Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0209

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh

    COM/2023/209 final

    Strasbourg, 18.4.2023

    COM(2023) 209 final

    2023/0109(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Gabhann an meabhrán míniúcháin seo leis an togra le haghaidh Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht. Tá úsáid teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, agus an spleáchas orthu, ina ngnéithe bunúsacha i ngach earnáil den ghníomhaíocht eacnamaíoch anois toisc go bhfuil ár n‑údaráis riaracháin phoiblí, ár gcuideachtaí agus ár saoránaigh níos idirnasctha agus níos idirspleáiche thar earnálacha agus thar theorainneacha ná mar a bhí riamh. Leis an nglacadh níos airde sin le teicneolaíochtaí digiteacha, méadaítear an nochtadh do theagmhais chibearshlándála agus do na tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu. An tráth céanna, tá aghaidh á tabhairt ag na Ballstáit ar rioscaí cibearshlándála atá ag dul i méid agus ar thimpeallacht bhagartha chasta fhoriomlán, agus tá baol soiléir ann go leathnófar cibirtheagmhais go tapa ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

    Anuas air sin, déantar cibearoibríochtaí a chomhtháthú níos mó agus níos mó i straitéisí hibrideacha agus cogaíochta, agus bíonn éifeachtaí suntasacha aige sin ar an sprioc. Go háirithe, tháinig straitéis cibearoibríochtaí naimhdeacha roimh fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin agus tá sí ag gabháil leis go fóill, rud a dhéanann athrú ó bhonn ar an tuiscint agus ar an measúnú ar ullmhacht chomhchoiteann an Aontais um bainistiú géarchéimeanna cibearshlándála agus ar ghlao ar ghníomhaíocht phráinneach. Mar gheall ar an mbagairt go dtarlódh teagmhas mórscála a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le suaitheadh agus damáiste mór do bhonneagair chriticiúla, tá gá le hullmhacht mhéadaithe ar gach leibhéal d’éiceachóras cibearshlándála an Aontais. Tá níos mó i gceist leis an mbagairt sin ná fogha míleata na Rúise faoin Úcráin agus áirítear léi cibearbhagairtí leanúnacha ó ghníomhaithe stáit agus neamhstáit, ar dócha go leanfaidh siad ar aghaidh, i bhfianaise an iliomad gníomhaithe atá ailínithe leis an stát, gníomhaithe coiriúla agus haiceálaithe cúise a bhfuil baint acu leis an teannas geopholaitiúil atá ann faoi láthair. Le blianta beaga anuas, tá méadú as cuimse tagtha ar an líon cibearionsaithe, lena n‑áirítear ionsaithe ar an slabhra soláthair a bhfuil sé d’aidhm acu cibearspiaireacht a dhéanamh, bogearraí éirice a úsáid nó cur isteach a dhéanamh. In 2020, rinne an t‑ionsaí ar shlabhra soláthair SolarWinds difear do níos mó ná 18 000 eagraíocht ar fud an domhain, lena n‑áirítear gníomhaireachtaí rialtais, cuideachtaí móra. D’fhéadfadh teagmhais chibearshlándála mhóra a bheith ró-shuaiteach do Bhallstát amháin nó do roinnt Ballstát a ndéantar difear dó nó dóibh déileáil leo as nó astu féin. Ar an gcúis sin, tá gá le dlúthpháirtíocht neartaithe ar leibhéal an Aontais chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, ullmhú lena n‑aghaidh agus freagairt orthu ar bhealach níos fearr.

    A mhéid a bhaineann le cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhrath, tá géarghá le malartú faisnéise a mhéadú agus feabhas a chur ar ár nacmhainneachtaí comhchoiteanna chun laghdú mór a dhéanamh ar an am is gá chun cibearbhagairtí a bhrath, sular féidir leo a bheith ina gcúis le damáiste agus costais mhórscála 1 . Cé go bhféadfadh gné thrasteorann a bheith ag baint le roinnt mhaith bagairtí cibearshlándála agus teagmhas cibearshlándála, mar gheall ar idirnascadh na mbonneagar digiteach, tá comhroinnt faisnéise ábhartha i measc na mBallstát fós teoranta. Trí líonra Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann a fhorbairt chun feabhas a chur ar an gcumas braite agus ar an gcumas freagartha, cuideofar le haghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin.

    A mhéid a bhaineann le hullmhacht agus freagairt do theagmhais chibearshlándála, níl ach tacaíocht theoranta ar fáil ar leibhéal an Aontais agus níl ach dlúthpháirtíocht theoranta ann idir na Ballstáit faoi láthair. Leagadh béim sna conclúidí ón gComhairle i mí Dheireadh Fómhair 2021 ar an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin, trí iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh maidir le Ciste Freagartha Éigeandála nua le haghaidh na Cibearshlándála 2 .

    Leis an Rialachán seo, cuirtear chun feidhme freisin Straitéis Chibearshlándála an Aontais a glacadh i mí na Nollag 2020 3 inar fógraíodh go gcruthófaí Cibearsciath Eorpach, lena dtreisítear cumais maidir le brath cibearbhagairtí agus comhroinnt faisnéise san Aontas Eorpach trí chónaidhm Lárionad Oibríochtaí Slándála náisiúnta agus trasteorann.

    Cuireann an Rialachán seo leis na chéad chéimeanna a forbraíodh cheana féin i ndlúthchomhar leis na príomhpháirtithe leasmhara agus le tacaíocht ón gClár don Eoraip Dhigiteach. Go háirithe, maidir le Lárionaid Oibríochtaí Slándála, eagraíodh glao ar léiriú spéise chun uirlisí agus bonneagar a sholáthar go comhpháirteach chun Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann a bhunú, agus eagraíodh glao ar dheontais chun fothú acmhainneachta Lárionad Oibríochtaí Slándála a fhreastalaíonn ar eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha a chumasú, faoi chlár oibre cibearshlándála 2021-2022 an Chláir don Eoraip Digiteach. A mhéid a bhaineann le hullmhacht agus freagairt ar theagmhais, tá clár gearrthéarmach curtha ar bun ag an gCoimisiún chun tacú leis na Ballstáit, trí chistiú breise arna leithdháileadh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), chun ullmhacht agus acmhainneachtaí maidir le freagairt ar chibirtheagmhais mhóra a threisiú láithreach. Ullmhaíodh an dá ghníomhaíocht i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Tugtar aghaidh sa Rialachán seo ar easnaimh agus comhtháthaítear ann léargais a fhaightear ó na gníomhaíochtaí sin.

    Ar deireadh, leis an togra seo, comhlíontar an gealltanas i gcomhréir leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Cibearchosaint 4 a glacadh an 10 Samhain, is é sin togra a ullmhú le haghaidh Tionscnamh Cibear-Dhlúthpháirtíochta de chuid an Aontais a mbeidh na cuspóirí seo a leanas aige: cumais choiteanna an Aontais maidir le brath, feasacht staide agus freagairt a neartú, chun cúltaca cibearshlándála ar leibhéal an Aontais a thógáil de réir a chéile le seirbhísí ó sholáthraithe príobháideacha iontaofa agus chun tacú le heintitis chriticiúla a thástáil.

    I bhfianaise an mhéid sin, tá an Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht á chur chun cinn ag an gCoimisiún chun an dlúthpháirtíocht ar leibhéal an Aontais a neartú chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, ullmhú lena n‑aghaidh agus freagairt orthu ar bhealach níos fearr trí na cuspóirí sonracha seo a leanas:

    ·brath agus feasacht staide choiteann an Aontais a neartú maidir le cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le ceannasacht theicneolaíoch na hEorpa i réimse na cibearshlándála;

    ·ullmhacht eintiteas criticiúil ar fud an Aontais a threisiú agus dlúthpháirtíocht a neartú trí acmhainneachtaí freagartha comhchoiteanna a fhorbairt in aghaidh teagmhais chibearshlándála shuntasacha nó mhórscála, lena náirítear trí thacaíocht freagartha ar theagmhais a chur ar fáil do thríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Digiteach;

    ·athléimneacht an Aontais a fheabhsú agus rannchuidiú le freagairt éifeachtach trí athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar theagmhais shuntasacha nó mhórscála, lena náirítear ceachtanna a fhoghlaim, agus i gcás inarb iomchuí, moltaí a dhéanamh.

    Cuirfear na cuspóirí sin chun feidhme trí na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    ·Bonneagar uile-Eorpach de Lárionaid Oibríochtaí Slándála a chur chun úsáide (an Chibearsciath Eorpach) chun cumais choiteanna maidir le brath agus feasacht staide a fhorbairt agus a fheabhsú.

    ·Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála a chruthú chun tacú leis na Ballstáit maidir le hullmhú do theagmhais chibearshlándála shuntasacha agus mhórscála, freagairt orthu agus téarnamh láithreach uathu. Cuirfear tacaíocht don fhreagairt ar theagmhais ar fáil freisin d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

    ·Sásra Eorpach um Athbhreithniú ar Theagmhais Chibearshlándála a bhunú chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar theagmhais shonracha shuntasacha nó mhórscála.

    Tacófar leis an gCibearsciath Eorpach agus leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála trí chistiú ón gClár don Eoraip Digiteach, a leasófar leis an ionstraim reachtach seo chun na gníomhaíochtaí thuasluaite a bhunú, foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht airgeadais dá bhforbairt agus soiléiriú a dhéanamh ar na coinníollacha chun tairbhiú den tacaíocht airgeadais.

     

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Le creat an Aontais, cuimsítear roinnt reachtaíochta atá i bhfeidhm cheana nó atá beartaithe ar leibhéal an Aontais chun leochaileachtaí a laghdú, athléimneacht eintiteas criticiúil in aghaidh rioscaí cibearshlándála a mhéadú agus tacú le bainistiú comhordaithe teagmhas agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála, go háirithe an Treoir maidir le bearta chun leibhéal ard comhchoiteann slándála na gcóras gréasáin agus faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (an Dara Treoir NIS) 5 , an Gníomh um Chibearshlándáil 6 , an Treoir maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise 7 agus Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála 8 .

    Leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe faoin nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, cumhdaítear feasacht staide, comhroinnt faisnéise, chomh maith le tacaíocht chun ullmhú agus freagairt do chibirtheagmhais. Tá na gníomhaíochtaí sin comhsheasmhach le cuspóirí an chreata rialála atá i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais agus tacaíonn siad leo, go háirithe faoi Threoir (AE) 2022/2555 (‘an Dara Treoir NIS’). Leis an nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, cuirfear go háirithe leis na creataí atá ann cheana maidir le comhar oibríochtúil cibearshlándála agus bainistiú géarchéime agus tacófar leo, go háirithe an Líonra Eorpach um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (EU-CyCLONe) agus líonra na bhFoirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRT).

    Ba cheart ardáin na Lárionad Oibríochtaí Slándála trasteorann a bheith ina gcumas nua atá comhlántach le líonra CSIRTanna, trí shonraí maidir le bagairtí cibearshlándála ó eintitis phoiblí agus phríobháideacha a chomhthiomsú agus a chomhroinnt, trí luach na sonraí sin a fheabhsú trí anailís shaineolach agus uirlisí úrscothacha, agus trí rannchuidiú le cumais agus ceannasacht theicneolaíoch an Aontais a fhorbairt.

    Ar deireadh, tá an togra seo comhsheasmhach leis an Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe uile-Aontais chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú 9 lena niarrtar ar na Ballstáit bearta práinneacha éifeachtacha a dhéanamh, agus comhoibriú go dílis, go héifeachtúil, i ndlúthpháirtíocht agus ar bhealach comhordaithe le chéile, leis an gCoimisiún agus le húdaráis phoiblí ábhartha eile chomh maith leis na heintitis lena mbaineann, chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a úsáidtear chun seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthar sa mhargadh inmheánach a fheabhsú.

     

       Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an togra comhsheasmhach le sásraí agus prótacail éigeandála géarchéime eile, amhail an Sásra Comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR). Comhlánóidh an Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht na creataí agus na prótacail sin maidir le bainistiú géarchéime trí thacaíocht thiomnaithe a thabhairt don ullmhacht agus don fhreagairt do theagmhais chibearshlándála. Beidh an togra comhsheasmhach freisin le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar fhreagairt ar theagmhais mhórscála faoi chuimsiú an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES), lena n‑áirítear trí Bhosca Uirlisí Cibearthaidhleoireachta an Aontais. Comhlánóidh an togra gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme i gcomhthéacs Airteagal 42(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach nó i gcásanna a shainítear in Airteagal 222 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    Comhlánaíonn sé freisin an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta 10 a bunaíodh i mí na Nollag 2013 agus a tugadh chun críche le reachtaíocht nua a glacadh i mí na Bealtaine 2021 11 , lena neartaítear colúin an tSásra maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt, lena dtugtar acmhainneachtaí breise don Aontas chun freagairt ar rioscaí nua san Eoraip agus ar fud an domhain agus lena gcuirtear borradh faoi stoc-charn rescEU.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is iad Airteagal 173(3) agus Airteagal 322(1), pointe (a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo. Foráiltear le hAirteagal 173 CFAE go n‑áiritheoidh an tAontas agus na Ballstáit go mbeidh na dálaí ann is gá chun iomaíochas thionscal an Aontais a áirithiú. Tá sé d’aidhm ag an Rialachán seo staid iomaíochta na n‑earnálacha tionsclaíochta agus seirbhísí san Eoraip a neartú ar fud an gheilleagair dhigitithe agus tacú lena gclaochlú digiteach, tríd an leibhéal cibearshlándála sa Mhargadh Aonair Digiteach a threisiú. Go háirithe, tá sé d’aidhm aige athléimneacht na saoránach, na ngnólachtaí agus na n‑eintiteas a oibríonn in earnálacha criticiúla agus an-chriticiúil a mhéadú in aghaidh na mbagairtí cibearshlándála atá ag dul i méid, ar bagairtí iad a bhféadfadh tionchar tubaisteach sochaíoch agus eacnamaíoch a bheith acu. 

    Tá an togra bunaithe freisin ar Airteagal 322(1), pointe (a) CFAE toisc go bhfuil rialacha sonracha maidir le tabhairt anonn ann de mhaolú ar phrionsabal na bliantúlachta a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an ‘Rialachán Airgeadais’) 12 . Ar mhaithe le bainistíocht fhónta airgeadais agus i bhfianaise chineál dothuartha, eisceachtúil agus sonrach thírdhreach na cibearshlándála agus na gcibearbhagairtí, ba cheart go dtairbheodh an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála de mhéid áirithe solúbthachta i ndáil le bainistiú buiséid, agus go háirithe trí chead a thabhairt leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí nár úsáideadh le haghaidh gníomhaíochtaí lena saothraítear na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán a thabhairt anonn go huathoibríoch go dtí an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Ós rud é go nardaítear saincheisteanna i dtaca leis an Rialachán Airgeadais leis an riail nua seo, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar an ábhar sin i gcomhthéacs na caibidlíochta atá ar siúl faoi láthair maidir le hathmhúnlú an Rialacháin Airgeadais.

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Mar gheall ar chineál láidir trasteorann na mbagairtí cibearshlándála agus an méadú atá ag teacht ar an líon rioscaí agus teagmhas, a bhfuil éifeachtaí iarmharta acu thar theorainneacha, earnálacha agus táirgí, ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí na hidirghabhála seo a bhaint amach go héifeachtach ina n‑aonar agus tá gá le gníomhaíocht choiteann agus dlúthpháirtíocht ar leibhéal an Aontais. 

    Léirigh an taithí a fuarthas ó chur i gcoinne cibearbhagairtí a eascraíonn as an gcogadh i gcoinne na hÚcráine, mar aon leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó chleachtadh cibearshlándála a rinneadh faoi Uachtaránacht na Fraince (EU CyCLES), gur cheart sásraí nithiúla tacaíochta frithpháirtí a fhorbairt, go háirithe comhar leis an earnáil phríobháideach, chun dlúthpháirtíocht a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. I bhfianaise an mhéid sin, i gConclúidí ón gComhairle an 23 Bealtaine 2022 maidir le cibearshlándáil an Aontais Eorpaigh a fhorbairt, iarrtar ar an gCoimisiún togra a thíolacadh maidir le Ciste Freagartha Éigeandála nua le haghaidh na Cibearshlándála.

    Le tacaíocht agus gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais chun bagairtí cibearshlándála a bhrath ar bhealach níos fearr agus chun acmhainneachtaí ullmhachta agus freagartha a mhéadú, cuirtear breisluach ar fáil toisc go seachnaítear dúbláil iarrachtaí ar fud an Aontais agus na mBallstát. D’fhágfadh sé go mbainfí leas níos fearr as na sócmhainní atá ann cheana agus go mbeadh comhordú agus malartú faisnéise níos fearr ann maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh. Beartaítear leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála freisin tacaíocht a thabhairt do thríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais.

    An tacaíocht a sholáthrófar trí na tionscnaimh éagsúla atá le bunú agus le cistiú ar leibhéal an Aontais, comhlánóidh sí na cumais náisiúnta a mhéid a bhaineann le brath, feasacht staide, ullmhacht agus freagairt do chibearbhagairtí agus cibeartheagmhais agus ní dhéanfaidh sí dúbláil orthu.

    • Comhréireacht

    Ní théann na gníomhaíochtaí thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí ginearálta agus sonracha an Rialacháin a bhaint amach. Ní dhéanann na gníomhaíochtaí sa Rialachán seo difear do fhreagrachtaí na mBallstát maidir le slándáil náisiúnta, slándáil phoiblí, agus cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh. Ní dhéanann siad difear ach oiread d’oibleagáidí dlíthiúla na n‑eintiteas a oibríonn in earnálacha criticiúla agus an-chriticiúil maidir le bearta cibearshlándála a ghlacadh, i gcomhréir leis an Dara Treoir NIS.

    Tá na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo comhlántach le hiarrachtaí agus bearta den sórt sin, trí thacú le bonneagair a chruthú chun bagairtí a bhrath agus a anailísiú ar bhealach níos fearr agus trí thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí ullmhachta agus freagartha i gcás teagmhais shuntasacha nó mhórscála.

       An rogha ionstraime

    Is i bhfoirm Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá an togra. Is é seo an ionstraim dlí is oiriúnaí, toisc nach féidir ach le Rialachán, lena fhorálacha dlíthiúla atá infheidhme go díreach, an leibhéal aonfhoirmeachta is gá a sholáthar chun Cibearsciath Eorpach agus Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála a bhunú agus a oibriú, trí fhoráil a dhéanamh maidir le tacaíocht ón gClár don Eoraip Digiteach chun iad a bhunú chomh maith le coinníollacha soiléire maidir leis an tacaíocht sin a úsáid agus a leithdháileadh. 

