EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023IP0238

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 ar shlándáil bia agus athléimneacht fhadtéarmach thalmhaíocht an Aontais a áirithiú (2022/2183(INI))

IO C, C/2024/483, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/483/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/483/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/483

23.1.2024

P9_TA(2023)0238

Slándáil bia agus athléimneacht fhadtéarmach thalmhaíocht AE a áirithiú

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 ar shlándáil bia agus athléimneacht fhadtéarmach thalmhaíocht an Aontais a áirithiú (2022/2183(INI))

(C/2024/483)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagal 39 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ina liostaítear infhaighteacht soláthairtí a áirithiú, margaí a chobhsú agus a áirithiú go mbeidh soláthairtí ar fáil do thomhaltóirí ar phraghsanna réasúnta mar chuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta,

ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (1),

ag féachaint d’Airteagal 25 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus d’Airteagal 11 den Chúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, lena n-aithnítear an ceart chun bia mar chuid den cheart chun caighdeáin leormhaith maireachtála,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2012 dar teideal ‘The EU approach to resilience: learning from food security crises’ [Cur chuige AE i leith na hathléimneachta: ag foghlaim ó ghéarchéimeanna slándála bia] (COM(2012)0586),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2021 dar teideal ‘Plean teagmhasach chun soláthar bia agus slándáil bia a áirithiú tráth géarchéime’ (COM(2021)0689),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Márta 2022 maidir le slándáil bia a choimirciú agus athléimneacht na gcóras bia a athneartú (COM(2022)0133);

ag féachaint do rún uaithi an 24 Márta 2022 maidir leis an ngá atá le plean gníomhaíochta práinneach AE chun slándáil bia a áirithiú laistigh den Aontas agus lasmuigh de i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin (2),

ag féachaint do rún uaithi an 6 Iúil 2022 maidir le haghaidh a thabhairt ar shlándáil bia i dtíortha i mbéal forbartha (3),

ag féachaint do Threoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (4), lena gcuirtear táirgeadh, próiseáil agus dáileadh bia le liosta na n-earnálacha a chumhdaítear,

ag féachaint do Staid na Slándála Bia agus an Chothú sna Tuarascálacha Domhanda, don Tuarascáil Dhomhanda maidir le Géarchéimeanna Bia agus don Tuarascáil Dhomhanda maidir le Cothú, lena n-áirítear eagrán 2021 di, do Threoirlínte maidir leis an gCeart chun Bia ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), do Threoirlínte Deonacha maidir le Córais Bhia agus Cothú ó Choiste FAO maidir le Slándáil Sholáthar Bia an Domhain, do ‘10 ngné den Agrai-Éiceolaíocht — An tAistriú chuig Córais Inbhuanaithe Bia agus Talmhaíochta a Threorú’ agus do Chreat Gníomhaíochta 2014 maidir le Slándáil Bia agus Cothú i nGéarchéimeanna Fadtréimhseacha,

ag féachaint don rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015 dar teideal Transforming our world: the 2030 Agenda for Sustainable Development [I mbun athrú Domhanda: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe]

ag féachaint do rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 1 Aibreán 2016 dar teideal United Nations Decade of Action on Nutrition (2016-2025) [Deich mBliana na Náisiún Aontaithe i mbun gnímh maidir leis an gCothú (2016-2025)], arb é is aidhm dó gníomhaíocht threisithe a spreagadh chun deireadh a chur leis an ocras agus chun an míchothú a dhíothú ar fud an domhain agus chun rochtain uilíoch ar aistí bia níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe a áirithiú do gach duine, is cuma cé hiad agus cén áit a bhfuil cónaí orthu;

ag féachaint do Threoirlínte Deonacha an Choiste maidir le Sábháilteacht Sholáthar Bia an Domhain (CFS) maidir le rialachas freagrach ar thionacht talún, iascaigh agus foraoisí i gcomhthéacs na slándála náisiúnta bia ó 2012 agus Prionsabail CFS um Infheistíocht Fhreagrach sa Talmhaíocht agus i gCórais Bhia 2015;

ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe agus dá ndlúthnasc agus dá gcomhtháthú, go háirithe SDG 1 (deireadh a chur leis an mbochtaineacht de gach cineál), agus SDG 2 (deireadh a chur leis an ocras, slándáil bia agus cothú feabhsaithe a bhaint amach agus talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn),

ag féachaint do Thuarascáil na Náisiún Aontaithe an 30 Nollaig 2021 dar teideal ‘ Seeds, right to life and farmers’ rights’ [Síolta, ceart chun na beatha agus cearta feirmeoirí] (A/HRC/49/43) ón Rapóirtéir Speisialta maidir leis an gceart chun bia,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Samhain 2022 dar teideal ‘ Ensuring availability and affordability of fertilisers’ [Infhaighteacht agus inacmhainneacht leasachán a áirithiú] (COM(2022)0590);

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le forbairt próitéiní plandaí san Aontas Eorpach an 22 Samhain 2018 (COM(2018)0757),

ag féachaint do rún uaithi an 13 Nollaig 2022 maidir le fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe AE – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040’ [Fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe AE – I dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040] (5),

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún;

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta;

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Fhorbairt,

ag féachaint don tuarascáil féintionscnaimh ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A9-0185/2023),

A.

de bhrí, an 24 Feabhra 2022, go ndearna Cónaidhm na Rúise ionradh neamhdhleathach ar an Úcráin, a raibh iarmhairtí tubaisteacha dá bharr, lena n-áirítear bagairt thromchúiseach ar shlándáil dhomhanda bia, agus gurb iad na tíortha is leochailí is mó atá i mbaol; de bhrí gur chuir ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin go mór le staid atá deacair agus dúshlánach cheana féin san earnáil agraibhia, atá fós ag téarnamh ó iarmhairtí phaindéim COVID-19 agus atá ag fulaingt ón ngéarchéim aeráide leanúnach agus ardú praghsanna fuinnimh agus leasacháin;

B.

de bhrí go bhfuil slándáil bia agus athléimneacht an chórais dhomhanda bia i gcroílár an chláir oibre pholaitiúil mar thoradh ar éifeachtaí na géarchéime arb é ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine is cúis léi; de bhrí nach mór, dá bhrí sin, táirgeadh bia Eorpach a mheas mar earnáil straitéiseach agus a chur ar chomhchéim leis an tslándáil fuinnimh, leis an gcosaint agus leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide ar leibhéal AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

C.

de bhrí, de réir FAO, gurbh ionann an Úcráin agus an Rúis ag tús 2022 agus beagnach 30 % d’onnmhairí cruithneachta agus arbhair Indiaigh ar fud an domhain, agus gurb í an Rúis an t-onnmhaireoir leasachán is mó ar domhan; de bhrí go bhfuil níos mó ná 30 tír, san Afraic, sa Mheánoirthear agus san Áise Láir den chuid is mó, ag brath ar an Úcráin agus ar an Rúis le haghaidh níos mó ná 30 % dá riachtanais allmhairithe cruithneachta; de bhrí go bhfuil an t-ionradh a rinne an Rúis ar an Úcráin ag cur leis an neamhshlándáil dhomhanda bia sin agus go bhféadfadh 8 go 13 mhilliún duine eile a bheith ag fulaingt ón neamhshlándáil bia, de réir ionsamhlúcháin FAO;

D.

de bhrí gur rannchuidigh an comhbheartas talmhaíochta (CBT) go dearfach le ról CBT maidir le talmhaíocht na hEorpa a neartú le 60 bliain anuas; de bhrí gur cheart dó leanúint de sin a dhéanamh amach anseo le tacaíocht bhuiséadach atá leordhóthanach agus fairsing go leor chun slándáil agus soláthar bia a ráthú san Eoraip;

E.

de bhrí go bhfuil saobhadh agus teannas carnach suntasach ar mhargaí domhanda talmhaíochta, iascaigh agus dobharshaothraithe, go háirithe i gcás gránach, ola glasraí agus beostoic, mar thoradh ar an gcogadh i gcoinne na hÚcráine agus ar na méaduithe suntasacha ar phraghsanna le haghaidh ionchur amhail leasachán, fuinneamh agus beatha mar thoradh ar an gcoinbhleacht, mar aon le hamhantraíocht bia; de bhrí nár cheart táirgeadh bia agus rochtain ar bhia a chur i mbaol a thuilleadh agus nár cheart in imthosca ar bith é a úsáid mar arm geopholaitiúil, toisc go mbeidh tionchar aige sin ar gheilleagair ar fud an domhain, go háirithe ar shaoránaigh agus ar na daoine is leochailí sa tsochaí;

F.

de bhrí gur léirigh na chéad círéibeacha bia a bhris amach i dtíortha Arabacha in 2008 cé chomh héifeachtach is atá sé bia a úsáid mar arm chun éagobhsaíocht gheopholaitiúil a chruthú;

G.

de bhrí, ní hamháin go bhfuil praghsanna bia do thomhaltóirí, ach ioncaim teaghlaigh freisin, ina spreagadh ríthábhachtach don tslándáil bia; de bhrí, nuair a bhíonn orthu aghaidh a thabhairt ar phraghsanna bia ard nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, go bhféadfadh sé a bheith d’oibleagáid ar theaghlaigh ar ioncam íseal, a chaitheann sciar mór dá mbuiséad ar bhia, bianna atá níos míshláintiúla agus nach bhfuil chomh héagsúil céanna a roghnú, rud a fhágann go bhfuil siad an-leochaileach ó thaobh riosca galar neamhtheagmhálach a bhaineann le droch-aistí bia;

H.

de bhrí, cé go bhfuil praghsanna bia ard, nach bhfuil costais táirgthe d’fheirmeoirí agus d’agra-chomharchumainn AE á bhfritháireamh acu; de bhrí go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar a gcostais táirgthe le bliain anuas mar gheall ar an ardú as cuimse atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh agus pacáistithe chomh maith le saincheisteanna infhaighteachta agus praghais le leasacháin agus innealra;

I.

de bhrí, de réir na Comhairle Idirnáisiúnta Grán, gurb ionann an Rúis agus an Úcráin agus 8,6 % de tháirgeadh domhanda gráin, gan rís a áireamh, agus 24 % d’onnmhairí i mbliain buainte 2021; de bhrí, mar thoradh ar an gcogadh a d'fhógair an Rúis i gcoinne na hÚcráine, go bhfuil cur isteach agus scrogaill i mbonneagar criticiúil, go háirithe saoráidí iompair agus stórála le haghaidh táirgí talmhaíochta, ag cur srian ar ghluaiseacht bia, beatha agus táirgí talmhaíochta eile, go háirithe gránaigh agus síolta ola ón Muir Dhubh; de bhrí go raibh ardú tagtha cheana féin ar phraghsanna ar mhargaí talmhaíochta domhanda roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin, mar gheall go páirteach ar thionchair aeráide agus éifeachtaí phaindéim COVID-19;

J.

de bhrí go bhfuil bonneagair iompair agus stórála bunriachtanach chun sreafaí trádála, soláthairtí agus cobhsaíocht mhargaidh atá éifeachtúil agus slán a áirithiú; de bhrí go bhféadfadh aon suaitheadh orthu sin difear a dhéanamh do leibhéil praghsanna tomhaltóirí a bhí réasúnta roimhe sin; de bhrí go dtéann slándáil bia níos faide ná talmhaíocht agus táirgeadh bia agus go bhfuil tionchar aici ar roinnt réimsí, ní hamháin ar tháirgeoirí príomhúla agus ar thomhaltóirí, ach freisin ar an ngeilleagar níos leithne, ar thrádáil, ar fhorbairt agus ar iarrachtaí daonnúla, agus ar chomhtháthú sóisialta agus réigiúnach;

K.

de bhrí gur cheart don Choimisiún gach modh is féidir a úsáid chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh aonair Eorpach go maith; de bhrí gur cheart don Choimisiún dlús a chur lena iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní uile a bhaineann le agraibhia sa mhargadh aonair, lena n-áirítear scrogaill iompair a dhíbhlocáil;

L.

de bhrí, de réir FAO, nach bhfuil coincheap na slándála bia teoranta do tháirgeadh bia, ach go n-áirítear leis freisin gnéithe na hinfhaighteachta, na hinrochtaineachta agus na cobhsaíochta, agus go gcuimsíonn sé freisin ceart an duine chun bia a aithnítear go hidirnáisiúnta agus rochtain inacmhainne ar aistí bia sláintiúla cothaitheacha do chách; de bhrí nach bhfuil aon cheart daonna eile ann a sháraítear chomh minic céanna;

M.

