EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0194

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta

COM/2023/194 final

An Bhruiséil,14.4.2023

COM(2023) 194 final

2023/0095(COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá sé beartaithe leis an togra leasú a dhéanamh ar Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta 1 (‘an Cinneadh’), faoina dtacóidh an tAontas Eorpach le gníomhaíochtaí na mBallstát 2 i réimse na cosanta sibhialta, agus faoina gcomhordóidh sé iad agus faoina bhforlíonfaidh sé iad chun tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine a chosc, chun ullmhú agus chun freagairt dóibh laistigh den Aontas agus lasmuigh de.

Is é an t-aon chuspóir atá ag an athrú atá beartaithe a áirithiú gur féidir leis an Aontas leanúint de thacaíocht éigeandála a chur ar fáil do na Ballstáit chun falscaithe a chomhrac trí na hacmhainneachtaí a forbraíodh faoin aistriú ‘rescEU’, nó go mbeidh fáil ar fhlít buan aerchomhraic dóiteán foraoise na hEorpa. I dtéarmaí nithiúla, moltar sa togra seo síneadh a chur le deireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 35 ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2027. Tá an dáta sin ailínithe le deireadh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) atá ann faoi láthair.

Agus teochtaí ag ardú mar aon le tréimhsí fada triomaigh, tá an baol falscaithe san Aontas ag dul i méid ó thaobh raoin de agus tá na falscaithe ag tarlú níos minice agus iad níos déine. Bhí séasúr falscaithe 2022 ar an gceann ba mhó riamh san Aontas. 2 707 heicteár san iomlán a bhí sa líon iomlán falscaithe san Aontas os cionn 30 heicteár. Dódh 786 316 heicteár talún (níos mó ná trí oiread mhéid Lucsamburg). Is méadú mór é sin i gcomparáid leis an mbliain roimhe (416 413 heicteár). Thairis sin, léirítear i sonraí 2022 méadú níos mó ná 250 % ar mheánachar talún a dódh ó cuireadh tús leis an taifeadadh ar leibhéal an Aontais in 2006. Tá falscaithe anois ina n-ábhar mór imní ar fud na hEorpa, rud a dhéanann difear ní hamháin do réigiún na Meánmhara, ach do thíortha freisin, lena n-áirítear Poblacht na Seice, an Ghearmáin agus an tSlóivéin, mar a léiríodh le linn ghníomhachtaithe an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta le déanaí. Mar shampla suntasach, tharla falscaithe géara sa tSualainn in 2018. In 2022 dódh níos mó limistéar i 20 Ballstát ná an meán sna blianta roimhe sin.

Mar a léirigh an séasúir falscaithe le blianta beaga anuas, is mór an caillteanas comhshaoil, aeráide, eacnamaíoch agus sochaíoch a bhaineann le falscaithe. In 2022 amháin, meastar go raibh caillteanais eacnamaíocha os cionn EUR 2 bhilliún agus gur astaíodh breis agus 25 mhilliún tona CO2 de bharr na bhfalscaithe. Cuimsítear i láithreáin Natura 2000 3 breis agus 35 % de na limistéir a dódh in 2022.

Meastar go leanfar leis an ngéarú scáfar seo ar fhalscaithe ar fud na hEorpa sna blianta amach romhainn mar gheall ar thionchar an athraithe aeráide. Thug an tUachtarán Von der Leyen faoin ábhar ina hAitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh i mí Mheán Fómhair 2022, tráth a dúirt sí, ‘ós rud é go bhfuil na heachtraí sin ag tarlú níos minice agus ag éirí níos déine, beidh tuilleadh acmhainní de dhíth ar an Eoraip. Is ar an ábhar sin atá mé á fhógairt inniu go ndéanfaimid ár n-acmhainneacht chun dóiteáin a chomhrac a dhúbailt le linn na bliana atá romhainn.

