais riaracháin a éilíonn fritháireamh faoin bprionsabal ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ (cé go bhfuil sé ábhartha maidir le ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ sa mhéid is go gcruthaíonn sé costais cur chun feidhme). Is féidir a thabhairt faoi deara go laghdófar costais riaracháin tríd an gcóras reachtach le haghaidh institiúidí ríomh-airgid agus an córas reachtach le haghaidh institiúidí íocaíochta a thabhairt le chéile, mar shampla, trí dheireadh a chur leis an gceanglas ceadúnas nua a fháil in imthosca áirithe.

Aeráid agus inbhuanaitheacht

Níor sainaithníodh aon impleacht dhiúltach a bheadh ag an tionscnamh seo ar an aeráid. Rannchuideoidh an tionscnamh le sprioc 8.2 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaitheachta na Náisiún Aontaithe: ‘leibhéil níos airde táirgiúlachta eacnamaíche a bhaint amach trí éagsúlú, uasghrádú teicneolaíochta agus nuálaíocht, lena n‑áirítear trí dhíriú ar earnálacha ard-bhreisluacha agus dlúthshaothair’.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht ag an togra seo maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déantar foráil leis an togra maidir le hathbhreithniú, a bheidh le cur i gcrích 5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá an togra seo le haghaidh Treorach maidir le ceadúnú agus maoirseacht ar institiúidí íocaíochta bunaithe den chuid is mó ar Theideal II de PSD2, maidir le ‘Soláthraithe Seirbhísí Íocaíochta’, nach bhfuil feidhm aige ach maidir le hinstitiúidí íocaíochta. Déanann sé na forálacha a bhaineann le hinstitiúidí íocaíochta a thabhairt cothrom le dáta agus a shoiléiriú, agus comhtháthaíonn sé iar-institiúidí ríomh-airgid mar fhochatagóir institiúidí íocaíochta (agus, dá bhrí sin, aisghairtear an dara Treoir um Airgead Leictreonach, 2009/110/CE). Thairis sin, áirítear ann forálacha maidir le seirbhísí aistarraingthe airgid thirim arna soláthar ag miondíoltóirí (gan ceannach) nó ag soláthraithe neamhspleácha UMBanna agus leasaíonn sé an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta (Treoir 98/26/CE).

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Baineann an togra le rochtain ar an ngníomhaíocht a bhaineann le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar ag institiúidí íocaíochta (ní ag institiúidí creidmheasa). Déantar roinnt príomh-shainmhínithe a shoiléiriú agus a ailíniú leis an togra le haghaidh Rialachán a ghabhann leis an togra seo

Soláthraithe seirbhísí íocaíochta a cheadúnú agus maoirseacht a dhéanamh orthu

Is beag athrú a dhéantar ar na nósanna imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh ar údarú agus ar rialú scairshealbhaíochta ó PSD2, cé is moite de cheanglas nua maidir le plean foirceanta a chur isteach le hiarratas, ach tá siad go hiomlán comhsheasmhach le haghaidh institiúidí a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid. I measc athruithe eile, aithnítear go bhféadfaidh soláthraithe seirbhísí tionscanta íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntas caipiteal tosaigh a bheith acu seachas árachas slánaíochta gairmiúla, ós rud é go bhféadfadh sé a bheith deacair an ceanglas árachas slánaíochta gairmiúla a bheith acu ag céim an cheadúnaithe a chomhlíonadh, agus taithí roimhe sin á cur san áireamh. Déantar na ceanglais maidir le caipiteal tosaigh a thabhairt cothrom le dáta don bhoilsciú ó glacadh PSD2 (seachas le haghaidh Soláthraithe Seirbhísí Tionscnaimh Íocaíochta toisc go meastar nach bhfuil sé sin iomchuí i bhfianaise an ama measartha gearr a bhí siad i bhfeidhm). Ní athraítear na modhanna a d’fhéadfadh a bheith ann chun cistí dílse a ríomh, le haghaidh institiúidí íocaíochta a chumhdaítear le PSD2 nó le haghaidh iar-institiúidí ríomh-airgid; foráiltear gur cheart ceann amháin de na trí mhodh fhéideartha chun cistí dílse a ríomh a mheas mar an rogha réamhshocraithe chun an cothrom iomaíochta a fheabhsú – ach ceadaítear eisceachtaí i gcás samhlacha gnó ar leith.

Ní athraítear rialacha coimirce le haghaidh institiúidí íocaíochta ach amháin go dtugtar isteach an fhéidearthacht coimirciú a dhéanamh i gcuntas bainc ceannais (faoi rogha an bhainc ceannais) chun na roghanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta a leathnú i ndáil leis sin agus nach mór d’institiúidí íocaíochta féachaint le riosca maidir le comhchruinniú i gcistí cosanta a sheachaint; Tá caighdeáin theicniúla rialála ÚBE maidir le bainistiú riosca ar chistí cosanta le glacadh ina leith sin. I gcás institiúidí íocaíochta a chuireann seirbhísí ríomh-airgid ar fáil, tá na rialacha coimirce ailínithe go hiomlán leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir le hinstitiúidí íocaíochta nach soláthraíonn ach seirbhísí íocaíochta. Tugtar isteach forálacha níos mionsonraithe maidir le rialachas inmheánach institiúidí íocaíochta, lena n‑áirítear treoirlínte ÚBE.

Níl aon athrú ar fhorálacha maidir le gníomhairí, brainsí agus seachfhoinsiú ó PSD2, ach cuirtear isteach sainmhíniú nua ar dháileoirí ríomh-airgid agus forálacha gaolmhara, atá ailínithe go dlúth leis na forálacha is infheidhme maidir le gníomhairí.

Den chuid is mó, níl aon athrú ar fhorálacha maidir le soláthar trasteorann seirbhísí ag institiúidí íocaíochta, agus maoirseacht ar na seirbhísí sin. Maidir le feidhmiú an chirt bunaíochta agus na saoirse chun seirbhísí a sholáthar i gcás ina n‑úsáideann institiúidí íocaíochta gníomhairí, dáileoirí agus brainsí, leagtar síos forálacha sonracha maidir le cásanna ina bhfuil trí Bhallstát i gceist (Ballstát bunaíochta na n‑institiúidí íocaíochta, Ballstát bunaíochta an ghníomhaire, agus tríú Ballstát dá soláthraíonn an gníomhaire seirbhísí ar bhonn trasteorann), rud a fheabhsaíonn soiléireacht.

Leanfaidh na Ballstáit agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach de chlár a choinneáil d’institiúidí íocaíochta údaraithe agus, ina theannta sin, forbróidh siad liosta de sholáthraithe seirbhísí tionscanta íocaíochta meaisín-inléite agus de sholáthraithe seirbhísí faisnéise cuntas.

Mar atá in PSD2 agus sa Treoir um Airgead Leictreonach, ní mór d’údaráis inniúla, a bhfuil cumhachtaí leordhóthanacha acu, a bheith ainmnithe ag na Ballstáit le haghaidh ceadúnaithe agus maoirseachta. Leagtar síos forálacha maidir le comhar idir údaráis inniúla náisiúnta, lena soiléirítear na rialacha i ndáil leis sin, agus lena gcuirtear isteach an fhéidearthacht atá ag údaráis inniúla náisiúnta cúnamh a iarraidh ar ÚBE maidir le heasaontais a d’fhéadfadh a bheith ann idir údaráis inniúla náisiúnta eile a réiteach.

Mar atá in PSD2, tá institiúidí íocaíochta nach ndéanann ach seirbhísí faisnéise cuntas faoi réir ceanglas maidir le clárú seachas údarú. Sonraítear sa togra na doiciméid nach mór a bheith ag gabháil leis an iarratas ar chlárú. Déanann údaráis inniúla maoirseacht i gcónaí ar sholáthraithe seirbhísí faisnéise cuntas. Níl aon athrú ar na díolúintí roghnacha ó fhorálacha áirithe a fhéadfaidh na Ballstáit a dheonú d’institiúidí íocaíochta beaga.

Forálacha maidir le haistarraingtí airgid

Díolmhaítear oibreoirí siopaí miondíola ón gceanglas maidir le ceadúnas institiúide íocaíochta nuair a thairgeann siad seirbhísí aistarraingthe airgid thirim gan ceannach ar a n‑áitreabh (ar bhonn deonach), más rud é nach mó ná EUR 50 an méid airgid thirim a dháiltear, i gcomhréir leis an ngá iomaíocht éagórach le soláthraithe UMBanna a sheachaint.

Tá dáileoirí airgid thirim trí UMBanna nach ndéanann cuntais íocaíochta a sheirbhísiú (ar a dtugtar ‘soláthraithe neamhspleácha UMBanna’) díolmhaithe ó cheanglais cheadúnúcháin institiúidí íocaíochta, agus níl siad ach faoi réir ceanglas clárúcháin. Ní mór doiciméid áirithe a bheith ag gabháil leis an gclárú.

Forálacha idirthréimhseacha

Tá bearta idirthréimhseacha iomchuí maidir le gníomhaíochtaí atá ann cheana faoi PSD2 i bhfianaise córas nua ceadúnúcháin dlí a chruthú. Mar shampla, déantar ceadúnais atá ann cheana le haghaidh institiúidí íocaíochta agus institiúidí ríomh-airgid a fhadú ó thaobh bailíochta de (‘déantar marthanacht orthu’) go dtí 30 mí tar éis teacht i bhfeidhm (bliain amháin tar éis an sprioc-am trasuite agus tús an chur i bhfeidhm) ar choinníoll go ndéanfar iarratas ar cheadúnas faoin Treoir seo 24 mhí ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

Aisghairmeacha agus leasuithe ar reachtaíocht eile

Aisghairtear an dara Treoir um Airgead Leictreonach (Treoir 2009/110/CE), le héifeacht ó dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo.

Déantar an dara Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta (Treoir 2015/2366/CE) a aisghairm ón dáta céanna. Tá tábla comhghaoil airteagal i gceangal leis seo, chun críoch leanúnachais dhlíthiúil, i ndáil leis na hairteagail chomhfhreagracha de PSD2 agus EMD2.

Déantar leasú ar an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta (Treoir 98/26/CE) chun institiúidí íocaíochta a chur le liosta na ninstitiúidí a bhfuil an deis acu a bheith rannpháirteach go díreach i gcórais íocaíochta arna nainmniú ag Ballstát de bhun na Treorach sin (ach ní do chórais socraíochta urrús ainmnithe). Déantar leasú freisin ar an sainmhíniú ar rannpháirtíocht indíreach sa Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta, chun an sainmhíniú a chur ar ais chuig an téacs a bhí ann roimh 2019, nuair a athraíodh an sainmhíniú le Treoir (AE) 2019/879 25 .

Déantar foráil in Airteagal 47 maidir le leasú ar Threoir (AE) 2020/1828 chun Rialachán (AE) 20../... maidir le rochtain ar shonraí airgeadais a thabhairt faoina raon feidhme. Leis an leasú sin, beifear in ann caingne ionadaíocha a thabhairt i gcoinne sáruithe ar an Rialachán sin.

Forálacha eile

Tugtar de chumhacht don Choimisiún méideanna cistí dílse a thabhairt cothrom le dáta chun boilsciú a chur san áireamh le Gníomh Tarmligthe. Is treoir um chomhchuibhiú iomlán í an treoir. Tiocfaidh sí i bhfeidhm 20 lá tar éis a foilsithe san Iris Oifigiúil. Is é an sprioc-am do na Ballstáit chun an Treoir seo a thrasuí agus dáta chur i bhfeidhm na mbeart trasuite 18 mí tar éis teacht i bhfeidhm (seachas leasuithe ar an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta, agus sa chás sin is 6 mhí atá i gceist). Ní mór tuarascáil athbhreithniúcháin a chur i láthair 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach, ina ndírítear go háirithe ar oiriúnacht raon feidhme na Treorach, ar an bhféidearthacht í a leathnú chun córais íocaíochta agus seirbhísí teicniúla a chumhdach, agus ar an tionchar atá ag coimirciú chistí na ninstitiúidí íocaíochta de na rialacha a mhol an Coimisiún an 18 Aibreán 2023 26 , ar rialacha iad lena leasófaí, nuair a ghlacfar iad, Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí.

2023/0209 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid sa Mhargadh Inmheánach lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2015/2366/AE agus Treoir 2009/110/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 53 agus 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 27 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 28 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ó glacadh Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 , tháinig athruithe nach beag ar mhargadh na seirbhísí íocaíochta miondíola, athruithe a bhaineann den chuid is mó le húsáid mhéadaitheach cártaí agus modhanna íocaíochta digiteacha eile, le húsáid laghdaitheach airgid thirim agus le láithreacht mhéadaitheach gníomhaithe agus seirbhísí nua, lena náirítear tiachóga digiteacha agus íocaíochtaí éadadhaill. Mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus ar na claochluithe a tháinig ar chleachtais tomhaltais agus íocaíochta mar thoradh uirthi, tá níos mó tábhachta ag baint le híocaíochtaí digiteacha slána agus éifeachtúla a bheith ann.

(2)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Íocaíochtaí Miondíola don Aontas Eorpach 30 , fógraíodh go seolfaí athbhreithniú cuimsitheach ar chur i bhfeidhm agus ar thionchar Threoir (AE) 2015/2366 ‘inar cheart measúnú foriomlán a áireamh ar cé acu atá nó nach bhfuil sí fós oiriúnach dá feidhm, agus forbairtí sa mhargadh á gcur san áireamh’.

(3)Bhí Treoir (AE) 2015/2366 dírithe ar aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar chineálacha nua seirbhísí íocaíochta agus ar leibhéal na cosanta agus na slándála do thomhaltóirí a fheabhsú. Leis an meastóireacht a rinne an Coimisiún ar thionchar agus ar chur i bhfeidhm Threoir (AE) 2015/2366, fuarthas gur éirigh den chuid is mó le Treoir (AE) 2015/2366 maidir le roinnt mhaith dá cuspóirí, ach sainaithníodh réimsí áirithe freisin nár baineadh amach go hiomlán cuspóirí na Treorach iontu. Go sonrach, sainaithníodh leis an meastóireacht fadhbanna maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú éagsúil Threoir (AE) 2015/2366, a raibh tionchar díreach acu ar iomaíocht idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta, trí choinníollacha rialála atá éagsúil go héifeachtach a chruthú sna Ballstáit mar gheall ar léirmhíniú éagsúil ar na rialacha, rud a spreag arbatráiste rialála.

(4)Níor cheart aon deis a bheith ann i dtaca le ‘siopadóireacht dlínse’ ina roghnódh soláthraithe seirbhísí íocaíochta, mar thír bhaile, na Ballstáit sin ina bhfuil sé níos buntáistí dóibh rialacha an Aontais maidir le seirbhísí íocaíochta a chur i bhfeidhm agus seirbhísí trasteorann a chur ar fáil i mBallstáit eile a chuireann léirmhíniú níos déine ar na rialacha i bhfeidhm nó a chuireann beartais forfheidhmithe níos gníomhaí i bhfeidhm maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá bunaithe sna Ballstáit sin. Déantar saobhadh ar an iomaíocht mar gheall ar an gcleachtas sin. Ba cheart rialacha an Aontais maidir le seirbhísí íocaíochta a chomhchuibhiú trí rialacha lena rialaítear seoladh seirbhísí íocaíochta a ionchorprú i Rialachán agus trína ndeighilt ó na rialacha maidir le húdarú agus maoirseacht ar institiúidí íocaíochta, ar cheart iad a bheith faoi rialú na Treorach seo (PSD3), agus gan iad a bheith faoi rialú na Treorach atá i bhfeidhm faoi láthair (PSD2) a thuilleadh.

(5)Cé go rialaítear eisiúint ríomh-airgid faoi Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 , rialaítear úsáid ríomh-airgid chun idirbhearta íocaíochta a chistiú den chuid is mó le Treoir (AE) 2015/2366. Dá bhrí sin, an creat dlíthiúil is infheidhme maidir le hinstitiúidí ríomh-airgid agus institiúidí íocaíochta, go háirithe maidir le rialacha iompair gnó, tá sé ailínithe go substaintiúil cheana féin. I gcaitheamh na mblianta, bhí deacrachtaí praiticiúla ag na húdaráis inniúla atá i gceannas ar údarú agus maoirseacht ar institiúidí íocaíochta agus institiúidí ríomh-airgid an dá chóras a léiriú go soiléir agus idirdhealú a dhéanamh idir táirgí agus seirbhísí ríomh-airgid ar thaobh amháin, agus seirbhísí íocaíochta agus ríomh-airgid a chuireann institiúidí íocaíochta ar fáil ar an taobh eile. Mar thoradh air sin, is ann d’ábhair imní maidir le harbatráiste rialála agus éagothroime iomaíochta, mar aon le saincheisteanna a bhaineann le himchéimniú cheanglais Threoir 2009/110/CE i gcás ina mbaineann institiúidí íocaíochta a eisíonn ríomh-airgead leas as na cosúlachtaí idir seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid agus ina ndéanann siad iarratas ar údarú mar institiúid íocaíochta. Is iomchuí, dá bhrí sin, go ndéanfar an córas údaraithe agus maoirseachta is infheidhme maidir le hinstitiúidí ríomh-airgid a ailíniú a thuilleadh leis an gcóras is infheidhme maidir le hinstitiúidí íocaíochta. Mar sin féin, na ceanglais cheadúnúcháin, go háirithe caipiteal tosaigh agus cistí dílse, mar aon le roinnt príomh-bhunchoincheapa lena rialaítear an gnó ríomh-airgid, lena náirítear eisiúint, dáileadh agus infhuascailteacht ríomh-airgid, ní hionann iad agus na seirbhísí a sholáthraíonn institiúidí íocaíochta. Dá bhrí sin, is iomchuí na sainiúlachtaí sin a chaomhnú agus forálacha Threoir (AE) 2015/2366 agus Threoir 2009/110/CE á gcónascadh. 

(6)Mar a léirítear san athbhreithniú a rinne an Coimisiún agus i bhfianaise éabhlóid na margaí, na ngnólachtaí agus na rioscaí faoi seach a ghabhann leis na gníomhaíochtaí, is gá an córas stuamachta a thabhairt cothrom le dáta d’institiúidí íocaíochta, lena náirítear iad siúd a eisíonn ríomh-airgead agus a sholáthraíonn seirbhísí ríomh-airgid, trí cheadúnas aonair a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid nach nglacann taiscí. Ós rud é go leagtar síos in Airteagal 48(2) de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 go measfar gur ríomh-airgead é eisitheoirí ríomh-airgid, ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras ceadúnúcháin le haghaidh institiúidí íocaíochta maidir le heisitheoirí comharthaí ríomh-airgid, ós rud é go dtiocfaidh institiúidí íocaíochta in ionad na ninstitiúidí ríomh-airgid. Ba cheart an córas stuamachta is infheidhme maidir le hinstitiúidí íocaíochta a bheith bunaithe ar údarú, faoi réir sraith coinníollacha dochta agus cuimsitheacha, i gcás daoine dlítheanacha a thairgeann seirbhísí íocaíochta nuair nach nglacann siad taiscí. Leis an gcóras stuamachta is infheidhme maidir le hinstitiúidí íocaíochta, ba cheart a áirithiú go gcuirfear na coinníollacha céanna i bhfeidhm ar fud an Aontais maidir leis an ngníomhaíocht a bhaineann le seirbhísí íocaíochta a sholáthar.

(7)Is iomchuí an tseirbhís lena gcumasaítear airgead tirim a aistarraingt ó chuntas íocaíochta a dhícheangal ón ngníomhaíocht a bhaineann le cuntas íocaíochta a riar, ós rud é nach bhféadfaidh soláthraithe seirbhísí aistarraingthe airgid thirim cuntais íocaíochta a riar. Na seirbhísí a bhaineann le hionstraimí íocaíochta a eisiúint agus le hidirbhearta íocaíochta a fháil, seirbhísí a liostaíodh le chéile i bpointe 5 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2366 amhail agus nach bhféadfaí ceann a thairiscint gan an ceann eile, ba cheart iad a chur i láthair mar dhá sheirbhís íocaíochta éagsúla. Trí sheirbhísí eisiúna agus fála a liostú ar leithligh, maille le sainmhínithe ar leith ar gach seirbhís, ba cheart a shoiléiriú go bhféadfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta na seirbhísí eisiúna agus fála a thairiscint ar leithligh.

(8)Agus éabhlóid thapa mhargadh na níocaíochtaí miondíola á cur san áireamh, mar aon leis na seirbhísí íocaíochta agus réitigh íocaíochta nua atá á dtairiscint ar bhonn leanúnach, is iomchuí cuid de na sainmhínithe faoi Threoir (AE) 2015/2366, cuir i gcás an sainmhíniú ar chuntas íocaíochta, cistí agus ionstraim íocaíochta, a chur in oiriúint do réaltachtaí an mhargaidh chun a áirithiú go leanfaidh reachtaíocht an Aontais de bheith oiriúnach dá feidhm agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de.

(9)I bhfianaise na dtuairimí éagsúla a shainaithin an Coimisiún ina athbhreithniú ar chur chun feidhme Threoir (AE) 2015/2366 agus a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) i dtábhacht ina thuairim an 23 Meitheamh 2022 maidir leis an athbhreithniú ar Threoir (AE) 2015/2366, is gá an sainmhíniú ar chuntas íocaíochta a shoiléiriú. An critéar cinntitheach maidir le cuntas a aicmiú mar chuntas íocaíochta, baineann sé leis an gcumas idirbhearta íocaíochta laethúla a dhéanamh ó chuntas den sórt sin. Gné shainiúil de choincheap an chuntais íocaíochta is ea an fhéidearthacht idirbhearta íocaíochta a dhéanamh le tríú páirtí ó chuntas nó leas a bhaint as idirbhearta den sórt a dhéanann tríú páirtí. Dá bhrí sin, ba cheart cuntas íocaíochta a shainmhíniú mar chuntas a úsáidtear chun cistí a sheoladh chuig tríú páirtithe agus a fháil uathu. Aon chuntas lena mbaineann na saintréithe sin, ba cheart é a mheas mar chuntas íocaíochta agus ba cheart úsáid a bhaint as chun seirbhísí tionscanta íocaíochta agus seirbhísí faisnéise cuntas a sholáthar. Maidir le cásanna ina bhfuil gá le cuntas idirmheánach eile chun idirbhearta íocaíochta a fhorghníomhú ó thríú páirtithe nó chuig tríú páirtithe, níor cheart dóibh teacht faoin sainmhíniú ar chuntas íocaíochta. Ní úsáidtear cuntais choigiltis chun cistí a sheoladh chuig tríú páirtí nó cistí a fháil ó thríú páirtí, agus mar sin eisiatar iad ón sainmhíniú ar chuntas íocaíochta.

(10)I bhfianaise teacht chun cinn cineálacha nua ionstraimí íocaíochta agus na néiginnteachtaí atá ann sa mhargadh maidir lena rangú dlí, ba cheart an sainmhíniú ar ‘ionstraim íocaíochta’ a shonrú a thuilleadh maidir le cad is ionstraim íocaíochta ann nó cad nach ionstraim íocaíochta ann, agus prionsabal neodracht na teicneolaíochta á chur san áireamh.

(11)D’ainneoin gur féidir idirbheart íocaíochta a thionscnamh trí bhíthin Cumarsáid Neasréimse (NFC), dá measfaí NFC mar ‘ionstraim íocaíochta’ lánfheidhme, bheadh roinnt dúshlán ag baint leis, lena náirítear dúshláin a bhaineann le fíordheimhniú láidir custaiméara a chur i bhfeidhm le haghaidh íocaíochtaí éadadhaill ag an díolphointe agus dúshláin a bhaineann le córas dliteanais an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart NFC a mheas mar fheidhmiúlacht ionstraime íocaíochta seachas mar ionstraim íocaíochta ann féin.

(12)Rinneadh tagairt do ‘gaireas pearsantaithe’ sa sainmhíniú ar ‘ionstraim íocaíochta’ faoi Threoir (AE) 2015/2366. Ós rud é go bhfuil cártaí réamhíoctha ann nach bhfuil ainm shealbhóir na hionstraime clóite orthu, d’fhéadfadh sé go bhfágfaí na cártaí sin lasmuigh de raon feidhme an tsainmhínithe ar ionstraim íocaíochta. Ba cheart, dá bhrí sin, an sainmhíniú ar ‘ionstraim íocaíochta’ a leasú chun tagairt a dhéanamh do ghairis ‘indibhidiúlaithe’ seachas do ghairis ‘phearsantaithe’, agus a shonrú gur ionstraimí íocaíochta iad cártaí réamhíoctha nach bhfuil ainm shealbhóir na hionstraime clóite orthu.

(13)Maidir le ‘tiachóga digiteacha faoi bhealach’, mar a thugtar orthu, lena mbaineann ceadchomharthú ionstraime íocaíochta atá ann cheana, lena náirítear cárta íocaíochta, measfar gur seirbhísí teicniúla iad, agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a eisiamh ón sainmhíniú ar ionstraim íocaíochta ós rud é nach féidir a mheas gur ionstraim íocaíochta é ceadchomhartha ach, ina ionad sin, feidhmchlár íocaíochta de réir bhrí Airteagal 2, pointe (21) de Rialachán (AE) 2015/75 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 . Mar sin féin, maidir le roinnt catagóirí eile de thiachóga digiteacha, is é sin tiachóga leictreonacha réamhíoctha amhail ‘tiachóga céimneacha’ inar féidir le húsáideoirí airgead a stóráil le haghaidh idirbheart ar líne amach anseo, meastar gur ionstraim íocaíochta iad agus gur seirbhís íocaíochta í a neisiúint.

(14)Is éard is seoltán airgid ann seirbhís íocaíochta atá bunaithe de ghnáth ar airgead tirim a sholáthraíonn íocóir do sholáthraí seirbhísí íocaíochta gan aon chuntas íocaíochta a chruthú in ainm an íocóra ná an íocaí, a sheolann an méid comhfhreagrach ar aghaidh chuig íocaí nó chuig soláthraí seirbhísí íocaíochta eile atá ag gníomhú thar ceann an íocaí. I roinnt Ballstát, soláthraíonn ollmhargaí, ceannaithe agus miondíoltóirí eile seirbhís don phobal lena gcuirtear ar a gcumas dóibh billí fóntais agus billí tráthrialta tí eile a íoc. Ba cheart na seirbhísí íoctha billí sin a láimhseáil mar sheoltán airgid.

(15)Leis an sainmhíniú ar chistí, ba cheart gach cineál airgid bainc ceannais a eisítear le haghaidh úsáid mhiondíola a chumhdach, lena náirítear nótaí bainc agus boinn, agus aon airgeadra digiteach bainc ceannais, airgead leictreonach agus airgead bainc tráchtála a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Airgead bainc ceannais a eisítear lena úsáid idir an banc ceannais agus bainc tráchtála, i.e. le haghaidh úsáid mhórdhíola, níor cheart é sin a chumhdach.

(16)Le Rialachán (AE) 2023/1114 an 31 Bealtaine 2023, leagtar síos go measfar gur ríomh-airgead iad comharthaí ríomh-airgid. Dá bhrí sin, ba cheart comharthaí ríomh-airgid a áireamh, mar ríomh-airgead, sa sainmhíniú ar chistí.

(17)Níor sainaithníodh leis an meastóireacht ar chur chun feidhme Threoir (AE) 2015/2366 gur léir gur gá athrú substaintiúil a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú agus a choinneáil mar institiúidí íocaíochta nó institiúidí ríomh-airgid a fhorordaítear, faoi seach, faoi Threoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 agus faoi Threoir 2015/2366/AE, ar thaobh amháin, agus faoi Threoir 2009/110/CE ar an taobh eile. Áirítear leis na coinníollacha sin fós ceanglais stuamachta atá comhréireach leis na rioscaí oibríochtúla agus airgeadais a mbíonn ar institiúidí íocaíochta aghaidh a thabhairt orthu, lena náirítear institiúidí a eisíonn ríomh-airgead agus a sholáthraíonn seirbhísí ríomh-airgid agus iad i mbun gnó. Is iomchuí plean foirceanta a chur leis an doiciméadacht is gá chun tacú le hiarratas ar údarú mar institiúid íocaíochta, ar plean é a fhreastalaíonn ar an gcás ina gclisfeadh ar an institiúid, i gcomhréir le samhail ghnó na hinstitiúide íocaíochta a bheidh ann amach anseo; ba cheart an plean foirceanta sin a bheith iomchuí chun tacú le clabhsúr ordúil gníomhaíochtaí faoin dlí náisiúnta is infheidhme, lena náirítear leanúnachas nó téarnamh aon ghníomhaíochta criticiúla a dhéanann soláthraithe seirbhísí, gníomhairí nó dáileoirí seachfhoinsithe. Ionas nach ndeonófar údarú le haghaidh seirbhísí nach gcuireann institiúid íocaíochta ar fáil go héifeachtach, is gá a shonrú nár cheart oibleagáid a bheith ar institiúid íocaíochta údarú a fháil le haghaidh seirbhísí íocaíochta nach bhfuil sé beartaithe aici a sholáthar.

