Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023IP0397

    P9_TA(2023)0397 — Éifeachtacht smachtbhannaí an Aontais ar an Rúis — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 maidir le héifeachtacht smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise (2023/2905(RSP))

    IO C, C/2024/2838, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2838/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2838/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/2838

    8.5.2024

    P9_TA(2023)0397

    Éifeachtacht smachtbhannaí an Aontais ar an Rúis

    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 maidir le héifeachtacht smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise (2023/2905(RSP))

    (C/2024/2838)

    Tá Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Rúis agus an Úcráin, go háirithe ó tháinig géarú ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine i mí Feabhra 2022,

    ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe,

    ag féachaint don 11 phacáiste smachtbhannaí i ndiaidh a chéile i gcoinne na Rúise a ghlac an tAontas ó mhí Feabhra 2022,

    ag féachaint do Chinneadh (AE) 2022/2332 ón gComhairle an 28 Samhain 2022 maidir le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a shainaithint mar limistéar coireachta a chomhlíonann na critéir a shonraítear in Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (1),

    ag féachaint do thuarascáil óna Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an 7 Iúil 2023 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais,

    ag féachaint do Riail 132(2) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,

    A.

    de bhrí, ón 24 Feabhra 2022, nuair a chuir an Rúis tús arís lena cogadh foghach neamhdhleathach gan chúis gan údar i gcoinne na hÚcráine, gur tháinig athrú ó bhonn ar an staid gheopholaitiúil san Eoraip; de bhrí go ndearna fórsaí na Rúise ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha ar limistéir chónaithe agus ar bhonneagar sibhialtach, inar maraíodh na mílte sibhialtach de chuid na hÚcráine, go ndearna siad saoránaigh na hÚcráine a dhíbirt go héigeantach agus a chur i bpríosún go neamhdhleathach sa Rúis agus i gcríocha atá faoi fhorghabháil na Rúise san Úcráin agus go ndearna siad gníomhartha sceimhlitheoireachta ar fud na tíre;

    B.

    de bhrí, ó rinne an Rúis ionradh iomlán ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, go bhfuil 11 phacáiste smachtbhannaí forchurtha ag AE i gcoinne na Rúise arb é is aidhm dóibh a bonn eacnamaíoch a lagú agus, ar an gcaoi sin, srian a chur lena cumas chun cogadh a fhearadh, lena n-áirítear bearta sriantacha i gcoinne beagnach 1 800 duine aonair agus eintiteas atá freagrach as an gcogadh san Úcráin nó a bhfuil baint acu leis, coisc ar go leor earraí agus seirbhísí a allmhairiú ón Rúis amhail ola agus amhábhair agus toirmeasc ar airm, trealamh míleata agus earraí dé-úsáide a onnmhairiú chuig an Rúis; de bhrí go n-áirítear leis na smachtbhannaí freisin toirmeasc ar gach idirbheart le Banc Ceannais na Rúise, na príomhbhainc Rúiseacha a eisiamh ó chóras teachtaireachtaí airgeadais SWIFT agus fionraí a dhéanamh ar tharchur agus ar dháileadh asraonta bréagaisnéise áirithe de chuid na Rúise atá faoi úinéireacht an stáit nó le tacaíocht an stáit;

    C.

    de bhrí, ina theannta sin, gur fhorchuir an Chomhairle bearta sriantacha faoi Chóras Domhanda Smachtbhannaí AE i ndáil le Cearta an Duine ar roinnt daoine aonair atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil go sealadach ag an Rúis; de bhrí gur ghlac AE smachtbhannaí breise i gcoinne na Bealarúise freisin, mar fhreagairt ar a rannpháirtíocht sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, agus ar an Iaráin, i ndáil le ladrainn Iaránacha a úsáid i gcogadh na Rúise;

    D.

    de bhrí go bhfuil dúshláin iomadúla ag baint le tionchar na smachtbhannaí a thomhas, lena n-áirítear an easpa figiúirí agus staitisticí iontaofa; de bhrí go bhfuil sé deacair tionchar smachtbhannaí AE a dheighilt ó thionchar smachtbhannaí na Stát Aontaithe agus smachtbhannaí eile, frithsmachtbhannaí na Rúise agus tionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go dtugann formhór na saineolaithe rabhadh, cé go bhfuil na smachtbhannaí ag obair, nach bhfuil a dtionchar dian go leor chun teorainn a chur le cumas na Rúise cogadh a fhearadh ar an Úcráin agus go n-iarrann siad go ndéanfar bearta breise chun raon feidhme agus forfheidhmiú na smachtbhannaí a mhéadú; de bhrí, cé go bhfuil smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise gan fasach, gur cosúil go bhfuil an tionchar ar gheilleagar na Rúise go dtí seo níos lú ná mar a tuaradh ar dtús agus go bhfuil comharthaí imníocha ann go bhfuil éifeachtacht na smachtbhannaí ag dul i léig; de bhrí, mar gheall ar na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, go bhfuil brú curtha ar na daoine atá thíos leo bealaí costasacha a lorg chun dul timpeall ar na smachtbhannaí;

