Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023M11277

    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11277 — TPG / KKR / A-GAS) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

    PUB/2023/1486

    IO C, C/2023/304, 18.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/304/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/304/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2023/304

    18.10.2023

    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

    (Cás M.11277 — TPG / KKR / A-GAS)

    Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (C/2023/304)

    1.   

    An 11 Deireadh Fómhair 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

    Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

    TPG, Inc (‘TPG’, Stáit Aontaithe Mheiriceá),

    KKR & Co. Inc. (‘KKR’, Stáit Aontaithe Mheiriceá),

    Clean TopCo Limited (‘A-Gas’, Oileáin Cayman / an Ríocht Aontaithe), faoi rialú KKR.

    Gheobhaidh TPG agus KKR rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar A-Gas.

    Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

    2.   

    Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

    Is gnólacht bainistíochta sócmhainní malartacha domhanda é TPG,

    Is gnólacht infheistíochta domhanda é KKR, gnólacht a thairgeann bainistíocht sócmhainní malartacha chomh maith le réitigh margaí caipitil agus árachais.

    3.   

    Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó an ghnóthais A-Gas: soláthar agus bainistiú saolré gás speisialtachta ar fud an domhain.

    4.   

    Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

    De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

    5.   

    Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

    M.11277 — TPG / KKR / A-GAS

    Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

    R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

    Seoladh poist:

    European Commission

    Directorate-General for Competition

    Merger Registry

    1049 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË


    (1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

    (2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/304/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top