Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023IP0396

    P9_TA(2023)0396 — Neartú a dhéanamh ar an gceart chun bheith rannpháirteach: dlisteanacht agus athléimneacht na bpróiseas toghchánach i gcórais pholaitiúla neamhliobrálacha agus i réimis fhorlámhacha — Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an gceart chun páirt a ghlacadh a neartú: dlisteanacht agus athléimneacht na bpróiseas toghcháin i gcórais pholaitiúla neamhliobrálacha agus i réimis fhorlámhacha (2022/2154(INI))

    IO C, C/2024/2837, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2837/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2837/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/2837

    8.5.2024

    P9_TA(2023)0396

    Neartú a dhéanamh ar an gceart chun bheith rannpháirteach: dlisteanacht agus athléimneacht na bpróiseas toghchánach i gcórais pholaitiúla neamhliobrálacha agus i réimis fhorlámhacha

    Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an gceart chun páirt a ghlacadh a neartú: dlisteanacht agus athléimneacht na bpróiseas toghcháin i gcórais pholaitiúla neamhliobrálacha agus i réimis fhorlámhacha (2022/2154(INI))

    (C/2024/2837)

    Tá Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, go háirithe Airteagal 21(3) de,

    ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus Barúil Ghinearálta Uimh. 25 a ghabhann leis maidir leis an gceart chun páirt a ghlacadh i ngnóthaí poiblí, cearta vótála agus an ceart chun rochtana comhionainne ar sheirbhís phoiblí,

    ag féachaint d’Airteagal 3 den Chéad Phrótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint,

    ag féachaint d’Airteagal 5(c) den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú,

    ag féachaint d’Airteagal 7(a) den Choinbhinsiún maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú,

    ag féachaint do Dhearbhú Prionsabal na Náisiún Aontaithe maidir le Breathnóireacht Idirnáisiúnta Toghchán,

    ag féachaint don Dearbhú Prionsabal Domhanda maidir le Breathnóireacht agus Faireachán Toghchán Neamhpháirtíoch ag Eagraíochtaí Saoránach, arna fhormhuiniú ag roinnt líonraí faireacháin toghcháin, lena n-áirítear Líonra Domhanda na Luchtanna Faireacháin Toghcháin Baile,

    ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2000 maidir le cúnamh agus breathnóireacht toghcháin AE (COM(2000)0191),

    ag féachaint do Threoirlínte na Náisiún Aontaithe do Stáit maidir leis an gceart chun páirt a ghlacadh i ngnóthaí poiblí a chur chun feidhme go héifeachtach,

    ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 25 Márta 2020 dar teideal ‘ EU Action Plan on Human Rights and Democracy 2020-2024’ [Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024] (JOIN(2020)0005),

    ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0323/2023),

    A.

    de bhrí gur cearta bunúsacha, a aithnítear go hidirnáisiúnta iad na cearta ag saoránaigh chun páirt a ghlacadh i mbainistiú gnóthaí poiblí, lena n-áirítear an ceart chun vótáil, chun seasamh agus chun bheith tofa i dtoghcháin dhaonlathacha atá saor, trédhearcach, infhíoraithe, tréimhsiúil agus dílis;

    B.

    de bhrí go luaitear in Airteagal 21 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine go bhfuil sé de cheart ag gach duine páirt a ghlacadh i rialtas a dtíre agus nach mór toil an phobail, a chuirtear in iúl trí thoghcháin thréimhsiúla, dhílse agus uilíocha, a bheith mar bhonn ag an rialtas; de bhrí go n-athdhearbhaítear an teachtaireacht sin in Airteagal 25 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;

    C.

    de bhrí go luaitear in Airteagal 5(c) den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú go ngeallann Stáit is Páirtithe idirdhealú ciníoch de gach cineál a thoirmeasc agus a dhíothú agus an ceart atá ag gach duine a ráthú, gan idirdhealú maidir le cine, dath, nó bunadh náisiúnta nó eitneach, cearta polaitiúla a theachtadh go cothrom os comhair an dlí, go háirithe an ceart chun páirt a ghlacadh i dtoghcháin, chun vótáil agus chun seasamh i dtoghchán; de bhrí, mar sin féin, go bhfuil dúshláin bhreise agus idirdhealú roimh roinnt grúpaí sóisialta amhail mionlaigh, daoine faoi mhíchumas, neamhchónaitheoirí agus pobail gan dídean;