    E.

    de bhrí go bhfuil caidhpeanna praghais tugtha isteach ag Ballstáit AE, in éineacht le Comhghuaillíocht na Caidhpe Praghais, ar amhola muiriompartha, ar olaí peitriliam agus ar olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis; de bhrí gur shocraigh siad na caidhpeanna praghais sin ag USD 60 in aghaidh an bhairille le haghaidh amhola, USD 45 in aghaidh an bhairille le haghaidh táirgí peitriliam lascainithe agus USD 100 in aghaidh an bhairille le haghaidh táirgí peitriliam préimhe; de bhrí go meastar i staidéir éagsúla gur thart ar USD 15 agus USD 20 atá sna costais táirgthe d’amhola na Rúise in aghaidh an bhairille; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil na caidhpeanna praghais atá ann faoi láthair fós ag cumasú brabúis shuntasacha do réimeas Putin;

    F.

    de bhrí gur tháinig laghdú 38 % ar ioncam onnmhairiúcháin ola agus gáis na Rúise idir Eanáir 2022 agus Eanáir 2023; de bhrí gur tháinig laghdú ar sciar na Rúise d’éileamh gáis na hEorpa ó 45 % in 2021, go 23 % in 2022 agus go dtí faoi bhun 10 % i mí Eanáir 2023; de bhrí, de réir tuarascálacha, go bhfuil méadú tagtha ar mhéid tháirgeadh an gháis nádúrtha leachtaithe (GNL) ón Rúis go dtí na leibhéil is airde riamh; de bhrí, in ainneoin smachtbhannaí AE ar ghual na Rúise, gur tháinig méadú 0,3 % ar tháirgeadh guail na Rúise i gcomparáid le 2021 agus gur shroich sé an leibhéal is airde riamh; de bhrí, ó thús an chogaidh, go bhfuil ioncam EUR 532 bhilliún saothraithe ag an Rúis ó onnmhairí breosla iontaise, agus gurb iad ceannacháin Bhallstáit a bhí i níos mó ná EUR 178 mbilliún de; de bhrí gurbh ionann ioncam ó acmhainní fuinnimh na Rúise agus USD 321 bhilliún in 2022 amháin;

    G.

    de bhrí gur léir ó mhí Lúnasa 2023 i leith go bhfuil bealaí nua á n-aimsiú ag an Rúis chun dul timpeall ar an uasteorainn praghsanna ar smachtbhannaí ola agus go bhfuil méadú tagtha ar phraghsanna ola na Rúise sna margaí domhanda; de bhrí go raibh an Rúis in ann onnmhairí amhola ón Eoraip a atreorú chuig margaí malartacha amhail an India, an tSín agus Türkiye; de bhrí gur tháinig ardú as cuimse ar allmhairí táirgí peitriliam ón India agus ó náisiúin eile a rinneadh le hola na Rúise, rud a chruthaigh bealach cúldoirse d’ola na Rúise agus a bhain an bonn de thionchar smachtbhannaí AE; de bhrí gur soithí atá faoi úinéireacht AE a d’iompaigh an cion is airde d’amhola na Rúise in 2022 agus in 2023 araon; de bhrí, in 2022, gurbh ionann sciar na n-ioncam ó onnmhairí acmhainní fuinnimh agus aon trian den ioncam iomlán i mbuiséad Chónaidhm na Rúise; de bhrí go bhfuil tionchar láidir ag na smachtbhannaí ar onnmhairiú acmhainní fuinnimh na Rúise ar ioncam stáit na Rúise; de bhrí, tar éis thabhairt isteach na teorann praghais ar ola i mí na Nollag 2022, go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar ioncam na Rúise ó onnmhairiú acmhainní fuinnimh i gcomparáid leis na leibhéil réamhchogaidh; de bhrí gur tháinig ioncam ola na Rúise chuige féin sa chéad leath de 2023, ag ardú go dtí an leibhéal is airde ó mhí na Samhna 2022 i leith;

    H.

    de bhrí nach bhfuil srian ar cheannach GNL na Rúise nó ola de thionscnamh na Rúise ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus, faoi láthair, go bhfuil siad i bhfad os cionn na leibhéal a chonacthas roimh mhí Feabhra 2022; de bhrí gurb í an Rúis an dara soláthróir GNL is mó atá ag AE, agus gurb iad na Stáit Aontaithe amháin atá chun tosaigh uirthi; de bhrí go bhfuil an méadú ar allmhairí GNL ón Rúis contrártha d’aidhm AE deireadh a chur lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise; de bhrí go bhfuil an Rúis fós ag saothrú thart ar EUR 690 milliún in aghaidh an lae óna honnmhairí breosla iontaise (sonraí ó mhí Lúnasa 2023); de bhrí go bhfuil AE fós ag seoladh EUR 2 bhilliún in aghaidh na míosa chuig an Rúis le haghaidh breoslaí iontaise; de bhrí, mar gheall ar allmhairí leanúnacha gáis píblíne agus GNL, chomh maith le heisceachtaí éagsúla ar na toirmisc ar allmhairiú amhola agus táirgí ola, go bhfuil AE fós ar cheann de na cliaint is mó atá ag an Rúis do bhreoslaí iontaise;