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Tacóidh an Clár don Eoraip Digiteach, a bhí faoi réir comhairliúchán leathan, le gníomhaíochtaí an Rialacháin seo. Ina theannta sin, cuirfidh siad leis na chéad chéimeanna a ullmhaíodh i ndlúthchomhar leis na príomhpháirtithe leasmhara. A mhéid a bhaineann le Lárionaid Oibríochtaí Slándála, d’fhorbair an Coimisiún páipéar coincheapa maidir le hardáin na Lárionad Oibríochtaí Slándála trasteorann a fhorbairt agus glao ar léiriú spéise i ndlúthchomhar leis na Ballstáit faoi chuimsiú an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Cibearshlándála. Sa chomhthéacs sin, rinneadh suirbhé ar chumais na Lárionad Oibríochtaí Slándála náisiúnta agus pléadh cineálacha cur chuige coiteanna agus ceanglais theicniúla laistigh de mheitheal theicniúil an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Cibearshlándála lena dtugtar ionadaithe ó na Ballstáit le chéile. Ina theannta sin, rinneadh malartuithe le hearnáil na tionsclaíochta, go háirithe tríd an sainghrúpa maidir le Lárionaid Oibríochtaí Slándála a chruthaigh ENISA agus an Eagraíocht Eorpach um Chibearshlándáil.

    Ar an dara dul síos, a mhéid a bhaineann le hullmhacht agus freagairt ar theagmhais, tá clár gearrthéarmach curtha ar bun ag an gCoimisiún chun tacú leis na Ballstáit, trí chistiú breise arna leithdháileadh ag ENISA ón gClár don Eoraip Digiteach, chun ullmhacht agus acmhainneachtaí maidir le freagairt ar chibirtheagmhais mhóra a threisiú láithreach. Leis an aiseolas ó na Ballstáit agus ón tionscal a bailíodh le linn chur chun feidhme an chláir ghearrthéarmaigh sin, tá léargais luachmhara á dtabhairt cheana féin a cuireadh san áireamh in ullmhú an Rialacháin atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh a sainaithníodh. Ba é sin an chéad chéim i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle maidir leis an seasamh cibearshlándála inar iarradh ar an gCoimisiún togra a chur chun cinn le haghaidh Ciste Freagartha Éigeandála nua le haghaidh na Cibearshlándála.

    Ina theannta sin, tionóladh ceardlann le saineolaithe na mBallstát maidir leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála an 16 Feabhra 2023, ar bhonn plépháipéir. Ghlac na Ballstáit uile páirt sa cheardlann sin agus chuir 11 Bhallstát aighneachtaí breise ar fáil i scríbhinn.

    Measúnú tionchair

    Ós togra práinneach é an togra, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair. Tacóidh an Clár don Eoraip Dhigiteach le gníomhaíochtaí an Rialacháin seo agus tá siad i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí sin a leagtar amach sa Rialachán maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, a bhí faoi réir measúnú tionchair tiomnaithe. Ní bheidh aon tionchar suntasach riaracháin ná comhshaoil ag an Rialachán seo thar na tionchair a ndearnadh measúnú orthu cheana féin sa mheasúnú tionchair ar an Rialachán maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach.

    Thairis sin, leis an Rialachán cuirtear leis na chéad ghníomhaíochtaí a forbraíodh i ndlúthchomhar leis na príomhpháirtithe leasmhara, mar a leagtar amach thuas, agus déantar obair leantach ar iarraidh na mBallstát ar an gCoimisiún togra a thíolacadh maidir le Ciste Freagartha Éigeandála nua le haghaidh na Cibearshlándála faoi dheireadh R3 2022.

    Go sonrach, maidir le feasacht staide agus brath faoin gCibearsciath Eorpach, eagraíodh glao ar léiriú spéise chun uirlisí agus bonneagar a sholáthar go comhpháirteach chun Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann a bhunú, agus eagraíodh glao ar dheontais chun fothú acmhainneachta Lárionad Oibríochtaí Slándála a fhreastalaíonn ar eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha a chumasú, faoi chlár oibre cibearshlándála 2021-2022 an Chláir don Eoraip Digiteach.

    I réimse na hullmhachta agus na freagartha ar theagmhais, mar a luaitear thuas, tá clár gearrthéarmach curtha ar bun ag an gCoimisiún chun tacú leis na Ballstáit ón gClár don Eoraip Dhigiteach, atá á chur chun feidhme ag ENISA. Ar na seirbhísí a chumhdaítear, áirítear gníomhaíochtaí ullmhachta, amhail tástáil treáite eintiteas criticiúil chun leochaileachtaí a shainaithint. Neartaíonn sé freisin na féidearthachtaí chun cabhrú leis na Ballstáit i gcás mórtheagmhas a d’imreodh tionchar ar eintitis chriticiúla. Tá an clár gearrthéarmach seo á chur chun feidhme ag ENISA agus tá léargais ábhartha tugtha aige cheana féin a cuireadh san áireamh agus an Rialachán seo á ullmhú.

    Cearta bunúsacha

    Trí rannchuidiú le slándáil na faisnéise digití, rannchuideoidh an togra seo leis an gceart chun saoirse agus slándála a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 6 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, agus leis an gceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 7 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais. Trí ghnólachtaí a chosaint ar chibearionsaithe a dhéanann damáiste eacnamaíoch, rannchuideoidh an togra freisin leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, agus leis an gceart chun maoine i gcomhréir le hAirteagal 17 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais. Ar deireadh, trí shláine an bhonneagair chriticiúil a chosaint i bhfianaise cibirionsaithe, rannchuideoidh an togra leis an gceart chun cúraim sláinte i gcomhréir le hAirteagal 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, agus leis an gceart chun rochtain a fháil ar sheirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 36 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Tacófar le gníomhaíochtaí an Rialacháin seo trí chistiú faoin gCuspóir Straitéiseach ‘Cibearshlándáil’ de chuid an Chláir don Eoraip Digiteach.

    Áirítear sa bhuiséad iomlán méadú EUR 100 milliún a mholtar sa Rialachán seo a ath-leithdháileadh ó Chuspóirí Straitéiseacha eile de chuid an Chláir don Eoraip Digiteach. Fágfaidh sé sin gur EUR 842.8 milliún an méid iomlán nua a bheidh ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí Cibearshlándála faoin gClár don Eoraip Digiteach.

    Le cuid den EUR 100 milliún breise, treiseofar an buiséad atá á bhainistiú ag an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála chun gníomhaíochtaí maidir le Lárionaid Oibríochtaí Slándála agus ullmhacht a chur chun feidhme mar chuid dá gCláir Oibre. Thairis sin, úsáidfear an cistiú breise chun tacú le Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a bhunú.

    Comhlánaíonn sé an buiséad atá beartaithe cheana féin le haghaidh gníomhaíochtaí comhchosúla sa phríomh-Chlár don Eoraip Digiteach agus i gclár oibre cibearshlándála an Chláir don Eoraip Digiteach ón tréimhse 2023-2027, rud a d’fhéadfadh an méid iomlán a thabhairt go dtí 551 mhilliún do 2023-2027, agus tiomnaíodh 115 mhilliún cheana féin i bhfoirm treoirthionscadal do 2021-2022. Agus ranníocaíochtaí na mBallstát san áireamh, d’fhéadfadh suas le EUR 1.109 billiún a bheith sa bhuiséad foriomlán.

    Tá forléargas ar na costais atá i gceist sa ‘Ráiteas airgeadais reachtach’ a ghabhann leis an togra seo.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme, ar chur i bhfeidhm agus ar chomhlíonadh na bhforálacha nua sin d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a n‑éifeachtacht. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle laistigh de 4 bliana tar éis dháta a chur i bhfeidhm.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Cuspóirí Ginearálta, ábhar, agus sainmhínithe (Caibidil I)

    Leagtar amach i gCaibidil I cuspóirí an Rialacháin maidir leis an dlúthpháirtíocht a neartú ar leibhéal an Aontais chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, ullmhú lena n‑aghaidh agus freagairt orthu ar bhealach níos fearr agus go háirithe, chun brath agus feasacht staide choiteann an Aontais ar bhagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a neartú, chun ullmhacht na n‑eintiteas a oibríonn in earnálacha criticiúla agus an-chriticiúil ar fud an Aontais a threisiú agus dlúthpháirtíocht a neartú trí acmhainneachtaí freagartha comhchoiteanna a fhorbairt in aghaidh teagmhais chibearshlándála shuntasacha nó mhórscála agus chun athléimneacht an Aontais a fheabhsú trí athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar theagmhais shuntasacha nó mhórscála. Leagtar amach sa Chaibidil seo freisin na gníomhaíochtaí trína mbainfear na cuspóirí sin amach: Cibearsciath Eorpach a chur chun úsáide, Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála a chruthú agus Sásra um Athbhreithniú ar Theagmhais Chibearshlándála a bhunú. Leagtar amach freisin ann na sainmhínithe a úsáidtear tríd an ionstraim.

    An Chibearsciath Eorpach (Caibidil II)

    I gCaibidil II, bunaítear an Chibearsciath Eorpach agus leagtar amach na gnéithe éagsúla di agus na coinníollacha rannpháirtíochta. Ar an gcéad dul síos, fógraítear inti cuspóir foriomlán an Cibearscéithe Eorpaí, arb é atá ann ardchumais a fhorbairt san Aontas chun sonraí maidir le cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais san Aontas a bhrath, a anailísiú agus a phróiseáil, chomh maith leis na cuspóirí sonracha oibríochtúla. Sonraítear inti go ndéanfar cistiú ón Aontas don Chibearsciath Eorpach a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach.

    Thairis sin, tugtar tuairisc sa chaibidil ar na cineálacha eintiteas a bheidh sa Chibearsciath Eorpach. Is éard a bheidh sa sciath Lárionaid Oibríochtaí Slándála Náisiúnta agus Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann. Ainmneoidh gach Ballstát rannpháirteach Lárionad Oibríochtaí Slándála Náisiúnta. Beidh sé sin mar phointe tagartha agus mar thairseach chuig eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha eile ar an leibhéal náisiúnta chun faisnéis faoi bhagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhailiú agus a anailísiú agus chun rannchuidiú le Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann. Tar éis glao ar léiriú spéise, féadfaidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála Lárionad Oibríochtaí Slándála Náisiúnta a roghnú chun páirt a ghlacadh i soláthar comhpháirteach uirlisí agus bonneagar in éineacht leis an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus chun deontas a fháil chun na huirlisí agus na bonneagair a rith. Má thairbhíonn Lárionad Oibríochtaí Slándála Náisiúnta de thacaíocht ón Aontas, geallfaidh sé go ndéanfaidh sé iarratas chun páirt a ghlacadh i Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann laistigh de dhá bhliain.

    Is éard a bheidh sna Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann cuibhreannas de thrí Bhallstát ar a laghad, arna ionadú ag Lárionaid Oibríochtaí Slándála Náisiúnta, atá tiomanta oibriú le chéile chun a gcuid gníomhaíochtaí cibearbhraite agus a gcuid gníomhaíochtaí faireacháin ar bhagairtí a chomhordú. Tar éis glao tosaigh ar léiriú spéise, féadfaidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála Cuibhreannas Óstach a roghnú chun páirt a ghlacadh i soláthar comhpháirteach uirlisí agus bonneagar in éineacht leis an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus chun deontas a fháil chun na huirlisí agus na bonneagair a rith. Tabharfaidh comhaltaí an Chuibhreannais Óstach comhaontú cuibhreannais i scríbhinn i gcrích ina leagfar amach a socruithe inmheánacha. Sa chaibidil seo, tugtar mionsonraí ansin ar na ceanglais maidir le faisnéis a chomhroinnt i measc na rannpháirtithe i Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann, agus maidir le faisnéis a chomhroinnt idir Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann agus Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann eile, chomh maith le heintitis ábhartha de chuid an Aontais. Déanfaidh Lárionaid Oibríochtaí Slándála Náisiúnta atá rannpháirteach i Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann faisnéis ábhartha a bhaineann le cibearbhagairtí a chomhroinnt le chéile, agus ba cheart na mionsonraí, lena n‑áirítear an gealltanas méid suntasach sonraí a chomhroinnt agus na coinníollacha lena mbaineann, a shainiú i gcomhaontú cuibhreannais. Áiritheoidh Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann ardleibhéal idir-inoibritheachta eatarthu féin. Ba cheart do Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích le Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann eile freisin, ina sonrófar prionsabail maidir le comhroinnt faisnéise. I gcás ina bhfaigheann Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann faisnéis a bhaineann le teagmhas cibearshlándála mórscála a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá ar siúl faoi láthair, cuirfidh siad faisnéis ábhartha ar fáil do EU CyCLONe, do líonra CSIRTanna agus don Choimisiún, i bhfianaise na ról bainistithe géarchéime atá acu faoi seach i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555. Tugtar Caibidil II chun críche trí na coinníollacha slándála a shonrú maidir le páirt a ghlacadh sa Chibearsciath Eorpach.

    Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála (Caibidil III)

    I gCaibidil III, bunaítear an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála chun feabhas a chur ar athléimneacht an Aontais i leith mórbhagairtí cibearshlándála agus chun ullmhú don tionchar gearrthéarmach a bhíonn ag teagmhais nó géarchéimeanna cibearshlándála suntasacha agus mórscála agus chun an tionchar sin a mhaolú, de mheon dlúthpháirtíochta. Tacófar le gníomhaíochtaí lena gcuirtear an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála chun feidhme trí chistiú ón gClár don Eoraip Dhigiteach. Leis an Sásra, déantar foráil maidir le gníomhaíochtaí chun tacú le hullmhacht, lena n‑áirítear tástáil chomhordaithe na n‑eintiteas a oibríonn in earnálacha an-chriticiúil, i dtaca le teagmhais chibearshlándála shuntasacha nó mhórscála, freagairt do na teagmhais sin agus téarnamh láithreach uathu, nó chun cibearbhagairtí suntasacha agus gníomhaíochtaí cúnaimh fhrithpháirtigh a mhaolú.

    Áirítear le gníomhaíochtaí ullmhachta an tSásra um Éigeandáil Chibearshlándála tástáil chomhordaithe ullmhachta a dhéanamh ar eintitis a oibríonn in earnálacha an-chriticiúil. Ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ENISA agus leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, earnálacha nó fo-earnálacha ábhartha ó na hEarnálacha Ardchriticiúlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 a shainaithint go rialta, ar earnálacha nó fo-earnálacha iad óna bhféadfadh eintitis a bheith faoi réir na tástála comhordaithe ullmhachta ar leibhéal an Aontais.

    Chun na gníomhaíochtaí freagartha ar theagmhais atá beartaithe a chur chun feidhme, bunaítear leis an Rialachán seo Cúltaca Cibearshlándála an Aontais, arb é atá ann seirbhísí freagartha ar theagmhais ó sholáthraithe iontaofa, a roghnaítear i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo. Áireofar le húsáideoirí na seirbhísí ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais údaráis bainistithe cibear-ghéarchéime agus CSIRTanna na mBallstát agus institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Is ar an gCoimisiún a bheidh an fhreagracht fhoriomlán as Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur chun feidhme agus féadfaidh sé oibriú agus riar Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur de chúram ar ENISA, go hiomlán nó i bpáirt.

    Chun tacaíocht a fháil ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, ba cheart do na húsáideoirí a mbearta féin a dhéanamh chun éifeachtaí an teagmhais a bhfuil an tacaíocht á hiarraidh ina leith a mhaolú. Ba cheart a áireamh sna hiarrataí ar thacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais an fhaisnéis ábhartha is gá faoin teagmhas agus faoi na bearta atá déanta cheana féin ag na húsáideoirí. Tugtar tuairisc sa Chaibidil freisin ar na módúlachtaí cur chun feidhme, lena n‑áirítear measúnú ar iarrataí ar Chúltaca Cibearshlándála an Aontais.

    Déantar foráil sa Rialachán freisin maidir leis na prionsabail soláthair agus na critéir roghnúcháin maidir le soláthraithe iontaofa Chúltaca Cibearshlándála an Aontais.

    Féadfaidh tríú tíortha tacaíocht a iarraidh ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais i gcás ina ndéantar foráil maidir leis sin i gComhaontuithe Comhlachais a tugadh i gcrích maidir lena rannpháirtíocht sa Chlár don Eoraip Digiteach. Tugtar tuairisc sa Chaibidil seo ar choinníollacha agus ar mhódúlachtaí breise maidir le rannpháirtíocht den sórt sin.

    Sásra um Athbhreithniú ar Theagmhais Chibearshlándála (Caibidil IV)

    Arna iarraidh sin don Choimisiún, do EU-CyCLONe nó do líonra CSIRTanna, ba cheart do ENISA athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar bhagairtí, leochaileachtaí agus gníomhaíochtaí maolaithe i ndáil le teagmhas sonrach cibearshlándála suntasach nó mórscála. Ba cheart do ENISA an t‑athbhreithniú agus an measúnú a dhéanamh i bhfoirm tuarascála maidir le hathbhreithniú teagmhais chuig líonra CSIRTanna, chuig EU-CyCLONe agus chuig an gCoimisiún chun tacú leo a gcúraimí a dhéanamh. I gcás ina mbaineann an teagmhas le tríú tír, ba cheart don Choimisiún an tuarascáil a roinnt leis an Ardionadaí. Ba cheart ceachtanna a foghlaimíodh agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí chun feabhas a chur ar sheasamh cibearshlándála an Aontais a bheith sa tuarascáil. 

    Forálacha Deiridh (Caibidil V)

    I gCaibidil V tá leasuithe ar an Rialachán maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, agus oibleagáid atá ar an gCoimisiún tuarascálacha rialta a ullmhú chun meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán do Parlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21 chun an méid seo a leanas a dhéanamh: na coinníollacha maidir leis an idir-inoibritheacht sin idir Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann a shonrú; na socruithe nós imeachta a chinneadh maidir le comhroinnt faisnéise a bhaineann le teagmhas cibearshlándála mórscála a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá ar siúl faoi láthair idir Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann agus eintitis an Aontais; ceanglais theicniúla a leagan síos chun ardleibhéal slándála sonraí agus slándála fisiciúla a áirithiú don bhonneagar agus chun leasanna slándála an Aontais a chosaint agus faisnéis á roinnt le heintitis nach comhlachtaí poiblí de chuid na mBallstát iad; na cineálacha agus an líon seirbhísí freagartha is gá le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a shonrú; agus, na socruithe mionsonraithe maidir le leithdháileadh sheirbhísí tacaíochta Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a shonrú a thuilleadh.



    2023/0109 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3) agus Airteagal 322(1), pointe (a), de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí 13

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 14 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 15 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Tá úsáid teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, agus spleáchas orthu, ina ngnéithe bunúsacha i ngach earnáil den ghníomhaíocht eacnamaíoch toisc go bhfuil ár núdaráis riaracháin phoiblí, ár gcuideachtaí agus ár saoránaigh níos idirnasctha agus níos idirspleáiche thar earnálacha agus thar theorainneacha ná mar a bhí riamh.

