AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.4.2023
COM(2023) 195 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste faoin gComhaontú maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin, maidir le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh
CINNEADH Uimh. 1/ … ÓN
gCOMHCHOISTE IDIR AN tAONTAS AGUS AN tSEAPÁIN
ARNA BHUNÚ
AG AN gCOMHAONTÚ I nDÁIL LE SÁBHÁILTEACHT DON EITLÍOCHT SHIBHIALTA IDIR
AN tAONTAS AGUS AN tSEAPÁIN
an ...
lena ndéantar a rialacha nós imeachta a ghlacadh
TÁ AN COMHCHOISTE IDIR AN tAONTAS AGUS AN tSEAPÁIN,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Sábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin, agus go háirithe Airteagal 11(3) de,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Mír 1
Glactar leis seo rialacha nós imeachta an Chomhchoiste i gceangal leis an gCinneadh seo.
Mír 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Arna shíniú i/sa ...,
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
Thar ceann na Seapáine
COMHCHOISTE NA bPÁIRTITHE
SA CHOMHAONTÚ I nDÁIL LE SÁBHÁILTEACHT DON EITLÍOCHT SHIBHIALTA IDIR
AN tAONTAS EORPACH AGUS AN tSEAPÁIN
Rialacha Nós Imeachta
Mír 1
Sainmhínithe
Chun críocha na rialacha nós imeachta seo faoi Airteagal 11(3) den Chomhaontú maidir le Sábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin, maidir leis na téarmaí seo a leanas:
-ciallaíonn ‘Páirtí’ an tAontas Eorpach nó an tSeapáin;
-ciallaíonn ‘an dá Pháirtí’ An tAontas Eorpach agus an tSeapáin.
Mír 2
Cathaoirleach agus Comhdhéanamh
1.Beidh ionadaí ón Aontas Eorpach agusionadaí ón tSeapáin ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste.
2.Is é an Coimisiún Eorpach a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste. Tabharfaidh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh cabhair dó agus beidh údaráis eitlíochta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh in éineacht leis.
3.Is é Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Seapáine agus/nó Misean na Seapáine chuig an Aontas Eorpach a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na Seapáine sa Chomhchoiste, agus beidh an Aireacht Talún, Bonneagair, Iompair agus Turasóireachta in éineacht leo.
Mír 3
Cruinnithe
1.Buailfidh an Comhchoiste le chéile go tráthrialta, ar iarraidh ó cheachtar den dá pháirtí.
2.Maidir le suíomh na gcruinnithe, déanfar sealaíocht idir an Bhruiséil agus Tóiceo, a mhéid is féidir. De mhalairt air sin, d’fhéadfaí plé trí fhíschomhdháil a eagrú. Beidh an stádas céanna ag cinntí agus moltaí a ghlactar le linn físchomhdhálacha agus a bheidh acu sin a ghlactar i gcruinnithe fisiceacha. Nuair a bheidh dáta agus áit cruinnithe cinnte ag na Páirtithe, is é an Coimisiún Eorpach a thionólfaidh an cruinniú thar ceann an Aontais Eorpaigh agus is í Aireacht Gnóthaí Eachtracha a thionólfaidh an cruinniú thar ceann na Seapáine.
3.Mura gcinnfidh na cathaoirligh a mhalairt, ní bheidh cead ag an bpobal páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Chomhchoiste. Féadfar preaseisiúint a chur amach i ndiaidh na gcruinnithe de chomhthoil na gcathaoirleach.
4.Is i mBéarla a reáchtálfar na cruinnithe agus a scríobhfar na doiciméid. Is é an Páirtí a iarrann ateangaireacht nó aistriúchán go teanga eile a sheasfaidh na costais lena mbaineann.
Mír 4
Toscaireachtaí
1.Roimh gach cruinniú, cuirfidh na Páirtithe a chéile ar an eolas faoi chomhdhéanamh beartaithe a dtoscaireachtaí faoi seach, agus ainmneoidh siad a gcathaoirleach féin faoi seach.
