EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0322

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú a leasú

COM/2023/322 final

An Bhruiséil,9.6.2023

COM(2023) 322 final

2023/0186(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú a leasú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar) i dtaca le Cinneadh ón gComhchoiste atá beartaithe a ghlacadh chun Cuid I d’Iarscríbhinn I den Chomhaontú sin a leasú.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

Leis an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) leagtar amach na socruithe maidir le tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus as Euratom. Tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

2.2.An Comhchoiste

Ar an gComhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá ionadaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe. Tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste. In Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar leagtar síos rialacha nós imeachta an Chomhchoiste. Tagann an Comhchoiste le chéile uair sa bhliain ar a laghad nó arna iarraidh sin don Aontas nó don Ríocht Aontaithe agus socraíonn sé a sceideal cruinnithe agus a chlár oibre de chomhthoil.

Leagtar síos cúraimí an Chomhchoiste in Airteagal 164 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus ar na cúraimí sin tá an méid seo a leanas go príomha:

·maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe go díreach nó trí obair na gcoistí speisialaithe a thuairiscíonn dó;

·cinntí agus moltaí a ghlacadh, lena n‑áirítear leasuithe ar an gComhaontú sna cásanna dá bhforáiltear ann;

·fadhbanna a chosc agus díospóidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a réiteach.

2.3.Gníomh beartaithe an Chomhchoiste

Ag an gcéad chruinniú eile a thionólfar, glacfaidh an Comhchoiste cinneadh lena leasófar Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Chomhaontú um Tharraingt Siar, maidir le comhordú slándála sóisialta (‘an gníomh atá beartaithe’). Glacfaidh an Comhchoiste cinneadh lena leasaítear an Comhaontú um Tharraingt Siar, de bhun Airteagal 36(4) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, chun aon Chinneadh nua nó Moladh nua arna bhformheas ag an gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta a léiriú.

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe dhá Chinneadh nua arna bhformheas ag an gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn I agus na Cinntí a bhí ann roimhe sin a bhaint, ar cinntí iad ar cuireadh an dá Chinneadh nua ina n-ionad.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar. I gcomhréir le Riail 9 de na Rialacha Nós Imeachta, sonrófar sna cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste an dáta a thiocfaidh na cinntí sin i bhfeidhm.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

3.1. Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar maidir le comhordú na slándála sóisialta

I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar tá cinntí agus moltaí an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta nach mór don Aontas agus don Ríocht Aontaithe aird chuí a thabhairt orthu agus na rialacha maidir le comhordú na slándála sóisialta á gcur i bhfeidhm (Airteagal 31(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar).

An 19 Deireadh Fómhair 2021, d’fhormheas an Coimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta Cinneadh Uimh. H12 maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chinneadh. Ba cheart an Cinneadh seo a chur le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar. Cuirtear an Cinneadh seo in ionad Chinneadh H3 an 15 Deireadh Fómhair 2009 maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chinneadh, arna leasú le Cinneadh Uimh. H7 an 25 Meitheamh 2015 i dtaca le hathbhreithniú ar Chinneadh Uimh. H3 maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chinneadh. Dá bhrí sin, déanfar Cinntí Uimh. H3 agus H7 a bhaint de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.

An 30 Márta 2022, d’fhormheas an Coimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta Cinneadh Uimh. H13 maidir le comhdhéanamh agus modhanna oibre Bhord Iniúchóireachta an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta. Ba cheart an Cinneadh seo a chur le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar. Cuirtear an Cinneadh seo in ionad Chinneadh H4 an 22 Nollaig 2009 i dtaca le comhdhéanamh agus modhanna oibre Bhord Iniúchóireachta an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta. Dá bhrí sin, déanfar Cinneadh Uimh. H4 a bhaint de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Na prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, áirítear leis an gcoinceap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 1 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Comhchoiste a bunaíodh le comhaontú, is é sin an Comhaontú um Tharraingt Siar.

An gníomh a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 166(2) den Comhaontú um Tharraingt Siar.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Na prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is é is cuspóir aonair don ghníomh atá beartaithe, agus ábhar an gnímh sin, Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a leasú chun dhá Chinneadh nua arna bhformheas ag an gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta a liostú agus na Cinntí a bhí ann roimhe sin a bhaint, ar cinntí iad ar cuireadh an dá Chinneadh nua ina n-ionad.

Is ar Airteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) a bunaíodh tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar.