    (2)Tá méid, minicíocht agus tionchar teagmhas cibearshlándála ag méadú, lena náirítear ionsaithe ar an slabhra soláthair a bhfuil sé d’aidhm acu cibearspiaireacht a dhéanamh, bogearraí éirice a úsáid nó cur isteach a dhéanamh. Is bagairt mhór iad ar fheidhmiú córas gréasáin agus faisnéise. I bhfianaise thimpeallacht na bagartha atá ag athrú go tapa, is gá d’ullmhacht mhéadaithe ar gach leibhéal de chreat cibearshlándála an Aontais mar gheall ar an mbagairt ó theagmhais mhórscála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le suaitheadh mór nó damáiste mór ar bhonneagair chriticiúla. Tá níos mó i gceist leis an mbagairt sin ná ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, agus is dócha go leanfaidh sí de bheith ann i bhfianaise an iliomaid gníomhaithe atá ailínithe le stát, gníomhaithe coiriúla agus haiceálaithe cúise a bhfuil baint acu leis an teannas geopholaitiúil atá ann faoi láthair. Le teagmhais den sórt sin, is féidir bac a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí agus ar shaothrú gníomhaíochtaí eacnamaíocha, lena náirítear in earnálacha criticiúla nó an-chriticiúil, caillteanais shuntasacha airgeadais a ghiniúint, an bonn a bhaint de mhuinín na núsáideoirí, damáiste mór a dhéanamh do gheilleagar an Aontais, agus d’fhéadfadh iarmhairtí sláinte nó bagracha don bheatha a bheith acu fiú. Thairis sin, tá teagmhais chibearshlándála dothuartha, toisc gur minic a thagann siad chun cinn agus go bhforbraítear iad laistigh de thréimhsí ama an-ghearr, nach gcoinnítear i limistéar geografach sonrach ar leith iad, agus go dtarlaíonn siad ag an am céanna nó go scaiptear iad ar an toirt ar fud go leor tíortha.

    (3)Is gá staid iomaíoch na nearnálacha tionsclaíochta agus seirbhísí san Aontas a neartú ar fud an gheilleagair dhigitithe agus tacú lena naistriú digiteach, trí leibhéal na cibearshlándála sa Mhargadh Aonair Digiteach a threisiú. Mar a mholtar i dtrí thogra éagsúla ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa 16 , is gá athléimneacht na saoránach, na ngnólachtaí agus na neintiteas a oibríonn bonneagair chriticiúla a mhéadú i gcoinne na mbagairtí cibearshlándála atá ag dul i méid, ar bagairtí iad a bhféadfadh tionchar tubaisteach sochaíoch agus eacnamaíoch a bheith acu. Dá bhrí sin, tá gá le hinfheistíocht i mbonneagair agus i seirbhísí lena dtacófar le brath níos tapa agus le freagairt níos tapa ar bhagairtí agus teagmhais chibearshlándála, agus tá cúnamh de dhíth ar na Ballstáit chun ullmhú níos fearr do theagmhais chibearshlándála shuntasacha agus mhórscála, agus chun freagairt dóibh. Ba cheart don Aontas a acmhainneachtaí a mhéadú sna réimsí sin freisin, go háirithe maidir le sonraí maidir le bagairtí agus teagmhais chibearshlándála a bhailiú agus a anailísiú.

    (4)Tá roinnt beart déanta ag an Aontas cheana chun leochaileachtaí a laghdú agus chun athléimneacht bonneagar criticiúil agus eintiteas i gcoinne rioscaí cibearshlándála a mhéadú, go háirithe Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 , Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún 18 , Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 agus Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 . Ina theannta sin, sa Mholadh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe uile-Aontais chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú, iarrtar ar na Ballstáit bearta práinneacha éifeachtacha a dhéanamh, agus oibriú i gcomhar go dílis, go héifeachtúil, i ndlúthpháirtíocht agus ar bhealach comhordaithe lena chéile, leis an gCoimisiún agus le húdaráis phoiblí ábhartha chomh maith leis na heintitis lena mbaineann, chun feabhas a chur ar athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a úsáidtear chun seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthar sa mhargadh inmheánach.

    (5)Mar gheall ar na rioscaí cibearshlándála atá ag dul i méid agus ar thimpeallacht bhagartha chasta fhoriomlán, agus baol soiléir ann go mbeidh iarmhairtí tapa cibirtheagmhas ag dul ó Bhallstát amháin go Ballstát eile agus ó thríú tír go dtí an tAontas, tá gá le dlúthpháirtíocht neartaithe ar leibhéal an Aontais chun bagairtí agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh ar bhealach níos fearr. D’iarr na Ballstáit ar an gCoimisiún freisin togra a thíolacadh maidir le Ciste Freagartha Éigeandála nua le haghaidh na Cibearshlándála sna Conclúidí ón gComhairle maidir le Seasamh Cibearshlándála AE 21 .

    (6)Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Beartas Cibearchosanta an Aontais 22 a glacadh an 10 Samhain 2022, fógraíodh Tionscnamh Cibear-Dhlúthpháirtíochta de chuid an Aontais a bhfuil na cuspóirí seo a leanas aige: cumais choiteanna braite, feasachta staide agus freagartha san Aontas a neartú trí chur in úsáid bonneagair Eorpaigh de Lárionaid Oibríochtaí Slándála a chur chun cinn, trí thacú le cúltaca cibearshlándála ar leibhéal an Aontais le seirbhísí ó sholáthraithe príobháideacha iontaofa agus trí eintitis chriticiúla a thástáil le haghaidh leochaileachtaí féideartha bunaithe ar mheasúnuithe riosca an Aontais.

    (7)Is gá brath agus feasacht staide cibearbhagairtí agus cibirtheagmhas a neartú ar fud an Aontais agus dlúthpháirtíocht a neartú trí fheabhas a chur ar ullmhacht agus cumais na mBallstát agus an Aontais freagairt do theagmhais chibearshlándála shuntasacha agus mhórscála. Dá bhrí sin, ba cheart bonneagar uile-Eorpach de Lárionaid Oibríochtaí Slándála a chur in úsáid (‘An Chibearsciath Eorpach’) chun cumais choiteanna braite agus feasachta staide a thógáil agus a fheabhsú; ba cheart Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála a bhunú chun tacú leis na Ballstáit ullmhú do theagmhais shuntasacha mhórscála chibearshlándála, freagairt dóibh agus téarnamh uathu láithreach; ba cheart Sásra um Athbhreithniú ar Theagmhais Chibearshlándála a bhunú chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar theagmhais shuntasacha nó mhórscála. Beidh na gníomhaíochtaí sin gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’).

    (8)Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, is gá Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 a leasú in áiteanna áirithe freisin. Go háirithe, ba cheart Rialachán (AE) 2021/694 a leasú leis an Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le cuspóirí oibríochtúla nua a bhaineann leis an gCibearsciath Eorpach agus leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála faoi Chuspóir Sonrach 3 den Chlár don Eoraip Dhigiteach, arb é is aidhm dó athléimneacht, ionracas agus iontaofacht an Mhargaidh Aonair Dhigitigh a ráthú, acmhainneachtaí a neartú chun faireachán a dhéanamh ar chibirionsaithe agus ar chibearbhagairtí agus freagairt dóibh, agus comhar trasteorann maidir leis an gcibearshlándáil a threisiú. Déanfar é sin a chomhlánú trí na coinníollacha sonracha faoinar cheart tacaíocht airgeadais a dheonú le haghaidh na ngníomhaireachtaí sin agus ba cheart na sásraí rialachais agus comhordaithe is gá chun na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach a shainiú. Ba cheart tuairiscí ar ghníomhaíochtaí atá beartaithe faoi na cuspóirí oibríochtúla nua a bheith san áireamh i leasuithe eile ar Rialachán (AE) 2021/694, chomh maith le táscairí intomhaiste chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcuspóirí oibríochtúla nua sin.

    (9)Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maoiniú gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo i Rialachán (AE) 2021/694, ar cheart é a bheith i gcónaí mar an bunghníomh ábhartha le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin a chumhdaítear faoi Chuspóir Sonrach 3 den Chlár don Eoraip Dhigiteach. Déanfar foráil sna cláir oibre ábhartha maidir le coinníollacha sonracha rannpháirtíochta maidir le gach gníomhaíocht, i gcomhréir leis an bhforáil is infheidhme de Rialachán (AE) 2021/694.

    (10)Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar na rialacha sin síos sa Rialachán Airgeadais agus is iad a chinneann, go háirithe, an nós imeachta le haghaidh buiséad an Aontais a bhunú agus a chur chun feidhme agus foráiltear iontu maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE freisin córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint arna bhunú i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (11)Chun críche bainistíochta fónta airgeadais, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta nár úsáideadh a thabhairt anonn. Agus urraim á tabhairt don phrionsabal go socrófar buiséad an Aontais ar bhonn bliantúil, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo, mar gheall ar chineál dothuartha, eisceachtúil agus sonrach thimpeallacht na cibearshlándála, maidir le deiseanna chun cistí nár úsáideadh a thabhairt anonn thar na cistí sin a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais, agus ar an gcaoi sin acmhainneacht an tSásra um Éigeandáil Chibearshlándála a uasmhéadú chun tacú leis na Ballstáit cibearbhagairtí a chomhrac go héifeachtach.

    (12)Chun bagairtí agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, measúnú a dhéanamh orthu agus freagairt dóibh ar bhealach níos éifeachtaí, is gá eolas níos cuimsithí a fhorbairt faoi na bagairtí ar shócmhainní criticiúla agus ar bhonneagair chriticiúla ar chríoch an Aontais, lena náirítear a ndáileadh geografach, a nidirnasc agus a dtionchar féideartha i gcás cibirionsaithe lena ndéantar difear do na bonneagair sin. Ba cheart bonneagar mórscála an Aontais de Lárionaid Oibríochtaí Slándála a chur in úsáid (‘an Chibearsciath Eorpach’), ina bhfuil roinnt ardán trasteorann idiroibritheach, agus ina ndéantar roinnt Lárionad Oibríochtaí Slándála Náisiúnta a ghrúpáil le chéile. Ba cheart an bonneagar sin a bheith ag freastal ar leasanna agus riachtanais chibearshlándála náisiúnta agus ar leasanna agus riachtanais chibearshlándála an Aontais, agus leas á bhaint as teicneolaíocht úrscothach le haghaidh arduirlisí bailithe sonraí agus anailísíochta, lena bhfeabhsaítear cibearchumais bhraite agus bhainistithe agus lena soláthraítear feasacht staide fíor-ama. Leis an mbonneagar sin, ba cheart brath bagairtí agus teagmhas cibearshlándála a mhéadú agus, dá bhrí sin, eintitis agus líonraí an Aontais atá freagrach as bainistiú géarchéime san Aontas a chomhlánú, go háirithe an Líonra Eorpach um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (‘EU-CyCLONe’), mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 .

    (13)Ba cheart do gach Ballstát comhlacht poiblí a ainmniú ar an leibhéal náisiúnta a mbeidh sé de chúram air comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí braite cibearbhagairtí sa Bhallstát sin. Ba cheart na Lárionaid Oibríochtaí Slándála Náisiúnta sin a bheith mar phointe tagartha agus mar thairseach ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh rannpháirtíocht sa Chibearsciath Eorpach agus a áirithiú go gcomhroinnfear agus go mbaileofar faisnéis faoi chibearbhagairtí ó eintitis phoiblí agus phríobháideacha ar an leibhéal náisiúnta ar bhealach éifeachtach cuíchóirithe.

    (14)Mar chuid den Chibearsciath Eorpach, ba cheart roinnt Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann a bhunú. Leis na lárionaid sin, ba cheart Lárionaid Oibríochtaí Slándála Náisiúnta ó thrí Bhallstát ar a laghad a thabhairt le chéile, ionas gur féidir na tairbhí a bhaineann le brath bagairtí trasteorann agus comhroinnt agus bainistiú faisnéise trasteorann a bhaint amach ina niomláine. Ba cheart é a bheith mar chuspóir ginearálta ag Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann acmhainneachtaí a neartú chun bagairtí cibearshlándála a anailísiú, a chosc agus a bhrath agus chun tacú le táirgeadh faisnéise ardcháilíochta maidir le bagairtí cibearshlándála, go háirithe trí shonraí ó fhoinsí éagsúla, idir phoiblí agus phríobháideach, a chomhroinnt, agus trí uirlisí úrscothacha a chomhroinnt agus a úsáid, agus cumais bhraite, anailíse agus choisc a fhorbairt go comhpháirteach i dtimpeallacht iontaofa. Ba cheart acmhainneacht bhreise nua a chur ar fáil leo, lena gcuirtear le Lárionaid Oibríochtaí Slándála agus le foirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí (CSIRTanna) atá ann cheana agus lena gcomhlánaítear iad.

    (15)Ar an leibhéal náisiúnta, is gnách a dhéanann Lárionaid Oibríochtaí Slándála eintiteas poiblí agus príobháideach faireachán, brath agus anailís ar chibearbhagairtí a áirithiú, i gcomhar le CSIRTanna. Ina theannta sin, déanann CSIRTanna faisnéis a mhalartú i gcomhthéacs líonra CSIRT, i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555. Ba cheart cumas nua a bheith sna Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann atá comhlántach le líonra CSIRTanna, trí shonraí maidir le bagairtí cibearshlándála ó eintitis phoiblí agus phríobháideacha a chomhthiomsú agus a chomhroinnt, lena bhfeabhsaítear luach na sonraí sin trí anailís shaineolach agus bonneagair agus uirlisí úrscothacha a fuarthas go comhpháirteach, agus lena rannchuidítear le forbairt chumais agus cheannasacht theicneolaíoch an Aontais.

    (16)Ba cheart na Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann a bheith mar phointe lárnach lena gceadófar comhthiomsú leathan sonraí ábhartha agus faisnéise faoi chibearbhagairtí, lena néascaítear faisnéis faoi bhagairtí a scaipeadh i measc tacar mór éagsúil gníomhaithe (e.g., Foirne Práinnfhreagartha Ríomhaire (‘CERTanna’), CSIRTanna, Lárionaid um Chomhroinnt agus Anailísiú Faisnéise (‘ISACanna’), oibreoirí bonneagar criticiúil). D’fhéadfaí na nithe seo a leanas a áireamh san fhaisnéis a mhalartaítear i measc rannpháirtithe i Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann: sonraí ó líonraí agus ó bhraiteoirí, fothaí faisnéise faoi bhagairtí, táscairí maidir le cur i mbaol, agus faisnéis atá curtha i gcomhthéacs faoi theagmhais, bagairtí agus leochaileachtaí. Ina theannta sin, ba cheart do Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann comhaontuithe comhair a dhéanamh le Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann eile.

    (17)Is réamhriachtanas fíor-riachtanach í feasacht staide chomhroinnte i measc na núdarás ábhartha le haghaidh ullmhacht agus comhordú uile-Aontais maidir le teagmhais chibearshlándála shuntasacha agus mhórscála. Le Treoir (AE) 2022/2555, bunaítear EU-CyCLONe chun tacú le bainistiú comhordaithe teagmhas mórscála cibearshlándála agus géarchéimeanna ar an leibhéal oibríochtúil agus chun malartú tráthrialta faisnéise ábhartha i measc na mBallstát agus institiúidí, comhlachtaí, agus gníomhaireachtaí an Aontais a áirithiú. Le Moladh (AE) 2017/1584 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála, tugtar aghaidh ar ról na ngníomhaithe ábhartha uile. Le Treoir (AE) 2022/2555, meabhraítear freisin freagrachtaí an Choimisiúin sa Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (‘UCPM’) a bunaíodh le Cinneadh 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chomh maith le tuarascálacha anailíseacha a chur ar fáil le haghaidh socruithe Shásra Comhtháite an Aontais maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (‘IPCR’) faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993. Dá bhrí sin, i gcásanna ina bhfaigheann Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann faisnéis a bhaineann le teagmhas cibearshlándála mórscála a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá ar siúl faoi láthair, ba cheart dóibh an fhaisnéis ábhartha a thabhairt do EU-CycLONe, do líonra CSIRTanna agus don Choimisiún. Go háirithe, ag brath ar an gcás, d’fhéadfadh faisnéis theicniúil, faisnéis faoi chineál agus cúiseanna an ionsaitheora nó an ionsaitheora fhéideartha, agus faisnéis neamhtheicniúil ardleibhéil faoi theagmhas cibearshlándála mórscála a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá ar siúl faoi láthair a bheith san áireamh san fhaisnéis atá le comhroinnt. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar an bprionsabal ‘ar bhonn riachtanais eolais’ agus ar chineál na faisnéise a chomhroinntear a d’fhéadfadh a bheith íogair.

    (18)Ba cheart d’eintitis atá rannpháirteach sa Chibearsciath Eorpach ardleibhéal idir-inoibritheachta a áirithiú eatarthu féin, lena náirítear, de réir mar is iomchuí, a mhéid a bhaineann le formáidí sonraí, tacsanomaíocht, uirlisí láimhseála sonraí agus anailíse sonraí, agus bealaí cumarsáide slána, íosleibhéal slándála shraith na feidhme, deais feasachta staide agus táscairí. Agus tacsanomaíocht choiteann á glacadh agus teimpléad á fhorbairt le haghaidh tuarascálacha staide chun tuairisc a thabhairt ar chúis theicniúil agus tionchar teagmhas cibearshlándála, ba cheart an obair leanúnach maidir le fógairt teagmhas i gcomhthéacs chur chun feidhme Threoir (AE) 2022/2555 a chur san áireamh.

    (19)Chun malartú sonraí maidir le bagairtí cibearshlándála ó fhoinsí éagsúla a éascú, ar bhonn mórscála, i dtimpeallacht iontaofa, ba cheart uirlisí, trealamh agus bonneagair atá úrscothach agus an-slán a bheith ag na heintitis atá rannpháirteach sa Chibearsciath Eorpach. Leis sin, ba cheart go bhféadfaí feabhas a chur ar acmhainneachtaí braite comhchoiteanna agus rabhaidh thráthúla d’údaráis agus d’eintitis ábhartha, go háirithe trí úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí intleachta saorga agus anailísíochta sonraí is déanaí.

    (20)Trí shonraí a bhailiú, a chomhroinnt agus a mhalartú, ba cheart go ndéanfaí ceannasacht theicneolaíoch an Aontais a fheabhsú leis an gCibearsciath Eorpach. Agus sonraí coimeádaithe ardcháilíochta á gcomhthiomsú, ba cheart go rannchuideofaí le forbairt ardteicneolaíochtaí intleachta saorga agus anailísíochta sonraí. Ba cheart é a éascú tríd an gCibearsciath Eorpach a nascadh leis an mbonneagar Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta uile-Eorpach a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle 25 . 

