EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0201

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2001/110/CE ón gComhairle maidir le mil, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle maidir le súnna torthaí agus táirgí cosúla áirithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine, Treoir 2001/113/CE ón gComhairle maidir le subha torthaí, glóthacha agus marmaláid agus purée castáin milsithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine agus Treoir 2001/114/CE ón gComhairle maidir le bainne leasaithe atá díohiodráitithe go páirteach nó go hiomlán a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine

COM/2023/201 final

An Bhruiséil,21.4.2023

COM(2023) 201 final

2023/0105(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2001/110/CE ón gComhairle maidir le mil, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle maidir le súnna torthaí agus táirgí cosúla áirithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine, Treoir 2001/113/CE ón gComhairle maidir le subha torthaí, glóthacha agus marmaláid agus purée castáin milsithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine agus Treoir 2001/114/CE ón gComhairle maidir le bainne leasaithe atá díohiodráitithe go páirteach nó go hiomlán a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine

{SEC(2023) 162 final} - {SWD(2023) 97 final} - {SWD(2023) 98 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Sraith de sheacht dTreoir atá sna ‘Treoracha Bricfeasta’ mar a ghairtear díobh 1 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna ar chomhdhéanamh, ainm díolacháin, lipéadú agus cur i láthair earraí bia áirithe d’fhonn leasanna na dtomhaltóirí a chosaint agus saorghluaiseacht na dtáirgí sin sa mhargadh inmheánach a áirithiú. Feidhmíonn siad ar bhealach cosúil leis na caighdeáin mhargaíochta a leagtar síos le haghaidh táirgí talmhaíochta áirithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 2 ón gComhairle, mar go bhfuil tuairiscí teicniúla iontu ar tháirgí talmhaíochta, a gcomhdhéanamh, a gcuid saintréithe agus na modhanna táirgthe a úsáidtear.

Ní fhéadtar táirgí a bhfuil rialacha comhchoiteanna den sórt sin leagtha síos lena n‑aghaidh a mhargú de réir na sonrúchán díolacháin faoi seach ach má tá siad i gcomhréir leis na rialacha. Is gnách go mbíonn luach mór gnó ag gabháil le húsáid na sonrúchán díolacháin sin mar go n‑aithníonn tomhaltóirí iad agus go gcinneann siad faoina gceannaíonn siad dá réir.

Le rialacha as dáta féadfar bac a chur ar an nuálaíocht nó féadfar nach ndéanfaí freastal ar ionchas tomhaltóirí leo. Sna himthosca sin, is gá rialacha a oiriúnú. Tá na Treoracha Bricfeasta reatha níos sine ná 10 mbliana d’aois. Le 10 mbliana anuas, tá forbairt shuntasach tagtha ar na margaí le haghaidh earraí bia, agus an fhorbairt sin spreagtha ag an nuálaíocht ach freisin ag ábhair imní athraithe na sochaí agus éileamh tomhaltóirí. Dá bhrí sin, is cuí athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha áirithe de chuid na dTreoracha Bricfeasta.

Freisin déantar an tathbhreithniú i gcomhthéacs na Straitéise ón bhFeirm go dtí an Forc de chuid an Choimisiúin 3 agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (Roinn 6.1). Sa Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc fógraíodh go mbeadh sé mar aidhm leis an athbhreithniú ar chaighdeáin mhargaíochta an Aontais, a thuigtear go gcumhdaítear na Treoracha Bricfeasta leis mar gheall ar a gcosúlacht le caighdeáin mhargaíochta, foráil a dhéanamh maidir le glacadh agus soláthar táirgí inbhuanaithe. Anuas air sin, thug an Coimisiún faoi dheiseanna a lorg chun an taistriú chuig aistí bia níos folláine 4 a éascú agus athmhúnlú táirgí a chothú, go háirithe le haghaidh bianna ina bhfuil go leor saille, siúcraí agus salainn. Ar deireadh, chun tomhaltóirí a chumhachtú chun roghanna eolasacha agus inbhuanaithe bia a dhéanamh, d’fhógair an Coimisiún freisin go mbreithneodh sé togra chun na tásca éigeantacha tionscnaimh nó bunáitíochta a leathnú chuig táirgí áirithe, agus na tionchair ar an margadh inmheánach á gcur san áireamh go hiomlán aige.

Anuas air sin, a mhéid a bhaineann le Treoir 2001/110/CE go háirithe, tagraíonn conclúidí Uachtaránacht na Comhairle faoi lipéadú cothaithe ag tús an phaca, próifílí cothaitheach agus lipéadú tionscnaimh an 15/16 Nollaig 2020 5 do ghlaonna na mBallstát ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh chun an Treoir sin a athbhreithniú agus é mar aidhm tíortha tionscnaimh na meala a úsáidtear i meascáin mheala a shonrú, agus iarrtar ar an gCoimisiún tosú ag obair ar thogra reachtach chun an Treoir a leasú dá réir. Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021 faoi straitéis ón bhfeirm go dtí an forc um chóras bia cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach 6 iarrtar ar an gCoimisiún athruithe reachtacha a mholadh le haghaidh rialacha ar lipéadú meala a mbeidh faisnéis níos fearr do thomhaltóirí mar thoradh orthu.

I bhfianaise a bhfuil thuas, ba cheart na Treoracha Bricfeasta, go háirithe Treoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le súnna torthaí agus táirgí cosúla áirithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine, Treoir 2001/113/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le subha torthaí, glóthacha agus marmaláid agus purée castáin milsithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine agus Treoir 2001/114/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le bainne leasaithe atá díohiodrátaithe go páirteach nó go hiomlán a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine, a athbhreithniú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Gníomhartha reachtacha neamhspleácha lena rialaítear na táirgí atá i gceist iad gach ceann de na ceithre Threoir a bhaineann leis an togra seo. Cé go bhfuil feidhm ag rialacha ginearálta an dlí bia mura sonraítear a mhalairt sna Treoracha, níl aon fhorálacha reachtacha eile a bhaineann go díreach leis na gnéithe a rialaítear sna Treoracha sin le haghaidh meala, súnna torthaí agus táirgí cosúla áirithe, subha torthaí, glóthach agus marmaláidí agus purée castáin milsithe nó bainne leasaithe áirithe atá díhiodráitithe go páirteach nó go hiomlán.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Cuireann an tathbhreithniú le gníomhartha eile faoin Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc agus Plean Sáraithe Ailse na hEorpa 7 , arb é is aidhm dóibh aistí bia níos inbhuanaithe agus níos sláintiúla a chur chun cinn. Tá sé comhsheasmhach leis an athbhreithniú atá le teacht ar Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 maidir le faisnéis bhia do thomhaltóirí a mhéid a bhaineann le lipéadú tionscnaimh agus cothaithe. Tá sé mar aidhm aige freisin a bheith comhlántach leis an togra a fógraíodh le haghaidh creat reachtach um chórais bhia inbhuanaithe.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 37 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach (leagan comhdhlúite Amstardam) bunús dlí na gceithre Threorach atá faoi réir an Athbhreithnithe seo. Is é Airteagal 43 CFAE an bunús dlí comhfhreagrach chun na Treoracha sin a leasú.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Foráiltear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go roinntear an inniúlacht le haghaidh na talmhaíochta idir an tAontas agus na Ballstáit.

I gcás go leor táirgí tá reachtaíocht an Aontais ar chaighdeáin mhargaíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, na Treoracha Bricfeasta san áireamh, tagtha in ionad caighdeáin náisiúnta ilchineálacha a bhí ann roimhe. Bhí údar le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir leis na táirgí a chumhdaítear leis na ceithre Threoir Bricfeasta agus an fhíric curtha san áireamh go bhféadfadh go mbeadh coinníollacha iomaíochta éagóraí ar dóchúil go gcuirfí tomhaltóirí amú leo mar thoradh ar dhifríochtaí idir na dlíthe náisiúnta a bhaineann leis na táirgí atá i gceist, agus dá bhrí sin go mbeadh éifeacht dhíreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. I bhfianaise na n‑impleachtaí don mhargadh inmheánach, ní fhéadfadh Ballstáit aonair aghaidh a thabhairt go leormhaith ar an tsaincheist trí chaighdeáin náisiúnta.

Cé go bhfuil a gcuid cuspóirí beartaithe bainte amach le caighdeáin mhargaíochta an Aontais, na Treoracha Bricfeasta san áireamh, is gá iad a leasú le haghaidh a thabhairt ar riachtanais, fadhbanna agus saincheisteanna nua atá tagtha chun cinn ó glacadh na gníomhartha, amhail breithnithe inbhuanaitheachta. Cuimsíonn an togra seo chun ceithre Threoir Bricfeasta a leasú go príomha nuashonrú ar cheanglais agus ar shainmhínithe táirge agus dá bhrí sin ní leasaítear go substaintiúil leis leithdháileadh na hinniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit mar a leagtar amach leis an reachtaíocht leasaithe.

Go háirithe, maidir le lipéadú tionscnaimh le haghaidh meala, mar atá sonraithe in aithris 5 de Threoir 2001/110/CE, tá sé de cheart ag tomhaltóirí a bheith ar an eolas faoi thionscnamh geografach meala. I measc nithe eile, táirgtear cineálacha éagsúla meala ar bhonn plandaí agus crann difriúil. D’fhéadfadh dálaí comhshaoil, geografacha agus aeráide difear a dhéanamh do shaintréithe táirge na meala a tháirgtear i gcodanna éagsúla den domhan. Déantar difear do na saintréithe sin freisin nuair a mheasctar meala de thionscnaimh gheografacha dhifriúla. Dá thoradh sin, tá nasc dlúth idir na saintréithe táirge agus cáilíocht agus tionscnamh meala. Chun a áirithiú go gcuirtear tomhaltóirí ar an eolas mar is ceart faoi shaintréithe agus cáilíocht na meala a chaitheann siad, tá sé fíor‑riachtanach go mbeadh faisnéis iomlán faoi na hábhair sin ar fáil ionas nach gcuirfí tomhaltóirí ar míthreoir. Dá bhrí sin, leis an Treoir atá infheidhme faoi láthair, ceanglaítear an tír nó na tíortha inar buaineadh an mhil a shonrú ar an lipéad. Mar sin féin, foráiltear leis freisin ceann amháin díobh seo a leanas, mar is iomchuí, a chur in ionad an liosta de thíortha tionscnaimh na meala: ‘cumasc de mheala AE’, ‘cumasc de mheala neamh‑AE’, ‘cumasc de mheala AE agus neamh‑AE’. Mar thoradh ar an easpa comhchuibhithe i gcaighdeáin an Aontais tá difríochtaí maidir le lipéadú meala ar fud an Aontais a d’fhéadfadh tomhaltóirí a chur amú agus bac a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Mar shampla, d’fhéadfadh nach mbeadh tíortha tionscnaimh sonracha na meala ar eolas ag oibreoirí a allmhairíonn cumaisc mheala atá le pacáil i mBallstát áit nach n‑éilítear an liosta aonair de thíortha. Agus an nasc dlúth idir cáilíocht na meala agus a tionscnamh á chur san áireamh, agus i bhfianaise chuspóir na Straitéise ón bhFeirm go dtí an Forc tomhaltóirí a neartú chun rogha eolasach a dhéanamh, lena n‑áirítear maidir le tionscnamh a gcuid bia, agus an gá le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, is iomchuí na rialacha maidir le lipéadú i leith tionscnaimh comhchuibhiú agus deireadh a chur leis an bhféidearthacht gan an tír thionscnaimh nó na tíortha tionscnaimh a liostú i gcás ina dtionscnaíonn an mhil i níos mó ná tír amháin.

Anuas air sin, in éagmais rialacha comhchoiteanna Aontais maidir le siúcra a fhaightear go nádúrtha a laghdú i súnna torthaí, ní dhéanfaí cáilíocht ná barántúlacht (i.e. an fhíric gur baineadh an siúcra a fhaightear go nádúrtha trí phróiseas sonrach, seachas trí chaolú uisce nó trí úsáid a bhaint as sú ó thorthaí réamhaibí) na ndeochanna sin a chomhchuibhiú ar fud an Aontais. Ós rud é go mbeidh fáil níos mó ar na táirgí sin ar mhargadh an Aontais, is gá creat dlíthiúil Aontais a shocrú chun a saorchúrsaíocht a éascú i measc na mBallstát, agus leasanna tomhaltóirí a mhéid a bhaineann le súnna torthaí á gcosaint fós (i.e. mearbhall a sheachaint) agus iomaíocht éifeachtach agus chothrom a áirithiú le haghaidh oibreoirí agus cáilíocht agus sláine na súnna torthaí siúcra‑laghdaithe sin a áirithiú, mar gheall ar an bpróiseas a fhéadann difear a dhéanamh do shaintréithe an táirge.

Ar deireadh, ba cheart go gcuimseodh an Treoir ar bhainne leasaithe díohiodráitithe cóireáil chun táirgí bainne saor ó lachtós a tháirgeadh, chun freastal ar riachtanais athraithe tomhaltóirí; agus ba cheart an téarma Béarla ‘evaporated milk’ [‘bainne galaithe’] a ailíniú le caighdeáin idirnáisiúnta.

Comhréireacht

Maidir le gach ceann de na príomhleasuithe atá beartaithe ar na ceithre Threoir Bricfeasta atá i gceist, ní sháraíonn an cur chuige a ghlactar an méid is cuí agus is gá chun na cuspóirí atá á saothrú a chomhlíonadh.