de bhrí go ndéanann cothú sláintiúil agus cothrom difear dearfach do shaol na ndaoine agus go gcumasaíonn sé forbairt chothrom agus inbhuanaithe na sochaí; de bhrí go bhfuil tomhaltóirí ag roghnú níos mó roghanna bia sláintiúla agus sábháilte, táirgí inbhuanaithe, trédhearcacht sa slabhra soláthair, inrianaitheacht níos fearr i ngach próiseas táirgthe agus dáileacháin ar bhonn a gceart chun tuilleadh faisnéise maidir le tionscnamh agus modhanna táirgthe na n-earraí bia a itheann siad;

N.

de bhrí gur ceart a aithnítear go hidirnáisiúnta é rochtain ar bhia sábháilte agus sláintiúil do chách; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach don tsochaí díriú ar infhaighteacht bia agus ar inacmhainneacht bia do chách, i bhfianaise a n-impleachtaí agus a n-iarmhairtí sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil chomh maith lena n-éifeachtaí ar shláinte an duine;

O.

de bhrí gur ceart bunúsach an duine é an ceart chun bia; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 2 an t-ocras a dhíothú faoi 2030; de bhrí gur cheart do AE tacú leis an gceart chun bia leormhaith mar thosaíocht do chórais bhia chun slándáil bia a bhaint amach agus chun cothú a fheabhsú;

P.

de bhrí, de réir Thuarascáil na Náisiún Aontaithe dar teideal ‘Seeds, right to life and farmers’ rights’ [Síolta, ceart chun na beatha agus cearta feirmeoirí] ón Rapóirtéir Speisialta maidir leis an gceart chun bia, go bhfuil an ceart chun bia ceangailte go bunúsach le córais síolta feirmeoirí agus lena gceart doroinnte chun síolta atá sábháilte ag feirmeacha a shábháil, a úsáid, a mhalartú agus a dhíol gan bhac; de bhrí gur cheart d’Fhoireann na hEorpa tacú le cláir lena gcuirtear riachtanais chórais síolta nó chórais neamhfhoirmiúla síolta feirmeoirí san áireamh agus lena dtacaítear le bainc síl nó leabharlanna síolta a chuireann ar chumas feirmeoirí agus garraíodóirí síolta, pórtha agus cineálacha dúchasacha a bhailiú, a chaomhnú agus a roinnt;

Q.

de bhrí nach n-urramaíonn an ghéarchéim bia aon teorainneacha agus nach féidir le haon tír í a shárú ina haonar; de bhrí go bhfuil géarghá le gníomhaíocht chomhpháirteach agus le dlúthpháirtíocht;

R.

de bhrí, mar thoradh ar an ngéarchéim soláthair dhomhanda, go measann FAO go bhfuil ardú tagtha ar phraghsanna idirnáisiúnta bia agus beatha go leibhéil nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ó thosaigh FAO ag déanamh anailísí ar phraghsanna agus os cionn a leibhéal ard cheana féin, fiú i gcás táirgí nach raibh bonn cirt le méadú ar phraghsanna ina leith; de bhrí gur shroich boilsciú praghsanna bia 17,26 % i mí Dheireadh Fómhair 2022; de bhrí go bhfuil go leor daoine ar domhan i mbaol ganntanas bia, ocras agus bia a bheith neamh-inacmhainne; de bhrí, chun amhantraíocht bia a chuireann le luaineacht phraghsanna bia a shainaithint, a chosc agus a dhíothú, gur gá d’oibreoirí feadh shlabhra an tsoláthair bia a bheith níos trédhearcaí maidir lena sciar den bhreisluach, rud a mhéadódh trédhearcacht fhoriomlán an mhargaidh;

S.

de bhrí nach ganntanas soláthair is cúis le neamhshlándáil dhomhanda bia go príomha ach coinbhleachtaí, dáileadh éagothrom bia, cur isteach ar bhia neamh-inacmhainne agus ar an slabhra soláthair domhanda; de bhrí go mbíonn tionchar ag méadú ar phraghsanna bia ar theaghlaigh ar ioncam íseal den chuid is mó, a chaitheann an sciar is mó dá n-ioncam ar bhia; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach anailís a dhéanamh ar na fachtóirí a chuireann ardú ar phraghsanna ionchuir talmhaíochta agus an tionchar atá aige sin ar an méadú ar phraghsanna bia;

T.

de bhrí nach bhfuil rochtain fós ag duine amháin as gach triúr ar fud an domhain ar bhia leordhóthanach agus ar chothú sláintiúil; de bhrí go raibh 2,3 billiún duine ar domhan measartha nó go mór neamhshlán ó thaobh bia de in 2021; de bhrí go bhfuil go leor de na daoine sin fostaithe sa talmhaíocht; de bhrí, de réir WFP, go raibh tionchar ag géar-easpa neamhshlándáil bia ar 349 milliún duine in 2022;

U.

de bhrí go bhfuil an t-ocras agus neamhshlándáil bia ag dul i méid ar fud an domhain agus go bhfuil a lán tíortha i bhfad ón marc chun an sprioc maidir le neamhocras a bhaint amach faoi 2030; de bhrí gur ualach ar feadh an tsaoil é míchothú do dhaoine aonair agus do shochaithe, toisc go gcuireann sé cosc ar leanaí a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach agus, dá bhrí sin, go gcuireann sé srian ar fhorbairt eacnamaíoch dhaonna agus náisiúnta;

V.

de bhrí gur rannchuidigh Comhaontú Marrakech 1994 agus go háirithe Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) maidir leis an Talmhaíocht le réigiúin talmhaíochta a bhfuil speisialtóireacht acu i dtáirgeadh barra tráchtearraí sonracha, rud a chruthaíonn spleáchais conaire i gcórais táirgthe; de bhrí nach bhfuil an staid sin athléimneach i gcoinne géarchéimeanna, go háirithe ós rud é go bhfágann sé tíortha a allmhairíonn bia i mbaol suaití praghais;

W.

de bhrí go n-idirghníomhaíonn an dúlra agus an bhithéagsúlacht leis an talmhaíocht, le bia agus le cothú i roinnt príomhréimsí trí phlandaí agus ainmhithe éagsúla a sholáthar ó fhoinsí ceansaithe agus fiáine;

X.

de bhrí go bhfuil bithéagsúlacht barr tábhachtach toisc go gcuireann sé ar chumas feirmeoirí aonair a bpleanáil talmhaíochta a oiriúnú do dhálaí aeráide agus córais bhia a dhéanamh níos athléimní go nádúrtha i gcoinne an athraithe aeráide, lotnaidí agus pataiginí; de bhrí, ag an am céanna, go rannchuidíonn an cur chuige dúlra-bhunaithe sin le feabhas a chur ar an mbithéagsúlacht; de bhrí go bhfuil roinnt tionscadal nuálach curtha ar bun ag roinnt tíortha nach bhfuil in AE, amhail tionscnamh an Bhalla Mhóir Ghlais san Afraic, lena gcuirtear tionscadail agrai-éiceolaíocha chun cinn; de bhrí go bhfuil tacaíocht AE do chórais bhia inbhuanaithe ar cheann de thosaíochtaí na gclár ilbhliantúil táscach a glacadh le thart ar 70 tír chomhpháirtíochta faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) — an Eoraip Dhomhanda don tréimhse 2021-2027;

Y.

de bhrí go bhfuil éagsúlacht ann maidir le hinfhaighteacht bia mar gheall ar thuairteanna eacnamaíocha, ar an aeráid, ar shéasúracht agus ar shuaití; de bhrí go gcaithfidh AE infheistíocht a dhéanamh in athléimneacht na hearnála agraibhia agus aistriú chuig talmhaíocht níos inbhuanaithe a bhaint amach, rud a neartóidh slándáil fhadtéarmach bia agus a d’fhéadfadh foinsí malartacha ioncaim a sholáthar d’fheirmeoirí; de bhrí go bhfuil gá le hiarrachtaí chun an téamh domhanda a chomhrac chun a áirithiú go mbeidh an talmhaíocht athléimneach agus inbhuanaithe san fhadtéarma;

Z.

de bhrí go bhfuil 63 % de dhaoine ar ioncam íseal ar fud an domhain fostaithe sa talmhaíocht agus go n-oibríonn formhór mór na ndaoine sin ar fheirmeacha beaga agus meánmhéide a bhfuil a n-inbhuanaitheacht eacnamaíoch faoi bhagairt faoi láthair;

AA.

de bhrí, de réir mheasúnuithe na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE), go bhfuil méadú ag teacht ar an iomaíocht maidir le húsáid talún talmhaíochta agus foraoisí ar an luas céanna leis an bhfás i ndaonra daonna an domhain, agus meastar go méadóidh sé ó 8 mbilliún inniu go 9,5 billiún faoi 2050;

AB.

de bhrí go bhfuil nasc díreach idir slándáil bia reatha agus fhadtéarmach an Aontais Eorpaigh agus uaillmhianta na Straitéise ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ agus na Straitéise Bithéagsúlachta; de bhrí gur leagadh amach roinnt tionscnamh tábhachtach sa Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, lena n-áirítear plean teagmhasach AE chun an soláthar bia agus an tslándáil bia a áirithiú i dtréimhsí géarchéime;

AC.

de bhrí go bhféadfadh uaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais córas bia AE a dhéanamh níos cothroime, níos sláintiúla agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, ós rud é go bhfuil slándáil bia AE agus domhanda ag brath ar chórais bhia athléimneacha agus inbhuanaithe sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma; de bhrí nach mór gurb é an éifeacht charnach a bheidh ag cur chun feidhme reachtaíochta a bhaineann leis an gComhaontú Glas ná acmhainneacht táirgeachta bia AE a chaomhnú, aistriú rianúil a bheith i gceist maidir le huainiú agus ceanglais araon agus gan spleáchas ar allmhairí ó thríú tíortha a mhéadú, rud a d’fhéadfadh slándáil bia in AE a chur i mbaol; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach cistiú poiblí leordhóthanach a chur i leataobh d’earnálacha na mbarr agus an bheostoic chun iad a chosaint ar éifeachtaí díobhálacha agus chun meath ar tháirgeadh bia AE a chosc;

AD.

de bhrí gur cheart go n-áiritheofaí le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais aistriú cothrom lena ráthaítear cosaint leormhaith d’fheirmeoirí, go háirithe feirmeoirí beaga agus meánmhéide, agus méideanna leordhóthanacha táirgí feirme sábháilte agus inacmhainne do thomhaltóirí, i gcomhréir le spriocanna fadtéarmacha athléimneachta agus inbhuanaitheachta AE; de bhrí go bhfuil slí bheatha inbhuanaithe do tháirgeoirí príomhúla, a bhfuil a n-ioncam fós tite ar gcúl, lárnach i mbainistiú inbhuanaithe na ngéarchéimeanna atá ann faoi láthair ar na margaí talmhaíochta agus chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach go marthanach;

AE.

de bhrí go raibh beagnach 34 % d’fheirmeoirí na hEorpa 65 nó níos sine in 2016; de bhrí gur ábhar mór imní i roinnt Ballstát é go rachaidh go leor feirmeoirí ar scor go luath amach anseo; de bhrí go bhfuil an athnuachan glúine ar cheann de na dúshláin is mó maidir le hearnáil talmhaíochta athléimneach agus córais bhia athléimneacha a bheith ann go leanúnach in AE; de bhrí, cé gur tosaíocht de chuid AE iad, nár leor na hiarrachtaí a rinneadh trí CBT go dtí seo chun cúrsaí a athrú agus, dá bhrí sin, go mbeidh gá le sraith níos leithne uirlisí beartais;

AF.

de bhrí go bhfuil feirmeoirí óga go háirithe nuálach, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí nua a úsáid; de bhrí, má thugtar luach saothair cuí dóibh, má spreagtar iad agus má tá siad cumhachtaithe, go bhfuil siad toilteanach infheistíochtaí a dhéanamh a d’fhéadfadh inbhuanaitheacht talmhaíochta, acmhainneacht táirgeachta agus iomaíochas a mhéadú; de bhrí go bhfuil nascacht le líonraí leathanbhanda ardacmhainneachta ríthábhachtach chun feirmeacha a nuachóiriú, chun táirgiúlacht a mhéadú agus chun éifeachtúlacht a fheabhsú; de bhrí go bhfuil gá le dreasachtaí chun oiliúint TF d’fheirmeoirí a chur chun cinn;

AG.