    (21)Cé gur tionscadal sibhialtach é an Chibearsciath Eorpach, d’fhéadfadh an pobal cibearchosanta leas a bhaint as cumais shibhialtacha bhraite agus feasachta staide níos láidre a fhorbraítear chun bonneagar criticiúil a chosaint. Ba cheart do Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann, le tacaíocht ón gCoimisiún agus ón Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála, agus i gcomhar le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an ‘tArdionadaí’), prótacail agus caighdeáin thiomnaithe a fhorbairt de réir a chéile chun comhar a éascú leis an bpobal cibearchosanta, lena náirítear coinníollacha grinnfhiosrúcháin agus dálaí. Agus an Chibearsciath Eorpach á forbairt, ba cheart machnamh a dhéanamh lena gcumasófar comhoibriú amach anseo leis na líonraí agus na hardáin atá freagrach as comhroinnt faisnéise sa chomhphobal cibearchosanta, i ndlúthchomhar leis an Ardionadaí.

    (22)Le malartú faisnéise idir rannpháirtithe na Cibearscéithe Eorpaí, ba cheart ceanglais dhlíthiúla atá ann cheana agus go háirithe dlí an Aontais agus dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh, chomh maith le rialacha iomaíochta an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise. Ba cheart d’fhaighteoir na faisnéise bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme lena gcosnófar cearta agus saoirsí na ndaoine is ábhar do na sonraí a chosaint, a mhéid is gá sonraí pearsanta a phróiseáil, agus na sonraí a scriosadh a luaithe nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun na críche atá luaite agus ba cheart dó a chur in iúl don chomhlacht a chuir na sonraí ar fáil gur scriosadh na sonraí. 

    (23)Gan dochar d’Airteagal 346 CFAE, níor cheart a bheith i bhfaisnéis a mhalartaítear atá rúnda de bhun rialacha an Aontais nó rialacha náisiúnta ach an méid atá ábhartha maidir le cuspóir an mhalartaithe agus an méid atá comhréireach leis. Agus an fhaisnéis sin á malartú, ba cheart rúndacht na faisnéise a chaomhnú agus slándáil agus leasanna tráchtála na neintiteas lena mbaineann a chosaint, agus lán-urraim á tabhairt do rúin trádála agus ghnó.

    (24)I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar rioscaí agus an líon cibirtheagmhas a dhéanann difear do na Ballstáit, is gá ionstraim tacaíochta géarchéime a bhunú chun feabhas a chur ar athléimneacht an Aontais i gcoinne teagmhais chibearshlándála shuntasacha agus mhórscála agus gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhlánú trí thacaíocht airgeadais éigeandála le haghaidh ullmhachta, freagartha agus téarnamh láithreach seirbhísí bunriachtanacha. Leis an ionstraim sin, ba cheart cur in úsáid mear cúnaimh a chumasú in imthosca sainithe agus faoi dhálaí soiléire agus ba cheart monatóireacht agus meastóireacht chúramach a éascú maidir leis an gcaoi ar úsáideadh acmhainní. Cé gur ar na Ballstáit a bhfuil an príomhchúram i dtaobh teagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála a chosc agus i dtaobh ullmhú agus freagairt do na teagmhais agus na géarchéimeanna sin, is leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála a dhéantar dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (‘CAE’).

    (25)Leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, ba cheart tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit lena gcomhlánaítear a mbearta agus a nacmhainní féin, agus roghanna tacaíochta eile atá ann cheana i gcás freagairt do theagmhais chibearshlándála shuntasacha agus mhórscála agus téarnamh láithreach uathu, amhail na seirbhísí a sholáthraíonn Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (‘ENISA’) i gcomhréir lena sainordú, an fhreagairt chomhordaithe agus an cúnamh ó líonra CSIRTanna, an tacaíocht mhaolaithe ó EU-CyCLONe, chomh maith le cúnamh frithpháirteach idir na Ballstáit lena náirítear i gcomhthéacs Airteagal 42(7) CAE, Foirne Mearfhreagartha Cibearslándála 26 agus Foirne Mearfhreagartha Hibrideacha PESCO. Ba cheart aghaidh a thabhairt ann ar an ngá atá lena áirithiú go bhfuil modhanna speisialaithe ar fáil chun tacú le hullmhacht agus freagairt do theagmhais chibearshlándála ar fud an Aontais agus i dtríú tíortha.

    (26)Tá an ionstraim gan dochar do nósanna imeachta agus creataí chun freagairt ar ghéarchéim ar leibhéal an Aontais a chomhordú, go háirithe an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta 27 , IPCR 28 , agus Treoir (AE) 2022/2555. Féadfar rannchuidiú le gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme i gcomhthéacs Airteagal 42(7) CAE nó i gcásanna a shainítear in Airteagal 222 CFAE nó na gníomhaíochtaí a chomhlánú. Ba cheart úsáid na hionstraime sin a chomhordú freisin le cur chun feidhme bhearta Bhosca Uirlisí na Cibearthaidhleoireachta, i gcás inarb iomchuí.

    (27)Cúnamh a sholáthraítear faoin Rialachán seo, ba cheart é a bheith ag tacú agus comhlántach leis na gníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta. Chuige sin, ba cheart dlúthchomhar agus comhairliúchán idir an Coimisiún agus an Ballstát dá ndéantar difear a áirithiú. Agus tacaíocht á hiarraidh ag Ballstát faoin Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, ba cheart dó faisnéis ábhartha a sholáthar lena dtugtar bonn cirt don ghá atá le tacaíocht.

    (28)Le Treoir (AE) 2022/2555, ceanglaítear ar na Ballstáit údarás bainistithe cibirghéarchéime amháin nó níos mó a ainmniú nó a bhunú agus a áirithiú go bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu chun a gcúraimí a dhéanamh ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil. Ceanglaítear leis freisin ar na Ballstáit cumais, sócmhainní agus nósanna imeachta is féidir a chur in úsáid i gcás géarchéime a shainaithint chomh maith le plean náisiúnta freagartha do theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála a ghlacadh ina leagtar amach na cuspóirí agus na socruithe maidir le teagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála a bhainistiú. Ceanglaítear ar na Ballstáit freisin CSIRT amháin nó níos mó a bhunú a mbeidh freagrachtaí láimhseála teagmhas de chúram orthu i gcomhréir le próiseas dea-shainithe agus lena gcumhdaítear ar a laghad na hearnálacha, na fo-earnálacha agus na cineálacha eintiteas faoi raon feidhme na Treorach sin, agus a áirithiú go bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu chun a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtach. Tá an Rialachán seo gan dochar do ról an Choimisiúin maidir le comhlíontacht na mBallstát le hoibleagáidí Threoir (AE) 2022/2555 a áirithiú. Leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, ba cheart cúnamh a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh ullmhacht a threisiú chomh maith le gníomhaíochtaí freagartha ar theagmhais chun tionchar teagmhas cibearshlándála suntasach agus mórscála a mhaolú, chun tacú le téarnamh láithreach agus/nó chun feidhmiú seirbhísí fíor-riachtanacha a athbhunú.

    (29)Mar chuid de na gníomhaíochtaí ullmhachta, chun cur chuige comhsheasmhach a chur chun cinn agus chun slándáil a neartú ar fud an Aontais agus ina mhargadh inmheánach, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil chun tástáil agus measúnú a dhéanamh ar chibearshlándáil eintiteas atá ag feidhmiú in earnálacha an-chriticiúil arna sainaithint de bhun Threoir (AE) 2022/2555 ar bhealach comhordaithe. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún, le tacaíocht ó ENISA agus i gcomhar leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise arna bhunú le Treoir (AE) 2022/2555, earnálacha agus fo-earnálacha ábhartha a shainaithint go tráthrialta, ar earnálacha agus fo-earnálacha iad ar cheart a bheith incháilithe do thacaíocht airgeadais le haghaidh tástáil chomhordaithe ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na hearnálacha nó na fo-earnálacha a roghnú ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 (‘Earnálacha Ardchriticiúlachta’). Ba cheart na cleachtaí tástála comhordaithe a bheith bunaithe ar chásanna riosca agus modheolaíochtaí coiteanna. Agus earnálacha á roghnú agus cásanna riosca á bhforbairt, ba cheart measúnuithe riosca agus cásanna riosca uile-Aontais a chur san áireamh, lena náirítear an gá atá le dúbailt a sheachaint, amhail an mheastóireacht riosca agus na cásanna riosca arna niarraidh sna conclúidí ón gComhairle maidir le seasamh cibearshlándála an Aontais a fhorbairt a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún, an tArdionadaí agus an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, i gcomhar le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha sibhialta agus míleata agus líonraí bunaithe, lena náirítear EU CyCLONe, chomh maith leis an measúnú riosca ar líonraí cumarsáide agus bonneagair chumarsáide arna niarraidh ag an nGlao Aireachta Comhpháirteach ó Nevers agus arna dhéanamh ag an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, le tacaíocht ón gCoimisiún agus ó ENISA, agus i gcomhar le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC), na measúnuithe riosca atá le déanamh faoi Airteagal 22 de Threoir (AE) 2022/2555 agus an tástáil athléimneachta digití oibríochtúla dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 . Agus na hearnálacha á roghnú, ba cheart an Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe uile-Aontais chun athléimneacht bonneagair chriticiúil a neartú a chur san áireamh.

    (30)Ina theannta sin, leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil i leith gníomhaíochtaí ullmhachta eile agus tacú le hullmhacht in earnálacha eile, nach gcumhdaítear le tástáil chomhordaithe eintiteas atá ag feidhmiú in earnálacha an-chriticiúil. D’fhéadfaí cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí náisiúnta ullmhachta a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin.

    (31)Leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, ba cheart cúnamh a chur ar fáil freisin le haghaidh gníomhaíochtaí freagartha ar theagmhais chun tionchar teagmhas cibearshlándála suntasach agus mórscála a mhaolú, chun tacú le téarnamh láithreach nó chun feidhmiú seirbhísí fíor-riachtanacha a athbhunú. I gcás inarb iomchuí, ba cheart an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a chomhlánú chun cur chuige cuimsitheach a áirithiú chun freagairt do thionchair cibirtheagmhas ar shaoránaigh.

    (32)Leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, ba cheart tacú le cúnamh a chuireann na Ballstáit ar fáil do Bhallstát a ndéanann teagmhas cibearshlándála suntasach nó mórscála difear dó, lena náirítear trí líonra CSIRTanna a leagtar amach in Airteagal 15 de Threoir (AE) 2022/2555. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a chuireann cúnamh ar fáil iarrataí a chur isteach chun costais a bhaineann le foirne saineolaithe a sheoladh faoi chuimsiú an chúnaimh fhrithpháirtigh a chumhdach. D’fhéadfaí speansais taistil, lóistín agus liúntais laethúla saineolaithe cibearshlándála a áireamh ar na costais incháilithe.

    (33)Ba cheart Cúltaca Cibearshlándála ar leibhéal an Aontais a bhunú de réir a chéile, ina bhfuil seirbhísí ó sholáthraithe príobháideacha seirbhísí slándála bainistithe chun tacú le gníomhaíochtaí freagartha agus téarnaimh láithrigh i gcásanna teagmhas cibearshlándála suntasach nó mórscála. Le Cúltaca Cibearshlándála an Aontais, ba cheart infhaighteacht agus ullmhacht seirbhísí a áirithiú. Leis na seirbhísí ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, ba cheart tacú leis na húdaráis náisiúnta cúnamh a chur ar fáil do na heintitis dá ndéantar difear agus atá ag feidhmiú in earnálacha criticiúla nó an-chriticiúil mar chomhlánú lena ngníomhaíochtaí féin ar an leibhéal náisiúnta. Agus tacaíocht á hiarraidh ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, ba cheart do na Ballstáit an tacaíocht a thugtar don eintiteas dá ndéantar difear ar an leibhéal náisiúnta a shonrú, ar cheart í a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar an iarraidh ón mBallstát. Leis na seirbhísí ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, d’fhéadfaí tacaíocht a thabhairt d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais freisin, faoi choinníollacha comhchosúla. 

    (34)Chun soláthraithe seirbhíse príobháideacha a roghnú chun seirbhísí a sholáthar i gcomhthéacs Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, is gá tacar critéar íosta a bhunú ar cheart iad a chur san áireamh sa ghlao ar thairiscintí chun na soláthraithe sin a roghnú, chun a áirithiú go bhfreastalófar ar riachtanais údaráis agus eintitis na mBallstát atá ag feidhmiú in earnálacha criticiúla nó an-chriticiúil.

    (35)Chun tacú le Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a bhunú, d’fhéadfadh an Coimisiún breithniú a dhéanamh ar a iarraidh ar ENISA scéim iarrthach dheimhniúcháin a ullmhú de bhun Rialachán (AE) 2019/881 le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe sna réimsí a chumhdaítear leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála.

    (36)Chun tacú le cuspóirí an Rialacháin seo maidir le feasacht choiteann staide a chur chun cinn, athléimneacht an Aontais a fheabhsú agus freagairt éifeachtach do theagmhais chibearshlándála shuntasacha agus mhórscála a chumasú, ba cheart do EU=CyCLONe, do líonra CSIRTanna nó don Choimisiún a bheith in ann iarraidh ar ENISA athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar bhagairtí, leochaileachtaí agus gníomhaíochtaí maolaithe i leith teagmhas cibearshlándála suntasach nó mórscála. Tar éis do ENISA athbhreithniú agus measúnú ar theagmhas a chur i gcrích, ba cheart dó tuarascáil maidir le hathbhreithniú teagmhais a ullmhú, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena náirítear ionadaithe ón earnáil phríobháideach, na Ballstáit, an Coimisiún agus institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais. A mhéid a bhaineann leis an earnáil phríobháideach, tá bealaí á bhforbairt ag ENISA chun faisnéis a mhalartú le soláthraithe speisialaithe, lena náirítear soláthraithe réiteach slándála bainistithe agus díoltóirí, chun rannchuidiú le misean ENISA maidir le hardleibhéal coiteann cibearshlándála a bhaint amach ar fud an Aontais. Agus an tuarascáil athbhreithnithe maidir le teagmhais shonracha ag tógáil ar an gcomhar le páirtithe leasmhara, lena náirítear an earnáil phríobháideach, ba cheart é a bheith d’aidhm aici measúnú a dhéanamh ar chúiseanna, tionchair agus maoluithe teagmhais, tar éis dó tarlú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an ionchur agus ar na ceachtanna a roinneann na soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe a chomhlíonann coinníollacha na sláine gairmiúla is airde, na neamhchlaontachta agus an tsaineolais theicniúil is gá mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart an tuarascáil a chur ar fáil, agus ba cheart cur le hobair EU=CyCLONe, líonra CSIRTanna agus an Choimisiúin léi. Nuair a bhaineann an teagmhas le tríú tír, comhroinnfidh an Coimisiún leis an Ardionadaí é freisin.

    (37)Agus cineál dothuartha ionsaithe cibearshlándála á chur san áireamh, agus ós rud é gur minic nach gcoinnítear i limistéar geografach sonrach iad agus go bhfuil riosca ard iarmharta ag baint leo, rannchuidítear leis an Aontas a chosaint ina iomláine le neartú athléimneacht na dtíortha comharsanachta agus a nacmhainneachta freagairt go héifeachtach do theagmhais chibearshlándála shuntasacha agus mhórscála. Dá bhrí sin, féadfar tacaíocht a thabhairt do na tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach le Cúltaca Cibearshlándála an Aontais, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa chomhaontú comhlachais faoi seach a ghabhann leis an gClár don Eoraip Dhigiteach. Ba cheart don Aontas tacú leis an gcistiú do thríú tíortha comhlachaithe faoi chuimsiú comhpháirtíochtaí ábhartha agus ionstraimí cistiúcháin do na tíortha sin. Leis an tacaíocht sin, ba cheart seirbhísí i réimse na freagartha ar theagmhais chibearshlándála shuntasacha nó mhórscála agus téarnaimh láithreach uathu a chumhdach. Ba cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha a leagtar síos do Chúltaca Cibearshlándála an Aontais agus do sholáthraithe iontaofa sa Rialachán seo agus tacaíocht á tabhairt do na tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach.

    (38)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na coinníollacha le haghaidh idir-inoibritheacht idir Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann a shonrú; na socruithe nós imeachta a chinneadh le haghaidh chomhroinnt na faisnéise a bhaineann le teagmhas cibearshlándála mórscála a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá ar siúl faoi láthair idir Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann agus eintitis de chuid an Aontais; ceanglais theicniúla a leagan síos chun slándáil na Cibearscéithe Eorpaí a áirithiú; cineálacha agus líon na seirbhísí freagartha is gá le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a shonrú; agus na socruithe sonracha maidir le leithdháileadh sheirbhísí tacaíochta Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a shonrú a thuilleadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (39)Is fearr is féidir cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach ar leibhéal an Aontais ná mar is féidir leis na Ballstáit. Dá réir sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Caibidil I  

    CUSPÓIRÍ GINEARÁLTA, ÁBHAR, AGUS SAINMHÍNITHE  

    Airteagal 1

    Ábhar agus cuspóirí 

     

    1. Leis an Rialachán seo, leagtar síos bearta chun acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh, go háirithe trí na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (a) bonneagar uile-Eorpach de Láronaid Oibríochtaí Slándála a chur in úsáid (‘an Chibearsciath Eorpach’) chun cumais choiteanna braite agus feasachta staide a thógáil agus a fheabhsú;

    (b) Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála a chruthú chun tacú leis na Ballstáit ullmhú do theagmhais shuntasacha mhórscála chibearshlándála, freagairt dóibh agus téarnamh láithreach uathu;

    (c) Sásra Eorpach um Athbhreithniú ar Theagmhais Chibearshlándála a bhunú chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar theagmhais shuntasacha nó mhórscála.

    2. Tá sé mar chuspóir leis an Rialachán seo dlúthpháirtíocht a neartú ar leibhéal an Aontais trí na cuspóirí sonracha seo a leanas:

    (a)brath agus feasacht staide choiteann an Aontais a neartú maidir le cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais ionas gur féidir seasamh iomaíoch na nearnálacha tionsclaíochta agus seirbhísí san Aontas a threisiú ar fud an gheilleagair dhigitigh agus gur féidir rannchuidiú le ceannasacht theicneolaíoch an Aontais i réimse na cibearshlándála;

    (b)ullmhacht eintiteas atá ag feidhmiú in earnálacha criticiúla agus an-chriticiúil ar fud an Aontais a threisiú agus dlúthpháirtíocht a neartú trí acmhainneachtaí freagartha coiteanna a fhorbairt in aghaidh teagmhais chibearshlándála shuntasacha nó mhórscála, lena náirítear trí thacaíocht an Aontais maidir le teagmhais chibearshlándála a chur ar fáil do thríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach;

    (c)athléimneacht an Aontais a fheabhsú agus rannchuidiú le freagairt éifeachtach trí athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar theagmhais shuntasacha nó mhórscála, lena náirítear ceachtanna a fhoghlaim agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí a dhéanamh.