    I.

    de bhrí, de réir fhigiúirí oifigiúla na Rúise, gur líomhnaíodh nár tháinig ach laghdú 2,1 % ar gheilleagar na Rúise in 2022, ar laghdú é atá i bhfad níos lú ná mar a bhíothas ag dréim leis in ainneoin a cogaidh foghaidh i gcoinne na hÚcráine agus na smachtbhannaí idirnáisiúnta; de bhrí go measann an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ar bhonn fhigiúirí oifigiúla na Rúise, go dtiocfaidh fás 2,2 % ar gheilleagar na Rúise in 2023 agus 1,1 % in 2024; de bhrí gur fhógair an Rúis go ndéanfaí méadú beagnach 70 % ar a buiséad cosanta in 2024 agus go sroichfeadh sé EUR 107 mbilliún, nó 6 % de OTI (suas ó EUR 63 billiún, nó 3,9 % de OTI, in 2023);

    J.

    de bhrí, mar sin féin, an 1 Samhain 2023, gur iarr Uachtarán na Rúise ar oifigigh aghaidh a thabhairt ar shaincheist an bhoilscithe ard, ag tabhairt rabhaidh go raibh ar gheilleagar na Rúise dul i ngleic le brú méadaithe ó smachtbhannaí an Iarthair; de bhrí go bhfuil an boilsciú fós ard sa Rúis, agus é ag dul in airde de réir mar atá an geilleagar ag dul i ngleic le rúbal níos laige agus caiteachas míleata ar an ionsaí san Úcráin, ar caiteachas é atá ag méadú;

    K.

    de bhrí go bhfuil laghdú tagtha ar allmhairí AE ón Rúis ó mhí Feabhra 2022; de bhrí, in ainneoin na smachtbhannaí, gurb amhlaidh a mhéadaigh roinnt Ballstát trádáil leis an Rúis ó mhí Feabhra 2022 i leith;

    L.

    de bhrí go dtairbhíonn roinnt cuideachtaí AE de mhaoluithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (2) agus, dá bhrí sin, go leanann siad de ghníomhaíochtaí gnó a dhéanamh le heintitis Rúiseacha atá faoi smachtbhannaí airgeadais agus trádála; de bhrí go mbaineann an inniúlacht chun maoluithe a dheonú leis na húdaráis náisiúnta agus nach gcuirtear institiúidí AE ar an eolas ach faoi na maoluithe a dheonaítear, gan an cumas cur ina gcoinne; de bhrí nach bhfuil rochtain ag an bParlaimint ná ag institiúidí eile ar an bhfaisnéis bhunriachtanach sin; de bhrí, leis an gcleachtas maolaithe sin, go laghdaítear go mór an tionchar inmhianaithe atá ag smachtbhannaí AE, agus ar an gcaoi sin go mbaintear a éifeachtacht agus a chreidiúnacht de cheann de phríomhuirlisí bheartas eachtrach AE;

    M.

    de bhrí, mar iarracht chun cur i gcoinne na smachtbhannaí, go bhfuil an Rúis tar éis dul i muinín tíortha nach bhfuil ag cur smachtbhannaí uirthi, chun teicneolaíocht agus táirgí eile a lorg; de bhrí gur cuireadh bac ar thionchar smachtbhannaí AE ar an Rúis, mar gheall ar an gcaidreamh níos dlúithe idir an Rúis agus an tSín, ó thaobh trádáil fuinnimh agus earraí dé-úsáide araon, chomh maith le tacaíocht taidhleoireachta agus straitéiseach; de bhrí gur baineadh amach an leibhéal trádála is airde riamh a bhí ag an Rúis leis an tSín in 2022 agus 2023; de bhrí go bhfuil an tSín ina foinse anois do thart ar leath d’allmhairí na Rúise, ar méadú é sin ón gceathrú cuid díobh roimh an gcogadh; de bhrí go bhfuil méadú suntasach tagtha freisin ar mhéid trádála na Rúise leis an India agus le Türkiye;

    N.