Le leasú ar an gCinneadh in 2019 4 , cruthaíodh rescEU mar chúlchiste acmhainneachtaí Eorpach chun cúnamh a sholáthar i gcásanna treascracha nach féidir freagairt éifeachtach ar na cineálacha éagsúla tubaistí a áirithiú leis na hacmhainneachtaí foriomlána atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta ná leo siúd a gheall na Ballstáit don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta. Forbraíodh na hacmhainneachtaí sin i réimse an aerchomhraic dóiteán foraoise go háirithe chun cur leis na hacmhainneachtaí náisiúnta 5 . Cé go bhfuil rochtain ar roinnt de na hacmhainneachtaí sin ar an margadh go héasca agus gur féidir iad a cheannach sách tapa, tá níos mó ama i gceist le hinfhaighteacht na n-acmhainneachtaí aerchomhraic dóiteán foraoise. Chun aistriú rianúil ionsar chur chun feidhme iomlán rescEU a áirithiú, cumhachtaíodh an Coimisiún, ar feadh idirthréimhse 5 bliana tosaigh, maoiniú a chur ar fáil chun a áirithiú go mbeidh acmhainneachtaí náisiúnta ábhartha ar fáil go tapa. Sonraíodh freisin gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit iarracht a dhéanamh acmhainneachtaí breise a fháil, lena n-áirítear héileacaptair comhraic dóiteán, chun freagairt níos fearr agus níos éifeachtúla d’fhalscaithe, chomh luath le samhradh 2019 6 . Measadh ag an am, bunaithe ar staidéar margaidh ar shócmhainní aerchomhraic dóiteán foraoise a bhí ar fáil ag an am, a eisíodh an 9 Iúil 2018 7 , gurbh leordhóthanach 5 bliana, go háirithe chun go mbeadh rochtain ar aerárthaí speisialaithe arís ar an margadh, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí flít buan a fhorbairt. Dá bhrí sin, tugadh isteach dáta deiridh an 1 Eanáir 2025 in Airteagal 35 den Chinneadh maidir leis an bhforáil idirthréimhseach sin a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, léiríonn forbairtí margaidh le déanaí agus go sonrach, cheal na n-aerárthaí ardspeisialaithe is gá ar an margadh, go bhfuil gá le tráthchlár níos faide (i ndiaidh 2024) chun aerárthaí amfaibiacha aerchomhraic na ndóiteán foraoise a fhorbairt. Tá an chaibidlíocht le monaróir na n-aerárthaí speisialaithe sin ag an gcéim dheiridh; meastar go dtosóidh seachadadh na gcéad eitleán sin ar chostas comhaontaithe in 2026 de réir na n-athdhearbhuithe is déanaí a rinne an monaróir. Dá bhrí sin, ní mór síneadh breise a chur leis an dáta deiridh a leagtar amach in Airteagal 35 go dtí deireadh CAI atá ann faoi láthair, is é sin an 31 Nollaig 2027. Leis an tréimhse sin, chumhdófaí imchlúdach airgeadais CAI iomlán an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta i gcomhréir le hAirteagal 19.1a.