Maidir le lipéadú tionscnaimh le haghaidh meala, tá an leasú beartaithe dírithe ar áirithiú go bhféadfaidh mil gluaiseacht faoi shaoirse sa mhargadh inmheánach agus, i bhfianaise an naisc dhlúith idir cáilíocht na meala agus a tionscnamh, tá faisnéis iomlán faoi thionscnamh na meala ar fáil do thomhaltóirí. Cé go bhféadfaí an t‑ualach d’oibreoirí a laghdú trí thagairt do chumasc a chur in ionad liosta na dtíortha aonair, ní leor é chun a áirithiú go bhfuil faisnéis iomlán faoi thionscnamh na meala ar fáil le haghaidh tomhaltóirí. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil an oibleagáid maidir le gach tír ar de thionscnamh an mhil í a liostáil, gan an fhéidearthacht tagairt do chumasc a chur in ionad na n‑ainmneacha aonair, ina ceanglas cheana in go leor Ballstát, d’fhéadfadh gur cuireadh tomhaltóirí amú ag an riail sin agus gur chuir sé bac ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Dá bhrí sin, cur chuige comhréireach i dtreo na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú is ea deireadh a chur leis an bhféidearthacht gan an tír thionscnaimh nó na tíortha tionscnaimh a liostáil i gcás gur de thionscnamh níos mó ná tír amháin an mhil.

A mhéid a bhaineann le súnna torthaí siúcra‑laghdaithe, is é an cur chuige a ghlactar catagóir nua táirgí a chruthú agus an teorainn um laghdú siúcra a shocrú ag an leibhéal céanna leis an teorainn a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 maidir le maímh chothaithe um maímh laghdaithe siúcra (30 % ar a laghad), chun comhleanúnachas idir an dá chreat dhlíthiúla sin a áirithiú agus mearbhall a sheachaint do thomhaltóirí, cé nach maíomh cothaithe atá i gceist le ‘siúcra‑laghdaithe’ le haghaidh na catagóire nua sin de tháirgí ach cuid d’ainm an táirge per se. Ina theannta sin, beidh na saintréithe riachtanacha eile go léir idir fhisiceacha, cheimiceacha, orgánaileipteacha agus chothaitheacha ag teastáil sna táirgí deiridh, le háirithiú go gcuirfear táirge ardchaighdeáin ar fáil do na tomhaltóirí.

A mhéid a bhaineann le subha, is mó míbhuntáistí ná buntáistí a bheadh i gceist le cuir chuige lena n‑athrófaí méid an tsiúcra (i.e. íosmhéid an tsiúcra a laghdú nó íosmhéid an tsiúcra a bhaint). Bíonn iarmhairtí ag athrú ar an tairseach don íosmhéid siúcra a theastaíonn i subha le go mbeidh an caomhnú, an raimhre agus an blas sa bhéal i gceart. Ar dtús, tá sé thar a bheith deacair ó thaobh na teicneolaíochta de mar is gá leibhéal iomchuí nua a aimsiú ag a ndéanfar glóthach fós den tsubh agus an cineál agus an méid iomchuí peictiní inti. Ar an dara dul síos, bheadh tionchar suntasach eacnamaíoch aige agus tionchar comhshaoil neamhdhiomaibhseach aige (i.e. dramhaíl bhia bhreise a chruthú mar go bhfuil seilfré níos giorra ag na subha, is gá níos mó uisce a úsáid mar go gcuirtear níos mó peictiní leo, agus ba ghá fós an cion uisce breise a ghalú agus thógfadh paistéaradh níos mó ama, agus teastaíonn ídiú breise fuinnimh don dá phróiseas sin). Dá laghdófaí an tairseach íosta le haghaidh an mhéid siúcra, d’fhágfaí nach mbeadh an tionscal in ann subh a mhargú ina mbeadh leibhéal laghdaithe siúcra i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 maidir le maímh faoi chothú, ós rud é nárbh fhéidir go teicniúil a thuilleadh, an cineál sin suibhe a tháirgeadh. Dá bhrí sin, is é an rogha is iomchuí an cur chuige áit nach gceadaítear leanúint den sonrúchán díolacháin ‘subh’ agus ‘glóthach’ a úsáid ach le haghaidh táirgí ina bhfuil an cion torthaí íosta níos airde ná mar a éilítear faoi láthair. Leis an gcur chuige sin freisin ní chuirtear cosc ar an tionscal leanúint de shubh a mhargú ag a bhfuil leibhéal laghdaithe siúcra (níos ísle ná 30 % ar a laghad) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 maidir le maímh faoi chothú.

Aon uair is féidir, mar atá i gceist le haghaidh bainne leasaithe díhiodráitithe, déantar tagairt do chaighdeáin arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, chun nach dtabharfaí isteach rialacha neamhréireacha a chiallódh go mbeadh an margadh inmheánach ag teacht salach ar na caighdeáin idirnáisiúnta.

An rogha ionstraime

Is Treoir í an ionstraim atá roghnaithe mar go bhfuil an reachtaíocht atá ann cheana leagtha amach i dTreoracha agus nach bhfuil gá léirithe Rialachán atá infheidhme go díreach a chur ina n‑ionad.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post /seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Agus an tathbhreithniú á ullmhú, d’fhoilsigh an Coimisiún staidéar seachtrach tacaíochta meastóireachta ar chaighdeáin mhargaíochta (an ‘staidéar’) 10 agus doiciméad inmheánach oibre ar mheastóireacht ar chaighdeáin mhargaíochta (an ‘mheastóireacht’) 11 . Clúdaítear na Treoracha Bricfeasta leis an dá dhoiciméad.

Mar fhorbairt ar an staidéar, thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht go raibh caighdeáin mhargaíochta an Aontais éifeachtach i gcoitinne maidir lena gcuid cuspóirí beartaithe a ghnóthú, gan éifeachtaí suntasacha nach raibh beartaithe/nach raibh coinne leo a bheith mar thoradh orthu. Maidir le subha, glóthacha agus marmaláidí go háirithe, a bhuí d’fhorálacha maidir le cion íosta siúcra agus an fhéidearthacht do na Ballstáit maoluithe a dhéanamh i dtaca leis sin, thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht gur baineadh amach cothromaíocht shásúil idir leas an tomhaltóra ó thaobh caomhnú táirge a áirithiú agus an gá go mbreithneofaí saintréithe náisiúnta sonracha, chomh maith le tosaíochtaí beartais i leith aistí bia níos folláine a chur chun cinn (subha a bhfuil cion níos ísle siúcra shaoir iontu). Fuarthas amach sa mheastóireacht freisin go soláthraíonn caighdeáin mhargaíochta an Aontais breisluach suntasach i gcomparáid le caighdeáin mhargaíochta idirnáisiúnta agus phríobháideacha ar na cúiseanna a leanas: (i) tá siad éigeantach agus ní mór na ceanglais a chomhlíonadh ar fud an Aontais; (ii) tá siad curtha in oiriúint do staid shonrach oibriúcháin agus mhargaidh an Aontais; agus, (iii) forchuireann siad ceanglais cháilíochta níos éilithí, le haghaidh go leor táirgí. Sainaithníodh sa mheastóireacht, áfach, maidir le roinnt caighdeáin reatha, nár fhreastail siad go sásúil ar athruithe ar an teicneolaíocht, ar straitéisí margaíochta ná ar roghanna na dtomhaltóirí. B’amhlaidh an cás maidir le súnna go háirithe, ar sainaithníodh an cheist seo a leanas maidir leo: Leagadh síos i dTreoir 2012/12/AE nár ceadaíodh a thuilleadh siúcraí a chur le súnna torthaí agus tar éis an 28 Deireadh Fómhair 2016 níor ceadaíodh a thuilleadh an ráiteas ‘ón 28 Aibreán 2015 níl siúcraí breise i súnna torthaí’ le haghaidh súnna torthaí, cé go bhféadfadh deochanna eile a bhí bunaithe ar thorthaí, neachtair san áireamh, leanúint ar aghaidh ag úsáid ‘gan aon siúcra breise’ agus an sonrú ‘níl ach siúcraí a fhaightear go nádúrtha ann’, rud a chruthaigh mearbhall i measc tomhaltóirí agus a raibh iomaíocht éagórach mar thoradh air.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

In 2019, rinne an Coimisiún meastóireacht ar chaighdeáin mhargaíochta, agus na Treoracha Bricfeasta san áireamh mar go bhfuil siad comhshamhlaithe le caighdeáin mhargaíochta, agus comhairliúchán poiblí mar chuid den mheastóireacht sin. Le déanaí idir an 8 Meitheamh agus an 31 Lúnasa 2021, rinne an Coimisiún comhairliúchán poiblí maidir le caighdeáin mhargaíochta an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta a athbhreithniú, agus na Treoracha Bricfeasta san áireamh mar go bhfuil siad comhshamhlaithe le caighdeáin mhargaíochta, agus a ardán EU‑Survey á úsáid. Reáchtáil an Coimisiún ceardlann theicniúil freisin le saineolaithe roghnaithe ó shlabhra soláthair an bhia, ó ghrúpaí tomhaltóirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus ón saol acadúil, i gcomhar le JRC ar an 9 Meán Fómhair 2021 12 agus chuaigh sé i gcomhairle leis na Ballstáit i gcomhairliúchán dírithe ón 17 Meán Fómhair go dtí an 14 Deireadh Fómhair 2021. Reáchtáil an Coimisiún comhairliúcháin chomhlántacha agus malartuithe déthaobhacha freisin le páirtithe leasmhara lárnacha trí ríomhphost agus cruinnithe físeáin ad hoc.

A mhéid a bhaineann le mil, tacaíonn earnáil na beachaireachta san Aontas go mór le rialacha níos déine maidir le lipéadú tionscnaimh agus tíortha aonair a shonrú i meascáin mheala. Tharraing allmhaireoirí agus pacálaithe meala aird ar an ngá le cothroime iomaíochta agus na rialacha céanna a bheith i bhfeidhm i ngach Ballstát.

A mhéid a bhaineann le súnna torthaí, tacaíonn an tionscal súnna le catagóir nua de shúnna torthaí a chruthú áit a bhfuil siúcraí a fhaightear go nádúrtha bainte sa mhéid is nach gcuirtear isteach ar shaintréithe bunúsacha eile. Ina theannta sin, léirigh an earnáil a spéis i bheith in ann ainm an táirge sú torthaí a úsáid freisin i gcás go mbeadh comhábhair agus breiseáin eile amhail spíosraí, luibheanna agus snáithíní curtha leo. D’athródh sé sin, áfach, saintréithe bunúsacha na súnna torthaí ar táirgí iad lena ngabhann liosta teoranta de chomhábhair agus de shubstaintí údaraithe féideartha. Ar deireadh, d’iarr an earnáil go bhféadfaí an easpa siúcra breise i súnna torthaí a shonrú ar an lipéad.

A mhéid a bhaineann le subha, glóthacha agus marmaláid, ba mhaith leis na príomh‑mhonaróirí an status quo a choinneáil maidir le cion torthaí agus siúcra, cé go bhfuil soláthraithe torthaí ar son an cion torthaí sna táirgí sin a mhéadú.

Measúnú tionchair

D’ullmhaigh an Coimisiún tuarascáil ar an measúnú tionchair maidir le hathbhreithniú ar chaighdeáin mhargaíochta an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta, lenar áiríodh na Treoracha Bricfeasta mar go bhfuil siad comhshamhlaithe le caighdeáin mhargaíochta, chun na rialacha a nuashonrú de réir fhorbairt an mhargaidh agus chun úsáid agus soláthar táirgí inbhuanaithe a áirithiú. 13 . D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach, ach bhí roinnt agús léi, maidir leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair, ar an 21 Meán Fómhair 2022 14 . A mhéid a bhaineann leis na hathruithe atá clúdaithe leis an Togra seo, d’iarr an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála go ndéanfaí an tuarascáil ar an measúnú tionchair a threisiú maidir leis an measúnú ar, agus an chomparáid idir, roghanna na gcaighdeán a roghnaíodh le haghaidh measúnuithe doimhne, agus maidir leis na socruithe monatóireachta beartaithe, ar tugadh aghaidh orthu sna codanna ábhartha den tuarascáil ar an measúnú tionchair.

Maidir le mil, rinneadh na cuir chuige seo a leanas a bhreithniú:

·na tíortha tionscnaimh nach bhfuil san Aontas a chur in ionad an téarma ‘neamh‑AE’;

·an réigiún tionscnaimh geografach a chur in ionad an téarma ‘neamh‑AE’;

·é a bheith éigeantach gach tír thionscnaimh aonair (Ballstáit agus tríú tíortha) a shonrú;

·é a bheith éigeantach gach tír thionscnaimh aonair (Ballstáit agus tríú tíortha) a shonrú, agus an céatadán san áireamh.

Leis an rogha tosaíochta cruthaítear deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh tháirgeoirí agus allmhaireoirí meala an Aontais. Tharraing na Ballstáit agus páirtithe leasmhara aird go leor uaireanta ar an ngá le faisnéis níos fearr do thomhaltóirí faoi thionscnamh na meala i gcumaisc. Tríd is tríd, coinníodh an tríú cur chuige mar go soláthrófaí leis sainaithint bheacht na dtíortha tionscnaimh, agus éileamh tomhaltóirí á shásamh ar an gcaoi sin, agus costais agus ualaí á dteorannú ag an am céanna a bhaineann le sonrú an chéatadáin bheacht de gach tionscnamh i meascáin mheala agus é i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.

Le haghaidh súnna torthaí siúcra‑laghdaithe, rinneadh na cuir chuige seo a leanas a bhreithniú:

·Rogha I: cóireálacha áirithe i súnna torthaí a údarú chun siúcraí a fhaightear go nádúrtha a laghdú agus, toisc go laghdófar an leibhéal siúcra faoi bhun na leibhéal éigeantach, maolú a chur leis na híosleibhéil Brix le haghaidh súnna torthaí ó dhlúthán (ar choinníoll nach sáraíonn an méid uisce a chuirtear leis an méid uisce a eastósctar don dlúthú).