    de bhrí go bhfuil sé léirithe ag roinnt anailísí ar armra gafa na Rúise go bhfuil an Rúis ag leanúint de chomhpháirteanna criticiúla an Iarthair a allmhairiú mar gheall ar a cumas soláthróirí malartacha agus bealaí malartacha a aimsiú agus go bhfuil méadú ag teacht ar allmhairí príomhearraí amhail leathsheoltóirí, atá ardaithe fiú os cionn na leibhéal a bhí ann roimh na smachtbhannaí; de bhrí go bhfuil roinnt tíortha nach bhfuil ag cur smachtbhannaí uirthi amhail an tSín, Türkiye, Aontas fir1 na nÉimíríochtaí Arabacha, an Chasacstáin, an Chirgeastáin, roinnt tíortha ón gCugas Theas agus an tSeirbia anois ina moil trína ndéanann eintitis Rúiseacha na táirgí a allmhairíonn siad ón Aontas i dtreo na Rúise a athródú nó bealaí malartacha a sholáthar chun earraí dé-úsáide agus teicneolaíocht agus trealamh de dhéantús eachtrach a allmhairiú;

    O.

    de bhrí, i mí na Nollag 2022, gur cheap an tAontas David O’Sullivan ina Thoscaire Speisialta Idirnáisiúnta um Chur Chun Feidhme Smachtbhannaí AE; de bhrí gur áiríodh uirlis shonrach frith-imchéimniúcháin sa phacáiste smachtbhannaí is déanaí a glacadh i mí an Mheithimh 2023;

    P.

    de bhrí nach bhfuil Rosatom agus earnáil fuinnimh núicléach na Rúise curtha san áireamh fós sna pacáistí smachtbhannaí; de bhrí go raibh Rosatom, trína fhochuideachtaí, ag soláthar allmhairí criticiúla teicneolaíochtaí agus ábhar don choimpléasc míleata-tionsclaíoch de chuid na Rúise; de bhrí, le linn 2022-2023, go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag na Ballstáit maidir lena spleáchas ar thionscal núicléach na Rúise a laghdú;

    Q.

    de bhrí gur thíolaic an Coimisiún, an 2 Nollaig 2022, togra le haghaidh treoir maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais (3), d’fhonn imscrúdú, ionchúiseamh agus pionósú sáruithe ar smachtbhannaí AE a éascú i ngach Ballstát;

    R.

    de bhrí go mbíonn daoine de chuid shochaí shibhialta na Rúise agus daoine de lucht freasúra na Rúise atá ar deoraíocht in AE ag streachailt leis an tionchar díréireach atá ag roinnt de na smachtbhannaí ar a saol laethúil ar bhealach nach bhfreagraíonn don chuspóir atá á shaothrú ag beartas smachtbhannaí AE ach a bhaineann an bonn ó inchreidteacht AE;

    1.

    á athdhearbhú go gcáineann sí, go neamhbhalbh, cogadh foghach neamhdhleathach na Rúise gan chúis agus gan údar i gcoinne na hÚcráine agus rannpháirtíocht réimeas Lukashenka sa Bhealarúis; ag athdhearbhú a hiarrata ar an Rúis deireadh a chur láithreach leis na gníomhaíochtaí míleata uile san Úcráin agus gach fórsa agus trealamh míleata a tharraingt siar gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta, deireadh a chur le díbirt éigeantach shibhialtaigh na hÚcráine agus gach Úcránach atá faoi choinneáil agus a díbríodh a scaoileadh saor, go háirithe leanaí;

    2.

    á chur i bhfios go láidir gurb é cuspóir smachtbhannaí AE mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine bonn eacnamaíoch agus tionsclaíoch na Rúise a lagú go straitéiseach, go háirithe an coimpléasc tionsclaíoch míleata, chun an bonn a bhaint ó chumas Chónaidhm na Rúise leanúint den chogadh, d’ionsaí a dhéanamh ar an bpobal sibhialtach agus d’iomláine chríochach na hÚcráine a shárú, agus chun bac a chur ar rochtain na Rúise ar theicneolaíochtaí agus comhpháirteanna míleata agus chun díriú ar scothaicmí polaitiúla agus eacnamaíocha na Rúise chun an bonn a bhaint óna dtacaíocht don réimeas;

    3.

    á mheabhrú go mbraitheann éifeachtacht smachtbhannaí idirnáisiúnta ar dhaingne, comhtháthú, comhar, macántacht agus urraim do ghealltanais na stát a ghlac iad; á iarraidh ar na Ballstáit sócmhainní eachtracha Rúiseacha atá á gcoinneáil ina ndlínsí a shainaithint go soiléir agus a áirithiú go ndéanfar iad a bhaint go héifeachtach chun nach mbeidh rochtain ag eintitis Rúiseacha orthu; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le cur chuige níos comhchuibhithe agus le trédhearcacht níos fearr maidir le suíomh agus méideanna na sócmhainní reoite a thuairisciú;

    4.