    3. Tá an Rialachán seo gan dochar do phríomhfhreagracht na mBallstát as an tslándáil náisiúnta, an tslándáil phoiblí, agus cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: 

    (1)ciallaíonn ‘Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann’ ardán iltíre, lena dtugtar le chéile, i struchtúr líonra comhordaithe, lárionaid oibríochtaí slándála náisiúnta ó thrí Bhallstát ar a laghad ar Cuibhreannas Óstach iad, agus atá ceaptha chun cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a chosc agus chun tacú le táirgeadh faisnéise ardcháilíochta, go háirithe trí mhalartú sonraí ó fhoinsí éagsúla poiblí agus príobháideacha, agus trí uirlisí úrscothacha a chomhroinnt agus cibearbhrath, anailís, agus cumais choisc agus chosanta a fhorbairt go comhpháirteach i dtimpeallacht iontaofa; 

    (2)ciallaíonn ‘comhlacht poiblí’ comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2((1), pointe (4),), de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 ;

    (3)ciallaíonn ‘Cuibhreannas Óstach’ cuibhreannas ina bhfuil stáit rannpháirteacha, a ndéanann Lárionaid Oibríochtaí Slándála Náisiúnta ionadaíocht ar a son, a chomhaontaigh uirlisí agus bonneagar a bhunú le haghaidh Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann, agus rannchuidiú leis na huirlisí sin agus le feidhmiú an Lárionaid;

    (4)ciallaíonn ‘eintiteas’ eintiteas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (38), de Threoir (AE) 2022/2555;

    (5)ciallaíonn ‘eintitis atá ag feidhmiú in earnálacha criticiúla agus an-chriticiúil’ cineál na neintiteas a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555;

    (6)ciallaíonn ‘cibearbhagairt’ cibearbhagairt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) 2019/881;

    (7)ciallaíonn ‘teagmhas cibearshlándála suntasach’ teagmhas cibearshlándála lena gcomhlíontar na critéir a leagtar amach in Airteagal 23(3) de Threoir (AE) 2022/2555;

    (8)ciallaíonn ‘teagmhas cibearshlándála mórscála’ teagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (7), de Threoir (AE) 2022/2555;

    (9)ciallaíonn ‘ullmhacht’ staid ullmhachta agus cumas chun mearfhreagairt ar theagmhas cibearshlándála suntasach nó mórscála a áirithiú, rud a fuarthas mar thoradh ar ghníomhaíochtaí measúnaithe riosca agus faireacháin a rinneadh roimh ré; 

    (10)ciallaíonn ‘freagairt’ gníomhaíocht i gcás teagmhas cibearshlándála suntasach nó mórscála, nó le linn nó tar éis teagmhais den sórt sin, chun aghaidh a thabhairt ar a iarmhairtí díobhálacha gearrthéarmacha; 

    (11)ciallaíonn ‘soláthraithe iontaofa’ soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (40), de Threoir (AE) 2022/2555 a roghnaíodh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo.

    Caibidil II

    AN CHIBSEARSCIATH EORPACH 

    Airteagal 3

    An Chibearsciath Eorpach a bhunú

    1. Bunófar bonneagar idirnasctha uile-Eorpach de Lárionaid Oibríochtaí Slándála (‘an Chibearsciath Eorpach’) chun ardchumais de chuid an Aontais a fhorbairt chun sonraí maidir le cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais san Aontas a bhrath, a anailísiú agus a phróiseáil. Is iad na Lárionad Oibríochtaí Slándála Náisiúnta uile agus na Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann uile a bheidh ann.

    Tacófar le gníomhaíochtaí lena gcuirtear an Chibearsciath Eorpach chun feidhme trí chistiú ón gClár don Eoraip Dhigiteach agus cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/694 agus go háirithe Cuspóir Sonrach 3 de.

    2. Déanfar an méid seo a leanas leis an gCibearsciath Eorpach:

    (a) sonraí maidir le cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais ó fhoinsí éagsúla a chomhthiomsú agus a chomhroinnt trí Lárionaid Oibríochtaí Slándála trasteorann;

    (b) ábhar faisnéise agus faisnéis ardcháilíochta inghníomhaithe maidir le cibearbhagairtí a sholáthar, trí uirlisí úrscothacha, go háirithe an Intleacht Shaorga agus teicneolaíochtaí anailísíochta sonraí;

    (c) rannchuidiú le cosaint agus freagairt níos fearr ar chibearbhagairtí;

    (d) rannchuidiú le cibearbhagairtí a bhrath ar bhealach níos tapa agus le feasacht staide ar fud an Aontais;

    (e) seirbhísí agus gníomhaíochtaí a chur ar fáil do phobal na cibearshlándála san Aontas, lena n‑áirítear rannchuidiú le harduirlisí intleachta saorga agus anailísíochta sonraí a fhorbairt.

    Déanfar í a fhorbairt i gcomhar leis an mbonneagar Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta uile-Eorpach a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) 2021/1173.

    Airteagal 4

    Lárionaid Oibríochtaí Slándála Náisiúnta

    1. Chun bheith rannpháirteach sa Chibearsciath Eorpach, déanfaidh gach Ballstát Lárionad Oibríochtaí Slándála Náisiúnta amháin ar a laghad a ainmniú. Comhlacht poiblí a bheidh sa Lárionad Oibríochtaí Slándála Náisiúnta.

    Beidh sé d’acmhainn aige gníomhú mar phointe tagartha agus mar thairseach chuig eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha eile ar an leibhéal náisiúnta chun faisnéis faoi bhagairtí agus teagmhais chibearshlándála a bhailiú agus a anailísiú agus chun rannchuidiú le Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann. Beidh teicneolaíochtaí úrscothacha aige atá in ann sonraí atá ábhartha maidir le bagairtí agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, a chomhiomlánú agus a anailísiú.

    2. Tar éis glao ar léiriú spéise, roghnóidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála na Lárionaid Oibríochtaí Slándála Náisiúnta chun páirt a ghlacadh i soláthar comhpháirteach uirlisí agus bonneagar in éineacht leis an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála. Féadfaidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála deontais a dhámhachtain ar na Lárionaid Oibríochtaí Slándála Náisiúnta roghnaithe chun feidhmiú na n‑uirlisí agus na mbonneagar sin a chistiú. Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas, cumhdófar suas le 50 % de chostais fála na n‑uirlisí agus na mbonneagar, agus suas le 50 % de na costais oibriúcháin, agus beidh na costais eile le cumhdach ag an mBallstát. Sula seolfar an nós imeachta chun na huirlisí agus na bonneagair a fháil, tabharfaidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus an Lárionad Oibríochtaí Slándála Náisiúnta comhaontú i gcrích maidir le hóstáil agus úsáid lena rialófar úsáid na n‑uirlisí agus na mbonneagar.

    3. Lárionad Oibríochtaí Slándála Náisiúnta a roghnófar de bhun mhír 2, tabharfaidh sé gealltanas go ndéanfaidh sé iarratas chun páirt a ghlacadh i Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann laistigh de 2 bhliain ón dáta a bhfaighfear na huirlisí agus na bonneagair, nó an dáta ar a bhfaighidh sé cistiúchán deontais, cibé acu is túisce a tharlóidh. Más rud é nach bhfuil Lárionad Oibríochtaí Slándála Náisiúnta ina rannpháirtí i Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann faoin am sin, ní bheidh sé incháilithe le haghaidh tacaíocht bhreise ón Aontais faoin Rialachán seo.

    Airteagal 5

    Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann

    1. Cuibhreannas Óstach ina bhfuil ar a laghad trí Bhallstát, a ndéanann Lárionaid Oibríochtaí Slándála Náisiúnta ionadaíocht ar a shon, atá tiomanta oibriú le chéile chun a gcuid gníomhaíochtaí cibearbhraite agus faireacháin ar bhagairtí a chomhordú, beidh sé incháilithe do pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí chun Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann a bhunú.

    2. Tar éis glao ar léiriú spéise, roghnóidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála Cuibhreannas Óstach chun páirt a ghlacadh i soláthar comhpháirteach uirlisí agus bonneagar in éineacht leis an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála. Féadfaidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála deontais a dhámhachtain ar an gCuibhreannas Óstach chun feidhmiú na n‑uirlisí agus na mbonneagar sin a chistiú. Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas, cumhdófar suas le 75 % de chostais fála na n‑uirlisí agus na mbonneagar, agus suas le 50 % de na costais oibriúcháin, agus beidh na costais eile le cumhdach ag an gCuibhreannas Óstach. Sula seolfar an nós imeachta chun na huirlisí agus na bonneagair a fháil, tabharfaidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus an Cuibhreannas Óstach comhaontú i gcrích maidir le hóstáil agus úsáid lena rialófar úsáid na n‑uirlisí agus na mbonneagar.

    3. Tabharfaidh comhaltaí an Chuibhreannais Óstaigh comhaontú cuibhreannais i scríbhinn i gcrích ina leagfar síos na socruithe inmheánacha atá acu chun an Comhaontú maidir le hóstáil agus úsáid a chur chun feidhme.

    4. Déanfaidh Lárionad Oibríochtaí Slándála Náisiúnta, agus é ag feidhmiú mar Lárionad Oibríochtaí Slándála comhordúcháin, ionadaíocht chun críocha dlíthiúla ar Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann, nó déanfaidh an Cuibhreannas Óstach é má tá pearsantacht dhlítheanach aige. Beidh an Lárionad Oibríochtaí Slándála comhordúcháin freagrach as ceanglais an chomhaontaithe maidir le hóstáil agus úsáid agus as ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

    Airteagal 6  

    Comhar agus comhroinnt faisnéise laistigh de Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann agus eatarthu

    1. Déanfaidh comhaltaí Cuibhreannais Óstaigh faisnéis ábhartha a mhalartú eatarthu féin laistigh den Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann, lena n‑airítear faisnéis a bhaineann le cibearbhagairtí, neasteagmhais, leochaileachtaí, teicnící agus nósanna imeachta, táscairí comhréitigh, teaicticí sáraíochta, faisnéis a bhaineann go sonrach le gníomhaithe bagartha, foláirimh chibearshlándála agus moltaí maidir le cumraíocht uirlisí cibearshlándála chun cibirionsaithe a bhrath, i gcás ina ndéantar an méid seo a leanas le comhroinnt faisnéise den sórt sin:

    (a)teagmhais a chosc nó a bhrath, freagairt dóibh, téarnamh uathu nó a dtionchar a mhaolú;

    (b)an leibhéal cibearshlándála a fheabhsú, go háirithe trí fheasacht a mhúscailt i ndáil le cibearbhagairtí, cumas scaipthe bagairtí den sórt sin a theorannú nó bac a chur leo, tacú le réimse cumas cosantach, feabhsúchán agus nochtadh leochaileachta, bagairtí a bhrath, teicnící srianta agus coisc, straitéisí maolaithe, nó céimeanna freagartha agus téarnaimh nó taighde comhoibritheach ar bhagairtí idir eintitis phoiblí agus phríobháideacha a chur chun cinn.

    2. Leis an gcomhaontú cuibhreannais i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 5(3), bunófar an méid seo a leanas:

    (a)gealltanas méid mór sonraí dá dtagraítear i mír 1 a chomhroinnt agus na coinníollacha faoina ndéanfar an fhaisnéis sin a mhalartú;

    (b)creat rialachais lena ndreasaítear comhroinnt faisnéise ag na rannpháirtithe uile;

    (c)spriocanna maidir le rannchuidiú le harduirlisí intleachta saorga agus anailísíochta a fhorbairt.

    3. Chun malartú faisnéise idir na Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann a spreagadh, déanfaidh na Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann ardleibhéal idir-inoibritheachta a áirithiú eatarthu féin. Chun idir-inoibritheacht a éascú idir na Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála, na coinníollacha maidir leis an idir-inoibritheacht sin a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2) den Rialachán seo.

    4. Déanfaidh Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích lena chéile, lena sonrófar prionsabail maidir le comhroinnt faisnéise i measc na n‑ardán trasteorann.

    Airteagal 7 

    Comhar agus comhroinnt faisnéise le heintitis de chuid an Aontais

    1. I gcás ina bhfaigheann na Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann faisnéis a bhaineann le teagmhas cibearshlándála mórscála a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá ar siúl faoi láthair, tabharfaidh siad an fhaisnéis ábhartha do EU=CyCLONe, do líonra CSIRT agus don Choimisiún, i bhfianaise a ról bainistithe géarchéime féin i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555 gan moill mhíchuí.

    2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe nós imeachta maidir le comhroinnt na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2) den Rialachán seo.

    Airteagal 8

    Slándáil

    1. Áiritheoidh na Ballstáit atá rannpháirteach sa Chibearsciath Eorpach ardleibhéal slándála sonraí agus slándála fisiciúla bhonneagar na Cibearscéithe Eorpaí agus áiritheoidh siad go ndéanfar an bonneagar a bhainistiú go leordhóthanach sa chaoi go gcosnófar ar bhagairtí é agus go n‑áiritheofar slándáil an bhonneagair sin agus slándáil na gcóras, lena n‑áirítear slándáil na sonraí a mhalartaítear tríd an mbonneagar.

    2. Áiritheoidh na Ballstáit atá rannpháirteach sa Chibearsciath Eorpach nach mbeidh tionchar diúltach ag comhroinnt faisnéise laistigh den Chibearsciath Eorpach le heintitis nach comhlachtaí poiblí de chuid na mBallstát iad ar leasanna slándála an Aontais.

    3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh na mBallstát chun a n‑oibleagáid faoi mhíreanna 1 agus 2 a chomhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2) den Rialachán seo. Agus an méid sin á dhéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, le tacaíocht ón Ardionadaí, caighdeáin slándála ábhartha ar leibhéal na cosanta, chun comhar le gníomhaithe míleata a éascú.

      

    Caibidil III

    SÁSRA UM EIGEANDÁIL CHIBEARSHLÁNDÁLA

    Airteagal 9

    An Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála a bhunú

    1. Bunaítear Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála chun feabhas a chur ar athléimneacht an Aontais i leith mórbhagairtí cibearshlándála agus chun ullmhú do thionchar gearrthéarmach teagmhas cibearshlándála suntasach agus mórscála, agus chun iad a mhaolú, de mheon dlúthpháirtíochta (an ‘Sásra’).

    2. Tacófar le gníomhaíochtaí lena gcuirtear an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála chun feidhme trí chistiú ón gClár don Eoraip Dhigiteach agus cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/694 agus go háirithe Cuspóir Sonrach 3 de.

    Airteagal 10

    Cineálacha gníomhaíochtaí

     

    1. Leis an Sásra, tacófar leis na cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas: 

    (a)gníomhaíochtaí ullmhachta, lena náirítear tástáil ullmhachta chomhordaithe ar eintitis atá ag feidhmiú in earnálacha an-chriticiúil ar fud an Aontais;

    (b)gníomhaíochtaí freagartha, lena dtacaítear le freagairt do theagmhais chibearshlándála shuntasacha agus mhórscála agus téarnamh láithreach uathu, atá le soláthar ag soláthraithe iontaofa atá rannpháirteach i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais a bhunaítear faoi Airteagal 12;

    (c)gníomhaíochtaí cúnaimh fhrithpháirtigh arb é atá i gceist leo cúnamh a sholáthar ó údaráis náisiúnta Ballstáit amháin do Bhallstát eile, go hairithe dá bhforáiltear in Airteagal 11(3), pointe (f), de Threoir (AE) 2022/2555.

    Airteagal 11

    Tástáil ullmhachta chomhordaithe na n‑eintiteas

    1. Chun tacú le tástáil ullmhachta chomhordaithe na n‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (a), ar fud an Aontais, tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise agus ENISA, sainaithneoidh sé na hearnálacha, nó na fo-earnálacha, lena mbaineann, ó na hEarnálacha Ardchriticiúlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555, óna bhféadfaidh eintitis a bheith faoi réir na tástála ullmhachta comhordaithe, agus measúnuithe riosca comhordaithe agus tástáil athléimneachta atá ann cheana agus atá beartaithe ar leibhéal an Aontais á gcur san áireamh.

    2. Déanfaidh an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, i gcomhar leis an gCoimisiún, ENISA, agus an tArdionadaí, cásanna riosca agus modheolaíochtaí coiteanna a fhorbairt le haghaidh na gcleachtaí tástála comhordaithe.

    Airteagal 12

    Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a bhunú 

    1. Bunófar Cúltaca Cibearshlándála an Aontais, chun cúnamh a thabhairt d’úsáideoirí dá dtagraítear i mír 3 freagairt a thabhairt ar theagmhais chibearshlándála shuntasacha nó mhórscála, nó tacaíocht a thabhairt ina leith sin, agus téarnamh láithreach ó theagmhais den sórt sin.

    2. Beidh seirbhísí freagartha teagmhais ó sholáthraithe iontaofa i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais, ar soláthraithe iad a roghnófar i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 16. Beidh seirbhísí réamhgheallta sa Chúltaca. Beifear in ann na seirbhísí a chur in úsáid sna Ballstáit uile.   

    3. Áireofar an méid seo a leanas ar úsáideoirí na seirbhísí ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais:

    (a) údaráis bainistithe cibirghéarchéime na mBallstát agus CSIRTanna dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus (2) agus Airteagal 10 de Threoir (AE) 2022/2555, faoi seach;

    (b) institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

    4. Úsáideoirí dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), úsáidfidh siad na seirbhísí ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais chun freagairt do theagmhais shuntasacha nó mhórscála lena ndéantar difear d’eintitis atá ag feidhmiú in earnálacha criticiúla nó an-chriticiúil nó chun tacú le freagairt agus téarnamh láithreach ina leith.

    5. Is ag an gCoimisiún a bheidh an fhreagracht fhoriomlán as cur chun feidhme Chúltaca Cibearshlándála an Aontais. Cinnfidh an Coimisiún tosaíochtaí agus teacht chun cinn Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, i gcomhréir le ceanglais na n‑úsáideoirí dá dtagraítear i mír 3, agus déanfaidh sé maoirseacht ar chur chun feidhme an Chúltaca, agus áiritheoidh sé comhlántacht, comhsheasmhacht, sineirgí agus naisc le gníomhaíochtaí tacaíochta eile faoin Rialachán seo chomh maith le gníomhaíochtaí agus cláir eile de chuid an Aontais.

    6. Féadfaidh an Coimisiún oibriú agus riarachán Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur de chúram, ina iomláine nó i bpáirt, ar ENISA, trí bhíthin comhaontuithe ranníocaíochta.

    7. Chun tacú leis an gCoimisiún Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a bhunú, ullmhóidh ENISA mapáil ar na seirbhísí is gá, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún. Ullmhóidh ENISA mapáil chomhchosúil, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, chun sainaithint a dhéanamh ar riachtanais tríú tíortha atá incháilithe do thacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais de bhun Airteagal 17. I gcás inarb ábhartha, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Ardionadaí.