(18)San Athbhreithniú Piaraí ó ÚBE maidir le húdarú faoi Threoir (AE) 2015/2366 a foilsíodh i mí Eanáir 2023 35 , thángthas ar an gconclúid gur mar gheall ar easnaimh sa phróiseas údaraithe atá iarratasóirí faoi réir ionchais mhaoirseachta éagsúla a mhéid a bhaineann leis na ceanglais le haghaidh údarú mar institiúid íocaíochta nó mar institiúid ríomh-airgid ar fud an Aontais, agus go bhféadfadh tréimhse thar a bheith fada a bheith i gceist leis an bpróiseas chun údarú a dheonú i gcásanna áirithe. Chun cothrom iomaíochta agus próiseas comhchuibhithe a áirithiú maidir le húdarú a dheonú do ghnóthais a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar cheadúnas institiúide íocaíochta, is iomchuí teorainn ama 3 mhí a fhorchur ar údaráis inniúla chun an próiseas údaraithe a thabhairt i gcrích, tar éis dóibh an fhaisnéis uile is gá don chinneadh a fháil.

(19)Chun tuilleadh comhsheasmhachta a áirithiú sa phróiseas iarratais le haghaidh institiúidí íocaíochta, is iomchuí sainordú a thabhairt do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir le húdarú a fhorbairt, lena náirítear dréachtchaighdeáin maidir leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil do na húdaráis inniúla san iarratas ar údarú institiúidí íocaíochta, modheolaíocht choiteann mheasúnaithe chun údarú a dheonú nó chun clárú, cad is féidir a mheas mar ráthaíocht inchomparáide le hárachas slánaíochta gairmiúla agus na critéir atá le húsáid chun an tíosmhéid airgeadaíochta d’árachas slánaíochta gairmiúla nó ráthaíocht inchomparáide a shonrú. Ar an gcaoi sin, ba cheart do ÚBE an taithí a chur san áireamh a fuarthas i gcur i bhfeidhm a Threoirlínte maidir leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta is iarratasóir d’údaráis inniúla náisiúnta le haghaidh údarú nó clárú, agus i gcur i bhfeidhm a Threoirlínte maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar a úsáidtear chun an tíosmhéid airgeadaíochta d’árachas slánaíochta gairmiúla nó ráthaíocht inchomparáide eile a shonrú. 

(20)Ba cheart an creat stuamachta is infheidhme maidir le hinstitiúidí íocaíochta leanúint de bheith bunaithe ar an mbuntuiscint go bhfuil toirmeasc ar na hinstitiúidí sin taiscí a ghlacadh ó úsáideoirí seirbhísí íocaíochta agus nach gceadaítear dóibh ach cistí a fhaightear ó úsáideoirí seirbhísí íocaíochta a úsáid chun seirbhísí íocaíochta a sholáthar. Mar iarmhairt air sin, is iomchuí go mbeidh na ceanglais stuamachta is infheidhme maidir le hinstitiúidí íocaíochta ina léiriú ar an bhfíoras go mbíonn institiúidí íocaíochta ag gabháil do ghníomhaíochtaí níos speisialaithe agus níos teoranta i gcomparáid le hinstitiúidí creidmheasa agus, dá bhrí sin, go dtagann rioscaí chun cinn ina leith siúd a bhfuil sé níos cúinge agus níos éasca faireachán agus rialú a dhéanamh orthu ná mar is amhlaidh i gcás na rioscaí a thagann chun cinn thar an raon níos leithne gníomhaíochtaí a dhéanann institiúidí creidmheasa.

(21)Agus iarratais ar údarú mar institiúid íocaíochta á mbreithniú ag na húdaráis inniúla, ba cheart dóibh aird ar leith a thabhairt ar an bplean rialachais arna chur isteach mar chuid den iarratas sin. Ba cheart d’institiúidí íocaíochta aghaidh a thabhairt ar an éifeacht dhíobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag socruithe rialachais nár ceapadh go maith ar bhainistiú fónta riosca trí chultúr fónta i leith rioscaí a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal. Ba cheart do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar leordhóthanacht socruithe rialachais inmheánaigh. Is iomchuí do ÚBE treoirlínte a ghlacadh maidir le socruithe rialachais inmheánaigh, agus an éagsúlacht méideanna agus samhlacha gnó i measc institiúidí íocaíochta á gcur san áireamh agus prionsabal na comhréireachta á urramú.

(22)Cé go leagtar amach sna ceanglais údarúcháin rialacha sonracha maidir le rialuithe slándála teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus eilimintí maolaithe chun údarú a fháil chun seirbhísí íocaíochta a sholáthar, ba cheart na ceanglais sin a ailíniú leis na ceanglais faoi Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 .

(23)Ní bhíonn cistí cliant á sealbhú ag soláthraithe seirbhísí tionscanta íocaíochta ná ag soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntas, nuair a bhíonn na seirbhísí sin á soláthar acu. Dá réir sin, ba dhíréireach an beart é ceanglais maidir le cistí dílse a fhorchur ar na gníomhaithe sin sa mhargadh. Mar sin féin, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh soláthraithe seirbhísí tionscanta íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntas in ann a ndliteanais a chomhlíonadh i ndáil lena ngníomhaíochtaí. Chun a áirithiú go gcumhdófar go cuí na rioscaí a bhaineann le seirbhísí tionscanta íocaíochta nó seirbhísí faisnéise cuntas, is iomchuí a cheangal ar institiúidí íocaíochta a thairgeann na seirbhísí sin árachas slánaíochta gairmiúla nó ráthaíocht inchomparáide a bheith acu, agus na rioscaí is gá a chumhdach a shonrú a thuilleadh, i bhfianaise na bhforálacha maidir le dliteanas a áirítear i Rialachán XXX [PSR]. Agus na deacrachtaí á gcur san áireamh a bhí ag soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntas agus soláthraithe seirbhísí tionscanta íocaíochta árachas slánaíochta gairmiúla a chonrú lena gcumhdaítear na rioscaí a bhaineann lena ngníomhaíocht, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an deis a bheith ag na hinstitiúidí sin rogha a dhéanamh caipiteal tosaigh EUR 50 000 a shealbhú mar mhalairt ar an árachas slánaíochta gairmiúla, ag céim an cheadúnaithe nó an chláraithe amháin. An tsolúbthacht sin le haghaidh soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntas agus soláthraithe seirbhísí tionscanta íocaíochta ag céim an cheadúnaithe nó an chláraithe, ba cheart í a bheith gan dochar don cheanglas atá ar na soláthraithe sin suibscríobh le hárachas slánaíochta gairmiúla gan moill mhíchuí tar éis dóibh a gceadúnas nó a gclárú a fháil.

(24)Chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le sealúchas cáilithe institiúide íocaíochta a fháil de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 , is iomchuí a cheangal go dtabharfar fógra don údarás inniúil ábhartha maidir le sealúchas den sórt sin a fháil.

(25)Chun freastal ar na rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí institiúidí íocaíochta, ní mór dóibh a ndóthain caipitil tosaigh a shealbhú maille le cistí dílse. Agus an fhéidearthacht atá ann d’institiúidí íocaíochta á cur san áireamh, is é sin an fhéidearthacht gabháil don réimse leathan gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Treoir seo, is iomchuí leibhéal an chaipitil tosaigh a ghabhann le seirbhísí aonair a choigeartú de réir chineál na seirbhísí sin agus na rioscaí a ghabhann leo.

(26)Agus é á chur san áireamh nár oiriúnaíodh na ceanglais tosaigh is infheidhme maidir le hinstitiúidí íocaíochta ó glacadh Treoir 2007/64/CE, is iomchuí na ceanglais sin a choigeartú i gcomhréir leis an ráta boilscithe. Mar sin féin, agus é á chur san áireamh nár cuireadh chun feidhme na ceanglais chaipitil is infheidhme maidir le hinstitiúidí íocaíochta nach soláthraíonn ach seirbhísí tionscanta íocaíochta go dtí gur tháinig Treoir (AE) 2015/2366 i bhfeidhm, agus nár aimsíodh aon fhianaise maidir le neamhdhóthanacht na gceanglas sin, níor cheart na ceanglais sin a mhodhnú.

(27)Ós rud é go bhfuil éagsúlacht mhór samhlacha gnó i dtionscal na níocaíochtaí miondíola, tá údar leis an bhféidearthacht modhanna ar leith a chur i bhfeidhm chun cistí dílse a ríomh, cistí nach féidir a bheith faoi bhun leibhéal an chaipitil tosaigh ábhartha, áfach.

(28)Leis an Treoir seo, saothraítear an cur chuige céanna agus a shaothraítear le Treoir (AE) 2015/2366, lenar ceadaíodh roinnt modhanna a úsáid chun na ceanglais cistí dílse comhcheangailte a ríomh agus méid áirithe discréide maoirseachta ann chun a áirithe go gcaithfear leis na rioscaí céanna ar an mbealach céanna i gcás gach soláthraí seirbhísí íocaíochta. Úsáid a bhaint as méid íocaíochta na hinstitiúide íocaíochta den bhliain roimhe chun a ceanglais cistí dílse a ríomh, is é sin an modh ríofa cistí dílse is leordhóthanaí agus is mó a chuirtear i bhfeidhm i gcás fhormhór na samhlacha gnó. Ar na cúiseanna sin, agus chun comhsheasmhacht a fheabhsú agus cothrom iomaíochta a áirithiú, is iomchuí a cheangal ar na húdaráis inniúla náisiúnta úsáid an mhodha sin a fhorordú. Mar sin féin, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta a bheith in ann imeacht ón bprionsabal sin agus ceangal a chur ar institiúidí íocaíochta modhanna eile a chur i bhfeidhm le haghaidh samhlacha gnó a mbíonn méid beag idirbheart ach idirbhearta ar luach ard mar thoradh orthu. Chun deimhneacht dhlíthiúil agus an tsoiléireacht is mó is féidir a áirithiú maidir le samhlacha gnó den sórt sin, is iomchuí sainordú a thabhairt do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt.

(29)D’ainneoin an chuspóra maidir le ceanglais stuamachta institiúidí íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid a ailíniú, is iomchuí aird a thabhairt ar an tsainiúlacht a bhaineann le gnó eisiúna ríomh-airgid agus gnó ríomh-airgid a dhéanamh, agus cead a thabhairt d’institiúidí íocaíochta a eisíonn ríomh-airgead agus a sholáthraíonn seirbhísí ríomh-airgid modh níos iomchuí a chur i bhfeidhm chun a gceanglais cistí dílse a ríomh.

(30)I gcás ina bhforghníomhóidh an institiúid íocaíochta chéanna idirbheart íocaíochta don íocóir agus don íocaí araon agus ina soláthrófar líne chreidmheasa don íocóir, is iomchuí na cistí a choimirciú i bhfabhar an íocaí más rud é gurb ionann na cistí sin agus éileamh an íocaí i leith na hinstitiúide íocaíochta.

(31)I bhfianaise na ndeacrachtaí a bhíonn ag institiúidí íocaíochta cuntais íocaíochta a oscailt agus a choinneáil le hinstitiúidí creidmheasa, is gá foráil a dhéanamh maidir le rogha bhreise chun cistí úsáideoirí a choimirciú, is é sin an fhéidearthacht na cistí sin a shealbhú ag banc ceannais. Mar sin féin, ba cheart an fhéidearthacht sin a bheith gan dochar don fhéidearthacht atá ann do bhanc ceannais gan an rogha sin a thairiscint, bunaithe ar a dhlí orgánach. Agus an gá atá le cistí úsáideoirí a chosaint á chur san áireamh agus ionas nach núsáidfear cistí den sórt sin chun críoch eile seachas seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar, is iomchuí a cheangal go gcoinneofar cistí úsáideoirí seirbhísí íocaíochta ar leithligh ó chistí dílse na hinstitiúide íocaíochta. Chun cothrom iomaíochta a áirithiú idir institiúidí íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta agus institiúidí íocaíochta a eisíonn ríomh-airgead agus a sholáthraíonn seirbhísí ríomh-airgid, is iomchuí na córais is infheidhme maidir le cistí úsáideoirí a choimirciú a ailíniú a mhéid is féidir, agus sainiúlachtaí an ríomh-airgid á gcaomhnú an tráth céanna. Is riosca suntasach é an riosca comhchruinnithe a bhíonn ann d’institiúidí íocaíochta, go háirithe i gcás ina ndéantar cistí a choimirciú in aon institiúid creidmheasa amháin. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú go seachnóidh institiúidí íocaíochta riosca comhchruinnithe a mhéid is féidir. Ar an gcúis sin, ba cheart treoir a thabhairt do ÚBE caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt maidir le rioscaí a sheachaint i ndáil le cistí custaiméirí a choimirciú.

(32)Ba cheart d’institiúidí íocaíochta a bheith in ann gabháil do ghníomhaíochtaí eile, seachas na gníomhaíochtaí sin a chumhdaítear leis an Treoir seo, lena náirítear seirbhís oibríochtúil agus choimhdeach a bhfuil dlúthbhaint aici léi a sholáthar agus córais íocaíochta nó gníomhaíochtaí gnó eile a oibriú a rialaítear le dlí an Aontais is infheidhme agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

(33)I bhfianaise na rioscaí níos airde a bhaineann le gníomhaíocht ina nglactar taiscí, is iomchuí toirmeasc a chur ar institiúidí íocaíochta a thairgeann seirbhísí íocaíochta taiscí a ghlacadh ó úsáideoirí, agus ceangal a chur orthu gan ach cistí a fhaightear ó úsáideoirí a úsáid chun seirbhísí íocaíochta a sholáthar. Maidir le cistí a gheobhaidh institiúidí íocaíochta a thairgeann seirbhísí ríomh-airgid ó úsáideoirí seirbhísí íocaíochta, níor cheart iad a bheith ina dtaisce ná ina gcistí in-aisíoctha eile a fhaightear ón bpobal de réir bhrí Airteagal 9 de Threoir 2013/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 .

(34)Chun teorainn a chur leis na rioscaí a bhaineann le cuntais íocaíochta a úsáid chun críoch eile seachas chun idirbhearta íocaíochta a dhéanamh, is iomchuí a shonrú gur cheart i gcónaí d’institiúidí íocaíochta, agus ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid á soláthar acu, cuntais íocaíochta a shealbhú a úsáidtear le haghaidh idirbhearta íocaíochta amháin.

(35)Ba cheart cead a bheith ag institiúidí íocaíochta creidmheas a dheonú, ach ba cheart an ghníomhaíocht sin a bheith faoi réir roinnt coinníollacha dochta. Is iomchuí, dá bhrí sin, rialáil a dhéanamh ar dheonú creidmheasa ag institiúidí íocaíochta i bhfoirm línte creidmheasa agus ar eisiúint cártaí creidmheasa, a mhéid a éascaítear seirbhísí íocaíochta leis na seirbhísí sin agus i gcás ina ndeonaítear creidmheas ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí, lena náirítear ar bhonn imrothlach. Is iomchuí cead a thabhairt d’institiúidí íocaíochta creidmheas gearrthéarmach a dheonú maidir lena ngníomhaíochtaí trasteorann, ar choinníoll go ndéanfar é a athmhaoiniú trí úsáid a bhaint go príomha as cistí dílse na hinstitiúide íocaíochta, mar aon le cistí eile ó na margaí caipitil, seachas as na cistí atá á sealbhú thar ceann cliant le haghaidh seirbhísí íocaíochta. Ba cheart an fhéidearthacht sin a bheith gan dochar do Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 , áfach, ná do dhlí ábhartha eile de chuid an Aontais ná do bhearta náisiúnta ábhartha maidir le coinníollacha i dtaobh creidmheas a dheonú do thomhaltóirí. I bhfianaise chineál na seirbhísí, atá de chineál iasachtaithe go príomha, níor cheart seirbhísí ‘Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí’ a bheith ina seirbhís íocaíochta. Cumhdaítear na seirbhísí sin leis an Treoir nua maidir le creidmheasanna tomhaltóirí a chuirtear in ionad Threoir 2008/48/CE.

(36)Chun a áirithiú go gcaomhnófar go cuí an fhianaise maidir le comhlíonadh na noibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo ar feadh tréimhse réasúnta ama, is iomchuí a cheangal ar institiúidí íocaíochta na taifid iomchuí uile a choinneáil ar feadh 5 bliana ar a laghad. Níor cheart sonraí pearsanta a choinneáil níos faide ná mar is gá chun an cuspóir sin a áirithiú agus, i gcás ina dtarraingítear siar údarú, níor cheart sonraí a choinneáil níos faide ná 5 bliana tar éis tharraingt siar an údaraithe sin.

(37)Chun a áirithiú nach soláthróidh gnóthas seirbhísí íocaíochta ná seirbhísí ríomh-airgid gan údarú a bheith aige, is iomchuí a cheangal ar gach gnóthas a bhfuil sé ar intinn aige seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar iarratas a dhéanamh ar údarú, seachas i gcás ina ndéantar foráil leis an Treoir seo maidir le clárú in ionad údarú. Thairis sin, chun cobhsaíocht agus sláine an chórais airgeadais agus na gcóras íocaíochta a áirithiú agus chun tomhaltóirí a chosaint, ní mór na gnóthais sin a bhunú i mBallstát agus maoirseacht éifeachtach a dhéanamh orthu. Ba cheart institiúidí íocaíochta a eisíonn ríomh-airgead a chumhdach leis an gceanglas sin freisin, i bhfianaise na rioscaí suntasacha nua stuamachta a bhaineann leis an bhféidearthacht atá ann d’institiúidí ríomh-airgid comharthaí ríomh-airgid a eisiúint freisin. Ba cheart a cheangal ar eisitheoirí ríomh-airgid duine dlítheanach a bhunú san Aontas chun gur féidir maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na heintitis sin, agus chun ailíniú le Rialachán (AE) 2023/1114. Is cineál criptea-shócmhainne iad comharthaí ríomh-airgid is féidir a mhéadú go mór ó thaobh méide de agus ar féidir rioscaí a bheith ag baint leo a dhéanann difear don chobhsaíocht airgeadais, don cheannasacht airgeadaíochta agus don bheartas airgeadaíochta.

(38)Chun mí-úsáid an chirt bunaíochta a sheachaint agus chun cásanna a sheachaint ina mbunaíonn institiúid íocaíochta í féin i mBallstát gan é a bheith beartaithe aici aon ghníomhaíocht a dhéanamh sa Bhallstát sin, is iomchuí a cheangal ar institiúid íocaíochta a iarrann údarú i mBallstát cuid dá gnó seirbhísí íocaíochta ar a laghad a sholáthar sa Bhallstát sin. Maidir leis an oibleagáid atá ar institiúid cuid dá gnó a dhéanamh ina tír bhaile, oibleagáid a forchuireadh cheana le Treoir (AE) 2015/2366, tá éagsúlacht mhór ann maidir leis an gcaoi ar léirmhíníodh í, mar shampla, forchuireann roinnt tíortha baile go ndéanfaí an chuid is mó den ghnó ina dtír féin. Ba cheart níos lú ná formhór ghnó na hinstitiúide a bheith i gceist le ‘cuid’ chun ‘effet utile’ shaoirse na hinstitiúide íocaíochta seirbhísí trasteorann a sholáthar a chaomhnú.

(39)Féadfaidh institiúid íocaíochta gabháil do ghníomhaíochtaí eile seachas seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar. Chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht chuí ar an institiúid íocaíochta, is iomchuí cead a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta, i gcás inar gá, a cheangal go mbunófar eintiteas ar leith chun seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar. Ba cheart a chur san áireamh i gcinneadh den sórt sin ón údarás inniúil an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag teagmhas a dhéanann difear do ghníomhaíochtaí gnó eile ar fhóntacht airgeadais na hinstitiúide íocaíochta, nó an tionchar diúltach a d’fhéadfadh teacht as cás nach mbeadh an institiúid íocaíochta in ann tuairisciú ar leithligh a sholáthar maidir le cistí dílse i ndáil lena gníomhaíochtaí íocaíochta agus ríomh-airgid agus lena gníomhaíochtaí eile. 

(40)Chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht chuí leanúnach ar institiúidí íocaíochta agus go mbeidh faisnéis chruinn agus cothrom le dáta ar fáil, is iomchuí a cheangal ar institiúidí íocaíochta na húdaráis inniúla náisiúnta a chur ar an eolas faoi aon athrú ar a ngnó a dhéanann difear do chruinneas na faisnéise arna soláthar maidir le húdarú, lena náirítear faisnéis maidir le gníomhairí breise nó eintitis bhreise a ndéantar gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú chucu. Ba cheart d’údaráis inniúla, i gcás amhrais, a fhíorú go bhfuil an fhaisnéis a fuarthas ceart.

(41)Chun córas comhsheasmhach údaraithe institiúidí íocaíochta a áirithiú ar fud an Aontais, is iomchuí coinníollacha comhchuibhithe a leagan amach faoina bhféadfaidh údaráis inniúla náisiúnta údarú a eisíodh d’institiúid íocaíochta a tharraingt siar.

(42)Chun cur leis an trédhearcacht i dtaobh oibríochtaí institiúidí íocaíochta arna núdarú ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile, nó arna gclárú leo, lena náirítear a ngníomhairí, a ndáileoirí agus a mbrainsí, agus chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú san Aontas, is gá a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal ar liosta na ngnóthas a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta, mar aon lena mbrandaí gaolmhara, ar liosta é ba cheart a áireamh i gclár náisiúnta poiblí.

(43)Maidir le faisnéis faoi institiúidí íocaíochta nó eintitis atá údaraithe nó cláraithe agus atá i dteideal faoin dlí náisiúnta seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar, chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis sin le fáil ar fud an Aontais i gclár lárnach, ba cheart do ÚBE clár den sórt sin a oibriú inar cheart dó liosta a fhoilsiú d’ainmneacha na ngnóthas atá údaraithe nó cláraithe chun seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar. I gcás ina mbaineann próiseáil sonraí pearsanta leis sin, is gá faisnéis faoi dhaoine nádúrtha atá ag gníomhú mar ghníomhairí nó mar dháileoirí a fhoilsiú ar leibhéal an Aontais chun a ráthú nach noibríonn ach gníomhairí agus dáileoirí údaraithe sa mhargadh inmheánach agus, dá bhrí sin, is ar mhaithe le feidhmiú leormhaith an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí íocaíochta atá sé an fhaisnéis sin a fhoilsiú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na sonraí a sholáthraíonn siad maidir leis na gnóthais lena mbaineann, lena náirítear a ngníomhairí, a ndáileoirí agus a mbrainsí, cruinn agus cothrom le dáta, agus go dtarchuirfear chuig ÚBE iad gan moill mhíchuí agus ar bhealach uathoibrithe más féidir. Ba cheart do ÚBE, dá bhrí sin, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na modhanna agus na socruithe maidir le tarchur na faisnéise sin a shonrú. Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin, ba cheart ardleibhéal gráinneachta agus comhsheasmhachta a áirithiú i ndáil leis an bhfaisnéis sin. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt ag ÚBE, ba cheart dó an taithí a fuarthas agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/411 ón gCoimisiún 40 á chur i bhfeidhm a chur san áireamh. Chun cur leis an trédhearcacht, is iomchuí brandaí na seirbhísí íocaíochta agus ríomh-airgid uile a sholáthraítear a áireamh san fhaisnéis a tharchuirtear. Ba cheart sonraí pearsanta a fhoilsiú i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí atá i bhfeidhm. I gcás ina bhfoilsítear sonraí pearsanta, ba cheart coimircí iomchuí cosanta sonraí a chur chun feidhme lena gcoisctear tuilleadh scaipeadh neamhbheartaithe na faisnéise ar líne.

(44)Chun trédhearcacht agus feasacht a fheabhsú maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí tionscanta íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntas, is iomchuí go gcoinneodh ÚBE liosta meaisín-inléite ina bhfuil bunfhaisnéis faoi na gnóthais sin agus faoi na seirbhísí a sholáthraíonn siad. Leis an bhfaisnéis atá ar an liosta sin, ba cheart a bheith in ann soláthraithe seirbhísí tionscanta íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntas a shainaithint gan aon éideimhne.

(45)Chun raon a seirbhísí a leathnú, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar institiúidí íocaíochta úsáid a bhaint as eintitis a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta thar a gceann, lena náirítear gníomhairí nó, i gcás seirbhísí ríomh-airgid, dáileoirí. Féadfaidh institiúidí íocaíochta a gceart bunaíochta a fheidhmiú freisin i mBallstát óstach, nach ionann é agus an Ballstát baile, trí bhíthin brainsí. I gcásanna den sórt sin, is iomchuí go gcuirfidh an institiúid íocaíochta an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le gníomhairí, dáileoirí agus brainsí in iúl don údarás inniúil náisiúnta agus go gcuirfidh sí na húdaráis inniúla náisiúnta ar an eolas faoi aon athrú gan moill mhíchuí. Chun trédhearcacht a áirithiú i leith úsáideoirí deiridh, is iomchuí freisin go gcuirfidh gníomhairí, dáileoirí nó brainsí atá ag gníomhú thar ceann institiúid íocaíochta úsáideoirí seirbhíse íocaíochta ar an eolas faoin méid sin.

(46)Agus iad i mbun a ngnó, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar institiúidí íocaíochta feidhmeanna oibríochtúla a bhaineann le cuid dá ngníomhaíocht a sheachfhoinsiú. Chun a áirithiú nach ndéanfar an méid sin chun aimhleasa do chomhlíontacht leanúnach institiúide íocaíochta leis na ceanglais maidir lena húdarú, nó le ceanglais eile is infheidhme faoin Treoir seo, is iomchuí a cheangal ar institiúid íocaíochta na húdaráis inniúla náisiúnta a chur ar an eolas gan moill mhíchuí nuair atá sé beartaithe aici feidhmeanna oibríochtúla a sheachfhoinsiú, agus faoi aon athrú maidir le húsáid eintiteas a ndéantar gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú chucu.

(47)Chun maolú cuí a áirithiú ar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar sheachfhoinsiú feidhmeanna oibríochtúla, is iomchuí a cheangal go ndéanfaidh institiúidí íocaíochta bearta réasúnta chun a áirithiú nach mbeidh an seachfhoinsiú sin de shárú ar cheanglais na Treorach seo. Ba cheart d’institiúidí íocaíochta a bheith faoi dhliteanas iomlán i gcónaí as aon ghníomh a dhéanfaidh a gcuid fostaithe, nó aon ghníomhaire, dáileoir nó eintiteas seachfhoinsithe.

(48)Chun forfheidhmiú éifeachtach fhorálacha an dlí náisiúnta a glacadh de bhun na Treorach seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú a bheidh i gceannas ar údarú agus maoirseacht ar institiúidí íocaíochta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá do na húdaráis inniúla, lena náirítear an fhoireann, chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

(49)Chun é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla maoirseacht chuí a dhéanamh ar institiúidí íocaíochta, is iomchuí cumhachtaí imscrúdúcháin agus maoirseachta a thabhairt do na húdaráis sin agus an deis a thabhairt dóibh pionóis riaracháin agus bearta is gá a fhorchur chun a gcúraimí a chomhlíonadh. Ar an gcúis chéanna, is iomchuí an chumhacht a thabhairt d’údaráis inniúla faisnéis a iarraidh, cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh agus moltaí, treoirlínte agus cinntí riaracháin ceangailteacha a eisiúint. Ba cheart do na Ballstáit forálacha náisiúnta a leagan síos i ndáil le húdarú institiúide íocaíochta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar. Ba cheart do na Ballstáit cumhacht a thabhairt dá núdaráis inniúla smachtbhannaí agus bearta riaracháin a fhorchur atá dírithe go sonrach ar dheireadh a chur le sáruithe ar fhorálacha a bhaineann le maoirseacht nó saothrú an ghnó seirbhísí íocaíochta.

(50)Mar gheall ar an raon leathan samhlacha gnó a d’fhéadfadh a bheith ann i dtionscal na níocaíochtaí, is iomchuí méid áirithe discréide maoirseachta a bheith ann chun a áirithiú go láimhseálfar na rioscaí céanna ar an mbealach céanna.