2.Féadfaidh na cathaoirligh, ar bhonn ad hoc, a chinneadh a iarraidh ar rannpháirtithe seachtracha freastal ar chruinnithe den Chomhchoiste chun faisnéis ar ábhair ar leith a sholáthar, nó mar bhreathnóirí.
Mír 5
Rúnaíocht
Oifigeach ón gCoimisiún Eorpach agus oifigeach ón Aireacht Gnóthaí Eachtracha, gníomhóidh siad go comhpháirteach mar rúnaithe an Chomhchoiste.
Mír 6
Clár Oibre na gCruinnithe
1.Leagfaidh na cathaoirligh síos clár oibre sealadach gach cruinnithe de chomhthoil. Tarchuirfidh na rúnaithe an clár oibre sealadach sin agus aon doiciméad atá ábhartha maidir leis an gcruinniú chuig na rannpháirtithe ar a laghad cúig lá oibre dhéag roimh dháta an chruinnithe.
2.Glacfaidh an Comhchoiste an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Féadfar míreanna eile seachas iad siúd atá ar an gclár oibre sealadach a chur ar an gclár oibre, má chomhaontaíonn na Páirtithe leis sin.
3.Féadfaidh na cathaoirligh an teorainn ama maidir le doiciméid a tharchur, dá dtagraítear i mír 1, lena n‑áirítear an clár oibre sealadach, a mhodhnú de chomhthoil, chun ceanglais nósanna imeachta inmheánacha Páirtí nó práinn ábhar áirithe a chur san áireamh.
Mír 7
Miontuairiscí
1.Déanfar dréachtmhiontuairiscí gach cruinnithe den Chomhchoiste a tharraingt suas tar éis an chruinnithe. Léireofar iontu na cinntí agus na moltaí a glacadh agus na conclúidí a rinneadh.
2.Nuair a bheidh na miontuairiscí formheasta, síneoidh na cathaoirligh iad agus comhdóidh gach Páirtí cóip bhunaidh nó cóip scanta amháin. Tá síniú agus cartlannú leictreonach indéanta.
Mír 8
Nós imeachta i scríbhinn
I gcás inar gá agus inar cuí‑réasúnaithe, féadfar moltaí agus cinntí an Chomhchoiste a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn. Chun na críche sin, malartóidh na cathaoirligh na dréachtbhearta a lorgaítear tuairim an Chomhchoiste ina leith, agus féadfar an tuairim sin a dheimhniú trí mhalartú comhfhreagrais ina dhiaidh sin. Mar sin féin, féadfaidh aon Pháirtí a iarraidh go dtionólfar an Comhchoiste chun an t‑ábhar a phlé.
Mír 9
Pléití
1.Is de chomhthoil na bPáirtithe a ghlacfaidh an Comhchoiste a chuid cinntí agus moltaí.
2.‘Cinneadh’ agus ‘Moladh’ an teideal a bheidh ar chinntí agus ar mholtaí an Chomhchoiste faoi seach, agus ina dhiaidh sin beidh sraithuimhir, dáta a nglactha agus tuairisc ar a n‑ábhar.
3.Síneoidh na cathaoirligh cinntí agus moltaí an Chomhchoiste.
4.Déanfaidh na Páirtithe na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste a chur chun feidhme i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha féin.
5.Féadfaidh na Páirtithe na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste a fhoilsiú ina bhfoilseacháin oifigiúla féin. Féadfar moltaí nó aon ghníomh eile a ghlacfaidh an Comhchoiste a fhoilsiú má chinneann na Páirtithe sin. Coinneoidh gach Páirtí cóip bhunaidh nó cóip scanta amháin de na cinntí agus de na moltaí.
Mír 10
Costais
Beidh na Páirtithe freagrach as a gcostais féin a íoc, costais a thabhaítear mar gheall ar a rannpháirtíocht i gcruinnithe an Chomhchoiste agus cruinnithe i gcomhréir le cinntí agus moltaí an Chomhchoiste, lena n‑áirítear caiteachas foirne, taistil agus cothaithe agus costais phoist agus teileachumarsáide.
Is é an Páirtí a óstálfaidh an cruinniú a sheasfaidh caiteachas a bhaineann le heagrú ábharach na gcruinnithe.
_______________________