·Rogha II: cóireálacha áirithe nó comhábhair bhreise áirithe a údarú chun siúcraí a fhaightear go nádúrtha a laghdú, agus na saintréithe fisiceacha, ceimiceacha, orgánaileipteacha agus cothaitheacha fíor‑riachtanacha eile go léir a ghabhann leis na táirgí deiridh (e.g. cothaithigh, blas, blas sa bhéal) á gcaomhnú, i gcomhair úsáid ainmneacha na dtáirgí a bhaineann le sú torthaí (sú torthaí ó dhlúthán, etc.).

·Rogha III: mar an gcéanna le Rogha II, ach leis an gceanglas breise gur cheart go mbeadh laghdú an tsiúcra 30 % ar a laghad i gcomparáid le táirge comhchosúil, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 faoi mhaímh chothaitheacha.

Tríd is tríd, coinníodh an tríú cur chuige toisc gurbh é is éifeachtaí agus is comhréirí le háirithiú go bhfuil an t‑eolas ceart ag an tomhaltóir faoin táirge agus gur táirge ardchaighdeáin atá ann. Leis an gcur chuige sin, cruthaítear creat dlíthiúil soiléir agus ceadaítear cumas pleanála gnó le haghaidh rannpháirtithe móra agus FBManna araon a bhfuil an táirge nua sin á fhorbairt acu agus cuirtear bonn ar fáil um thoradh ar infheistíocht maidir lena dtaighde agus a bhforbairt. Tá an eolaíocht forbartha go leor le gur féidir barántúlacht na súnna torthaí siúcra‑laghdaithe a fhíorú. Ina theannta sin, ní chuirtear ualach suntasach ar údaráis rialaithe náisiúnta leis. Tá éileamh ann maidir le táirgí próiseáilte a athmhúnlú, go háirithe táirgí ina bhfuil cion níos ísle de shiúcraí saora, i measc tomhaltóirí agus údaráis sláinte araon. Leis an gcur chuige sin, tugtar aghaidh ar an éileamh sin. Ós rud é go bhfuil na hoibreoirí gnó bia agus na tomhaltóirí i dtaithí cheana ar an tairseach de laghdú 30 % le haghaidh gach táirge a mhéid a bhaineann le maímh chothaitheacha faoin gcion siúcra, is cosúil go mbeadh sé comhleanúnach an tairseach chéanna 30 % a úsáid le haghaidh súnna torthaí siúcra‑laghdaithe, seachas aon leibhéal féideartha de chion siúcra laghdaithe a cheadú, fiú faoi bhun 30 %.

Le gach cur chuige imrítear tionchar dearfach ar earnáil an tsú ina hiomláine, cibé acu le haghaidh allmhairí na todhchaí ó áit lasmuigh den Aontas nó margaíocht na todhchaí laistigh den Aontas, ó thaobh dearbhú faoi thoradh ar infheistíocht, agus dá bhrí sin imrítear tionchar eacnamaíoch dearfach ar na monaróirí. Leis an gcur chuige tosaíochta tugtar níos mó deiseanna maidir le deighilt an mhargaidh, rud a cheadaíonn tuiscint níos fearr ar chaighdeáin an táirge deiridh. Trí áirithiú go bhfaigheann tomhaltóirí táirgí ina bhfuil an cion siúcra laghdaithe (sú torthaí siúcra‑laghdaithe ag a bhfuil próifíl chothaitheach níos fearr ar an iomlán), cuirtear leis an gcuspóir mar atá tomhaltóirí a chumhachtú chun roghanna bia eolasacha, sláintiúla agus inbhuanaithe a dhéanamh. Is amhlaidh an cás freisin maidir le háirithiú nach gcuireann ainmneacha na dtáirgí mearbhall ar na tomhaltóirí agus nach roghnaíonn siad táirge dá mbarr nach bhfuil ag teacht leis an méid a raibh siad ag súil leis. Leis an rogha tosaíochta sainordaítear laghdú siúcra 30 % ar a laghad. Is suntasaí fós an bhéim ar an ngné sláinte mar go mbeadh an leibhéal de laghdú siúcra comhionann le 30 % ar a laghad agus ní bheadh sé níos ísle ná sin. An baol a bhaineann leis an gcur chuige sin, áfach, ná go ndíolfaí níos lú táirgí ar an margadh ina bhfuil an leibhéal siúcra chomh híseal i gcomparáid le cuir chuige nach sainordaítear laghdú 30 % ar a laghad leo. Dá mbeadh léiriú éigeantach maidir leis an táirge a bheith siúcra‑laghdaithe i bhfeidhm, áfach, tharraingeofaí aird an tomhaltóra ar bhealach níos suntasaí ar thréithe siúcra‑laghdaithe an táirge. Níl siúl le haon éifeachtaí díreacha comhshaoil mar tuigtear nach gá táirgí a úsáid a mbíonn tionchar suntasach acu ar an gcomhshaol nó a úsáideann go leor fuinnimh le haghaidh aon phróisis a úsáidtear chun siúcraí a laghdú a fhaightear go nádúrtha.

A mhéid a bhaineann le subha, rinneadh na cuir chuige seo a leanas a bhreithniú:

·an méid íosta éilithe de shiúcraí iomlána a bhaint go hiomlán;

·an méid íosta riachtanach de shiúcraí iomlána a ísliú, agus a shocrú ag, mar shampla, 55 % mar a dhéantar sa Fhrainc, sa Ghearmáin agus san Ísiltír nó ag 50 %;

·an cion torthaí íosta ginearálta a mhéadú go 450 g/1 000 g (seachas 350 g/1 000 g mar atá faoi láthair), atá forchoimeádta go dtí seo le haghaidh ‘subh bhreise’ agus ‘glóthach bhreise’, a laghdaíonn, dá thoradh sin, an méid siúcra breise a theastaíonn chun an cion íosta d’ábhar tirim intuaslagtha a bhaint amach sna táirgí sin.

Tríd is tríd, coinníodh an tríú cur chuige toisc gurbh é is éifeachtaí agus is comhréirí le háirithiú go laghdófar an méid siúcra breise a theastaíonn chun an cion íosta d’ábhar tirim intuaslagtha a bhaint amach sna táirgí sin agus tréithe bunúsacha an táirge (caomhnú, raimhre agus blas sa bhéal). Chun an cur chuige sin a chur i bhfeidhm is gá go mbeadh an leibhéal reatha de chion torthaí a úsáidtear le haghaidh ‘subh bhreise’ agus ‘glóthach bhreise’ comhionann leis an leibhéal nua de chion torthaí atá le húsáid le haghaidh ‘suibhe’ agus ‘glóthaí’ agus bheadh luach níos airde fós de chion torthaí le húsáid le haghaidh na dtáirgí ar a dtugtar ‘subh bhreise’ agus ‘glóthach bhreise’. Rogha é sin atá iontaofa go heacnamaíoch agus é bunaithe ar bhreithnithe i ndáil le deighilt an mhargaidh bunaithe ar éileamh ó thaobh an mhargaidh inmheánaigh agus na trádála inmheánaí, rud a chuireann chun cinn táirgí níos folláine ina bhfuil níos lú siúcraí saora. Ní chruthaítear dramhaíl bhia bhreise leis. Ní chruthaítear aon ualach riaracháin nua leis, agus coinnítear an status quo ar bun maidir leis an bhféidearthacht do na Ballstáit a gcuid roghanna náisiúnta a oiriúnú agus an cion íosta siúcra i subha agus i nglóthacha a laghdú ina reachtaíocht náisiúnta.

Leis an gcur chuige sin laghdófaí go huathoibríoch an méid siúcra a chuirtear leis na táirgí. D’fhéadfadh an cur chuige sin, go teoiriciúil, an costas a ardú le haghaidh na bpróiseálaithe, ach meastar gur méadú imeallach é sin mar tá cion torthaí atá comhionann le nó os cionn an chion a éilítear faoi láthair le haghaidh subh bhreise ag formhór mór na subh a mhargaítear san Aontas. Bheadh roinnt costas le híoc ag an earnáil chun na lipéid go léir don phacáistiú a oiriúnú. D’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar an tionchar eacnamaíoch sin le céim idirthréimhseach agus na rialacha nua á gcur i bhfeidhm. Dá n‑ardófaí an cion torthaí i subha go leibhéal na subh breise i gcoitinne ní bheadh tionchar ó thaobh costais agus táirgeadh a eagrú ach ar dhéantúsóirí nach dtáirgeann subha breise faoi láthair, mar le haghaidh a gcuid táirgí, bheadh orthu a dtáirgeadh a mhodhnú leis an gcion siúcra a mhéadú chun leanúint ar aghaidh ag úsáid an ainm táirge ‘subh’. Bheadh an tionchar eacnamaíoch teoranta go maith dá bhrí sin. A mhéid a bhaineann leis an tionchar sóisialta, tá sé mar aidhm leis an gcur chuige seo dul i bhfeidhm ar an leibhéal siúcra shaoir i subha agus ar an méid torthaí iomlána a chaitear, ach níl sé ceaptha le dul i bhfeidhm ar an tseilfré, mar nach n‑athraíonn an t‑íoschion iomlán siúcra. Ní chuirfeadh sé deireadh ach an oiread leis an bhféidearthacht do Bhallstáit cion siúcra íosta níos ísle a údarú agus ní chuirfí ar shubha a mhargú ag a bhfuil leibhéal laghdaithe siúcra (níos ísle ná 30 % ar a laghad) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 maidir le maímh faoi chothú. Agus an riar ag an méid céanna, dá ndéanfaí an t‑athrú sin mhéadófaí an cion iomlán torthaí i siúcraí agus laghdófaí an iontógáil siúcraí saora. Ba é príomhthionchar na rogha sin nach mbeadh táirgí a bheadh lipéadaithe mar shubh agus cion iomlán siúcra níos ísle iontu ar fáil ar mhargadh an Aontais a thuilleadh, agus go mbeadh an caighdeán ardaithe i gcoitinne do thomhaltóirí, rud a d’áiritheodh caighdeán níos airde do thomhaltóirí. Níltear ag súil le haon éifeacht dhíreach chomhshaoil. Go deimhin, d’fhéadfadh go gcruthódh sé áit níos mó do thorthaí nach bhfuil i gcomhréir leis na caighdeáin mhargaíochta le hithe agus iad úr agus sa chiall sin, bheadh tionchar dearfach aige ar dhramhaíl bhia. Is deacair an tionchar dearfach sin a chainníochtú, áfach, mar go mbraitheann sé ar gach cineál torthaí ar leith agus ar gach réigiún táirgthe ar leith san Aontas.

Meastar nach mbeidh aon éifeacht dhíreach chomhshaoil ag an togra chun na ceithre Threoir a leasú. Dá bhrí sin, níor sainaithníodh aon cheisteanna a dhéanann tionchar suntasach don chomhshaol ná neamhleanúnachas leis an Dlí Aeráide Eorpach 15 .

Measadh go gcuireann na cuir chuige tosaíochta leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SFI) seo a leanas 16 :

SFI #2 Díothú an ocrais, slándáil bia agus cothú feabhsaithe a bhaint amach agus talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn (2.4 Faoi 2030, córais um tháirgeadh inbhuanaithe bia a áirithiú agus cleachtais athléimneacha talmhaíochta a chur i bhfeidhm lena méadaítear táirgiúlacht agus táirgeadh, a chabhraíonn le héiceachórais a mhéadú, a neartaíonn an cumas oiriúnú don athrú aeráide, adhaimsir, triomach, tuilte agus tubaistí eile agus a fheabhsaíonn cáilíocht talún agus ithreach de réir a chéile).

SFI #3 Beatha shláintiúil a áirithiú agus folláine a chur chun cinn do chách (3.4 Faoi 2030, mortlaíocht anabaí ó ghalair neamhtheagmhálacha a laghdú faoi aon trian trí chosc agus cóireáil agus meabhairshláinte agus folláine mheabhrach a chur chun cinn).

SFI #8 Fás eacnamaíoch marthanach, cuimsitheach agus inbhuanaithe, lánfhostaíocht tháirgiúil agus obair chuibhiúil do chách a chur chun cinn (8.2 Leibhéil níos airde de tháirgeacht eacnamaíoch a chur chun cinn trí éagsúlú, claochlú teicneolaíochta agus nuálaíocht lena náirítear trí bhéim ar earnálacha ard‑bhreisluacha agus diana ó thaobh saothair).

SFI #12. Pátrúin inbhuanaithe tomhaltais agus táirgthe a áirithiú (12.8 Faoi 2030, a áirithiú go bhfuil an teolas agus an fheasacht ábhartha ag daoine i ngach áit don fhorbairt inbhuanaithe agus le haghaidh stíleanna maireachtála a thagann leis an nádúr).

Baineann an togra seo leis na rialacha le haghaidh sainmhínithe, ainmneacha, comhrialacha maidir le comhdhéanamh agus ceanglais lipéadaithe le haghaidh meala, súnna torthaí agus subh. Ní airbheartaítear leis aon phróiseas uathoibrithe a athrú atá i bhfeidhm nó a chuirfear i bhfeidhm ag an tionscal nó na húdaráis chun cáilíocht na dtáirgí lena mbaineann a mhonarú nó a gcáilíocht a rialú. Sa chiall sin, níltear ag súil le haon tionchar ar an bprionsabal ‘digiteach trí réamhshocrú’ 17 .

