Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023M11042

    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11042 – BLACKROCK / AT&T / GIGAPOWER) Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 51/04

    PUB/2023/152

    IO C 51, 10.2.2023, p. 9–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    10.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 51/9


    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

    (Cás M.11042 – BLACKROCK / AT&T / GIGAPOWER)

    Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (2023/C 51/04)

    1.   

    An 1 Feabhra 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

    Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

    BlackRock, Inc. (Blackrock, Stáit Aontaithe Mheiriceá),

    AT&T Inc. (AT&T, Stáit Aontaithe Mheiriceá),

    Gigapower, LLC (Gigapower, Aontaithe Mheiriceá), atá faoi rialú AT&T.

    Gheobhaidh BlackRock agus AT&T rialú comhpháirteach ar Gigapower de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

    Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

    2.   

    Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

    Is bainisteoir infheistíochta é BlackRock. BlackRock Alternatives Management, LLC, arb é an fhochuideachta de chuid Blackrock a gheobhaidh rialú comhpháirteach ar Gigapower, rialaíonn agus bainistíonn sé cinntí infheistíochta maidir le ciste a dhíríonn ar infheistíochtaí sa slabhra luacha le haghaidh bonneagar digiteach, iompair, fuinnimh agus cumhachta.

    Is soláthraí seirbhísí cumarsáide agus teicneolaíochta é AT&T.

    3.   

    Is éard a bheidh i ngníomhaíochtaí gnó Gigapower innealtóireacht a dhéanamh ar líonraí sna Stáit Aontaithe, agus iad a thógáil, úinéireacht a ghlacadh orthu, agus iad a oibriú, agus oibriú mar mórdhíoltóir snáithín do Soláthraithe Seirbhíse Idirlín agus do ghnólachtaí eile sna Stáit Aontaithe.

    4.   

    Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

    De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

    5.   

    Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

    M.11042 – BLACKROCK / AT&T / GIGAPOWER

    Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

    Ríomhphost : COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

    Facs +32 22964301

    Seoladh poist:

    European Commission

    Directorate-General for Competition

    Merger Registry

    1049 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË


    (1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

    (2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


    Top