    D.

    de bhrí, de réir Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine, go bhfuil dlúthbhaint ag an gceart chun páirt a ghlacadh i dtoghcháin shaora agus chóra le cearta bunúsacha eile; de bhrí chun go ndéanfaí an ceart vótála agus an ceart chun bheith tofa a fheidhmiú i ndáiríre, ní mór timpeallacht a bheith i réim ina ndéanann an uile dhuine cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha a urramú agus a theachtadh, lena n-áirítear an ceart chun comhionannais agus an ceart chun neamh-idirdhealú, an ceart chun oideachais, an ceart chun saoirse tuairimíochta agus an ceart chun tuairimí a nochtadh, an ceart chun saoirse comhthionóil shíochánta agus chun saoirse comhlachais, an ceart chun saoirse reiligiúin nó creidimh, an ceart chun slándála, an ceart chun leighis éifeachtaigh; de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht na mban ríthábhachtach chun saorthoghcháin chóra a ráthú;

    E.

    de bhrí go bhfuil daonlathais liobrálacha seanbhunaithe ar fud an domhain ag teacht ar threochtaí a bhfuiltear buartha fúthu maidir le meathlú ar a struchtúir dhaonlathacha, as a n-eascraíonn cúlú daonlathach agus uathlathú, mar a léirítear leis an méadú ar an neamhliobrálachas, leibhéil rannpháirtíochta i dtoghcháin atá ag laghdú, díomá atá ag dul i méid faoi pháirtithe polaitiúla agus ceannaireacht phríomhshrutha, agus fás na bpáirtithe antoisceacha; de bhrí, leis an bhfuathchaint mhéadaitheach a chuireann na páirtithe antoisceacha sin chun cinn agus lena ndírítear ar phobail leochaileacha, lena n-áirítear mionlaigh eitneacha agus imircigh, go gcruthaítear timpeallacht foréigin agus go gcuirtear cosc ar na dálaí is gá do dhaoine a gceart ar rannpháirtíocht pholaitiúil a fheidhmiú; de bhrí go bhfuil na treochtaí maidir le creimeadh bhunphrionsabail an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe, ar ábhar imní iad, ag géarú go mór faoi láthair mar gheall ar chogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

    F.

    de bhrí gur gné fhíor-riachtanach den rialachas cuimsitheach cuntasach iad fíorthoghcháin dhaonlathacha, toisc go dtugann siad sainordú do na húdaráis ó na saoránaigh;

    G.

    de bhrí, de réir Freedom House, go bhfuil 80 % de dhaoine ina gcónaí i dtíortha nach bhfuil saor nó atá saor go páirteach, a chuireann teorainn lena gcearta bunúsacha daonna; de bhrí go bhfuil níos mó ná aon trian den daonra domhanda faoi riail fhorlámhach;

    H.

    de bhrí go gcuirtear bac ar an gceart chun páirt a ghlacadh i bhfíorthoghcháin i réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha, i measc nithe eile, trí bhacainní dlíthiúla agus riaracháin a chruthú lena gcuirtear cosc ar thoil na ndaoine a léiriú, laghdú ar an spás don tsochaí shibhialta, imeaglú vótálaithe agus toghcháin bhréige a sheoladh agus é mar aidhm leo cumhacht na réimeas a dhaingniú; de bhrí nach bhfuil na toghcháin sin saor, trédhearcach, infhíoraithe, iolraíoch ná cóir, nach bhfuil fíoriomaíocht pholaitiúil i gceist leo agus go gcuireann siad srianta míchuí ar an gceart chun vótála, chun seasamh i dtoghchán agus chun bheith tofa; de bhrí gur uirlisí iad freisin dícháiliúcháin iarrthóirí freasúra atá treallach agus cumtha ar chúiseanna dar siocair an pholaitíocht arna n-úsáid ag réimis uathlathacha de ghnáth chun cur isteach ar phróisis toghcháin;

    I.

    de bhrí go bhfuil córais uathlathacha agus neamhliobrálacha ag éirí níos géire de réir a chéile ina léirítear a dtoghcháin neamhdhaonlathacha mar fhíorthoghcháin chun dlisteanacht idirnáisiúnta agus intíre a bhaint amach, rud nach bhfuil údar leis mar gheall ar sheoladh neamhdhaonlathach na dtoghchán; de bhrí go n-úsáidtear an dlisteanacht sin ar bhonn intíre chun comhlíonadh agus tacaíocht na ndaoine don réimeas agus dá cheart chun rialú a dhéanamh, agus chun aon fhreasúra i gcoinne an réimis a laghdú agus a neamhdhlisteanú;