    8. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cineálacha agus líon na seirbhísí freagartha is gá le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).   

    Airteagal 13

    Iarrataí ar thacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais

    1. Féadfaidh na húsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 12(3) seirbhísí a iarraidh ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais chun tacú le freagairt do theagmhais chibearshlándála shuntasacha nó mhórscála agus téarnamh láithreach uathu.

    2. Chun tacaíocht a fháil ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, déanfaidh na húsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 12(3) bearta chun éifeachtaí an teagmhais a bhfuil an tacaíocht á hiarraidh ina leith a mhaolú, lena n‑áirítear cúnamh teicniúil díreach a sholáthar, agus acmhainní eile chun cúnamh a thabhairt don fhreagairt ar an teagmhas, agus d’iarrachtaí téarnaimh láithrigh.

    3. Cuirfear iarrataí ar thacaíocht ó úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 12(3), pointe (a), den Rialachán seo ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig ENISA tríd an bPointe Teagmhála aonair arna ainmniú nó arna bunú ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Threoir (AE) 2022/2555.

    4. Cuirfidh na Ballstáit líonra CSIRTanna, agus EU-CyCLONe i gcás inarb iomchuí, ar an eolas faoina n‑iarrataí ar fhreagairt ar theagmhais agus ar thacaíocht téarnaimh láithrigh de bhun an Airteagail seo.

    5. Áireofar na nithe seo a leanas in iarrataí ar thacaíocht freagartha ar theagmhais agus ar thacaíocht téarnaimh láithrigh:

    (a)faisnéis ábhartha maidir leis an eintiteas dá ndéantar difear agus tionchair fhéideartha an teagmhais agus úsáid bheartaithe na tacaíochta iarrtha, lena náirítear léiriú ar na riachtanais mheasta;

    (b)faisnéis faoi bhearta a rinneadh chun an teagmhas a niarrtar an tacaíocht ina leith a mhaolú, dá dtagraítear i mír 2;

    (c)faisnéis faoi chineálacha eile tacaíochta atá ar fáil don eintiteas dá ndéantar difear, lena náirítear socruithe conarthacha atá i bhfeidhm maidir le seirbhísí freagartha ar theagmhais agus seirbhísí téarnaimh láithrigh, chomh maith le conarthaí árachais a d’fhéadfadh teagmhas den sórt sin a chumhdach.

    6. Déanfaidh ENISA, i gcomhar leis an gCoimisiún agus an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, teimpléad a fhorbairt chun cur isteach na n‑iarrataí ar thacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a éascú.

    7. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe sonracha maidir le leithdháileadh sheirbhísí tacaíochta Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a shonrú a thuilleadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).   

     

    Airteagal 14

    An tacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur chun feidhme

    1. Déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ó ENISA nó mar a shainmhínítear i gcomhaontuithe ranníocaíochta faoi Airteagal 12(6), measúnú ar iarrataí ar thacaíocht agus tarchuirfear freagairt chuig na húsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 12(3) gan mhoill.

    2. Chun iarrataí a chur in ord tosaíochta, i gcás roinnt iarrataí comhthráthacha, ba cheart na critéir seo a leanas a chur san áireamh, i gcás inarb ábhartha:

    (a)déine an teagmhais cibearshlándála;

    (b)cineál an eintitis dá ndéantar difear, agus tosaíocht níos airde á tabhairt do theagmhais lena ndéantar difear d’eintitis fhíor-riachtanacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2022/2555;

    (c)an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar an mBallstát nó ar na Ballstáit nó ar na húsáideoirí dá ndéantar difear;

    (d)cineál féideartha trasteorann an teagmhais agus an baol go scaipfeadh sé go Ballstáit nó úsáideoirí eile;

    (e)na bearta a rinne an túsáideoir chun cúnamh a thabhairt don fhreagairt, agus do na hiarrachtaí téarnaimh láithrigh, dá dtagraítear in Airteagal 13(2) agus Airteagal 13(5), pointe (b).

    3. Soláthrófar seirbhísí Chúltaca Cibearshlándála an Aontais i gcomhréir le comhaontuithe sonracha idir soláthróir na seirbhíse agus an t‑úsáideoir dá dtugtar an tacaíocht faoi Chúltaca Cibearshlándála an Aontais. Beidh coinníollacha dliteanais sna comhaontuithe sin.

    4. Féadfaidh na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 3 a bheith bunaithe ar theimpléid arna n‑ullmhú ag ENISA, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit.

    5. Ní bheidh an Coimisiún ná ENISA faoi dhliteanas conarthach i leith damáistí a dhéantar do thríú páirtithe leis na seirbhísí a soláthraítear faoi chuimsiú chur chun feidhme Chúltaca Cibearshlándála an Aontais.

    6. Laistigh de mhí amháin ó dheireadh na gníomhaíochta tacaíochta, cuirfidh na húsáideoirí tuarascáil achomair faoi bhráid an Choimisiúin agus ENISA maidir leis an tseirbhís a soláthraíodh, na torthaí a baineadh amach agus na ceachtanna a foghlaimíodh. Nuair is ó thríú tír atá an t‑úsáideoir mar a leagtar amach in Airteagal 17, roinnfear an tuarascáil sin leis an Ardionadaí.

    7. Tuairisceoidh an Coimisiún don Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise maidir le húsáid agus torthaí na tacaíochta, ar bhonn tráthrialta.

    Airteagal 15

    Comhordúchán le sásraí bainistithe géarchéime

    1. I gcásanna ina dtarlaíonn teagmhais chibearshlándála shuntasacha nó mhórscála de dheasca tubaistí, nó ina mbíonn tubaistí mar thoradh orthu, mar a shainmhínítear i gCinneadh 1313/2013/AE 31 , beidh an tacaíocht faoin Rialachán seo chun freagairt do theagmhais den sórt sin ina gcomhlánú ar ghníomhaíochtaí faoi Chinneadh 1313/2013/AE agus gan dochar dó.

    2. I gcás teagmhas cibearshlándála trasteorann ar mhórscála ina spreagtar Socruithe Comhtháite maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IPCR), déanfar an tacaíocht faoin Rialachán seo chun freagairt do theagmhas den sórt sin a láimhseáil i gcomhréir leis na prótacail agus na nósanna imeachta ábhartha faoi IPCR.

    3. I gcomhairle leis an Ardionadaí, féadfaidh tacaíocht faoin Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála comhlánú a dhéanamh ar an gcúnamh a sholáthraítear i gcomhthéacs an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála agus an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta, lena n‑áirítear trí na Foirne Mearfhreagartha Cibearshlándála. Féadfar comhlánú a dhéanamh leis freisin ar an gcúnamh a thugann Ballstát amháin do Bhallstát eile, nó rannchuidiú leis sin, i gcomhthéacs Airteagal 42(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    4. Féadfaidh tacaíocht faoin Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála a bheith mar chuid den fhreagairt chomhpháirteach idir an tAontas agus na Ballstáit sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 222 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 16

    Soláthraithe iontaofa

    1. Le linn nósanna imeachta soláthair chun Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a bhunú, gníomhóidh an t‑údarás conarthach i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (AE), Euratom) 2018/1046 agus i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas: 

    (a)a áirithiú go náireofar i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais seirbhísí a fhéadfar a imscaradh i ngach Ballstát, agus ceanglais náisiúnta maidir le seirbhísí den sórt sin a sholáthar, lena náirítear deimhniú nó creidiúnú, á gcur san áireamh go háirithe;

    (b)a áirithiú go gcosnófar leasanna bunúsacha slándála an Aontais agus a Bhallstát.

    (c)a áirithiú go dtugtar breisluach AE le Cúltaca Cibearshlándála an Aontais, trí rannchuidiú leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/694, lena náirítear forbairt scileanna cibearshlándála san Aontas a chur chun cinn.

    2. Agus seirbhísí á soláthar le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, cuirfidh an t‑údarás conarthach na critéir roghnúcháin seo a leanas sna doiciméid soláthair:

    (a)léireoidh an soláthraí go bhfuil ag a phearsanra an leibhéal is airde ionracais ghairmiúil, neamhspleáchais, freagrachta, agus an inniúlacht theicniúil is gá chun na gníomhaíochtaí a dhéanamh ina réimse sonrach, agus go náirithítear buaine/leanúnachas an tsaineolais chomh maith leis na hacmhainní teicniúla is gá; 

    (b)beidh creat i bhfeidhm ag an soláthraí, a fhochuideachtaí agus a fhochonraitheoirí chun faisnéis íogair a bhaineann leis an tseirbhís a chosaint, go háirithe fianaise, torthaí agus tuarascálacha, agus beidh an creat i gcomhréir le rialacha slándála an Aontais maidir le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint;   

    (c)cuirfidh an soláthraí cruthúnas leordhóthanach ar fáil go bhfuil a struchtúr rialaithe trédhearcach, nach dócha go gcuirfeadh sé isteach ar a neamhchlaontacht agus ar cháilíocht a sheirbhísí nó go mbeadh sé ina chúis le coinbhleachtaí leasa; 

    (d)beidh imréiteach slándála iomchuí ag an soláthraí, i gcás an phearsanra atá beartaithe chun na seirbhísí a chur in úsáid ar a laghad;

    (e)beidh an leibhéal ábhartha slándála ag an soláthraí le haghaidh a chóras TF;

    (f)beidh an trealamh teicniúil crua-earraí agus bogearraí is gá chun tacú leis an tseirbhís iarrtha ag an soláthraí;

    (g)beidh an soláthraí in ann a léiriú go bhfuil taithí aige ar sheirbhísí comhchosúla a sholáthar d’údaráis náisiúnta ábhartha nó d’eintitis ábhartha atá ag feidhmiú in earnálacha criticiúla nó an-chriticiúil;

    (h)beidh an soláthraí in ann an tseirbhís a sholáthar laistigh de thréimhse ghearr ama sa Bhallstát nó sna Ballstáit inar féidir leis an tseirbhís a sholáthar;

    (i)beidh an soláthraí in ann an tseirbhís a sholáthar i dteanga áitiúil an Bhallstáit nó na mBallstát inar féidir leis an tseirbhís a sholáthar;

    (j)nuair a bheidh scéim deimhniúcháin de chuid an Aontais i bhfeidhm maidir le Rialachán (AE) 2019/881 a mhéid a bhaineann le seirbhísí slándála bainistithe, déanfar an soláthraí a dheimhniú i gcomhréir leis an scéim sin. 

    Airteagal 17

    Tacaíocht le haghaidh tríú tíortha

     

    1. Féadfaidh tríú tíortha tacaíocht a iarraidh ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais i gcás ina ndéantar foráil maidir leis sin i gComhaontuithe Comhlachais a tugadh i gcrích maidir lena rannpháirtíocht sa Chlár don Eoraip Dhigiteach.

    2. Beidh an tacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus comhlíonfar léi aon choinníoll shonrach a leagtar síos sna Comhaontuithe Comhlachais dá dtagraítear i mír 1.

    3. Beidh údaráis inniúla amhail CSIRTanna agus údaráis bainistithe cibirghéarchéime san áireamh in úsáideoirí ó thríú tíortha atá comhlachaithe agus atá incháilithe chun seirbhísí a fháil ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais.

    4. Gach tríú tír atá incháilithe le haghaidh tacaíochta ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, ainmneoidh sí údarás chun gníomhú mar phointe teagmhála aonair chun críoch an Rialacháin seo.

    5. Sula bhfaighidh siad aon tacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, tabharfaidh tríú tíortha faisnéis don Choimisiún agus don Ardionadaí maidir faoina gcumais athléimneachta cibearshlándála agus bainistithe riosca, lena n‑áirítear faisnéis faoi bhearta náisiúnta arna ndéanamh chun ullmhú do theagmhais chibearshlándála shuntasacha nó mhórscála ar a laghad, chomh maith le faisnéis faoi eintitis náisiúnta fhreagracha, lena n‑áirítear CSIRTanna nó eintitis choibhéiseacha, a gcumais agus na hacmhainní a leithdháiltear orthu. I gcás ina ndéantar tagairt i bhforálacha Airteagal 13 agus Airteagal 14 den Rialachán seo do na Ballstáit, beidh feidhm acu maidir le tríú tíortha mar a leagtar amach i mír 1.

    6. Déanfaidh an Coimisiún comhordú leis an Ardionadaí maidir leis na hiarrataí a gheofar agus maidir le cur chun feidhme na tacaíochta a thabharfar do thríú tíortha ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais.

    Caibidil IV

    SÁSRA UM ATHBHREITHNIÚ AR THEAGMHAIS CHIBEARSHLÁNDÁLA

    Airteagal 18

    Sásra um Athbhreithniú ar Theagmhais Chibearshlándála

    1. Arna iarraidh sin don Choimisiún, do EU-CyCLONe nó do líonra CSIRTanna, déanfaidh ENISA athbhreithniú agus measúnú ar bhagairtí, leochaileachtaí agus gníomhaíochtaí maolaithe i ndáil le teagmhas sonrach suntasach nó mórscála. I ndiaidh do ENISA athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar theagmhas, cuirfidh sé tuarascáil maidir le hathbhreithniú teagmhais faoi bhráid líonra CSIRTanna, EU-CyCLONE agus an Choimisiúin chun tacú leo agus a gcúraimí á ndéanamh acu, go háirithe i bhfianaise na gcúraimí a leagtar amach in Airteagail 15 agus 16 de Threoir (AE) 2022/2555. I gcás inarb ábhartha, roinnfidh an Coimisiún an tuarascáil leis an Ardionadaí.

    2. Chun an tuarascáil maidir le hathbhreithniú teagmhais dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú, oibreoidh ENISA i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile, lena n‑áirítear ionadaithe ó na Ballstáit, an Coimisiún, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe agus úsáideoirí seirbhísí cibearshlándála. I gcás inarb iomchuí, oibreoidh ENISA freisin le heintitis a ndéantar difear dóibh le teagmhais chibearshlándála shuntasacha nó mhórscála. Chun tacú leis an athbhreithniú, féadfaidh ENISA dul i gcomhairle le cineálacha eile páirtithe leasmhara. Na hionadaithe a ndeachthas i gcomhairle leo, nochtfaidh siad aon choinbhleacht fhéideartha leasa.

    3. Leis an tuarascáil, cumhdófar athbhreithniú agus anailís ar an teagmhas cibearshlándála sonrach suntasach nó mórscála, lena n‑áirítear na príomhchúiseanna, na leochaileachtaí agus na ceachtanna a foghlaimíodh. Cosnófar faisnéis rúnda léi, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta a bhaineann le faisnéis íogair nó rúnaicmithe a chosaint.

    4. I gcás inarb iomchuí, déanfar moltaí sa tuarascáil chun feabhas a chur ar sheasamh cibearshlándála an Aontais.

    5. I gcás inar féidir, cuirfear leagan den tuarascáil ar fáil go poiblí. Ní bheidh ach faisnéis phoiblí san áireamh sa leagan seo.

    Caibidil V

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 19

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/694

    Leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 mar a leanas:

    (1)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

    (a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (1)cuirtear an pointe (aa) seo a leanas isteach:

    ‘(aa) tacú le Cibearsciath an Aontais a bhunú, lena n‑áirítear forbairt, cur in úsáid agus feidhmiú ardáin na Lárionad Oibríochtaí Slándála Náisiúnta agus Trasteorann lena rannchuidítear le feasacht staide san Aontas agus le feabhas a chur ar acmhainneachtaí an Aontais maidir le faisnéis faoi chibearbhagairtí’;

    (2)cuirtear isteach an pointe (g) seo a leanas:

    ‘(g) Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála a bhunú agus oibriú chun tacú leis na Ballstáit agus iad ag ullmhú do theagmhais chibearshlándála shuntasacha agus ag freagairt dóibh, ar sásra é atá comhlántach le hacmhainní agus cumais náisiúnta agus cineálacha eile tacaíochta atá ar fáil ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a bhunú’;

    (a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2. Cuirfear na gníomhaíochtaí faoi Chuspóir Sonrach 3 chun feidhme go príomha tríd an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/887 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 cé is moite de ghníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme Cúltaca Cibearshlándála an Aontais, a chuirfidh an Coimisiún agus ENISA chun feidhme.’; 

    (2) leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

    (a) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b), (c) agus (d):

    ‘(b) EUR 1 776 956 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 2 – an Intleacht Shaorga;

    (c) EUR 1 629 566 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh;

    (d) EUR 482 347 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 4 – Ardscileanna Digiteacha‘;

    (b) cuirtear isteach an mhír 8 seo a leanas:

    ‘8. De mhaolú ar Airteagal 12(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí le haghaidh gníomhaíochtaí lena saothraítear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (g) den Rialachán seo, ar leithreasuithe iad nár úsáideadh, tabharfar anonn go huathoibríoch iad agus féadfar iad a ghealladh agus a íoc suas leis an 31 Nollaig an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.’;

    (3) In Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.  Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin a bheith in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, lena n‑áirítear go háirithe trí sholáthar mar phríomhfhoirm nó deontais agus duaiseanna.

    I gcás inar gá earraí agus seirbhísí nuálacha a sholáthar chun cuspóir gníomhaíochta a bhaint amach, ní fhéadfar deontais a dhámhachtain ach ar thairbhithe ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha iad mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/24/AE  27  agus 2014/25/AE  28 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    I gcás inar gá earraí nó seirbhísí nuálacha nach bhfuil ar fáil fós ar bhonn tráchtála ar scála mór a sholáthar chun cuspóirí gníomhaíochta a bhaint amach, féadfaidh an t‑údarás conarthach nó an t‑eintiteas conarthach dámhachtain conarthaí iomadúla a údarú laistigh den nós imeachta soláthair céanna.

    Ar chúiseanna slándála poiblí a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an t‑údarás conarthach nó an t‑eintiteas conarthach a éileamh go mbeadh áit feidhmíochta an chonartha lonnaithe laistigh de chríoch an Aontais.

    Agus nósanna imeachta soláthair á gcur chun feidhme le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a bunaíodh le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2023/XX, féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh chun soláthar a dhéanamh thar ceann nó in ainm tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár i gcomhréir le hAirteagal 10. Féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar mhórdhíoltóir freisin, trí sholáthairtí agus seirbhísí a cheannach, a bheith i stoc acu agus a athdhíol nó a dheonú do na tríú tíortha sin, lena n‑áirítear iad a ligean ar cíos. De mhaolú ar Airteagal 169(3) de Rialachán (AE). XXX/XXXX [Athmhúnlú FR], is leor an iarraidh ó thríú tír amháin chun sainordú a thabhairt don Choimisiún nó do ENISA gníomhú.

