Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023M11104

    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11104 — HUTCHISON PORTS SOKHNA / GOLDEN CHANCE INVESTMENT ENTERPRISE / CMA TERMINALS / JV) Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 220/09

    PUB/2023/754

    IO C 220, 22.6.2023, p. 29–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    22.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 220/29


    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

    (Cás M.11104 — HUTCHISON PORTS SOKHNA / GOLDEN CHANCE INVESTMENT ENTERPRISE / CMA TERMINALS / JV)

    Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (2023/C 220/09)

    1.   

    An 15 Meitheamh 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

    Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

    Hutchison Port Sokhna Limited (‘HPSL’, an Ríocht Aontaithe), faoi rialú CK Hutchison Holdings Limited (‘CKHH’, Oileáin Cayman),

    Golden Chance Investment Enterprise Limited (‘Golden Chance’, Hong Cong), faoi rialú China COSCO Shipping Corporation Limited (‘COSCO’, Hong Cong),

    CMA Terminals SAS (‘CMAT’, an Fhrainc), faoi rialú CMA CGM S.A. (‘CMA CGM’, an Fhrainc),

    Cuideachta nuachruthaithe (an ‘Sprioc-chomhfhiontar’ (JV), an Ríocht Aontaithe).

    Gheobhaidh HPSL, Golden Chance agus CMAT rialú comhpháirteach indíreach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar an Sprioc-chomhfhiontar.

    Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

    2.   

    Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

    Is rannán oibriúcháin é HPSL de CKHH, forbróirí agus oibreoir tosaigh domhanda críochfort coimeádán agus soláthraí seirbhísí gaolmhara lóistíochta. Tá ceithre phríomhghnó ag CKHH: calafoirt agus seirbhísí gaolmhara, miondíol, bonneagar agus teileachumarsáid,

    Is fochuideachta é Golden Chance de COSCO, atá gníomhach mar oibreoir calafort. Ar gníomhaíochtaí COSCO tá loingseoireacht lasta, loingseoireacht, longthógáil agus deisiú long, seirbhísí bainistíochta long, innealtóireacht mhuirí, oibríochtaí críochfoirt, agus seirbhísí gaolmhara airgeadais agus TF,

    Is fochuideachta é CMAT de CMA CGM, ar cuideachta é a sholáthraíonn réimse seirbhísí a bhaineann le hiompar muirí, lena n-áirítear loingseoireacht línéir coimeádán agus seirbhísí críochfoirt calafoirt. Tá CMA CGM gníomhach chomh maith i seirbhísí seolta lasta agus lóistíochta ar conradh trína fhochuideachta ar lánúinéireacht CEVA Logistics, agus trína fhochuideachta ar lánúinéireacht CMA CGM Inland Services (CCIS) soláthraíonn sé raon teoranta seirbhísí coimhdeacha bainistíochta slabhra soláthair. Ar deireadh, sheol CMA CGM le déanaí CMA CGM Air Cargo agus thosaigh sé ag soláthar seirbhísí aeriompair lasta.

    3.   

    Déanfaidh an Sprioc-chomhfhiontar críochfort coimeádán thógáil, a fhorbairt agus a oibriú i gcalafort Ain Sokhna san Éigipt.

    4.   

    Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

    De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

    5.   

    Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

    M.11104 — HUTCHISON PORTS SOKHNA / GOLDEN CHANCE INVESTMENT ENTERPRISE / CMA TERMINALS / JV

    Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

    R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

    Seoladh poist:

    European Commission

    Directorate-General for Competition

    Merger Registry

    1049 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË


    (1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

    (2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


    Top