    á chur i bhfios go láidir, ós rud é gur ionstraim beartais eachtraigh iad smachtbhannaí AE ar an Rúis, a bhfuil sé mar aidhm léi deireadh a chur le cogadh neamhdhleathach, go bhféadfaí imchéimniú na srianta onnmhairiúcháin sin ar earraí atá criticiúil ó thaobh an chogaidh de, i gcásanna tromchúiseacha áirithe, a mheas agus a ionchúiseamh mar chomhpháirteachas i gcoireanna cogaidh na Rúise;

    5.

    á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit maoirseacht ar chur chun feidhme smachtbhannaí a threisiú agus a lárú, ar leibhéal AE, agus sásra um chosc ar imchéimniú smachtbhannaí agus um fhaireachán smachtbhannaí a fhorbairt chun teorainn a chur le cumas na Rúise smachtbhannaí a imchéimniú; á iarraidh ar údaráis na mBallstát comhoibriú níos dlúithe le chéile maidir le himscrúduithe ar sháruithe ar smachtbhannaí agus ar imchéimniú smachtbhannaí agus iarmhairtí na sáruithe sin a léiriú trí sháruithe ar smachtbhannaí AE a chosc agus/nó a ionchúiseamh go dinimiciúil agus go tréan; á iarraidh, i ndáil leis sin, go dtiocfadh institiúidí AE ar chomhaontú tapa maidir le treoir uaillmhianach i ndáil leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais; á chur i bhfios go láidir gur cheart go leanfadh pionóis de bheith comhréireach ach go mbeidís ard go leor freisin chun éifeacht dhíspreagthach a bheith acu; á iarraidh ar an gComhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh lena leathnaítear cumhachtaí Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh chun coir an tsáraithe ar bhearta sriantacha an Aontais a chur san áireamh, lena gceadófaí comhchuibhiú níos fearr agus ionchúiseamh comhsheasmhach agus aonfhoirmeach na gcoireanna sin ar fud an Aontais;

    6.

    á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an trádáil leanúnach earraí atá criticiúil ó thaobh an chogaidh de idir Ballstáit agus an Rúis; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil cultúr comhlíonta maidir leis an rialacha a bhaineann le smachtbhannaí AE ar an Rúis go mór in easnamh; ag cáineadh an chleachtais lena ndíoltar earraí ón Aontas atá faoi smachtbhannaí le cuideachtaí nó le daoine aonair ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus lena seoltar go díreach ó AE chuig an Rúis iad ina dhiaidh sin; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit córais a chur ar bun trínar féidir faisnéis maidir le hidirbhearta a roinnt ar bhealach níos éifeachtaí chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiú na smachtbhannaí a bhaineann le hearraí míleata agus earraí dé-úsáide; á iarraidh ar údaráis na mBallstát an fhaisnéis agus an cúnamh is gá a chur ar fáil do chuideachtaí chun feabhas a chur ar chomhlíonadh smachtbhannaí AE agus chun dul i dteagmháil leis na cuideachtaí a bhfuil a dtáirgí á n-onnmhairiú chuig an Rúis chun an baol go sárófaí rialuithe onnmhairiúcháin i ngan fhios dóibh féin a íoslaghdú; á iarraidh ar na Ballstáit imscrúdú críochnúil a dhéanamh ar chomhlíonadh srianta onnmhairiúcháin ag cuideachtaí ar earraí liostaithe agus pionóis athchomhairleacha a fhorchur;

    7.

    á iarraidh ar na Ballstáit rialuithe onnmhairiúcháin a leathnú chun níos mó catagóirí earraí a chumhdach, chun rialuithe onnmhairiúcháin a ailíniú ar fud dlínsí agus chun bearta a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach chun bealaí éalaithe a dhúnadh; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit bearta ar leith a dhéanamh chun cosc a chur ar tháirgí ardteicneolaíochta atá á n-onnmhairiú chuig tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad críochnú sa Rúis, agus faireachán leanúnach a dhéanamh ar fhorbairtí chun an chaoi a n-oibríonn scéimeanna imchéimnithe smachtbhannaí a shainaithint agus chun na córais smachtbhannaí a oiriúnú dá réir;

    8.