    J.

    de bhrí gur cheart do AE aird ar leith a thabhairt agus rogha á déanamh acu faoin áit ina ndéanfaidh siad breathnóireacht ar thoghcháin ionas nach measfaí é a bheith ina fhórsa dlisteanaithe a thacaíonn le torthaí toghchán neamhdhaonlathach;

    K.

    de bhrí go gcumasaítear straitéisí dlisteanaithe na réimeas sin le lagú neamhspleáchas na mbreithiúna agus an smachta reachta agus leis an gcúlú daonlathach foriomlán i réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le seiceálacha éifeachtacha ar fhorfheidhmiú dlíthe diansmachtúla, ar rialú na meán agus ar chur isteach urchóideach ar bhealaí cumarsáide digiteacha;

    L.

    de bhrí gur comhpháirteanna ríthábhachtacha den cheart chun saoirse tuairimí a nochtadh agus chun faisnéis a fháil iad saoirse agus iolrachas na meán, chomh maith le cumasóirí na sochaithe daonlathacha, saora agus rannpháirteacha; de bhrí go bhfuil trédhearcacht úinéireacht agus chistiú na meán agus coimircí chun iolrachas na meán a áirithiú agus chun an riosca go mbeadh comhchruinniú cumhachta sna meáin, oibreoirí ardán agus idirghabhálaithe idirlín bunriachtanach chun go gcomhlíonfaidh na meáin a ról; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag saoránaigh ar fhaisnéis neamhspleách agus iontaofa; de bhrí go gcruthaíonn scaipeadh na faisnéise bréagaí, na bolscaireachta agus na bréagaisnéise timpeallacht sceipteachais dhomhanda a chuireann saoirse faisnéise agus díospóireacht dhaonlathach i mbaol;

    M.

    de bhrí go bhfuil bealaí nua agus straitéisí bréag-chomhlíonta forbartha ag réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha chun na costais a bhaineann le comhlíonadh iomlán na gcaighdeán idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán a shárú gan iad a shéanadh go follasach; de bhrí go n-áirítear leis na straitéisí sin tabhairt faoi ghníomhaíochtaí breathnóireachta intíre agus idirnáisiúnta nach gcomhlíonann na caighdeáin idirnáisiúnta, amhail breathnóirí toghcháin bréige a imscaradh a chabhraíonn leis an dioscúrsa iarthoghcháin a stiúradh chun tacú le réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha; de bhrí go bhfuil deiseanna teoranta ag saoránaigh i réimis den sórt sin breathnóireacht a dhéanamh ar thoghcháin, agus, má dhéanann siad amhlaidh, go ndéanann na réimis gach a bhfuil ar a gcumas chun míchlú a tharraingt ar bhreathnóirí nó chun a n-iarrachtaí a chur i leataobh;

    N.

    de bhrí go bhfuil réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha ag éirí níos eagraithe níos fearr ina n-iarrachtaí dlisteanacht idirnáisiúnta a thabhairt do thoghcháin bhréige a chéile, trí ghníomhaíochtaí breathnóireachta idirnáisiúnta bréige; de bhrí go rannchuidíonn na réimis sin le creimeadh na muiníne domhanda as institiúidí daonlathacha trí chleachtais chalaoiseacha a chóipeáil, a fhorbairt agus a scaipeadh gan aon agóid; de bhrí go n-úsáideann réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha institiúidí idirnáisiúnta chun a leasa féin freisin, lena n-áirítear chun noirm iomaíochta a chur chun cinn laistigh d’institiúidí rialachais dhomhanda agus chun toghcháin chalaoiseacha a dhlisteanú;

    O.

    de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag Misin Bhreathnóireachta AE um Thoghcháin muinín i dtoghcháin a neartú, calaois a dhíspreagadh agus measúnú eolasach agus fíorasach a chur ar fáil ar phróisis toghcháin;

    P.