(51)Agus maoirseacht á déanamh ag na húdaráis inniúla ar chomhlíontacht institiúidí íocaíochta lena noibleagáidí, ba cheart dóibh a gcumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú agus cearta bunúsacha á nurramú, lena náirítear an ceart chun príobháideachais. Gan dochar do rialú údaráis neamhspleách (údarás náisiúnta cosanta sonraí) agus i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba cheart coimircí leormhaithe, éifeachtacha a bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit i gcás ina bhfuil riosca ann go bhféadfadh mí-úsáid nó treallachas a bheith ann mar thoradh ar fheidhmiú na gcumhachtaí sin a chuirfeadh isteach go tromchúiseach ar na cearta sin, mar shampla, i gcás inarb iomchuí, trí údarú roimh ré ó údarás breithiúnach an Bhallstáit lena mbaineann.

(52)Chun a áirithiú go ndéanfar cearta aonair agus gnó a chosaint, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh gach duine a oibríonn nó a d’oibrigh d’údaráis inniúla faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

(53)Féadfaidh gníomhaíocht institiúidí íocaíochta dul thar theorainneacha agus a bheith ábhartha maidir le húdaráis inniúla éagsúla mar aon le ÚBE, an Banc Ceannais Eorpach (‘BCE’) agus bainc ceannais náisiúnta ina gcáil mar údaráis airgeadaíochta agus formhaoirseachta. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir lena gcomhar éifeachtach agus maidir le malartú faisnéise. Ba cheart socruithe maidir le comhroinnt faisnéise a bheith i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha cosanta sonraí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 agus i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 .

(54)I gcás ina dtarlaíonn easaontais i gcomhthéacs an chomhair trasteorann idir údaráis inniúla, ba cheart do na húdaráis inniúla sin a bheith in ann cúnamh a iarraidh ar ÚBE, agus ba cheart do ÚBE cinneadh a dhéanamh gan moill mhíchuí. Ba cheart do ÚBE a bheith in ann cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla teacht ar chomhaontú ar a thionscnamh féin freisin.

(55)Ba cheart d’institiúid íocaíochta a fheidhmíonn an ceart bunaíochta nó an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar aon fhaisnéis ábhartha maidir lena gnó a chur ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit baile agus fógra a thabhairt don údarás inniúil sin faoin mBallstát nó faoi na Ballstáit a bhfuil sé beartaithe ag an institiúid íocaíochta oibriú ann nó iontu, faoi cé acu atá nó nach bhfuil sé beartaithe aici brainsí, gníomhairí nó dáileoirí a úsáid, agus faoi cé acu atá nó nach bhfuil sé beartaithe aici seachfhoinsiú a úsáid.

(56)Chun comhar idir na húdaráis inniúla agus maoirseacht éifeachtacht ar institiúidí íocaíochta a éascú, i gcomhthéacs úsáid an chirt bunaíochta nó na saoirse chun seirbhísí a sholáthar, is iomchuí go gcuirfeadh údaráis inniúla sa Bhallstát baile faisnéis in iúl don Bhallstát óstach. I gcásanna ‘nós imeachta an phas thriantánaigh’, mar a thugtar air, ina mbaineann institiúid íocaíochta atá údaraithe i dtír ‘A’ úsáid as idirghabhálaí, amhail gníomhaire, dáileoir nó brainse, atá lonnaithe i dtír ‘B’ chun seirbhísí íocaíochta a thairiscint i dtír ‘C’, ba cheart a mheas gurb é an Ballstát óstach an Ballstát ina dtairgtear na seirbhísí d’úsáideoirí deiridh. Agus na dúshláin a bhaineann le comhar trasteorann idir údaráis inniúla á gcur san áireamh, is iomchuí go bhforbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir le comhar agus malartú faisnéise, agus an taithí a fuarthas trí Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 ón gCoimisiún 43 a chur i bhfeidhm á cur san áireamh.

(57)Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal ar institiúidí íocaíochta a fheidhmíonn ar a gcríoch, agus a bhfuil a gceannoifig suite i mBallstát eile, tuairisciú dóibh go tréimhsiúil ar a ngníomhaíochtaí a dhéantar ar a gcríoch chun críoch faisnéise nó staidrimh. I gcás ina bhfeidhmeoidh na hinstitiúidí íocaíochta sin de bhun an chirt bunaíochta, ba cheart d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh nó na mBallstát óstach a bheith in ann a cheangal go núsáidfí an fhaisnéis sin freisin chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh Rialachán XXX [PSR]. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin freisin i gcás nach bhfuil aon bhunaíocht sa Bhallstát óstach nó sna Ballstáit óstacha, agus ina bhfuil an institiúid íocaíochta ag soláthar seirbhísí sa Bhallstát óstach nó sna Ballstáit óstacha ar bhonn an tsaorsholáthair seirbhísí. Chun an mhaoirseacht a dhéanann údaráis inniúla ar líonraí gníomhairí, dáileoirí nó brainsí a éascú, is iomchuí go mbeidh na Ballstáit ina noibríonn gníomhairí, dáileoirí nó brainsí in ann a cheangal ar an máthairinstitiúid íocaíochta pointe teagmhála lárnach a cheapadh ar a gcríoch. Ba cheart do ÚBE caighdeáin rialála a fhorbairt ina leagtar amach na critéir lena chinneadh cén uair is iomchuí pointe teagmhála lárnach a cheapadh agus cé na feidhmeanna ba cheart a bheith aige. Agus é sin á dhéanamh aige, ba cheart do ÚBE an taithí a fuarthas agus Rialacháin Tharmligthe (AE) 2021/1722 44 agus 2020/1423 45 ón gCoimisiún á gcur i bhfeidhm a chur san áireamh. An ceanglas maidir le pointe teagmhála lárnach a cheapadh, ba cheart é a bheith comhréireach leis an aidhm a bhaint amach i dtaobh cumarsáid agus tuairisciú faisnéise leordhóthanach i leith chomhlíonadh na bhforálacha ábhartha i Rialachán XXX [PSR] sa Bhallstát óstach.

(58)I gcásanna éigeandála, ina bhfuil gá le gníomh láithreach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt thromchúiseach ar leasanna comhchoiteanna úsáideoirí seirbhísí íocaíochta sa Bhallstát óstach, lena náirítear calaois ar mhórscála, ba cheart d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a bheith in ann bearta réamhchúraim a dhéanamh i gcomhthráth leis an gcomhar trasteorann idir údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus an Bhallstáit baile go dtí go ndéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile bearta. Ba cheart na bearta sin a bheith iomchuí, comhréireach leis an aidhm, neamh-idirdhealaitheach agus de chineál sealadach. Ba cheart údar cuí a bheith le haon bheart. Ba cheart údaráis inniúla Bhallstát baile na hinstitiúide íocaíochta ábhartha agus údaráis eile lena mbaineann, lena náirítear an Coimisiún agus ÚBE, a chur ar an eolas roimh ré nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh i bhfianaise na staide éigeandála, gan moill mhíchuí.

(59)Tá sé tábhachtach a áirithiú go dtabharfar gach eintiteas a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta faoi réir raon feidhme íoscheanglas áirithe dlí agus rialála. Dá bhrí sin, is inmhianaithe a cheangal go gclárófaí céannacht gach duine a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta mar aon leis an áit a bhfuil siad, lena náirítear eintitis nach bhfuil in ann raon iomlán na gcoinníollacha a chomhlíonadh maidir le húdarú mar institiúidí íocaíochta, lena náirítear roinnt institiúidí íocaíochta beaga. Tá cur chuige den sórt sin i gcomhréir leis an réasúnaíocht is bonn le Moladh 14 ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais, lena ndéantar foráil maidir le sásra trína bhféadfar, i gcás soláthraithe seirbhísí íocaíochta nach bhfuil in ann na coinníollacha go léir a leagtar síos sa Mholadh sin a chomhlíonadh, iad a láimhseáil mar institiúidí íocaíochta dá ainneoin sin. Chun na gcríoch sin, fiú sa chás ina mbeidh eintitis díolmhaithe ó na coinníollacha go léir maidir le húdarú nó ó chuid díobh, ba cheart do na Ballstáit iad a iontráil i gclár na ninstitiúidí íocaíochta. Mar sin féin, tá sé fíor-riachtanach go mbeadh an fhéidearthacht i dtaobh díolúine a fháil ó údarú faoi réir diancheanglais a bhaineann le luach na nidirbheart íocaíochta. I gcás eintitis a thairbhíonn de dhíolúine ó údarú, níor cheart dóibh tairbhiú den cheart bunaíochta ná den tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus níor cheart dóibh na cearta sin a fheidhmiú go hindíreach agus iad ina rannpháirtí i gcóras íocaíochta.

(60)Chun trédhearcacht a áirithiú maidir le díolúintí a d’fhéadfadh a bheith ann d’institiúidí íocaíochta beaga, is iomchuí a cheangal ar na Ballstáit cinntí den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún.

(61)I bhfianaise chineál sonrach na gníomhaíochta a dhéantar agus na rioscaí a bhaineann le seirbhísí faisnéise cuntas a sholáthar, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le córas sonrach stuamachta le haghaidh soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntas, gan gá le córas údaraithe lánfheidhme ach a mbeidh ceanglas clárúcháin níos éadroime ag gabháil leis, mar aon le doiciméid agus faisnéis chun cabhrú leis an údarás inniúil maoirseacht a dhéanamh. Ba cheart cead a bheith ag soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntas seirbhísí a sholáthar ar bhonn trasteorann, agus iad ag tairbhiú de na rialacha maidir le ‘nós imeachta an phas’.

(62)Chun rochtain ar airgead tirim a fheabhsú a thuilleadh, ar tosaíocht de chuid an Choimisiúin é, ba cheart cead a bheith ag miondíoltóirí seirbhísí soláthair airgid a thairiscint i siopaí fisiciúla fiú mura gceannaíonn custaiméir aon rud iontu, gan a bheith orthu údarú a fháil ó sholáthraí seirbhísí íocaíochta, ná clárú, ná a bheith ina ngníomhaire d’institiúid íocaíochta. Mar sin féin, ba cheart na seirbhísí soláthair airgid sin a bheith faoi réir na hoibleagáide táillí a ghearrtar ar an gcustaiméir a nochtadh, más ann dóibh. Ba cheart do mhiondíoltóirí na seirbhísí sin a sholáthar ar bhonn deonach agus ba cheart iad a bheith ag brath ar infhaighteacht airgid thirim ag an miondíoltóir. Chun iomaíocht éagórach a chosc idir soláthraithe UMBanna nach ndéanann cuntais íocaíochta a riar agus miondíoltóirí a thairgeann aistarraingtí airgid thirim gan ceannach, agus chun a áirithiú nach ritheann siopaí as airgead tirim go tapa, is iomchuí uasteorainn EUR 50 a fhorchur in aghaidh an idirbhirt.

(63)Eisiadh go coinníollach ó raon feidhme Threoracha 2007/64/CE agus 2015/2366/AE seirbhísí íocaíochta a thairgeann soláthraithe áirithe uathmheaisíní bainc (UMBanna). Mar gheall ar an eisiamh sin, spreagadh an borradh faoi sheirbhísí UMB i roinnt mhaith Ballstát, go háirithe i limistéir inar lú an daonra, rud a fhorlíonann UMBanna na mbanc. Mar sin féin, is deacair an teisiamh sin a chur i bhfeidhm mar gheall ar a dhébhríocht maidir leis na heintitis a chumhdaítear leis. Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, is iomchuí a shoiléiriú gur soláthraithe UMBanna nach ndéanann cuntais íocaíochta a riar a bhí sna soláthraithe UMBanna a eisiadh roimhe seo. Agus na rioscaí teoranta a bhaineann le gníomhaíocht soláthraithe UMBanna den sórt sin á gcur san áireamh, is iomchuí, in ionad iad a eisiamh go hiomlán ón raon feidhme, iad a chur faoi réir córas sonrach stuamachta atá oiriúnaithe do na rioscaí sin, nach néilítear ach córas clárúcháin ina leith.

(64)Soláthraithe seirbhísí a bhíonn ag iarraidh tairbhiú d’eisiamh ó raon feidhme Threoir (AE) 2015/2366, ba mhinic nach ndeachaigh siad i gcomhairle lena núdaráis maidir le cé acu atá nó nach bhfuil a ngníomhaíochtaí cumhdaithe leis an Treoir sin, nó eisiata uaithi, ach gur ar a gcuid measúnuithe féin a bhí siad ag brath. D’fhág sé sin gur cuireadh eisiaimh áirithe i bhfeidhm ar bhealaí difriúla ar fud na mBallstát. Is cosúil freisin go bhféadfadh sé gur bhain soláthraithe seirbhísí íocaíochta úsáid as roinnt eisiamh chun samhlacha gnó a athcheapadh ionas go mbeadh na gníomhaíochtaí íocaíochta a chuirtear ar fáil lasmuigh de raon feidhme na Treorach sin. D’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh air sin gur mó na rioscaí a bheidh i gceist d’úsáideoirí seirbhísí íocaíochta agus go mbeidh dálaí difriúla i gceist do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach. Ba cheart, dá bhrí sin, é a bheith ina oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí fógra faoi ghníomhaíochtaí ábhartha a thabhairt d’údaráis inniúla ionas gur féidir leis na húdaráis inniúla a mheas ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach sna forálacha ábhartha agus chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha a léirmhíniú go haonchineálach ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Go háirithe, i gcás na neisiamh go léir atá bunaithe ar thairseach a urramú, ba cheart nós imeachta a sholáthar maidir le fógra a thabhairt chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais shonracha. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach ceanglas a chur ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta féideartha fógra a thabhairt d’údaráis inniúla faoi na gníomhaíochtaí a sholáthraíonn siad faoi chuimsiú líonra teoranta ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i Rialachán XXX [PSR] i gcás ina sáraíonn luach na nidirbheart íocaíochta tairseach áirithe. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas an féidir na gníomhaíochtaí ar tugadh fógra ina leith amhlaidh a mheas mar ghníomhaíochtaí a sholáthraítear faoi chuimsiú líonra teoranta, chun a fháil amach ar cheart iad a eisiamh ón raon feidhme fós.

(65)Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith aon cheann de na méideanna a thabhairt cothrom le dáta chun boilsciú a chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún, agus gníomhartha tarmligthe á nullmhú agus á dtarraingt suas aige, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(66)Chun a áirithiú go gcuirfear na ceanglais ábhartha i bhfeidhm go comhsheasmhach, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann brath ar shaineolas agus tacaíocht ÚBE, ar cheart é a bheith de chúram air treoirlínte agus dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ullmhú. Ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh. Tá na cúraimí sonracha sin i gcomhréir go hiomlán le ról agus freagrachtaí ÚBE mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 .

(67)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit an margadh inmheánach i seirbhísí íocaíochta a chomhtháthú a thuilleadh go leordhóthanach ar a gconlán féin toisc go néilítear ina leith sin comhchuibhiú a dhéanamh ar rialacha éagsúla arb ann dóibh cheana i gcórais dlí na mBallstát éagsúil, rud is fearr is féidir a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(68)Ní áirítear sa Treoir seo ceanglais cheadúnúcháin le haghaidh córais íocaíochta, scéimeanna íocaíochta nó socruithe íocaíochta, agus aird á tabhairt ar an ngá le haon dúbláil le creat formhaoirseachta an Eurochórais thar chórais íocaíochta miondíola a sheachaint, lena náirítear thar Chórais Íocaíochta a bhfuil Tábhacht Shistéamach leo agus córais eile, mar aon le Creat nua ‘PISA’ de chuid an Eurochórais, agus formhaoirseacht ag bainc cheannais náisiúnta. Ní chumhdaítear leis an Treoir seo ach oiread, ina raon feidhme, soláthar seirbhísí teicniúla, lena náirítear tiachóga digiteacha a phróiseáil nó a oibriú. Mar sin féin, i bhfianaise luas na nuálaíochta in earnáil na níocaíochtaí agus na rioscaí nua a d’fhéadfadh teacht chun cinn, is gá don Choimisiún, san athbhreithniú a dhéanfaidh sé amach anseo ar an Treoir seo, aird ar leith a thabhairt ar na forbairtí sin agus a mheas ar cheart raon feidhme na Treorach a leathnú chun seirbhísí agus eintitis nua a chumhdach.

(69)Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, is iomchuí socruithe idirthréimhseacha a dhéanamh i leith gnóthas a bhfuil tús curtha acu, roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo, le gníomhaíochtaí institiúidí íocaíochta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena ndéantar Treoir (AE) 2015/2366 a thrasuí, socruithe lena gceadófar dóibh leanúint ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí sin laistigh den Bhallstát lena mbaineann ar feadh tréimhse shonraithe.

(70)Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart socruithe idirthréimhseacha a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh institiúidí ríomh-airgid, a bhfuil tús curtha acu lena ngníomhaíochtaí i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2009/110/CE, in ann leanúint ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí sin laistigh den Bhallstát lena mbaineann ar feadh tréimhse shonraithe. Ba cheart an tréimhse sin a bheith níos faide i gcás institiúidí ríomh-airgid a thairbhigh den tarscaoileadh dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Threoir 2009/110/CE.

(71)Ní áirítear institiúidí íocaíochta ar liosta na neintiteas a thagann faoin sainmhíniú ar ‘institiúidí’ in Airteagal 2, pointe (b), de Threoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 . Dá bhrí sin, cuirtear cosc éifeachtach ar institiúidí íocaíochta páirt a ghlacadh i gcórais íocaíochta arna nainmniú ag na Ballstáit de bhun na Treorach sin. Maidir leis an easpa rochtana sin ar phríomhchórais íocaíochta áirithe, is féidir é sin a bheith ina bhac ar institiúidí íocaíochta raon iomlán seirbhísí íocaíochta a sholáthar dá gcliaint go héifeachtach agus go hiomaíoch. Dá bhrí sin, tá údar cuí le hinstitiúidí íocaíochta a áireamh faoin sainmhíniú ar ‘institiúidí’ sa Treoir sin, ach chun críche córas íocaíochta amháin, agus ní le haghaidh córais socraíochta urrús. Ba cheart d’institiúidí íocaíochta na ceanglais a chomhlíonadh agus rialacha na gcóras íocaíochta a urramú ionas go mbeidh cead acu páirt a ghlacadh sna córais sin. Le Rialachán XXX [PSR], leagtar síos ceanglais ar oibreoirí córas íocaíochta maidir le hiarratasóirí nua ar rannpháirtíocht a ligean isteach, lena náirítear a mhéid a bhaineann le measúnú ar na rioscaí ábhartha. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé cothrom iomaíochta idir bainc agus ‘neamhbhainc’ a athbhunú a luaithe is féidir agus i bhfianaise an tionchair atá ag an staid reatha ar iomaíocht sna margaí íocaíochta, is gá sprioc-am níos giorra a thabhairt do na Ballstáit maidir le trasuí agus cur i bhfeidhm na forála nua sin i dTreoir 98/26/CE ná an sprioc-am i gcás fhorálacha eile na Treorach seo. Is iomchuí, dá bhrí sin, a cheangal ar na Ballstáit an fhoráil nua sin a thrasuí ina ndlí náisiúnta laistigh de 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, seachas na 18 mí a bhaineann le forálacha eile na Treorach seo.

(72)An tsonraíocht go bhféadfaidh rannpháirtithe gníomhú mar chontrapháirtí lárnach, mar ghníomhaire socraíochta nó mar theach imréitigh nó go bhféadfaidh siad cuid de na cúraimí sin nó iad go léir a dhéanamh, ba cheart í a chur isteach i dTreoir 98/26/CE an athuair chun tuiscint chomhchosúil a áirithiú sna Ballstáit. Ba cheart a chur isteach arís freisin, i gcás ina bhfuil údar leis mar gheall ar riosca sistéamach, gur cheart cead a bheith ag na Ballstáit rannpháirtí indíreach a mheas mar rannpháirtí sa chóras agus forálacha Threoir 98/26/CE a chur i bhfeidhm maidir leis an rannpháirtí indíreach sin. Mar sin féin, chun a áirithiú nach gcuirfidh sé sin teorainn le freagracht an rannpháirtí trína gcuireann an rannpháirtí indíreach orduithe aistrithe tríd an gcóras, ba cheart é sin a shoiléiriú sa Treoir sin chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú.

(73)Ba cheart tomhaltóirí a bheith i dteideal a gcearta a fhorfheidhmiú i ndáil leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar úsáideoirí sonraí nó ar shealbhóirí sonraí faoi Rialachán (AE) 20../.... [FIDA] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 trí bhíthin caingne ionadaíocha i gcomhréir le Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 . Chun na críche sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Treoir seo go mbeidh feidhm ag Treoir (AE) 2020/1828 maidir leis na caingne ionadaíocha a thugtar in aghaidh sáruithe a dhéanann úsáideoirí sonraí nó sealbhóirí sonraí ar fhorálacha Rialachán (AE) 20../.... [FIDA] a dhéanann díobháil do leasanna comhchoiteanna tomhaltóirí, nó a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dóibh. Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin a leasú dá réir sin. Is faoi na Ballstáit atá sé a áirithiú go léireofar an leasú sin ina mbearta trasuite a ghlacfar i gcomhréir le Treoir (AE) 2020/1828.

(74)I gcomhréir le prionsabail na rialála níos fearr, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir seo ar mhaithe lena héifeachtacht agus lena héifeachtúlacht i dtaca lena cuspóirí a bhaint amach, mar a leagtar amach sa mheasúnú tionchair a ghabhann léi. Ba cheart an tathbhreithniú a dhéanamh tamall leordhóthanach tar éis an teacht i bhfeidhm, chun an tathbhreithniú a bhunú ar fhianaise iomchuí. Meastar gur tréimhse iomchuí é 5 bliana. Cé gur cheart an Treoir iomlán a bhreithniú leis an athbhreithniú, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ábhair áirithe, is é sin, an raon feidhme agus coimirciú cistí institiúidí íocaíochta a bhféadfadh na rialacha a mhol an Coimisiún an 18 Aibreán 2023 50 difear a dhéanamh dóibh, ar rialacha iad lena leasófaí Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí tráth a ghlacfaí iad. Maidir le raon feidhme na Treorach seo, áfach, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh níos luaithe, 3 bliana tar éis a teacht i bhfeidhm, i bhfianaise na tábhachta a bhaineann leis an ábhar seo i Rialachán (AE) 2022/2554. Leis an athbhreithniú sin ar an raon feidhme, ba cheart breithniú a dhéanamh ar an leathnú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar liosta na seirbhísí íocaíochta a chumhdaítear chun seirbhísí amhail na seirbhísí a dhéanann córais íocaíochta agus scéimeanna íocaíochta a áireamh, agus ba cheart breithniú a dhéanamh freisin ar an bhféidearthacht roinnt seirbhísí teicniúla atá eisiata faoi láthair a chuimsiú faoin raon feidhme.

(75)I bhfianaise an líon athruithe is gá a dhéanamh ar Threoir (AE) 2015/2366 agus ar Threoir 2009/110/CE, is iomchuí an dá Threoir a aisghairm agus an Treoir seo a chur ina nionad.

(76)Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs na Treorach seo a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725. Dá bhrí sin, is iad na húdaráis mhaoirseachta faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725 atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar phróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs na Treorach seo. Agus an Treoir seo á trasuí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go náireofar sa reachtaíocht náisiúnta coimircí iomchuí cosanta sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta.

(77)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an [XX XX 2023],

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.Leis an Treoir seo, leagtar rialacha síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)rochtain ag institiúidí íocaíochta ar an ngníomhaíocht a bhaineann le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar, laistigh den Aontas;

(b)cumhachtaí maoirseachta agus uirlisí chun maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí íocaíochta.

2.Féadfaidh na Ballstáit na hinstitiúidí dá dtagraítear in Airteagal 2 (5), pointí (4) go (23), de Threoir 2013/36/AE a dhíolmhú ó fhorálacha uile na Treorach seo nó ó chuid díobh a chur i bhfeidhm.

3.Mura sonraítear a mhalairt, tuigfear sa Treoir seo gur seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid atá i gceist le haon tagairt do sheirbhísí íocaíochta.

4.Mura sonraítear a mhalairt, tuigfear sa Treoir seo gur soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí ríomh-airgid atá i gceist le haon tagairt do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘Ballstát baile’ ceachtar de na nithe seo a leanas:

(a)an Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta; nó

(b)mura bhfuil aon oifig chláraithe ag an soláthraí seirbhísí íocaíochta, faoina dhlí náisiúnta, an Ballstát ina bhfuil ceannoifig an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta;

(2)ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ an Ballstát, seachas an Ballstát baile, ina bhfuil gníomhaire, dáileoir nó brainse ag soláthraí seirbhísí íocaíochta nó ina soláthraíonn sé seirbhísí íocaíochta;

(3)ciallaíonn ‘seirbhís íocaíochta’ aon ghníomhaíocht ghnó a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(4)ciallaíonn ‘institiúid íocaíochta’ duine dlítheanach ar deonaíodh údarú dó i gcomhréir le hAirteagal 13 chun seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar ar fud an Aontais;

(5)ciallaíonn ‘idirbheart íocaíochta’ gníomh lena gcuirtear, lena naistrítear nó lena naistarraingítear cistí, bunaithe ar ordú íocaíochta arna chur ag an íocóir, nó thar a cheann, nó ag an íocaí, nó thar a cheann, gan beann ar aon oibleagáid fholuiteach idir an tíocóir agus an tíocaí;

(6)ciallaíonn ‘forghníomhú idirbhirt íocaíochta’ an próiseas a thosaíonn nuair a thionscnaítear idirbheart íocaíochta agus a chríochnaíonn a luaithe a bhíonn na cistí a cuireadh, a aistarraingíodh, nó a aistríodh, ar fáil don íocaí;

(7)ciallaíonn ‘córas íocaíochta’ córas aistrithe cistí ag a bhfuil socruithe foirmiúla agus caighdeánaithe agus rialacha coiteanna le haghaidh próiseáil, imréiteach nó socrú idirbheart íocaíochta;

(8)ciallaíonn ‘oibreoir córais íocaíochta’ an teintiteas dlítheanach atá freagrach go dlíthiúil as córas íocaíochta a oibriú;

(9)ciallaíonn ‘íocóir’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a chuireann ordú íocaíochta ón gcuntas íocaíochta sin, nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta ann, duine nádúrtha nó duine dlítheanach a chuireann ordú íocaíochta;

(10)ciallaíonn ‘íocaí’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá ceaptha mar fhaighteoir cistí is ábhar d’idirbheart íocaíochta;

(11)ciallaíonn ‘úsáideoir seirbhísí íocaíochta’ duine nádúrtha nó dlítheanach a bhaineann úsáid as seirbhís íocaíochta nó as seirbhís ríomh-airgid i gcáil íocóra nó íocaí, nó sa dá cháil sin;

(12)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí íocaíochta’ comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán XXX [PSR] nó duine nádúrtha nó dlítheanach a thairbhíonn de dhíolúine de bhun Airteagail 34, 36 agus 38 den Treoir seo;

(13)ciallaíonn ‘cuntas íocaíochta’ cuntas a shealbhaíonn soláthraí seirbhísí íocaíochta in ainm úsáideora seirbhísí íocaíochta amháin nó níos mó, a úsáidtear chun idirbheart íocaíochta amháin nó níos mó a fhorghníomhú agus lenar féidir cistí a sheoladh agus a fháil chuig tríú páirtithe agus ó thríú páirtithe;

(14)ciallaíonn ‘ordú íocaíochta’ treoir ó íocóir nó íocaí dá sholáthraí seirbhísí íocaíochta ag iarraidh go ndéanfaí idirbheart íocaíochta a fhorghníomhú;

(15)ciallaíonn ‘ionstraim íocaíochta’ gaireas nó gairis indibhidiúlaithe agus/nó tacar de nósanna imeachta atá comhaontaithe ag an úsáideoir seirbhísí íocaíochta agus an soláthraí seirbhísí íocaíochta agus lena gcumasaítear idirbheart íocaíochta a thionscnamh;

(16)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas’ soláthraí seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn cuntas íocaíochta agus a choinníonn cuntas íocaíochta ar bun d’íocóir;

(17)ciallaíonn ‘seirbhís tionscanta íocaíochta’ seirbhís chun ordú íocaíochta a chur arna iarraidh sin don íocóir nó don íocaí i leith cuntas íocaíochta atá i seilbh soláthraí seirbhísí íocaíochta eile;

(18)ciallaíonn ‘seirbhís faisnéise cuntas’ seirbhís ar líne lena ndéantar faisnéis a bhailiú, go díreach nó trí sholáthraí seirbhísí teicniúla, agus a chomhdhlúthú, ar faisnéis í a shealbhaítear maidir le cuntas íocaíochta amháin nó níos mó de chuid úsáideoir seirbhísí íocaíochta le soláthraí seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas amháin nó níos mó;

(19)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí tionscanta íocaíochta’ soláthraí seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí tionscanta íocaíochta;