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Sa mheastóireacht, fuarthas gur teoranta an fhéidearthacht na rialacha a shimpliú maidir le mil, subha, glóthacha agus marmaláid, súnna torthaí agus táirgí cosúla áirithe, agus bainne leasaithe áirithe, mar gheall ar na costais ísle a bheag nó a mhór as caighdeáin mhargaíochta an Aontais a chomhlíonadh agus an fhíric nár shainaithin na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo (oibreoirí gnó agus údaráis inniúla) aon fhorluí/iomarcaíocht sna forálacha a d’fhéadfadh costais neamhriachtanacha teacht leo. Maidir leis sin, ní féidir a bheith ag súil le haon ghnóthachain éifeachtúlachta i ndáil leis an mbeartas a chur chun feidhme.

Cearta bunúsacha

Urramaíonn an t‑athbhreithniú na cearta atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (Airteagail 51, 52); cuirfidh córas éifeachtach de chaighdeáin mhargaíochta an Aontais, na Treoracha Bricfeasta san áireamh, le cumas páirtithe leasmhara gnó a fheidhmiú ar chothroime iomaíochta ar fud an mhargaidh inmheánaigh (Airteagal 16) agus leasanna tomhaltóirí á gcosaint agus é ag cur le freastal ar a n‑ionchais.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Meastar nach gá plean chur chun feidhme le haghaidh na n‑athbhreithnithe sin mar go bhfuil taithí fhairsing ag na Ballstáit ar na ceithre Threoir Bricfeasta atá i gceist a chur chun feidhme agus go bhfuil raon feidhme an‑teicniúil ag gabháil leis na hathbhreithnithe molta.

Déanfar tionchar phríomh‑athbhreithnithe na gceithre Threoir Bricfeasta atá i gceist a mheasúnú mar seo a leanas:

Déanfar meastóireacht ar thionchar an lipéadaithe shonraigh tionscnaimh ar chumaisc mheala ar mhargadh meala an Aontais trí mhonatóireacht ar fhorbairt díolachán maidir le mil lena ngabhann léiriú difriúil tionscnaimh. Níl an fhaisnéis sin ar fáil ar bhonn córasach. Beidh gá le suirbhé ionadaíoch margaidh. Go hidéalach, bhunódh an Coimisiún an suirbhé sin ar fhaisnéis ó na Ballstáit aonair.

Déanfar meastóireacht ar an tionchar atá ag cruthú catagóir nua táirgí i dTreoir 2001/112/CE trí mhonatóireacht ar shú torthaí siúcra‑laghdaithe ó thaobh díolachán agus sciartha den mhargadh san Aontas sa mheántéarma agus úsáid á baint as tuarascálacha margaidh agus sonraí Euromonitor, chun glacadh le súnna torthaí siúcra‑laghdaithe agus spéis an tomhaltóra iontu a mheas.

Déanfar meastóireacht ar thionchar an athbhreithnithe ar chomhdhéanamh subh agus glóthach trí athbhreithniú ag eatraimh thráthrialta ar leibhéal díolachán subh agus táirgí eile atá cumhdaithe leis an Treoir i gcomparáid le táirgí inleata eile nó táirgí eile atá bunaithe ar thorthaí, chomh maith le raon feidhme suirbhéanna reatha amhail suirbhé Eurostat ar ithe torthaí agus glasraí, chomh maith le suirbhéanna náisiúnta ar chothú, a leathnú go táirgí eile ina bhfuil torthaí, chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal ithe subh agus glóthach san Aontas.

Ina theannta sin, bainfidh an Coimisiún úsáid as cainéil reatha chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm caighdeán margaíochta i gcoitinne chun faisnéis agus sonraí a bhailiú faoin gcaoi a gcuireann oibreoirí na hathbhreithnithe molta ar na Treoracha Bricfeasta i bhfeidhm sa mhargadh, faoin dearcadh atá ag tomhaltóirí orthu, faoi mar a rialaíonn údaráis iad, faoina mbreisluach i gcoitinne. Áirítear leis sin plé tiomnaithe tráthrialta a chur síos faoi na caighdeáin sa Sainghrúpa ar Chomheagrú an Mhargaidh i dtáirgí talmhaíochta le toscairí ó údaráis Ballstát agus sa Ghrúpa Idirphlé Shóisialta le páirtithe leasmhara ábhartha. Úsáidfear an fhaisnéis ansin, i dteannta le staidéir eile, i staidéar a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún a dhéanamh sa mheántéarma ar fheidhmiú na gcaighdeán margaíochta (na Treoracha Bricfeasta san áireamh) agus ar an méid a chuidíonn siad le feidhmiú an mhargaidh.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Ní éilítear aon doiciméad míniúcháin a thrasuí leis an togra seo mar go bhfuil sé neamhspleách go leor.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Ceanglaítear le hAirteagal 2(4) de Threoir 2001/110/CE an tír nó na tíortha tionscnaimh inar buaineadh an mhil a léiriú ar an lipéad agus foráiltear leis, más de thionscnamh níos mó ná Ballstát amháin nó tríú tír amháin an mhil, go bhféadfar ceann amháin díobh seo a leanas a chur in ionad thásc sainordaitheach na dtíortha tionscnaimh, de réir mar is iomchuí: ‘cumasc de mheala AE’, ‘cumasc de mheala neamh‑AE’, ‘cumasc de mheala AE agus neamh‑AE’. I bhfianaise chuspóir na Straitéise Ón bhFeirm go dtí an Forc mar atá tomhaltóirí a neartú chun roghanna eolasacha a dhéanamh, lena n‑áirítear maidir le tionscnamh a mbia, agus d’fhonn feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú ar fud an Aontais trí chomhchuibhiú na rialacha lipéadaithe, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh le haghaidh lipéadú ar thionscnamh meala agus é a dhéanamh mar fhoráil go luafaí an tír nó na tíortha tionscnaimh ar an bpacáistíocht. I bhfianaise mhéid laghdaithe na bpacáistí nach bhfuil iontu ach riar amháin meala (pacáistí bricfeasta) agus na deacrachtaí teicniúla a eascraíonn astu, i gcás gur de thionscnamh níos mó ná tír amháin an mhil, is iomchuí, dá bhrí sin, na pacáistí sin a dhíolmhú ón oibleagáid na tíortha tionscnaimh uile a liostú.

In 2012, leasaíodh Treoir 2001/112/CE le Treoir 2012/12/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun na rialacha nua maidir le comhábhair údaraithe a léiriú, amhail na rialacha a bhaineann le siúcraí a chur leis, rud nach raibh údaraithe a thuilleadh i súnna torthaí. I bhfianaise an athraithe sin ar cheanglais chomhdhéanaimh maidir le súnna torthaí, ceadaíodh don tionscal sú torthaí úsáid a bhaint as, ar feadh bliain amháin, ráiteas a thabharfadh le fios nach bhfuil siúcraí breise i súnna torthaí ar bith, chun tomhaltóirí a chur ar an eolas agus é a chur ar a gcumas acu idirdhealú soiléir a dhéanamh láithreach idir súnna torthaí agus táirgí áirithe eile dá samhail i dtéarmaí siúcraí a chur sna táirgí. Dhealraigh sé go raibh an tréimhse ama ghearr sin neamh‑leordhóthanach chun an tsochaí a chur ar an eolas, tar éis na rialacha nua maidir le comhábhair údaraithe, nach bhfuil sé údaraithe a thuilleadh siúcraí a chur i súnna torthaí. Mar thoradh air sin, i gcás roinnt tomhaltóirí agus cleachtóirí sláinte, níl sé soiléir fós nach féidir siúcraí breise a bheith i súnna torthaí, contrártha le neachtair thorthaí.

Ar a sheal, i gcomhréir le Cuid II, pointe 2, fleasc 5 d’Iarscríbhinn I, a ghabhann le Treoir 2001/112/CE, d’fhéadfadh an maíomh cothaithe ‘gan aon siúcra breise’ nó aon mhaíomh ar dócha go mbeidh an bhrí chéanna leis don tomhaltóir a chur le neachtair thorthaí nach bhfuil siúcraí ná milseoirí curtha leo agus an tásc ‘tá siúcraí a fhaightear go nádúrtha ann’ ag gabháil leis. Leis sin, chomh maith leis an bhfíric go bhféadfadh nach mbeadh maíomh cothaithe i ndáil le siúcraí ná an tasc ‘tá siúcraí a fhaightear go nádúrtha ann’ ag gabháil le súnna torthaí, d’fhéadfadh gur cuireadh tomhaltóirí ar míthreoir mar go léiríonn an taighde gurb amhlaidh maidir le go leor táirgí cosúla a bhfuil an comhdhéanamh cothaitheach céanna nó a bhfuil comhdhéanamh cothaitheach an‑chosúil acu, go roghnófaí an táirge lena ngabhfadh maíomh cothaithe.

Dá bhrí sin, agus é curtha san áireamh go háirithe, go bhfuil tomhaltóirí níos feasaí de réir a chéile faoi ábhair imní sláinte a bhaineann le hithe siúcra, is iomchuí na rialacha a athbhreithniú faoi úsáid ráiteas maidir le siúcra le haghaidh súnna torthaí chun go bhféadann tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh. Is iomchuí, dá bhrí sin, an fhéidearthacht a thabhairt isteach arís don tionscal an ráiteas a úsáid a shonraíonn nach bhfuil aon siúcraí breise i súnna torthaí ar bith agus í a thabhairt isteach gan teorainn ama.

Mar thoradh ar dhul chun cinn teicniúil, tá teicnící nua próiseála forbartha nó á bhforbairt chun siúcraí a fhaightear go nádúrtha a bhaint de shúnna torthaí agus de shúnna torthaí ó dhlúthán, chun aghaidh a thabhairt ar éileamh méadaithe tomhaltóirí ar tháirgí ina bhfuil cion siúcra níos ísle. Cé go bhféadtar na táirgí sin a mhargú san Aontas a mhéid go gcomhlíonann siad an reachtaíocht ábhartha go léir, ní fhéadtar an t‑ainm táirge ‘sú torthaí’ ná ‘sú torthaí ó dhlúthán’ a chur orthu, ós rud é gur cuireadh cóireáil eile seachas na cóireálacha atá údaraithe i gCuid II, pointe 3, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE i bhfeidhm chun na táirgí sin a fháil agus go bhfuil a gcion iomlán siúcra (leibhéal Brix) níos ísle ná cion siúcra na súnna mar a eastósctar ó na torthaí iad.

Ós rud é go bhfuil níos mó táirgí den sórt sin ar fáil ar mhargadh an Aontais, is iomchuí, d’fhonn a gcur ar an margadh inmheánach a éascú, agus aird tugtha ar an ngá le hathmhúnlú táirgí a spreagadh chun an méid siúcraí atá i súnna torthaí a laghdú, catagóir nua táirgí a chruthú le haghaidh súnna torthaí ar baineadh na siúcraí a fhaightear go nádúrtha iontu i bpáirt agus na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha, orgánaileipteacha agus cothaitheacha fíor‑riachtanacha eile coinnithe. Ba cheart an t‑ainm táirge ‘sú torthaí siúcra‑laghdaithe’ nó ‘sú torthaí siúcra‑laghdaithe ó dhlúthán’ a chur ar na táirgí sin, agus go mbeadh a leibhéal Brix níos ísle ná leibhéal an tsú mar a eastósctar ó na torthaí é. Is iomchuí freisin rialacha a leagan síos maidir leis na comhábhair údaraithe le haghaidh na dtáirgí sin, chomh maith leis na cóireálacha agus na substaintí údaraithe. Tá coinne leis go bhforbrófar teicnící nua próiseála mar thoradh ar dhul chun cinn teicniúil. De bhun Airteagail 7 agus 7a de Threoir 2001/112/CE, tá an Coimisiún cumhachtaithe chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh d’fhonn na cóireálacha údaraithe i gCuid II, pointe 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir, i measc cinn eile, a leagan síos, chun iad a chur i gcomhréir le forbairtí ar chaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha nó chun dul chun cinn teicniúil, go háirithe a mhéid a bhaineann le laghdú ar chion siúcra súnna torthaí, a chur san áireamh.

I gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE, féadfar siúcraí breise agus/nó mil a bheith i neachtair torthaí. Chun tacú le táirgeadh agus margú torthaí agus chun feabhas a chur ar cháilíocht íosta na neachtar, ba cheart an cion siúcra agus/nó meala a fhéadfar a chur le neachtair thorthaí a bhfuil aigéadacht íseal iontu agus atá blasta go nádúrtha a ísliú.

Le Cuid II, pointe 3, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE, rialaítear na cóireálacha agus na substaintí údaraithe le haghaidh súnna torthaí agus táirgí cosúla áirithe. Tá méadú ag teacht ar a mhinice a úsáidtear próitéin ó shíolta lus na gréine lena chaitheamh go díreach ag an duine agus tá sé léirithe gur uirlis éifeachtach é chun súnna torthaí a ghléghlanadh. D’fhonn an dul chun cinn breise sin a chur san áireamh, ba cheart próitéiní ó shíolta lus na gréine a chur leis an liosta de chóireálacha agus de shubstaintí údaraithe.