    de bhrí gur ghéaraigh déine agus scála na n-ionsaithe i gcoinne breathnóirí toghcháin neamhpháirtíocha — lena n-áirítear ciapadh, clúmhilleadh, bagairtí, sáruithe ar chearta, díbirtí, foréigean fisiciúil agus fiú maruithe — le blianta beaga anuas, rud a chruthaíonn timpeallacht éiginnteachta agus neamhdheimhneachta maidir lena gcuid oibre tábhachtaí; de bhrí go measann AE gur cosantóirí ar chearta an duine iad breathnóirí toghcháin;

    Q.

    de bhrí go bhfuil teannas idir daonlathais agus réimis fhorlámhacha ag éirí níos geopholaitiúla; de bhrí go n-éilíonn an treocht sin ar AE a ábhair imní dhaonlathacha a ardú go dtí an leibhéal polaitiúil is airde, lena n-áirítear trí comhghuaillíochtaí níos straitéisí a thógáil don daonlathas agus trí chur chun cinn agus cosaint an daonlathais a mheas mar leas straitéiseach agus mar chuid lárnach dá straitéisí geo-eacnamaíocha agus trádála agus trí theacht ar bhealaí nuálacha chun tacú leis na saoránaigh agus iad ag labhairt amach i gcoinne na réimeas uathlathach agus a straitéisí dlisteanaithe;

    R.

    de bhrí gur cheart do AE cur chuige córasach a ghlacadh maidir leis an gceart chun páirt a ghlacadh, lena n-áirítear trína nasc láidir le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta a léiriú agus trí aghaidh a thabhairt ar easnaimh toghcháin ar bhealach comhsheasmhach, lena n-áirítear nuair a tharlaíonn siad i ndlúth-thíortha comhpháirtíochta; de bhrí, agus an méid sin á dhéanamh aige, gur cheart do AE díriú ní hamháin ar na próisis toghcháin iad féin, ach freisin ar an gcomhthéacs mórthimpeall orthu agus ar na bunchúiseanna atá leis an dlisteanú forlámhach; de bhrí nár cheart do ghníomhaithe Eorpacha rannchuidiú le toghcháin a dhlisteanú i réimis neamhliobrálacha agus uathlathacha;

    1.   

    ag moladh an mhéid seo a leanas don Chomhairle agus do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála:

    Feasacht ar an gceart chun páirt a ghlacadh i bhfíorthoghcháin

    (a)

    gníomhaíochtaí AE níos cinntithí agus níos éifeachtaí a dhearadh agus a chur chun feidhme chun an ceart chun páirt a ghlacadh a chur chun cinn agus a chosaint, ar ceart uilíoch de chuid an duine é, mar chuid de straitéis i bhfad níos leithne maidir le tacaíocht do chearta an duine agus don daonlathas; a áirithiú go ndéanfaidh na gníomhaíochtaí sin peirspictíochtaí inscne agus cuimsiú grúpaí i gcásanna leochaileacha a phríomhshruthú;

    (b)

    béim a leagan ar an idirnasc intreach idir an ceart chun páirt a ghlacadh i bhfíorthoghcháin agus i saoirsí bunúsacha eile, go háirithe na saoirsí gluaiseachta, tuairimí agus tuairimí a nochtadh, saoirse comhthionóil agus comhlachais, chomh maith leis an gceart chun bheith saor ó idirdhealú, nach féidir leas éifeachtach a bhaint as an gceart chun páirt a ghlacadh i bhfíorthoghcháin; á chur i bhfios go láidir, ina theannta sin, go bhfuil ról ríthábhachtach ag an smachta reachta sa mhéid sin;

    (c)

    aghaidh a thabhairt ar bhealach córasach agus láidir ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag tíortha nach bhfuil san Aontas srian a chur ar theachtadh an chirt chun rannpháirtíochta atá ag mionlaigh, lena n-áirítear mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha, agus ag an óige, ag mná, ag grúpaí dúchasacha agus ag grúpaí sóisialta eile; a iarraidh, go háirithe, ar údaráis tíortha nach bhfuil san Aontas faireachán a dhéanamh ar fhuathchaint na n-údarás poiblí agus na n-oifigeach tofa agus bearta agus smachtbhannaí láidre nithiúla a ghlacadh ina coinne chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo cur chuige neamhfhulaingthe i leith an chiníochais agus an idirdhealaithe;