(20)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí faisnéise cuntas’ soláthraí seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí faisnéise cuntas;

(21)ciallaíonn ‘tomhaltóir’ duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha seachas trádáil, gnó ná gairm an duine sin, i gconarthaí seirbhísí íocaíochta a chumhdaítear leis an Treoir seo;

(22)ciallaíonn ‘seoltán airgid’ seirbhís íocaíochta trína bhfaightear cistí ó íocóir, gan aon chuntas íocaíochta a chruthú in ainm an íocóra ná an íocaí, chun méid comhfhreagrach a aistriú chuig íocaí nó chuig soláthraí seirbhísí íocaíochta eile atá ag gníomhú thar ceann an íocaí, agus chun na críche sin amháin, nó seirbhís íocaíochta trína bhfaightear na cistí sin thar ceann an íocaí agus trína gcuirtear ar fáil don íocaí iad;

(23)ciallaíonn ‘cistí’ airgead bainc ceannais a eisítear le haghaidh úsáid mhiondíola, airgead taisce agus ríomh-airgead;

(24)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí teicniúla’ soláthraí seirbhísí a bhfuil gá leo, cé nach seirbhísí íocaíochta iad, chun tacú le soláthar seirbhísí íocaíochta, gan an soláthraí seirbhísí teicniúla seilbh a ghabháil ar na cistí atá le haistriú tráth ar bith;

(25)ciallaíonn ‘sonraí íocaíochta íogaire’ sonraí is féidir a úsáid chun calaois a dhéanamh, lena náirítear faisnéis aitheantais slándála phearsantaithe;

(26)ciallaíonn ‘lá gnó’, i ndáil le soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra nó an íocaí a bhfuil baint aige le forghníomhú idirbhirt íocaíochta, lá ar a bhfuil sé ar oscailt le haghaidh gnó mar is gá chun idirbheart íocaíochta a fhorghníomhú;

(27)ciallaíonn ‘seirbhísí faisnéise agus teicneolaíochta (TFC)’ seirbhísí TFC mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 21, de Rialachán (AE) 2022/2554;

(28)ciallaíonn ‘gníomhaire’ duine nádúrtha nó dlítheanach a ghníomhaíonn thar ceann institiúid íocaíochta maidir le seirbhísí íocaíochta a sholáthar;

(29)ciallaíonn ‘brainse’ áit ghnó seachas an cheannoifig atá ina cuid d’institiúid íocaíochta, nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach aici agus a dhéanann, ar bhonn díreach, na hidirbhearta uile ar cuid dhílis iad de ghnó institiúide íocaíochta nó cuid de na hidirbhearta sin; measfar gur brainse amháin iad na háiteanna gnó go léir arna mbunú sa Bhallstát céanna ag institiúid íocaíochta a bhfuil ceannoifig aici i mBallstát eile;

(30)ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa gnóthas atá nasctha le chéile trí ghaol dá dtagraítear in Airteagal 22(1), pointí (2) nó (7), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 51 , nó gnóthais dá dtagraítear in Airteagail 4, 5, 6 agus 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 ón gCoimisiún 52 , atá nasctha le chéile trí ghaol dá dtagraítear in Airteagal 10(1) nó in Airteagal 113(6), an chéad fhomhír, nó in Airteagal 113(7), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(31)ciallaíonn ‘idirbhearta íocaíochta a fháil’ seirbhís íocaíochta arna soláthar ag soláthraí seirbhísí íocaíochta a bhfuil conradh aige le híocaí chun glacadh le hidirbhearta íocaíochta agus chun na hidirbhearta sin a phróiseáil, a bhfuil de thoradh air cistí a aistriú chuig an íocaí;

(32)ciallaíonn ‘ionstraimí íocaíochta a eisiúint’ seirbhís íocaíochta ó sholáthraí seirbhísí íocaíochta a bhfuil conradh aige i ndáil le hionstraim íocaíochta a sholáthar d’íocóir chun idirbhearta íocaíochta an íocóra a thionscnamh agus a phróiseáil;

(33)ciallaíonn ‘cistí dílse’ cistí mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1), pointe 118, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcás ina bhfuil 75 % ar a laghad de chaipiteal Leibhéal 1 i bhfoirm chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 50 den Rialachán sin agus ina bhfuil caipiteal Leibhéal 2 cothrom le haon trian de chaipiteal Leibhéal 1 nó níos lú ná sin;

(34)ciallaíonn ‘ríomh-airgead’ luach airgid a stóráiltear go leictreonach, lena náirítear go maighnéadach, mar a léirítear le héileamh ar an eisitheoir a eisítear nuair a fhaightear cistí chun idirbhearta íocaíochta a dhéanamh agus a nglacann daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile seachas an teisitheoir leis;

(35)ciallaíonn ‘meánmhéid ríomh-airgid gan íoc’ meánmhéid iomlán na ndliteanas airgeadais a bhaineann le ríomh-airgead atá eisithe ag deireadh gach lae féilire le linn na 6 mhí féilire roimhe sin, arna ríomh ar an gcéad lá féilire de gach mí féilire agus arna chur i bhfeidhm don mhí féilire sin;

(36)ciallaíonn ‘dáileoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a dháileann nó a fhuasclaíonn ríomh-airgead thar ceann institiúid íocaíochta;

(37)ciallaíonn ‘seirbhísí ríomh-airgid’ ríomh-airgead a eisiúint, cuntais íocaíochta ina stóráiltear aonaid ríomh-airgid a choinneáil ar bun, agus aonaid ríomh-airgid a aistriú;

(38)ciallaíonn ‘soláthraí UMBanna’ oibreoirí uathmheaisíní bainc nach ndéanann cuntais íocaíochta a riar.

(39)ciallaíonn ‘institiúid íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí ríomh-airgid’ institiúid íocaíochta a sholáthraíonn na seirbhísí a bhaineann le ríomh-airgead a eisiúint, cuntais íocaíochta ina stóráiltear aonaid ríomh-airgid a choinneáil ar bun, agus aonaid ríomh-airgid a aistriú, gan beann ar cé acu a sholáthraíonn sé nó nach soláthraíonn sé aon cheann de na seirbhísí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.

TEIDEAL II

INSTITIÚIDÍ ÍOCAÍOCHTA

CAIBIDIL I

Ceadúnú agus maoirseacht

R o i n n 1

R i a l a c h a G i n e a r á l t a

Airteagal 3

Iarratais ar údarú

1.Ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais seachas na gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a), (b), (d), agus (e), de Rialachán XXX [PSR], agus seachas daoine nádúrtha nó dlítheanacha a thairbhíonn de dhíolúine de bhun Airteagail 34, 36, 37 agus 38 den Treoir seo, a bhfuil sé beartaithe acu aon cheann de na seirbhísí íocaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, nó seirbhísí ríomh-airgid, a sholáthar, údarú a fháil ó údaráis inniúla an Bhallstáit baile chun na seirbhísí sin a sholáthar.

2.Ní cheanglófar an túdarú dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin le haghaidh na seirbhísí íocaíochta sin a bhfuil sé beartaithe ag na hinstitiúidí íocaíochta is iarratasóir iad a sholáthar go hiarbhír.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gnóthais a dhéanann iarratas ar údarú dá dtagraítear i mír 1 iarratas ar údarú a sholáthar d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile, maille leis an méid seo a leanas:

(a)clár oibríochtaí ina leagtar amach go háirithe an cineál seirbhísí íocaíochta atá beartaithe;

(b)plean gnó lena náirítear réamh-mheastachán ar an mbuiséad do na chéad 3 bliana airgeadais lena léirítear go bhfuil an tiarratasóir in ann leas a bhaint as na córais, na hacmhainní agus na nósanna imeachta is iomchuí agus is comhréireach chun feidhmiú go fónta;

(c)fianaise go bhfuil caipiteal tosaigh ag an iarratasóir dá bhforáiltear in Airteagal 5;

(d)i gcás na ngnóthas a dhéanann iarratas ar sheirbhísí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointí (1) go (5), agus seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar, tuairisc ar na bearta arna ndéanamh chun cistí úsáideoirí seirbhísí íocaíochta a choimirciú i gcomhréir le hAirteagal 9;

(e)tuairisc ar shocruithe rialachais agus ar shásraí rialaithe inmheánaigh an iarratasóra, lena náirítear nósanna imeachta riaracháin, bainistithe riosca agus cuntasaíochta, agus tuairisc ar shocruithe an iarratasóra maidir le húsáid seirbhísí TFC dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 de Rialachán (AE) 2022/2554 lena léirítear go bhfuil na socruithe rialachais, na sásraí rialaithe inmheánaigh agus na socruithe sin maidir le húsáid seirbhísí TFC comhréireach, iomchuí, fónta agus leordhóthanach;

(f)tuairisc ar an nós imeachta atá i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar theagmhas slándála agus gearáin ó chustaiméirí a bhaineann le cúrsaí slándála, agus chun iad a láimhseáil agus obair leantach a dhéanamh ina leith, lena náirítear sásra tuairiscithe teagmhais lena gcuirtear san áireamh na hoibleagáidí atá ar an institiúid íocaíochta maidir le fógra a thabhairt, a leagtar síos i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2022/2554;

(g)tuairisc ar an bpróiseas atá i bhfeidhm chun rochtain ar shonraí íocaíochta íogaire a chomhdú, a fhaire, a rianú agus a shrianadh;

(h)tuairisc ar shocruithe leanúnachais gnó lena náirítear sainaithint shoiléir na noibríochtaí criticiúla, tuairisc ar phleananna leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus téarnaimh TFC, agus tuairisc ar an nós imeachta chun tástáil agus athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht na bpleananna leanúnachais gnó TFC agus na bpleananna freagartha agus téarnaimh TFC sin, mar a cheanglaítear le hAirteagal 11(6) de Rialachán (AE) 2022/2554;

(i)tuairisc ar na prionsabail agus na sainmhínithe a chuirtear i bhfeidhm maidir le sonraí staidrimh a bhailiú i ndáil le feidhmíocht, idirbhearta agus calaois;

(j)doiciméad beartais slándála, ina bhfuil an méid seo a leanas:

(i) measúnú riosca mionsonraithe i ndáil le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid an iarratasóra;

(ii) tuairisc ar bhearta rialaithe slándála agus maolúcháin chun cosaint leordhóthanach a thabhairt d’úsáideoirí seirbhísí íocaíochta ar na rioscaí a shainaithnítear, lena náirítear calaois agus úsáid neamhdhleathach sonraí íogaire agus pearsanta;

(iii) i gcás institiúidí is iarratasóir ar mian leo socruithe comhroinnte faisnéise a dhéanamh le soláthraithe seirbhísí íocaíochta eile chun sonraí a bhaineann le calaois íocaíochta a mhalartú dá dtagraítear in Airteagal 83(5) de Rialachán XXX [PSR], conclúidí an mheasúnaithe tionchair ar chosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 83(5) de Rialachán XXX [PSR] agus de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 agus, i gcás inarb infheidhme, toradh an réamhchomhairliúcháin leis an údarás maoirseachta inniúil de bhun Airteagal 36 den Rialachán sin;

(k)i gcás institiúidí is iarratasóir atá faoi réir na noibleagáidí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta faoi Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 agus faoi Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 54 , tuairisc ar na sásraí rialaithe inmheánaigh a bhunaigh an tiarratasóir chun an Treoir agus an Rialachán sin a chomhlíonadh;

(l)tuairisc ar eagrú struchtúrach an iarratasóra, lena náirítear, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an méid seo a leanas:

(i) an úsáid atá beartaithe a bhaint as gníomhairí, dáileoirí nó brainsí;

(ii) na seiceálacha lasmuigh den láthair agus na seiceálacha ar an láthair a gheallann an tiarratasóir a dhéanamh ar na gníomhairí, dáileoirí nó brainsí sin ar bhonn bliantúil ar a laghad;

(iii) tuairisc ar shocruithe seachfhoinsithe;

(iv) rannpháirtíocht an iarratasóra i gcóras íocaíochta náisiúnta nó idirnáisiúnta;

(m)céannacht na ndaoine a shealbhaíonn sealúchais cháilitheacha san iarratasóir, go díreach nó go hindíreach, de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, méid a gcuid sealúchas agus fianaise ar a noiriúnacht chun bainistíocht fhónta stuama an iarratasóra a áirithiú;

(n)céannacht na stiúrthóirí agus na ndaoine eile atá freagrach as an institiúid íocaíochta is iarratasóir a bhainistiú agus, i gcás inarb ábhartha:

(i) céannacht na ndaoine atá freagrach as gníomhaíochtaí seirbhísí íocaíochta na hinstitiúide íocaíochta a bhainistiú;

(ii) fianaise go bhfuil dea-cháil ar na daoine atá freagrach as gníomhaíochtaí seirbhísí íocaíochta na hinstitiúide íocaíochta a bhainistiú agus go bhfuil eolas agus taithí iomchuí acu chun seirbhísí íocaíochta a fheidhmiú mar a chinnfidh Ballstát baile an iarratasóra;

(o)i gcás inarb infheidhme, céannacht na niniúchóirí reachtúla agus na ngnólachtaí iniúchóireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí 2 agus 3, de Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 55 ;

(p)stádas dlíthiúil agus airteagail chomhlachais an iarratasóra;

(q)seoladh oifig chláraithe an iarratasóra;

(r)forbhreathnú ar dhlínsí an Aontais ina bhfuil an tiarratasóir ag cur isteach iarratais nó ina bhfuil sé beartaithe aige iarratas a chur isteach ar údarú chun oibriú mar institiúid íocaíochta.

(s)plean foirceanta i gcás teipe, atá in oiriúint do mhéid agus do shamhail ghnó bheartaithe an iarratasóra.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointí (d), (e), (f) agus (l), áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh an t‑iarratasóir tuairisc ar a shocruithe iniúchóireachta agus ar na socruithe eagrúcháin atá curtha ar bun aige chun leasanna a chuid úsáideoirí a chosaint agus chun leanúnachas agus iontaofacht a áirithiú i dtaobh fheidhmiú na seirbhísí íocaíochta nó ríomh-airgid.

Maidir leis na bearta rialaithe slándála agus na bearta maolúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (j), léireofar ina dtaobh conas a áiritheoidh an t‑iarratasóir ardleibhéal athléimneachta digití oibríochtúla mar a cheanglaítear le Caibidil II de Rialachán (AE) 2022/2554, go háirithe i ndáil le slándáil theicniúil agus cosaint sonraí, lena n‑áirítear i gcás na mbogearraí agus na gcóras TFC a úsáideann an t‑iarratasóir nó na gnóthais a ndéanann sé a chuid oibríochtaí a sheachfhoinsiú chucu.

4.Ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais a dhéanfaidh iarratas ar údarú chun seirbhísí íocaíochta a sholáthar dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe (6), mar choinníoll a ghabhann lena núdarú, árachas slánaíochta gairmiúla a bheith acu, lena gcumhdaítear na críocha ar a gcuireann siad seirbhísí ar fáil, nó ráthaíocht inchomparáide éigin eile in aghaidh dliteanais, chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)go mbeidh siad in ann a gcuid dliteanas a chumhdach mar a shonraítear in Airteagail 56, 57, 59, 76, agus 78 de Rialachán XXX [PSR];

(b)go gcumhdóidh siad luach aon bharrachais, tairsí nó asbhaintigh as an gcumhdach árachais nó as an ráthaíocht inchomparáide;

(c)go ndéanfaidh siad faireachán ar chumhdach an árachais nó na ráthaíochta inchomparáide ar bhonn leanúnach.

5.Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)an fhaisnéis atá le soláthar do na húdaráis inniúla san iarratas ar údarú institiúidí íocaíochta, lena náirítear na ceanglais a leagtar síos i mír 3, pointí (a), (b), (c), (e) agus (g) go (k) agus (r);

(b)modheolaíocht choiteann mheasúnaithe chun údarú a dheonú mar institiúid íocaíochta, nó clárú mar sholáthraí seirbhísí faisnéise cuntas nó mar sholáthraí UMBanna, faoin Treoir seo;

(c)cad is ráthaíocht inchomparáide ann, dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, rud ba cheart a bheith inmhalartaithe le hárachas slánaíochta gairmiúla;

(d)na critéir i dtaobh conas a leagan síos cad é íosmhéid airgid an árachais slánaíochta gairmiúla nó na ráthaíochta inchomparáide eile dá dtagraítear i mír 4.

6.Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 5 á bhforbairt ag ÚBE, cuirfidh sé an méid seo a leanas san áireamh:

(a)próifíl riosca an ghnóthais;

(b)an soláthraíonn an gnóthas seirbhísí íocaíochta eile dá dtagraítear in Iarscríbhinn I nó an mbíonn sé ag gabháil do ghnóthaí eile;

(c)méid ghníomhaíocht an ghnóthais;

(d)saintréithe sonracha ráthaíochtaí inchomparáide, dá dtagraítear i mír 4, agus na critéir lena gcur chun feidhme.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin dá dtagraítear i mír 5 faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 4

Rialú na scairsheilbhe

1.Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach in institiúid íocaíochta a fháil nó a mhéadú a thuilleadh, go díreach nó go hindíreach, ar sealúchas cáilitheach é de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (36) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a d’fhágfadh go mbainfeadh céatadán an chaipitil nó na gceart vótála arna sealbhú 20 %, 30 % nó 50 % amach nó go sáródh sé an céatadán sin, nó ionas go dtiocfaidh an institiúid íocaíochta le bheith ina fochuideachta dá chuid, cuirfidh sé údaráis inniúla na hinstitiúide íocaíochta sin ar an eolas i scríbhinn roimh ré faoin intinn sin atá aige. Tá feidhm aige sin freisin maidir le haon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach a dhiúscairt, go díreach nó go hindíreach, nó a shealúchas cáilitheach a laghdú ionas go dtitfeadh céatadán an chaipitil nó na gceart vótála arna sealbhú faoi bhun 20 %, 30 % nó 50 %, nó ionas go scoirfeadh an institiúid íocaíochta de bheith ina fochuideachta dá chuid.

2.Cuirfidh faighteoir beartaithe sealúchais cháilithigh san institiúid íocaíochta an túdarás inniúil ar an eolas faoi mhéid an tsealúchais atá beartaithe agus faoin bhfaisnéis ábhartha is gá dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de Threoir 2013/36/AE.

3.Ceanglóidh na Ballstáit, i gcás inar dócha go mbeidh an tionchar a imreoidh faighteoir beartaithe, dá dtagraítear i mír 1, chun aimhleasa bhainistíocht stuama fhónta na hinstitiúide íocaíochta, go gcuirfidh na húdaráis inniúla in iúl go bhfuil siad ina aghaidh sin nó go ndéanfaidh siad bearta iomchuí eile chun deireadh a chur leis an staid sin. Féadfar a áireamh leis na bearta sin urghairí, pionóis in aghaidh stiúrthóirí nó in aghaidh na ndaoine atá freagrach as bainistiú na hinstitiúide íocaíochta atá i gceist, nó fionraí a dhéanamh ar fheidhmiú na gceart vótála a ghabhann leis na scaireanna arna sealbhú ag na scairshealbhóirí nó ag comhaltaí de chuid na hinstitiúide íocaíochta sin.

Beidh feidhm ag bearta comhchosúla maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha nach gcomhlíonann an oibleagáid i ndáil le réamhfhaisnéis a sholáthar, mar a leagtar síos i mír 2.

4.I gcás ina bhfaightear sealúchas dá dtagraítear i mír 1 d’ainneoin na húdaráis inniúla a bheith ina aghaidh sin, déanfaidh na Ballstáit, gan beann ar aon phionós eile a ghlacfar, foráil maidir le feidhmiú na gceart vótála comhfhreagrach a chur ar fionraí, maidir le neamhniú na vótaí a caitheadh nó maidir leis an bhféidearthacht na vótaí sin a chur ar neamhní.

Airteagal 5

Caipiteal tosaigh

Ceanglóidh na Ballstáit ar institiúidí íocaíochta caipiteal tosaigh a shealbhú, tráth an údaraithe, arb é a bheidh ann ceann amháin nó níos mó de na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 26, pointí (1)(a) go (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:

(a)i gcás nach soláthróidh an institiúid íocaíochta ach an tseirbhís íocaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe (5), ní bheidh a caipiteal níos lú ná EUR 25 000 tráth ar bith;

(b)i gcás ina soláthróidh an institiúid íocaíochta an tseirbhís íocaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe (6), ní bheidh a caipiteal níos lú ná EUR 50 000 tráth ar bith;

(c)i gcás ina soláthróidh an institiúid íocaíochta aon cheann de na seirbhísí íocaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointí (1) go (4), ní bheidh a caipiteal níos lú ná EUR 150 000 tráth ar bith;

(d)i gcás ina soláthróidh an institiúid íocaíochta seirbhísí ríomh-airgid, ní bheidh a caipiteal níos lú ná EUR 400 000 tráth ar bith.

Airteagal 6

Cistí dílse

1.Ceanglóidh na Ballstáit nach dtitfidh cistí dílse na hinstitiúide íocaíochta faoi bhun méid an chaipitil tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 5, nó faoi bhun mhéid na gcistí dílse arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 7 le haghaidh institiúidí íocaíochta nach dtairgeann seirbhísí ríomh-airgid, nó an méid arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 8 le haghaidh institiúidí íocaíochta a thairgeann seirbhísí ríomh-airgid, cibé acu is airde.

2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun ilúsáid eilimintí atá incháilithe le haghaidh cistí dílse a chosc i gcás ina mbainfidh an institiúid íocaíochta leis an ngrúpa céanna le hinstitiúid íocaíochta eile, institiúid creidmheasa, gnólacht infheistíochta, cuideachta bainistíochta sócmhainní nó gnóthas árachais. Beidh feidhm ag an méid sin freisin i gcás ina mbainfidh saintréith hibrideach le hinstitiúid íocaíochta agus ina ndéanfaidh sí gníomhaíochtaí seachas seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar.

3.I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh na Ballstáit nó a núdaráis inniúla roghnú gan Airteagail 7 nó 8 den Treoir seo a chur i bhfeidhm, de réir mar is infheidhme, maidir le hinstitiúidí íocaíochta a áirítear i maoirseacht chomhdhlúite na máthairinstitiúide creidmheasa de bhun Threoir 2013/36/AE.

Airteagal 7

Cistí dílse a ríomh le haghaidh institiúidí íocaíochta nach dtairgeann seirbhísí ríomh-airgid

1.D’ainneoin na gceanglas caipitil tosaigh a leagtar amach in Airteagal 5, ceanglóidh na Ballstáit ar institiúidí íocaíochta, seachas iad siúd nach soláthraíonn ach seirbhísí tionscanta íocaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe (6), nó iad siúd nach soláthraíonn ach seirbhísí faisnéise cuntas dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe (7), nó iad araon, agus ar institiúidí íocaíochta eile a thairgeann seirbhísí ríomh-airgid, cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le mír 2 a shealbhú i gcónaí.

2.Ceanglóidh údaráis inniúla ar institiúidí íocaíochta modh B a chur i bhfeidhm, mar réamhshocrú, mar a leagtar síos i bpointe (b) thíos. Féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh, áfach, i bhfianaise a samhla gnó sonraí, go háirithe i gcás nach ndéanann siad ach líon beag idirbheart ach a bhfuil ardluach aonair acu, go gcuirfidh institiúidí íocaíochta modh A nó modh C i bhfeidhm ina ionad sin. Chun críocha mhodhanna A, B agus C, tuigfear gurb í an bhliain roimhe sin an tréimhse iomlán 12 mhí roimh thráth an ríofa.

(a)Modh A

Beidh cistí dílse na hinstitiúide íocaíochta cothrom le 10 % ar a laghad dá forchostais sheasta i leith na bliana roimhe sin. Féadfaidh na húdaráis inniúla an ceanglas sin a choigeartú i gcás ina dtiocfaidh athrú ábhartha ar ghnó institiúide íocaíochta ón mbliain roimhe sin. I gcás nach bhfuil gnó bliana iomláine curtha i gcrích ag institiúid íocaíochta ar dháta an ríofa, beidh cistí dílse na hinstitiúide íocaíochta cothrom le 10 % ar a laghad de na forchostais sheasta chomhfhreagracha arna réamh-mheas ina plean gnó, seachas i gcás ina gceanglaíonn na húdaráis inniúla go ndéanfar coigeartú ar an bplean sin.

(b)Modh B

Beidh cistí dílse na hinstitiúide íocaíochta ar a laghad cothrom le suim na n‑eilimintí seo a leanas arna n‑iolrú faoin bhfachtóir scálúcháin k dá dtagraítear i mír 3, i gcás inarb ionann méid na n‑íocaíochtaí agus an dóú cuid déag de mhéid iomlán na n‑idirbheart íocaíochta a d’fhorghníomhaigh an institiúid íocaíochta an bhliain roimhe sin:

(i) 4,0 % den sciar de mhéid na n‑íocaíochtaí suas le EUR 5 mhilliún;

móide

(ii) 2,5 % den sciar de mhéid na n‑íocaíochtaí os cionn EUR 5 mhilliún agus suas le EUR 10 milliún;

móide

(iii) 1 % den sciar de mhéid na n‑íocaíochtaí os cionn EUR 10 milliún agus suas le EUR 100 milliún;

móide

(iv) 0,5 % den sciar de mhéid na n‑íocaíochtaí os cionn EUR 100 milliún agus suas le EUR 250 milliún;

móide

(v) 0,25 % den sciar de mhéid na n‑íocaíochtaí os cionn EUR 250 milliún.

(c)Modh C

Beidh cistí dílse na hinstitiúide íocaíochta ar a laghad cothrom leis an táscaire ábhartha dá dtagraítear i bpointe (i), arna iolrú faoin bhfachtóir iolrúcháin dá dtagraítear i bpointe (ii) agus faoin bhfachtóir scálúcháin k dá dtagraítear i mír 3.

(i) Is éard a bheidh sa táscaire ábhartha suim na nithe seo a leanas:

(1)ioncam úis;

(2)costais úis;

(3)coimisiúin agus táillí arna bhfáil; agus

(4)ioncam oibriúcháin eile.

Áireofar gach eilimint sa tsuim lena comhartha deimhneach nó diúltach. Ní úsáidfear ioncam ó ítimí urghnácha ná ítimí neamhrialta agus an táscaire ábhartha á ríomh. Féadfar an caiteachas ar sheachfhoinsiú seirbhísí arna soláthar ag tríú páirtithe a úsáid chun an táscaire ábhartha a laghdú i gcás ina dtabhaítear an caiteachas ó ghnóthas atá faoi réir maoirseachta faoin Treoir seo. Déanfar an táscaire ábhartha a ríomh ar bhonn na breathnóireachta a dhéantar gach 12 mhí ag deireadh na bliana airgeadais roimhe sin. Déanfar an táscaire ábhartha a ríomh thar an mbliain airgeadais roimhe sin.

Ní thitfidh cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le modh C faoi bhun 80 % de mheán na 3 bliana airgeadais roimhe sin i leith an táscaire ábhartha. Mura bhfuil figiúirí iniúchta ar fáil, féadfar meastacháin ghnó a úsáid.

(ii) Is éard a bheidh san fhachtóir iolrúcháin:

(1)10 % den sciar den táscaire ábhartha suas le EUR 2,5 milliún;

(2)8 % den sciar den táscaire ábhartha ó EUR 2,5 milliún suas le EUR 5 mhilliún;

(3)6 % den sciar den táscaire ábhartha ó EUR 5 mhilliún suas le EUR 25 mhilliún;

(4)3 % den sciar den táscaire ábhartha ó EUR 25 mhilliún suas le EUR 50 milliún;

(5)1,5 % os cionn EUR 50 milliún.

3.Is éard a bheidh san fhachtóir scálúcháin k atá le húsáid i modhanna B agus C:

(a)0,5 sa chás nach soláthróidh an institiúid íocaíochta ach an tseirbhís íocaíochta dá dtagraítear i bpointe (5) d’Iarscríbhinn I;

(b)1 sa chás ina soláthróidh an institiúid íocaíochta aon cheann de na seirbhísí íocaíochta dá dtagraítear in aon cheann de phointí (1) go (4) d’Iarscríbhinn I.

4.Ceanglóidh na Ballstáit ar institiúidí íocaíochta, seachas institiúidí íocaíochta nach dtairgeann ach seirbhísí tionscanta íocaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe 6, nó iad siúd nach dtairgeann ach seirbhísí faisnéise cuntais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe 7, nó iad araon, agus seachas institiúidí íocaíochta nach dtairgeann ach seirbhísí ríomh-airgid a bhíonn ag gabháil do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10 freisin, a áirithiú nach measfar na cistí dílse a shealbhaítear do na seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn I, pointí 1 go 5, mar chistí dílse atá á sealbhú chun críche Airteagal 10, mír 4, pointe (d), nó seirbhísí eile nach rialáiltear faoin Treoir seo.