de bhrí go bhfuil an méadú géar agus suntasach ar phraghsanna domhanda leasacháin agus fuinnimh mar aon leis an méadú géar ar chostais ionchuir eile ag cruthú deacrachtaí d’fheirmeoirí agus ag bagairt ar tháirgeadh barr amach anseo agus, dá bhrí sin, ar shlándáil agus inacmhainneacht bia; de bhrí gur tháinig méadú 149 % ar phraghsanna leasacháin nítrigine i mí Mheán Fómhair 2022 i gcomparáid le praghsanna ar mhargadh leasacháin AE sa bhliain roimhe sin; de bhrí, i bhfianaise na géarchéime ionchuir agus fuinnimh atá ann faoi láthair, nach mór don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar staid eacnamaíoch fheirmeoirí na hEorpa;

AH.

de bhrí go gcruthaítear leis na dúshláin gheopholaitiúla atá ann faoi láthair nach éacht bhuan í an tslándáil bia, gur cheart táirgeadh bia na hEorpa a mheas mar earnáil straitéiseach agus gur cheart é a chaomhnú agus a neartú ina leith sin; de bhrí gur réamhchoinníoll é feidhmiú ceart an mhargaidh aonair Eorpaigh chun slándáil bia a áirithiú; de bhrí gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar gach bacainn taraife agus neamhtharaife san earnáil agraibhia; de bhrí go bhfuil limistéir thuaithe agus pobail thuaithe níos láidre, bríomhara, athléimneacha agus rathúla ríthábhachtach do shlándáil bia agus neamhspleáchas na hEorpa agus do rathúnas an Aontais Eorpaigh;

AI.

de bhrí go bhfuil an talmhaíocht an-tábhachtach do gheilleagar na réigiún is forimeallaí san Aontas, a mbíonn staid slándála bia an-leochaileach acu go minic; de bhrí, mar gheall ar chineál na slándála bia, go bhfuil na costais a bhaineann le freagairt tar éis an fhíorais níos airde ná na costais a bhaineann le hidirghabháil níos luaithe;

AJ.

de bhrí, más mian le AE díchobhsú, bochtaineacht bhia, gorta, corraíl shóisialta agus pholaitiúil i dtíortha eile a sheachaint, go gcaithfidh an tAontas fís a fhorbairt chun slándáil bia agus cothaithe a áirithiú in AE agus rannchuidiú le slándáil bia ar an leibhéal idirnáisiúnta;

AK.

de bhrí go gcailltear nó go gcuirtear amú 20 % den bhia ar fad a tháirgtear; de bhrí nach nach bhfuil sé d’acmhainn ag níos mó ná 36 mhilliún duine béile cuí a íoc gach dara lá; de bhrí go bhfuil an daonra is mó i ngátar ag méadú mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíoch atá ann faoi láthair;

AL.

de bhrí gur sainaithníodh cuideachtaí bia atá rannpháirteach i lóistíocht agus i ndáileadh mórdhíola, i dtáirgeadh agus i bpróiseáil thionsclaíoch ar mhórscála mar eintitis ríthábhachtacha ar gá a n-athléimneacht a neartú toisc go soláthraíonn siad seirbhísí bunriachtanacha; de bhrí gur eintitis ar mhaithe le leas an phobail iad margaí mórdhíola a sholáthraíonn seirbhís do limistéir ollmhóra réigiúnacha agus idir-réigiúnacha atá bunriachtanach chun táirgí talmhaíochta agus iascaigh úra agus meatacha a sholáthar don tomhaltóir deiridh agus a dháileadh ar an tomhaltóir deiridh agus a ráthaíonn a gcáilíocht agus a gcomhlíonadh le caighdeáin sláinte; de bhrí, thairis sin, go bhfuil a n-athléimneacht cruthaithe cheana féin ag na margaí mórdhíola agus go bhfuil ról ríthábhachtach acu trí leanúnachas an tsoláthair bia agus an dáilte bia a áirithiú le linn phaindéim COVID-19;

AM.

de bhrí nach raibh ach 11,9 % de bhainisteoirí feirme uile AE in 2020 faoi bhun 40 bliain d’aois, agus go raibh 33,2 % de bhainisteoirí feirme AE 65 bliana d’aois agus níos sine; de bhrí go bhfuil meánaois fheirmeoirí na hEorpa méadaithe go 57 mbliana d’aois; de bhrí go raibh 5,3 milliún feirm níos lú in AE in 2020 ná mar a bhí in 2005, laghdú 37 %; de bhrí gur tháinig laghdú 11,2 % ar líon na mbainisteoirí feirme idir 2016 agus 2020; de bhrí gur thaifead formhór Bhallstáit AE laghdú foriomlán ar líon na mbainisteoirí feirme;

AN.

de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag mná i gceantair thuaithe; de bhrí, d’fhonn cur i gcoinne an mheatha atá tuartha sna réimsí sin in AE, go bhfuil sé ríthábhachtach aitheantas agus infheictheacht a thabhairt do mhná dá gcuid oibre ar fheirmeacha agus dá gcomhúinéireacht ar fheirmeacha; de bhrí go bhfuil gá le gníomhaíochtaí agus bearta chun an bhearna idir na hinscní san earnáil agraibhia a dhúnadh, agus go bhfuil sé ríthábhachtach mná a rannpháirtiú sa phróiseas cinnteoireachta ar gach leibhéal agus pleananna agus beartais á bhforbairt;

Dúshláin maidir le slándáil bia an Aontais

1.

á thabhairt chun suntais athléimneacht na hearnála agraibhia le linn na ngéarchéimeanna le déanaí, a cumas feidhmiú slabhraí soláthair bia a choinneáil agus slándáil bia a áirithiú i gcúinsí an-deacair; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, gur nochtadh fadhbanna struchtúracha in earnáil talmhaíochta na hEorpa le paindéim COVID-19 agus le hionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin agus go bhfuil rioscaí suntasacha ag baint leo do mhargaí talmhaíochta na mBallstát, go háirithe iad siúd is gaire go geografach don chogadh; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gComhairle machnamh a dhéanamh, i gcomhthéacs athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil, ar dhlús a chur leis an bpróiseas chun tacaíocht CBT a chothromú chuig meán AE chun cumhacht a thabhairt d’fheirmeoirí sna Ballstáit nach bhfuil an próiseas sin curtha i gcrích go fóill iontu chun déileáil leis na dúshláin atá ann faoi láthair; á chur i bhfáth gur gá don Aontas Eorpach gníomhaíocht láithreach a dhéanamh chun an tslándáil bia a chosaint ar bhagairtí amhail an t-athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta; á chur i bhfios go láidir gur ríthábhachtach atá sé éiceachórais fheidhmiúla a dhaingniú agus an t-athrú aeráide a mhaolú le haghaidh infhaighteacht agus inacmhainneacht bia, agus le haghaidh slite beatha tuaithe freisin;

2.

á thabhairt chun suntais gur gá don Aontas a shlándáil bia, a neamhspleáchas straitéiseach agus athléimneacht a earnála feirmeoireachta agus a shlabhra soláthair ina iomláine a neartú trí spleáchas ar allmhairí ó lasmuigh den Aontas a laghdú agus trí éagsúlú a dhéanamh ar sholáthar allmhairí criticiúla táirgthe amhail leasachán, beatha agus amhábhair; ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart slabhraí soláthair a bheith ina n-uirlis gheopholaitiúil chun slándáil bia ar an leibhéal domhanda a dhíchobhsú agus a chur i mbaol, go háirithe sna tíortha is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus is leochailí; á chur i bhfáth gur cheart slabhraí soláthair gearra agus réigiúnacha a fheabhsú ar bhealach inbhuanaithe;

3.

á chur in iúl gur geal léi gur glacadh, i ngeall ar na cúinsí eisceachtúla atá ann faoi láthair, bearta sealadacha chun tacú le feirmeoirí AE, ar cheart iad a choinneáil má leanann ionradh na Rúise ar an Úcráin ar aghaidh; á chur i bhfáth go gcuirfidh na bearta sin ar chumas feirmeoirí táirgeacht talmhaíochta AE a mhéadú go hinbhuanaithe agus a ráthú go mairfidh feirmeacha le linn shéasúr buainte 2022-23, rud a rannchuideoidh le slándáil bia a chosaint; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún plean straitéiseach iomlánaíoch a thíolacadh gan mhoill chun slándáil bia a áirithiú do AE, lena bhféadfaí úsáid stoc straitéiseach bia a áireamh; á thabhairt chun suntais gur gá feabhas a chur ar chobhsaíocht i bhfianaise torthaí dothuartha mar gheall ar an athrú aeráide agus tosca eile, ar féidir iad a ghéarú trí amhantraíocht;

4.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún na hearnálacha is mó atá buailte ag an ngéarchéim a shainaithint agus gach beart is gá a dhéanamh chun go bhféadfar tacaíocht phráinneach agus níos substaintiúla a chur ar fáil dóibh;

5.

á chur i bhfáth go gcuireann spleáchas bia le féichiúnas na dtíortha atá i mbéal forbartha, rud a chuireann an méid atá bainte amach sa tslándáil bia i mbaol; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit meastóireacht ar na hacmhainní ar fad atá ar fáil chun aon mhainneachtain i gcomhardú íocaíochtaí na dtíortha is allmhaireoir bia a sheachaint, lena n-áirítear faoiseamh fiachais faoi choimirce tionscnamh idirnáisiúnta, cistiú díreach agus athstruchtúrú fiachais; á athdhearbhú a thábhachtaí atá maoiniú deontas-bhunaithe, go háirithe do na tíortha is lú forbairt;

6.

á chur in iúl gur geal léi an Creat géarchéime sealadach nua chun cabhrú le táirgeoirí Eorpacha déileáil le héifeachtaí an chogaidh san Úcráin, ach á chur i bhfios go láidir gur gá tacaíocht airgeadais nua a shainaithint chun slándáil bia na hEorpa agus tríú tíortha a áirithiú; á chur i bhfios go láidir staid chriticiúil mhargadh na muc agus an bhainne i roinnt Ballstát agus á iarraidh go dtabharfar tacaíocht airgeadais dhíreach agus láithreach do na hearnálacha sin;

7.

á mheabhrú gurb ann do phrionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt (CBF) a chumhdaítear in Airteagal 208 CFAE, ina sonraítear ‘go gcuirfidh an tAontas san áireamh cuspóirí an chomhair um fhorbairt sna beartais a chuireann sé chun feidhme ar dócha go ndéanfaidh siad difear do thíortha atá i mbéal forbartha’, agus a thábhachtaí atá sé comhleanúnachas a áirithiú idir beartais uile AE chun éifeachtacht an chomhair um fhorbairt a ráthú ar mhaithe le tíortha i mbéal forbartha agus chun éifeachtacht ghealltanas AE do shlándáil dhomhanda bia a mhéadú; á áitiú go bhfuil sé tábhachtach PCD a áirithiú don tslándáil bia chun rannchuidiú le cearta bunúsacha an duine a choimirciú agus géarchéimeanna daonnúla a chosc;

Talmhaíocht inbhuanaithe agus athléimneach

8.

á chur i bhfios go bhfuil tábhacht lárnach ag baint le hearnálacha na talmhaíochta agus an bhia sa gheilleagar agus maidir le deiseanna fostaíochta cuibhiúla agus inbhuanaithe a chur ar fáil le dálaí oibre sábháilte i gceantair thuaithe; á thabhairt dá haire go gcuireann costais mhéadaitheacha ar ionchuir feirme le costais táirgthe atá ard cheana féin agus go gcuireann siad ioncam feirmeoirí i mbaol; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún na bearta is gá chun slándáil pleanála táirgthe a sholáthar d’fheirmeoirí, chomh maith le hacmhainní agus ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais, lena bhféadfar táirgeadh bia a chothabháil agus, más gá, a mhéadú, córais feirmeoireachta inbhuanaithe a neartú, éagsúlacht bharra bia AE a mhéadú agus cáilíocht táirgí a mhéadú, agus ag an am céanna diúltú d’aithrisí saorga tionsclaíocha;

9.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún a áirithiú go mbeidh talamh feirme ar fáil go príomha le haghaidh táirgeadh inbhuanaithe bia agus beatha ós rud é go gcuireann an talamh sin le caomhnú na bithéagsúlachta agus go gcuireann sé le slándáil bia ag an am céanna agus gur féidir leis freisin spleáchas fuinnimh AE a laghdú; á chur i dtreis nach mór é sin a chur san áireamh sna tograí reachtacha ábhartha uile, nach mór a chur san áireamh iontu an gá atá le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus cailliúint na bithéagsúlachta a aisiompú, i gcomhréir leis an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ agus leis an Straitéis Bithéagsúlachta, agus gur gá slándáil fhadtéarmach bia a áirithiú agus a bheith i gcomhréir le cuspóirí CBT; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, dá bhrí sin, agus an Comhaontú Glas á chur chun feidhme, éagsúlacht na samhlacha talmhaíochta a áirithiú ar fud AE agus a áirithiú go gcothófar fiontraíocht agus gníomhaíocht talmhaíochta ar fud an Aontais ó thaobh straitéise de i dtéarmaí slándála bia;

10.