    (d)

    teagmháil a dhéanamh le tíortha nach bhfuil san Aontas chun timpeallacht inrochtana chumasúcháin a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas, a chuireann ar a gcumas páirt a ghlacadh i saol polaitiúil agus poiblí a bpobal; á thabhairt chun suntais, go háirithe, an gá atá ann aghaidh a thabhairt ar bhacainní dlíthiúla agus riaracháin ar rannpháirtíocht pholaitiúil trí nósanna imeachta vótála, saoráidí agus ábhair toghcháin a dhéanamh níos inrochtana, trí dheiseanna rannpháirtíochta sa saol polaitiúil agus sa saol poiblí a mhéadú agus trí fheasacht a mhúscailt maidir leis an gceart chun rannpháirtíochta polaitiúla atá ag daoine faoi mhíchumas agus trí shonraí a bhailiú chun an rannpháirtíocht pholaitiúil sin a thomhas;

    (e)

    an ceart chun páirt a ghlacadh i mbosca uirlisí gníomhaíochta seachtraí an Aontais a chuíchóiriú, ar gá do thoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh i dtíortha nach bhfuil san Aontas iad a chur chun feidhme i ndlúthchomhar le hambasáidí na mBallstát;

    (f)

    easnaimh i dteachtadh an chirt chun páirt a ghlacadh san Aontas a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu, d’fhonn dlisteanacht agus inchreidteacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais sa réimse sin a neartú;

    (g)

    aitheantas a thabhairt do dhéine na ndeacrachtaí a bhíonn ag daoine a chónaíonn faoi réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis fhíorasach, gan chinsireacht a bhaineann le toghcháin agus í a shainaithint ó bholscaireacht atá urraithe ag an réimeas, lena n-áirítear faisnéis iontaofa maidir le hiarrthóirí, roghanna vótála agus stiúradh an phróisis toghcháin, rud a chuireann srian ar a n-acmhainní chun a mheas an bhfuil toghcháin fíoriomaíoch agus an léirítear roghanna na saoránach sna torthaí, agus obair a dhéanamh chun mí-úsáid acmhainní poiblí agus ceannach vótaí a chosc; creimeadh mheanma an phobail shibhialta mar thoradh ar thoghcháin ionramháilte, neamhthrédhearcacha agus neamhdhlisteanacha a chur san áireamh, ós rud é go gcruthaíonn siad mímhuinín in institiúidí rialtais náisiúnta agus idirnáisiúnta araon;

    (h)

    aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le rochtain ar oideachas uilíoch agus saor in aisce lena gcumhachtaítear daoine saor-roghanna a dhéanamh i dtoghcháin;

    Uirlisí agus nósanna imeachta de chuid an Aontais

    (i)

    cur i gcoinne an scéil atá á chur chun cinn ag réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha go bhfuil sainorduithe acu óna saoránaigh mar thoradh ar fhíorthoghcháin; straitéis dhomhanda chuimsitheach AE a cheapadh, ina leith sin, chun cur i gcoinne na n-uirlisí a úsáideann na réimis sin chun toghcháin a dhlisteanú, amhail breathnóirí bréige agus grúpaí breathnóireachta scáththoghchán, lena n-áirítear ó Bhallstáit agus ó institiúidí an Aontais, amhail roinnt Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, in ionad misean caighdeánaithe idirnáisiúnta; a áirithiú go mbeidh níos mó i gceist leis an straitéis sin ná idirphlé agus ráitis imní ón Aontas, agus go mbeidh sí dírithe ar chaighdeáin an daonlathais agus an smachta reachta a fheabhsú sna tíortha lena mbaineann; oibriú le tíortha daonlathacha chun institiúidí idirnáisiúnta a neartú chun cosc a chur ar réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha iad a insíothlú agus úsáid a bhaint astu chun a gcríoch féin;

    (j)

    an nasc idir obair breathnóireachta toghcháin agus tacaíocht níos leithne AE do chearta an duine agus don daonlathas a neartú trí úsáid a bhaint as uirlisí polaitiúla, tráchtála agus comhair; straitéisí dlisteanaithe forlámhacha toghcháin a mheas mar shiomptóim luatha de threochtaí bunúsacha neamhdhaonlathacha agus freagairt dá réir sin; cur i gcoinne insintí forlámhacha a chuireann an tslándáil agus an daonlathas i gcodarsnacht lena dteorannaítear saoirsí bunúsacha faoi scáth shlándáil an stáit, agus iarrachtaí réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha leas a bhaint as réimsí beartais amhail an aeráid, an spórt agus an fhorbairt idirnáisiúnta chun a ndlisteanacht a threisiú go bréagach;