Tá an sú an eastósctar ó chnónna cócó á mhargú agus á chaitheamh níos minice san Aontas. I gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 2001/112/CE, ‘sú cnó cócó’ atá mar ainm dlíthiúil ar an táirge sin. Léirítear, áfach, leis an gcaighdeán idirnáisiúnta atá léirithe sa Codex Caighdeán Ginearálta le haghaidh súnna torthaí agus neachtar (Codex Stan 247-2005), a glacadh ag Coimisiún Codex Alimentarius le linn a 28ú seisiún a reáchtáladh ón 4 go 9 Iúil 2005, go bhfuil an t‑ainm ‘uisce cnó cócó’ mar chomhchiallach ar ‘sú cnó cócó’ a eastósctar go díreach ón gcnó cócó gan feoil an chnó cócó a nochtadh. D’fhonn Treoir 2001/112/CE ón gComhairle a chur i gcomhréir leis an gcaighdeán idirnáisiúnta sin, is iomchuí dá bhrí sin, sonrúchán áirithe a chur le hIarscríbhinn III dá chuid le haghaidh ‘uisce cnó cócó’. Féadfar an sonrúchán áirithe sin a úsáid sna teangacha oifigiúla faoi seach. Ina theannta sin, ós rud é gur féidir sú cnó cócó a fháil trí uisce óil a chur le sú cócó comhdhlúite, is iomchuí leibhéal íosta Brix a shainiú don táirge sin, i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin.

Éilítear le hAirteagal 2(4) de Threoir 2001/113/CE lipéadú éigeantach ar chion siúcra ar an lipéad, ach amháin má dhéantar maíomh cothaithe ar son siúcraí ar an lipéad. Chuaigh an ceanglas sin níos sia ná na rialacha a leagtar síos i dTreoir 90/496/CEE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1990 maidir le cothú a lipéadú ar earraí bia, áit nach raibh sé éigeantach faisnéis chothaithe a chur ar bhianna réamhphacáilte ach amháin dá ndéanfaí maíomh cothaithe, agus i gcás go ndéanfaí an maíomh cothaithe i ndáil le siúcra, ba cheart na méideanna siúcra a chur san áireamh. Aisghaireadh Treoir 90/496/CEE agus cuireadh Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis bhia a thabhairt do thomhaltóirí, ina hionad. De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 is éigeantach anois faisnéis chothaithe a chur ar fáil ar an bpacáistíocht. Dá bhrí sin, níl gá a thuilleadh le foráil shonrach maidir le lipéadú siúcra i dTreoir 2001/113/CE agus is iomchuí é a scriosadh.

Le Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/113/CE leagtar síos an íoschainníocht torthaí atá le húsáid agus subh, glóthach, subh bhreise nó glóthach bhreise á monarú. Forchoimeádtar úsáid na dtéarmaí ‘subh bhreise’ agus ‘glóthach bhreise’ le haghaidh táirgí a dhéantar a mhonarú le cainníocht níos airde torthaí i gcomparáid le ‘subh’ agus ‘glóthach’ faoi seach. I gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir chéanna leagtar síos an cion íosta d’ábhar tirim intuaslagtha (i.e. siúcraí cibé acu go bhfaightear go nádúrtha sna torthaí iad nó go gcuirtear leo iad) le haghaidh na dtáirgí sin, agus, d’fhonn traidisiúin náisiúnta reatha a chur san áireamh maidir le subha torthaí, glóthacha agus marmaláid agus purée castáin milsithe a dhéanamh, ceadaíonn sí do na Ballstáit cion íosta níos ísle d’ábhar tirim intuaslagtha a údarú.

I gcás ina méadaítear an chainníocht torthaí a úsáidtear chun subha agus glóthacha a mhonarú, laghdaítear an méid siúcra breise a theastaíonn chun an cion íosta d’ábhar tirim intuaslagtha a shroicheadh sna táirgí sin. D’fhonn táirgeadh subh ina bhfuil leibhéal méadaithe de chion torthaí a spreagadh agus ar an gcaoi sin tacú leis an margadh torthaí agus an gá leis an gcion siúcra shaoir a laghdú, is é sin, na siúcraí a chuirtear leo agus na siúcraí atá i sú torthaí go nádúrtha, á chur san áireamh, ba cheart an chainníocht íosta torthaí atá le húsáid agus subh agus subh breise á monarú a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/113/CE a mhéadú. Chun táirgeadh glóthach a spreagadh le leibhéal méadaithe cion torthaí agus ar an gcaoi sin chun tacú le margadh na dtorthaí, ba cheart an chainníocht íosta torthaí atá le húsáid i monarú glóthach agus glóthach breise a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/113/CE a mhéadú. Ar an gcaoi chéanna, d’fhonn tacú le tomhaltóirí chun roghanna sláintiúla níos eolasaí a dhéanamh faoi bhia, is iomchuí úsáid na n‑ainmneacha forchoimeádta atá sainithe i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/113/CE a údarú le haghaidh táirgí ag a bhfuil cion ábhair thirim intuaslagtha de níos lú na 60 % ach a chomhlíonann na coinníollacha a bhaineann leis an maíomh cothaithe ‘siúcraí laghdaithe’ a leagtar síos leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 a mhéid a bhaineann le siúcra laghdaithe.

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/113/CE cuirtear srian leis an téarma ‘marmaláid’ go meascán áirithe de thorthaí citris. I roinnt teangacha de chuid an Aontais, áfach, cé gur baineadh úsáid as na hainmneacha dlíthiúla a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/113/CE sa ghnó chun na táirgí a ainmniú a dtagraítear dóibh iontu, sa tsochaí i gcoitinne úsáidtear na téarmaí ‘marmaláid’ agus ‘subh’ mar théarmaí inmhalartaithe chun tagairt do shubha ó thorthaí eile seachas torthaí citris. Chun na cleachtais sin a chur san áireamh áit gurb amhlaidh, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a údarú go n‑úsáidfí an téarma ‘marmaláid’ don ainm táirge ‘subh’. Chun mearbhall a sheachaint do thomhaltóirí, ba cheart an téarma ‘marmaláid citris’ a úsáid ar fud an Aontais le haghaidh an táirge a bhí sainithe mar ‘marmaláid’ suas go dtí seo chun idirdhealú a dhéanamh idir an dá chatagóir táirgí. Tá sé sin i gcomhréir freisin leis an gcaighdeán idirnáisiúnta atá léirithe sa Codex Caighdeán Ginearálta le haghaidh subh, glóthach agus marmaláidí, (Codex Stan 296-2009), arna ghlacadh ag an gCoimisiún Codex Alimentarius le linn a 32ú seisiún a reáchtáladh ón 29 Meitheamh go dtí an 4 Iúil 2009, lena ndéantar idirdhealú idir marmaláid citris agus marmaláid nach marmaláid citris í. Is iomchuí dá bhrí sin athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2001/113/CE dá réir a mhéid a bhaineann leis an ainm táirge ‘marmaláid’.

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/113/CE liostaítear na comhábhair bhreise a d’fhéadfaí a úsáid agus táirgí á monarú a chumhdaítear leis an Treoir. Féadfar sú torthaí citris a úsáid mar oibreán aigéadaithe i subh, subh bhreise, i nglóthach agus i nglóthach bhreise a fhaightear ó chineálacha eile torthaí. I gcomparáid le sú nach dtagann ó dhlúthán, nuair a bhíonn sú torthaí citris san fhoirm chomhdhlúite ní bhíonn sé chomh mór ná chomh trom le hiompar, bíonn sé níos seasmhaí, is féidir é a chaomhnú ar feadh níos mó ama agus ní theastaíonn an oiread fuinnimh chun an cion uisce a ghalú agus an táirge deireanach suibhe nó glóthaí á mhonarú. Dá bhrí sin bíonn sé níos inmharthana é a úsáid i subh, subh bhreise, glóthach agus glóthach bhreise i gcomparáid le sú úr torthaí citris. Dá bhrí sin, is iomchuí sú torthaí citris comhdhlúite a chur leis an liosta de chomhábhair bhreise a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/113/CE.

I bPointe 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/114/CE liostaítear na cóireálacha atá údaraithe chun bainne leasaithe a dhíhiodráitiú go páirteach nó go hiomlán. Chun freagra a thabhairt ar riachtanais fhorbartha na dtomhaltóirí, ba cheart cóireáil a údarú chun táirgí bainne díohiodráitithe saor ó lachtós a tháirgeadh. Ina theannta sin, ba cheart an sonrúchán áirithe le haghaidh an téarma Béarla ‘evaporated milk’ [‘bainne galaithe’] in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir a chur i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá sainithe sa chaighdeán Codex le haghaidh bainní galaithe (Codex Caighdeán 281‑1971).

Tá tagairtí do ghníomhartha aisghairthe i dTreoracha 2001/110/CE, 2001/112/CE, 2001/113/CE agus 2001/114/CE. Aisghaireadh Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht earraí bia agus cuireadh Rialachán (AE) (Uimh. 1169/2011) ina hionad. Aisghaireadh Treoir 89/107/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le breiseáin bhia arna n‑údarú in earraí bia a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine agus Treoir Uimh. 95/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 1995 faoi bhreiseáin bhia seachas dathanna agus milseoirí agus cuireadh Rialachán (CE) 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 faoi bhreiseáin bhia ina n‑ionad. Ba cheart dá bhrí sin, tagairtí d’fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 agus Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a chur in ionad na dtagairtí sin.

Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm laistigh de thréimhse 18 mí ó dháta a teachta i bhfeidhm. Chun neart ama a thabhairt d’oibreoirí le dul in oiriúint do na ceanglais nua, ba cheart nach mbeadh feidhm ag na forálacha náisiúnta sin lena dtrasuitear an Treoir seo go dtí 24 mhí tar éis dháta teacht i bhfeidhm na Treorach seo.

Chun leasanna oibreoirí a chur san áireamh a chuireann a gcuid táirgí ar an margadh nó a dhéanann iad a lipéadú i gcomhréir leis na ceanglas is infheidhme roimh chur i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, is gá bearta idirthréimhseacha iomchuí a leagan síos. Dá bhrí sin, leis an Treoir seo ba cheart foráil a dhéanamh go bhféadfar leanúint de na táirgí sin a mhargú ar feadh tréimhse theoranta lastall de dheireadh na tréimhse trasuí.

2023/0105 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2001/110/CE ón gComhairle maidir le mil, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle maidir le súnna torthaí agus táirgí cosúla áirithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine, Treoir 2001/113/CE ón gComhairle maidir le subha torthaí, glóthacha agus marmaláid agus purée castáin milsithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine agus Treoir 2001/114/CE ón gComhairle maidir le bainne leasaithe atá díohiodráitithe go páirteach nó go hiomlán a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 18 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 19 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an ‘gComhaontú Glas don Eoraip’, ghlac an Coimisiún an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis Ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] inar fhógair sé bearta le haghaidh córas bia níos folláine agus níos inbhuanaithe san Aontas. I measc na mbeart sin, féachann an Coimisiún le hathmhúnlú táirgí a chothú le haghaidh bianna a bhfuil go leor siúcra iontu agus leis an aistriú chuig aistí bia folláine agus inbhuanaithe a éascú. Thairis sin, chun tomhaltóirí a chumhachtú chun roghanna eolasacha, sláintiúla agus inbhuanaithe bia a dhéanamh, d’fhógair an Coimisiún freisin go bhféadfaí na tásca éigeantacha tionscnaimh nó bunáitíochta a leathnú chuig táirgí áirithe, agus na tionchair ar an margadh inmheánach á gcur san áireamh go hiomlán aige.

(2)Leagtar síos le Treoir 2001/110/CE ón gComhairle 20 sainmhínithe, ainmneacha, rialacha comhchoiteanna maidir le comhdhéanamh agus ceanglais lipéadaithe le haghaidh meala.

(3)I bhfianaise an dlúthcheangail atá idir cáilíocht na meala agus a tionscnamh agus an gá nach gcuirfí an tomhaltóir amú maidir le cáilíocht an táirge, leagtar síos le Treoir 2001/110/CE rialacha maidir le lipéadú an tionscnaimh inar buaineadh an mhil. Go háirithe, ceanglaítear le hAirteagal 2(4) den Treoir sin an tír nó na tíortha tionscnaimh inar buaineadh an mhil a léiriú ar an lipéad agus foráiltear leis, más de thionscnamh níos mó ná Ballstát amháin nó tríú tír amháin an mhil, féadfar ceann amháin díobh seo a leanas a chur in ionad thásc éigeantach na dtíortha tionscnaimh, de réir mar is iomchuí: ‘cumasc de mheala AE’, ‘cumasc de mheala neamh‑AE’, ‘cumasc de mheala AE agus neamh‑AE’. D’fhéadfadh sé go ndearna na rialacha éagsúla arna nglacadh ag na Ballstáit ar an mbonn sin tomhaltóirí a chur amú agus d’fhéadfadh sé gur chuir siad bac ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. I bhfianaise chuspóir na Straitéise Ón bhFeirm go dtí an Forc mar atá tomhaltóirí a neartú chun roghanna eolasacha a dhéanamh, lena náirítear maidir le tionscnamh a mbia, agus d’fhonn feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú ar fud an Aontais trí chomhchuibhiú na rialacha lipéadaithe, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh le haghaidh lipéadú ar thionscnamh meala agus é a dhéanamh mar fhoráil go luafaí an tír nó na tíortha tionscnaimh ar an bpacáistíocht. I bhfianaise mhéid laghdaithe na bpacáistí nach bhfuil iontu ach riar amháin meala (pacáistí bricfeasta) agus na deacrachtaí teicniúla a eascraíonn astu, is iomchuí, dá bhrí sin, na pacáistí sin a dhíolmhú ón oibleagáid na tíortha tionscnaimh uile a liostú, i gcás gur de thionscnamh níos mó ná tír amháin an mhil.

(4)Leagtar síos le Treoir 2001/112/CE ón gComhairle 21 na ceanglais fhíor‑riachtanacha atá le comhlíonadh maidir le táirgeadh, comhdhéanamh agus lipéadú súnna torthaí agus táirgí áirithe comhchosúla a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine chun leasanna na dtomhaltóirí a chosaint agus chun saorghluaiseacht na dtáirgí sin a fheabhsú.