á iarraidh go dtabharfadh an Coimisiún aird ar leith ar shamhlacha feirmeoireachta atá thar a bheith éifeachtúil i limistéir ina bhfuil talamh talmhaíochta torthúil ina dtáirgtear bia ar bhealach inbhuanaithe; ag cur béim ar an ngá atá le coinníollacha sonracha cur chun feidhme don talmhaíocht i limistéir uirbeacha ina mbíonn costais níos airde agus dúshláin eile os comhair feirmeacha teaghlaigh;

11.

á thabhairt dá haire go bhfuil laghdú ollmhór tagtha ar an talamh atá ar fáil don talmhaíocht mar gheall ar uirbiú agus fás daonra domhanda atá ag méadú, agus gur féidir i bhfad níos mó a tháirgeadh ar níos lú talún trí dhiansaothrú inbhuanaithe nó trí fheirmeoireacht uirbeach;

12.

á thabhairt chun suntais go bhfuil acmhainneacht ag baint le feirmeoireacht ingearach le haghaidh táirgeadh bia atá neamhspleách ar an aimsir agus ar na séasúir, agus a d’fhéadfadh táirgeacht níos airde a bhaint amach le níos lú úsáide uisce agus lotnaidicídí; á iarraidh go dtabharfaí níos mó aitheantais don chleachtas sin i mbeartas AE, chomh maith le tionscnaimh chun infheistíochtaí i T&F don fheirmeoireacht ingearach a mhéadú;

13.

á mheabhrú nach mór go mbeadh sé éasca ag na geallsealbhóirí reachtaíocht a thacaíonn le talmhaíocht ísealcharbóin a chur chun feidhme, ar geallsealbhóirí iad a d’fhéadfadh cabhrú le slándáil bia na hEorpa a fheabhsú trína áirithiú go bhfaighidh feirmeoirí pá níos fearr agus, ag an am céanna, earnáil na talmhaíochta a chumasú chun ról tábhachtach a bheith aici maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú; á chur in iúl gur oth léi, mar sin féin, nár cuireadh laghdú astaíochtaí ar fheirmeacha san áireamh sa togra ón gCoimisiún agus nach raibh ach ceapadh san áireamh ann;

14.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé ceart na bpobal áitiúil chun slándála bia a chosaint agus a chur chun cinn; á chur in iúl gur saoth léi, sa chomhthéacs sin, go bhfuil grabáil talún ag teacht chun cinn in go leor tíortha, rud a bhaineann an bonn den bhiafhlaitheas; á iarraidh go ndéanfadh AE tacú go láidir le cosc a chur ar ghrabáil talún; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé próiseas ionchuimsitheach a sheoladh d’fhonn a áirithiú go mbeidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na pobail áitiúla rannpháirteach go héifeachtach i bhforbairt agus cur chun feidhme na mbeartas agus na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an ngrabáil talún agus san fhaireachán a dhéantar orthu; á iarraidh go ndéanfaí na Treoirlínte Deonacha maidir le Rialachas Freagrach ar Thionacht Talún (VGGT) a chur chun feidhme i ngach tionscadal lena gcuirtear cosaint ceart talún chun cinn, lena n-áirítear i dtrádáil, agus go ndéanfaí bearta freisin chun a áirithiú nach gcuirfidh tionscadail cearta talún feirmeoirí ar mhionscála i mbaol;

15.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún a áirithiú go ndéanfar breithnithe sóisialta agus timpeallachtaí fabhracha bia a chur chun cinn i gcreatdlí AE amach anseo maidir le córais bhia inbhuanaithe ina bhfuil roghanna bia sláintiúla agus inbhuanaithe ar na roghanna is mó atá ar fáil, is inacmhainne, is fógraithe agus is tarraingtí, agus go gcuirfidh sé slabhraí soláthair gairide agus tomhaltas táirgí áitiúla agus séasúracha chun cinn;

16.

á chur i bhfios go bhfuil ioncam feirme in AE fós níos lú ná leath an ollphá agus na n-olltuarastal in AE agus, dá bhrí sin, gur cheart cobhsaíocht eacnamaíoch a bhogadh suas sa chlár oibre i bhfianaise treochtaí boilscitheacha;

17.

á chur i bhfios go láidir nach mór luach an bhia a thuiscint freisin mar luach níos mó ná tráchtearra amháin ach gur ceart é do dhaoine nach mór seasamh leo, agus nach mór measúnú níos fearr a dhéanamh ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil agus ar sheachtrachtaí, nó gur gá iad a mhaolú nó a ghiaráil ar bhealach níos fearr de réir mar is gá;

18.

á thabhairt dá haire go bhféadfadh an Comhaontú Glas don Eoraip a bheith ina chloch mhíle san aistriú chuig geilleagar agus talmhaíocht atá níos glaise, níos inbhuanaithe agus níos athléimní; á chur i bhfios, áfach, go bhféadfadh éifeachtaí neamhbheartaithe a bheith ag roinnt de na bearta atá beartaithe, nach ndearnadh measúnú agus sainaithint cheart orthu fós ar leibhéal na feirme, go háirithe maidir leis an ngá atá le slándáil bia a áirithiú san fhadtéarma agus inmharthanacht feirmeacha, go háirithe feirmeacha beaga agus meánmhéide; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, dá bhrí sin, measúnú cuimsitheach ar thionchar carnach thograí reachtacha an Chomhaontaithe Ghlais ar earnáil feirmeoireachta AE ar bhealach iomlánaíoch agus córasach lena gcumhdaítear gach gné den inbhuanaitheacht, go háirithe gnéithe comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta, d’fhonn slándáil bia agus cothaithe, inmharthanacht feirmeacha agus táirgeadh talmhaíochta san Aontas a áirithiú; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún cás a sheachaint ina mbeadh feirmeoirí Eorpacha ag dul i ngleic le hiomaíocht éagórach ó allmhairí nach gcomhlíonann ár gcaighdeáin;

19.

á áitiú go bhfuil gá le bearta comhréireacha, aistriú cóir, creat ama oiriúnach le haghaidh oiriúnú agus sásra luacha saothair cothrom d’fhonn iomaíochas, táirgiúlacht agus athléimneacht shóisialta earnáil agraibhia AE a choinneáil;

20.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé d’acmhainn ag cleachtais agra-chomhshaoil-aeráide, amhail agrai-éiceolaíocht, agrafhoraoiseacht, bainistiú comhtháite lotnaidí (IPM), feirmeoireacht orgánach, feirmeoireacht bheacht agus feirmeoireacht charbóin, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin aeráide, bhithéagsúlachta, chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé infheistíochtaí éifeachtúla agus dea-spriocdhírithe a dhéanamh sa mhaolú, agus i mbearta oiriúnaithe, chun rioscaí a laghdú agus costais shuntasacha a sheachaint san fhadtéarma;

21.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún uirlisí níos fearr a chur ar fáil d’fheirmeoirí a chuirfidh ar a gcumas rannchuidiú níos mó leis an aistriú glas atá ar siúl faoi láthair; á chur i bhfios, i bhfianaise an mhéid sin, nach mór d’fheirmeoirí a bheith in ann rannchuidiú (thar féintomhaltas) le táirgeadh fuinnimh, go háirithe fuinneamh in-athnuaite, in AE, chun fíorspreagadh a thabhairt d’fhorbairt an gheilleagair chiorclaigh agus do chleachtas an fhuinnimh ghlain; á chreidiúint, thairis sin, gur gá go mbeadh feirmeoirí agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha rannpháirteach i limistéir oiriúnacha a ainmniú;

22.

á chur i bhfáth go n-áirítear leis an tslándáil bia freisin sábháilteacht bia agus cothú, agus gur cheart í a fheiceáil i bpeirspictíocht ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach;

23.

á iarraidh go gcuirfí san áireamh an nasc idir an tsláinte phoiblí agus an bhithéagsúlacht, i gcomhréir leis an gcur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’;

24.

á iarraidh go ndéanfaí prionsabal na hAon Sláinte Amháin a chur i bhfeidhm go docht, lena nasctar saincheisteanna sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus saincheisteanna comhshaoil, i ngach beartas a dhéanann difear d’infhaighteacht agus inrochtaineacht bia; á chur i bhfáth nár cheart sábháilteacht bia a chur i mbaol riamh agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé beartais a stiúradh ar bhealach cóir agus cothrom go socheacnamaíoch i dtreo bia cothaitheach, inacmhainne a chur chun cinn, ar bia é a tháirgtear ar bhealach inbhuanaithe don fhadtéarma, i gcomhréir le caomhnú na bithéagsúlachta agus le réitigh agrai-éiceolaíocha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá lipéadú cuí agus trédhearcach lena n-éascaítear roghanna sláintiúla do thomhaltóirí;

Athnuachan ó ghlúin go glúin:

25.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an laghdú atá tagtha ar líon na bhfeirmeacha agus na mbainisteoirí feirme in éineacht le meánaois mhéadaithe fheirmeoirí na hEorpa; ag cur béim ar an bhfíoras gurb é athnuachan glúine an phríomhthosaíocht san fhadtéarma chun slándáil bia na hEorpa a áirithiú;

26.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún straitéis uaillmhianach, chuimsitheach AE a fhorbairt maidir le hathnuachan glúine in earnáil na talmhaíochta, arb é is aidhm di líon na bhfeirmeoirí óga a mhéadú, a n-inniúlachtaí agus a scileanna a fheabhsú, go háirithe chun leas iomlán a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an bhfeirmeoireacht chliste agus leis an intleacht shaorga; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún ‘seiceáil shocheacnamaíoch d'fheirmeoirí óga’ a áireamh sa reachtaíocht talmhaíochta, aeráide nó chomhshaoil uile atá ar na bacáin;

27.

á chur i bhfios gur príomhthosca iad easpa rochtana ar thalamh, luach saothair neamhleor nach gceadaíonn maireachtáil chuibhiúil, deiseanna fostaíochta neamh-fheirme níos fearr agus ualach rialála atá ag dul i méid, lena mínítear cén fáth a mbraitheann níos mó agus níos mó feirmeoirí go gcaithfidh siad an earnáil a fhágáil agus an fáth nach bhfuil fonn ar mórán daoine dul i mbun feirmeoireachta; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh foinse intuartha ioncaim ag feirmeoirí agus gur féidir leo maireachtáil óna ngníomhaíocht;

28.

ag tarraingt aird ar an ngá atá le borradh a chur faoin infheistíocht, lena n-áirítear an digitiú; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, sa chomhthéacs sin, treoirlínte a tharraingt suas i ndlúthchomhar leis na Ballstáit arb é is aidhm dóibh sineirgí a éascú idir sraitheanna cistiúcháin CBT agus sraitheanna cistiúcháin den bheartas comhtháthaithe;

29.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún gníomhaíochtaí a bhaineann le slándáil bia a chur in iúl go comhsheasmhach agus ar bhealach comhordaithe; á mheabhrú go ndéanfadh an Coimisiún meastóireacht ar na tionchair ar nósanna imeachta agus ar shlándáil bia ina thogra reachtach;

Straitéis próitéine an Aontais

30.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún straitéis chuimsitheach AE maidir le próitéin agus beatha a thíolacadh nach mór bearta éifeachtacha a áireamh inti chun táirgeadh Eorpach a mhéadú sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma; á chreidiúint gur cheart don straitéis sin díriú ar tháirgeadh intíre chun lántairbhe a bhaint as a hacmhainneacht agus chun spleáchas ar allmhairí ó thríú tíortha a laghdú; á chreidiúint, ar an gcaoi chéanna, nach mór ioncam na bhfeirmeoirí ó tháirgeadh inbhuanaithe a choimirciú nó a mhéadú leis an straitéis;

31.

á mheas gur cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an acmhainneacht a bhaineann leis na sineirgí le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite an Aontais a uasmhéadú chun infhaighteacht beatha ardleibhéal próitéine a mhéadú; á chur i bhfios go láidir go ndéantar pobail a nochtadh do luaineachtaí margaidh domhanda mar gheall ar spleáchas ard ar allmhairí bia agus beatha; á chur i bhfáth gur gá, mar gheall ar shuaitheadh ar shlabhraí táirgthe domhanda agus ar luaineacht mhéadaithe praghsanna, neamhspleáchas straitéiseach oscailte a fhorbairt don Aontas agus é mar aidhm leis sin rochtain ar phríomh-mhargaí a áirithiú agus spleáchas ar allmhairiú earraí criticiúla amhail foinsí próitéine atá bunaithe ar phlandaí agus beatha a laghdú;

Teicnící nua maidir leis an saothrú

32.