    (k)

    iarrachtaí na gcóras uathlathach agus neamhliobrálach chun braistintí bréagacha inmheánacha a chruthú maidir le fíre a dtoghchán bréige; aird ar leith a thabhairt ar mhí-úsáidí ar theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus ar an intleacht shaorga a bhaineann le cúbláil toghcháin, atá á ndéanamh níos mó agus níos mó ag réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha chun tionchar diúltach a imirt ar rannpháirtíocht trí bholscaireacht agus bréagaisnéis a scaipeadh agus trí shrianta a chur chun feidhme maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi smaointe agus iarrthóirí an fhreasúra;

    (l)

    faireachán agus cáineadh a dhéanamh ar ról na gcuideachtaí príobháideacha a dhéanann speisialtóireacht i bhfeachtais bhréagaisnéise agus tairiscint a dhéanamh faoi cheilt cur isteach ar thoghcháin agus tuairimí an phobail a ionramháil i dtíortha nach bhfuil san Aontas; gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh gnóthaí poiblí, na meáin agus cuideachtaí ar líne atá bunaithe san Aontas rannpháirteach san iompraíocht sin agus, ina ionad sin, go n-urramóidh siad go docht an ceart chun príobháideachais agus go seasfaidh siad leis an leibhéal céanna cosanta sonraí i dtíortha comhpháirtíochta agus a cheanglaítear orthu seasamh leo san Aontas faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (1), go háirithe le linn feachtais toghcháin; a áirithiú go gcloífidh na cuideachtaí sin le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus go dtabharfar chun cuntais iad nuair nach ndéanann siad amhlaidh;

    (m)

    aghaidh a thabhairt ar úsáid breathnóirí claonta toghcháin chun míchlú a tharraingt ar obair fíormhisean breathnóireachta toghchán idirnáisiúnta agus AE;

    (n)

    aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach atá ag an tsochaí shibhialta maidir le toghcháin bhréagacha a cháineadh agus iad a dhídhlisteanú i súile na bpobal áitiúil; tacú le heagraíochtaí neamhspleácha sochaí sibhialta, le fórsaí daonlathacha an fhreasúra, le cosantóirí chearta an duine agus leis na meáin, lena n-áirítear trí straitéisí fothaithe acmhainneachta agus cumarsáide, agus trí shonraí a bhailiú maidir le sáruithe ar an gceart páirt a ghlacadh i bhfíorthoghcháin; á thabhairt chun suntais go bhfuil trédhearcacht maidir le maoiniú na meán agus meáin atá go hiomlán saor agus neamhspleách ríthábhachtach chun tionchar míchuí a chosc;

    (o)

    tacaíocht a thabhairt, le linn an timthrialla toghcháin, do bhreathnóirí toghcháin áitiúla a mhéadaíonn a ngníomhaíochtaí creideamh na ndaoine go n-urramófar a gceart chun páirt a ghlacadh i bhfíorthoghcháin, agus na hionsaithe ina gcoinne a cháineadh go géar; tacú le líonraí réigiúnacha agus domhanda breathnóirí saoránach a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht, fothú acmhainneachta agus malartú taithí le grúpaí áitiúla, ar féidir leo cabhrú le cur i gcoinne iarrachtaí réimeas uathlathach agus neamhliobrálach toghcháin a chéile a dhlisteanú;

    (p)

    faisnéis a phríomhshruthú faoi fhíorthoghcháin agus faoi cheart na ndaoine a bheith rannpháirteach iontu, lena n-áirítear faoi cheart vótála na mionlach uile, i gcomhthéacs na tacaíochta do chearta an duine agus don daonlathú sna tionscadail faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda agus faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, lena n-áirítear tacaíocht do bhreathnóirí toghcháin mar chosantóirí chearta an duine; tacú le Campas Domhanda um Chearta an Duine chun na críche sin; tacú le cláir arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an gcreat reachtach agus riaracháin do thoghcháin i dtíortha nach bhfuil san Aontas, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt do choimisiúin náisiúnta toghcháin;

    (q)