Dá bhrí sin, agus i gcomhréir leis an mbunphrionsabal nach féidir gníomh a leasú ach amháin le gníomh den chineál céanna, is é Airteagal 50(2) CAE an bunús dlí substainteach maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é Airteagal 50(2) CAE ba cheart a bheith ina bhunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go ndéanfar, le gníomh an Chomhchoiste, Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Creat Windsor a leasú, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2023/0186 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú a leasú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(2) CAE de,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle 2 an 30 Eanáir 2020 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

(2)De bhun Airteagal 36(4) den Chomhaontú um Tharraingt Siar glacfaidh an Comhchoiste cinntí chun Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a leasú chun aon Chinneadh nua nó Moladh nua arna bhformheas ag an gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta a léiriú.

(3)Tá an Comhchoiste, le linn an chéad chruinnithe eile a thionólfar, le cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 36(4) den Chomhaontú um Tharraingt Siar chun Cuid I d’Iarscríbhinn I de a leasú chun dhá Chinneadh nua arna bhformheas ag an gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta a chur leis an liosta a leagtar amach ann agus chun trí Chinneadh a bhaint den liosta sin, ar cinntí iad ar cuireadh an dá Chinneadh nua ina n-ionad.

(4)An Cinneadh chun Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a leasú, ós rud é go mbeidh sé ceangailteach ar an Aontas, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a leagan síos.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 164(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, is ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo a bhunófar é.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(2)     IO L 29, 31.1.2020, lch. 1.  
Top

An Bhruiséil,9.6.2023

COM(2023) 322 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú a leasú


CEANGALTÁN

CINNEADH Uimh. […]/2023 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an …

lena leasaítear Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 1 (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), agus go háirithe Airteagal 36(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le hAirteagal 36(4) den Chomhaontú um Tharraingt Siar tugtar de chumhacht don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) de (‘an Comhchoiste’) cinntí a ghlacadh lena leasaítear Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú sin, chun aon Chinneadh nua nó Moladh nua arna bhformheas ag an gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta a léiriú. De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste, beidh siad ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Na cinntí sin a bhfuil na héifeachtaí dlíthiúla céanna acu agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar, ní mór don Aontas agus don Ríocht Aontaithe na cinntí sin a chur chun feidhme.

(2)Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a leasú trí dhá chinneadh ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta a chur leis agus trí thrí chinneadh ar cuireadh na cinntí nua ina n-ionad a bhaint.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Comhaontú um Tharraingt Siar mar a leanas:

(1)I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, i dtaca le Cinneadh Uimh. H12 an 19 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 a chinneadh, cuirfear an Cinneadh sin isteach faoi ‘Saincheisteanna cothrománacha (sraith H)’;

(2)I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, i dtaca le Cinneadh Uimh. H13 an 30 Márta 2022 maidir le comhdhéanamh agus modhanna oibre Bhord Iniúchóireachta an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta 3 , cuirfear an Cinneadh sin isteach faoi ‘Saincheisteanna cothrománacha (sraith H)’;

(3)I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, bainfear na gníomhartha seo a leanas:

(a)Cinneadh Uimh. H3 an 15 Deireadh Fómhair 2009 maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 a chinneadh, arna leasú le Cinneadh Uimh. H7 an 25 Meitheamh 2015 i dtaca leis an athbhreithniú ar Chinneadh Uimh. H3 maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chinneadh, ar cinneadh é a gcuirtear Cinneadh Uimh. H12 an 19 Deireadh Fómhair 2021 ina ionad maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chinneadh 5 ;

(b)Cinneadh Uimh. H4 an 22 Nollaig 2009 maidir le comhdhéanamh agus modhanna oibre Bhord Iniúchóireachta an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta 6 , ar cinneadh é a gcuirtear Cinneadh Uimh. H13 an 30 Márta 2022 ina ionad maidir le comhdhéanamh agus modhanna oibre Bhord Iniúchóireachta Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta 7 ;

(c)Cinneadh Uimh. H7 an 25 Meitheamh 2015 i dtaca leis an athbhreithniú ar Chinneadh Uimh. H3 maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 a chinneadh, ar cinneadh é a gcuirtear Cinneadh Uimh. H12 an 19 Deireadh Fómhair 2021 ina ionad maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chinneadh 9 .

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.

Arna dhéanamh …,

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh

(1)    IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(2)    IO C 93, 28.2.2022, lgh. 6-7.
(3)    IO C 305, 10.8.2022, lgh. 4-7.
(4)    IO C 106, 24.4.2010, lgh. 56-57.
(5)    IO C 93, 28.2.2022, lgh. 6-7.
(6)    IO C 107, 27.4.2010, lgh. 3-5.
(7)    IO C 305, 10.8.2022, lgh. 4-7.
(8)    IO C 52, 11.2.2016, lch. 13.
(9)    IO C 93, 28.2.2022, lgh. 6-7.
Top