This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023M11215
Prior notification of a concentration (Case M.11215 – PAI PARTNERS / HG / AZETS) Candidate case for simplified procedure (Text with EEA relevance) 2023/C 272/04
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11215 – PAI PARTNERS / HG / AZETS) Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 272/04
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11215 – PAI PARTNERS / HG / AZETS) Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 272/04
PUB/2023/1037
IO C 272, 1.8.2023, p. 5–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
1.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 272/5 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11215 – PAI PARTNERS / HG / AZETS)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 272/04)
1.
An 24 Iúil 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
PAI Partners S.à.r.l. (an Fhrainc), fochuideachta ar lánúinéireacht de chuid PAI Partners SAS (an Fhrainc), dá ngairtear ‘PAI Partners’ le chéile, |
— |
HgCapital LLP (‘Hg’, an Ríocht Aontaithe), |
— |
Azets Topco Limited (‘Azets’, Geirsí), faoi úinéireacht Hg faoi láthair. |
Gheobhaidh PAI Partners agus Hg rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar Azets.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Is gnólacht cothromais phríobháidigh é PAI Partners. Tá polasaí ag na cistí a bhainistíonn PAI Partners scairshealbha tromlaigh a fháil i gcuideachtaí atá gníomhach ar fud an domhain sna hearnálacha seirbhísí gnó, bia & tomhaltóirí, tionscal ginearálta agus cúraim sláinte, |
— |
Is infheisteoir é Hg i ngnólachtaí bogearraí agus seirbhísí, agus díríonn sé ar an Eoraip agus ar na Stáit Aontaithe, |
— |
Soláthraíonn Azets seirbhísí cuntasaíochta, cánach, iniúchóireachta, comhairleacha, tacaíochta acmhainní daonna agus tacaíochta párolla do FBManna go príomha agus tá sé gníomhach ar fud LEE. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11215 – PAI PARTNERS / HG / AZETS
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).