á aithint a thábhachtaí atá sé barra a dhéanamh níos athléimní i gcoinne an athraithe aeráide agus pataiginí nua, agus an táirgeacht a mhéadú agus a choinneáil sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, go háirithe i bhfianaise na dtriomach agus na nganntanas uisce atá ag cur isteach ar líon méadaitheach Ballstát AE; á chur i bhfáth go bhfuil sé sin ag brath ar athbhunú agus caomhnú na bithéagsúlachta, sláinte na hithreach, úsáid modhanna agrai-éiceolaíocha agus orgánacha, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá slándáil agus éagsúlacht síolta; á chur i bhfáth gur gá go mbeadh rochtain ráthaithe ag póraitheoirí agus ag feirmeoirí ar shíolta ardcháilíochta de chineálacha plandaí atá curtha in oiriúint do bhrúnna na gcóras feirmeoireachta athraithe aeráide agus íseal-ionchuir, lena n-áirítear cineálacha traidisiúnta agus cineálacha atá oiriúnaithe go háitiúil agus ábhar ilchineálach; á chur i bhfáth gur gá rochtain ráthaithe a bheith acu ar na hacmhainní géiniteacha is gá chun tuilleadh pórúcháin a dhéanamh;

33.

á chur i bhfios go n-éilíonn cleachtais saothraithe nuálacha atá tíosach ar acmhainní i dtimpeallachtaí rialaithe, iata soláthar slán d’amhábhair sna damhnaí fáis; á chreidiúint gur cheart táirgeadh agus soláthar na n-ábhar sin in AE a ráthú;

34.

á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le húsáid spriocdhírithe agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar theicnící pórúcháin nua sa talmhaíocht; á iarraidh go ndéanfadh AE dlús a chur le glacadh reachtaíochta maidir le húsáid teicnící pórúcháin nua i gcomhpháirtíocht leis na Ballstáit, agus prionsabal an réamhchúraim á chomhlíonadh ag an am céanna chun táirgeacht a mhéadú go hinbhuanaithe agus barra a dhéanamh níos athléimní i gcoinne an athraithe aeráide agus pataiginí nua, go háirithe i bhfianaise orgánach díobhálach, triomach, tuilte, ganntanas uisce agus dálaí adhaimsire eile a dhéanann dochar do líon méadaitheach Ballstát AE; á chur i bhfios gur féidir le teicnící pórúcháin nua talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn, rud nach féidir a dhéanamh gan nuálaíocht;

35.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go dtabharfar torthaí an taighde isteach i gcleachtais feirmeoireachta ós rud é go mbeadh ról tábhachtach aige sin chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, trí thalmhaíocht níos inbhuanaithe a fhorbairt, lena n-áirítear trí roghanna malartacha a thabhairt d’fheirmeoirí na hEorpa chun úsáid leasachán sintéiseach agus lotnaidicídí a laghdú;

36.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé rochtain chomhionann a thabhairt ar nuálaíochtaí teicneolaíochta agus eolaíocha lenar féidir feabhas a chur ar fhrithsheasmhacht cineálacha a fheabhsú agus éagsúlacht na n-acmhainní géiniteacha agus na gcóras táirgthe bia a chothú, i gcomhréir le rialacháin an Aontais maidir le sábháilteacht bia;

37.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ceart agus níos fearr ar éifeachtaí na n-orgánach géinmhodhnaithe ar shláinte, ar bhithéagsúlacht agus ar chuimsiú sóisialta, agus ar shaoirse rogha na bhfeirmeoirí agus na dtomhaltóirí;

38.

á iarraidh go ndéanfar anailís chuimsitheach ar na héifeachtaí socheacnamaíocha agus comhshaoil ar chóras bia paitinní ar phróisis phórúcháin, ar ábhar iomadaithe plandaí agus ar chodanna díobh, lena n-áirítear a n-acmhainneacht chun comhchruinniú margaidh agus monaplacht sa bhiashlabhra a mhéadú, chomh maith lena dtionchar ar inacmhainneacht agus infhaighteacht bia;

39.

á chreidiúint gur bearta tábhachtacha iad cur i bhfeidhm spriocdhírithe teicnící géanómaíocha nua agus formheas síolta a úsáideann na teicnící sin in AE chun an talmhaíocht a dhéanamh inbhuanaithe i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na Straitéise ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’;

40.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún idirphlé uile-Eorpach a chur chun cinn maidir leis na deiseanna a chuirtear ar fáil trí mhodhanna pórúcháin nua chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus chun oideachas a chur ar an bpobal faoi na difríochtaí idir plandaí trasghineacha agus modhanna pórúcháin nua;

41.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá slándáil síolta agus éagsúlacht síolta agus go háirithe próitéiní plandaí a fhástar san Aontas chun bia agus beatha a tháirgeadh a fhoinsítear go háitiúil agus a bhfuil ardluach cothaitheach ag baint leis, agus rochtain á tabhairt ag an am céanna d’fheirmeoirí ar shíolta d’ardchaighdeán le haghaidh cineálacha plandaí atá curtha in oiriúint do bhrúnna an athraithe aeráide agus do chórais feirmeoireachta íseal-ionchuir, lena n-áirítear cineálacha traidisiúnta agus cineálacha atá oiriúnaithe go háitiúil agus ábhar ilchineálach;

42.

á iarraidh nach ndéanfadh AE agus a Bhallstáit paitinní a dheonú ar ábhar bitheolaíoch; á iarraidh go ndéadfaidís an tsaoirse chun oibriú agus díolúine ó phóraitheoirí le haghaidh cineálacha a choimirciú;

Intleacht shaorga agus bainistiú beacht barr

43.

ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir le teicneolaíochtaí digiteacha agus le bainistiú beacht barr réitigh réamhbhreathnaitheacha a sholáthar ar phríomhdhúshláin toisc gur féidir leo faireachán a dhéanamh ar dhífhoraoisiú, úsáid lotnaidicídí, leasachán agus tomhaltas uisce sa talmhaíocht a laghdú, táirgeacht a mhéadú agus feidhmíocht eacnamaíoch agus chomhshaoil a fheabhsú; á chur i bhfios gur minic a bhaineann costais arda infheistíochta tosaigh leis na teicneolaíochtaí sin agus go bhfuil gá, dá bhrí sin, le réitigh oiriúnacha agus cistiú breise d’fheirmeoirí chun iad a dhéanamh inacmhainne agus inrochtana d’fheirmeacha teaghlaigh agus d’fheirmeacha beaga; á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh rochtain ag feirmeoirí beaga ar na teicneolaíochtaí sin agus go gcoimeádann feirmeoirí na cearta ar a gcuid sonraí i gcónaí;

44.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún dlús a chur le húsáid na nuálaíochta digití inbhuanaithe chun talmhaíocht AE a nuachóiriú, chun cur ar chumas feirmeoirí a n-acmhainneacht iomlán táirgthe a bhaint amach agus a n-ioncam a choimirciú i gcomhthéacs an aistrithe ghlais, lena n-áirítear trí thimthriall barrfheabhsaithe cothaitheach, agus cuimsiú digiteach á áirithiú ag an am céanna; á chur i bhfáth gur féidir leis na teicneolaíochtaí nua sin réitigh mhalartacha a chur ar fáil d’fheirmeoirí na hEorpa a chuidíonn leo ceanglais nua a chomhlíonadh, go háirithe maidir le lotnaidicídí agus le hionchur a laghdú;

45.

á thabhairt chun suntais gur féidir le sonraí spáis agus teicneolaíochtaí intleachta saorga a bheith ina bhfoinse faisnéise luachmhaire don talmhaíocht agus don bhiashlabhra ina iomláine, le teicneolaíocht lena gcumasaítear gluaiseacht faisnéise ón táirgeoir go dtí an tomhaltóir agus a mhalairt, feabhas a chur ar oibriú an tslabhra luacha ina iomláine, cur amú a laghdú agus costais lóistíochta a ísliú; á chur i bhfios, áfach, nach féidir ach úsáid an-teoranta a bhaint as faoi láthair, ós rud é, i bhformhór na gcásanna, nach bhfuil sé ar fáil saor in aisce nó go bhfuil sé róchasta lena húsáid ag feirmeacha nó ag údaráis áitiúla; á iarraidh go ndéanfaí úsáid agus infhaighteacht na sonraí agus na dteicneolaíochtaí sin a mhéadú chun cabhrú le feirmeoirí trí na haistrithe glasa agus digiteacha agus athléimneacht thalmhaíocht AE a áirithiú; á iarraidh go ndéanfaí spás sonraí slán iontaofa a fhorbairt chun go mbeidh an earnáil feirmeoireachta in ann sonraí a chomhroinnt agus rochtain a fháil orthu, rud a chuirfeadh feabhas ar fheidhmíocht eacnamaíoch agus chomhshaoil sa réimse;

Lóistíocht

46.

á iarraidh go ndéanfadh AE aitheantas a thabhairt don tábhacht straitéiseach a bhaineann le lárionaid lóistíochta, go háirithe na margaí mórdhíola, mar chuid lárnach agus chomhlántach de tháirgeadh talmhaíochta príomhúil, nach mbeadh feirmeoirí agus cuideachtaí iompair in ann soláthar comhsheasmhach a áirithiú a fhreastalaíonn ar riachtanais na dtomhaltóirí dá n-uireasa;

47.

á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht i mbonneagar le haghaidh saoráidí iompair agus stórála níos inbhuanaithe do tháirgí feirme úra nó do tháirgí feirme eile, rud a chabhraíonn freisin le cur amú bia agus lorg comhshaoil na hearnála a laghdú; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go ndéanfadh AE difríochtaí réigiúnacha a aithint, táirgeadh bia áitiúil a spreagadh agus limistéir inar tearc an daonra agus a riachtanais a chur san áireamh;

Lotnaidicídí

48.

á aithint gur éileamh sochaíoch tábhachtach iad rialacha nua chun riosca agus úsáid lotnaidicídí san Aontas a laghdú d’fhonn córas bia níos cothroime, níos sláintiúla agus níos fónta ó thaobh an chomhshaoil de a bheith ann i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip;

49.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na bpailneoirí ar fud na hEorpa agus á thabhairt chun suntais go bhfuil géarghá le beacha agus pailneoirí a chosaint, go háirithe trí rialú bitheolaíoch lotnaidí a chur chun cinn agus trí úsáid agus riosca lotnaidicídí a laghdú; á thabhairt chun suntais, áfach, gur thíolaic an Coimisiún togra reachtach ina bhfuil spriocanna ceangailteacha laghdaithe maidir le lotnaidicídí, lena n-áirítear toirmeasc ar a n-úsáid i limistéir íogaire, mar a thugtar orthu, gan roghanna malartacha rialaithe lotnaidí atá inacmhainne agus éifeachtach go leor a thairiscint d’fheirmeoirí nó ag cur san áireamh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an easpa uirlisí chun plandaí a chosaint ar orgánaigh dhíobhálacha ar shlándáil bia AE, ar a spleáchas ar allmhairí ó thríú tíortha agus ar an gcumas sláinte chuí plandaí a choinneáil; á thabhairt chun suntais nach gcuirtear sainiúlachtaí réigiúnacha thalmhaíocht na hEorpa san áireamh sa togra seo agus nach n-áirítear ann measúnú tionchair foriomlán a bhfuil tionchair chainníochtaithe aige ar tháirgeadh bia, ar iomaíochas fheirmeoireacht AE, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar fheirmeoirí, ar spleáchais ar allmhairí bia, ar phraghsanna bia agus ar leathadh orgánach díobhálach; á mheabhrú go bhfuil srian ar úsáid lotnaidicídí i réimsí íogaire á rialú cheana féin i reachtaíocht roinnt Ballstát;

50.

