EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023M11151

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11151 — BDT / LGP / PROMACH) Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 224/07

PUB/2023/756

IO C 224, 27.6.2023, p. 13–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

27.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 224/13


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11151 — BDT / LGP / PROMACH)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 224/07)

1.   

An 16 Meitheamh 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

BDT Capital Partners, LLC (‘BDT’, Stáit Aontaithe Mheiriceá), atá faoi rialú deiridh duine nádúrtha, Byron D. Trott,

Leonard Green & Partners, L.P. (‘LGP’, Stáit Aontaithe Mheiriceá),

Pro Mach, Inc. (‘ProMach’, Stáit Aontaithe Mheiriceá), atá faoi rialú aonair LGP faoi láthair.

Faigheann BDT agus LGP rialú comhpháirteach ar ProMach de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach urrús.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is banc marsantach é BDT sna Stáit Aontaithe arb í a speisialtóireacht infheistíochtaí i ngnólachtaí atá faoi úinéireacht teaghlaigh agus i ngnólachtaí atá faoi stiúir bunaitheoirí,

Is gnólacht infheistíochta i gcothromas príobháideach é LGP sna Stáit Aontaithe a dhíríonn go príomha ar infheistíocht a dhéanamh i ngnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí, lena n-áirítear seirbhísí tomhaltóirí agus gnó agus seirbhísí cúraim sláinte, mar aon le seirbhísí i réimse an mhiondíola, an dáilte agus na tionsclaíochta,

Soláthraíonn ProMach réitigh innealra pacáistithe agus táirgí agus seirbhísí iarmhargaidh gaolmhara (lena n-áirítear seirbhísí innealtóireachta agus comhtháthaithe). Bíonn sé ag freastal ar mhonaróirí, idir bheag agus mhór, i limistéir gheografacha éagsúla; monaróirí i dtionscail an bhia, na ndeochanna, na cógaisíochta, an chúraim phearsanta agus na n-earraí tí agus tionsclaíocha. Faoi láthair is ar na Stáit Aontaithe agus ar Cheanada a dhíríonn ProMach ina chuid gnó, ach cuireann sé seirbhísí ar fáil sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus in áiteanna eile ar domhan freisin.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

Cás M.11151 BDT / LGP / PROMACH

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


Top