    úsáid a bhaint as bosca uirlisí taidhleoireachta cultúrtha agus caidrimh chultúrtha idirnáisiúnta an Aontais chun an ceart chun páirt a ghlacadh a neartú, chun cur i gcoinne insintí réimeas uathlathach agus neamhliobrálach lena ndéantar iarracht dlisteanú a dhéanamh ar thoghcháin bhréige agus cultúr uilíoch daonlathach a neartú; cur leis an gcomhar sin le fíor-chomhpháirtíochtaí, go háirithe ós rud é gur obair idir lámha iad trédhearcacht toghcháin a áirithiú, deireadh a chur le trasnaíocht eachtrach agus feabhas a chur ar dhaonlathais, rud a éilíonn réitigh misniúla, nuálacha agus chomhpháirteacha;

    (r)

    tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do thionscnaimh a bhaineann le hoiliúint breathnóireachta toghchán agus forbairt eolais ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus idirnáisiúnta agus le rannpháirtíocht leis na meáin áitiúla agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá tacaíocht agus fothú acmhainneachta do bhreathnóirí toghcháin áitiúla chun cur chuige níos inbhuanaithe a áirithiú maidir le daonlathas a fhorbairt;

    (s)

    tacú le Grúpa Tacaíochta Daonlathais agus Comhordaithe Toghchán na Parlaiminte agus lena chuid oibre, go háirithe faoi chuimsiú breathnóireachta toghchán; measúnú a dhéanamh ar conas aghaidh a thabhairt ar an gcás ina bhfuil tíortha ag diúltú cuireadh a thabhairt don Aontas breathnóireacht a dhéanamh ar a dtoghcháin, ar cás é a tharlaíonn go minic;

    (t)

    dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ghlacadh agus ar chur chun feidhme na moltaí ó mhisin bhreathnóireachta toghchán de chuid an Aontais agus de chuid Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) agus iad a áireamh mar chuid bhunriachtanach den chreat foriomlán don chaidreamh idir an tAontas agus an tír lena mbaineann; obair leantach leormhaith a dhéanamh ar na moltaí ó mhisin bhreathnóireachta AE um thoghcháin, le rannpháirtíocht níos mó ón bParlaimint; a áirithiú go mbeidh ráitis phoiblí AE a bhaineann le toghcháin i dtíortha nach bhfuil san Aontas i gcomhréir go docht le luachanna an Aontais i réimsí an daonlathais, chearta an duine agus na dtoghchán agus go mbeidh siad comhsheasmhach le torthaí mhisin bhreathnóireachta AE um thoghcháin;

    (u)

    aghaidh a thabhairt ar an gceart páirt a ghlacadh agus gach gné eile a bhainean le sláine toghcháin i dtíortha nach bhfuil san Aontas trí idirphlé AE maidir le cearta an duine; a áirithiú go gcomhlánófar an t-idirphlé sin le mír ina mbeidh eagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta rannpháirteach;

    (v)

    úsáid a bhaint as Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (Gníomh Magnitsky AE) i gcás daoine atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar an gceart chun páirt a ghlacadh agus ar chaighdeáin toghcháin dhaonlathacha, agus tuilleadh úsáide a bhaint as bearta sriantacha an Aontais chun smachtbhannaí a fhorchur orthu siúd a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta de réir a chéile agus faoi cheilt i dtíortha nach bhfuil san Aontas; a áirithiú go mbeidh fionraí na mbeart sriantach sin ag brath ar fhíorfheabhas a chur ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta sa tír lena mbaineann; machnamh a dhéanamh ar bhearta éifeachtacha agus athchomhairleacha a fhorbairt i gcoinne daoine a bhfuil baint acu le misin bhreathnóireachta toghcháin bhréige, lena n-áirítear feisirí de pharlaimintí náisiúnta, polaiteoirí ó Bhallstáit AE agus ó Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa;