á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag IPM maidir le spleáchas lotnaidicídí a laghdú agus ag tathant ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go cuí é; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún a áirithiú go dtabharfar tacaíocht airgeadais d’fheirmeoirí agus trí mhodhanna eile chun aistriú i dtreo na gcleachtas sin;

51.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an sainmhíniú débhríoch atá ag an gCoimisiún ar ‘limistéir íogaire’ agus an chaoi a n-úsáidfear táirgí cosanta plandaí sna limistéir sin, a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis, i gcleachtas, le laghdú ar tháirgeadh talmhaíochta agus, dá bhrí sin, laghdú ar ioncaim feirmeoirí agus, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, feirmeacha barr beaga agus meánmhéide a bheith ag imeacht, baol méadaithe go dtréigfí feirmeacha, méadú ar iomaíocht éagórach, ardú ar phraghsanna bia agus fás ar allmhairí ó thríú tíortha, a bhfuil tionchar díreach acu ar shlándáil bia;

52.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún a áirithiú go mbeidh táirgí cosanta plandaí éifeachtacha leordhóthanacha ar fáil trí dhlús a chur leis an údarú agus moilleanna a sheachaint, bosca uirlisí leormhaith i gcoinne lotnaidí agus galar a cheadú, agus cur chuige eolaíochtbhunaithe agus comhchuibhithe a áirithiú maidir le rochtain ar tháirgí cosanta plandaí ar fud AE;

53.

á thabhairt chun suntais go mbeidh táirgí cosanta plandaí éifeachtacha leordhóthanacha fós fíor-riachtanach chun barra a chosaint ar lotnaidí agus galair nua chun caillteanais táirgthe bia a sheachaint; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh srianta breise ar infhaighteacht táirgí cosanta plandaí an bonn a bhaint de na hiarrachtaí a rinneadh chun cur chuige iomlánaíoch IPM a chur chun feidhme;

54.

ag cáineadh chaighdeáin dhúbailte AE maidir le lotnaidicídí, lena gcumasaítear substaintí guaiseacha a bhfuil toirmeasc orthu in AE a onnmhairiú ó AE; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún cómhalartacht a áirithiú i gcomhaontuithe trádála idirnáisiúnta, go háirithe i gcás talmhaíocht agus táirgí talmhaíochta, agus dea-shampla a thabhairt trína áirithiú nach n-onnmhairítear lotnaidicídí guaiseacha a bhfuil toirmeasc orthu in AE chuig tíortha comhpháirtíochta, agus ar an gcaoi sin nach nglacfar le hiarmhair lotnaidicídí a bhfuil toirmeasc orthu i mbia ar mhargadh AE agus trí shásra forfheidhmithe na gcaibidlí maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe (TSD) a neartú;

Oiliúint agus comhroinnt eolais

55.

á iarraidh go dtabharfadh an Coimisiún dá aire a thábhachtaí atá oiliúint ghníomhach ar feadh an tsaoil d’fheirmeoirí agus tacaíocht do chleachtais nua maolaithe agus talmhaíochta chun tarraingteacht earnáil na talmhaíochta agus na limistéar tuaithe a mhéadú; á chur i bhfáth go bhféadfadh comhroinnt agus aistriú eolais idir piaraí maidir le saincheisteanna amhail bainistiú talún, oiriúnú don athrú aeráide agus maolú an athraithe aeráide, cleachtais agrai-éiceolaíocha agus slabhraí luacha cothroma agus athléimneacha a bheith ina bpríomhfhachtóir chun táirgeadh agraibhia níos inbhuanaithe a chothú agus táirgiúlacht talmhaíochta á cosaint ag an am céanna;

Slabhra soláthair bia

56.

ag cur béim ar an bhfíoras nach mór don Choimisiún bearta breise a dhéanamh chun biashlabhra níos athléimní, níos trédhearcaí agus níos cothroime a fhorbairt, go háirithe trí sheasamh na dtáirgeoirí príomhúla sa slabhra soláthair bia ina iomláine a neartú; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit agus an Coimisiún forfheidhmiú éifeachtach na Treorach maidir le Cleachtais Éagóracha Trádála a áirithiú agus machnamh a dhéanamh ar bhearta chun amhantraíocht bia a chomhrac; á mheas gur féidir le heagraíochtaí táirgeoirí, ar féidir comharchumainn a áireamh iontu, cabhrú le ról feirmeoirí mar úinéirí gnó sa bhiashlabhra a neartú, luach a chur leis trí bhearta nuálacha agus na costais táirgthe a bharrfheabhsú trí sheirbhísí agus ceannacháin a chomhthiomsú;

57.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le lánúsáid a bhaint as scéimeanna scoile chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag leanaí díothacha ar bhia; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil cláir soláthair phoiblí úsáideach chun tacaíocht phoiblí a chothú do cheannach ó shealbhóirí beaga agus ó tháirgeoirí áitiúla agus bia cothaitheach á fhoinsiú lena dháileadh, rud a d’fhéadfadh neamhshlándáil an tsoláthair bia a chosc;

Mná i réigiúin tuaithe

58.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an bhearna idir na hinscní san earnáil agraibhia a dhúnadh trí infheistíocht a dhéanamh i mná agus trí bhearta a chur chun cinn chun níos mó ban a mhealladh chuig an earnáil; á chur i bhfios gur gá tacú le fiontraíocht, fostaíocht agus ionadaíocht pholaitiúil na mban; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go gcuirfear gné na hinscne san áireamh i mbainistiú na slándála bia agus go n-áiritheofar rannpháirtíocht na mban sna próisis chinnteoireachta ina leith sin;

59.

á chur i bhfáth go gciallaíonn inbhuanaitheacht cothromaíocht a bhaint amach idir forbairt eacnamaíoch, tionchair chomhshaoil agus comhionannas sóisialta, lena n-áirítear ceartas inscne; á thabhairt chun suntais na drochthionchair inscne a bhíonn ag méadú ar neamhshlándáil bia, ós rud é gur gnách le mná laghdú siar a dhéanamh ar a dtomhaltas bia in aimsir an ghanntanais bia agus gurb ionann mná agus cailíní agus 60 % den tearcchothaithe; ag tabhairt dá haire go n-oibríonn 60 % de mhná atá ina gcónaí san Afraic Fho-Shahárach in earnáil na talmhaíochta agus go bhfuil siad an-leochaileach i leith éifeachtaí aeráide, atá ag athrú, ar a slándáil bia agus uisce;

Straitéis leasacháin

60.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil earnáil na leasachán ríthábhachtach chun slándáil bia a ráthú ar fud an domhain; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh straitéis san áireamh sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hinfhaighteacht agus inacmhainneacht leasachán a áirithiú (COM(2022)0590) chun cabhrú le feirmeoirí costais an-ard a sheasamh; á mheas, áfach, cé go bhfuil moltaí beartais bailí áirithe ann sa mheántéarma agus san fhadtéarma, nach n-áirítear sa teachtaireacht bearta chun spleáchas ar ionchuir sheachtracha atá ag éirí níos costasaí a laghdú, céimeanna nithiúla a leagan amach agus bearta leordhóthanacha láithreacha a mholadh chun tacú le feirmeoirí le linn na géarchéime reatha, a bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith acu do shlándáil bia; á chur i bhfáth, ina leith sin, a thábhachtaí atá an t-athbhreithniú a dhéanfar go luath ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI);

61.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún fís fhadtéarmach a leagan amach chun uathriail straitéiseach a bhaint amach i leasacháin chun an tionscal a dhreasú chun atreorú chuig modhanna táirgthe níos inbhuanaithe; á chur i bhfáth gur féidir le cleachtais feirmeoireachta agus foinsí malartacha cothaitheach feabhas a chur ar thimthriallta cothaitheach agus an spleáchas ar leasacháin cheimiceacha a laghdú, agus ar an gcaoi sin an spleáchas ar allmhairí leasacháin a laghdú; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, gur gá tuilleadh tacaíochta a thabhairt don taighde agus don nuálaíocht ar leibhéal an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras, chun táirgeadh bia a áirithiú san fhadtéarma, gur cheart acmhainní atá ar fáil go héasca agus a tháirgtear laistigh de AE, amhail leasacháin orgánacha, a úsáid agus a fhorbairt a mhéid is féidir;

62.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún na teorainneacha maidir le húsáid leasachán nítrigine a dhíorthaítear ó aoileach ainmhithe a ardú, e.g. RENURE(REcovered Nitrogen from manURE) [nítrigin aisghafa ó aoileach], díleáiteán ó bhithdhramhaíl agus aon fhoinse éifeachtach agus fíoraithe eile; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, idir an dá linn, maolú sealadach a cheadú chun costas leasachán a laghdú, agus forálacha creata fadtéarmacha á lorg ag an am céanna chun geilleagar ciorclach ar fheirmeacha a chur chun cinn agus spleáchas ar acmhainní tríú tíortha a laghdú; á chur i bhfios gur cheart go n-áireofaí ar na bearta fadtéarmacha sin straitéisí idirghabhála feirme a tharraingt suas, lena n-áirítear tosca a bhaineann le pleananna bainistithe cothaitheach, téarnamh ithreach, feirmeoireacht bheacht, feirmeoireacht orgánach agus úsáid barr léagúmach i scéimeanna uainíochta barr, agus go mbeadh idirthréimhse leordhóthanacha agus chothrom ag gabháil leo;

63.

á aithint nach mór rochtain a bheith ag tionscal an leasacháin san Aontas ar na hamhábhair is gá chun leasacháin a tháirgeadh laistigh den Aontas agus chun a áirithiú nach gcuirfear ionchais maidir le buaint an Aontais i mbaol;

64.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún príomhchothaithigh amhail fosfáit agus potais a aimsiú ó thionscnaimh eile agus á iarraidh go gcuirfí dlús leis an bpróiseas sin chun ganntanais a bheidh ann amach anseo a thuar;

Caillteanas agus cur amú bia a chomhrac

65.

á athdhearbhú go gcailltear nó go gcuirtear amú thart ar aon trian den bhia uile a tháirgtear ar fud an domhain ag céim éigin sa slabhra soláthair bia ón bhfeirm go dtí an forc; ag tarraingt aird ar an bhfíoras gur féidir caillteanas bia agus cur amú bia a sheachaint má chuirtear cur chuige iomlánaíoch chun feidhme, lena n-áirítear bearta maidir le pacáistiú inbhuanaithe agus in-athchúrsáilte a úsáid, agus má dhéantar galair ainmhithe a chosc agus a bhainistiú; á chreidiúint gur féidir caillteanas agus cur amú bia a íoslaghdú freisin má dhéantar bearta chun láithreacht pataiginí i mbia a laghdú, mar shampla trí shláinteachas cuí a áirithiú agus teicneolaíochtaí feabhsaithe a úsáid feadh an tslabhra luacha ina iomláine;

66.

á chur i bhfios go láidir na héifeachtaí dearfacha a d’fhéadfadh a bheith ag tacaíocht do tháirgeadh áitiúil agus do thomhaltas táirgí séasúracha áitiúla ó shlabhraí soláthair bia atá gearr agus fíor, maidir le cur amú bia a laghdú; á chur i bhfáth na héifeachtaí dearfacha i ndáil leis sin a bhaineann le hoideachas tomhaltóirí ar an méid sin; á mheabhrú go gcuirfeadh laghdú cur amú bia go mór le slándáil bia ar fud an domhain; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, dá bhrí sin, feachtais a chur chun cinn chun feasacht a mhúscailt i measc táirgeoirí, tomhaltóirí agus miondíoltóirí maidir lena thábhachtaí atá sé gach cineál dramhaíola bia agus iarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na dramhaíola sin a sheachaint; á iarraidh go dtacódh an Coimisiún leis na Ballstáit cláir éifeachtacha chun cur amú bia a chosc, a chur chun feidhme; á chur i bhfáth gur cheart do na Ballstáit feabhas a chur freisin ar thomhas méideanna dramhaíola bia agus faireachán a dhéanamh ar dhramhaíl bia ar fud an tslabhra soláthair; á iarraidh go ndéanfadh ollmhargaí, go háirithe, aghaidh a thabhairt go práinneach ar an tsaincheist maidir le cur amú bia inchoiscthe trí roghanna malartacha, mar shampla oibriú le tionscadail pobail áitiúla, amhail bainc bhia, chun bochtaineacht agus neamhshlándáil bia áitiúil a mhaolú;

67.

á mheas go bhfuil sé práinneach go ndéanfaí na bearta is gá chun athrú a dhéanamh ar an tuiscint ar ‘táirgí bia neamhfhoirfe’ i.e. na táirgí bia sin a bhfuil cuma orthu nach gcomhlíonann siad caighdeáin an mhargaidh fiú mura ndéanann sé sin difear dá mblas nó dá luach cothaitheach, agus don reachtaíocht maidir leis na dátaí tomhaltais ar fearr roimhe/úsáid tosaíochta ar lipéid bhia a leasú;

68.