(5)In 2012, leasaíodh Treoir 2001/112/CE le Treoir 2012/12/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 chun na rialacha nua maidir le comhábhair údaraithe a léiriú, amhail na rialacha a bhaineann le siúcraí a chur leis, rud nach raibh údaraithe a thuilleadh i súnna torthaí. I bhfianaise an athraithe sin ar cheanglais chomhdhéanaimh maidir le súnna torthaí, ceadaíodh don tionscal sú torthaí úsáid a bhaint as, ar feadh bliain amháin, ráiteas a thabharfadh le fios nach bhfuil siúcraí breise i súnna torthaí ar bith, chun tomhaltóirí a chur ar an eolas agus é a chur ar a gcumas acu idirdhealú soiléir a dhéanamh láithreach idir súnna torthaí agus táirgí áirithe eile dá samhail i dtéarmaí siúcraí a chur sna táirgí. Dhealraigh sé go raibh an tréimhse ama ghearr sin neamh‑leordhóthanach chun an tsochaí a chur ar an eolas, tar éis na rialacha nua maidir le comhábhair údaraithe, nach bhfuil sé údaraithe a thuilleadh siúcraí a chur i súnna torthaí. Mar thoradh air sin, i gcás cuid de na tomhaltóirí agus cleachtóirí sláinte, níl sé soiléir fós nach féidir siúcraí breise a bheith i súnna torthaí, contrártha le neachtair thorthaí.

(6)Ar a sheal, i gcomhréir le Cuid II, pointe 2, fleasc 5 d’Iarscríbhinn I, a ghabhann le Treoir 2001/112/CE, d’fhéadfadh neachtair thorthaí nach bhfuil siúcraí ná milseoirí curtha leo an maíomh cothaithe ‘gan aon siúcra breise’ nó aon mhaíomh ar dócha go mbeidh an bhrí chéanna leis don tomhaltóir, agus an tásc ‘tá siúcraí a fhaightear go nádúrtha ann’ ag gabháil leis, mar atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 . Leis sin, chomh maith leis an bhfíric go bhféadfadh nach mbeadh maíomh cothaithe i ndáil le siúcraí ná an tasc ‘tá siúcraí a fhaightear go nádúrtha ann’ ag gabháil le súnna torthaí, d’fhéadfadh gur cuireadh tomhaltóirí ar míthreoir mar go léiríonn an taighde gurb amhlaidh maidir le go leor táirgí cosúla a bhfuil an comhdhéanamh cothaitheach céanna nó a bhfuil comhdhéanamh cothaitheach an‑chosúil acu, go roghnófaí an táirge lena ngabhfadh maíomh cothaithe.

(7)Dá bhrí sin, agus é curtha san áireamh go háirithe, go bhfuil tomhaltóirí níos feasaí de réir a chéile faoi ábhair imní sláinte a bhaineann le hithe siúcra, is iomchuí na rialacha a athbhreithniú faoi úsáid ráiteas maidir le siúcra le haghaidh súnna torthaí chun go bhféadann tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh. Is iomchuí, dá bhrí sin, an fhéidearthacht a thabhairt isteach arís don tionscal an ráiteas a úsáid a shonraíonn nach bhfuil aon siúcraí breise i súnna torthaí ar bith agus í a thabhairt isteach gan teorainn ama.

(8)De thoradh dul chun cinn teicniúil, tá teicnící nua próiseála forbartha nó á bhforbairt chun siúcraí a fhaightear go nádúrtha a bhaint de shúnna torthaí agus de shúnna torthaí ó dhlúthán, chun aghaidh a thabhairt ar éileamh méadaithe tomhaltóirí ar tháirgí a bhfuil cion siúcra níos ísle acu. Is féidir táirgí den sórt sin a mhargú san Aontas a mhéid a chomhlíonann siad gach reachtaíocht ábhartha. Faightear na táirgí sin trí chóireáil nach ceann de na cóireálacha údaraithe i gCuid II, pointe 3, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE í a chur i bhfeidhm, áfach, agus tá a gcion iomlán siúcra, ar a dtugtar leibhéal Brix do thuaslagán uiscí, níos ísle ná sin de shú a eastósctar as na torthaí. Mar thoradh air sin, b’fhéidir nach mbeadh an tainm táirge ‘sú torthaí’ nó ‘sú torthaí ó dhlúthán’ orthu.

(9)Tá fáil níos mó ar tháirgí den sórt sin ar mhargadh an Aontais. Chun cur ar an margadh inmheánach na dtáirgí sin a éascú, ag cur san áireamh freisin an gá atá le hathfhoirmliú táirgí a spreagadh chun an méid siúcraí atá i súnna torthaí a laghdú, ba cheart catagóir nua táirgí a chruthú le haghaidh súnna torthaí a bhfuil a gcuid siúcraí a fhaightear go nádúrtha bainte go hiomlán nó go páirteach agus na saintréithe fíor‑riachtanacha fisiceacha, ceimiceacha, orgánaileipteacha agus cothaitheacha eile á gcoimeád. Ba cheart go mbeadh an tainm táirge ‘sú torthaí le siúcra laghdaithe’ nó ‘sú torthaí siúcra‑laghdaithe ó dhlúthán’ ar na táirgí seo agus go mbeadh leibhéal Brix níos ísle ná leibhéal an sú a eastósctar as na torthaí. Chun comhsheasmhacht a áirithiú le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ba cheart an cion siúcra a laghdú 30 % ar a laghad i gcomparáid le sú torthaí agus sú torthaí ó dhlúthán. Is iomchuí, dá bhrí sin, an chatagóir nua táirgí a chur isteach i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE chomh maith le rialacha a leagan síos maidir le comhábhair údaraithe na dtáirgí sin, chomh maith leis na cóireálacha agus na substaintí údaraithe.

(10)I gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE, féadfar siúcraí breise agus/nó mil a bheith i neachtair torthaí. Chun tacú le táirgeadh agus margú torthaí agus an gá le hathfhoirmliú táirgí a spreagadh chun an méid siúcraí atá i neachtair torthaí a laghdú á chur san áireamh, ba cheart an cion siúcra agus/nó meala a fhéadfar a chur le neachtair thorthaí a bhfuil aigéadacht íseal iontu agus atá blasta go nádúrtha a ísliú.

(11)Le Cuid II, pointe 3, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE, rialaítear na cóireálacha agus na substaintí údaraithe le haghaidh súnna torthaí agus táirgí cosúla áirithe. Tá méadú ag teacht ar a mhinice a úsáidtear próitéin ó shíolta lus na gréine lena chaitheamh go díreach ag an duine agus tá sé léirithe gur uirlis éifeachtach é chun súnna torthaí a ghléghlanadh. D’fhonn an dul chun cinn breise sin a chur san áireamh, ba cheart próitéiní ó shíolta lus na gréine a chur leis an liosta de chóireálacha agus de shubstaintí údaraithe.

(12)Tá an sú an eastósctar ó chnónna cócó á mhargú agus á chaitheamh níos minice san Aontas. I gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 2001/112/CE, ‘sú cnó cócó’ atá mar ainm dlíthiúil ar an táirge sin. Mar sin féin, léirítear leis an gcaighdeán idirnáisiúnta atá léirithe sa Codex Caighdeán Ginearálta le haghaidh súnna torthaí agus neachtar (Codex Stan 247‑2005), arna ghlacadh ag an gCoimisiún Codex Alimentarius le linn a 28ú seisiún a reáchtáladh ón 4 go 9 Iúil 2005, go bhfuil an tainm ‘uisce cnó cócó’ mar chomhchiallach ar ‘sú cnó cócó’ a eastósctar go díreach ón gcnó cócó gan feoil an chnó cócó a nochtadh. Chun Treoir 2001/112/CE a thabhairt i gcomhréir leis an gcaighdeán idirnáisiúnta sin, is iomchuí, dá bhrí sin, ‘uisce cnó cócó’ a chur leis mar shonrúchán ar leith in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin. Chun a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí uile an Aontais an sonrúchán áirithe a thuiscint go héasca, is iomchuí an fhéidearthacht ‘uisce cnó cócó’ a úsáid a sholáthar i dteangacha oifigiúla an Aontais. Ina theannta sin, toisc gur féidir sú cnó cócó a fháil trí shú cócó comhdhlúite a athdhéanamh le huisce inólta, is iomchuí íosleibhéal Brix don táirge seo a shainiú in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin.

(13)Leagtar síos i dTreoir 2001/113/CE ón gComhairle 24 na ceanglais fhíor‑riachtanacha atá le comhlíonadh maidir le táirgeadh, comhdhéanamh agus lipéadú subh torthaí, glóthach torthaí agus marmaláidí torthaí agus purée castáin milsithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine.

(14)Éilítear le hAirteagal 2(4) de Threoir 2001/113/CE lipéadú éigeantach ar chion siúcra ar an lipéad, ach amháin má dhéantar maíomh cothaithe ar son siúcraí ar an lipéad. Chuaigh an ceanglas seo níos faide ná na rialacha a leagadh síos i dTreoir 90/496/CEE ón gComhairle 25 , i gcás inar dheonach faisnéis chothaithe ar bhianna réamhphacáilte a chuimsiú mura ndearnadh maíomh cothaithe agus i gcás ina ndearnadh an maíomh cothaithe i leith siúcraí, ba chun na méideanna siúcra a chur san áireamh a rinneadh é. Rinne Treoir 90/496/CEE a aisghairm agus cuireadh Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 ina hionad. De bhun an Rialacháin sin is éigeantach anois faisnéis chothaithe a sholáthar ar an bpacáistíocht. Dá bhrí sin, níl gá a thuilleadh le foráil shonrach maidir le lipéadú siúcra i dTreoir 2001/113/CE agus is iomchuí é a scriosadh.

(15)Le Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/113/CE leagtar síos an íoschainníocht torthaí atá le húsáid agus subh, glóthach, subh bhreise nó glóthach bhreise á monarú. Forchoimeádtar úsáid na dtéarmaí ‘subh bhreise’ agus ‘glóthach bhreise’ le haghaidh táirgí a mhonaraítear le cainníocht níos airde torthaí i gcomparáid le ‘subh’ agus ‘glóthach’, faoi seach. Socraítear i gCuid II den Iarscríbhinn sin íoschion d’ábhar tirim intuaslagtha (i.e. siúcraí, cé acu a fhaightear go nádúrtha sna torthaí iad nó a bhfuil siúcraí breise i gceist) do na táirgí sin, agus, chun traidisiúin náisiúnta atá ann cheana a chur san áireamh i ndéanamh subh, glóthach agus marmaláidí torthaí agus purée castáin milsithe, ceadaítear do na Ballstáit íoschion níos ísle d’ábhar tirim intuaslagtha a údarú.

(16)I gcás ina méadaítear an chainníocht torthaí a úsáidtear chun subha agus glóthacha a mhonarú, laghdaítear an méid siúcra breise a theastaíonn chun an cion íosta d’ábhar tirim intuaslagtha a shroicheadh sna táirgí sin. Chun táirgeadh subh a spreagadh le leibhéal méadaithe cion torthaí agus ar an gcaoi sin chun tacú le margadh na dtorthaí agus ag cur san áireamh an gá atá le cion siúcra shaoir a laghdú, ba cheart an chainníocht íosta torthaí atá le húsáid i monarú subh agus subh breise a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/113/CE a mhéadú. Chun táirgeadh glóthach a spreagadh le leibhéal méadaithe cion torthaí agus ar an gcaoi sin chun tacú le margadh na dtorthaí, ba cheart an chainníocht íosta torthaí atá le húsáid i monarú glóthach agus glóthach breise a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/113/CE a mhéadú. Ar an gcaoi chéanna, i bhfianaise cuidiú le tomhaltóirí roghanna bia sláintiúla, níos eolasaí a dhéanamh, is iomchuí úsáid na nainmneacha forchoimeádta a shainítear i gCuid I den Iarscríbhinn sin a údarú do tháirgí a bhfuil cion ábhair thirim intuaslagtha níos lú ná 60 % acu ach a chomhlíonann na coinníollacha is infheidhme maidir leis an maíomh cothaithe ‘siúcraí laghdaithe’ a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 a mhéid a bhaineann le siúcra laghdaithe.

(17)Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/113/CE cuirtear srian leis an téarma ‘marmaláid’ go meascán áirithe de thorthaí citris. Mar sin féin, cé gur úsáideadh na hainmneacha dlíthiúla a leagtar síos san Iarscríbhinn sin i dtrádáil chun na táirgí dá dtagraítear inti a ainmniú, i roinnt teangacha oifigiúla an Aontais, úsáideann an tsochaí i gcoitinne na téarmaí ‘marmaláid’ agus ‘subh’ go hidirmhalartach chun tagairt a dhéanamh do shubha ó thorthaí seachas torthaí citris. Chun na cleachtais sin a chur san áireamh i gcás inar amhlaidh, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a údarú go núsáidfí an téarma ‘marmaláid’ don ainm táirge ‘subh’. Chun mearbhall a sheachaint do thomhaltóirí, ba cheart an téarma ‘marmaláid citris’ a úsáid ar fud an Aontais le haghaidh an táirge a bhí sainithe mar ‘marmaláid’ suas go dtí seo chun idirdhealú a dhéanamh idir an dá chatagóir táirgí. Tá sé sin i gcomhréir freisin leis an gcaighdeán idirnáisiúnta atá léirithe sa Codex Caighdeán Ginearálta le haghaidh subh, glóthach agus marmaláidí, (Codex Stan 296-2009), arna ghlacadh ag an gCoimisiún Codex Alimentarius le linn a 32ú seisiún a reáchtáladh ón 29 Meitheamh go dtí an 4 Iúil 2009, lena ndéantar idirdhealú idir marmaláid citris agus marmaláid nach marmaláid citris í. Is iomchuí, dá bhrí sin, an Treoir sin a athbhreithniú dá réir a mhéid a bhaineann leis an ainm táirge ‘marmaláid’.

