EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023IP0246
European Parliament resolution of 15 June 2023 on supporting the accession of Ukraine to the Convention of 2 July 2019 on the Recognition and Enforcement of Foreign Judgments in Civil or Commercial Matters (2023/2689(RSP))
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meitheamh 2023 maidir le tacaíocht a thabhairt d’aontachas na hÚcráine le Coinbhinsiún an 2 Iúil 2019 maidir le hAithint agus Forfheidhmiú Breithiúnas Coigríche in Ábhair Shibhialta agus Thráchtála (2023/2689(RSP))
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meitheamh 2023 maidir le tacaíocht a thabhairt d’aontachas na hÚcráine le Coinbhinsiún an 2 Iúil 2019 maidir le hAithint agus Forfheidhmiú Breithiúnas Coigríche in Ábhair Shibhialta agus Thráchtála (2023/2689(RSP))
IO C, C/2024/489, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/489/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/489 |
23.1.2024 |
P9_TA(2023)0246
Aontachas na hÚcráine le Coinbhinsiún an 2 Iúil 2019 maidir le hAithint agus Forfheidhmiú Breithiúnas Coigríche in Ábhair Shibhialta agus Thráchtála
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meitheamh 2023 maidir le tacaíocht a thabhairt d’aontachas na hÚcráine le Coinbhinsiún an 2 Iúil 2019 maidir le hAithint agus Forfheidhmiú Breithiúnas Coigríche in Ábhair Shibhialta agus Thráchtála (2023/2689(RSP))
(C/2024/489)
Tá Parlaimint na hEorpa,
— |
ag féachaint d’Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), |
— |
ag féachaint d’Airteagail 24 agus 29 den Choinbhinsiún an 2 Iúil 2019 maidir le hAithint agus Forfheidhmiú Breithiúnas Coigríche in Ábhair Shibhialta agus Thráchtála (‘an Coinbhinsiún maidir le Breithiúnais’), |
— |
ag féachaint don cheist ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle maidir le haontachas na hÚcráine le Coinbhinsiún an 2 Iúil 2019 maidir le hAithint agus Forfheidhmiú Breithiúnas Coigríche in Ábhair Shibhialta agus Thráchtála, |
— |
ag féachaint do rún uaithi an 16 Feabhra 2023 maidir le bliain amháin a bheith caite ó chuir an Rúis tús lena hionradh agus cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine (1) agus do rún uaithi an 1 Márta 2022 maidir le fogha na Rúise faoin Úcráin (2), |
— |
ag féachaint don cheist ar an gCoimisiún maidir le tacaíocht a thabhairt d’aontachas na hÚcráine le Coinbhinsiún an 2 Iúil 2019 maidir le hAithint agus Forfheidhmiú Breithiúnas Coigríche in Ábhair Shibhialta agus Thráchtála (O-00000024/2023 – B9-0025/2023), |
— |
ag féachaint do Rialacha 136(5) agus 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta, |
— |
ag féachaint don tairiscint i gcomhair rún ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, |
A. |
de bhrí gurb é cuspóir reachtúil Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach (‘Comhdháil na Háige’) oibriú i dtreo rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh a aontú de réir a chéile; |
B. |
de bhrí go bhfuil an tAontas Eorpach ina pháirtí i gComhdháil na Háige ón 3 Aibreán 2007 i leith; |
C. |
de bhrí go n-éascaítear leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais cúrsaíocht idirnáisiúnta éifeachtach breithiúnas in ábhair shibhialta nó thráchtála trí dheimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a sholáthar do pháirtithe a bhfuil baint acu le hidirbhearta trasteorann agus soiléireacht i dtaobh an ndéanfar breithiúnas a aithint agus a fhorfheidhmiú i ndlínse eile agus a mhéid a dhéanfar é a aithint agus a fhorfheidhmiú; de bhrí, trí aithint agus forfheidhmiú breithiúnas coigríche a áirithiú, gur cheart go bhfeabhsófaí leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais rochtain ar cheartas trí thréimhsí ama, costais agus rioscaí dlíthiúla in imthosca trasteorann a laghdú; |
D. |
de bhrí, de bhun Airteagal 24 den Choinbhinsiún maidir le Breithiúnais, go bhféadfaidh aon tríú stát aontú don Choinbhinsiún; de bhrí nach gcruthóidh an t-aontachas sin caidreamh conarthach idir dhá pháirtí chonarthacha ach amháin i gcás nach mbeidh fógra tugtha ag ceachtar acu don taiscí nár cheart go mbeadh sé d’éifeacht ag an aontachas caidreamh conarthach a bhunú leis an bpáirtí eile; de bhrí go gcaithfear an fógra sin a thíolacadh laistigh de thréimhse 12 mhí tar éis an dáta ar tugadh fógra faoin aontachas; |
E. |
de bhrí, faoin gcleachtas atá ann faoi láthair, nach ndéanann an Coimisiún nós imeachta foirmiúil a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 218(6) CFAE le haghaidh na gcoinbhinsiún ina bhfuil sásra neamhagóide, ach nach gcuireann sé ach an Chomhairle agus an Pharlaimint ar an eolas faoi aon iarraidh ó thríú tír aontú d’ionstraim áirithe de chuid na Háige; |
F. |
de bhrí, de réir cásdlí seanbhunaithe, nach féidir le comhaontú idirnáisiúnta difear a dhéanamh do leithdháileadh na gcumhachtaí a shocraítear leis na Conarthaí, agus, dá bhrí sin, nuair a ghlactar nós imeachta an tosta ar an leibhéal idirnáisiúnta chun aontachas tríú stáit a éascú, nár cheart go mbeadh aon iarmhairt aige ar phróiseas cinnteoireachta inmheánach AE; |
G. |
de bhrí gur aontaigh an tAontas Eorpach don Choinbhinsiún maidir le Breithiúnais an 29 Lúnasa 2022; |
H. |
de bhrí go bhfuil an Coinbhinsiún maidir le Breithiúnais sínithe agus daingnithe ag an Úcráin; |
I. |
de bhrí gur chomhaontaigh an Chomhairle, an 24 Aibreán 2023, caidreamh conarthach a bhunú leis an Úcráin faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin maidir le Breithiúnais; |
J. |
de bhrí, má ghlacann an tAontas le haontachas na hÚcráine leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais, go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2023 agus go mbeidh sé infheidhme idir an dá pháirtí; |
1. |
á athdhearbhú a dlúthpháirtíochta buanseasmhaí le muintir na hÚcráine agus le ceannaireacht na hÚcráine agus a tacaíochta do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine, laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta; |
2. |
á chur in iúl gur geal léi na measúnuithe dearfacha a rinne an Coimisiún agus an Chomhairle d’fhonn caidreamh conarthach a bhunú leis an Úcráin faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin maidir le Breithiúnais; |
3. |
ag tabhairt tacaíocht d’aontachas na hÚcráine leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais; |
4. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil an rún sin gan dochar don nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 218(6) CFAE, ar cheart é a leanúint in ábhair a bhaineann le seasamh AE a bhunú maidir le haontachas tríú stáit le Coinbhinsiúin Chomhdháil na Háige; |
5. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle. |
(1) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0056.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/489/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)