    Agus nósanna imeachta soláthair á gcur chun feidhme le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a bunaíodh le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2023/XX, féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh chun soláthar a dhéanamh thar ceann nó in ainm institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar mhórdhíoltóir freisin, trí sholáthairtí agus seirbhísí a cheannach, a bheith i stoc acu agus a athdhíol nó a dheonú do na hinstitiúidí, na comhlachtaí nó na gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais, lena n‑áirítear iad a ligean ar cíos. De mhaolú ar Airteagal 169(3) de Rialachán (AE) XXX/XXXX [Athmhúnlú FR], is leor an iarraidh ó institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht amháin de chuid an Aontais chun sainordú a thabhairt don Choimisiún nó do ENISA gníomhú.

    Féadfaidh an Clár maoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha a sholáthar freisin.’

    (4) cuirtear an tAirteagal 16a seo a leanas leis:

    I gcás gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme an Chibearsciath Eorpach a bunaíodh le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2023/XX, is iad na rialacha a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 de Rialachán (AE) 2023/XX na rialacha is infheidhme. I gcás coinbhleachta idir forálacha an Rialacháin seo agus Airteagail 4 agus 5 de Rialachán (AE) 2023/XX, is ag Airteagail 4 agus 5 de Rialachán (AE) 2023/XX a bheidh forlámhas agus beidh feidhm acu maidir leis na gníomhaíochtaí sonracha sin.

    (5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

    ‘Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais agus féadfar suas le 100 % de na costais incháilithe a chumhdach leo, gan dochar do phrionsabal an chómhaoinithe a leagtar síos in Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais. Dámhfar agus bainisteofar deontais den sórt sin mar a shonraítear le haghaidh gach cuspóra shonraigh.

    Féadfaidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála tacaíocht i bhfoirm deontas a dhámhachtain go díreach gan glao ar thograí ar na Lárionaid Oibríochtaí Cibearshlándála Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán XXXX agus ar an gCuibhreannas Óstach dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán XXXX, i gcomhréir le hAirteagal 195(1), pointe (d) den Rialachán Airgeadais.

    Féadfaidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála tacaíocht i bhfoirm deontas le haghaidh an tSásra um Éigeandáil Chibearshlándála a leagtar amach in Airteagal 10 de Rialachán XXXX a dhámhachtain go díreach ar Bhallstáit gan glao ar thograí, i gcomhréir le hAirteagal 195(1), pointe (d) den Rialachán Airgeadais.

    I gcás gníomhaíochtaí a shonraítear in Airteagal 10(1), pointe (c) de Rialachán 202X/XXXX, cuirfidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála an Coimisiún agus ENISA ar an eolas faoi iarrataí ar dheontais dhíreacha gan glao ar thograí.

    Chun tacú le cúnamh frithpháirteach le haghaidh freagairt ar theagmhas cibearshlándála suntasach nó mórscála mar a shainmhínítear in Airteagal 10(c), de Rialachán XXXX, agus i gcomhréir le hAirteagal 193(2), an dara fomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar na costais a mheas mar chostais incháilithe fiú más rud é gur tabhaíodh iad sular tíolacadh an t‑iarratas ar dheontas.’;

    (6) Leasaítear Iarscríbhinní I agus II i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 20

     Meastóireacht  

     

    Faoi [4 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle.

    Airteagal 21

    Nós imeachta coiste 

     

    1.An Coiste Comhordúcháin um an gClár don Eoraip Dhigiteach a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/694, déanfaidh sé cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 22

     Teacht i bhfeidhm

     

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

    1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí ginearálta

    1.4.2.Cuspóirí sonracha

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

    1.4.4.Táscairí feidhmíochta

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

    1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

    1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

    1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

    2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

    2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

    Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach

    Infheistíochtaí Straitéiseacha Eorpacha

    Gníomhaíocht: Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú.

    1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

     beart nua 

     beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 33  

     síneadh ar bheart atá ann cheana 

     beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí ginearálta

    Leis an nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, neartófar dlúthpháirtíocht ar leibhéal an Aontais chun bagairtí agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh ar bhealach níos fearr. Tá sé d’aidhm aige:

    (a) cumais choiteanna braite agus feasachta staide an Aontais a neartú i leith cibearbhagairtí agus cibeartheagmhais;

    (b) ullmhacht eintiteas criticiúil ar fud an Aontais a threisiú agus dlúthpháirtíocht a neartú trí acmhainneachtaí freagartha comhchoiteanna a fhorbairt in aghaidh teagmhais chibearshlándála shuntasacha nó mhórscála, lena n‑áirítear trí thacaíocht freagartha ar theagmhais a chur ar fáil do thríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach;

    (c) feabhas a chur ar athléimneacht an Aontais agus rannchuidiú le freagairt éifeachtach trí athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar theagmhais shuntasacha nó mhórscála, lena n‑áirítear ceachtanna a foghlaimíodh agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí a thabhairt.

    1.4.2.Cuspóirí sonracha

    Bainfear amach an tacar cuspóirí leis an nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht tríd an méid seo a leanas:

    (a)Bonneagar uile-Aontais de Lárionaid Oibríochtaí Slándála (An Chibearsciath Eorpach) a chur chun úsáide chun cumais choiteanna bhraite agus feasachta staide a thógáil agus a fheabhsú.

    (b)Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála a chruthú chun tacú leis na Ballstáit ullmhú agus freagairt do theagmhais chibearshlándála shuntasacha agus mhórscála, agus chun téarnamh láithreach uathu. Cuirfear tacaíocht le haghaidh na freagartha ar theagmhais ar fáil freisin d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí Eorpacha an Aontais.

    Tacófar leis na gníomhaíochtaí sin trí chistiú ón gClár don Eoraip Dhigiteach, a leasófar leis an ionstraim reachtach seo d’fhonn na gníomhaíochtaí thuasluaite a bhunú, tacaíocht airgeadais a chur ar fáil dá bhforbairt agus soiléiriú a dhéanamh ar na coinníollacha chun tairbhe a bhaint as an tacaíocht airgeadais.

    (c)Sásra Eorpach um Theagmhais Chibearshlándála a bhunú chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar theagmhais shuntasacha nó mhórscála.

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Bheadh buntáistí suntasacha ag baint leis an togra le haghaidh na bpáirtithe leasmhara éagsúla. Leis an gCibearsciath Eorpach, cuirfear feabhas ar chumais na mBallstát chun cibearbhagairtí a bhrath. Déanfar gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhlánú leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála trí thacaíocht éigeandála le haghaidh ullmhachta, freagartha agus téarnamh láithreach/feidhmiú seirbhísí riachtanacha a chur ar bun arís.

    Leis na gníomhaíochtaí, neartófar staid iomaíochta thionscal na tionsclaíochta agus na ngnólachtaí san Eoraip ar fud an gheilleagair dhigitigh agus tacófar lena n‑aistriú digiteach, trí leibhéal na cibearshlándála sa Mhargadh Aonair Digiteach a threisiú. Go háirithe, tá sé d’aidhm aige athléimneacht na saoránach, na ngnólachtaí agus na n‑eintiteas atá ag feidhmiú in earnálacha criticiúla nó an-chriticiúla a mhéadú in aghaidh na mbagairtí cibearshlándála méadaitheacha, ar bagairtí iad a bhféadfadh tionchar tubaisteach sochaíoch agus eacnamaíoch a bheith acu. Déanfar é sin trí infheistíocht a dhéanamh in uirlisí lena dtacófar le bagairtí agus teagmhais chibearshlándála a brath agus chun freagairt dóibh ar bhealach níos tapa, agus tabharfar cúnamh do na Ballstáit ullmhú níos fearr do theagmhais chibearshlándála shuntasacha agus mhórscála agus freagairt dóibh. Leis sin, ba cheart go dtacófaí le hacmhainneachtaí níos láidre a thabhairt don Eoraip sna réimsí sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le bailiú agus anailísiú sonraí maidir le bagairtí agus teagmhais chibearshlándála.

    1.4.4.Táscairí feidhmíochta

    Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

    D’fhonn dlúthpháirtíocht a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais, d’fhéadfaí roinnt táscairí a chur san áireamh:

    (1)An líon bonneagar cibearshlándála, nó na nuirlisí cibearshlándála, nó an dá cheann, arna soláthar go comhpháirteach

    (2)An líon gníomhaíochtaí lena dtacaítear le hullmhacht agus le freagairt ar theagmhais chibearshlándála faoin Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála.

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm go luath tar éis a ghlactha, i.e. an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

    Ciallaíonn gné mhór trasteorann na mbagairtí cibearshlándála i gcoitinne agus an líon méadaitheach rioscaí agus teagmhas, a mbíonn tionchar acu thar theorainneacha agus ar fud earnálacha agus táirgí, nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na hidirghabhála seo a bhaint amach go héifeachtach astu féin agus go bhfuil gá le gníomhaíocht choiteann agus dlúthpháirtíocht ar leibhéal an Aontais. Leis an taithí a fuarthas ó chur in aghaidh cibearbhagairtí a eascraíonn as an gcogadh in aghaidh na hÚcráine, mar aon leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó chleachtadh cibearshlándála a rinneadh faoi Uachtaránacht na Fraince (EU CyCLES), leiríodh gur cheart sásraí nithiúla tacaíochta frithpháirtí a fhorbairt, go háirithe comhar leis an earnáil phríobháideach, chun dlúthpháirtíocht a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. I bhfianaise an mhéid sin, leis na Conclúidí ón gComhairle an 23 Bealtaine 2022 maidir le seasamh cibearshlándála an Aontais Eorpaigh a fhorbairt, iarrtar ar an gCoimisiún togra maidir le Ciste Freagartha Éigeandála nua le haghaidh Cibearshlándála a thíolacadh. Le tacaíocht agus gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais chun bagairtí cibearshlándála a bhrath ar bhealach níos fearr, agus chun acmhainneachtaí ullmhachta agus freagartha a mhéadú, tugtar breisluach toisc go seachnaítear dúbailt iarrachtaí ar fud an Aontais agus na mBallstát. Dá thoradh sin, bhainfí leas níos fearr as na sócmhainní atá ann cheana agus bheadh comhordú agus malartú faisnéise níos fearr ann maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh.

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    Maidir le feasacht staide agus brath faoin gCibearsciath Eorpach, reáchtáladh glao ar léiriú spéise chun uirlisí agus bonneagar a sholáthar go comhpháirteach chun Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann a bhunú, agus glao ar dheontais chun fothú acmhainneachta Lárionad Oibríochtaí Slándála a fhreastalaíonn ar eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha a chumasú, faoi chlár oibre cibearshlándála an Chláir don Eoraip Dhigiteach 2021-2022.

    A mhéid a bhaineann le hullmhacht agus freagairt ar theagmhais, tá clár gearrthéarmach curtha ar bun ag an gCoimisiún chun tacú leis na Ballstáit, trí chistiú breise arna leithdháileadh ar ENISA, chun ullmhacht agus acmhainneachtaí chun freagairt do mhórtheagmhais chibearshlándála a threisiú láithreach. Ar na seirbhísí a chumhdaítear, áireofar gníomhaíochtaí ullmhachta, amhail tástáil treáite eintiteas criticiúil chun leochaileachtaí a shainaithint. Neartaítear leis freisin na féidearthachtaí chun cabhrú leis na Ballstáit i gcás mórtheagmhas a d’imreodh tionchar ar eintitis chriticiúla. Tá an clár gearrthéarmach sin á chur chun feidhme ag ENISA faoi láthair agus tá léargais luachmhara ábhartha curtha ar fáil leis cheana féin a cuireadh san áireamh agus an Rialachán seo á ullmhú.

    1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

    Leis an nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, cuirfear le gníomhaíochtaí a dtacaíonn an tAontas agus na Ballstáit leo faoi láthair chun feasacht staide agus brath cibearbhagairtí a fheabhsú, agus chun freagairt do theagmhais chibearshlándála mhórscála agus trasteorann. Ina theannta sin, tá an ionstraim comhsheasmhach le creataí eile bainistithe géarchéime, lena n‑áirítear IPCR, an Comhbheartas Slándála agus Cosanta, lena n‑áirítear Foirne Mearfhreagartha Cibirtheagmhas, agus leis an gcúnamh a sholáthraíonn Ballstát amháin do Bhallstát eile i gcomhthéacs Airteagal 42(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Chomhlánódh an togra nua struchtúir chibearshlándála a forbraíodh faoi ionstraimí cibearshlándála eile amhail Treoir (AE) 2022/2555 (An Dara Treoir NIS) nó Rialachán 2019/881 (an Gníomh um Chibearshlándáil) agus thacódh sé leo.

    1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athchur chun úsáide a dhéanamh

    Tagann bainistiú na réimsí gníomhaíochta a shanntar do ENISA leis an sainordú atá aici cheana agus lena cúraimí ginearálta. D’fhéadfadh próifílí sonracha nó tascanna nua a bheith ag teastáil le haghaidh na réimsí gníomhaíochta sin, ach is féidir le hacmhainní ENISA atá ann cheana iad a ionsú agus a réiteach trí chúraimí éagsúla a ath-leithdháileadh nó a nascadh. Tá clár gearrthéarmach á chur chun feidhme ag ENISA faoi láthair, ar clár é a chuir an Coimisiún ar bun in 2022 chun ullmhacht agus acmhainneachtaí chun freagairt do chibeartheagmhais mhóra a threisiú láithreach. Ar na seirbhísí a chumhdaítear, áirítear féidearthachtaí chun cabhrú leis na Ballstáit i gcás mórtheagmhas a d’imreodh tionchar ar eintitis chriticiúla. Tá an clár gearrthéarmach sin á chur chun feidhme ag ENISA faoi láthair agus tá léargais luachmhara ábhartha curtha ar fáil leis cheana féin a cuireadh san áireamh agus an Rialachán seo á ullmhú. D’fhéadfaí na hacmhainní a leithdháiltear don chlár gearrthéarmach a úsáid i gcomhthéacs an Rialacháin seo freisin.

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

    tréimhse theoranta

       i bhfeidhm ón dáta a glacadh an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh (‘an Gníomh um Chibear-Dlúthpháirtíocht’)

       Tionchar airgeadais ó 2023 go 2027 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2023 go 2031 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí 34 .

    tréimhse neamhtheoranta

    Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 35   

     Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

       ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

       trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

     Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

     Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

       tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

       eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

       BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

       comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

       comhlachtaí dlí poiblí;

       comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

       comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    comhlachtaí nó daoine a gcuirtear de chúram orthu gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

    Nótaí

    Déanfaidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gCibearsciath Eorpach a chur chun feidhme. Go dtí go mbeidh sé d’acmhainn ag an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála a bhuiséad féin a chur chun feidhme, chuirfidh an Coimisiún Eorpach na gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistíocht dhíreach chun feidhme thar ceann an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Cibearshlándála. Féadfaidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála eintitis a roghnú ar bhonn glaonna ar léiriú spéise chun páirt a ghlacadh i soláthar comhpháirteach uirlisí. Féadfaidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála deontais a dhámhachtain chun na huirlisí sin a fheidhmiú.

    Thairis sin, féadfaidh an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála deontais a dhámhachtain le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhachta faoin Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála.

    Is ar an gCoimisiún a bheidh an fhreagracht fhoriomlán Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin comhaontuithe ranníocaíochta, feidhmiú agus riarachán Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur, ina n‑iomláine nó i bpáirt, ar ENISA. Gníomhaíochtaí an Rialacháin seo a shanntar do ENISA, tá siad i gcomhréir leis an sainordú atá aici cheana. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin: (i) Tacú leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise gníomhaíochtaí ullmhachta a fhorbairt de réir measúnuithe riosca; (ii) Tacú leis an gCoimisiún cur chun feidhme Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a bhunú agus a mhaoirsiú, lena n‑áirítear na hiarrataí ar thacaíocht a fháil agus a phróiseáil; (iii) Teimpléid a fhorbairt chun cur isteach na n‑iarrataí ar thacaíocht agus na gcomhaontuithe sonracha atá le tabhairt i gcrích idir an soláthraí seirbhíse agus an t‑úsáideoir dá soláthraítear an tacaíocht faoi Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a éascú; (iv) athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar bhagairtí, leochaileachtaí agus gníomhaíochtaí maolaithe i ndáil le teagmhais chibearshlándála shuntasacha nó mhórscála agus tuarascálacha ina leith a ullmhú.

    Meastar go n‑éileoidh na tascanna sin go léir thart ar 7 FTE ó acmhainní ENISA atá ann cheana, rud a chuireann cheana le saineolas ENISA agus leis an obair ullmhúcháin atá á déanamh aige faoi láthair, laistigh de thacaíocht éigeandála phíolótach le haghaidh ullmhachta agus freagairt ar theagmhais.

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

    Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme, ar chur i bhfeidhm agus ar chomhlíonadh na bhforálacha nua sin d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a n‑éifeachtacht. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus ar athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle laistigh de cheithre bliana tar éis dháta a chur i bhfeidhm.

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

    2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

    Tugtar isteach creat chun cistiú ón Aontas a chur chun feidhme leis an Rialachán d’fhonn athléimneacht chibearshlándála a mhéadú trí ghníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear cumais bhraite, freagartha agus téarnaimh i gcás teagmhais chibearshlándála shuntasacha agus mhórscála. Bainisteoidh na haonaid laistigh d’Ard‑Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta (AS CNECT) cur chun feidhme na Treorach.

    Chun aghaidh a thabhairt ar na cúraimí nua, is gá acmhainní iomchuí a sholáthar do sheirbhísí an Choimisiúin. Chun forfheidhmiú an Rialacháin nua a bhaint amach, meastar go mbeidh 6 FTE (3 AD agus 3 CA) ag teastáil chun na cúraimí seo a leanas a chumhdach:

    ·Gníomhaíochtaí ullmhachta a chinneadh de réir measúnuithe riosca;

    ·Idir-inoibritheacht idir ardáin na Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann a áirithiú;

    ·Gníomhartha Cur Chun Feidhme a d’fhéadfadh a bheith ann a ullmhú (dhá cheann le haghaidh Lárionaid Oibríochtaí Slándála agus dhá cheann le haghaidh an tSásra um Éigeandáil Chibearshlándála);

    ·Na Comhaontuithe maidir le hÓstáil agus Úsáid le haghaidh Lárionaid Oibríochtaí Slándála a bhainistiú;

    ·Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a bhunú agus a bhainistiú, go díreach nó trí chomhaontú ranníocaíochta le ENISA. I gcás comhaontú ranníocaíochta le ENISA, cur chun feidhme an chomhaontaithe ranníocaíochta a ullmhú agus a mhaoirsiú le haghaidh na gcúraimí a shanntar do ENISA;

    ·Páirt a ghlacadh sna grúpaí comhairliúcháin arna reáchtáil ag ENISA chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar theagmhais chibearshlándála shuntasacha agus mhórscála agus na tuarascálacha a ullmhú.