(18)Liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin na comhábhair bhreise a d’fhéadfaí a úsáid i monaraíocht táirgí a chumhdaítear leis an Treoir. Féadfar sú torthaí citris a úsáid mar oibreán aigéadaithe i subh, subh bhreise, i nglóthach agus i nglóthach bhreise a fhaightear ó chineálacha eile torthaí. I gcomparáid le sú nach dtagann ó dhlúthán, nuair a bhíonn sú torthaí citris san fhoirm chomhdhlúite ní bhíonn sé chomh mór ná chomh trom le hiompar, bíonn sé níos seasmhaí, is féidir é a chaomhnú ar feadh níos mó ama agus ní theastaíonn an oiread fuinnimh chun an cion uisce a ghalú agus an táirge deireanach suibhe nó glóthaí á mhonarú. Dá bhrí sin bíonn sé níos inmharthana é a úsáid i subh, subh bhreise, glóthach agus glóthach bhreise i gcomparáid le sú úr torthaí citris. Dá bhrí sin, is iomchuí sú torthaí citris comhdhlúite a chur leis an liosta de chomhábhair bhreise a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

(19)Leagtar síos le Treoir 2001/114/CE ón gComhairle 27 sainmhínithe agus rialacha comhchoiteanna lena rialaítear comhdhéanamh, sonraíochtaí monaraíochta agus lipéadú bainne leasaithe áirithe.

(20)I bPointe 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/114/CE liostaítear na cóireálacha atá údaraithe chun bainne leasaithe a dhíhiodráitiú go páirteach nó go hiomlán. Chun freagairt do riachtanais athraitheacha na dtomhaltóirí, ba cheart cóireáil a údarú chun táirgí bainne saor ó lachtós a tháirgeadh. Ina theannta sin, ba cheart an sonrúchán áirithe le haghaidh an téarma Béarla ‘evaporated milk’ [‘bainne galaithe’] in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir a chur i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá sainithe sa chaighdeán Codex le haghaidh bainní galaithe (Codex Caighdeán 281‑1971).

(21)Tá tagairtí do ghníomhartha aisghairthe i dTreoracha 2001/110/CE, 2001/112/CE, 2001/113/CE agus 2001/114/CE. Rinne Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 a aisghairm agus cuireadh Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ina hionad. Rinne Treoir 89/107/CEE ón gComhairle 29 agus Treoir Uimh. 95/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 a aisghairm agus cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 ina nionad. Ba cheart, dá bhrí sin, tagairtí d’fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 agus Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a chur in ionad na dtagairtí sin.

(22)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 2001/110/CE, 2001/112/CE, 2001/113/CE agus 2001/114/CE a leasú dá réir sin.

(23)Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm laistigh de thréimhse 18 mí ó dháta a teachta i bhfeidhm. Chun neart ama a thabhairt d’oibreoirí le dul in oiriúint do na ceanglais nua, ba cheart nach mbeadh feidhm ag na forálacha náisiúnta sin lena dtrasuitear an Treoir seo go dtí 24 mhí tar éis dháta teacht i bhfeidhm na Treorach seo.

(24)Chun leasanna oibreoirí a chur san áireamh a chuireann a gcuid táirgí ar an margadh nó a dhéanann iad a lipéadú i gcomhréir leis na ceanglas is infheidhme roimh chur i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, is gá bearta idirthréimhseacha iomchuí a leagan síos. Dá bhrí sin, ba cheart a fhoráil sa Treoir seo go bhféadfar leanúint de na táirgí sin a chur ar an margadh ar feadh tréimhse theoranta thar an tréimhse trasuímh,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2001/110/CE

Leasaítear Airteagal 2 de Threoir 2001/110/CE mar a leanas:

(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

‘Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* maidir leis na táirgí a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

___________

* Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le foráil faisnéise faoi bhia a sholáthar do thomhaltóirí (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).’;

(2)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a) Déanfar an tír thionscnaimh inar buaineadh an mhil a léiriú ar an lipéad. I gcás gur de thionscnamh níos mó ná tír amháin an mhil, déanfar na tíortha tionscnaimh inar buaineadh an mhil a léiriú ar lipéad na bpacáistí a bhfuil níos mó ná 25 g iontu;

(b) Chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 agus go háirithe Airteagail 12 go 15 de, measfar gur sonraí éigeantacha iad na sonraí a bheidh le léiriú de réir phointe (a) den mhír seo i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán sin.’.

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 2001/112/CE

Leasaítear Treoir 2001/112/CE mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

‘Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* maidir leis na táirgí a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

___________

* Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le foráil faisnéise faoi bhia a sholáthar do thomhaltóirí (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).’;

(b)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) Mar mhalairt ar na hainmneacha táirgí dá dtagraítear i bhfomhír (a), soláthraítear in Iarscríbhinn III liosta sonrúchán áirithe. Féadfar na sonrúcháin atá liostaithe in Iarscríbhinn III, Cuid I, a úsáid sa teanga agus faoi na coinníollacha a leagtar síos inti. Féadfar na sonrúcháin atá liostaithe in Iarscríbhinn III, Cuid II, a úsáid i dteanga oifigiúil an Aontais den Bhallstát ina gcuirtear an táirge ar an margadh.’;

(c)cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:

‘4. Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, féadfaidh an ráiteas ‘ní bhíonn siúcraí breise in aon sú torthaí’ a bheith ar an lipéad sa réimse radhairc céanna le hainm na dtáirgí dá dtagraítear i gCuid I, pointe 1, d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo.

** Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh a dhéantar faoi bhia i leith na cothabhála agus na sláinte (IO L 404, 30.12.2006, lch. 9).’;

(d)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:

‘6. Gan dochar d’Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le meascáin de shú torthaí agus de shú torthaí ó dhlúthán, agus maidir le neachtar torthaí a fhaightear go hiomlán nó go páirteach ó tháirge comhdhlúite amháin nó níos mó, beidh na focail ‘ó dhlúthá(i)n’ nó ‘go páirteach ó dhlúthá(i)n’ ar an lipéadú, de réir mar is iomchuí. Déanfar an fhaisnéis sin a iontráil gar d’ainm an táirge, a sheasfaidh amach go maith ó chúlra ar bith, i gcarachtair atá infheicthe go soiléir.’;

(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

Airteagal 6

Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, ní fhéadfar ach na cóireálacha agus na substaintí atá liostaithe i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus na hamhábhair a chomhlíonann Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo a úsáid chun na táirgí a shainítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I a mhonarú. Thairis sin, comhlíonfaidh neachtair thorthaí forálacha Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo.’;

(3)Leasaítear Iarscríbhinní I agus III i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo;

(4)in Iarscríbhinn V, cuirtear isteach an tsraith seo a leanas in ord aibítre:

Cnó cócó (*)

Cocos nucifera

4,5

’.

Airteagal 3

Leasuithe ar Threoir 2001/113/CE

Leasaítear Treoir 2001/113/CE mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

‘Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* maidir leis na táirgí a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

___________

* Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le foráil faisnéise faoi bhia a sholáthar do thomhaltóirí (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).’;

(b)scriostar mír 4;

(c)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:

‘6. I gcás inar mó ná 10 mg/kg an cion iarmharach de dhé‑ocsaíd sulfair, léireofar a láithreacht ar liosta na gcomhábhar de mhaolú ar Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.’;

(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

Airteagal 4

Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, ní fhéadfar ach na comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo agus na hamhábhair a chomhlíonann Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo a úsáid i monarú na dtáirgí a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo.

___________

** Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).’;

(3)Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo;

(4)in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc:

‘– sú torthaí citris, cé acu atá sé comhdhlúite nó nach bhfuil: i dtáirgí a fhaightear ó chineálacha eile torthaí: ach amháin i subh, subh bhreise, glóthach agus glóthach bhreise,’;

(5)in Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fleasc:

‘— cé is moite de na hamhábhair a úsáidtear i monarú táirgí ‘breise’: úsáid dé‑ocsaíd sulfair (E 220) nó a salainn (E 221, E 222, E 223, E 224, E 226 agus E 227) mar chabhair chun monarú ar choinníoll nach sáraítear uaschion dé‑ocsaíde sulfair a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 sna táirgí a shainítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I.’.

Airteagal 4

Leasuithe ar Threoir 2001/114/CE

Leasaítear Treoir 2001/114/CE mar a leanas:

(1)in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* maidir leis na táirgí a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

___________

* Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le foráil faisnéise faoi bhia a sholáthar do thomhaltóirí (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).’;

(2)in Iarscríbhinn I, pointe 3, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(d) An cion lachtóis a laghdú trína thiontú go glúcós agus galachtós. Ní cheadófar modhnuithe ar chomhdhéanamh bainne tar éis na cóireála seo ach amháin má tá siad léirithe go doscriosta ar phacáistíocht an táirge ionas gur féidir iad a fheiceáil agus a léamh go héasca. Mar sin féin, ní bhfaighidh léiriú den chineál sin réidh leis an oibleagáid a mhéid a bhaineann le lipéadú cothaithe a leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. Féadfaidh na Ballstáit modhnuithe ar chomhdhéanamh bainne dá dtagraítear i bpointe (d) a theorannú nó a thoirmeasc.’;

(3)in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) Ciallaíonn an téarma Béarla ‘evaporated milk’ [‘bainne galaithe’] an táirge a shainítear in Iarscríbhinn I, pointe (1)(b).’.

Airteagal 5

Trasuí

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón … [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 6

Bearta idirthréimhseacha

Táirgí a chuirtear ar an margadh nó a lipéadaítear roimh [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], i gcomhréir le Treoracha 2001/110/CE, 2001/112/CE, 2001/113/CE agus 2001/114/CE, féadfar leanúint lena margú go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 8

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Treoir 1999/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le húisc de chaife agus le húisc de shiocaire (IO L 66, 13.3.1999, lch. 26).Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2000 maidir le táirgí cócó agus seacláide a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 197, 3.8.2000, lch. 19).Treoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil (IO L 10, 12.1.2002, lch. 47).    Treoir 2001/111/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le siúcraí áirithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 10, 12.1.2002, lch. 53).Treoir 2001/112/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le súnna torthaí agus táirgí áirithe comhchosúla a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 10, 12.1.2002, lch. 58).    Treoir 2001/113/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le subha torthaí, glóthacha torthaí agus marmaláidí torthaí agus purée castáin milsithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 10, 12.1.2002, lch. 67).Treoir 2001/114/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le bainne leasaithe áirithe atá díhiodráitithe go páirteach nó go hiomlán a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 15, 17.1.2002, lch. 19).
(2)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(3)    Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European, Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally‑friendly food system [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], COM/2020/381 final.
(4)    Áirítear leis sin iontógáil siúcraí saora in aistí bia a laghdú, mar a léirítear le tuairim eolaíochta EFSA faoin uasleibhéal inghlactha iontógála le haghaidh siúcraí san aiste bia ón 28 Feabhra 2022 https://www.efsa.europa.eu/en/efsajournal/pub/7074 . Cuimsíonn siúcraí saora siúcraí breise chomh maith le siúcraí a fhaightear go nádúrtha i sú torthaí agus sú torthaí comhdhlúite a bhfuil a struchtúr briste síos. Táirge iad glóthacha a tháirgtear ó shú torthaí agus siúcra.
(5)    An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 15/16 Nollaig 2020 (14048/20).
(6)    2020/2260(INI).
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Plean Sáraithe Ailse na hEorpa, COM/2021/44 final.
(8)    Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón Chomhairle, agus lena naisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún Eorpach, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún Eorpach, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).
(9)    Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh a dhéantar faoi bhia i leith na cothabhála agus na sláinte (IO L 404, 30.12.2006, lch. 9).
(10)    Areté et al. (2020). Evaluation of marketing standards contained in the CMO Regulation, the ‘Breakfast Directives’ and CMO secondary legislation. [Meastóireacht ar chaighdeáin mhargaíochta sa Rialachán CEM, na ‘Treoracha Bricfeasta’ agus reachtaíocht thánaisteach CEM.] An Bhruiséil: An Coimisiún Eorpach. https://doi.org/10.2762/475831.
(11)    An Coimisiún Eorpach (2020). Evaluation of marketing standards. [Meastachán ar chaighdeáin mhargaíochta.] Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD/2020/0230.
(12)    Russo, C. et al. (2022). Workshop on Marketing Standards: Benefits and costs of EU marketing standards for agri-food products. [Ceardlann ar Chaighdeáin Mhargaíochta: Tairbhí agus costais chaighdeáin mhargaíochta an Aontais le haghaidh táirgí agrai‑bhia.] Tuarascáil Theicniúil an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde. Lucsamburg: An tAontas Eorpach. https://doi.org/10.2760/635080.
(13)    [le comhlánú ag Oifig na bhFoilseachán]
(14)    [le comhlánú ag Oifig na bhFoilseachán]
(15)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999, IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.
(16)     https://undocs.org/A/RES/71/313 .
(17)    Teachtaireacht ón gCoimisiún, Compás Digiteach 2030: An modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach, COM(2021) 118.
(18)    IO C […], […], lch. […].
(19)    IO C […], […], lch. […].
(20)    Treoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil (IO L 10, 12.1.2002, lch. 47).
(21)    Treoir 2001/112/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le súnna torthaí agus táirgí áirithe comhchosúla a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 10, 12.1.2002, lch. 58).
(22)    Treoir 2012/12/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2012 lena leasaítear Treoir 2001/112/CE ón gComhairle maidir le súnna torthaí agus táirgí áirithe comhchosúla a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 115, 27.4.2012, lch. 1).
(23)    Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh a dhéantar faoi bhia i leith na cothabhála agus na sláinte (IO L 404, 30.12.2006, lch. 9).
(24)    Treoir 2001/113/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le subha torthaí, glóthacha torthaí agus marmaláidí torthaí agus purée castáin milsithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 10, 12.1.2002, lch. 67).
(25)    Treoir 90/496/CEE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1990 maidir le cothú a lipéadú le haghaidh táirgí bia (IO L 276, 6.10.1990, lch. 40).
(26)    Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón Chomhairle, agus lena naisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún Eorpach, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún Eorpach, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).
(27)    Treoir 2001/114/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le bainne leasaithe áirithe atá díohiodráitithe go páirteach nó go hiomlán a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 15, 17.1.2002, lch. 19).
(28)    Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht earraí bia (IO L 109, 6.5.2000, lch. 29).
(29)    Treoir 89/107/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le breiseáin bhia arna núdarú in earraí bia a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 40, 11.2.1989, lch. 27).
(30)    Treoir Uimh. 95/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 1995 maidir le breiseáin bhia seachas dathanna agus milseoirí (IO L 61, 18.3.1995, lch. 1).
(31)    Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).
Top