5.Féadfaidh na húdaráis inniúla, bunaithe ar mheastóireacht ar phróisis bainistithe riosca na hinstitiúide íocaíochta, ar a bonn sonraí maidir le caillteanas rioscaí agus ar shásraí rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide íocaíochta, ceangal a chur ar an institiúid íocaíochta méid cistí dílse a shealbhú atá suas le 20 % níos airde ná an méid a thiocfadh as cur i bhfeidhm an mhodha arna roghnú i gcomhréir le mír 2. Féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt don institiúid íocaíochta méid cistí dílse a shealbhú atá suas le 20 % níos ísle ná an méid a thiocfadh as cur i bhfeidhm an mhodha atá le cur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2.

6.Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin rialála i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir leis na critéir chun a chinneadh cé na cásanna ina bhfuil samhail ghnó na hinstitiúide íocaíochta de chineál nach ndéanann siad ach líon beag idirbheart, ach a bhfuil ardluach aonair acu, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 1 bhliain amháin i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 8

Cistí dílse a ríomh le haghaidh institiúidí íocaíochta a thairgeann seirbhísí ríomh-airgid

1.D’ainneoin na gceanglas caipitil tosaigh a leagtar amach in Airteagal 5, ceanglóidh na Ballstáit ar institiúidí íocaíochta a thairgeann seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid araon cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 7 a shealbhú i gcónaí dá ngníomhaíocht seirbhísí íocaíochta.

2.D’ainneoin na gceanglas caipitil tosaigh a leagtar amach in Airteagal 5, ceanglóidh na Ballstáit ar institiúidí íocaíochta nach dtairgeann ach seirbhísí ríomh-airgid cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le Modh D mar a leagtar amach i bpointe (3) thíos a shealbhú i gcónaí.

3.Modh D: 2 % ar a laghad den mheánmhéid ríomh-airgid gan íoc a bheidh sna cistí dílse don ghníomhaíocht a bhaineann le seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar.

4.Ceanglóidh na Ballstáit ar institiúidí íocaíochta a thairgeann seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid araon cistí dílse atá cothrom ar a laghad le suim na gceanglas dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a shealbhú i gcónaí.

5.Ceadóidh na Ballstáit d’institiúidí íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid araon a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I nach bhfuil nasctha leis na seirbhísí ríomh-airgid, nó aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10, míreanna 1 agus 4, a gceanglais cistí dílse a ríomh ar bhonn cuid ionadaíoch a nglactar leis go núsáidfear í le haghaidh na seirbhísí ríomh-airgid, ar choinníoll gur féidir meastachán réasúnta a dhéanamh ar an gcuid ionadaíoch sin ar bhonn sonraí stairiúla agus chun sástacht na núdarás inniúil, i gcás nach eol méid an ríomh-airgid gan íoc roimh ré. I gcás nach bhfuil tréimhse leordhóthanach gnó curtha isteach ag an institiúid íocaíochta, déanfar a ceanglais cistí dílse a ríomh ar bhonn an mhéid réamh-mheasta ríomh-airgid gan íoc arna fhianú lena plean gnó faoi réir aon choigeartú ar an bplean a éileoidh na húdaráis inniúla.

6.Beidh feidhm ag míreanna 4 agus 5 d’Airteagal 7 mutatis mutandis maidir le hinstitiúidí íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí ríomh-airgid.

Airteagal 9

Ceanglais choimirce

1.Ceanglóidh na Ballstáit ar institiúid íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointí (1) go (5), nó seirbhísí ríomh-airgid, na cistí uile a fhaigheann sí ó úsáideoirí seirbhísí íocaíochta nó trí sholáthraí seirbhísí íocaíochta eile chun idirbhearta íocaíochta a dhéanamh, nó i gcás inarb infheidhme, na cistí a fhaightear mar mhalairt ar ríomh-airgead a eisíodh, na cistí sin a choimirciú, ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)ní dhéanfar na cistí sin a mheascadh tráth ar bith le cistí aon duine nádúrtha nó dhlítheanaigh seachas na húsáideoirí seirbhísí íocaíochta a bhfuil na cistí á sealbhú thar a gceann;

(b)cumhdófar na cistí sin le polasaí árachais nó le ráthaíocht inchomparáide éigin eile ó chuideachta árachais nó ó institiúid creidmheasa, nach mbaineann leis an ngrúpa céanna leis an institiúid íocaíochta féin, le haghaidh méid atá coibhéiseach leis an méid a bheadh leithscartha in éagmais an pholasaí árachais nó na ráthaíochta inchomparáide eile, is iníoctha i gcás nach mbeidh an institiúid íocaíochta in ann a cuid oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), i gcás ina bhfuil na cistí fós i seilbh na hinstitiúide íocaíochta agus nach bhfuil siad seachadta aici fós don íocaí ná aistrithe aici chuig soláthraí seirbhísí íocaíochta eile faoi dheireadh an lae gnó tar éis an lae ar a bhfuarthas na cistí, déanfaidh an institiúid íocaíochta ceachtar de na bearta seo a leanas:

(a)na cistí sin a thaisceadh i gcuntas ar leithligh in institiúid creidmheasa údaraithe i mBallstát, nó ag banc ceannais faoi rogha an bhainc ceannais sin;

(b)na cistí sin a infheistiú i sócmhainní slána leachtacha ísealriosca, mar a chinnfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile;

Déanfaidh institiúidí íocaíochta na cistí sin a chosaint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar mhaithe leis na húsáideoirí seirbhísí íocaíochta, ar na héilimh a dhéanfaidh creidiúnaithe eile de chuid na hinstitiúide íocaíochta, go háirithe i gcás dócmhainneachta.

2.Seachnóidh institiúidí íocaíochta riosca ar chistí custaiméirí cosanta trína áirithiú nach núsáidfear an modh cosanta céanna le haghaidh iomlán a gcistí custaiméirí cosanta. Go sonrach, féachfaidh siad le gan cistí uile na dtomhaltóirí a choimirciú le hinstitiúid creidmheasa amháin.

3.I gcás ina gceanglófar ar institiúid íocaíochta cistí a choimirciú faoi mhír 1 agus ina mbeidh cuid de na cistí sin le húsáid le haghaidh idirbhearta íocaíochta amach anseo agus an chuid eile díobh le húsáid le haghaidh seirbhísí eile seachas seirbhísí íocaíochta, beidh an chuid sin de na cistí atá le húsáid le haghaidh idirbhearta íocaíochta amach anseo faoi réir cheanglais mhír 1 freisin. I gcás ina mbeidh an chuid sin athraitheach nó nach eol an chuid sin roimh ré, ceadóidh na Ballstáit d’institiúidí íocaíochta an mhír seo a chur i bhfeidhm ar bhonn cuid ionadaíoch a mheastar a úsáidfear le haghaidh seirbhísí íocaíochta ar choinníoll gur féidir meastachán réasúnach a dhéanamh ar chuid ionadaíoch den sórt sin ar bhonn sonraí stairiúla chun sástacht na núdarás inniúil.

4.I gcás ina soláthraíonn institiúid íocaíochta seirbhísí ríomh-airgid, ní gá cistí a fhaightear chun ríomh-airgead a eisiúint a choimirciú go dtí go gcuirfear na cistí chun sochair do chuntas íocaíochta na hinstitiúide íocaíochta nó go gcuirfear ar fáil ar bhealach eile iad don institiúid íocaíochta i gcomhréir leis na ceanglais maidir leis an tréimhse forghníomhaithe a leagtar síos i Rialachán XXX [PSR]. In aon chás, déanfar na cistí sin a choimirciú tráth nach déanaí ná deireadh an lae gnó tar éis an lae ar a bhfaighfear na cistí, tar éis eisiúint an ríomh-airgid.

5.I gcás ina soláthraíonn institiúid íocaíochta seirbhísí ríomh-airgid, chun mír 1 a chur i bhfeidhm, is ítimí sócmhainne iad sócmhainní slána ísealriosca a thagann faoi cheann amháin de na catagóirí a leagtar amach i dTábla 1 d’Airteagal 336(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nach airde an muirear caipitil i gcomhair riosca sonrach ina leith ná 1,6 %, ach gan ítimí cáilitheacha eile mar a shainmhínítear in Airteagal 336(4) den Rialachán sin a áireamh.

Chun críocha mhír 1, is aonaid i ngnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) iad sócmhainní slána ísealriosca freisin, ar gnóthas é nach n‑infheistíonn ach i sócmhainní mar a shonraítear sa chéad fhomhír.

In imthosca eisceachtúla agus i gcás ina bhfuil údar cuí leis, féadfaidh na húdaráis inniúla, bunaithe ar mheastóireacht ar shlándáil, aibíocht, luach nó gnéithe riosca eile na sócmhainní mar a shonraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, a chinneadh cé acu de na sócmhainní sin nach measfar a bheith ina sócmhainní slána ísealriosca chun críocha mhír 1.

6.Cuirfidh institiúid íocaíochta na húdaráis inniúla ar an eolas roimh ré maidir le haon athrú ábhartha ar na bearta a dhéantar chun na cistí a fhaightear le haghaidh seirbhísí íocaíochta a sholáthraítear a choimirciú agus i gcás seirbhísí ríomh-airgid mar mhalairt ar ríomh-airgead a eisíodh.

7.Forbróidh ÚBE caighdeáin theicniúla rialála maidir le ceanglais choimirce, lena leagtar síos go háirithe creata coimirce bainistithe riosca le haghaidh institiúidí íocaíochta chun cosaint cistí úsáideoirí a áirithiú, agus lena náirítear ceanglais maidir le leithscaradh, ainmniú, réiteach agus ríomh na gceanglas maidir le cistí a choimirciú.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 1 bhliain amháin i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 10

Gníomhaíochtaí

1.Mar aon le seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar, beidh institiúidí íocaíochta i dteideal gabháil do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)seirbhísí oibríochtúla agus seirbhísí coimhdeacha a bhfuil dlúthbhaint acu leo a sholáthar, lena náirítear a áirithiú go ndéanfar idirbhearta íocaíochta a fhorghníomhú, seirbhísí malairte eachtraí, gníomhaíochtaí slánchoinneála, agus stóráil agus próiseáil sonraí;

(b)córais íocaíochta a oibriú;

(c)gníomhaíochtaí gnó seachas seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar, ag féachaint do dhlí an Aontais is infheidhme agus don dlí náisiúnta is infheidhme.

2.Maidir le hinstitiúidí íocaíochta a sholáthraíonn seirbhís íocaíochta nó seirbhís ríomh-airgid amháin nó níos mó, ní shealbhóidh siad cuntais íocaíochta ach amháin mura núsáidtear iad ach le haghaidh idirbhearta íocaíochta.

3.Aon chiste a gheobhaidh institiúidí íocaíochta ó úsáideoirí seirbhísí íocaíochta chun seirbhísí íocaíochta nó ríomh-airgid a sholáthar, ní taisce ná cistí inaisíoctha eile a bheidh ann de réir bhrí Airteagal 9 de Threoir 2013/36/AE.

4. fhéadfaidh institiúidí íocaíochta creidmheas a dheonú a bhaineann leis na seirbhísí íocaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe 2, ach amháin i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)tá an creidmheas coimhdeach le hidirbheart íocaíochta a fhorghníomhú, agus ní dheonaítear é ach amháin i ndáil leis sin;

(b)d’ainneoin rialacha náisiúnta, más ann dóibh, maidir le creidmheas a sholáthar trí eisitheoirí cártaí creidmheasa, tá an creidmheas a dheonaítear i ndáil le híocaíocht agus a fhorghníomhaítear i gcomhréir le hAirteagal 13(6) agus le hAirteagal 30 le haisíoc laistigh de thréimhse ghearr nach faide ná 12 mhí in aon chás;

(c)ní thagann an creidmheas a dheonaítear ó na cistí a fhaightear nó a shealbhaítear chun idirbheart íocaíochta a fhorghníomhú nó ó na cistí a fhaightear ó úsáideoirí seirbhísí íocaíochta mar mhalairt ar ríomh-airgead agus a shealbhaítear i gcomhréir le hAirteagal 9, mír 1;

(d)tá cistí dílse na hinstitiúide íocaíochta iomchuí i gcónaí, agus tá siad iomchuí chun sástacht na núdarás maoirseachta, i bhfianaise mhéid foriomlán an chreidmheasa arna dheonú.

5.ghlacfaidh institiúidí íocaíochta le taiscí ná le cistí inaisíoctha eile de réir bhrí Airteagal 9 de Threoir 2013/36/AE.

6.Maidir le hinstitiúidí íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí ríomh-airgid, déanfaidh siad aon chiste, lena náirítear airgead tirim nó airgead taisce, a gheobhaidh an institiúid íocaíochta sin ó úsáideoirí seirbhísí íocaíochta a mhalartú ar ríomh-airgead gan mhoill. Ní taisce ná cistí inaisíoctha eile a fhaightear ón bpobal de réir bhrí Airteagal 9 de Threoir 2013/36/CE a bheidh sna cistí sin.

7.Beidh an Treoir seo gan dochar do Threoir 2008/48/CE, do dhlí ábhartha eile an Aontais nó do bhearta náisiúnta maidir le coinníollacha i dtaobh creidmheas a dheonú do thomhaltóirí, ar dlí nó bearta iad nach gcomhchuibhítear leis an Treoir seo agus a chomhlíonann dlí an Aontais.

Airteagal 11

Cuntasaíocht agus iniúchadh reachtúil

1.Beidh feidhm mutatis mutandis ag Treoir 86/635/CEE ón gComhairle 56 , ag Treoir 2013/34/AE, agus ag Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 , maidir le hinstitiúidí íocaíochta.

2.Mura mbeidh siad díolmhaithe faoi Threoir 2013/34/AE agus, i gcás inarb infheidhme, faoi Threoir 86/635/CEE, déanfaidh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí 2 agus 3, de Threoir 2006/43/CE, iniúchadh ar chuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite de chuid institiúidí íocaíochta.

3.Chun críoch maoirseachta, ceanglóidh na Ballstáit go soláthróidh institiúidí íocaíochta faisnéis chuntasaíochta ar leithligh maidir le seirbhísí íocaíochta agus ríomh-airgid, ar thaobh amháin, agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(1), ar an taobh eile, faisnéis a bheidh faoi réir tuarascáil iniúchóra. Is iad na hiniúchóirí reachtúla nó gnólacht iniúchóireachta a ullmhóidh an tuarascáil sin, i gcás inarb infheidhme.

4.Beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 63 de Threoir 2013/36/AE maidir le hiniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta na ninstitiúidí íocaíochta i leith seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid.

Airteagal 12

Taifid a choimeád

Ceanglóidh na Ballstáit ar institiúidí íocaíochta na taifid iomchuí go léir chun críche an Teidil seo a choimeád ar feadh 5 bliana ar a laghad, gan dochar do Threoir (AE) 2015/849 ná do dhlí ábhartha eile an Aontais. I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta sna taifid sin, ní choimeádfaidh an institiúid íocaíochta na taifid sin níos faide ná mar is gá chun críoch an Teidil seo. I gcás ina dtarraingítear siar údarú na hinstitiúide íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 16, ní choimeádfar taifid ina bhfuil sonraí pearsanta níos mó ná 5 bliana tar éis an t‑údarú a tharraingt siar.

Airteagal 13

Údarú a dheonú

1.Tabharfaidh na Ballstáit údarú d’institiúid íocaíochta is iarratasóir i leith na seirbhísí íocaíochta agus na seirbhísí ríomh-airgid atá beartaithe aici a sholáthar, ar choinníoll go gcomhlíonann an institiúid íocaíochta is iarratasóir na coinníollacha seo a leanas:

(a)is duine dlítheanach í atá bunaithe i mBallstát;

(b)an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(3) curtha faoi bhráid a húdarás inniúil aici;

(c)curtha san áireamh aici an gá le bainistíocht fhónta stuama na hinstitiúide íocaíochta is iarratasóir a áirithiú, mar aon le socruithe láidre rialachais le haghaidh na seirbhísí íocaíochta nó na seirbhísí ríomh-airgid atá beartaithe aici a sholáthar, lena náirítear:

(i) struchtúr soiléir eagraíochtúil ina bhfuil freagrachtaí dea-shainithe trédhearcacha comhsheasmhacha;

(ii) nósanna imeachta éifeachtacha chun na rioscaí a bhfuil an institiúid íocaíochta is iarratasóir neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sí a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu;

(iii) sásraí leormhaithe rialaithe inmheánaigh, lena n‑áirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta.

(d)tá an caipiteal tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 5 aici;

(e)comhlíonann sí Airteagal 3(4).

Maidir leis na socruithe rialachais agus na sásraí rialaithe dá dtagraítear i bpointe (c), beidh siad cuimsitheach agus comhréireach le cineál, scála agus castacht na seirbhísí íocaíochta nó na seirbhísí ríomh-airgid atá beartaithe ag na hinstitiúidí íocaíochta is iarratasóir a sholáthar.

Glacfaidh ÚBE treoirlínte maidir leis na socruithe, na próisis agus na sásraí dá dtagraítear sa mhír seo.

2.Deonóidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údarú má chomhlíonann an fhaisnéis agus an fhianaise a ghabhann leis an iarratas na ceanglais uile a leagtar síos in Airteagal 3 agus más measúnú fabhrach é measúnú foriomlán na núdarás inniúil, tar éis dóibh scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. Sula ndeonóidh siad údarú, féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb ábhartha, dul i gcomhairle leis an mbanc ceannais náisiúnta nó le húdaráis phoiblí ábhartha eile.

3.I gcás institiúid íocaíochta a gceanglófar uirthi, faoi dhlí náisiúnta a Ballstáit baile, oifig chláraithe a bheith aici, beidh a ceannoifig sa Bhallstát céanna lena hoifig chláraithe agus déanfaidh sí cuid dá gnó seirbhísí íocaíochta nó ríomh-airgid ansin. Mar sin féin, ní dhéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil a hoifig chláraithe le bheith lonnaithe ag an institiúid íocaíochta ceangal a chur ar an institiúid íocaíochta sin formhór a gnó a dhéanamh sa tír ina mbeidh a hoifig chláraithe lonnaithe.

4.Féadfaidh údaráis inniúla, mar choinníoll le haghaidh údaraithe, a cheangal go mbunóidh an institiúid íocaíochta is iarratasóir eintiteas ar leithligh chun na seirbhísí íocaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointí 1 go 6, a sholáthar, i gcás ina bhfuil an institiúid íocaíochta is iarratasóir ag gabháil do ghníomhaíochtaí gnó eile a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh, nó ar dócha go ndéanfaidh siad dochar, d’fhóntacht airgeadais na hinstitiúide íocaíochta is iarratasóir nó do chumas na núdarás inniúil faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht na hinstitiúide íocaíochta is iarratasóir leis an Treoir seo.

5.Diúltóidh údaráis inniúla institiúid íocaíochta is iarratasóir a údarú in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nach bhfuil na húdaráis inniúla sin sásta le hoiriúnacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu, agus an gá le bainistíocht fhónta stuama na hinstitiúide íocaíochta a áirithiú á chur san áireamh;

(b)i gcás ina bhfuil dlúthnaisc ann mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (38), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 idir an institiúid íocaíochta agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chuireann cosc ar fheidhmeanna maoirseachta na núdarás inniúil a fheidhmiú go héifeachtach;

(c)i gcás ina gcuirtear cosc ar fheidhmeanna maoirseachta na núdarás inniúil a fheidhmiú go héifeachtach mar gheall ar dhlíthe, rialacháin, nó forálacha riaracháin tríú tír lena rialaítear duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó a bhfuil dlúthnaisc ag an institiúid íocaíochta leis nó leo mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (38), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó mar gheall ar dheacrachtaí a bhaineann le forfheidhmiú na ndlíthe, na rialachán nó na bhforálacha riaracháin sin.

6.Beidh údarú bailí sna Ballstáit go léir agus ceadófar leis don institiúid íocaíochta lena mbaineann na seirbhísí íocaíochta nó ríomh-airgid a chumhdaítear leis an údarú a sholáthar ar fud an Aontais, de bhun na saoirse chun seirbhísí a sholáthar nó na saoirse bunaíochta.

Airteagal 14

An cinneadh a chur in iúl maidir le húdarú a thabhairt nó a dhiúltú

Laistigh de 3 mhí ó iarratas ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 3 a fháil, nó, i gcás ina mbeidh an t‑iarratas sin neamhiomlán, tar éis dóibh an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 3(3) a fháil, cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl don iarratasóir an ndearnadh an t‑údarú a dheonú nó a dhiúltú. Tabharfaidh an t‑údarás inniúil cúiseanna sa chás ina ndiúltóidh sé údarú.

Airteagal 15

An t‑údarú mar institiúid íocaíochta a choinneáil ar bun

Ceanglóidh na Ballstáit ar institiúidí íocaíochta a n‑údarás inniúil a chur ar an eolas maidir le haon athrú ar an bhfaisnéis agus ar an bhfianaise arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 3 a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chruinneas na faisnéise nó na fianaise sin.

Airteagal 16

An t‑údarú mar institiúid íocaíochta a tharraingt siar

1.Ní fhéadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údarú a eisíodh d’institiúid íocaíochta a tharraingt siar, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás nár bhain an institiúid íocaíochta úsáid as a húdarú laistigh de 12 mhí tar éis di an túdarú sin a fháil, nó i gcás nach ndearna sí aon cheann de na seirbhísí a bhfuil sí údaraithe ina leith a sholáthar ar feadh tréimhse is faide ná 6 mhí as a chéile;

(b)i gcás inar thréig an institiúid íocaíochta an túdarú sin go sainráite;

(c)i gcás nach gcomhlíonann an institiúid íocaíochta na coinníollacha a thuilleadh maidir le húdarú a dheonú nó i gcás nach gcuireann sí an túdarás inniúil ar an eolas faoi mhórfhorbairtí ina leith sin;

(d)i gcás ina bhfuair an institiúid íocaíochta an túdarú ar bhonn ráitis bhréagacha nó ar aon mhodh neamhrialta eile;

(e)i gcás inar sháraigh an institiúid íocaíochta a hoibleagáidí maidir le sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc faoi Threoir (AE) 2015/849;

(f)i gcás ina gcuirfí cobhsaíocht an chórais íocaíochta nó an iontaoibh as an gcóras íocaíochta i mbaol dá leanfadh an institiúid íocaíochta de na seirbhísí íocaíochta nó na seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar;

(g)i gcás ina dtagann an institiúid íocaíochta faoi aon cheann de na cásanna ina bhfuil foráil sa dlí náisiúnta maidir le húdarú a tharraingt siar.

2.Tabharfaidh an túdarás inniúil cúiseanna le haon údarú a tharraingt siar agus tabharfaidh sé fógra dá réir sin dóibh siúd lena mbaineann.

3.Cuirfidh an túdarás inniúil tarraingt siar an údaraithe faoi bhráid an phobail, lena náirítear sna cláir nó sna liostaí dá dtagraítear in Airteagail 17 agus 18.

Airteagal 17

Clár na n‑institiúidí íocaíochta sa Bhallstát baile

1.Déanfaidh na Ballstáit clár leictreonach poiblí d’institiúidí íocaíochta, lena náirítear eintitis atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagail 34, 36 agus 38, agus a ngníomhairí nó a ndáileoirí, a oibriú agus a choinneáil ar bun. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis uile seo a leanas sa chlár sin:

(a)institiúidí íocaíochta atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 13 agus a ngníomhairí nó a ndáileoirí, más ann dóibh;

(b)daoine nádúrtha agus dlítheanacha atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagail 34(2), 36(1) nó 38(1) agus a ngníomhairí nó a ndáileoirí, más ann dóibh;

(c)na hinstitiúidí dá dtagraítear in Airteagal 1(2) atá i dteideal, faoin dlí náisiúnta, seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar.

Déanfar brainsí d’institiúidí íocaíochta a iontráil i gclár an Bhallstáit baile má sholáthraíonn na brainsí sin seirbhísí i mBallstát seachas a mBallstát baile.

2.Leis an gclár poiblí dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid seo a leanas:

(a)na seirbhísí íocaíochta agus ríomh-airgid agus na brandaí faoi seach a bhfuil an institiúid íocaíochta údaraithe ina leith, nó a bhfuil an duine nádúrtha nó dlítheanach cláraithe ina leith, a shainaithint;

(b)na gníomhairí nó na dáileoirí a áireamh, de réir mar is infheidhme, trína soláthraíonn an institiúid íocaíochta seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid, seachas eisiúint ríomh-airgid, agus na seirbhísí a dhéanann na gníomhairí nó na dáileoirí sin thar ceann na hinstitiúide íocaíochta a shonrú;

(c)na Ballstáit eile ina bhfuil an institiúid íocaíochta gníomhach a áireamh agus an dáta ar cuireadh tús leis na gníomhaíochtaí sin faoi nós imeachta an phas a chur in iúl.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go liostófar institiúidí íocaíochta sa chlár dá dtagraítear i mír 1 ar leithligh ó dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagail 34, 36 nó 38, agus go mbeidh an clár sin ar fáil go poiblí le haghaidh comhairliúcháin, go mbeidh sé inrochtana ar líne, agus go dtabharfar cothrom le dáta é gan mhoill.

4.Iontrálfaidh údaráis inniúla sa chlár poiblí dátaí údaraithe nó cláraithe, aon tarraingt siar údaraithe, aon chur ar fionraí údaraithe, agus aon tarraingt siar cláraithe de bhun Airteagail 34, 36 nó 38.

5.Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ÚBE gan moill mhíchuí faoi na cúiseanna atá leis an údarú nó leis an gclárú a tharraingt siar, leis an údarú nó leis an gclárú a chur ar fionraí, nó le haon díolúine de bhun Airteagail 34, 36 nó 38.

Airteagal 18

Clár ÚBE

1.Déanfaidh ÚBE clár lárnach leictreonach d’institiúidí íocaíochta, lena náirítear eintitis atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagail 34, 36 agus 38, agus a ngníomhairí nó a ndáileoirí, agus a mbrainsí i gcás inarb infheidhme, a oibriú agus a choinneáil ar bun. Beidh an fhaisnéis arna fógairt ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 3 sa chlár lárnach leictreonach sin. Beidh ÚBE freagrach as an bhfaisnéis sin a chur i láthair go cruinn.

2.Cuirfidh ÚBE an clár lárnach leictreonach ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin, agus féachfaidh sé chuige go mbeidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis a liostaítear, agus gur furasta í a chuardach, saor in aisce.

3.Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a iontrálfar ina gcláir phoiblí náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 17 a sholáthar do ÚBE laistigh d’aon lá gnó amháin ar a dhéanaí tar éis dóibh an fhaisnéis sin a iontráil sna cláir phoiblí náisiúnta.

4.Beidh na húdaráis inniúla freagrach as cruinneas na faisnéise a áirítear ina gcláir náisiúnta agus a sholáthraítear do ÚBE, agus as an bhfaisnéis sin a choimeád cothrom le dáta. Tabharfar deis do chuideachtaí atá liostaithe sa Chlár aon mhíchruinneas a bhaineann leo féin a cheartú.

5.Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir le hoibriú agus coinneáil ar bun an chláir lárnaigh leictreonaigh dá dtagraítear i mír 1 agus maidir le rochtain ar an bhfaisnéis atá ann chun a áirithiú nach bhféadfaidh ach an túdarás inniúil lena mbaineann nó ÚBE an fhaisnéis atá sa chlár a mhodhnú. 

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 18 mí i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

6.Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le mionsonraí agus struchtúr na faisnéise a bhfuil fógra le tabhairt ina leith de bhun mhír 1, lena náirítear na caighdeáin sonraí agus na formáidí sonraí le haghaidh na faisnéise, mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/410 ón gCoimisiún 58 .

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 18 mí i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

7.Déanfaidh ÚBE liosta lárnach meaisín-inléite a fhorbairt, a oibriú agus a choinneáil ar bun de na soláthraithe seirbhísí íocaíochta a thairgeann na seirbhísí íocaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I, pointí 6 agus 7, bunaithe ar an bhfaisnéis is déanaí atá i gclár ÚBE dá dtagraítear i mír 1 agus ar Chlár Institiúidí Creidmheasa ÚBE a cruthaíodh de bhun Airteagal 8(2), pointe (j), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Áireofar ar an liosta sin ainm agus aitheantóir na soláthraithe seirbhísí íocaíochta sin agus a stádas údaraithe.