    2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

    Riosca a sainaithníodh le haghaidh na Cibearscéithe Eorpaí is ea nach gcomhroinneann na Ballstáit méid leordhóthanach faisnéise ábhartha maidir le cibearbhagairtí laistigh d’ardáin na Lárionad Oibríochtaí Slándála Trasteorann, nó idir ardáin Trasteorann agus eintitis ábhartha eile ar leibhéal an Aontais. Chun na rioscaí sin a mhaolú, le leithdháileadh an chistithe, ceadófar glao ar léiriú spéise ina ngeallann na Ballstáit méid áirithe faisnéise a chomhroinnt ar leibhéal an Aontais. Déanfar an gealltanas sin a chur ar bhonn foirmiúil i gcomhaontú maidir le hóstáil agus úsáid, lena dtabharfar na cumhachtaí don Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála iniúchtaí a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil na huirlisí agus an bonneagar a sholáthraítear go comhpháirteach á n‑úsáid i gcomhréir leis an gcomhaontú. Déanfar gealltanais maidir le hardleibhéal comhroinnte faisnéise laistigh de na Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann a chur ar bhonn foirmiúil i gcomhaontú cuibhreannais.

    Riosca a sainaithníodh le haghaidh an tSásra um Éigeandáil Chibearshlándála is ea nach ndéanann úsáideoirí a ghlacann páirt sa sásra bearta leordhóthanacha chun ullmhacht a áirithiú in aghaidh cibearbhagairtí. Chuige sin, chun go mbeidh siad in ann tacaíocht a fháil ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, tá sé d’oibleagáid ar úsáideoirí bearta ullmhachta den sórt sin a dhéanamh. Agus iarrataí ar thacaíocht á gcur isteach chuig Cúltaca Cibearshlándála an Aontais, ní mór d’úsáideoirí a mhíniú cad iad na bearta a rinneadh cheana chun freagairt don teagmhas, a chuirfear san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar na hiarrataí ar Chúltaca Cibearshlándála an Aontais.

    2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

    Toisc go bhfuil na rialacha maidir le rannpháirtíocht sa chlár don Eoraip Dhigiteach is infheidhme maidir leis an tacaíocht faoin nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht cosúil leo siúd a úsáidfidh an Coimisiún ina chláir oibre, agus mar gheall go bhfuil daonra tairbhithe aige ag a bhfuil próifíl riosca atá cosúil le próifíl riosca na gclár atá faoi bhainistíocht dhíreach, is féidir a mheas go mbeidh an lamháil earráide cosúil leis an lamháil a ndearna an Coimisiún foráil di maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, i.e. chun dearbhú réasúnach a thabhairt go bhfuil an riosca earráide le linn na tréimhse caiteachais ilbhliantúla, ar bhonn bliantúil, laistigh de raon 2‑5 %, agus é ina aidhm dheiridh ráta earráidí iarmharach chomh gar agus is féidir do 2 % a bhaint amach ag deireadh na gclár ilbhliantúil, nuair a bheidh tionchar airgeadais gach iniúchta, birt ceartaithe agus birt téarnaimh curtha san áireamh.

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

    Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

    I gcás na Cibearscéithe Eorpaí, beidh cumhacht iniúchóireachta ag an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála, ar bhonn rochtain ar fhaisnéis agus seiceálacha ar an láthair, i leith na n‑uirlisí agus na mbonneagar a sholáthraítear go comhpháirteach, i gcomhréir leis an gcomhaontú maidir le hóstáil agus úsáid atá le síniú idir an cuibhreannas óstach agus an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála.

    Leis na bearta coiscthe calaoise atá ann cheana agus is infheidhme maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, cumhdófar aon leithreasú breise is gá i ndáil leis an Rialachán seo.

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

    ·Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne bhuiséid

    Saghas
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir  

    LD/LN 36 .

    ó thíortha de chuid CSTE 37

    ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 38

    ó thríú tíortha eile

    ioncam sannta eile

    1

    02 04 01 10 An Clár don Eoraip Dhigiteach - Cibearshlándáil

    Difreáilte

    BEIDH

    BEIDH

    NÍ BHEIDH

    NÍ BHEIDH

    1

    02 04 01 11 An Clár don Eoraip Dhigiteach - An Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála

    Difreáilte

    BEIDH

    BEIDH

    NÍ BHEIDH

    NÍ BHEIDH

    1

    02 04 03 An Clár don Eoraip Dhigiteach - an Intleacht Shaorga

    Difreáilte

    BEIDH

    BEIDH

    NÍ BHEIDH

    NÍ BHEIDH

    1

    02 04 04 An Clár don Eoraip Dhigiteach - Scileanna

    Difreáilte

    BEIDH

    BEIDH

    NÍ BHEIDH

    NÍ BHEIDH

    1

    02 01 30 - Caiteachas tacaíochta le haghaidh an chláir don Eoraip Dhigiteach

    Neamh-dhif

    BEIDH

    BEIDH

    NÍ BHEIDH

    NÍ BHEIDH

    3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil

    Uimhir

    1 Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Digiteach

    Ní mhéadófar leis an togra an leibhéal iomlán gealltanas faoin gClár don Eoraip Dhigiteach. Ar ndóigh, is ionann an ranníocaíocht leis an tionscnamh seo agus athdháileadh ar na gealltanais ó CS2 agus CS4 chun buiséad CS3 agus buiséid an Lárionaid Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála a threisiú. D’fhéadfaí aon mhéadú ar ghealltanais faoin gClár don Eoraip Dhigiteach a eascraíonn as athscrúdú CAI a úsáid chun críche an tionscnaimh seo.

    AS CONNECT

    Bliain 
    2025

    Bliain 
    2026

    Bliain 
    2027

    Bliain 
    2028+

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    □ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Líne bhuiséid 39 02.040110 (athdháileadh ó 02.0403 agus 02.0404)

    Gealltanais

    (1a)

    15 000

    15 000

    6 000

    p.m.

    36 000

    Íocaíochtaí

    (2a)

    15 000

    15 000

    6 000

    36 000

    Líne bhuiséid 02.040111.02 (athdháileadh ó 02.0403 agus 02.0404)

    Gealltanais

    (1b)

    13 000

    23 000

    28 000

    p.m.

    64 000

    Íocaíochtaí

    (2b)

    8 450

    18 200

    25 250

    12 100

    64 000

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 40  

    Líne buiséid 02.0130

    (3)

    0 150

    0 150

    0 150

    p.m.

    0 450

    IOMLÁN leithreasuithe 
    le haghaidh AS CONNECT

    Gealltanais

    =1d+ 1b + 3

    28 150

    38 150

    34 150

    p.m.

    100 450

    Íocaíochtaí

    =2 a+ 2b

    +3

    23 600

    33 350

    31 400

    12 100

    100 450

     



    IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    28 000

    38 000

    34 000

    p.m.

    100 000

    Íocaíochtaí

    (5)

    23 450

    33 200

    31 250

    12 100

    100 000

    □ IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

    (6)

    0 150

    0 150

    0 150

    p.m.

    0 450

    IOMLÁN na leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDEAL 1
     
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Gealltanais

    =4+ 6

    28 150

    38 150

    34 150

    p.m.

    100 450

    Íocaíochtaí

    =5+ 6

    23 600

    33 350

    31 400

    12 100

    100 450

    Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin:

    □ IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

    Gealltanais

    (4)

    28 000

    38 000

    34 000

    p.m.

    100 000

    Íocaíochtaí

    (5)

    23 450

    33 200

    31 250

    12 100

    100 000

    IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

    (6)

    0 150

    0 150

    0 150

    0 450

    IOMLÁN na leithreasuithe  
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 
    (Méid tagartha)

    Gealltanais

    =4+ 6

    28 150

    38 150

    34 150

    p.m.

    100 450

    Íocaíochtaí

    =5+ 6

    23 600

    33 350

    31 400

    12 100

    100 450





    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil

    7

    ‘Caiteachas riaracháin’

    Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis na rialacha inmheánacha i ndáil le cur chun feidhme roinn an Choimisiúin de bhuiséad ginearálta an Aontais) agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críoch comhairliúcháin idirsheirbhíse.

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain

    2025

    Bliain

    2026

    Bliain

    2027

    Bliain 
    2028+

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    AS: CEANGAL

    □ Acmhainní daonna

    0 786

    0 786

    0 786

    p.m.

    2 358

    □ Caiteachas riaracháin eile

    0 035

    0 035

    0 035

    p.m.

    0 105

    IOMLÁN AS CONNECT

    Leithreasuithe

    0 821

    0 821

    0 821

    2 463

    IOMLÁN leithreasuithe 
    faoi CHEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    0 821

    0 821

    0 821

    2 463

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain

    2025

    Bliain

    2026

    Bliain

    2027

    Bliain 
    2028+

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    IOMLÁN na leithreasuithe  
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    Gealltanais

    28 971

    38 971

    34 971

    p.m.

    102 913

    Íocaíochtaí

    24 421

    34 171

    32 221

    12 100

    102 913

    3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

    Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    ASCHUIR

    Cineál 41

    Meánchostas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon iomlán

    Costas iomlán

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 42

    - Aschur

    - Aschur

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

    - Aschur

    Fo-iomlán le haghaidh chuspóir sonrach Uimh. 2

    IOMLÁIN

    3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

    X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 
    2025

    Bliain r 
    2026

    Bliain 
    2027

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    0 786

    0 786

    0 786

    2 358

    Caiteachas riaracháin eile

    0 035

    0 035

    0 035

    0 105

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    0 821

    0 821

    0 821

    2 463

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 43  
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    Caiteachas eile  
    de chineál riaracháin

    0 150

    0 150

    0 150

    0 450

    Fo-iomlán  
    lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    0 150

    0 150

    0 150

    0 450

    IOMLÁN

    0 971

    0 971

    0 971

    2 913

    Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athchurtha chun úsáide laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

    X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    Bliain 
    2025

    Bliain 
    2026

    Bliain 2027

    Bliain N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    □ Poist sa phlean bunaíochta (oifigigh foireann shealadach)

    20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

    3

    3

    3

    20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

    01 01 01 01  (Taighde indíreach)

    01 01 01 11 (Taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    Foireann sheachtrach ( in aonad de Choibhéis Lánaimseartha: FTE) 44

    20 02 01 (AC, END, INT ón imchlúdach iomlánaíoch’)

    3

    3

    3

    20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

    XX 01 xx yy zz   45

    - sa Cheanncheathrú

    - i dToscaireachtaí

    01 01 01 02 (AC, END, INT - Taighde indíreach)

    01 01 01 12 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    6

    6

    6

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a athchur chun úsáide laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    -gníomhaíochtaí ullmhachta a chinneadh de réir measúnuithe riosca (Airteagal 11)

    - Gníomhartha Cur Chun Feidhme a d’fhéadfadh a bheith ann a ullmhú (dhá cheann le haghaidh Lárionaid Oibríochtaí Slándála agus dhá cheann le haghaidh an tSásra um Éigeandáil Chibearshlándála)

    -Na Comhaontuithe maidir le hÓstáil agus Úsáid le haghaidh Lárionaid Oibríochtaí Slándála a bhainistiú;

    -Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a bhunú agus a bhainistiú, go díreach nó trí chomhaontú ranníocaíochta le ENISA.

    Pearsanra seachtrach

    Faoi mhaoirseacht oifigigh,

    -gníomhaíochtaí ullmhachta a chinneadh de réir measúnuithe riosca (Airteagal 11)

    - Gníomhartha Cur Chun Feidhme a d’fhéadfadh a bheith ann a ullmhú (dhá cheann le haghaidh Lárionaid Oibríochtaí Slándála agus dhá cheann le haghaidh an tSásra um Éigeandáil Chibearshlándála)

    -Na Comhaontuithe maidir le hÓstáil agus Úsáid le haghaidh Lárionaid Oibríochtaí Slándála a bhainistiú;

    -Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a bhunú agus a bhainistiú, go díreach nó trí chomhaontú ranníocaíochta le ENISA.

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

    I gcás an togra/tionscnaimh seo:

    X    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

    Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla excel ar fáil i gcás athchlárú mór.

       is gá an corrlach neamh-leithdháilte faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

       is gá athbhreithniú ar CAI.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

    I gcás an togra/tionscnaimh seo:

    X    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

    déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe a réamh-mheastar thíos:

    Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    Bliain 
    N 46

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Iomlán

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

    IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

     

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

    X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam..

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

       ar acmhainní dílse

       ar ioncam eile

    má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

    Tionchar an togra/tionscnaimh 47

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Airteagal ….

    I gcás ioncam ilghnéitheach atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

    […]

    Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

    […]

    (1)    De réir tuarascála ó Institiúid Ponemon agus IBM Security, thóg sé 207 lá ar an meán chun sárú a shainaithint in 2022, agus thóg sé 70 lá breise chun an sárú a choinneáil faoi smacht. An tráth céanna, in 2022, bhain meánchostas EUR 4.86 milliún le sáruithe ar shonraí a raibh saolré níos mó ná 200 lá acu, i gcomparáid le EUR 3.74 milliún nuair a bhí saolré faoi bhun 200 lá acu. (‘Cost of a data breach 2022’, https://www.ibm.com/reports/data-breach)
    (2)    Conclúidí ón gComhairle maidir le seasamh cibearshlándála an Aontais a fhorbairt, a d’fhormheas an Chomhairle ag an gcruinniú a bhí aici an 23 Bealtaine 2022, (9364/22
    (3)    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh don Deacáid Dhigiteach, JOIN202018 final.
    (4)    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Beartas Cibearchosanta an Aontais, JOIN(2022) 49 final.
    (5)    Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS).
    (6)    Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil).
    (7)    Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle.
    (8)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020, COM/2022/ 454 final.
    (9)    Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 20/01.
    (10)

       Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE). 

    (11)    Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE).
    (12)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
    (13)    IO C […], […], lch. […].
    (14)    IO C , , lch. .
    (15)    IO C , , lch. .
    (16)    https://futureu.europa.eu/ga/
    (17)    Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (IO L 333, 27.12.2022).
    (18)    Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).
    (19)    Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle (IO L 218, 14.8.2013, lch. 8).
    (20)    Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).
    (21)    Conclúidí ón gComhairle maidir le seasamh cibearshlándála an Aontais a fhorbairt, mar a d’fhormheas an Chomhairle ag an gcruinniú a bhí aici an 23 Bealtaine 2022, (9364/22)
    (22)    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Beartas Cibearchosanta an Aontais JOIN/2022/49 final
    (23)    Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena naisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).
    (24)    Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (An Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80) .
    (25)    Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (IO L 256, 19.7.2021, lch. 3) .
    (26)    CINNEADH (CBES) 2017/2315 ÓN gCOMHAIRLE - an 11 Nollaig 2017 - lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach.
    (27)    Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
    (28)    Socruithe Comhtháite maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IPCR) agus i gcomhréir le Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála.
    (29)    Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011
    (30)    Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena naisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
    (31)    Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
    (32)    Rialachán (AE) 2021/887 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin (IO L 202, 8.6.2021, lgh. 1-31).
    (33)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (34)    Ba cheart tacú leis na gníomhaíochtaí atá sa Ghníomh tríd an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile.
    (35)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget-implementation/Pages/implementation-methods.aspx
    (36)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
    (37)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (38)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
    (39)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
    (40)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (41)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
    (42)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
    (43)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (44)    AC = Ball foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
    (45)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
    (46)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
    (47)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
    Top

    Strasbourg, 18.4.2023

    COM(2023) 209 final

    IARSCRÍBHINNÍ

    a ghabhann le

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le bearta a leagan síos chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh






    IARSCRÍBHINN 

    Leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 mar a leanas:

    (1) In Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na roinne/na caibidle ‘Cuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh’: 

    Cuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh 

    Leis an gClár, spreagfar treisiú, tógáil agus fáil acmhainneachtaí bunriachtanacha chun geilleagar digiteach, sochaí agus daonlathas an Aontais a áirithiú trí acmhainneacht thionsclaíoch agus iomaíochas cibearshlándála an Aontais a threisiú, agus trí chumais na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí araon a fheabhsú chun saoránaigh agus gnólachtaí a chosaint ar chibearbhagairtí, lena n‑áirítear trí thacú le Treoir (AE) 2016/1148 a chur chun feidhme. 

    Áireofar an méid seo a leanas sna gníomhaíochtaí tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, sna gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo: 

    1. Comhinfheistíocht leis na Ballstáit in ardtrealamh, ard‑bhonneagair agus ardfhios gnó cibearshlándála atá riachtanach chun bonneagair ríthábhachtacha agus an Margadh Aonair Digiteach i gcoitinne a chosaint. D’fhéadfaí a áireamh leis an gcomhinfheistíocht sin infheistíochtaí i saoráidí candamacha agus acmhainní sonraí le haghaidh na cibearshlándála, feasacht staide sa chibearspás lena n‑áirítear Lárionaid Oibríochtaí Slándála Náisiúnta agus Lárionaid Oibríochtaí Slándála Trasteorann lena mbunaítear an Chibearsciath Eorpach, chomh maith le huirlisí eile atá le cur ar fáil don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach ar fud na hEorpa.

     

    2. Na hacmhainneachtaí teicneolaíochta atá ann cheana a mhéadú agus na lárionaid inniúlachtaí sna Ballstáit a líonrú, agus a áirithiú go mbeidh na hacmhainneachtaí sin ag freastal ar riachtanais na hearnála poiblí agus na hearnála tionsclaíochta, lena n‑áirítear trí tháirgí agus seirbhísí lena dtreisítear an chibearshlándáil agus iontaoibh laistigh den Mhargadh Aonair Digiteach.

     

    3. A áirithiú go gcuirfear réitigh éifeachtacha úrscothacha chibearshlándála agus iontaoibhe chun úsáide go forleathan ar fud na mBallstát. Áirítear le cur chun úsáide den sórt sin slándáil agus sábháilteacht táirgí a neartú, óna ndearadh go dtí a dtráchtálú.

     

    4. Tacú leis an mbearna scileanna cibearshlándála a dhúnadh, mar shampla trí chláir scileanna cibearshlándála a ailíniú, trí na cláir sin a oiriúnú do riachtanais earnálacha ar leith agus trí rochtain ar oiliúint speisialaithe spriocdhírithe a éascú.

    5. Dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i measc na mBallstát maidir le hullmhú agus freagairt do theagmhais chibearshlándála shuntasacha trí sheirbhísí cibearshlándála a chur chun úsáide thar theorainneacha, lena n‑áirítear tacaíocht le haghaidh cúnamh frithpháirteach idir údaráis phoiblí agus cúltaca soláthraithe cibearshlándála iontaofa a bhunú ar leibhéal an Aontais.’;

     

    (2) In Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na roinne/na caibidle ‘Cuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh’: 

    Cuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh 

    3.1. An líon bonneagar cibearshlándála, nó uirlisí cibearshlándála, nó an dá cheann, arna soláthar go comhpháirteach1 

    3.2. An líon úsáideoirí agus pobal úsáideoirí a fhaigheann rochtain ar shaoráidí cibearshlándála Eorpacha 

    3.3. An líon gníomhaíochtaí lena dtacaítear le hullmhacht agus freagairt do theagmhais chibearshlándála faoin Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála’

    IARSCRÍBHINN […]

    Top