    ag tathant ar chuideachtaí ón Aontas, ó thíortha is iarrthóirí AE agus ó thíortha is iarrthóirí ionchasacha a gcuid oibríochtaí a tharraingt siar ón Rúis agus dícheall ar leith a dhéanamh nuair atá earraí á n-onnmhairiú acu a bhfuil toirmeasc orthu a onnmhairiú chuig an Rúis; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór go mbeadh cuideachtaí AE agus a bhfochuideachtaí a mheastar a bheith ag sárú bhearta sriantacha AE neamh-incháilithe do chistiú, lena n-áirítear le haghaidh tairiscintí agus cineálacha eile cistiúcháin mar chuid den tSaoráid don Úcráin agus de chláir atógála eile san Úcráin; á mheas nár cheart go mbainfeadh na cuideachtaí a úsáideann maoluithe ar chur i bhfeidhm smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise, agus, dá réir sin, a choinníonn gníomhaíochtaí gnó leis an Rúis, tairbhe as aon chistí AE, as cúnamh teicniúil ná as rannpháirtíocht i dtionscadail arna gcistiú ag AE; á mheas gur cheart na cuideachtaí sin a chur go huathoibríoch ar an gCóras Luathbhraite agus Eisiaimh agus gur cheart a stádas ar uirlis scórála riosca Arachne a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin; á chreidiúint gur cheart feidhm a bheith ag an bprionsabal céanna, mutatis mutandis, maidir le soláthar poiblí, nár cheart, faoina réir, cead a thabhairt do ranna rialtais ná d’údaráis áitiúla obair, earraí nó seirbhísí a cheannach ó chuideachtaí de mhaolú ar smachtbhannaí AE faoi Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle;

    9.

    á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar chumarsáid straitéiseach AE maidir le smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise, agus bréagaisnéis faoi na smachtbhannaí sin a chomhrac; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur leis na hiarrachtaí chun an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi bhearta sriantacha AE i gcoinne na Rúise, go háirithe a gcuspóir, agus leas a bhaint, ina leith sin, as taithí Toscaire Smachtbhannaí an Aontais maidir le cur ina luí ar chomhpháirtithe idirnáisiúnta, ar eagraíochtaí agus ar phríomhthionscail an gá atá le cosc a chur ar imchéimniú iarrachtaí arb é is aidhm dóibh laghdú a dhéanamh ar an ioncam atá ar fáil chun leanúint de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

    10.

    ag tathant ar gach tír is iarrthóir agus ar gach tír is iarrthóir ionchasach ar aontachas AE ailíniú docht a dhéanamh le smachtbhannaí AE i gcoinne chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine mar chomhartha ar a n-ullmhacht chun oibleagáidí bhallraíocht AE a ghlacadh;

    11.

    ag cáineadh iompar na stát, na soláthraithe seirbhísí dlí, na n-eintiteas eile agus na ndaoine aonair a chuidíonn leis an Rúis chun éifeachtaí smachtbhannaí AE a sheachaint; á mheabhrú gurb ionann sárú na smachtbhannaí agus coir ar leibhéal AE é, agus go bhfuil tionchar tromchúiseach aige ar leasanna airgeadais AE; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar institiúidí AE, lena n-áirítear Toscaire Smachtbhannaí an Aontais , dlús a chur lena gcuid oibre chun seachaint agus teacht timpeall smachtbhannaí AE ar an Rúis a theorannú, lena mbaintear an bonn go mór ó éifeachtacht smachtbhannaí AE agus lena gcuirtear bac ar iarrachtaí idirnáisiúnta chun deireadh a chur leis an gcogadh; á chur i bhfáth nach mór na sócmhainní a coigistíodh mar thoradh ar shárú ar smachtbhanna a úsáid chun íospartaigh ionsaí na Rúise a chúiteamh, agus chun an bonneagar a atógáil agus a athchóiriú faoi Shaoráid na hÚcráine; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit athmheasúnú a dhéanamh ar a gcaidreamh le tíortha nach ndéanann iarrachtaí leordhóthanacha chun imghabháil agus imchéimniú smachtbhannaí AE ar an Rúis a theorannú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cúnamh airgeadais a thugtar do na tíortha sin agus aon rochtain fhabhrach ar mhargaí AE; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuairiscí go bhfuil ceilteanas á dhéanamh ag an Asarbaiseáin agus tíortha eile maidir le gás ón Rúis; ag tathant ar AE agus a Bhallstáit úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil chun a chur ina luí ar rialtas na hAsarbaiseáine scor de bheith i gclaonpháirt le réimeas na Rúise;

    12.

    á iarraidh ar institiúidí AE agus na Ballstáit uile rannchuidiú go gníomhach le haontacht maidir le smachtbhannaí a choinneáil agus á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí foráil chórasach do thréimhsí athnuachana do gach córas smachtbhannaí a bhaineann le gníomhaíochtaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar feadh tréimhse nach lú ná dhá mhí dhéag agus tuilleadh pacáistí smachtbhannaí a ghlacadh a mbeidh sé mar aidhm leo teorainn a chur go straitéiseach ar chumas na Rúise a feachtas cogaidh a mhaoiniú; ag tacú leis an Ardionadaí leanúint de bheith ag rannchuidiú le haontacht fhadtéarmach agus le héifeachtacht mhéadaithe trí leas cuí a bhaint as a cheart chun tograí a thíolacadh;

    13.

    á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a léirmhíniú ar smachtbhannaí as a n-eascraíonn urghabháil agus coigistiú earraí agus feithiclí le haghaidh úsáid phearsanta amháin; á chur i bhfáth go mbaintear an bonn ó sprioc agus ionstraim na smachtbhannaí leis an ró-chomhlíonadh sin;

    14.