    (w)

    aitheantas a thabhairt don ról atá ag misin bhreathnóireachta toghcháin AE agus ESCE ODIHR — lena n-áirítear ról na Parlaiminte — maidir le fianaise a chur ar fáil i dtaobh an bhfuil toghcháin fíor agus an uirlis sin a fheabhsú tuilleadh, lena n-áirítear trína hinfheictheacht a neartú, trí mhisin bhreathnóireachta toghcháin bhréige a cháineadh agus tríd an straitéis chumarsáide a threisiú roimh thoghcháin agus ina ndiaidh; tacaíocht a mhéadú do mhisin fhadtéarmacha breathnóireachta toghcháin, ós rud é go dtarlaíonn cuid de na sáruithe is tromchúisí ar phróisis toghcháin roimh lá na vótála; saineolas teicniúil agus acmhainní iomchuí agus cothrom le dáta a chur ar fáil do mhisin bhreathnóireachta AE um thoghcháin chun faireachán leormhaith a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann leis na rioscaí nua a bhaineann le húsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua na faisnéise agus cumarsáide toghcháin;

    Gníomhaíochtaí AE i bhfóraim idirnáisiúnta

    (x)

    dlúthchomhar agus comhordú a chur chun cinn idir tíortha daonlathacha, institiúidí iltaobhacha, amhail ESCE ODIHR agus Comhairle na hEorpa, agus na heagraíochtaí a d’fhormhuinigh Dearbhú Prionsabail na Náisiún Aontaithe maidir le Breathnóireacht Idirnáisiúnta Toghchán mar bhealach chun cur i gcoinne dlisteanú toghchán bréige agus breathnóirí bréige ar bhealach níos éifeachtaí i bhfóraim idirnáisiúnta, go háirithe na Náisiúin Aontaithe;

    (y)

    an smaoineamh maidir le treoirlínte a fhorbairt maidir leis an gceart chun páirt a ghlacadh i dtoghcháin i gComhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine a chur chun cinn, le rannpháirtíocht níos mó ó eagraíochtaí áitiúla na sochaí sibhialta; measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé Barúil Ghinearálta Uimh. 25 d’Airteagal 25 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla a fhorbairt agus a chórasú tuilleadh chun fianaise a thabhairt ar an nasc idir an ceart chun páirt a ghlacadh agus cearta an duine agus an daonlathas chun dul i ngleic le dúshláin nua, lena n-áirítear bréagaisnéis ar líne agus teacht chun cinn an údarásaíochais;

    (z)

    ag cáineadh go mbaintear an bonn de chaighdeáin atá forbartha go hidirnáisiúnta mar chuid d’iarrachtaí dlisteanaithe toghcháin; aird ar leith a thabhairt ar na scéalta lena gcuirtear luachanna malartacha chun cinn mar fhoinse dlisteanachta do thoghcháin nach fíorthoghcháin iad, amhail forlámhas normatach na reachtaíochta náisiúnta thar chaighdeáin forbartha idirnáisiúnta, luachanna reiligiúnacha agus traidisiúnta, tréithe cultúrtha nó cláir oibre ina dtugtar tosaíocht don fhorbairt;

    (aa)

    na hiarrachtaí a stiúradh chun go mbeidh Dearbhú Prionsabal na Náisiún Aontaithe maidir le Breathnóireacht Idirnáisiúnta Toghchán níos infheicthe agus obair na n-eagraíochtaí sin a d’fhormhuinigh é agus atá gníomhach i mbreathnóireacht toghcháin; machnamh a dhéanamh ar a iarraidh go ndéanfaí nuashonrú ar liosta na n-eagraíochtaí a fhormhuiníonn Dearbhú Prionsabal na Náisiún Aontaithe maidir le Breathnóireacht Idirnáisiúnta Toghchán, d’fhonn a chreidiúnacht a threisiú agus bealach soiléir a bhunú chun idirdhealú a dhéanamh idir fíorghrúpaí breathnóireachta agus breathnóirí bréige; an cur chuige céanna a ghlacadh i leith Líonra Domhanda na bhFaireachán Toghchán Baile; féachaint ar bhealaí chun an bonn a bhaint de dhlisteanacht scátheagraíochtaí agus breathnóirí bréige;

    (ab)

    sainaithint shainráite breathnóirí toghcháin neamhpháirtíocha idirnáisiúnta agus náisiúnta a chur chun cinn mar chosantóirí chearta an duine laistigh de na fóraim iltaobhacha ábhartha agus mar chuid de theagmháil AE le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus á áitiú go mbeidh na cosaintí is gá ann do bhreathnóirí toghcháin neamhpháirtíocha, ionas gur féidir leo a ndualgais a chomhlíonadh go neamhspleách agus go sábháilte;

    2.   

    á threorú dá hUachtarán an moladh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.


    (1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2837/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top