Roinn 2

Gníomhairí, dáileoirí, brainsí agus seachfhoinsiú a úsáid

Airteagal 19

Gníomhairí a úsáid

1.Institiúidí íocaíochta a bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí íocaíochta a sholáthar trí ghníomhairí, cuirfidh siad an fhaisnéis uile seo a leanas in iúl do na húdaráis inniúla ina mBallstát baile:

(a)ainm agus seoladh an ghníomhaire;

(b)tuairisc cothrom le dáta ar na sásraí rialaithe inmheánaigh a úsáidfidh an gníomhaire chun Treoir (AE) 2015/849 a chomhlíonadh;

(c)céannacht na stiúrthóirí agus na ndaoine eile atá freagrach as an ngníomhaire a bhainistiú agus, i gcás nach soláthraí seirbhísí íocaíochta an gníomhaire, fianaise go bhfuil na daoine sin oiriúnach agus cuí dá gcúraimí;

(d)na seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn an institiúid íocaíochta a bhfuil sainordú ag an ngníomhaire ina leith;

(e)i gcás inarb infheidhme, cód aitheantais uathúil nó uimhir uathúil an ghníomhaire.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile in iúl don institiúid íocaíochta laistigh de 2 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil cé acu a iontráladh nó nár iontráladh an gníomhaire sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 17. Ar a iontráil sa chlár, féadfaidh an gníomhaire tosú ag soláthar seirbhísí íocaíochta.

3.Sula liostóidh na húdaráis inniúla an gníomhaire sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 17, i gcás ina measann siad go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 mícheart, déanfaidh siad gníomhaíocht bhreise chun an fhaisnéis a fhíorú.

4.Tar éis do na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fhíorú, i gcás nach bhfuil siad sásta go bhfuil an fhaisnéis ceart, diúltóidh siad an gníomhaire a liostú sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 17 agus cuirfidh siad an méid sin in iúl don institiúid íocaíochta gan moill mhíchuí.

5.Maidir le hinstitiúidí íocaíochta ar mian leo seirbhísí íocaíochta a sholáthar i mBallstát eile trí ghníomhaire a fhostú, nó a bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí íocaíochta a sholáthar i mBallstát eile seachas a mBallstát baile trí ghníomhaire atá lonnaithe i dtríú Ballstát, áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh na hinstitiúidí íocaíochta sin na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 30. 

6.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh institiúidí íocaíochta a núsáideoirí seirbhísí íocaíochta ar an eolas go bhfuil gníomhaire ag gníomhú thar a gceann.

7.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh institiúidí íocaíochta in iúl d’údaráis inniúla a mBallstáit baile aon athrú maidir le húsáid gníomhairí, lena náirítear gníomhairí breise, gan moill mhíchuí agus i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i míreanna 2, 3 agus 4.

Airteagal 20

Dáileoirí seirbhísí ríomh-airgid

1.Ceadóidh na Ballstáit d’institiúidí íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí ríomh-airgid ríomh-airgead a dháileadh agus a fhuascailt trí dháileoirí.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh institiúidí íocaíochta a bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar trí dháileoir na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 19 i bhfeidhm mutatis mutandis.

3.I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an institiúid íocaíochta seirbhísí ríomh-airgid a dháileadh i mBallstát eile trí dháileoir a fhostú, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 30 go 33, cé is moite d’Airteagal 31(4) agus (5), den Treoir seo, lena náirítear na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 30(5) den Treoir seo, maidir leis na hinstitiúidí íocaíochta sin.

Airteagal 21

Brainsí

1.Maidir le hinstitiúidí íocaíochta a bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí íocaíochta a sholáthar i mBallstát eile trí bhrainse a bhunú, nó a bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí íocaíochta a sholáthar i mBallstát eile seachas a mBallstát baile trí bhrainse atá lonnaithe i dtríú Ballstát, ceanglóidh na Ballstáit ar na hinstitiúidí íocaíochta sin na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 30 a leanúint.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglóidh institiúidí íocaíochta ar na brainsí a ghníomhaíonn thar a gceann úsáideoirí seirbhísí íocaíochta a chur ar an eolas faoin méid sin.

Airteagal 22

Eintitis a ndéantar gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú chucu

1.Maidir le hinstitiúidí íocaíochta a bhfuil sé beartaithe acu feidhmeanna oibríochtúla seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid a sheachfhoinsiú, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh siad údaráis inniúla a mBallstáit baile ar an eolas faoin méid sin.

Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh institiúidí íocaíochta feidhmeanna oibríochtúla tábhachtacha a sheachfhoinsiú, lena n‑áirítear córais TFC, ar bhealach lena ndéanfaí dochar ábhartha do cháilíocht rialú inmheánach na hinstitiúide íocaíochta ná do chumas na n‑údarás inniúil faireachán agus athrianú a dhéanamh ar chomhlíontacht na hinstitiúide íocaíochta leis na hoibleagáidí uile a leagtar síos sa Treoir seo.

Measfar feidhm oibríochtúil a bheith tábhachtach i gcás ina gcuirfí bac ábhartha ar chomhlíontacht leanúnach institiúide íocaíochta leis na ceanglais maidir lena húdarú, ar a hoibleagáidí eile faoin Treoir seo, ar a feidhmíocht airgeadais, nó ar fhóntacht nó leanúnachas a cuid seirbhísí íocaíochta nó ríomh-airgid, mar gheall ar fhabht nó ar chliseadh feidhmíochta ina leith.

Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a dhéanfaidh institiúidí íocaíochta feidhmeanna oibríochtúla tábhachtacha a sheachfhoinsiú, go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)níl sé mar thoradh ar an seachfhoinsiú go dtarmligeann an lucht ardbhainistíochta an fhreagracht atá orthu;

(b)ní athraítear an caidreamh idir an institiúid íocaíochta agus a húsáideoirí seirbhísí íocaíochta faoin Treoir seo ná na hoibleagáidí atá ar an institiúid íocaíochta i leith a húsáideoirí seirbhísí íocaíochta faoin Treoir seo;

(c)ní bhaintear an bonn de na coinníollacha nach mór don institiúid íocaíochta a chomhlíonadh chun go núdarófar í agus go bhfanfaidh sí údaraithe;

(d)ní bhaintear ná ní mhodhnaítear aon cheann de na coinníollacha eile ar faoina réir a deonaíodh údarú na hinstitiúide íocaíochta.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh institiúidí íocaíochta in iúl d’údaráis inniúla a mBallstáit baile, gan moill mhíchuí, aon athrú maidir le húsáid eintiteas a ndéantar gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú chucu.

Airteagal 23

Dliteanas

1.Maidir le hinstitiúidí íocaíochta a bhíonn ag brath ar thríú páirtithe chun feidhmeanna oibríochtúla a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh siad bearta réasúnacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais na Treorach seo.

2.Ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh institiúidí íocaíochta faoi dhliteanas iomlán i gcónaí as aon ghníomh a dhéanfaidh a gcuid fostaithe, nó aon ghníomhaire, aon dáileoir, aon bhrainse nó aon eintiteas a ndéantar gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú chuige.

R o i n n 3

Údaráis inniúla agus maoirseacht

Airteagal 24

Údaráis inniúla a ainmniú

1.Déanfaidh na Ballstáit údaráis phoiblí, nó comhlachtaí arna naithint sa dlí náisiúnta nó ag údaráis phoiblí a dtugtar an chumhacht sin go sainráite dóibh chun na críche sin sa dlí náisiúnta, lena náirítear bainc cheannais náisiúnta, a ainmniú mar na húdaráis inniúla atá freagrach as údarú institiúidí íocaíochta agus as maoirseacht stuamachta a dhéanamh orthu chun na dualgais dá bhforáiltear faoin Teideal seo a dhéanamh. Ní ainmneoidh na Ballstáit institiúidí íocaíochta, institiúidí creidmheasa, ná institiúidí gíoró postoifige mar údaráis inniúla.

Beidh na húdaráis inniúla neamhspleách ar chomhlachtaí eacnamaíocha agus seachnóidh siad coinbhleachtaí leasa.

Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún ainm agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil arna ainmniú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí uile is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh ag na húdaráis inniúla arna nainmniú faoi mhír 1.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní is gá ag na húdaráis inniúla, go háirithe i dtéarmaí foirne tiomnaithe, chun a gcúraimí a fheidhmiú.

3.Na Ballstáit a bhfuil níos mó ná údarás inniúil amháin ceaptha acu le haghaidh ábhair a chumhdaítear leis an Teideal seo, nó a bhfuil údaráis inniúla ceaptha acu mar údaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa, áiritheoidh siad go noibreoidh na húdaráis sin i ndlúthchomhar le chéile chun a ndualgais faoi seach a chomhlíonadh go héifeachtach.

4.Is iad údaráis inniúla an Bhallstáit baile a bheidh freagrach as na cúraimí a bheidh ar na húdaráis inniúla arna nainmniú faoi mhír 1.

5.Ní thabharfaidh mír 1 le tuiscint go gceanglaítear ar na húdaráis inniúla maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí gnó na ninstitiúidí íocaíochta seachas soláthar seirbhísí íocaíochta agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (a).

Airteagal 25

Maoirseacht

1.Áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis na rialuithe arna bhfeidhmiú ag na húdaráis inniúla chun a sheiceáil go bhfuil an Teideal seo á chomhlíonadh go leanúnach, go mbeidh na rialuithe sin comhréireach, leordhóthanach agus freagrúil do na rioscaí a bhfuil institiúidí íocaíochta neamhchosanta orthu.

Chun comhlíonadh an Teidil seo a sheiceáil, beidh na húdaráis inniúla i dteideal, go háirithe, na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a)a cheangal ar an institiúid íocaíochta aon fhaisnéis a sholáthar is gá chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh, agus cuspóir na hiarrata á shonrú acu, de réir mar is iomchuí, mar aon leis an teorainn ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar roimpi;

(b)cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ag áitreabh gnó na hinstitiúide íocaíochta, aon ghníomhaire, aon dáileora nó aon bhrainse a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid faoi fhreagracht na hinstitiúide íocaíochta, nó ag áitreabh gnó aon eintitis a ndéantar gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú chuige;

(c)moltaí, treoirlínte agus, más infheidhme, forálacha riaracháin ceangailteacha a eisiúint;

(d)údarú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar de bhun Airteagal 16.

2.Gan dochar d’Airteagal 16 agus d’aon fhoráil náisiúnta maidir leis an dlí coiriúil, forálfaidh na Ballstáit go bhféadfaidh a núdaráis inniúla pionóis nó bearta a fhorchur, a bheidh dírithe go sonrach ar dheireadh a chur le sáruithe breathnaithe, agus ar dheireadh a chur leis na cúiseanna atá leis na sáruithe sin, ar institiúidí íocaíochta nó orthu siúd a rialaíonn go héifeachtach gnó na ninstitiúidí íocaíochta a sháraíonn na forálacha lena dtrasuitear an Treoir seo.

3.D’ainneoin cheanglais Airteagal 5, Airteagal 6(1) agus (2), Airteagal 7, agus Airteagal 8, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis inniúla in ann na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh chun caipiteal leordhóthanach a áirithiú le haghaidh institiúidí íocaíochta, go háirithe i gcás ina gcuirfí bac ar fhóntacht airgeadais na ninstitiúidí sin, nó inar dócha go gcuirfí bac ar fhóntacht airgeadais na ninstitiúidí sin, mar gheall ar ghníomhaíochtaí seachas seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid.

Airteagal 26

Rúndacht ghairmiúil

1.Gan dochar do chásanna a chumhdaítear leis an dlí coiriúil náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach duine a oibríonn nó a d’oibrigh do na húdaráis inniúla, chomh maith le haon saineolaí a ghníomhaíonn thar ceann na núdarás inniúil, faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

2.Maidir leis an bhfaisnéis a mhalartaítear i gcomhréir le hAirteagal 28, beidh an túdarás a chomhroinnfidh an fhaisnéis agus an túdarás a gheobhaidh an fhaisnéis araon faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla ina leith chun cosaint ceart aonair agus ceart gnó a áirithiú.

3.Féadfaidh na Ballstáit an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm agus Airteagail 53 go 61 de Threoir 2013/36/AE á gcur san áireamh, mutatis mutandis, acu.

Airteagal 27

Ceart chun iarratas a dhéanamh chuig na cúirteanna

1.Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le cinntí arna nglacadh ag na húdaráis inniúla i leith institiúid íocaíochta de bhun na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin arna nglacadh i gcomhréir leis an Treoir seo, go bhféadfar iad a chonspóid os comhair na gcúirteanna.

2.Beidh feidhm ag mír 1 freisin maidir le neamhghníomh.

Airteagal 28

Comhar agus faisnéis a mhalartú

1.Oibreoidh údaráis inniúla na mBallstát éagsúil i gcomhar le chéile agus, i gcás inarb iomchuí, le BCE agus le bainc cheannais náisiúnta na mBallstát, le ÚBE agus le húdaráis inniúla ábhartha eile arna nainmniú faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta.

2.Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le malartú faisnéise idir a núdaráis inniúla agus iad seo a leanas:

(a)údaráis inniúla Ballstát eile atá freagrach as institiúidí íocaíochta is iarratasóir a údarú agus maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí íocaíochta;

(b)BCE agus bainc ceannais náisiúnta na mBallstát, ina gcáil mar údaráis airgeadaíochta agus formhaoirseachta, agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis phoiblí eile atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar chórais íocaíochta agus socraíochta;

(c)údaráis ábhartha eile arna nainmniú faoin Treoir seo, agus faoi dhlí eile an Aontais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta, lena náirítear Treoir (AE) 2015/849;

(d)ÚBE, sa cháil atá aige maidir le rannchuidiú le feidhmiú éifeachtach comhsheasmhach sásraí maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 1(5), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 29

Easaontais idir údaráis inniúla de chuid Ballstáit éagsúla a réiteach

1.Údarás inniúil Ballstáit a mheasann, i gcás ar leith, nach gcomhlíonann an comhar trasteorann le húdaráis inniúla Ballstáit eile dá dtagraítear in Airteagal 28, 30, 31, 32 nó 33 na coinníollacha a leagtar amach sna forálacha sin, féadfaidh sé an cás a chur faoi bhráid ÚBE agus cúnamh a iarraidh air i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

2.I gcás ina niarrtar ar ÚBE cúnamh a thabhairt de bhun mhír 1, déanfaidh sé cinneadh faoi Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 gan moill mhíchuí. Ina theannta sin, féadfaidh ÚBE, ar a thionscnamh féin, cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 19(1), an dara fomhír, den Rialachán sin. I gceachtar cás, cuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a gcinntí siar go dtí go mbeidh réiteach ann faoi Airteagal 19 den Rialachán sin.

Airteagal 30

Iarratas chun an ceart bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a fheidhmiú

1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh aon institiúid íocaíochta ar mian léi seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar den chéad uair i mBallstát seachas a Ballstát baile, lena náirítear é sin a dhéanamh trí bhunaíocht i dtríú Ballstát, i bhfeidhmiú an chirt bunaíochta nó na saoirse chun seirbhísí a sholáthar, an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl do na húdaráis inniúla ina Ballstát baile:

(a)ainm, seoladh agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir údaraithe na hinstitiúide íocaíochta;

(b)an Ballstát nó na Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe ag an institiúid íocaíochtaí oibriú agus an dáta a bhfuil sé beartaithe tús a chur le hoibríochtaí sa Bhallstát sin;

(c)an tseirbhís nó na seirbhísí íocaíochta nó ríomh-airgid a bhfuil sé beartaithe ag an institiúid íocaíochta a sholáthar;

(d)i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an institiúid íocaíochta gníomhaire nó dáileoir a úsáid, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 19(1) agus 20(2);

(e)i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an institiúid íocaíochta úsáid a bhaint as brainse:

(i)an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointí (b) agus (e), maidir leis an ngnó a bhaineann le seirbhísí íocaíochta nó ríomh-airgid sa Bhallstát óstach;

(ii)tuairisc ar struchtúr eagraíochtúil an bhrainse;

(iii)céannacht na ndaoine atá freagrach as bainistiú an bhrainse.

Maidir le hinstitiúidí íocaíochta a bhfuil sé beartaithe acu feidhmeanna oibríochtúla na seirbhísí íocaíochta nó na seirbhísí ríomh-airgid a sheachfhoinsiú chuig eintitis eile sa Bhallstát óstach, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh siad údaráis inniúla a mBallstáit baile ar an eolas faoin méid sin.

2.Laistigh de 1 mhí amháin ón uair a gheofar an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile an fhaisnéis sin chuig údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh. I gcás ina bhfuil na seirbhísí á soláthar trí bhíthin tríú Ballstát, is é an Ballstát ina soláthraítear na seirbhísí d’úsáideoirí seirbhísí íocaíochta an Ballstát a mbeidh fógra le tabhairt dó.

Laistigh de 1 mhí amháin ón uair a gheofar an fhaisnéis ó údaráis inniúla an Bhallstáit baile, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh measúnú ar an bhfaisnéis sin agus soláthróidh siad faisnéis ábhartha d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile maidir leis na seirbhísí íocaíochta nó na seirbhísí ríomh-airgid a bhfuil sé beartaithe ag an institiúid íocaíochta ábhartha a sholáthar i bhfeidhmiú na saoirse bunaíochta nó na saoirse chun seirbhísí a sholáthar. Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh údaráis inniúla an Bhallstáit baile ar an eolas maidir le haon ábhar imní i ndáil le gníomhaire nó dáileoir atá beartaithe a fhostú nó brainse atá beartaithe a bhunú, i dtaobh sciúradh airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta de réir bhrí Threoir (AE) 2015/849. Sula ndéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh an méid sin, déanfaidh sé idirchaidreamh leis na húdaráis inniúla ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de Threoir (AE) 2015/849 chun a shuí an ann do na forais sin.

Údaráis inniúla an Bhallstáit baile nach n‑aontaíonn le measúnú údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, soláthróidh siad na cúiseanna lena n‑easaontas d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh.

I gcás nach measúnú fabhrach é an measúnú a dhéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile i bhfianaise na faisnéise a fuarthas ó údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, diúltóidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an gníomhaire, an brainse nó an dáileoir a chlárú nó tarraingeoidh sé siar an clárú má rinneadh é cheana.

3.Laistigh de 3 mhí ón uair a gheofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile a gcinneadh in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus don institiúid íocaíochta.

Nuair a bheidh sé iontráilte sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 17, féadfaidh an gníomhaire, an dáileoir nó an brainse tús a chur lena ghníomhaíochtaí sa Bhallstát óstach ábhartha.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh an institiúid íocaíochta fógra d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile maidir le dáta tosaigh na ngníomhaíochtaí a dhéanfar thar ceann na hinstitiúide íocaíochta tríd an ngníomhaire, an dáileoir nó an brainse sa Bhallstát óstach lena mbaineann. Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh ar an eolas faoin méid sin.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an institiúid íocaíochta in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile, gan moill mhíchuí, aon athrú ábhartha maidir leis an bhfaisnéis a cuireadh in iúl i gcomhréir le mír 1, lena náirítear gníomhairí, dáileoirí, brainsí nó eintitis bhreise a ndéantar gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú chucu sna Ballstáit óstacha ina noibríonn an institiúid íocaíochta. Beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear faoi mhíreanna 2 agus 3.

5.Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an creat comhair, agus an creat maidir le malartú faisnéise, idir údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh i gcomhréir leis an Airteagal seo. Sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin modh, meán agus mionsonraí an chomhair maidir le fógra a thabhairt d’institiúidí íocaíochta a fheidhmíonn ar bhonn trasteorann agus, go háirithe, raon feidhme agus láimhseáil na faisnéise atá le cur isteach, lena náirítear téarmaíocht chomhchoiteann agus teimpléid chaighdeánacha chun fógra a thabhairt, ar mhaithe le próiseas comhsheasmhach éifeachtúil a áirithiú maidir le fógra a thabhairt.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 18 mí i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 31

Maoirseacht ar institiúidí íocaíochta a fheidhmíonn an ceart bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar

1.Agus na rialuithe á ndéanamh agus chun na bearta is gá dá bhforáiltear sa Teideal seo a dhéanamh i leith gníomhaire, dáileora nó brainse de chuid institiúid íocaíochta atá lonnaithe ar chríoch Ballstáit eile, oibreoidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile i gcomhar le húdaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, lena náirítear é sin a dhéanamh trí údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a chur ar an eolas faoin áit a bhfuil sé beartaithe acu cigireacht ar an láthair a dhéanamh ar chríoch an Bhallstáit óstaigh sin.

Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile an cúram atá orthu i dtaobh cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar an institiúid íocaíochta lena mbaineann a tharmligean chuig údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh.

2.Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát óstach a cheangal, i gcás institiúidí íocaíochta a bhfuil gníomhairí, dáileoirí nó brainsí acu laistigh dá gcríocha, go dtuairisceoidh na hinstitiúidí sin dóibh go tréimhsiúil maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéantar ar a gcríocha.

Beidh gá le tuarascálacha den sórt sin chun críoch faisnéise agus staidrimh agus, a mhéid a sholáthraíonn gníomhairí, dáileoirí nó brainsí seirbhísí íocaíochta nó seirbhísí ríomh-airgid, chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le Teidil II agus III de Rialachán XXX [PSR]. Beidh na gníomhairí , na dáileoirí nó na brainsí sin faoi réir ceanglais maidir le rúndacht ghairmiúil atá coibhéiseach, ar a laghad, leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 26.

Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh faisnéis ad hoc a iarraidh ar institiúidí íocaíochta i gcás ina bhfuil fianaise ag na húdaráis sin nár comhlíonadh an Teideal seo nó Teidil II agus III de Rialachán XXX [PSR].

3.Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát baile agus na mBallstát óstach an fhaisnéis fhíor-riachtanach nó ábhartha uile ar fáil dá chéile, go háirithe i gcás sáruithe nó sáruithe amhrasta a dhéanann gníomhaire, dáileoir nó brainse, agus i gcás inar tharla sáruithe den sórt sin i gcomhthéacs fheidhmiú na saoirse chun seirbhísí a sholáthar. Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis ábhartha uile in iúl, arna iarraidh sin orthu, agus, ar a dtionscnamh féin, cuirfidh siad an fhaisnéis fhíor-riachtanach uile in iúl, lena náirítear faisnéis maidir le comhlíontacht na hinstitiúide íocaíochta leis na coinníollacha faoi Airteagal 13(3).

4.Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar institiúidí íocaíochta a oibríonn ar a gcríoch trí ghníomhairí, agus a bhfuil a gceannoifig suite i mBallstát eile, pointe teagmhála lárnach a cheapadh ar a gcríoch chun cumarsáid leormhaith agus tuairisciú leormhaith faisnéise a áirithiú i gcomhréir le Teidil II agus III de Rialachán XXX [PSR], agus chun maoirseacht údaráis inniúla na mBallstát baile agus na mBallstát óstach a éascú, lena náirítear trí dhoiciméid agus faisnéis a sholáthar d’údaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.

5.Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar chun na critéir a bheidh le cur i bhfeidhm agus cinneadh á dhéanamh aige, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, maidir leis na himthosca inarb iomchuí pointe teagmhála lárnach a cheapadh dá dtagraítear i mír 4, agus feidhmeanna na bpointí teagmhála sin.

Cuirfear san áireamh sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)méid agus luach iomlán na nidirbheart arna ndéanamh ag an institiúid íocaíochta sna Ballstáit óstacha;

(b)an cineál seirbhísí íocaíochta a sholáthraítear;

(c)an líon iomlán gníomhairí atá bunaithe sa Bhallstát óstach.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 18 mí i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 32

Bearta i gcás neamhchomhlíonta, lena n‑áirítear bearta réamhchúraim

1.I gcás ina measfaidh údarás inniúil Ballstáit óstaigh nach gcomhlíonann institiúid íocaíochta a bhfuil gníomhairí, dáileoirí nó brainsí aici ar a chríoch an Teideal seo nó Teidil II agus III de Rialachán XXX [PSR], cuirfidh an túdarás inniúil sin údarás inniúil an Bhallstáit baile ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí.

Tar éis d’údarás inniúil an Bhallstáit baile meastóireacht a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fuarthas de bhun na chéad fhomhíre, déanfaidh sé na bearta iomchuí uile, gan moill mhíchuí, chun a áirithiú go gcuirfidh an institiúid íocaíochta lena mbaineann deireadh lena neamh-chomhlíontacht. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile na bearta sin in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh agus d’údaráis inniúla aon Bhallstáit eile lena mbaineann gan mhoill.

2.I gcásanna éigeandála, ina bhfuil gá le gníomh láithreach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt thromchúiseach ar leasanna comhchoiteanna na núsáideoirí seirbhísí íocaíochta sa Bhallstát óstach, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh bearta réamhchúraim a dhéanamh, i gcomhthráth leis an gcomhar trasteorann idir údaráis inniúla, go dtí go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile bearta mar a leagtar amach in Airteagal 31.

3.Aon bheart réamhchúraim dá dtagraítear i mír 2, beidh sé iomchuí agus comhréireach lena chuspóir, is é sin leasanna comhchoiteanna na núsáideoirí seirbhísí íocaíochta sa Bhallstát óstach a chosaint ar bhagairt thromchúiseach. Ní thabharfar tús áite, mar thoradh ar na bearta sin, d’úsáideoirí seirbhísí íocaíochta na hinstitiúide íocaíochta sa Bhallstát óstach thar úsáideoirí seirbhísí íocaíochta na hinstitiúide íocaíochta i mBallstáit eile.

Is bearta sealadacha a bheidh sna bearta réamhchúraim agus déanfar iad a fhoirceannadh nuair a thabharfar aghaidh ar na bagairtí tromchúiseacha arna sainaithint, lena n‑áirítear le cúnamh ó údaráis inniúla an Bhallstáit baile nó i gcomhar leo nó le ÚBE dá bhforáiltear in Airteagal 29(1).

4.I gcás ina mbeidh sé comhoiriúnach don staid éigeandála, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh údaráis inniúla an Bhallstáit baile, údaráis inniúla aon Bhallstáit eile lena mbaineann, an Coimisiún agus ÚBE ar an eolas roimh ré faoi na bearta réamhchúraim arna ndéanamh faoi mhír 2 agus faoin údar atá leo, agus in aon chás gan moill mhíchuí.

Airteagal 33

Cúiseanna agus cumarsáid

1.Aon bheart a dhéanfaidh na húdaráis inniúla de bhun Airteagail 25, 30, 31 nó 32 lena ngabhann pionóis nó srianta maidir le feidhmiú na saoirse chun seirbhísí a sholáthar nó maidir leis an tsaoirse bunaíochta, beidh údar cuí leis agus cuirfear in iúl don institiúid íocaíochta lena mbaineann é.

2.Beidh Airteagail 30, 29 agus 32 gan dochar d’oibleagáid na núdarás inniúil faoi Threoir (AE) 2015/849 agus Rialachán (AE) 2015/847, go háirithe faoi Airteagal 47(1) de Threoir (AE) 2015/849 agus Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2015/847, maoirseacht nó faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sna hionstraimí sin.

CAIBIDIL II

Díolúintí agus fógraí

Airteagal 34

Díolúintí roghnacha

1.Féadfaidh Ballstáit daoine nádúrtha nó dlítheanacha a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointí 1 go 5, nó a sholáthraíonn seirbhísí ríomh-airgid, a dhíolmhú, nó cead a thabhairt dá núdaráis inniúla iad a dhíolmhú, ó chur i bhfeidhm na nósanna imeachta agus na gcoinníollacha uile a leagtar amach i gCaibidil I, Ranna 1, 2 agus 3, cé is moite d’Airteagail 17, 18, 24, 26, 27 agus 28, nó ó chur i bhfeidhm cuid de na nósanna imeachta agus de na coinníollacha sin, sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás seirbhísí íocaíochta, ní sháraíonn meánluach míosúil luach iomlán na nidirbheart íocaíochta a rinne an duine lena mbaineann sa tréimhse 12 mhí roimhe sin, lena náirítear na hidirbhearta íocaíochta a rinne aon ghníomhaire a nglacann an duine lena mbaineann freagracht iomlán as, teorainn arna leagan síos ag an mBallstát ach nach mó an meánluach míosúil sin, in aon chás, ná EUR 3 mhilliún; nó

(b)i gcás seirbhísí ríomh-airgid, gintear meánmhéid ríomh-airgid gan íoc as na gníomhaíochtaí gnó iomlána nach dtéann thar theorainn arna leagan síos ag an mBallstát ach nach mó an meánmhéid sin, in aon chás, ná EUR 5 mhilliún; agus

(c)i gcás seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid, níor ciontaíodh aon duine nádúrtha a bhí freagrach as an ngnó a bhainistiú ná a oibriú i gcionta a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, ná i gcoireanna airgeadais eile.

Chun críocha na fomhíre, pointe (a), beidh an measúnú i dtaobh ar sáraíodh an teorainn bunaithe ar mhéid iomlán réamh-mheasta na n‑idirbheart íocaíochta ina phlean gnó, seachas i gcás inar éiligh na húdaráis inniúla coigeartú ar an bplean sin.