Is é is aidhm don togra seo rochtain thapa ar acmhainneachtaí náisiúnta ábhartha a áirithiú tar éis shéasúr falscaithe 2024, nuair a rachaidh cur i bhfeidhm na forála idirthréimhsí atá ann faoi láthair in éag. Ní mór na conarthaí a ullmhú i bhfad roimh ré, in 2024, chun acmhainneachtaí aerchomhraic dóiteán foraoise a chur in úsáid. Mar thoradh air sin, ní mór an Cinneadh a leasú sa tréimhse reachtais atá ann faoi láthair ionas gur féidir tús a chur leis na hullmhúcháin in 2024. Dá bhrí sin, tá sé práinneach go bpléifidh na comhreachtóirí go pras an togra spriocdhírithe seo.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Baineann an togra seo go heisiach le síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 35 den Chinneadh agus ní dhéanann sé difear do shubstaint na forála sin. Dá bhrí sin, tá an togra go hiomlán comhsheasmhach leis na forálacha beartais atá ann faoi láthair sa réimse sin.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Ní féidir le gníomh reachtach ar bith faoi bheartais eile de chuid an Aontais cuspóir an togra seo a bhaint amach faoi láthair. Dá bhrí sin, níl aon fhorluí ann le gníomhaíochtaí eile sa réimse beartais. Tá aird á tabhairt, áfach, ar dhlúthchomhordú, comhsheasmhacht agus comhlántacht a áirithiú le gníomhaíochtaí a dhéantar faoi bheartais eile de chuid an Aontais. Cruthaítear sineirgí leis le réimsí beartais eile freisin, amhail oiriúnú don athrú aeráide agus ionstraimí i réimse chosc na dtubaistí agus laghdú riosca na dtubaistí a bhfuil sé d’aidhm acu dul i ngleic ar bhealach níos fearr le tionchair an athraithe aeráide.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 196 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí atá leis an togra seo.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá inniúlacht tacaíochta ag an Aontas i réimse na cosanta sibhialta. Is ar na Ballstáit an phríomhfhreagracht chomh fada agus a bhaineann sé le tubaistí a chosc agus le hullmhacht agus freagairt i leith na dtubaistí sin. Is é ceann de na cúiseanna a bunaíodh an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta gur féidir le tubaistí móra acmhainneachtaí freagartha aon Bhallstáit a threascairt agus é ag gníomhú ina aonar. Is dlúthchuid den Sásra cúnamh mear frithpháirteach dea-chomhordaithe a chur ar fáil i measc na mBallstát. Ní féidir leis na Ballstáit cuspóir an togra a bhaint amach go leordhóthanach ar bhonn aonraic. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin nuair a tharlaíonn tubaiste, nó tubaistí éagsúla, ag a bhfuil tionchair fhorleathana a threascraíonn acmhainneachtaí na mBallstát agus a d’fhéadfadh bac a chur ar chúnamh frithpháirteach eatarthu. Dá bhrí sin, is é atá i gceist le gníomhaíocht an Aontais sa réimse seo cásanna a bhainistiú ina bhfuil comhpháirteanna láidre trasteorann agus ilnáisiúnta/ilréigiúnacha, agus is gá comhordú foriomlán agus gníomhaíocht chomhbheartaithe lasmuigh den leibhéal náisiúnta ina leith. Áirítear leis sin acmhainneachtaí a chur ar fáil amhail aerárthaí speisialaithe a d’fhéadfadh tionchar falscaithe a laghdú. Ar na buntáistí a bhaineann leis tá laghdú ar bhás an duine agus laghdú ar dhamáiste don chomhshaol, don gheilleagar agus do mhaoin.

Comhréireacht

Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach agus tá sé ina fhorbairt ar an mbeartas atá ann faoi láthair. Tugtar aghaidh ann ar bhearna shonrach a sainaithníodh ó glacadh Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta agus ó glacadh Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta agus moltar réiteach spriocdhírithe ann. Tá an t-ualach riaracháin atá ar an Aontas agus ar na Ballstáit teoranta i gcónaí ós rud é nach n-athraíonn an togra seo é.

An rogha ionstraime

I bhfianaise a raoin feidhme theoranta, moltar gurb iomchuí togra le haghaidh Cinneadh lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