An Bhruiséil,21.4.2023

COM(2023) 201 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2001/110/CE ón gComhairle maidir le mil, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle maidir le súnna torthaí agus táirgí cosúla áirithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine, Treoir 2001/113/CE ón gComhairle maidir le subha torthaí, glóthacha agus marmaláid agus purée castáin milsithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine agus Treoir 2001/114/CE ón gComhairle maidir le bainne leasaithe atá díohiodráitithe go páirteach nó go hiomlán atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine

{SEC(2023) 162 final} - {SWD(2023) 97 final} - {SWD(2023) 98 final}


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Treoir 2001/112/CE mar a leanas:

(1)Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)i gCuid I, cuirtear isteach an pointe 6 seo a leanas:

‘6. (a) Sú torthaí le siúcra laghdaithe

An táirge a fhaightear ón táirge a shainítear i bpointe 1(a) i gcás inar baineadh 30 % ar a laghad de shiúcraí a fhaightear go nádúrtha trí úsáid a bhaint as próiseas arna údarú faoi na coinníollacha a leagtar síos i gCuid II, pointe 3, d’Iarscríbhinn I, ina gcoinnítear ar bun na saintréithe fisiceacha, ceimiceacha, orgánaileipteacha agus cothaitheacha fíor‑riachtanacha eile a bhaineann le meánchineál sú den toradh as a dtagann sé.

Údaraítear sú torthaí le siúcra laghdaithe a mheascadh le sú torthaí agus/nó purée torthaí chun sú torthaí le siúcra laghdaithe a tháirgeadh.

(b) Sú torthaí le siúcra laghdaithe ó dhlúthán

An táirge a fhaightear ó na táirgí a shainítear i bpointe 1(b) nó pointe 2 i gcás inar baineadh 30 % ar a laghad de shiúcraí a fhaightear go nádúrtha trí úsáid a bhaint as próiseas arna údarú faoi na coinníollacha a leagtar síos i bpointe 3 de Chuid II d’Iarscríbhinn I, ina gcoinnítear ar bun na saintréithe fisiceacha, ceimiceacha, orgánaileipteacha agus cothaitheacha fíor‑riachtanacha eile a bhaineann le meánchineál sú den toradh as a dtagann sé, agus atá athdhéanta le huisce óil a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i dTreoir 98/83/CE.

Údaraítear sú torthaí le siúcraí laghdaithe ó dhlúthán le sú torthaí, sú torthaí ó dhlúthán, purée torthaí agus/nó purée torthaí ó dhlúthán chun sú torthaí le siúcra laghdaithe a tháirgeadh ó dhlúthán.’;

(b)Leasaítear Cuid II mar a leanas:

(i) leasaítear pointe 2 mar a leanas:

- cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc:

‘— I gcás sú torthaí, súnna torthaí ó dhlúthán, súnna torthaí comhdhlúite, sú torthaí le siúcra laghdaithe agus súnna torthaí ó dhlúthán le siúcra laghdaithe: blas, laíon agus cealla athchóirithe;’;

- cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fleasc:

‘— I gcás neachtar torthaí: blas, laíon agus cealla athchóirithe; siúcraí agus/nó mil suas le 20 % de mheáchan iomlán na dtáirgí críochnaithe dá dtagraítear i gCuid I d’Iarscríbhinn IV, 15 % de mheáchan iomlán na dtáirgí críochnaithe dá dtagraítear i gCuid II d’Iarscríbhinn IV agus 10 % de mheáchan iomlán na dtáirgí críochnaithe dá dtagraítear i gCuid III d’Iarscríbhinn IV; agus/nó milseoirí;

Maidir le maíomh ina luaitear nár cuireadh siúcraí le neachtar torthaí, agus maidir le haon mhaíomh ar dócha go mbeidh an bhrí chéanna leis don tomhaltóir, ní fhéadfar iad a dhéanamh ach amháin i gcás nach bhfuil aon mhonaisiúicrídí ná aon déshiúicrídí breise ná aon bhia eile a úsáidtear le haghaidh a n‑airíonna milsithe sa táirge, lena n‑áirítear milseoirí mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. Má tá siúcraí le fáil go nádúrtha i neachtar torthaí, ba cheart an tásc seo a leanas a bheith ar an lipéad: ‘tá siúcraí ann go nádúrtha’;’;

- cuirtear an méid seo a leanas in ionad an seachtú fleasc:

‘— I gcás táirgí a shainítear i gCuid I, pointí 1 go 6, chun blas aigéadach a rialáil: sú líomóide agus/nó teile agus/nó líomóide chomhdhlúite agus/nó sú teile, suas go dtí 3 g in aghaidh an lítir sú, arna shloinneadh mar aigéad citreach ainhidriúil;’;

- cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas:

‘— I gcás sú torthaí le siúcra laghdaithe: uisce a mhéid is fíorghá chun an t‑uisce a cailleadh mar gheall ar an bpróiseas laghdaithe siúcra a aischur.’;

(ii) leasaítear pointe 3 mar a leanas:

- cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc déag:

‘– Próitéiní plandaí ó chruithneacht, piseanna, prátaí nó síolta lus na gréine le haghaidh soiléiriú.’;

- cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas:

‘– Próisis chun siúcraí a fhaightear go nádúrtha a bhaint, a mhéid a choinníonn siad ar bun na saintréithe fisiceacha, ceimiceacha, orgánaileipteacha agus cothaitheacha fior‑riachtanacha go léir eile a bhaineann le meánchineál sú den toradh as a dtagann sé: scagachán scannáin, coipeadh giosta.’;

(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:

IARSCRÍBHINN III

SONRÚCHÁIN AR LEITH DO THÁIRGÍ ÁIRITHE A LIOSTAÍTEAR IN IARSCRÍBHINN I

I. Sonrúcháin ar leith nach féidir a úsáid ach amháin i dteanga an tsonrúcháin

(a) ‘vruchtendrank’, i gcás neachtar torthaí;

(b) ‘Süßmost’;

Ní féidir an sonrúchán ‘Süßmost’ a úsáid ach amháin in éineacht leis na hainmneacha táirge ‘Fruchtsaft’ nó ‘Fruchtnektar’:

(i) i gcás neachtar torthaí a fhaightear go heisiach ó shúnna torthaí, ó shúnna comhdhlúite torthaí nó ó mheascán de na táirgí sin, atá neamhbhlasta sa staid nádúrtha mar gheall ar a n‑aigéadacht nádúrtha ard;

(ii) i gcás sú torthaí a fhaightear ó úlla nó ó phiorraí, agus úlla curtha leis i gcás inarb iomchuí, ach gan aon siúcra breise;

(c) ‘succo e polpa’ nó ‘sumo e polpa’, i gcás neachtar torthaí a fhaightear go heisiach ó purée torthaí agus/nó ó purée torthaí comhdhlúite;

(d) ‘æblemost’, i gcás sú úll gan aon siúcra breise;

(e) (i)‘sur … saft’, mar aon le hainm (sa Danmhairgis) an toraidh a úsáidtear, i gcás súnna gan aon siúcra breise a fhaightear ó chuiríní dubha, silíní, cuiríní dearga, cuiríní geala, sútha craobh, sútha talún nó caora troim,

(ii) ‘sød … saft’ nó ‘sødet … saft’ mar aon le hainm (sa Danmhairgis) an toraidh a úsáidtear, i gcás súnna a fhaightear ón toradh seo, a bhfuil níos mó ná 200 g de shiúcra breise in aghaidh an lítir acu;

(f) ‘äppelmust/äpplemust’, i gcás sú úll gan aon siúcra breise;

(g) ‘mosto’, comhchiallach sú fíonchaor;

(h) ‘smiltsērkšķu sula ar cukuru’ nó ‘astelpaju mahl suhkruga’ nó ‘słodzony sok z rokitnika’ i gcás súnna a fhaightear ó chaora an draighin mara nach bhfuil níos mó ná 140 g de shiúcra breise in aghaidh an lítir acu.

II. Sonrúcháin ar leith a fhéadfar a úsáid i dteanga oifigiúil/i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge ar an margadh

(a) ‘uisce cnó cócó’, i gcás an táirge a eastósctar go díreach as an gcnó cócó gan feoil an chnó cócó a nochtadh, mar chomhchiallach ar shú cnó cócó.’.



IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/113/CE mar a leanas:

(1)leasaítear Cuid I mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fleisce agus an dara fleasc:

‘– Is meascán é ‘subh’, lena dtugtar raimhre ghlóthaithe oiriúnach, de shiúcraí, an laíon agus/nó purée de chineál amháin nó níos mó torthaí agus uisce. Is féidir subh citris a fháil ó na torthaí iomlána, áfach, gearrtha i stiallacha agus/nó slisnithe.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a údarú go n‑úsáidfí an téarma ‘marmaláid’ don táirge darb ainm ‘subh’, chun cleachtais shochaíocha a chur san áireamh.

Ní fhéadfaidh an chainníocht laín agus/nó purée a úsáidtear chun 1 000 g de tháirge críochnaithe a mhonarú a bheith níos lú ná:

– 450 g mar riail ghinearálta,

– 350 g i gcás cuiríní dearga, caor chaorthainn, draighean mara, cuiríní dubha, mogóirí róis agus cainchí,

– 250 g i gcás sinséir,

– 230 g i gcás úll caisiú,

– 80 g i gcás páiseoige.

‘– Is meascán é ‘subh bhreise’, lena dtugtar raimhre ghlóthaithe oiriúnach, de shiúcraí, an laíon neamhchomhdhlúite agus/nó purée de chineál amháin nó níos mó torthaí agus uisce. Mar sin féin, féadfar subh bhreise mogóirí róis agus sútha craobh gan síol, sméar dubh, cuiríní dubha, fraochán agus cuiríní dearga a fháil go hiomlán nó go páirteach ó purée neamhchomhdhlúite de na torthaí faoi seach. Is féidir subh bhreise citris a fháil ó na torthaí iomlána, gearrtha i stiallacha agus/nó slisnithe.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a údarú go n‑úsáidfí an téarma ‘marmaláid bhreise’ le haghaidh ainm an táirge ‘subh bhreise’, chun a gcleachtais shochaíocha a chur san áireamh.

Ní féidir na torthaí seo a leanas a úsáid measctha le torthaí eile chun subh bhreise a mhonarú: úlla, piorraí, plumaí greimchlocha, mealbhacáin, mealbhacáin uisce, fíonchaora, puimcíní, cúcamair agus trátaí.

Níor cheart go mbeadh an chainníocht laín a úsáidtear chun 1 000 g de tháirge críochnaithe a mhonarú níos lú ná:

– 550 g mar riail ghinearálta,

– 450 g i gcás cuiríní dearga, caor chaorthainn, draighean mara, cuiríní dubha, mogóirí róis agus cainchí,

– 350 g i gcás sinséir,

– 290 g i gcás úll caisiú,

– 100 g i gcás paiseoige.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú agus an séú fleasc:

‘– Is meascán é ‘marmaláid citris’, lena dtugtar raimhre ghlóthaithe oiriúnach, d’uisce, siúcraí agus ceann amháin nó níos mó de na táirgí seo a leanas a fhaightear ó thorthaí citris: laíon, purée, sú, eastóscáin uiscí agus scamh.

Ní fhéadfaidh cainníocht na dtorthaí citris a úsáidtear chun 1 000 g de tháirge críochnaithe a mhonarú a bheith níos lú ná 200 g agus ní mór 75 g ar a laghad de a fháil ón ioncharp.

— Féadfar an t‑ainm ‘marmaláid ghlóthach’ a úsáid i gcás nach bhfuil aon ábhar dothuaslagtha sa táirge a shainítear mar mharmaláid citris ach amháin, b’fhéidir, i gcainníochtaí beaga scamh mínshlisnithe.’;

(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid II:

‘II. Ní mór cion ábhair thirim intuaslagtha 60 % nó níos mó a bheith sna táirgí a shainítear i gCuid I de réir mar a chinntear le hathraonmhéadar, ach amháin i gcás na dtáirgí sin a chomhlíonann ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*** a mhéid a bhaineann le siúcra laghdaithe, agus na táirgí sin a bhfuil milseoirí curtha in ionad na siúcraí go hiomlán nó go páirteach ina leith.

Gan dochar d’Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, féadfaidh na Ballstáit, chun cásanna áirithe ar leith a chur san áireamh, ainmneacha forchoimeádta a údarú do tháirgí a shainítear i gCuid I a bhfuil cion ábhair thirim intuaslagtha níos lú ná 60 % iontu.

*** Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh a dhéantar faoi bhia i leith na cothabhála agus na sláinte (IO L 404, 30.12.2006, lch. 9).’.

Top