EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0211

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil in Aerárthaí Sibhialta i ndáil le haontachas na Brasaíle leis an gComhaontú maidir leis an Trádáil in Aerárthaí Sibhialta

COM/2023/211 final

An Bhruiséil,24.4.2023

COM(2023) 211 final

2023/0110(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil in Aerárthaí Sibhialta i ndáil le haontachas na Brasaíle leis an gComhaontú maidir leis an Trádáil in Aerárthaí Sibhialta


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil in Aerárthaí Sibhialta (‘an Coiste’) i ndáil leis an gcinneadh ón gCoiste a bheartaítear a ghlacadh i dtaca le haontachas na Brasaíle leis an gComhaontú um Thrádáil in Aerárthaí Sibhialta.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú maidir leis an Trádáil in Aerárthaí Sibhialta

Is comhaontú ilpháirtithe é an Comhaontú maidir leis an Trádáil in Aerárthaí Sibhialta (‘an Comhaontú) laistigh de chreat na hEagraíochta Domhanda Trádála arb é is aidhm dó deireadh a chur le dleachtanna allmhairiúcháin ar gach aerárthach, seachas aerárthaí míleata, agus ina theannta sin, ar innill aerárthaí sibhialta agus a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna, ar gach comhpháirt d’aerárthaí sibhialta agus ar a bhfochóimeálacha, agus ar ionsamhlóirí eitilte agus a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1980.

Is páirtí sa Chomhaontú é an tAontas Eorpach 1 . Is páirtithe sa Chomhaontú iad 19 mBallstát den Aontas ina gcáil féin freisin 2 . Ós rud é gur inniúlacht eisiach de chuid an Aontais é an comhbheartas tráchtála, agus go gcumhdaíonn ballraíocht an Aontais in EDT na críocha a bhfuil feidhm ag an gcomhbheartas tráchtála maidir leo (i.e. Ballstáit an Aontais), is é an Coimisiún a chuirfidh an seasamh in iúl sa Choiste thar ceann an Aontais agus a Bhallstát.

An 14 Meitheamh 2022, chuir an Bhrasaíl a hiarratas ar aontachas leis an gComhaontú isteach in éineacht lena gealltanais taraife mholta.

An 10 Deireadh Fómhair 2022, phléigh an Coiste an próiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar iarratas na Brasaíle ar a haontachas leis an gComhaontú, arb é an chéad iarraidh ar aontachas é atá le breithniú ag comhaltaí de EDT sa Choiste seo.

An cinneadh ón gComhairle atá beartaithe, cinneadh is ábhar don togra seo, is rud é a chuireann ar a chumas don Choimisiún an seasamh a chur in iúl thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Choiste maidir le haontachas na Brasaíle.

2.2.An Coiste um Thrádáil in Aerárthaí Sibhialta

Is é cúram an Choiste athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus dul i gcomhairle maidir le forbairtí i dtionscal na n‑aerárthaí sibhialta chun a chinneadh an bhfuil leasuithe ag teastáil lena áirithiú go leanfar den trádáil shaor neamhshaofa.

Is de chomhthoil a ghlactar cinntí an Choiste. I gcás nach féidir cinneadh a dhéanamh de chomhthoil, is trí vótáil a dhéanfar cinneadh faoin ábhar i dtrácht.

2.3.Gníomh beartaithe an Choiste

Cé nach bhfuil aon dáta sonrach comhaontaithe faoi láthair, tá cinneadh le glacadh go luath ag an gCoiste maidir le haontachas na Brasaíle leis an gComhaontú (‘an gníomh atá beartaithe’).

Ghlacfadh an Coiste an gníomh atá beartaithe ar bhonn Airteagal 9.1.3 den Chomhaontú agus phointe 5 den Nóta Treorach maidir le Cur Chun Feidhme Airteagal 9.3.1 den Chomhaontú. Sa Chomhaontú sin, foráiltear gur ‘ar chinneadh ón gCoiste lena n‑aontaítear leis na téarmaí aontachais, déanfaidh an rialtas is iarrthóir na bearta uile is gá chun téarmaí a haontachais a chomhlíonadh agus, le toiliú an Choiste, is féidir leis an rialtas is iarrthóir ionstraim aontachais a thaisceadh le hArd‑Stiúrthóir EDT ina sonraítear na téarmaí arna gcomhaontú amhlaidh.’

Is éard is cuspóir don ghníomh atá beartaithe, cead a thabhairt don Bhrasaíl aontú don Chomhaontú agus trádáil shaor neamhshaofa in earnáil na n‑aerárthaí sibhialta a fheabhsú.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 9.3.1 den Chomhaontú, lena bhforáiltear go ‘dtiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm [...] i gcás gach rialtais eile [...] an 30ú lá tar éis lá a ghlactha nó a aontachais leis an gComhaontú seo.’