I gcás ina dtairgeann institiúid íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí ríomh-airgid aon seirbhís íocaíochta nó aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10 freisin, agus nach eol méid an ríomh-airgid gan íoc roimh ré, ceadóidh na húdaráis inniúla don institiúid íocaíochta sin an chéad fhomhír, pointe (b), a chur i bhfeidhm ar bhonn cuid ionadaíoch a thoimhdítear a úsáid le haghaidh seirbhísí ríomh-airgid, ar choinníoll gur féidir meastachán réasúnach a dhéanamh ar chuid ionadaíoch den sórt sin ar bhonn sonraí stairiúla agus chun sástacht na n‑údarás inniúil. I gcás nach bhfuil tréimhse sách fada gnó curtha isteach ag an institiúid íocaíochta, déanfar measúnú ar an gceanglas sin ar bhonn an mhéid réamh-mheasta ríomh-airgid gan íoc arna fhianú lena plean gnó faoi réir aon choigeartú ar an bplean a éileoidh na húdaráis inniúla.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin maidir le deonú na ndíolúintí roghnacha a bheith faoi réir ceanglas breise, is é sin uasmhéid stórála ar ionstraim íocaíochta nó ar chuntas íocaíochta an tomhaltóra ina stóráiltear an ríomh-airgead.

Ní fhéadfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach a thairbhíonn de dhíolúine faoi mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), seirbhísí íocaíochta a sholáthar nach mbaineann le seirbhísí ríomh-airgid ach amháin i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a).

2.Ceanglóidh na Ballstáit ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá díolmhaithe ó chur i bhfeidhm na nósanna imeachta agus na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 1 clárú le húdarás inniúil an Bhallstáit baile. Cinnfidh na Ballstáit an doiciméadacht a bheidh ag gabháil leis an iarraidh sin ar chlárú, ó na heilimintí a liostaítear in Airteagal 3(3), pointí (a) go (s).

3.Ceanglóidh na Ballstáit ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach arna chlárú i gcomhréir le mír 2 a cheannoifig nó a áit chónaithe a bheith sa Bhallstát ina ndéanann sé a ghnó iarbhír.

4.Is mar institiúidí íocaíochta a dhéileálfar leis na daoine atá díolmhaithe ó chur i bhfeidhm na nósanna imeachta agus na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 1. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 13(6) ná ag Airteagail 30, 31 agus 32 maidir leis na daoine sin.

5.Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach bhféadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach arna chlárú i gcomhréir le mír 2 gabháil ach do ghníomhaíochtaí áirithe a liostaítear in Airteagal 10.

6.Na daoine atá díolmhaithe ó chur i bhfeidhm na nósanna imeachta agus na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh siad fógra do na húdaráis inniúla maidir le haon athrú ar a staid atá ábhartha i dtaca leis na coinníollacha a shonraítear sa mhír sin, agus ar a laghad ar bhonn bliantúil, ar an dáta a shonróidh na húdaráis inniúla, tabharfaidh siad tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a)meánluach iomlán na nidirbheart íocaíochta sa tréimhse 12 mhí roimhe sin i gcás ina soláthraíonn siad seirbhísí íocaíochta;

(b)an meánmhéid ríomh-airgid gan íoc i gcás ina soláthraíonn siad seirbhísí ríomh-airgid.

7.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, sa chás nach mbeidh na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 1, 3 nó 5 den Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh, go lorgóidh na daoine lena mbaineann údarú laistigh de 30 lá féilire i gcomhréir le hAirteagal 13. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a ndóthain cumhachta ag a núdaráis inniúla chun a fhíorú go bhfuil an tAirteagal seo á chomhlíonadh go leanúnach.

8.Beidh míreanna 1 go 6 den Airteagal seo gan dochar do Threoir (AE) 2015/849 ná do dhlíthe náisiúnta maidir le sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac.

Airteagal 35

Fógra a thabhairt agus faisnéis

Aon Bhallstát a chinnfidh díolúine a dheonú dá dtagraítear in Airteagal 34, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)a chinneadh díolúine den sórt sin a dheonú;

(b)aon athrú ina dhiaidh sin ar an díolúine sin;

(c)an líon daoine nádúrtha agus dlítheanacha lena mbaineann;

(d)ar bhonn bliantúil, luach iomlán na nidirbheart íocaíochta arna bhforghníomhú ón 31 Nollaig gach bliain féilire, dá dtagraítear in Airteagal 34(1), pointe (a), agus méid iomlán an ríomh-airgid gan íoc arna eisiúint, dá dtagraítear in Airteagal 34(1), pointe (b).

Airteagal 36

Soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntas

1.Daoine nádúrtha nó dlítheanacha nach soláthraíonn ach an tseirbhís íocaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe (7), ní bheidh siad faoi réir údarú ach cláróidh siad le húdarás inniúil an Bhallstáit baile sula rachaidh siad i mbun gníomhaíochta.

2.Beidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointí (a), (b), (e) go (h), (j), (l), (n), (p) agus (q) ag gabháil leis an iarraidh sin ar chlárú.

Chun críocha na doiciméadachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointí (e), (f) agus (l), soláthróidh an duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag clárú tuairisc ar a shocruithe iniúchóireachta agus ar na socruithe eagraíochtúla atá curtha ar bun aige d’fhonn gach beart réasúnta a dhéanamh chun leasanna a chuid úsáideoirí a chosaint agus chun leanúnachas agus iontaofacht a áirithiú i dtaobh fheidhmiú na seirbhíse íocaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe (7).

3.Leis na bearta rialaithe slándála agus na bearta maolúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointe (j), léireofar conas a áiritheoidh an duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag clárú ardleibhéal athléimneachta digití oibríochtúla i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) 2022/2554, go háirithe i ndáil le slándáil theicniúil agus cosaint sonraí, lena náirítear i gcás na mbogearraí agus na gcóras TFC a úsáideann an duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag clárú nó na gnóthais a ndéanann sé a oibríochtaí uile nó cuid díobh a sheachfhoinsiú chucu.

4.Ceanglóidh na Ballstáit ar dhaoine dá dtagraítear i mír 1, mar choinníoll a ghabhann lena núdarú, árachas slánaíochta gairmiúla a bheith acu, lena gcumhdaítear na críocha ar a gcuireann siad seirbhísí ar fáil, nó ráthaíocht inchomparáide éigin eile a bheith acu, chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)go mbeidh siad in ann a ndliteanas a chumhdach i leith an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas nó i leith an úsáideora seirbhísí íocaíochta a eascraíonn as rochtain neamhúdaraithe nó chalaoiseach ar sheirbhís faisnéise cuntas íocaíochta nó as úsáid neamhúdaraithe nó chalaoiseach na seirbhíse sin;

(b)go mbeidh siad in ann luach aon bharrachais, tairsí nó asbhaintigh a chumhdach as an árachas nó as an ráthaíocht inchomparáide;

(c)go ndéanfaidh siad faireachán ar chumhdach an árachais nó na ráthaíochta inchomparáide ar bhonn leanúnach.

5.Ní bheidh feidhm ag ranna 1 agus 2 de Chaibidil I maidir leis na daoine a sholáthraíonn na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Beidh feidhm ag roinn 3 de Chaibidil I maidir leis na daoine a sholáthraíonn na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cé is moite d’Airteagal 25(3).

Mar mhalairt ar árachas slánaíochta gairmiúla a shealbhú mar a cheanglaítear i míreanna 3 agus 4, sealbhóidh na gnóthais dá dtagraítear i mír 1 caipiteal tosaigh EUR 50 000, ar féidir árachas slánaíochta gairmiúla a chur ina ionad tar éis do na gnóthais sin tús a chur lena ngníomhaíocht mar institiúid íocaíochta, gan moill mhíchuí.

6.Is mar institiúidí íocaíochta a dhéileálfar leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 37

Seirbhísí ina soláthraítear airgead tirim i siopaí miondíola gan ceannach

1.Déanfaidh na Ballstáit daoine nádúrtha nó dlítheanacha a sholáthraíonn airgead tirim i siopaí miondíola go neamhspleách ar aon cheannach a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Treorach seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)tá an tseirbhís á tairiscint ag duine nádúrtha nó dlítheanach ag a áitreabh, ar duine é a dhíolann earraí nó seirbhísí mar ghairm rialta;

(b)ní mó ná EUR 50 an tairgead tirim a chuirtear ar fáil in aghaidh na haistarraingthe.

2.Beidh an tAirteagal seo gan dochar do Threoir (AE) 2015/849 nó d’aon dlí ábhartha eile de chuid an Aontais nó d’aon dlí ábhartha náisiúnta eile maidir le sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac.

Airteagal 38

Seirbhísí lena gcumasaítear aistarraingtí airgid thirim a thairgeann soláthraithe UMBanna nach ndéanann cuntais íocaíochta a riar

1.Daoine nádúrtha nó dlítheanacha a sholáthraíonn seirbhísí aistarraingthe airgid thirim dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe 1, agus nach ndéanann cuntais íocaíochta a riar agus nach soláthraíonn seirbhísí íocaíochta eile dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, ní bheidh siad faoi réir údarú ach cláróidh siad le húdarás inniúil de chuid an Bhallstáit baile sula rachaidh siad i mbun gníomhaíochta.

2.Beidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointí (a), (b), (e) go (h), (j), (l), (n), (p) agus (q) ag gabháil leis an gclárú dá dtagraítear i mír 1.

Chun críocha na doiciméadachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointí (e), (f) agus (l), soláthróidh an duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag clárú tuairisc ar a shocruithe iniúchóireachta agus ar na socruithe eagraíochtúla atá curtha ar bun aige d’fhonn gach beart réasúnta a dhéanamh chun leasanna a chuid úsáideoirí a chosaint agus chun leanúnachas agus iontaofacht a áirithiú i dtaobh fheidhmiú na seirbhísí íocaíochta dá dtagraítear i bpointe (1), d’Iarscríbhinn I.

Leis na bearta rialaithe slándála agus na bearta maolúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointe (j), léireofar conas a áiritheoidh an duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag clárú ardleibhéal athléimneachta digití oibríochtúla i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) 2022/2554, go háirithe i ndáil le slándáil theicniúil agus cosaint sonraí, lena n‑áirítear i gcás na mbogearraí agus na gcóras TFC a úsáideann an duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag clárú nó na gnóthais a ndéanann sé a oibríochtaí uile nó cuid díobh a sheachfhoinsiú chucu.

3.Ní bheidh feidhm ag ranna 1 agus 2 de Chaibidil 1 maidir leis na daoine a sholáthraíonn na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Beidh feidhm ag roinn 3 de Chaibidil 1 maidir leis na daoine a sholáthraíonn na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cé is moite d’Airteagal 25(3).

4.Is mar institiúidí íocaíochta a dhéileálfar leis na daoine a sholáthraíonn na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 39

An dualgas fógra a thabhairt

1.Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthraithe seirbhísí a dhéanann ceachtar de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (j), (i) agus (ii), de Rialachán XXX [PSR] nó a dhéanann an dá ghníomhaíocht, ar mó ná EUR 1 mhilliún luach iomlán na nidirbheart íocaíochta arna bhforghníomhú acu le linn na tréimhse 12 mhí roimhe sin, na húdaráis inniúla a chur ar an eolas faoi na seirbhísí atá á dtairiscint, agus sonróidh siad cén teisiamh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (j), (i) agus (ii), de Rialachán XXX [PSR] a mheastar a ndéantar an ghníomhaíocht faoi.

Ar bhonn an fhógra sin, déanfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh cuí-réasúnaithe ar bhonn critéir dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (j), de Rialachán XXX [PSR] i gcás nach gcáileoidh an ghníomhaíocht mar líonra teoranta, agus cuirfidh sé an soláthraí seirbhísí ar an eolas faoi sin.

2.Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthraithe seirbhísí a dhéanann gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (j), de Rialachán XXX [PSR] fógra a chur chuig údaráis inniúla agus tuairim iniúchóireachta bhliantúil a sholáthar d’údaráis inniúla, ina léireofar go gcomhlíonann an ghníomhaíocht na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 2(1), pointe (j), de Rialachán XXX [PSR].

3.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh údaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi na seirbhísí ar tugadh fógra ina leith de bhun mhír 1, agus sonróidh siad cén teisiamh a bhfuil an ghníomhaíocht á déanamh faoi.

4.An tuairisc ar an ngníomhaíocht ar tugadh fógra ina leith faoi mhíreanna 2 agus 3, cuirfear ar fáil go poiblí í sna cláir dá dtagraítear in Airteagail 17 agus 18.

TEIDEAL III

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS CAIGHDEÁIN THEICNIÚLA RIALÁLA

Airteagal 40

Gníomhartha tarmligthe

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 41 chun na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 5, Airteagal 34(1), agus Airteagal 37 a thabhairt cothrom le dáta chun boilsciú a chur san áireamh.

Airteagal 41

An tarmligean a fheidhmiú

1.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.Tugtar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 40 don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 40 a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

5.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 40 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 3 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 42

Comhchuibhiú iomlán

1.Gan dochar d’Airteagal 6(3) agus d’Airteagal 34, a mhéid atá forálacha comhchuibhithe sa Treoir seo, ní dhéanfaidh na Ballstáit aon fhoráil a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach seachas na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo.

2.Maidir le Ballstát a bhaineann úsáid as aon cheann de na roghanna dá dtagraítear in Airteagal 6(3) nó in Airteagal 34, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin agus faoi aon athrú a dhéanfar ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a chur faoi bhráid an phobail ar shuíomh gréasáin nó ar mhodh eile a bhfuil rochtain éasca air.

3.Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta maolú, chun aimhleasa úsáideoirí seirbhísí íocaíochta, ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena ndéantar an Treoir seo a thrasuí, ach amháin i gcás ina ndéantar foráil shainráite maidir leis sin inti. Mar sin féin, féadfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta a chinneadh téarmaí níos fabhraí a dheonú d’úsáideoirí seirbhísí íocaíochta.

Airteagal 43

Clásal athbhreithnithe

1.Déanfaidh an Coimisiún, faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, BCE agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, maidir le cur i bhfeidhm agus tionchar na Treorach seo, agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)oiriúnacht raon feidhme na Treorach seo, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht í a leathnú chun seirbhísí áirithe a chumhdach, lena náirítear córais íocaíochta a oibriú agus seirbhísí teicniúla a sholáthar, lena náirítear tiachóga digiteacha a phróiseáil nó a oibriú, ar seirbhísí iad nach gcumhdaítear sa raon feidhme;

(b)tionchar an athbhreithnithe ar Threoir 2014/49/AE maidir le coimirciú cistí custaiméirí ag institiúidí íocaíochta.

I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach isteach i dteannta na tuarascála uaidh.

2.Déanfaidh an Coimisiún, faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 3 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm Rialachán PSR], tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, BCE agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, maidir le raon feidhme na Treorach seo, go háirithe i ndáil le córais íocaíochta, scéimeanna íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí teicniúla. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach isteach i dteannta na tuarascála sin.

Airteagal 44

Forálacha idirthréimhseacha

1.Ceadóidh na Ballstáit d’institiúidí íocaíochta atá údaraithe de bhun Airteagal 11 de Threoir (AE) 2015/2366 faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] leanúint de na seirbhísí íocaíochta a bhfuil siad údaraithe ina leith a sholáthar agus a fhorghníomhú, gan ceangal a bheith orthu údarú a lorg i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir seo ná na forálacha eile a leagtar síos nó dá dtagraítear i dTeideal II den Treoir seo a chomhlíonadh go dtí an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Ceanglóidh na Ballstáit ar na hinstitiúidí íocaíochta sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír gach faisnéis a chur faoi bhráid na n‑údarás inniúil lena gcuirtear ar a gcumas do na húdaráis inniúla sin measúnú a dhéanamh, faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], ar cheachtar de na nithe seo a leanas:

(a)cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na hinstitiúidí íocaíochta sin Teideal II agus, i gcás nach gcomhlíonann, na bearta is gá a dhéanamh chun comhlíonadh a áirithiú;

(b)cé acu ba cheart nó nár cheart an túdarú a tharraingt siar.

Maidir le hinstitiúidí íocaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonann Teideal II arna fhíorú sin do na húdaráis inniúla, déanfar iad a údarú mar institiúidí íocaíochta de bhun Airteagal 13 den Treoir seo agus iontrálfar iad sna cláir dá dtagraítear in Airteagail 17 agus 18. I gcás nach gcomhlíonann na hinstitiúidí íocaíochta sin na ceanglais a leagtar síos i dTeideal II faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], cuirfear toirmeasc orthu seirbhísí íocaíochta a sholáthar.

2.Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le hinstitiúidí íocaíochta dá dtagraítear i mír 1 a údarú go huathoibríoch agus a iontráil sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 17 má tá fianaise ag na húdaráis inniúla go bhfuil Airteagail 3 agus 13 á gcomhlíonadh cheana ag na hinstitiúidí íocaíochta sin. Cuirfidh na húdaráis inniúla na hinstitiúidí íocaíochta lena mbaineann ar an eolas faoin údarú uathoibríoch sin sula ndeonófar an túdarú.

3.Ceadóidh na Ballstáit do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a thairbhigh de dhíolúine de bhun Airteagal 32 de Threoir (AE) 2015/2366 faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], agus a sholáthair seirbhísí íocaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)leanúint de na seirbhísí sin a sholáthar laistigh den Bhallstát lena mbaineann go dtí an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 24 mhí i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo];

(b)díolúine a fháil de bhun Airteagal 34 den Treoir seo nó,

(c)na forálacha eile a leagtar síos nó dá dtagraítear i dTeideal II den Treoir seo a chomhlíonadh.

Aon duine dá dtagraítear sa chéad fhomhír nach mbeidh údaraithe ná díolmhaithe faoin Treoir seo, faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], cuirfear toirmeasc air seirbhísí íocaíochta a sholáthar.

4.Féadfaidh na Ballstáit, i gcás daoine nádúrtha nó dlítheanacha a thairbhigh de dhíolúine de bhun Airteagal 32 de Threoir (AE) 2015/2366, díolúine a dheonú dóibh de bhun Airteagal 34 den Treoir seo agus na daoine sin a iontráil sna cláir dá dtagraítear in Airteagail 17 agus 18 den Treoir seo i gcás ina bhfuil fianaise ag na húdaráis inniúla go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 34 den Treoir seo á gcomhlíonadh acu. Cuirfidh na húdaráis inniúla na hinstitiúidí íocaíochta lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin.

Airteagal 45

Foráil idirthréimhseach – institiúidí ríomh-airgid atá údaraithe faoi Threoir 2009/110/CE

1.Ceadóidh na Ballstáit d’institiúidí ríomh-airgid, a sainmhíníodh in Airteagal 2, pointe 1, de Threoir 2009/110/CE, a bheidh ag gabháil, roimh an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], do ghníomhaíochtaí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2009/110/CE mar institiúidí ríomh-airgid sa Bhallstát ina bhfuil a gceannoifig lonnaithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2009/110/CE, leanúint de na gníomhaíochtaí sin sa Bhallstát sin nó i mBallstát eile gan ceangal a bheith orthu údarú a lorg i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir seo ná na forálacha eile a leagtar síos nó dá dtagraítear i dTeideal II den Treoir seo a chomhlíonadh.

2.Ceanglóidh na Ballstáit ar na hinstitiúidí ríomh-airgid dá dtagraítear i mír 1 gach faisnéis a chur faoi bhráid na núdarás inniúil a theastaíonn ó na húdaráis inniúla sin chun measúnú a dhéanamh, faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na hinstitiúidí ríomh-airgid sin an Treoir seo. I gcás ina dtagann sé chun solais sa mheasúnú sin nach gcomhlíonann na hinstitiúidí ríomh-airgid sin na ceanglais sin, cinnfidh na húdaráis inniúla cé na bearta is gá a dhéanamh chun an comhlíonadh sin a áirithiú, nó an túdarú a tharraingt siar.

Maidir le hinstitiúidí ríomh-airgid dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonann Teideal II arna fhíorú sin do na húdaráis inniúla, déanfar iad a údarú mar institiúidí íocaíochta de bhun Airteagal 13 den Treoir seo agus iontrálfar iad sna cláir dá dtagraítear in Airteagail 17 agus 18. I gcás nach gcomhlíonann na hinstitiúidí ríomh-airgid sin na ceanglais a leagtar síos i dTeideal II faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], cuirfear toirmeasc orthu seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar.

3.Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt institiúidí ríomh-airgid dá dtagraítear i mír 1 a údarú go huathoibríoch mar institiúidí íocaíochta agus a iontráil sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 17 i gcás ina bhfuil fianaise ag na húdaráis inniúla go bhfuil an Treoir seo á comhlíonadh ag na hinstitiúidí ríomh-airgid lena mbaineann. Cuirfidh na húdaráis inniúla na hinstitiúidí ríomh-airgid lena mbaineann ar an eolas faoi sin sula ndeonófar an túdarú uathoibríoch sin.

4.Ceadóidh na Ballstáit do dhaoine dlítheanacha a bheidh ag gabháil, roimh an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], do ghníomhaíochtaí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 9 de Threoir 2009/110/CE, leanúint de na gníomhaíochtaí sin laistigh den Bhallstát lena mbaineann i gcomhréir leis an Treoir sin go dtí an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], gan ceangal a bheith orthu údarú a lorg faoi Airteagal 3 den Treoir seo ná na forálacha eile a leagtar síos nó dá dtagraítear i dTeideal II den Treoir seo a chomhlíonadh. Institiúidí ríomh-airgid dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil údaraithe ná díolmhaithe, le linn na tréimhse sin, de réir bhrí Airteagal 34 den Treoir seo, cuirfear toirmeasc orthu seirbhísí ríomh-airgid a sholáthar.

Airteagal 46

Leasuithe ar Threoir 98/26/CE

Leasaítear Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE mar a leanas:

(1)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) ciallóidh ‘institiúid’ aon cheann de na nithe seo a leanas:

— institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* ;

— gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**), seachas na hinstitiúidí a leagtar amach in Airteagal 2(1) di,

— údaráis phoiblí agus gnóthais arna ráthú go poiblí,

— aon ghnóthas a bhfuil a cheannoifig lasmuigh den Aontas agus a bhfuil a fheidhmeanna ar aon dul le feidhmeanna institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta de chuid an Aontais [mar a shainmhínítear sa chéad fhleasc agus sa dara fleasc],

atá rannpháirteach i gcóras agus atá freagrach as na hoibleagáidí airgeadais a eascraíonn as orduithe aistrithe laistigh den chóras sin a chomhlíonadh;

— institiúid íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir XXX [PSD3], seachas institiúidí íocaíochta a thairbhíonn de dhíolúine de bhun Airteagail 34, 36 agus 38 den Treoir sin,

atá rannpháirteach i gcóras arb é atá i gceist lena ghnó orduithe aistrithe a fhorghníomhú mar a shainmhínítear i bpointe (i), an chéad fhleasc, agus atá freagrach as na hoibleagáidí airgeadais a eascraíonn as orduithe aistrithe den sórt sin laistigh den chóras sin a chomhlíonadh.

Más rud é go ndéantar maoirseacht ar chóras i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta agus nach bhforghníomhaítear ach orduithe aistrithe mar a shainmhínítear i bpointe (i), an dara fleasc, tríd an gcóras sin, mar aon le híocaíochtaí a eascraíonn as orduithe den sórt sin, féadfaidh Ballstát a chinneadh gur féidir glacadh leis gur institiúidí iad na gnóthais atá rannpháirteach i gcóras den sórt sin agus atá freagrach as na hoibleagáidí airgeadais a eascraíonn as orduithe aistrithe laistigh den chóras sin a chomhlíonadh, ar choinníoll go gcumhdaítear trí rannpháirtí ar a laghad sa chóras sin leis na catagóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus go bhfuil údar le cinneadh den sórt sin ar fhorais riosca shistéamaigh; ’;

(2)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f)    ciallóidh ‘rannpháirtí’ institiúid, contrapháirtí lárnach, gníomhaire socraíochta, teach imréitigh, oibreoir córais íocaíochta nó comhalta imréitigh de chontrapháirtí lárnach arna údarú de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

De réir rialacha an chórais, féadfaidh an rannpháirtí céanna gníomhú mar chontrapháirtí lárnach, mar ghníomhaire socraíochta nó mar theach imréitigh, nó féadfaidh sé cuid de na cúraimí sin nó na cúraimí uile sin a dhéanamh.

Féadfaidh Ballstát, chun críocha na Treorach seo, a mheas go bhfuil rannpháirtí indíreach ina rannpháirtí i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin ar fhorais riosca shistéamaigh, rud nach gcuirfidh teorainn, áfach, le freagracht an rannpháirtí trína n‑aistríonn an rannpháirtí indíreach orduithe aistrithe chuig an gcóras;’.

Airteagal 47 
Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(68) Rialachán (AE) 20../.... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat le haghaidh Rochtain ar Shonraí Airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 agus (AE) 2022/2554 (IO L [...], [……….], [lch. ..]).’

Airteagal 48

Aisghairm

Aisghairtear Treoir (AE) 2015/2366 le héifeacht ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Aisghairtear Treoir 2009/110/CE le héifeacht ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Maidir le gach tagairt do Threoir (AE) 2015/2366 agus do Threoir 2009/110/CE i ngníomhartha dlí atá i bhfeidhm tráth a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm, déanfar iad a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo nó do Rialachán XXX [PSR] agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 49

Trasuí

1.Maidir leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú, faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí, agus laistigh den [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] i gcás Airteagal 46. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

2.Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta atá cothrom le 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] i gcás Airteagal 46.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach chun an tagairt sin a dhéanamh.

3.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 50

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 51

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Treoir (AE) 2015/2366 an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach.
(2)    Treoir (AE) 2007/64 an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach.
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa, Treoir 2013/36/AE maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa.
(4)    Treoir 2009/110/CE maidir le dul i mbun gnó institiúidí ríomh-airgid, an gnó sin a shaothrú agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air.
(5)    COM (2020) 592 final, an 24 Meán Fómhair 2020.
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 an 14 Márta 2012.
(7)    COM(2022)546 final.
(8)    Rialachán (AE) 2021/1230 an 14 Iúil 2021 maidir le híocaíochtaí trasteorann san Aontas.
(9)    Rialachán (AE) 2015/751 an 29 Aibreán 2015 maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe.
(10)    Treoir 98/26/CE an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús.
(11)    Rialachán (AE) 2023/1114 an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní.
(12)    Rialachán (AE) 2022/2554 an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais.
(13)    COM (2020) 591 final an 24 Meán Fómhair 2020.
(14)    COM (2021) 32 final an 19 Eanáir 2021.
(15)    Rialachán (AE) 2016/679 an 27 Aibreán 2016. Féach thíos freisin, faoi ‘chearta bunúsacha’.
(16)    Treoir 2009/110/CE an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun gnó Institiúidí Ríomh-Airgid, an gnó sin a shaothrú agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air.
(17)    Amhail rialacha stuamachta i gcomhair banc nó rialacha maidir le margaí urrús.
(18)    SWD 2023/231 final.
(19)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13331-Payment-services-review-of-EU-rules/public-consultation_ga  
(20)     https://finance.ec.europa.eu/regulation-and-supervision/consultations/finance-2022-psd2-review_ga  
(21)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13331-Seirbhisi-iocaiochta-athbhreithniu-ar-rialacha-an-Aontais-Eorpaigh_ga  
(22)    ÚBE/Op/2022/06 an 23 Meitheamh 2022.
(23)    Le fáil ag an nasc seo : https://data.europa.eu/doi/10.2874/996945 . Tagairt an chonartha FISMA/2021/OP/0002.
(24)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.
(25)    Treoir (AE) 2019/879 an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 98/26/CE.
(26)    COM(2023)228 final.
(27)    IO C , , lch. .
(28)    IO C , , lch. .
(29)    Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena naisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(30)    Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2020 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Íocaíochtaí Miondíola don Aontas Eorpach COM/2020/592 final.
(31)    Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun gnó foras airgid leictreonaigh, gnó den sórt sin a shaothrú nó maoirsiú stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena naisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
(32)    Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).
(33)    Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 1).
(34)    Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoir 97/7/CE, Treoir 2002/65/CE, Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena naisghairtear Treoir 97/5/CE (IO L 319, 5.12.2007, lch. 1).
(35)    An tÚdarás Baincéireachta Eorpach, EBA/REP/2023/01, Tuarascáil Athbhreithnithe Piaraí maidir le húdarú faoi PSD2.
(36)    Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1).
(37)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(38)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena naisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE.
(39)    Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena naisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).
(40)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/411 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2018 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena socraítear ceanglais theicniúla maidir le forbairt, feidhmiú agus cothabháil an chláir lárnaigh leictreonaigh laistigh de réimse na seirbhísí íocaíochta agus maidir le rochtain ar an bhfaisnéis atá ann (IO L 73, 15.3.2019, lch. 84).
(41)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(42)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(43)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh comhair agus malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla i ndáil le feidhmiú an chirt bunaíochta agus i ndáil leis an tsaoirse chun seirbhísí institiúidí íocaíochta a sholáthar (IO L 294, 11.11.2017, lch. 1).
(44)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1722 ón gCoimisiún an 18 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an creat le haghaidh comhair agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit óstaigh i gcomhthéacs na maoirseachta ar institiúidí íocaíochta agus institiúidí ríomh-airgid a fheidhmíonn soláthar trasteorann seirbhísí íocaíochta (IO L 343, 28.9.2021, lch. 1).
(45)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1423 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 maidir le Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a fhorlíonadh a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála maidir leis na critéir chun pointí teagmhála lárnacha a cheapadh laistigh de réimse na seirbhísí íocaíochta agus maidir le feidhmeanna na bpointí teagmhála lárnacha sin (IO L 328, 9.10.2020, lch. 1).
(46)    Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(47)    Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45).
(48)    Rialachán (AE) 20../.... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat le haghaidh Rochtain ar Shonraí Airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 agus (AE) 2022/2554.
(49)    Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena naisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).
(50)    COM(2023)228 final.
(51)    Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(52)    Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir le ceanglais Cistí Dílse le haghaidh institiúidí (IO L 74, 14.3.2014, lch. 8).
(53)    Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(54)    Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1).
(55)    Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).
(56)    Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1).
(57)    Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).
(58)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/410 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le mionsonraí agus struchtúr na faisnéise a bhfuil fógra le tabhairt ina leith, i réimse na seirbhísí íocaíochta, ag na húdaráis inniúla don Údarás Baincéireachta Eorpach de bhun Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 73, 15.3.2019, lch. 20).
Top

An Bhruiséil,28.6.2023

COM(2023) 366 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid sa Mhargardh Inmheánach lena leasaítear Treoir 98/26/CE, agus lena n-aisghairtear Treoracha 2015/2366/AE agus 2009/110/CE

{SEC(2023) 256 final} - {SWD(2023) 231 final} - {SWD(2023) 232 final}


IARSCRÍBHINN I

SEIRBHÍSÍ ÍOCAÍOCHTA

(dá dtagraítear i bpointe 3 d’Airteagal 2)

1.Seirbhísí lena gcumasaítear airgead tirim a chur ar chuntas íocaíochta agus/nó a aistarraingt ó chuntas íocaíochta.