    á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit comhordú a neartú agus a mhéadú maidir le forfheidhmiú na smachtbhannaí atá ann cheana ar onnmhairí ola na Rúise; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit margadh AE do bhreoslaí iontaise de thionscnamh na Rúise a dhúnadh go hiomlán; á iarraidh go ndéanfaí tástáil chomhchuibhithe ar thionscnamh allmhairí breoslaí iontaise, GNL agus breosla iontaise scagtha chun cosc a chur ar athonnmhairiú fhuinneamh na Rúise chuig AE;

    15.

    á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit oibriú le G7 chun an chaidhp phraghais ar ola na Rúise agus ar tháirgí peitriliam a ísliú go substaintiúil, toirmeasc iomlán a fhorchur ar allmhairí GNL agus GPL na Rúise isteach san Aontas agus ar allmhairiú breosla agus táirgí peitriliam eile ó thíortha nach bhfuil san Aontas más rud é gur táirgeadh na táirgí sin trí úsáid a bhaint as ola na Rúise agus toirmeasc a chur ar loingsiú onnmhairí ola na Rúise agus GNL trí chríoch AE; á iarraidh ar AE uasteorainneacha praghais agus méide a thabhairt isteach ar allmhairí leasacháin ón Rúis agus ón mBealarúis isteach san Aontas;

    16.

    á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit smachtbhannaí a fhorchur ar phríomhchuideachtaí ola uile na Rúise, ar Gazprombank, ar a bhfochuideachtaí agus ar a mboird agus a mbainistíocht; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise ar allmhairí alúmanaim a leathnú agus smachtbhannaí a thabhairt isteach i gcoinne thionscadal Arctic-2 GNL; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit srian ar sheirbhísí tancaer agus trádbhac ar dhíol tancaer leis an Rúis a mholadh, chomh maith le srian ar sheirbhísí árachais Eorpacha do thancaeir má úsáidtear iad sin chun ola na Rúise a onnmhairiú; á iarraidh ar thíortha Chomhghuaillíocht na Caidhpe Praghais toirmeasc a chur ar thrasloingsiú ola agus GNL na Rúise trína n-uiscí críochacha agus trína limistéir eacnamaíocha eisiacha; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit forfheidhmiú na caidhpe praghais ar ola agus comhlíonadh caidhpe praghais a neartú, go háirithe trína cheangal nach féidir fianuithe praghais le haghaidh lastaí ola Rúiseacha a eisiúint ach amháin ag liosta bán de thrádálaithe formheasta agus trína cheangal ar gach tancaer atá ar idirthuras ar uiscí teorann na hEorpa a fhíorú go bhfuil árachas leordhóthanach doirte ola (‘P&I’) acu;

    17.

    á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go ndéanfaí na smachtbhannaí a leathnú chun toirmeasc iomlán ar mhargú agus gearradh diamant de thionscnamh na Rúise nó arna n-athonnmhairiú ag an Rúis in AE a áireamh; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit smachtbhannaí a fhorchur ar an gcuideachta Alrosa atá faoi úinéireacht stáit agus córais a thabhairt isteach ar an iomlán chun tionscnamh na ndiamant a rianú bunaithe ar theicneolaíochtaí nua;

    18.

    á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit deireadh a chur a luaithe is féidir leis an gcomhar le Rosatom, a cheannairí agus a fhochuideachtaí, agus an comhar sin a laghdú go dtí an méid a bhfuil fíorghá leis ar mhaithe le slándáil fuinnimh an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Ghníomhaireacht Soláthair Euratom scrúdú a dhéanamh ar an gcomhar reatha le Rosatom agus tacaíocht a chur ar fáil chun roghanna malartacha féideartha a chur in ionad bhreosla, páirteanna spártha agus seirbhísí na Rúise, agus taithí rathúil na hÚcráine á cur san áireamh; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit cosc a chur ar shoithí de chuid fhochuideachta Rosatom Atomflot dul isteach i gcalafoirt AE agus an brú idirnáisiúnta a threisiú chun deireadh a chur le forghabháil Ghléasra Cumhachta Núicléiche (NPP) Zaporizhya agus sábháilteacht gléasraí cumhachta núicléiche atá buailte ag coinbhleacht a áirithiú ar bhonn níos leithne; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit toirmeasc a chur ar tháirgí núicléacha na Rúise a allmhairiú;

    19.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an Rúis in ann líon suntasach de na comhpháirteanna ríomhaireachta is gá a fháil chun diúracáin bhalaistíocha agus chúrsála a tháirgeadh trína clár spáis (Roscosmos) a úsáid mar mhodh chun teicneolaíochtaí a fháil ar teicnolaíochtaí iad a bhfuil feidhmeanna sibhialta agus míleata araon leo; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit scor láithreach de na comhpháirteanna sin a sheachadadh chuig an Rúis agus bearta breise a ghlacadh a chuirfeadh isteach tuilleadh ar shlabhra soláthair míleata na Rúise agus a dhíreodh ar ghníomhaithe seachtracha atá ag iarraidh tacú le hiarracht chogaidh na Rúise, lena n-áirítear trí ladrainn agus diúracáin a tháirgeadh;

    20.