I ndiaidh falscaithe uafásacha i nDeisceart agus i Lár na hEorpa in 2022, thionóil an Coimisiún Eorpach Cruinniú Aireachta Neamhfhoirmiúil maidir le hUllmhacht i ndáil le Falscaithe agus Freagairt dóibh a Threisiú sa Bhruiséil an 5 Meán Fómhair 2022. Phléigh Airí, Státrúnaithe agus Ard-Stiúrthóirí Cosanta Sibhialta na mBallstát mearghníomhaíocht chomhordaithe Eorpach, faoi chuimsiú an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta, chun cosaint níos fearr a thabhairt don Aontas agus dá shaoránaigh ar dhóiteáin in 2023 agus ina dhiaidh sin. Ardaíodh imní ar leith maidir le heaspa eitleán agus héileacaptar comhraic dóiteáin leordhóthanach i ngach tír atá buailte, rud a chuireann brú breise ar líontán sábhála séasúrach Eorpach na n-aerárthaí comhraic dóiteáin atá bunaithe cheana féin, arna chómhaoiniú ag an gCoimisiún agus atá ceaptha bearnaí a líonadh go sealadach go dtí go mbeidh flít buan nua Eorpach d’aerárthaí comhraic dóiteáin (ar a dtugtar rescEU agus arb é atá ann 14 eitleán meánacha agus éadroma amfaibiacha agus 9 héileacaptar meánmhéide chun flíteanna náisiúnta a chomhlánú) ar fáil amhail ó 2026. Thángthas ar chomhaontú ginearálta, dá bhrí sin, maidir leis an líon sábháilteachta séasúrach Eorpach d’eitleáin chomhraic dóiteáin atá ann cheana a leathnú trí mhaoiniú a thabhairt chun héileacaptair agus aerárthaí éadroma breise a chuimsiú i limistéir Eorpacha thábhachtacha amhail ó shamhradh 2023. Pléadh an cur chuige sin freisin ag an 49ú cruinniú neamhfhoirmiúil d’Ard-Stiúrthóirí Cosanta Sibhialta i bPrág i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus leis na Ballstáit ar an leibhéal teicniúil.

Bailiú agus úsáid saineolais

Agus an togra seo á ullmhú ag an gCoimisiún, bhí sé ag brath ar shaineolas seachtrach ar an topaic a bhaineann le falscaithe a chosc, ullmhacht dóibh agus freagrach dóibh. Tháinig ceann de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin le chéile ón 10 go dtí an 11 Eanáir 2023, is é sin an ‘Grúpa saineolaithe maidir le ceachtanna a foghlaimíodh ó na héigeandálaí a láimhseáladh’ 8 . I measc phríomhthorthaí an chruinnithe sin, bhí an comhdhearcadh go raibh séasúr falscaithe 2022 ar cheann de na cinn ba dhúshlánaí riamh san Eoraip agus go bhfuil easpa soiléir sócmhainní aeir ar fud na hEorpa chun aghaidh a thabhairt ar líon méadaitheach dóiteán comhuaineach. Léiríonn anailís ar bhearnaí an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha meánbhearna laethúil de 4 aerárthach le linn na dtréimhsí ina bhfuil iarrataí oscailte ar chúnamh ó na Ballstáit, agus 10 n-aerárthach ag an mbuaicphointe le linn roinnt laethanta den tréimhse ghníomhach falscaithe. D’aithin na saineolaithe go bhfuil gá soiléir le tuilleadh sócmhainní ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon.

Measúnú tionchair

Ós de chineál teicniúil an togra atá práinneach, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair. Mar sin féin, na ceachtanna a foghlaimíodh ó shéasúr falscaithe 2022, a sainaithníodh i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, cuireadh san áireamh sa togra iad (d’aontaigh na páirtithe leasmhara go gcuirfí síneadh le cur i bhfeidhm na forála). Chuir sé sin le measúnú ar thionchar an bheartais bheartaithe lena leathnófar an cleachtas atá ann faoi láthair.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní bhaineann le hábhar.

Cearta bunúsacha

Ní bhaineann le hábhar.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ó 2023 ar aghaidh, tá sé d’aidhm ag flít idirthréimhseach rescEU 22 eitleán agus 4 héileacaptar a bheith aige. Tá sé fíor-riachtanach an leibhéal sin acmhainneachta flít a choinneáil go dtí deireadh an CAI reatha (is é sin le rá, an 31 Nollaig 2027). I bhfianaise na hinfheistíochta foriomláine a rinneadh sa fhlít aerchomhraic dóiteán foraoise, is féidir an tionchar buiséadach measta a riar laistigh d’imchlúdach airgeadais an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Foráiltear le hAirteagal 34 den Chinneadh go ndéanfar faireachán go tráthrialta ar ghníomhaíochtaí a fhaigheann cúnamh airgeadais chun a gcur chun feidhme a mheas. Ní mór don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chinnidh agus tuarascálacha meastóireachta eatramhacha agus ex post a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, chomh maith le teachtaireacht maidir le héifeachtacht, costéifeachtúlacht agus cur chun feidhme leanúnach an Chinnidh. Ba cheart an mheastóireacht sin a bhunú ar na táscairí a liostaítear faoi Airteagal 3 den Chinneadh. Tá meastóireacht ar siúl faoi láthair agus tá coinne leis go mbeidh sí tugtha chun críche faoi mhí na Nollag 2023 i gcomhréir le hAirteagal 34(3) den Chinneadh.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní bhaineann le hábhar.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Moltar leis an tionscnamh reachtach seo síneadh a chur le dáta deiridh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 35 den Chinneadh go dtí an 31 Nollaig 2027.