2.Idirbhearta íocaíochta a fhorghníomhú, lena n-áirítear aistrithe cistí ó chuntas íocaíochta agus chuig cuntas íocaíochta, lena n-áirítear i gcás ina gcumhdaítear na cistí le líne chreidmheasa le soláthraí seirbhísí íocaíochta an úsáideora nó le soláthraí seirbhísí íocaíochta eile.

3.Ionstraimí íocaíochta a eisiúint.

4.Idirbhearta íocaíochta a fháil.

5.Seoltán airgid.

6.Seirbhísí tionscanta íocaíochta.

7.Seirbhísí faisnéise cuntas.



IARSCRÍBHINN II

SEIRBHÍSÍ RÍOMH-AIRGID

(dá dtagraítear i bpointe 37 d’Airteagal 2)

Ríomh-airgead a eisiúint, cuntais íocaíochta ina stóráiltear aonaid ríomh-airgid a chothabháil, agus aonaid ríomh-airgid a aistriú.



IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHGHAOIL

TREOIR (AE)  2015/2366

TREOIR 2009/110/CE

TREOIR XXX (PSD3)

RIALACHÁN XXX (PSR)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 2(1)

Litir (a)

Litir (a)

Litir (a)

Litir (b)

Litir (b)

-

Litir (c)

Litir (c)

Litir (b)

Litir (d)

Litir (c)

Litir (e)

Litir (d)

Litir (d)

Litir (f)

Litir (e)

Litir (e)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 3

Airteagal 2(2)

Litir (a)

Litir (a)

Litir (b)

Litir (b)

Litir (c)

-

Litir (d)

Litir (c)

Litir (e)

Litir (d)

Litir (e)

Litir (f)

-

Litir (g)

Litir (f)

Litir (h)

Litir (g)

Litir (i)

Litir (h)

Litir (j)

Litir (i)

Litir (k)

Airteagal 1(4)

Litir (j)

Litir (l)

Airteagal 1(5)

Litir (k)

Litir (m)

Litir (l)

Litir (n)

Litir (m)

Litir (o)

-

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2(5)

Airteagal 2(5)

Airteagal 2(6)

Airteagal 2(7)

Airteagal 2(8)

Airteagal 4:

Airteagal 2:

Airteagal 2:

Airteagal 3:

Pointí (1) – (3)

Pointí (1) – (3)

Pointí (1) – (3)

Pointe (4)

Pointe (4)

Pointe (4)

Pointe (5)

Pointe (5)

Pointe (5)

Pointe (6)

-

-

-

-

Pointí (6) agus (7)

Pointe (6)

Pointe (8)

Pointe (7)

Pointe (7)

Pointe (9)

Pointe (8)

Pointe (10)

Pointí (8) – (13)

Pointí (9) – (14)

Pointí (11) – (16)

-

-

Pointe (17)

Pointe (14)

Pointe (15)

Pointe (18)

Pointí (15) agus (16)

Pointí (17) agus (18)

Pointí (20) agus (21)

Pointe (17)

Pointe (16)

Pointe (19)

Pointí (18) agus (19)

Pointí (19) agus (20)

Pointí (22) agus (23)

Pointe (20)

Pointe (21)

Pointe (24)

Pointe (21)

-

Pointe (25)

Pointe (22)

Pointe (22)

Pointe (26)

Pointí (23) agus (24)

-

Pointí (27) agus (28)

-

-

Pointe (29)

Pointe (25)

Pointe (23)

Pointe (30)

Pointí (26) – (30)

-

Pointí (31) – (35)

Pointe (24)

Pointe (36)

Pointe (31)

-

Pointe (37)

Pointe (32)

Pointe (25)

Pointe (38)

Pointí (33) – (36)

-

Pointí (39) – (42)

Pointe (37)

Pointe (26)

Pointe (43)

Pointe (27)

Pointí (38) – (40)

Pointí (28) – (30)

Pointí (44) – (46)

Pointí (41) agus (42)

-

-

Pointe (43)

-

Pointe (47)

Pointí (44) agus (45)

Pointí (31) agus (32)

Pointí (48) agus (49)

Pointe (46)

Pointe (33)

-

Pointe (47)

-

Pointe (48)

-

Pointe (1)

Pointe (39)

Pointe (55)

Pointe (2)

Pointe (34)

Pointe (50)

Pointe (3)

-

-

Pointe (4)

Pointe (35)

-

Pointí (36) – (38)

Pointí (52) – (54)

Pointe (55)

Airteagal 3(1), (2)

Airteagal 5(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(2)

Airteagal 9(5)

Airteagal 5(2)

Airteagal 3(4)

Airteagal 5(3)

Airteagal 36(4)

Airteagal 5(4) agus (5)

-

Airteagal 5(6)

Airteagal 3(5), (6)

Airteagal 5(7)

-

Airteagal 6(1)

Airteagal 3(3)

Airteagal 4(1)

Airteagal 3(4)

Airteagal 20(1), (2), (3)

Airteagal 6(2)

Airteagal 4(2)

Airteagal 6(3)

Airteagal 4(3)

Airteagal 6(4)

Airteagal 4(4)

Airteagal 7

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 8(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 6(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 5(6)

Airteagal 6(2)

Airteagal 8(3)

Airteagal 5(7)

Airteagal 6(3)

Airteagal 9(1)

Airteagal 7(1), Airteagal 7(2)

Airteagal 9(2)

Airteagal 7(3)

-

Airteagal 7(4)

Airteagal 9(3)

Airteagal 7(5)

Airteagal 8(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 8(2), Airteagal 8(4)

Airteagal 5(3)

Airteagal 8(3)

Airteagal 5(4)

Airteagal 8(5)

Airteagal 5(5)

Airteagal 8(6)

Airteagal 10(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 9(2)

Airteagal 7(1)

Airteagal 9(3)

Airteagal 7(2)

Airteagal 9(4)

Airteagal 7(3)

Airteagal 7(4)

Airteagal 11(1)

Airteagal 13(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 13(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 13(3)

Airteagal 11(4)

Airteagal 13(4)

Airteagal 11(5)

Airteagal 13(5)

Airteagal 11(6)

Airteagal 13(6)

Airteagal 11(7)

Airteagal 13(7)

Airteagal 11(8)

Airteagal 13(8)

Airteagal 11(9)

Airteagal 13(9)

Airteagal 12

Airteagal 14

Airteagal 13(1)

Airteagal 16(1)

Airteagal 13(2)

Airteagal 16(2)

Airteagal 13(3)

Airteagal 16(3)

Airteagal 14(1)

Airteagal 17(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 17(2)

Airteagal 14(3)

Airteagal 17(3)

Airteagal 14(4)

Airteagal 17(4)

Airteagal 15(1)

Airteagal 18(1)

Airteagal 15(2)

Airteagal 18(2)

Airteagal 15(3)

Airteagal 18(3)

Airteagal 15(4)

Airteagal 18(4)

Airteagal 15(5)

Airteagal 18(5)

Airteagal 18(6)

Airteagal 16

Airteagal 15

Airteagal 17(1)

Airteagal 11(1)

Airteagal 17(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 17(3)

Airteagal 11(3)

Airteagal 17(4)

Airteagal 11(4)

Airteagal 18(1)

Airteagal 6(1), litir (a)

Airteagal 10(1)

Litir (a)

Litir (c)

Litir (a)

Litir (b)

Litir (b)

Litir (c)

Litir (c)

Airteagal 18(2)

Airteagal 6(4)

Airteagal 10(2)

Airteagal 18(3)

Airteagal 6(4)

Airteagal 10(3)

Airteagal 18(4)

Airteagal 6(1), litir (b)

Airteagal 10(4)

Airteagal 18(5)

Airteagal 6(2); Airteagal 6(4)

Airteagal 10(5)

Airteagal 6(3)

Airteagal 10(6)

Airteagal 18(6)

Airteagal 10(7)

Airteagal 19(1)

Airteagal 19(1)

Airteagal 19(2)

Airteagal 19(2)

Airteagal 19(3)

Airteagal 19(3)

Airteagal 19(4)

Airteagal 19(4)

Airteagal 19(5)

Airteagal 19(5)

Airteagal 19(6)

Airteagal 22(1)

Airteagal 19(7)

Airteagal 19(6), Airteagal 21(2)

Airteagal 19(8)

Airteagal 19(7), Airteagal 22(2)

Airteagal 20(1)

Airteagal 23(1)

Airteagal 20(2)

Airteagal 23(2)

Airteagal 21

Airteagal 12

Airteagal 22(1)

Airteagal 24(1)

Airteagal 22(2)

Airteagal 24(2)

Airteagal 22(3)

Airteagal 24(3)

Airteagal 22(4)

Airteagal 24(4)

Airteagal 22(5)

Airteagal 24(5)

Airteagal 23(1)

Airteagal 25(1)

Litir (a)

Litir (a)

Litir (b)

Litir (b)

Litir (c)

Litir (c)

Litir (d)

-

Airteagal 25(2)

Airteagal 23(2)

Airteagal 25(3)

Airteagal 23(3)

Airteagal 25(4)

Airteagal 24(1)

Airteagal 26(1)

Airteagal 24(2)

Airteagal 26(2)

Airteagal 24(3)

Airteagal 26(3)

Airteagal 25(1)

Airteagal 27(1)

Airteagal 25(2)

Airteagal 27(2)

Airteagal 26(1)

Airteagal 28(1)

Airteagal 26(2)

Airteagal 28(2)

Airteagal 27(1)

Airteagal 29(1)

Airteagal 27(2)

Airteagal 29(2)

Airteagal 28(1)

Airteagal 30(1)

Airteagal 28(2)

Airteagal 30(2)

Airteagal 28(3)

Airteagal 30(3)

Airteagal 28(4)

Airteagal 30(4)

Airteagal 28(5)

Airteagal 30(5)

Airteagal 29(1)

Airteagal 31(1)

Airteagal 29(2)

Airteagal 31(2)

Airteagal 29(3)

Airteagal 31(3)

Airteagal 29(4)

Airteagal 31(4)

Airteagal 29(5)

Airteagal 31(5)

Airteagal 29(6)

-

Airteagal 31(6)

Airteagal 30(1)

Airteagal 32(1)

Airteagal 30(2)

Airteagal 32(2)

Airteagal 30(3)

Airteagal 32(3)

Airteagal 30(4)

Airteagal 32(4)

Airteagal 31(1)

Airteagal 33(1)

Airteagal 31(2)

Airteagal 33(2)

Airteagal 8(1), (2), (3)

Airteagal 32(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 34(1)

Litir (a)

Litir (a)

Litir (a)

Litir (b)

Litir (b)

Litir (b)

Litir (c)

Airteagal 32(2)

Airteagal 9(2)

Airteagal 34(2)

Airteagal 32(3)

Airteagal 9(3)

Airteagal 34(3)

Airteagal 32(4)

Airteagal 9(4)

Airteagal 34(4)

Airteagal 32(5)

Airteagal 9(5), Airteagal 9(6), Airteagal 9(7)

Airteagal 34(5)

Airteagal 32(6)

Airteagal 9(8)

Airteagal 34(6)

Airteagal 33(1)

Airteagal 36(1)

Airteagal 33(2)

Airteagal 36(2)

Airteagal 47(2)

Airteagal 34

Airteagal 9(9)

Airteagal 35

Airteagal 37(1), (2), (3)

Airteagal 38(1), (2)

Airteagal 10

Airteagal 45(2), (4)

Airteagal 11(1)

Airteagal 30(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 30(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 30(3)

Airteagal 11(4)

Airteagal 30(4)

Airteagal 11(5)

Airteagal 30(5)

Airteagal 11(6)

Airteagal 30(6)

Airteagal 11(7)

Airteagal 30(7)

Airteagal 12

Airteagal 30(8)

Airteagal 13

Caibidil 8 de Theideal IV

Airteagal 35(1)

Airteagal 31(1), Airteagal 31(5)

Airteagal 31(2)

Airteagal 35(2)

Airteagal 31(3), Airteagal 31(4), Airteagal 31(6)

Airteagal 31(7)

Airteagal 36

Airteagal 32(1), (2), (3), (4), (5), (6), (7)

Airteagal 37(1)

-

Airteagal 37(2)

Airteagal 39(1)

Airteagal 37(3)

Airteagal 39(2)

Airteagal 37(4)

Airteagal 39(3)

Airteagal 37(5)

Airteagal 39(4)

Airteagal 38(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 38(2)

Airteagal 4(2)

Airteagal 38(3)

-

Airteagal 39

-

Airteagal 7

Airteagal 40(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 40(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 40(3)

Airteagal 8(3)

Airteagal 41

Airteagal 9

Airteagal 42(1)

Airteagal 10

Airteagal 42(2)

-

Airteagal 43(1)

Airteagal 11(1)

Airteagal 43(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 44(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 44(2)

Airteagal 12(2)

Airteagal 44(3)

Airteagal 12(3)

Airteagal 45

Airteagal 13

Pointe (1)

Pointe (1)

Litir (a)

Litir (a)

Litir (b)

Litir (b)

Litir (c)

Litir (c)

Litir (d)

Litir (d)

Litir (e)

Litreacha (f), (g)

Pointe (2)

Pointe (2)

Litir (a)

Litir (a)

Litir (b)

Litir (b)

Airteagal 45(3)

Airteagal 13(3)

Airteagal 46

Airteagal 14

Airteagal 47

Airteagal 15

Airteagal 48

Airteagal 16

Airteagal 49

Airteagal 17

Airteagal 50

Airteagal 18

Airteagal 51(1)

Airteagal 19(1)

Airteagal 51(2)

Airteagal 19(2)

Airteagal 51(3)

Airteagal 19(3)

Airteagal 52,

Airteagal 20

pointe (1)

litir (a)

litir (a)

Pointe (i)

litir (b)

Pointe (ii)

Pointe (2)

Litir (b)

litir (a)

Pointe (i)

litir (b)

Pointe (ii)

litir (c)

Pointe (iii)

litir (d)

Pointe (iv)

litir (e)

Pointe (v)

Pointe (vi)

litir (f)

Pointe (vii)

litir (g)

Pointe (viii)

pointe (3)

Litir (c)

litir (a)

Pointe (i)

Pointe (ii)(1), (2), (3), (4)

litir (b)

Pointe (iii)

litir (c)

Pointe (iv)

Pointe (v)

pointe (4)

Litir (d)

litir (a)

Pointe (i)

litir (b)

Pointe (ii)

litir (c)

Pointe (iii)

litir (d)

Pointe (iv)

Pointe (5)

Litir (e)

litir (a)

Pointe (i)

litir (b)

Pointe (ii)

litir (c)

Pointe (iii)

litir (d)

Pointe (iv)

litir (e)

Pointe (v), Pointe (vi)

litir (f)

Pointe (vii)

litir (g)

Pointe (viii)

Pointe (6)

Litir (f)

litir (a)

Pointe (i)

litir (b)

Pointe (ii)

litir (c)

Pointe (iii)

Pointe (7)

Litir (g)

litir (a)

Pointe (i)

litir (b)

Pointe (ii)

Airteagal 53

Airteagal 21

Airteagal 54(1)

Airteagal 22(1)

Airteagal 22(2)

Airteagal 54(2)

Airteagal 22(3)

Airteagal 54(3)

Airteagal 22(4)

Airteagal 55(1)

Airteagal 23(1)

Airteagal 55(2)

Airteagal 23(2)

Airteagal 55(3)

Airteagal 23(3)

Airteagal 55(4)

Airteagal 23(4)

Airteagal 55(5)

Airteagal 23(5)

Airteagal 55(6)

Airteagal 23(6)

Airteagal 56

Airteagal 24

Airteagal 57(1)

Airteagal 25(1)

Airteagal 57(2)

Airteagal 25(2)

Airteagal 57(3)

Airteagal 25(3)

Airteagal 58(1)

Airteagal 26(1)

Airteagal 58(2)

Airteagal 26(2)

Airteagal 58(3)

Airteagal 26(3)

Airteagal 59(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 59(2)

Airteagal 5(2)

Airteagal 60(1)

Airteagal 6(1)

Airteagal 60(2)

Airteagal 6(2)

Airteagal 60(3)

Airteagal 6(3)

Airteagal 61(1)

Airteagal 27(1)

Airteagal 61(2)

Airteagal 27(2)

Airteagal 61(3)

Airteagal 27(3)

Airteagal 61(4)

-

Airteagal 62(1)

Airteagal 28(1)

Airteagal 62(2)

Airteagal 28(2)

Airteagal 62(3)

Airteagal 28(5)

Airteagal 62(4)

Airteagal 28(3)

Airteagal 62(5)

Airteagal 28(4)

Airteagal 63(1)

Airteagal 29(1)

Airteagal 63(2)

-

Airteagal 63(3)

Airteagal 29(2)

Airteagal 29(3)

Airteagal 64(1)

Airteagal 49(1)

Airteagal 49(2)

Airteagal 64(2)

Airteagal 49(3), Airteagal 49(5)

Airteagal 49(4)

Airteagal 64(3)

Airteagal 49(7)

Airteagal 64(4)

Airteagal 49(6)

Airteagal 65(1)

-

Airteagal 65(2)

-

Airteagal 65(3)

-

Airteagal 65(4)

-

Airteagal 65(5)

-

Airteagal 65(6)

-

Airteagal 66(1)

Airteagal 33(1)

Airteagal 66(2) agus Airteagal 66(4)

Airteagal 40

Airteagal 66(3)

Airteagal 46(2)

Airteagal 66(5)

Airteagal 34(1), Airteagal 34(2)

Airteagal 67(1)

Airteagal 33(2)

Airteagal 67(2)

Airteagal 47(1)

Airteagal 67(3)

Airteagal 41(1)

Airteagal 67(4)

Airteagal 34(1), Airteagal 34(2)

Airteagail 35 - 39

Airteagal 68(1)

Airteagal 51(1)

Airteagal 68(2)

Airteagal 51(2)

Airteagal 68(3)

Airteagal 51(3)

Airteagal 68(4)

Airteagal 51(4)

Airteagal 68(5)

Airteagal 42(1)

Airteagal 68(6)

Airteagal 42(2)

Airteagal 43(1), (2), (3), (4)

Airteagal 44(1), (2)

Airteagal 45(1), (2)

Airteagal 46(1)

Airteagal 47(2)

Airteagal 48(1), (2), (3), (4), (5)

Airteagal 50(1), (2), (3), (4), (5), (6), (7), (8), (9)

Airteagal 69(1), Airteagal 69(2)

Airteagal 52

Airteagal 70(1)

Airteagal 53(1)

Airteagal 70(2)

Airteagal 53(2)

Airteagal 71(1)

Airteagal 54(1)

Airteagal 71(2)

Airteagal 54(2)

Airteagal 72(1)

Airteagal 55(1)

Airteagal 72(2)

Airteagal 55(2)

Airteagal 73(1)

Airteagal 56(1), Airteagal 56(3)

Airteagal 56(2)

Airteagal 73(2)

Airteagal 56(4)

Airteagal 73(3)

Airteagal 56(5)

Airteagal 57(1), (2), (3), (4), (5), (6)

Airteagal 58

Airteagal 59(1), (2), (3), (4), (5)

Airteagal 74(1)

Airteagal 60(1)

Airteagal 74(2)

Airteagal 60(2)

Airteagal 60(3)

Airteagal 74(3)

Airteagal 60(4)

Airteagal 75(1)

Airteagal 61(1)

Airteagal 61(2)

Airteagal 75(2)

Airteagal 61(3)

Airteagal 61(4)

Airteagal 76(1)

Airteagal 62(1)

Airteagal 76(2)

Airteagal 62(2)

Airteagal 76(3)

Airteagal 62(3)

Airteagal 76(4)

Airteagal 62(4)

Airteagal 77(1)

Airteagal 63(1)

Airteagal 77(2)

Airteagal 63(2)

Airteagal 78(1)

Airteagal 64(1)

Airteagal 78(2)

Airteagal 64(2)

Airteagal 66(3)

Airteagal 79(1)

Airteagal 65(1)

Airteagal 79(2)

Airteagal 65(2)

Airteagal 79(3)

Airteagal 65(3)

Airteagal 80(1)

Airteagal 66(1)

Airteagal 80(2)

Airteagal 66(2)

Airteagal 80(3)

Airteagal 66(3)

Airteagal 80(4)

Airteagal 66(4)

Airteagal 80(5)

Airteagal 66(5)

Airteagal 81(1)

Airteagal 67(1)

Airteagal 81(2)

Airteagal 67(2)

Airteagal 81(3)

Airteagal 67(3)

Airteagal 82(1)

Airteagal 68(1)

Airteagal 82(2)

Airteagal 68(2)

Airteagal 83(1)

Airteagal 69(1)

Airteagal 83(2)

Airteagal 69(2)

Airteagal 83(3)

Airteagal 69(3)

Airteagal 84

Airteagal 70

Airteagal 85

Airteagal 71

Airteagal 86

Airteagal 72

Airteagal 87(1)

Airteagal 73(1)

Airteagal 87(2)

Airteagal 73(2)

Airteagal 87(3)

Airteagal 73(3)

Airteagal 88(1)

Airteagal 74(1)

Airteagal 88(2)

Airteagal 74(2)

Airteagal 88(3)

Airteagal 74(3)

Airteagal 88(4)

Airteagal 74(4)

Airteagal 88(5)

Airteagal 74(5)

Airteagal 74(6)

Airteagal 89(1)

Airteagal 75(1)

Airteagal 89(2)

Airteagal 75(2)

Airteagal 89(3)

Airteagal 75(3)

Airteagal 90(1)

Airteagal 76(1)

Airteagal 90(2)

Airteagal 76(2)

Airteagal 91

Airteagal 77

Airteagal 92(1)

Airteagal 78(1)

Airteagal 92(2)

Airteagal 78(2)

Airteagal 93

Airteagal 79

Airteagal 94

Airteagal 80

Airteagal 95(1)

Airteagal 81(1)

Airteagal 95(2)

-

Airteagal 95(3)

-

Airteagal 95(4)

-

Airteagal 95(5)

Airteagal 81(2)

Airteagal 96(1)

-

Airteagal 96(2)

-

Airteagal 96(3)

-

Airteagal 96(4)

-

Airteagal 96(5)

-

Airteagal 96(6)

Airteagal 82

Airteagal 83(1), (2), (3), (4), (5), (6)

Airteagal 84(1), (2), (3)

Airteagal 97(1)

Airteagal 85(1)

Airteagail 85(2)-(7)

Airteagal 97(2)

Airteagal 85(8), Airteagal 85(9)

Airteagal 97(3)

Airteagal 85(10)

Airteagal 97(4)

Airteagal 86(1)

Airteagal 97(5)

Airteagal 86(2)

Airteagal 86(3), (4)

Airteagal 87

Airteagal 88(1), (2), (3)

Airteagal 98(1)

Airteagal 89(1)

Litir (a)

Litir (a)

Litir (b)

Litir (b)

Litir (c)

Litir (c)

Litir (d)

Litir (d)

Litir (e)

Litir (f)

Litir (g)

Airteagal 98(2), (4)

Airteagal 89(2)

Airteagal 98(3)

Airteagal 85(11)

Airteagal 98(5)

Airteagal 89(3)

Airteagal 99(1)

Airteagal 90(1)

Airteagal 99(2)

Airteagal 90(2)

Airteagal 100(1)

Airteagal 91(2)

Airteagal 100(2)

Airteagal 91(3)

Airteagal 100(3)

Airteagal 91(1)

Airteagal 100(4), (5)

Airteagal 91(4), (5)

Airteagal 100(6)

Airteagal 91(6)

Airteagal 92

Airteagal 93(1), (2), (3), (4)

Airteagal 101(1)

Airteagal 94(1)

Airteagal 101(2)

Airteagal 94(2)

Airteagal 101(3)

Airteagal 94(3)

Airteagal 101(4)

Airteagal 94(4)

Airteagal 102(1)

Airteagal 95(1)

Airteagal 102(2)

Airteagal 95(2)

Airteagal 103(1)

Airteagal 96(1)

Airteagal 96(2), (3), (4)

Airteagal 103(2)

Airteagal 101(1), (2), (3), (4)

Airteagal 97(1), (2), (3), (4)

Airteagal 98(1), (2)

Airteagal 99(1), (2)

Airteagal 100(1), (2)

Airteagal 102-104

Airteagal 104

Airteagal 40

Airteagal 105

Airteagal 105(1)

Airteagal 41(1)

Airteagal 106(1)

Airteagal 105(2)

Airteagal 41(2)

Airteagal 106(2)

Airteagal 105(3)

Airteagal 41(3)

Airteagal 106(3)

Airteagal 106(4)

Airteagal 105(4)

Airteagal 41(4)

Airteagal 106(5)

Airteagal 105(5)

Airteagal 41(5)

Airteagal 106(6)

Airteagal 106

-

Airteagal 14(1).(2)

Airteagal 15(1).(2)

Airteagal 107(1)

Airteagal 16(1)

Airteagal 42(1)

Airteagal 107(2)

Airteagal 42(2)

Airteagal 107(3)

Airteagal 16(2)

Airteagal 42(3)

Airteagal 107

Airteagal 108

Airteagal 17

Airteagal 43

Airteagal 108

Airteagal 109(1)

Airteagal 44(1)

Airteagal 109(2)

Airteagal 44(2)

Airteagal 109(3)

Airteagal 44(3)

Airteagal 109(4)

Airteagal 44(4)

Airteagal 109(5)

-

Airteagal 18(1)

Airteagal 45(1), Airteagal 45(2)

Airteagal 18(2)

Airteagal 45(3)

Airteagal 18(3)

Airteagal 45(4)

Airteagal 18(4)

-

Airteagal 114

Airteagal 21

Airteagal 48

Airteagal 115(1)

Airteagal 22(1)

Airteagal 49(1)

Airteagal 115(2)

Airteagal 49(2)

Airteagal 115(3)

Airteagal 22(2)

Airteagal 49(3)

Airteagal 115(4)

-

Airteagal 115(5)

-

Airteagal 115(6)

-

Airteagal 116

Airteagal 23

Airteagal 50

Airteagal 112

Airteagal 117

Airteagal 24

Airteagal 51

-

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Top