á chur i bhfios go measann OIE go gcailltear thart ar 20 % de tháirgeadh bia ar fud an domhain mar gheall ar ghalair in ainmhithe feirmshaothraithe agus, dá bhrí sin, go bhfuil laghdú ar mhinicíocht na ngalar sin ar cheann de na tosaíochtaí atá le cur san áireamh chun an domhan mór a bheathú;

Bithbhreoslaí

69.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún cás réalaíoch maidir le táirgeadh bithbhreosla a fhorbairt ina gcuirfear straitéis próitéine AE san áireamh, ós rud é go gcuirfí deireadh le fotháirgí próitéinsaibhir dá gcuirfí deireadh le táirgeadh bithbhreosla freisin, rud a chuirfeadh go mór leis an ngéarchéim bia seachas cuidiú leis an ngéarchéim bia a mhaolú; á iarraidh go ndéanfadh AE tosaíocht a thabhairt do tháirgeadh bia thar tháirgeadh bithbhreosla bunaithe ar bharra;

70.

á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag feirmeoirí i dtáirgeadh fuinnimh in-athnuaite san Aontas agus gur gá deireadh a chur leis na teorainneacha atá ann faoi láthair maidir le féintomhaltas chun go bhféadfar rannchuidiú go nithiúil le forbairt dea-chleachtas don gheilleagar ciorclach agus do tháirgeadh fuinnimh ghlain;

Beostoc

71.

á iarraidh go mbeadh an Coimisiún, na Ballstáit agus na gníomhaithe eacnamaíocha ag smaoineamh go straitéiseach ar áit na feirmeoireachta beostoic inbhuanaithe i gcríocha uile na hEorpa, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar a ról sa timthriall nítrigine agus ar sholáthar leasuithe orgánacha ar bharra, ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as gach cineál ithreacha talmhaíochta agus ar aiste bia éagsúlaithe agus chothrom a chur chun cinn; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit cistiú poiblí leordhóthanach a chur i leataobh do na hearnálacha talmhaíochta uile chun éifeachtaí díobhálacha a chosc, lena n-áirítear meath ar tháirgeadh bia AE a d’fhéadfadh slándáil bia a chur i mbaol;

72.

á mheabhrú a thábhachtaí atá córas ardchaighdeáin leasa ainmhithe, lena n-áirítear iompar agus marú; á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú atá beartaithe ar reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe, lena n-áirítear an reachtaíocht atá ann cheana maidir le leas ainmhithe a thabhairt cothrom le dáta agus an gá atá le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíochta neartaithe agus nua atá sonrach do speicis, ós rud é go bhfuil easpa cur chun feidhme agus forfheidhmithe éifeachtaigh ann ar an iomlán maidir leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an dul chun cinn is déanaí in eolaíocht leasa ainmhithe a chur san áireamh agus freagairt d’éilimh phoiblí, pholaitiúla agus mhargaidh maidir le caighdeáin níos airde leasa ainmhithe agus maidir le córais tithíochta beostoic agus cleachtais táirgthe a thabhairt cothrom le dáta;

Acmhainní nádúrtha

73.

á thabhairt chun suntais go rannchuidíonn feirmeoireacht níos inbhuanaithe agus níos éifeachtúla le slándáil bia lena gcaomhnaítear acmhainní nádúrtha amhail ithir, uisce agus foraoisí agus a bhaineann leas as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an mbithfhuinneamh inbhuanaithe agus leis an mbithgheilleagar inbhuanaithe; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a áirithiú lena mbainfear cothromaíocht amach agus lena gcruthófar sineirgí agus reachtaíocht a bhaineann le hearnáil na talmhaíochta á cur chun feidhme;

74.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún clár sonrach a bhunú chun tacú leis na Ballstáit feabhas a chur ar bhainistiú uisce sa talmhaíocht, coigilteas uisce agus acmhainn stórála uisce trí shaoráidí uiscithe atá ann cheana a chomhlánú, a nuachóiriú agus a bharrfheabhsú agus bonneagar nua a chur chun cinn, agus na rialacha comhshaoil is infheidhme á gcomhlíonadh agus acmhainn stórála uisce ithreach á bhfeabhsú, athléimneacht an chórais táirgthe talmhaíochta a mhéadú agus soláthar uisce a ráthú; á iarraidh go mbeadh an Coimisiún ag tacú le forbairt, stóráil agus úsáid fuíolluisce cóireáilte don talmhaíocht; á iarraidh go gcuirfear dlús le cur chun feidhme an bheartais chomhtháthaithe agus beart sonrach forbartha bonneagair chun triomaigh fhoircneacha a chomhrac san Eoraip;

75.

á thabhairt chun suntais go bhfuil an choinbhleacht, na géarchéimeanna aeráide agus bithéagsúlachta agus an phaindéim ina bpointí casaidh don ocras domhanda, a bhí ag dul i léig roimhe seo, ach a bhfuil tionchar aige anois ar thart ar 10 % de dhaonra an domhain; ag cur béim ar an ngá atá le hiarrachtaí leanúnacha chun onnmhairí gráin na hÚcráine a atosú agus a choinneáil ar bun, rud ar cheart dó brúnna sa Domhan Theas a mhaolú; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, sa chomhthéacs sin, dlús a chur lena iarrachtaí ‘taidhleoireacht bia’, agus é á chur san áireamh freisin go bhfuil an tAontas ar cheann de na táirgeoirí cruithneachta is mó ar domhan sa lá atá inniu ann agus go bhféadfadh na tríú tíortha sin a bheith níos leochailí do thionchar na gcóras forlámhach mar gheall ar ghanntanas soláthair bia sa Domhan Theas;

76.

á chur i bhfáth nár cheart spleáchais conaire nua a chruthú le teicneolaíochtaí digiteacha nuálacha, agus ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart go neartófaí comhchruinniú feirme leo ach gur cheart go mbeidís ar fáil agus inrochtana d’fheirmeoirí beaga.

77.

á chreidiúint go bhfuil acmhainneacht ollmhór ag suiteálacha táirgthe fuinnimh ar an bhfeirm ar scála beag do tháirgeadh fuinnimh i gceantair thuaithe agus do chiorclaíocht ar an bhfeirm a mhéadú trí dhramhaíl agus sruthanna iarmharacha na feirme, aoileach i measc nithe eile, a athrú go teas agus leictreachas; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart deireadh a chur leis na bacainní uile chun feirmeoirí a spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh sna teicneolaíochtaí ciorclacha feirme sin, amhail gléasraí bithgháis ar mhionscála; á iarraidh go mbeadh an Coimisiún ag tacú le glacadh na suiteálacha nuálacha sin; á chur i bhfáth gur gá úsáid a bhaint as iarmhair an phróisis sin, mar shampla RENUREanna, ar cheart é a chatagóiriú agus a úsáid mar leasacháin cheimiceacha;

78.

á mheas go bhféadfaí rannchuidiú leis an tslándáil bia freisin trí thionscadail arna maoiniú faoin gcaibidil nua REPowerEU agus ag spreagadh glacadh tionscadal a théann chun tairbhe d’earnálacha an fhuinnimh agus na talmhaíochta araon;

79.

á chur i bhfáth gur gá leanúint de thacaíocht a thabhairt do bhainistiú soláthair trí thacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí agus d’eagraíochtaí idirchraoibhe;

80.

á thabhairt chun suntais go gcomhlíonann feirmeoirí na hEorpa na ceanglais táirgthe is déine ar domhan agus á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh athlonnú táirgeachta nó machaire comhréidh éagothrom mar thoradh ar bheartais;

CAP agus todhchaí na bhfeirmeoirí

81.

á athdhearbhú nach mór do CBT leanúint de shlándáil bia a áirithiú agus, ag an am céanna, feabhas a chur ar an bhfreagairt ar éilimh nua shochaíocha ar bhia inbhuanaithe agus ar chothú níos sláintiúla; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh foinse intuartha ioncaim ag feirmeoirí agus gur féidir leo maireachtáil óna ngníomhaíocht; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go mbeadh an Coimisiún ag tacú le buiséad CBT in CAI chun slándáil bia agus aistrithe glasa araon a áirithiú agus an ghiaráil is gá le haghaidh infheistíochtaí á soláthar ag an am céanna;

82.

á iarraidh go rachadh an Coimisiún agus na Ballstáit i ngleic leis an meath ar líon na bhfeirmeacha i limistéir thuaithe agus á chur i bhfáth gur gá díriú ar thacaíocht chun leanúint den fheirmeoireacht agus den nuálaíocht; á thabhairt chun suntais rannchuidiú feirmeacha beaga le huathriail agus slándáil inbhuanaithe bia an Aontais, go háirithe i gcórais bhia áitiúla, agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh táirgeoirí beaga rannpháirteach go cuí i bpróisis chinnteoireachta nuair a dhéantar difear dóibh;

83.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, agus a theachtaireacht maidir le CBT a bheidh ann amach anseo á tarraingt suas aige, machnamh ar bheartas a dhéanamh de ina ndéanfar táirgeadh bia agus sábháilteacht bia a chomhtháthú ar bhealach comhleanúnach, agus ag an am céanna a chomhleanúnachas le beartas trádála, beartas comhshaoil agus beartais dhaonnúla agus idirnáisiúnta forbartha a áirithiú;

84.

á chur in iúl gur geal léi agus go dtacaíonn sí leis na barúlacha a thug an Coimisinéir Talmhaíochta, a bhfuil sé ráite aige nach leor buiséad reatha CBT ar lú ná 0,4 % de OTI AE é chun slándáil bia a sholáthar agus gur cheart, dá bhrí sin, é a ardú go suntasach sa chéad CAI eile ar a dhéanaí; á iarraidh go dtabharfaí acmhainní breise don chúlchiste géarchéime talmhaíochta sa bhreis ar chistí reatha CBT agus go ndéanfaí an cúlchiste géarchéime, má chaitear é, a athshlánú ar bhealaí eile seachas smacht buiséadach, ós rud é go gciallódh sé sin cistí AE a íoc le feirmeoirí chun an ghéarchéim a bhainistiú ar lámh amháin agus iad (íocaíochtaí díreacha) a thógáil ar ais leis an lámh eile;

85.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bealach níos solúbtha a shainaithint chun ceanglais CBT a chur i bhfeidhm, trí réamhíocaíochtaí le táirgeoirí a áireamh agus trí leibhéal na n-íocaíochtaí sin a ardú;

86.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le cabhair Eorpach chun na pobail is leochailí a shroicheadh a luaithe is féidir agus chun dul in oiriúint do chomhthéacs géarchéimeanna ilghnéitheacha, agus a thábhachtaí atá cur chuige daonnúil treisithe; á chur i bhfios go láidir go ndearna an Coimisiún in 2022 os cionn EUR 900 milliún a leithdháileadh ar chúnamh bia daonnúil, a bhí 60 % níos mó ná in 2021 agus beagnach 80 % níos mó ná mar a bhí in 2020;

87.

á iarraidh go ndéanfadh AE leanúnachas a áirithiú idir cabhair dhaonnúil, comhar um fhorbairt agus gníomhaíochtaí síochána chun dul i ngleic le cúiseanna doimhne neamhshlándála bia agus chun aghaidh a thabhairt ar laigí na gcóras bia i dtíortha atá i mbéal forbartha, i gcomhréir le cur chuige an chumarphointe;

Éiceachórais athléimneacha agus éagsúla mar thiománaí don tslándáil bia

88.

ag tabhairt dá haire go bhfuil tionchar an athraithe aeráide ar tháirgeadh talmhaíochta ag éirí níos soiléire, agus go mbíonn tionchar diúltach ag minicíocht mhéadaithe triomach, tuilte agus dálaí adhaimsire eile ar bharra agus ar thorthaí;

89.

á mheabhrú go gcuireann díghrádú bithéagsúlachta, go háirithe díghrádú ar speicis mhilmheara, le táirgeacht talmhaíochta níos boichte, rud a bhaineann an bonn dár slándáil bia; á thabhairt chun suntais go mbraitheann an talmhaíocht ar éiceachórais athléimneacha, go háirithe éiceachórais ithreach fheidhmiúla, agus ar phobail leordhóthanacha pailneoirí agus creachadóirí lotnaidí; á chur i bhfios go láidir go gcuirfear ar chumas na hearnála leanúint de bheith iomaíoch ar an margadh domhanda trí athléimneacht aeráide thalmhaíocht na hEorpa a mhéadú, trí fhostaíocht agus fás eacnamaíoch a chur ar fáil;

90.

á chur in iúl gur geal léi anailís chuimsitheach an Choimisiúin maidir le tiománaithe na slándála bia; á chur i bhfios go láidir a conclúidí lena léirítear a phráinní atá sé aistriú chuig córas bia inbhuanaithe atá in ann slándáil bia a áirithiú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon;

Gné idirnáisiúnta na slándála bia

91.