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Nótaí Ginearálta

Is éard is cuspóir don togra seo é a chur ar a chumas don Aontas tacú le comhthoil a d’fhéadfadh a bheith ag an gCoiste maidir leis an ngníomh atá beartaithe.

Cé nach bhfuil sé go hiomlán soiléir go fóill cathain a bheidh na Sínitheoirí in ann teacht ar chomhthoil, ní mór don Chomhairle seasamh an Aontais a bhunú roimh ré de bhun Airteagal 218(9) CFAE.

Is é an seasamh atá beartaithe ag an Aontas tacú le haontachas na Brasaíle leis an gComhaontú. Molann an Coimisiún an méid sin ar na cúiseanna seo a leanas:

Tairiscint na Brasaíle

Dleachtanna custaim agus muirir eile

Tairgeann an Bhrasaíl gealltanais taraife don Choiste faoi oibleagáidí Airteagal 2.1 den Chomhaontú. Nuair a thabharfar an plé maidir le gealltanais taraife na Brasaíle i gcrích laistigh den Choiste agus nuair a shocrófar liosta na línte taraife a léiríonn na hoibleagáidí sin, beidh an Bhrasaíl réidh leis an gcóir shaor ó dhleacht a ionchorprú ina Sceideal GATT in am agus i dtráth. Nuair a bheidh nós imeachta aontachais na Brasaíle curtha i gcrích, déanfar an Comhaontú a chomhtháthú i ndlíchóras na Brasaíle.

Cuireann an Bhrasaíl cóir shaor ó dhleacht i bhfeidhm cheana féin maidir leis na táirgí uile a liostaítear i ngealltanais taraife mholta na Brasaíle, nuair atá siad le húsáid in aerárthaí sibhialta. I ndáil leis na hoibleagáidí faoi Airteagal 2.1.2, faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm sa Bhrasaíl faoi láthair, deonaítear cóir shaor ó dhleacht cheana féin i leith táirgí a úsáidtear chun aerárthaí a dheisiú. Maidir leis na gealltanais in Airteagal 2.2. den Chomhaontú, tá córas úsáide deiridh ag an riarachán custaim sa Bhrasaíl cheana féin lena dtugtar cóir shaor ó dheacht atá inchomparáide leis an gcóir a chuireann sínitheoirí eile an Chomhaontaithe ar fáil, rud nach bac é ar thrádáil ná nach rud é atá ar neamhréir leis na forálacha GATT is infheidhme ná le comhaontuithe iltaobhacha eile arna gcaibidil faoi choimirce GATT.

Bacainní teicniúla ar thrádáil

I ndáil leis na hoibleagáidí faoi Airteagal 3, maidir le Bacainní Teicniúla ar Thrádáil, glacann an Bhrasaíl páirt ghníomhach i bplé an Choiste um Bhacainní Teicniúla ar Thrádáil in EDT agus ní ghlacann sí aon bheartas nach bhfuil i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Bacainní Teicniúla ar Thrádáil.

Soláthar faoi stiúir an rialtais, fochonarthaí éigeantacha agus aslaigh

Tá cleachtais, treoirlínte agus nósanna imeachta na Brasaíle maidir le soláthar i gcomhréir le ceanglais an Chomhaontaithe cheana féin. Mar phrionsabal ginearálta, faoi roinnt forálacha de Dhlí Soláthair Phoiblí na Brasaíle - Dlí 14,133/2021 - cuirtear toirmeasc ar chaitheamh le soláthróirí náisiúnta agus soláthróirí eachtracha ar bhealach difriúil. Ós rud é go gcuirtear an t‑ailíniú sin chun cinn faoin dlí atá i bhfeidhm cheana féin, mar gheall ar athruithe oibríochtúla a chuir Ard‑Rúnaíocht Bainistíochta na hAireachta Geilleagair ar fáil trí Threoir Normatach Uimh. 10 i mí Feabhra 2020, áirithíodh go bhféadfadh fiú cuideachtaí eachtracha nach bhfuil bunaithe sa Bhrasaíl rochtain a fháil ar dheiseanna soláthair.

Srianta trádála

Ní chuireann an Bhrasaíl srianta cainníochtúla ná ceanglais ceadúnúcháin allmhairiúcháin i bhfeidhm chun srian a chur ar allmhairí aerárthaí sibhialta ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis na forálacha GATT is infheidhme agus le forálacha faoi chomhaontuithe iltaobhacha eile arna gcaibidil faoi choimirce GATT. Ar an mbealach céanna, ní ann d’aon srian cainníochtúil ná ceanglas ceadúnúcháin onnmhairiúcháin arb é is aidhm dóibh srian a chur, ar chúiseanna tráchtála nó iomaíocha, ar allmhairí aerárthaí sibhialta ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis na forálacha GATT is infheidhme agus le forálacha faoi chomhaontuithe iltaobhacha eile arna gcaibidil faoi choimirce GATT.

Tacaíocht rialtais, creidmheasanna onnmhairiúcháin, agus margaíocht aerárthaí.