2023/0095 (COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 196 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 9 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 10 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 , sainítear creat dlíthiúil rescEU. Is é is aidhm do rescEU cúnamh a sholáthar i gcásanna treascracha nach féidir freagairt éifeachtach a áirithiú leis na hacmhainneachtaí foriomlána atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta ná leo siúd a gheall na Ballstáit don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta.

(2)Agus teochtaí ag ardú mar aon le tréimhsí fada triomaigh, tá an baol falscaithe san Aontas Eorpach ag dul i méid ó thaobh raoin de agus tá na falscaithe ag tarlú níos minice agus iad níos déine. Tá infhaighteacht theoranta acmhainneachtaí freagartha speisialaithe, lena n-áirítear acmhainneachtaí amfaibiacha aerchomhraic na ndóiteán foraoise, fós ina laige mhór agus is é príomhdhúshlán oibríochtúil an Aontais é agus é ag tabhairt aghaidh ar fhalscaithe comhuaineacha.

(3)De bharr na solúbthachta is gá a tugadh leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 35 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, tá sé ríthábhachtach síneadh a chur leis an dáta deiridh ‘1 Eanáir 2025’ go dtí ‘31 Nollaig 2027’ chun a áirithiú gur féidir leis an Aontas acmhainneachtaí aeir rescEU breise a dhaingniú faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta fad atá flít buan aerchomhraic dóiteán foraoise na hEorpa á bhunú de réir a chéile.

(4)Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú

Leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE mar a leanas:

(1) In Airteagal 35, an chéad mhír, cuirtear ‘an 31 Nollaig 2027’ in ionad an dáta ‘an 1 Eanáir 2025’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO L 347, 20.12.2013, lgh. 924–947 
(2)    I bhfianaise Airteagal 28(1a) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, i gcás ina dtagraítear do na Ballstáit, beidh sé le tuiscint go n-airítear ann Stáit Rannpháirteacha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(12) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE.
(3)    Is éard is Natura 2000 líonra príomhláithreán pórúcháin agus áiteanna scíthe do speicis neamhchoitianta agus speicis atá faoi bhagairt, agus do roinnt cineálacha neamhchoitianta gnáthóg nádúrtha a dtugtar cosaint dóibh féin, agus tá siad le fáil i 27 mBallstát uile an Aontais, ar tír agus ar muir araon. Is é is aidhm don líonra a áirithiú go mairfidh na speicis agus gnáthóga is luachmhaire agus is mó atá faoi bhagairt san Eoraip, a liostaítear faoin Treoir maidir le hÉin (Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú) agus faoin Treoir maidir le Gnáthóga (Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú).
(4)    Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2019 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta IO L 77I, 20.3.2019, lch. 1.
(5)    Ar réimsí eile rescEU, cumhdaítear, i measc nithe eile, teagmhais cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha, práinnfhreagairt leighis, chomh maith le hiompar agus lóistíocht agus soláthar fuinnimh éigeandála.
(6)    Aithris 34 de Chinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2019 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, IO L 77I 20.3.2019, lch. 1
(7)    A STUDY ON CURRENTLY AVAILABLE AERIAL FOREST FIRE FIGHTING ASSETS CONTRACT ECHO/2018/A1/396_01.
(8)     Clár de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin agus d’eintitis eile den saghas céanna (europa.eu)    
(9)    IO C , , lch. .
(10)    IO C , , lch. .
(11)    Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
Top