á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le beartas trádála AE a chur i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha maidir le bia inbhuanaithe ionas nach gcuirfear bac ar iomaíochas AE; ag tabhairt dá haire go bhfuil ról lárnach ag AE sa trádáil dhomhanda i dtáirgí talmhaíochta agus bia agus go bhfuil sé bunriachtanach go mbeadh beartas trádála AE i gcomhréir freisin le spriocanna inbhuanaitheachta na hEorpa;

92.

á iarraidh go ndeonófaí caibidil ar leith do bhia agus do tháirgí talmhaíochta i gcaibidlíochtaí agus comhaontuithe trádála déthaobhacha agus iltaobhacha agus nach measfar iad a bheith ina mhír mhargántaíochta amháin sa chaibidlíocht sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tionchar a bhí ag iolrú comhaontuithe saorthrádála gan forálacha láidre inbhuanaitheachta ar earnáil talmhaíochta na hEorpa, a mbíonn iomaíocht éagórach os a comhair go minic ó tháirgeoirí tríú tír atá faoi réir reachtaíocht nach bhfuil chomh dian céanna; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh cómhalartacht níos fearr ann idir táirgeoirí Eorpacha agus tríú tíortha maidir le caighdeáin táirgeachta;

93.

á thabhairt chun suntais gur ábhar casta ilghnéitheach í an tslándáil bia agus go bhfuil gá le cur chuige comhleanúnach comhtháite lena gcuirtear san áireamh na dúshláin atá ann faoi láthair ó dhearcthaí éagsúla: forbairt eacnamaíoch, trádála, comhshaoil, réigiúnach agus idirnáisiúnta;

94.

ag cur béim ar fhreagracht an Aontais ní hamháin as a sholáthar bia féin a áirithiú, ach freisin as rannchuidiú leis an ocras a chomhrac in áiteanna eile atá faoi mhíbhuntáiste ar fud an domhain; á chur i bhfios go láidir gur cheart don Aontas tacú le tíortha comhpháirtíochta chun príomhchuspóirí comhshaoil a leagan síos, chomh maith le cúnamh a thabhairt dóibh agus iad a threorú san aistriú sin nuair is gá; á thabhairt chun suntais gur cheart aird chuí a thabhairt ar chomhpháirtithe ó thíortha i mbéal forbartha agus ó thíortha atá i staid leochaileach slándála bia a bhféadfadh cóir speisialta agus dhifreáilte a bheith ag teastáil ina leith;

95.

á mheas, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, gur cheart do AE, mar mhórghníomhaí domhanda san earnáil agraibhia, tacú le critéir inbhuanaitheachta dhomhanda níos airde agus dul i dteagmháil le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun tagarmharcanna agus caighdeáin idirnáisiúnta a fhorbairt go comhpháirteach le haghaidh córais bhia athléimneacha agus inbhuanaithe i gcomhréir le rialacha EDT;

96.

á chur i bhfáth gur gá cistiú daonnúil agus forbartha, chomh maith le bearta eile, chun aghaidh a thabhairt ar ocras agus ar mhíchothú san Eoraip agus níos faide i gcéin, a mhéadú go mór chun aghaidh a thabhairt go cuí ar an ngéarchéim dhomhanda slándála bia, atá níos measa fós mar gheall ar an gcogadh san Úcráin;

97.

á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún fíorstraitéis chomhtháite a fhorbairt le tíortha comhpháirtíochta chun forbairt, neartú agus uas-scálú na n-acmhainneachtaí áitiúla táirgthe bia a spreagadh, na leochaileachtaí i ngeall ar spleáchais idirnáisiúnta a laghdú, go háirithe i leasacháin agus i ngráin, agus margaí áitiúla agus réigiúnacha a neartú ag an am céanna trí chláir bhonneagair, amhail bonneagar margaidh, córais fuaraithe agus bóithre, agus freisin do mhargaí feirmeoirí ar líne chun athléimneacht feirmeoirí beaga go háirithe a fheabhsú, go háirithe trí Thionscnamh na Tairsí Domhanda;

98.

á chur in iúl gur saoth léi amhantraíocht airgeadais ar thráchtearraí talmhaíochta agus bia, rud a chuireann le luaineacht praghsanna agus a dhéanann praghsanna mórdhíola a bhoilsciú; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go ndéanann amhantraíocht airgeadais ar thráchtearraí bia difear go háirithe do thíortha i mbéal forbartha agus do na pobail is leochailí, go háirithe i gcomhthéacs cogaidh; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí meastóireacht ar ról agus ar mhéid na hamhantraíochta i socrú praghsanna tráchtearraí;

99.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil staidreamh trédhearcach maidir le stoic ghráin ó gheallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha araon bunriachtanach; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, na Ballstáit agus oibreoirí gnólachtaí bia dlús a chur lena n-iarrachtaí chun rialacha trédhearcachta maidir le praghsanna agus stoic talmhaíochta domhanda a neartú, go háirithe trí Chóras Faisnéise na Margaí Talmhaíochta a neartú agus a leathnú;

100.

á chur i bhfios gurb iad na tíortha atá i mbéal forbartha na tíortha is leochailí ó thaobh ardú ar phraghsanna domhanda bia agus talmhaíochta, rud a chuireann inacmhainneacht bia i mbaol; á iarraidh go n-oibreodh an Coimisiún agus na Ballstáit ar thogra FAO atá dírithe ar shaoráid maoinithe allmhairithe bia a bhunú chun cabhrú leis na tíortha ar ioncam íseal is mó atá ag brath ar allmhairí bia chun rochtain a fháil ar mhargaí bia domhanda; á chur i bhfáth, thairis sin, gur gá rialacha trádála a fhorbairt, lena n-áirítear iad siúd atá faoi shainchúram EDT, agus é mar chuspóir cabhrú le tíortha ísealioncaim córais bhia áitiúla níos láidre a thógáil;

101.

á chur i bhfáth gur gá díriú níos mó ar ghníomhaíochtaí sa talmhaíocht chun ceart na dtíortha i mbéal forbartha chun slándáil bia a choimirciú mar thosaíocht agus chun feabhas a chur ar a n-acmhainneacht riachtanais chothaitheacha a bpobal a chomhlíonadh; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún cur chuige níos córasaí a ghlacadh maidir le tionchar bheartais an Aontais ar chuspóirí PCD a chinneadh agus a mheasúnú;

102.

á chur in iúl gur geal léi an gealltanas ó AE agus a Bhallstáit beagnach EUR 8 mbilliún a leithdháileadh i gcabhair dhaonnúil agus forbartha don tslándáil dhomhanda bia sa tréimhse 2021-2024, lena n-áirítear EUR 600 milliún breise chun cabhrú le tíortha in Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (OACPS) déileáil le hiarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid na Parlaiminte gach bliain go dtí 2024 maidir le spriocanna, bearta agus torthaí an ghealltanais sin;

103.

á iarraidh go ndéanfadh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit an comhar um fhorbairt, an chabhair dhaonnúil agus an cúnamh bia a mhéadú, dlús a chur le seirbhísí cothaithe riachtanacha agus bearta leordhóthanacha gearrthéarmacha agus fadtéarmacha eile a ghlacadh sna tíortha agus sna réigiúin is leochailí, go háirithe na 19 ‘teophointe ocrais’ a shainaithin FAO agus WFP, atá fós thíos le heaspa maoinithe dhaonnúil chun aghaidh a thabhairt ar an ocras agus ar an míchothú;

104.

á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar institiúidí Eorpacha um maoiniú forbartha sineirgí a chruthú idir ionstraim NDICI — an Eoraip Dhomhanda agus straitéis nua na Tairsí Domhanda trí úsáid a bhaint as cur chuige Team Europe chun infheistíochtaí i slándáil bia i dtíortha comhpháirtíochta a chomhordú; ag tathant ar an gCoimisiún, i bpróiseas athbhreithnithe meántéarma ionstraim NDICI — an Eoraip Dhomhanda, scrúdú géar a dhéanamh ar na méideanna agus ar na tionscadail a bhaineann le slándáil bia i dtíortha comhpháirtíochta agus measúnú iomlán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart a dtacaítear leo;

105.

á chur in iúl gur geal léi seoladh roinnt tionscnamh iltaobhach slándála bia; á iarraidh go mbeadh ról ceannasach ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit, áfach, maidir leis na tionscnaimh éagsúla a chomhordú chun tiomantas idirnáisiúnta éifeachtach don tslándáil dhomhanda bia a áirithiú; á iarraidh go dtabharfadh AE agus a Bhallstáit tacaíocht do shásra idirnáisiúnta ullmhachta agus freagartha i gcomhair géarchéimeanna bia a bhunú faoi choimirce FAO agus WFP agus é mar aidhm leis sin rioscaí agus leochaileachtaí a shainaithint, go háirithe i mbonneagar criticiúil bia agus i slabhraí soláthair, agus feabhas a chur ar chomhordú na bhfreagairtí le linn géarchéimeanna; ag tacú, thairis sin, le forbairt cúlchistí straitéiseacha bia, i bhfianaise an róil a d’fhéadfadh a bheith ag stoic maidir le tionchair géarchéimeanna bia a mhaolú; á iarraidh go neartófaí ról an Líonra Dhomhanda i gcoinne Géarchéimeanna Bia;

106.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún a áirithiú go ndéanfar cion suntasach de 30 % de chistí NDICI-an Eoraip Dhomhanda, arna sannadh chun an t-athrú aeráide a chomhrac, a leithdháileadh ar thionscadail lena bhfeabhsaítear athléimneacht agus oiriúnú na talmhaíochta don athrú aeráide, lena n-áirítear trí chobhsú fána, míntíriú talún, athfhoraoisiú, uisciú, bainistiú dobharcheantar agus tacaíocht d’iarrachtaí oideachais maidir leis an tsaincheist sin; á áitiú gur cheart na hinfheistíochtaí sin a bheith i gcomhréir le Clár Oibre 2030, le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide agus leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus go gcuirfí san áireamh iontu FAO agus CFS VGGT agus Prionsabail FAO agus CFS maidir le hInfheistíocht Fhreagrach sa Talmhaíocht agus i gCórais Bhia;

107.

á thabhairt dá haire, de réir FAO, gurb ionann mná agus 43 % den lucht saothair talmhaíochta domhanda, a bhfuil ról ríthábhachtach acu i gceantair thuaithe, agus fós go mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar idirdhealú suntasach in úinéireacht talún agus beostoic, ar phá comhionann, ar rannpháirtíocht in eintitis chinnteoireachta agus ar rochtain ar chreidmheas agus ar sheirbhísí airgeadais; á chur i bhfáth gurb iad leanaí agus mná na daoine is leochailí i leith neamhshlándáil bia;

108.

á chur i bhfáth go bhfuil méadú tagtha ar an mbearna dhomhanda idir na hinscní i neamhdshlándáil bia le blianta beaga anuas, go háirithe mar gheall ar neamhionannas inscne agus idirdhealú forleathan sna tíortha lena mbaineann; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí gníomhaíochtaí agus bearta chun tacú le comhionannas inscne in earnáil na feirmeoireachta agus á chur i bhfios gur bealach amháin é slándáil bia a áirithiú chun neamhionannais idir mná agus fir a laghdú; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i dtíortha comhpháirtíochta a áirithiú go mbeidh mná, lena n-áirítear eagraíochtaí ban, rannpháirteach i gcláir a tharraingt suas agus tionscadail a chur chun feidhme agus sna próisis chinnteoireachta chun neamhshlándáil bia a chomhrac;

109.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil cruthú post inmharthana sa talmhaíocht lárnach chun inmharthanacht fhadtéarmach na hearnála sin a áirithiú ar fud an domhain; á mheabhrú go mbíonn na torthaí is fearr mar thoradh ar infheistíochtaí in earnáil na sealbhóirí beaga ó thaobh laghdú na bochtaineachta agus fás na bochtaineachta de, lena bhfeabhsaítear ioncam feirmeoirí gabháltas beag, go háirithe sealbhóirí beaga ar mná iad;

110.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún beartas a tharraingt suas lena ndéanfar táirgeadh bia agus sábháilteacht bia a chomhtháthú ar bhealach comhleanúnach, agus a áiritheoidh ag an am céanna a chomhleanúnachas leis an mbeartas trádála, leis an mbeartas comhshaoil agus le beartais dhaonnúla agus beartais forbartha idirnáisiúnta;

o

o o

111.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(1)   IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.

(2)   IO C 361, 20.9.2022, lch. 2.

(3)   IO C 47, 7.2.2023, lch. 149.

(4)   IO L 333, 27.12.2022, lch. 164.

(5)   IO C 177, 17.5.2023, lch. 35.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/483/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top