In 2007, d’éirigh an Bhrasaíl ina Rannpháirtí sa ‘Chomhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta’ (ASU), ar Iarscríbhinn é a ghabhann leis an Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a bhfuil Tacaíocht Oifigiúil acu de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE). Dá bhrí sin, cloíonn cláir oifigiúla na Brasaíle um chreidmheasanna allmhairiúcháin go docht le treoirlínte ASU, rud a chiallaíonn nach soláthraíonn siad creidmheasanna onnmhairiúcháin a bhfuil tacaíocht oifigiúil acu faoi théarmaí agus coinníollacha níos fabhraí ná na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach in ASU.

Rialtais réigiúnacha agus áitiúla

De réir bhunreacht na Brasaíle, tá cumhacht eisiach ag Uachtarán na Poblachta conarthaí idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích, ad referendum don Tionóil Náisiúnta. Sa bhreis air sin, mar a luadh cheana, nuair a ghlacann an Rialtas Cónaidhme sa Bhrasaíl an reachtaíocht ina bhfuil téarmaí an Chomhaontaithe tar éis an daingniúcháin idirnáisiúnta nó an aontachais, is rud é sin a chiallaíonn gur ionstraim atá ceangailteach ó thaobh an dlí de é an Comhaontú seo.

Moladh

Tá coinne leis, de thairbhe aontachas na Brasaíle leis an gComhaontú, go mbeidh tionchar dearfach ar mhargaí aerárthaí sibhialta a oscailt a thuilleadh go hidirnáisiúnta, tríd an líon Páirtithe sa Chomhaontú a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, tíortha eile a spreagadh chun aontú dó. Molann an Coimisiún go nglacfaí leis an tairiscint ón mBrasaíl.

Dá réir sin, moltar go n‑údarófaí an Coimisiún le seasamh an Aontais a chur in iúl laistigh den Choiste um Aerárthaí Sibhialta ar son aontachas na Brasaíle leis an gComhaontú.

Tá an tionscnamh ag teacht go hiomlán leis an mbeartas atá ann faoi láthair. Glacadh cinntí comhchosúla, mar shampla, le haghaidh aontachais na hAstráile nó na Nua-Shéalainne le comhaontú eile atá sonrach do EDT, i.e. an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 3 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Comhlacht a bhunaítear le hAirteagal 8.1 den Chomhaontú is ea an Coiste.

An gníomh a iarrtar ar an gCoiste a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 9.3(1) den Chomhaontú maidir leis an Trádáil in Aerárthaí Sibhialta.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní fhorlíonfar ná ní leasófar creat institiúideach an Chomhaontaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus inneachar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 207 CFAE a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2023/0110 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil in Aerárthaí Sibhialta i ndáil le haontachas na Brasaíle leis an gComhaontú maidir leis an Trádáil in Aerárthaí Sibhialta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rinne an tAontas an Comhaontú maidir leis an Trádáil in Aerárthaí Sibhialta (‘an Comhaontú’) a thabhairt i gcrích le Cinneadh 80/271/CEE ón gComhairle 4 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1980.

(2)An 14 Meitheamh 2022, chuir an Bhrasaíl a hiarratas ar aontachas leis an gComhaontú faoi bhráid an Choiste um Thrádáil in Aerárthaí Sibhialta (‘an Coiste’), in éineacht lena gealltanais taraife mholta.

(3)I bhfianaise na ngealltanas sin, comhlíonann iarratas na Brasaíle ar aontachas leis an gComhaontú na ceanglais a leagtar amach sa Chomhaontú.

(4)Tá coinne leis go mbeidh tionchar dearfach ar thrádáil shaor neamhshaofa in earnáil na naerárthaí sibhialta de thairbhe aontachas na Brasaíle leis an gComhaontú.

(5)De bhun Airteagal 9.1.3 den Chomhaontú agus phointe 5 den Nóta Treorach maidir le Cur Chun Feidhme Airteagal 9.1.3 den Chomhaontú, tá sé de chumhacht ag an gCoiste cinneadh a dhéanamh lena naontaítear le téarmaí an aontachais.

(6)Dá réir sin, is gá an seasamh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste i ndáil le haontachas na Brasaíle leis an gComhaontú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is éard a bheidh sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil in Aerárthaí Sibhialta, aontú le haontachas na Brasaíle leis an gComhaontú maidir leis an Trádáil in Aerárthaí Sibhialta.

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh ón gComhairle an 10 Nollaig 1979 maidir le tabhairt i gcrích na gComhaontuithe Iltaobhacha a tháinig as an gcaibidlíocht trádála idir 1973 go 1979, IO L 71, 17.3.1980, lgh. 1-2.
(2)    An Bheilg, an Bhulgáir, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ísiltír, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, an Lucsamburg, an Mhálta, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an Spáinn agus an tSualainn.
(3)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61-64.
(4)    IO L 71, 17.3.1980, lgh. 1-2.
Top