    á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit bealaí dlíthiúla a aimsiú lena gceadaítear sócmhainní Rúiseacha calctha a choigistiú agus lena n-úsáid maidir le hatógáil na hÚcráine agus cúiteamh d’íospartaigh ionsaí na Rúise; á chur in iúl gur geal léi an fógra ó Rialtas na Beilge maidir le cáin a ghearradh ar na fáltais a fhaightear ó na sócmhainní doghluaiste atá faoi úinéireacht na Rúise atá i seilbh Euroclear;

    21.

    á iarraidh go ndéanfar na bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise a ailíniú go hiomlán leo siúd atá i bhfeidhm i gcoinne na Rúise faoi láthair toisc go bhfuil réimeas Lukashenka comhpháirteach go mór i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

    22.

    á iarraidh ar SEGS, i gcomhar leis an gCoimisiún, athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar smachtbhannaí AE i gcoinne chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus tograí a thíolacadh maidir le conas tuilleadh feabhais a chur ar ullmhú, cothabháil, forfheidhmiú agus cur chun feidhme smachtbhannaí AE, agus ar chomhordú smachtbhannaí AE le comhghuaillithe trasatlantacha, comhpháirtithe G7 agus G20, comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo, agus comhaltaí na Náisiún Aontaithe i gcoitinne; ag athdhearbhú a seasaimh maidir le comhar láidir trasatlantach a chothabháil idir AE agus na Stáit Aontaithe maidir le smachtbhannaí, lena gcuirtear deireadh le haon lúb ar lár a d’fhéadfadh a chur ar chumas na Rúise smachtbhannaí a sheachaint agus rialuithe onnmhairiúcháin a chuíchóiriú;

    23.

    á iarraidh ar an gComhairle dlús a chur lena cuid oibre chun teacht ar chomhaontú maidir leis an rialachán atá beartaithe maidir le bearta sriantacha i gcoinne gníomhartha tromchúiseacha éillithe a ghlacadh go pras; á iarraidh ar an gComhairle smachtbhannaí a fhorchur go mear faoin gcóras nua sin ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá freagrach as gníomhartha éillithe i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus arb é is aidhm dóibh tacú le réimeas na Rúise;

    24.

    á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún trédhearcacht agus gairmiúlacht a mhéadú maidir leis an mbealach ina ndéantar daoine a shainaithint ar cheart díriú orthu nó iad a scaoileadh ó smachtbhannaí pearsanta; á athdhearbhú go ndéantar dochar leis an modus operandi reatha do chlú an chórais smachtbhannaí atá ann faoi láthair;

    25.

    á thabhairt chun suntais, leis na teorainneacha ar éifeachtacht na smachtbhannaí, go leagtar béim ar an ngá atá le cur chuige níos cuimsithí i leith na Rúise; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí smachtbhannaí AE i gcoinne chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a leabú i straitéis chuimsitheach pholaitiúil agus taidhleoireachta i leith na Rúise lena n-áirítear freisin tacaíocht d’fhreasúra na Rúise atá ar deoraíocht, don tsochaí shibhialta agus do na meáin neamhspleácha agus d’iriseoirí neamhspleácha atá i gcoinne an chogaidh, do chomhordú le comhpháirtithe idirnáisiúnta maidir le cur isteach na Rúise ar phróisis dhaonlathacha agus ar choinbhleachtaí idirnáisiúnta a chomhrac, agus do chomhar iltaobhach éifeachtach chun bac nó mí-úsáid na Rúise ar institiúidí nó sásraí iltaobhacha a fhritháireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit maolú a dhéanamh ar na hiarmhairtí diúltacha d’ionadaithe de chuid shochaí shibhialta na Rúise agus na Bealarúise agus d’ionadaithe de lucht freasúra na Rúise agus na Bealarúise atá ar deoraíocht, ós rud é nach rannchuidíonn na hiarmhairtí sin le cuspóir sonraithe na smachtbhannaí a bhaint amach, eadhon teorainn a chur le cumas na Rúise a cogadh foghach a fhearadh ar an Úcráin;

    26.

    á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an Uachtarán, chuig rialtas agus Verkhovna Rada na hÚcráine, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus chuig údaráis na Rúise agus na Bealarúise.


    (1)   IO L 308, 29.11.2022, lch. 18.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6).

    (3)  Togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais (COM(2022)0684).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2838/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top